Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D1904

Cinneadh (AE) 2025/1904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meán Fómhair 2025 maidir leis an gComhaontú maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chonartha um Chairt Fuinnimh a bheith á fhormheas ag an Aontas

PE/15/2025/REV/1

IO L, 2025/1904, 19.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1904/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1904/oj

Related international agreement
European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1904

19.9.2025

CINNEADH (AE) 2025/1904 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Meán Fómhair 2025

maidir leis an gComhaontú maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chonartha um Chairt Fuinnimh a bheith á fhormheas ag an Aontas

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa bhreithiúnas uaithi an 2 Meán Fómhair 2021 i gcás C 741/19 (3), Poblacht na MoldóiveKomstroy (‘breithiúnas Komstroy’), chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) go bhfuil Airteagal 26(2), pointe (c), den Chonradh um Chairt Fuinnimh, arna fhormheas thar ceann na gComhphobal Eorpach le Cinneadh 98/181/CE, CEGC, Euratom ón gComhairle agus ón gCoimisiún (4), le léirmhíniú sa chaoi nach mbeidh sé infheidhme maidir le díospóidí idir Ballstát amháin agus infheisteoir ó Bhallstát eile i ndáil le hinfheistíocht a rinne an t-infheisteoir sin sa chéad Bhallstát, i.e. díospóidí laistigh den Aontas.

(2)

In ainneoin bhreithiúnas Komstroy, lean binsí eadrána de bheith ag glacadh le dlínse agus de dhámhachtainí a eisiúint in imeachtaí eadrána laistigh den Aontas a mhaítear go bhfuil siad bunaithe ar Airteagal 26(2), pointe (c), den Chonradh um Chairt Fuinnimh. Dar le CBAE, tá aon dámhachtain den sórt sin ar neamhréir le dlí an Aontais, go háirithe Airteagail 267 agus 344 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ní féidir éifeachtaí dlíthiúla a bheith ag dámhachtainí den sórt sin agus ní féidir íocaíocht cúitimh de thoradh na ndámhachtainí sin a fhorfheidhmiú.

(3)

Tá an bonn á bhaint de chur chun feidhme éifeachtach dhlí an Aontais mar gheall ar eisiúint dámhachtainí lena sáraítear dlí an Aontais in imeachtaí eadrána laistigh den Aontas. Tá riosca ann go mbeadh coinbhleacht idir na Conarthaí, ar thaobh amháin, agus an Conradh um Chairt Fuinnimh mar a léirmhíníonn roinnt binsí eadrána é, ar an taobh eile, agus, dá ndeimhneodh na cúirteanna i dtríú tír é sin, dhéanfaí coinbhleacht dhlíthiúil de facto de i gcás ina mbeadh dámhachtainí den sórt sin i gcúrsaíocht i ndlíchórais tríú tíortha.

(4)

De réir chásdlí CBAE, is leor an riosca go mbeadh coinbhleacht dhlíthiúil ann chun comhaontú idirnáisiúnta a chur ar neamhréir le dlí an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, deireadh a chur leis an riosca go mbeadh coinbhleacht den sórt sin ann idir na Conarthaí agus an Conradh um Chairt Fuinnimh. Le glacadh ionstraime dlí idirnáisiúnta, i bhfoirm comhaontaithe ina leagtar amach comhthuiscint na bpáirtithe sa chomhaontú sin maidir le neamh-infheidhmeacht Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh mar bhunús le haghaidh imeachtaí eadrána laistigh den Aontas, chuideofaí le deireadh a chur leis an riosca sin.

(5)

Thug an Coimisiún, thar ceann an Aontais, agus na Ballstáit caibidlíocht i gcrích maidir le téarmaí comhaontaithe maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chonartha um Chairt Fuinnimh. Athdhearbhaíodh an chomhthuiscint atá sa chomhaontú sin sa ‘Dearbhú maidir le hiarmhairtí breithiúnais na Cúirte Breithiúnais in Komstroy agus comhthuiscint ar neamh-infheidhmeacht Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh mar bhunús dlí d’imeachtaí eadrána laistigh den Aontas’ an 26 Meitheamh 2024 (5).

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Comhaontú maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chonartha um Chairt Fuinnimh a fhormheas chun a chur ar a chumas don Aontas é a shíniú agus chun toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal aige a chur in iúl,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, formheastar an Comhaontú maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chonartha um Chairt Fuinnimh a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 10 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)  Tuairim an 4 Nollaig 2024 (IO C, C/2025/776, 11.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/776/oj).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Iúil 2025.

(3)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 2 Meán Fómhair 2021 , Poblacht na MoldóiveKomstroy, C 741/19, ECLI:EU:C:2021:655, mír 66.

(4)  Cinneadh 98/181/CE, CEGC, Euratom ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 1997 maidir leis na Comhphobail Eorpacha do thabhairt i gcrích an Chonartha um Chairt Fuinnimh agus an Phrótacail um Chairt Fuinnimh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe gaolmhara comhshaoil (IO L 69, 9.3.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1998/181/oj).

(5)   IO L, 2024/2121, 6.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/declar/2024/2121/oj.


COMHAONTÚ MAIDIR LE LÉIRMHÍNIÚ AGUS CUR I BHFEIDHM AN CHONARTHA UM CHAIRT FUINNIMH

TÁ RÍOCHT NA BEILGE,

POBLACHT NA BULGÁIRE,

POBLACHT NA SEICE,

RÍOCHT NA DANMHAIRGE,

POBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE,

POBLACHT NA hEASTÓINE,

ÉIRE,

AN PHOBLACHT HEILLÉANACH,

RÍOCHT NA SPÁINNE,

POBLACHT NA FRAINCE,

POBLACHT NA CRÓITE,

POBLACHT NA hIODÁILE,

POBLACHT NA CIPIRE,

POBLACHT NA LAITVIA,

POBLACHT NA LIOTUÁINE,

ARD-DIÚCACHT LUCSAMBURG,

POBLACHT MHÁLTA,

RÍOCHT NA hÍSILTÍRE,

POBLACHT NA hOSTAIRE,

POBLACHT NA POLAINNE,

POBLACHT NA PORTAINGÉILE,

AN RÓMÁIN,

POBLACHT NA SLÓIVÉINE,

POBLACHT NA SLÓVAICE,

POBLACHT NA FIONLAINNE,

RÍOCHT NA SUALAINNE agus

AN tAONTAS EORPACH,

dá ngairtear ‘na Páirtithe’ i gcomhpháirt anseo feasta,

AG FÉACHAINT don Chonradh um Chairt Fuinnimh, arna shíniú i Liospóin an 17 Nollaig 1994  (1) agus arna fhormheas thar ceann na gComhphobal Eorpach le Cinneadh 98/181/CE, CEGC, Euratom ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 1997  (2), arna leasú go deireanach,

AG FÉACHAINT do rialacha dhlí idirnáisiúnta an ghnáis mar a chódaítear i gCoinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí, arna dhéanamh i Vín an 23 Bealtaine 1969,

ÓS RUD É go léiríonn comhaltaí d’Eagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíochta de réir bhrí Airteagal 1, pointe 3, den Chonradh um Chairt Fuinnimh leis seo comhthuiscint maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm conartha ina gcaidreamh inter se,

Á MHEABHRÚ DÓIBH nach ndéanann tarraingt siar ón gConradh um Chairt Fuinnimh aon difear do chomhdhéanamh na hEagraíochta Réigiúnaí um Chomhtháthú Eacnamaíochta dá dtagraítear sa Chonradh sin, agus nach gcuireann sé aon chosc ar shuim a léiriú i gcomhthuiscint maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chonartha sin a fhad is go bhféadfaidh sé éifeachtaí dlíthiúla a bheith aige i ndáil le Páirtí a tharraing siar, agus go háirithe i ndáil le hAirteagal 47(3) den Chonradh um Chairt Fuinnimh,

AG FÉACHAINT don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus do phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais Eorpaigh,

ÓS RUD É, maidir leis na tagairtí don Aontas Eorpach sa Chomhaontú seo, go dtuigtear gur tagairtí iad freisin dá réamhtheachtaí, Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus, ina dhiaidh sin, an Comhphobal Eorpach, go dtí gur tháinig an tAontas Eorpach in ionad an Chomhphobail sin,

Á MHEABHRÚ DÓIBH, i gcomhréir le cásdlí na Buan-Chúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta (3) agus na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta (4), gur leis na páirtithe i gcomhaontú idirnáisiúnta an ceart chun léirmhíniú údarásach a thabhairt maidir le riail dlí i ndáil leis an gcomhaontú sin,

Á MHEABHRÚ DÓIBH go bhfuil an ceart maidir le léirmhíniú údarásach a thabhairt ar dhlí an Aontais sannta chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh (‘na Ballstáit’), mar a mhínigh CBAE ina bhreithiúnas an 30 Bealtaine 2006, i gcás C-459/03, CoimisiúnÉire (Mox Plant) (5), inar chinn sé go mbaineann an inniúlacht eisiach chun dlí an Aontais a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm comhaontuithe idirnáisiúnta ina bhfuil an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit ina bpáirtithe i gcás díospóid idir dhá Bhallstát nó idir an tAontas Eorpach agus Ballstát,

Á MHEABHRÚ DÓIBH, i gcomhréir le hAirteagal 344 CFAE, go ngabhann na Ballstáit orthu féin gan díospóid maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm na gConarthaí a chur faoi aon mhodh réitigh seachas na modhanna dá bhforáiltear iontu sin,

Á MHEABHRÚ DÓIBH gur chinn CBAE ina bhreithiúnas an 6 Márta 2018 i gcás C-284/16, Achmea  (6), gurb é an léirmhíniú nach mór a dhéanamh ar Airteagail 267 agus 344 CFAE go gcuireann siad cosc ar fhoráil i gcomhaontú idirnáisiúnta a thugtar i gcrích idir Ballstáit faoina bhféadfaidh infheisteoir ó cheann de na Ballstáit sin, i gcás díospóid a bhaineann le hinfheistíochtaí sa Bhallstát eile, imeachtaí a thabhairt i gcoinne an Bhallstáit sin os comhair binse eadrána a bhfuil gealltanas tugtha ag an mBallstát sin glacadh lena dhlínse,

Á MHEABHRÚ DÓIBH seasamh an Aontais Eorpaigh, atá athdhearbhaithe go seasmhach, nach raibh sé i gceist go mbeadh feidhm ag an gConradh um Chairt Fuinnimh i gcaidreamh laistigh den Aontas agus nach raibh aon rún ag an Aontas Eorpach, ag an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach ná ag a mBallstáit, agus nach bhféadfaí aon rún a bheith acu, aon oibleagáid a chruthú eatarthu leis an gConradh um Chairt Fuinnimh ós rud é go ndearnadh é a chaibidil mar uirlis de chuid bheartas seachtrach fuinnimh an Aontais Eorpaigh d’fhonn creat a bhunú le haghaidh comhar fuinnimh le tríú tíortha agus de bhrí, os a choinne sin, gurb é atá i mbeartas inmheánach fuinnimh an Aontais Eorpaigh córas casta rialacha arna ndearadh chun margadh inmheánach a chruthú i réimse an fhuinnimh lena rialaítear an caidreamh idir Ballstáit sa réimse sin go heisiach,

Á MHEABHRÚ DÓIBH gur chinn CBAE, sa bhreithiúnas uaidh an 2 Meán Fómhair 2021 i gcás C-741/19, Poblacht na MoldóiveKomstroy  (7) (‘breithiúnas Komstroy’), arna dheimhniú ina thuairim an 16 Meitheamh 2022, 1/20 (8), nach mór Airteagal 26(2), pointe (c), den Chonradh um Chairt Fuinnimh a léirmhíniú sa chaoi nach bhfuil sé infheidhme maidir le díospóidí idir Ballstát agus infheisteoir ó Bhallstát eile i ndáil le hinfheistíocht arna déanamh ag an infheisteoir sin sa chéad Bhallstát sin,

Á MHEABHRÚ DÓIBH, ós rud é gur léirmhíniú é ón gcúirt inniúil agus go léiríonn sé prionsabal ginearálta den dlí idirnáisiúnta poiblí, go bhfuil feidhm ag an léirmhíniú ar an gConradh um Chairt Fuinnimh i mbreithiúnas Komstroy ón tráth a rinne na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit an Conradh um Chairt Fuinnimh a fhormheas,

ÓS RUD É nach mór Airteagail 267 agus 344 CFAE a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar léirmhíniú ar Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh lena gceadaítear díospóidí idir, ar thaobh amháin, infheisteoir ó Bhallstát amháin agus, ar an taobh eile, Ballstát eile nó an tAontas Eorpach a réiteach os comhair binse eadrána (‘imeachtaí eadrána laistigh den Aontas’),

ÓS RUD É, i gcás nach féidir díospóid idir, ar thaobh amháin, infheisteoir ó Bhallstát amháin agus, ar an taobh eile, Ballstát eile nó an tAontas Eorpach a réiteach go cairdiúil, go mbíonn sé de rogha ag páirtí sa díospóid sin i gcónaí, í a chur faoi bhráid na gcúirteanna inniúla nó na mbinsí riaracháin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, mar a ráthaítear le prionsabail ghinearálta an dlí agus urraim do chearta bunúsacha a chumhdaítear, inter alia, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

AG TEACHT LEIS an gcomhthuiscint a léirítear sa Chomhaontú seo nach bhféadfadh, dá bhrí sin, foráil amhail Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh feidhmiú mar bhunús dlí le haghaidh imeachtaí eadrána arna dtionscnamh ag infheisteoir ó Bhallstát amháin maidir le hinfheistíochtaí i mBallstát eile san am a chuaigh thart agus nach féidir léi feidhmiú amhlaidh san am i láthair ná san am atá le teacht,

Á ATHDHEARBHÚ DÓIBH Dearbhú Uimh. 17 maidir le tosaíocht, atá i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-Rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin, ina meabhraítear go bhfuil tosaíocht ag na Conarthaí agus ag an dlí arna ghlacadh ag an Aontas ar bhonn na gConarthaí ar dhlí na mBallstát, agus gur riail easaontachta atá i bprionsabal na tosaíochta ina gcaidreamh frithpháirteach,

Á MHEABHRÚ DÓIBH, dá bharr sin, chun aon choinbhleacht norm a réiteach, nach bhféadfaidh feidhm a bheith ag comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag na Ballstáit faoin dlí idirnáisiúnta i gcaidreamh laistigh den Aontas ach amháin a mhéid a bhfuil a fhorálacha comhoiriúnach le Conarthaí an Aontais,

ÓS RUD É, mar thoradh ar neamh-infheidhmeacht Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh mar bhunús dlí le haghaidh imeachtaí eadrána laistigh den Aontas, nach féidir Airteagal 47(3) den Chonradh um Chairt Fuinnimh a leathnú chuig imeachtaí den sórt sin agus nár beartaíodh go leathnófaí amhlaidh,

ÓS RUD É, mar thoradh ar neamh-infheidhmeacht Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh mar bhunús dlí le haghaidh imeachtaí eadrána laistigh den Aontas, gur cheart do na Páirtithe a bhfuil baint acu le himeachtaí eadrána laistigh den Aontas atá ar feitheamh, bíodh siad ina bhfreagróirí nó ina mBallstáit infheisteora, comhoibriú chun a áirithiú go ndíreofar aird an bhinse eadrána lena mbaineann ar an gComhaontú seo chun go mbeifear in ann an chonclúid iomchuí a bhaint amach maidir le heaspa dlínse an bhinse sin,

ÓS RUD É, ina theannta sin, nár cheart aon imeacht eadrána nua laistigh den Aontas a chlárú, agus Á AONTÚ DÓIBH, i gcás ina seachadtar fógra eadrána mar sin féin, gur cheart do na Páirtithe lena mbaineann na himeachtaí sin, bíodh siad ina bhfreagróirí nó ina mBallstáit infheisteora, comhoibriú chun a áirithiú go ndíreofar aird an bhinse eadrána lena mbaineann ar an gComhaontú seo chun go mbeifear in ann an chonclúid iomchuí a bhaint amach, is é sin nach féidir le hAirteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh feidhmiú mar bhunús dlí le haghaidh imeachtaí den sórt sin,

ÓS RUD É, mar sin féin, nár cheart agóid a dhéanamh i gcoinne socraíochtaí agus dámhachtainí i gcásanna eadrána infheistíochta laistigh den Aontas nach féidir a neamhniú nó a chur ar ceal a thuilleadh agus a comhlíonadh ar bhonn saorálach nó arna bhforfheidhmiú go cinntitheach,

Á CHUR IN IÚL GUR OTH LEO gur thug binse eadrána dámhachtainí eadrána cheana féin in imeachtaí eadrána laistigh den Aontas arna dtionscnamh faoi threoir Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh, go bhfuil siad á dtabhairt go fóill agus go bhféadfadh sé go dtabharfar iad amach anseo ar shlí atá contrártha le dlí an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear mar a chuirtear in iúl i gcásdlí CBAE,

agus Á CHUR IN IÚL GUR OTH LEO go bhfuil dámhachtainí eadrána den sórt sin faoi réir imeachtaí forfheidhmiúcháin, lena n-áirítear i dtríú tíortha, nach ndiúltaíonn binsí eadrána dlínse in imeachtaí eadrána laistigh den Aontas atá ar feitheamh a mhaítear go bhfuil siad bunaithe ar Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh, agus go bhfuil institiúidí eadrána ag leanúint d’imeachtaí eadrána nua a chlárú agus nach bhfuil siad á ndiúltú toisc gur follasach iad a bheith do-ghlactha mar gheall ar easpa toilithe chun iad a chur chun eadrána,

ÓS RUD É, dá bhrí sin, gur gá seasamh comhsheasmhach na bPáirtithe a athdhearbhú, go sainráite agus go soiléir, trí bhíthin comhaontú lena n-athdhearbhaítear a gcomhthuiscint ar léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chonartha um Chairt Fuinnimh, mar a léirmhínigh CBAE é, a mhéid a bhaineann sé le himeachtaí eadrána laistigh den Aontas,

ÓS RÚD É, i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta an 5 Feabhra 1970, Barcelona Traction, Light and Power Company, Limited  (9), agus mar a mhínigh CBAE i mbreithiúnas Komstroy, go bhfuil sé beartaithe ag forálacha áirithe den Chonradh um Chairt Fuinnimh caidreamh déthaobhach a rialú,

ÓS RUD É, dá bhrí sin, nach mbaineann an Comhaontú seo ach leis an gcaidreamh déthaobhach idir na Páirtithe agus, dá réir sin, infheisteoirí ó na Ballstáit sin mar Pháirtithe Conarthacha sa Chonradh um Chairt Fuinnimh, agus, mar thoradh air sin, nach ndéanann an Comhaontú sin difear ach do na Páirtithe Conarthacha sin sa Chonradh um Chairt Fuinnimh atá faoi rialú ag dlí an Aontais Eorpaigh mar Eagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíochta de réir bhrí Airteagal 1, pointe 3, den Chonradh um Chairt Fuinnimh agus nach ndéanann sé difear do Pháirtithe Conarthacha eile sa Chonradh um Chairt Fuinnimh a gcearta a theachtadh nó a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoin gConradh sin,

Á MHEABHRÚ DÓIBH gur chuir na Páirtithe in iúl do na Páirtithe Conarthacha sa Chonradh um Chairt Fuinnimh go bhfuil sé ar intinn acu an Comhaontú seo a thabhairt i gcrích,

ÓS RUD É, tríd an gComhaontú seo a thabhairt i gcrích, agus i gcomhréir lena n-oibleagáidí dlíthiúla faoi dhlí an Aontais Eorpaigh, ach gan dochar dá gceart na héilimh sin a dhéanamh a mheasfaidh siad is iomchuí maidir leis na costais a thabhaíonn siad mar fhreagróirí i ndáil le himeachtaí eadrána laistigh den Aontas, go n-áirithíonn na Páirtithe comhlíonadh iomlán agus éifeachtach bhreithiúnas Komstroy, agus go bhfuil béim á leagan acu ar neamh-in-fhorfheidhmitheacht na ndámhachtainí eadrána atá ann cheana, an oibleagáid atá ar bhinsí eadrána deireadh a chur láithreach le haon imeacht eadrána laistigh den Aontas atá ar feitheamh, an oibleagáid atá ar institiúidí eadrána gan aon imeacht eadrána laistigh den Aontas a chlárú amach anseo, i gcomhréir lena gcuid cumhachtaí faoi Airteagal 36(3) den Choinbhinsiún maidir le Díospóidí Infheistíochta idir Stáit agus Náisiúnaigh Stát Eile a Shocrú (‘ICSID’), arna thabhairt i gcrích in Washington an 18 Márta 1965, agus Airteagal 12 de rialacha eadrána Institiúid Eadrána Chomhlachas Tráchtála Stócólm (‘SCC’), agus an oibleagáid atá ar bhinsí eadrána a dhearbhú nach bhfuil aon bhunús dlí ag imeachtaí eadrána laistigh den Aontas a lorgaítear a chlárú os a gcomhair,

Á THUISCINT DÓIBH go gcumhdaítear leis an gComhaontú seo imeachtaí eadrána idir infheisteoirí agus Stáit a bhfuil baint ag na Páirtithe leo mar pháirtithe i ndíospóidí laistigh den Aontas bunaithe ar Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh faoi aon choinbhinsiún eadrána nó sraith rialacha, lena n-áirítear ICSID agus rialacha eadrána ICSID, rialacha eadrána Institiúid Eadrána SCC, rialacha eadrána Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Dhlí Trádála Idirnáisiúnta agus eadráin ad hoc, agus

AG CUIMHNEAMH DÓIBH nach dochar forálacha an Chomhaontaithe seo do cheart an Choimisiúin Eorpaigh nó aon Bhallstáit caingean a thabhairt os comhair CBAE bunaithe ar Airteagail 258, 259 agus 260 CFAE,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

ROINN 1

COMHTHUISCINT MAIDIR LE NEAMH-INFHEIDHMEACHT AIRTEAGAL 26 DEN CHONRADH UM CHAIRT FUINNIMH MAR BHUNÚS LE hAGHAIDH IMEACHTAÍ EADRÁNA LAISTIGH DEN AONTAS

AIRTEAGAL 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘Conradh um Chairt Fuinnimh’ an Conradh um Chairt Fuinnimh arna shíniú i Liospóin an 17 Nollaig 1994 agus arna fhormheas thar ceann na gComhphobal Eorpach le Cinneadh 98/181/CE, CEGC, Euratom an 23 Meán Fómhair 1997, arna leasú ó am go chéile;

(2)

ciallaíonn ‘caidreamh laistigh den Aontas’ caidreamh idir Ballstáit nó idir Ballstát agus an tAontas Eorpach;

(3)

ciallaíonn ‘imeachtaí eadrána laistigh den Aontas’ aon imeacht os comhair binse eadrána arna thionscnamh faoi threoir Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh chun díospóid a réiteach idir infheisteoir ó Bhallstát amháin, ar thaobh amháin, agus Ballstát eile an tAontas Eorpach, ar an taobh eile.

AIRTEAGAL 2

Comhthuiscint maidir le léirmhíniú agus neamh-infheidhmeacht leanúnach Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh agus an easpa bunús dlí le haghaidh imeachtaí eadrána laistigh den Aontas

1.   Leis seo, athdhearbhaíonn na Páirtithe, ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, go bhfuil comhthuiscint acu ar léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chonartha um Chairt Fuinnimh ar dá réir nach féidir agus nárbh fhéidir riamh Airteagal 26 den Chonradh sin feidhmiú mar bhunús dlí le haghaidh imeachtaí eadrána laistigh den Aontas.

Tá an chomhthuiscint sin a chuirtear in iúl sa chéad fhomhír bunaithe ar na gnéithe seo a leanas de dhlí an Aontais Eorpaigh:

(a)

léirmhíniú CBAE ar Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh ar dá réir nach bhfuil feidhm ag an bhforáil sin, agus nár ceart riamh í a chur i bhfeidhm, mar bhunús le haghaidh imeachtaí eadrána laistigh den Aontas; agus

(b)

tosaíocht dhlí an Aontais Eorpaigh, a athdhearbhaítear i nDearbhú Uimh. 17, atá i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-Rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin, mar riail den dlí idirnáisiúnta lena rialaítear coinbhleacht norm ina gcaidreamh frithpháirteach, agus é mar thoradh air sin nach bhfuil feidhm, in aon chás, ag Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh mar bhunús le haghaidh imeachtaí eadrána laistigh den Aontas agus nach bhféadfadh feidhm a bheith aige amhlaidh.

2.   Athdhearbhaíonn na Páirtithe, ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, go bhfuil comhthuiscint acu, mar thoradh ar an easpa bunús dlí le haghaidh imeachtaí eadrána laistigh den Aontas de bhun Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh, nach leathnaíonn Airteagal 47(3) den Chonradh um Chairt Fuinnimh, agus nach bhféadfaí é a leathnú tráth ar bith, chuig imeachtaí den sórt sin. Dá réir sin, níorbh fhéidir éifeachtaí dlíthiúla a bheith ag Airteagal 47(3) den Chonradh um Chairt Fuinnimh i gcaidreamh laistigh den Aontas nuair a tharraing Ballstát siar ón gConradh um Chairt Fuinnimh sular tugadh an Comhaontú seo i gcrích agus ní bheadh éifeachtaí dlíthiúla aige i gcaidreamh laistigh den Aontas dá dtarraingeodh Páirtí siar ón gConradh um Chairt Fuinnimh amach anseo.

3.   Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, tá na Páirtithe ar aon intinn, i gcomhréir leis an gcomhthuiscint a chuirtear in iúl i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, agus gan dochar di, nach bhfuil feidhm ag Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh mar bhunús le haghaidh imeachtaí eadrána laistigh den Aontas agus nach bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige i gcaidreamh laistigh den Aontas.

4.   Ní dochar míreanna 1 go 3 do léirmhíniú agus cur i bhfeidhm fhorálacha eile an Chonartha um Chairt Fuinnimh a mhéid a bhaineann siad le caidreamh laistigh den Aontas.

ROINN 2

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

AIRTEAGAL 3

Taiscí

1.   Is é nó í Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh a ghníomhóidh mar thaiscí an Chomhaontaithe seo (‘an Taiscí’).

2.   Tabharfaidh an Taiscí fógra do na Páirtithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

aon ionstraim um dhaingniú, formheas nó glacadh a thaisctear i gcomhréir le hAirteagal 5;

(b)

dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo i gcomhréir le hAirteagal 6(1);

(c)

dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo i gcás gach Páirtí i gcomhréir le hAirteagal 6(2).

3.   Foilseoidh an Taiscí an Comhaontú seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tabharfaidh an Taiscí fógra do thaiscí an Chonartha um Chairt Fuinnimh, mar aon le Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh, faoina ghlacadh agus faoina theacht i bhfeidhm.

4.   Iarrfaidh an Taiscí ar thaiscí an Chonartha um Chairt Fuinnimh fógra a thabhairt faoin gComhaontú seo do na Páirtithe Conarthacha eile sa Chonradh um Chairt Fuinnimh.

5.   Déanfaidh an Taiscí an Comhaontú seo a chlárú le Rúnaíocht na Náisiúin Aontaithe, i gcomhréir le hAirteagal 102 de Chairt na Náisiúin Aontaithe, tar éis a theacht i bhfeidhm.

AIRTEAGAL 4

Forchoimeádais

Ní dhéanfar aon fhorchoimeádas maidir leis an gComhaontú seo.

AIRTEAGAL 5

Daingniú, formheas nó glacadh

Beidh an Comhaontú seo faoi réir a dhaingnithe, a fhormheasa nó a ghlactha.

Déanfaidh na Páirtithe a n-ionstraimí um dhaingniú, glacadh nó formheas a thaisceadh leis an Taiscí.

AIRTEAGAL 6

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm 30 lá féilire tar éis an dáta a gheobhaidh an Taiscí an dara hionstraim um dhaingniú, formheas nó glacadh.

2.   Maidir le gach Páirtí a dhaingníonn, a fhormheasann nó a ghlacann é tar éis dó teacht i bhfeidhm i gcomhréir le mír 1, tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm 30 lá féilire tar éis an dáta a thaisceann Páirtí den sórt sin a ionstraim um dhaingniú, formheas nó glacadh.

AIRTEAGAL 7

Téacsanna barántúla

An Comhaontú seo, ar comhaontú é a dréachtaíodh i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag gach téacs, déanfar é a thaisceadh i gcartlann an Taiscí.

DÁ FHIANÚ SIN, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, agus iad údaraithe go cuí chuige sin, a lámh leis an gComhaontú seo.

Arna dhéanamh i/in/sa …, an … lá seo de … sa bhliain …

Thar ceann Ríocht na Beilge,

Thar ceann Phoblacht na Bulgáire,

Thar ceann Phoblacht na Seice,

Thar ceann Ríocht na Danmhairge,

Thar ceann Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine,

Thar ceann Phoblacht na hEastóine,

Thar ceann na hÉireann,

Thar ceann na Poblachta Heilléanaí,

Thar ceann Ríocht na Spáinne,

Thar ceann Phoblacht na Fraince,

Thar ceann Phoblacht na Cróite,

Thar ceann Phoblacht na hIodáile,

Thar ceann Phoblacht na Cipire,

Thar ceann Phoblacht na Laitvia,

Thar ceann Phoblacht na Liotuáine,

Thar ceann Ard-Diúcacht Lucsamburg,

Thar ceann Phoblacht Mhálta,

Thar ceann Ríocht na hÍsiltíre,

Thar ceann Phoblacht na hOstaire,

Thar ceann Phoblacht na Polainne,

Thar ceann Phoblacht na Portaingéile,

Thar ceann na Rómáine,

Thar ceann Phoblacht na Slóivéine,

Thar ceann Phoblacht na Slóvaice,

Thar ceann Phoblacht na Fionlainne,

Thar ceann Ríocht na Sualainne agus

Thar ceann an Aontais Eorpaigh


(1)  Ionstraim Chríochnaitheach na Comhdhála maidir leis an gCairt Eorpach Fuinnimh (IO L 380, 31.12.1994, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1994/998/oj).

(2)  Cinneadh 98/181/CE, CEGC, Euratom ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 1997 maidir leis na Comhphobail Eorpacha do thabhairt i gcrích an Chonartha um Chairt Fuinnimh agus an Phrótacail um Chairt Fuinnimh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe gaolmhara comhshaoil (IO L 69, 9.3.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1998/181/oj).

(3)  An Bhuanchúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, Ceist Jaworzina (An Teorainn idir an Pholainn agus an tSeicslóvaic), Tuairim Chomhairleach, [1923] PCIJ Sraith B, Uimh. 8, lch. 37.

(4)  An Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, Forchoimeádais a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Coir an Chinedhíothaithe a Chosc agus a Phionósú, Tuairim Chomhairleach, [1951] Tuarascálacha I.C.J., 15, lch. 20.

(5)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 30 Bealtaine 2006, Coimisiún v Éire, C-459/03, ECLI AE:C:2006:345, míreanna 129 go 137.

(6)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Márta 2018, Achmea, C-284/16, ECLI EU:C:2018:158.

(7)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 2 Meán Fómhair 2021, Poblacht na MoldóiveKomstroy, C 741/19, ECLI:EU:C:2021:655, mír 66.

(8)  Tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais an 16 Meitheamh 2022, 1/20, EU:C:2022:485, mír 47.

(9)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta an 5 Feabhra 1970, Barcelona Traction, Light and Power Company, Limited (Tuarascálacha CBI 1970, lch. 3, míreanna 33 agus 35).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1904/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top