This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D1881
Commission Implementing Decision (EU) 2025/1881 of 11 September 2025 amending the period of application and the Annex to Implementing Decision (EU) 2023/2447 concerning emergency measures in relation to outbreaks of highly pathogenic avian influenza in certain Member States (notified under document C(2025) 6288)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1881 ón gCoimisiún an 11 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear tréimhse chur i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 6288)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1881 ón gCoimisiún an 11 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear tréimhse chur i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 6288)
C/2025/6288
IO L, 2025/1881, 16.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1881/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1881 |
16.9.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1881 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Meán Fómhair 2025
lena leasaítear tréimhse chur i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 6288)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1), pointe (c), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach in éin é an fliú éanúil ardphataigineach (HPAI) agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar bhrabúsacht na feirmeoireachta éanlaithe clóis, rud a chuirfeadh isteach ar thrádáil laistigh den Aontas agus ar onnmhairí chuig tríú tíortha. Is féidir le víris HPAI éin imirceacha a ionfhabhtú, rud a fhágann gur féidir leo na víris sin a leathadh thar achair fhada le linn a n-imircí san fhómhar agus san earrach. Dá bhrí sin, is bagairt leanúnach é víris HPAI a bheith in éin fhiáine maidir le tabhairt isteach na víreas sin go díreach agus go hindíreach i ngabháltais ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas. I gcás ráig de HPAI, tá baol ann go bhféadfadh an t-oibreán galair leathadh go gabháltais eile ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 bunaítear an creat reachtach chun galair a chosc agus a rialú, ar galair iad atá in-tarchurtha go hainmhithe nó go daoine. Tagann HPAI faoin sainmhíniú ar ghalar liostaithe sa Rialachán sin, agus tá sé faoi réir na rialacha coisctheacha agus rialaithe galar a leagtar síos ann. Ina theannta sin, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú, lena n-áirítear bearta rialaithe galar le haghaidh HPAI. |
|
(3) |
Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 ón gCoimisiún (3) ar bhonn Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos leis bearta éigeandála ar leibhéal an Aontais i ndáil le ráigeanna de HPAI. |
|
(4) |
Go háirithe, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 foráiltear maidir leis na criosanna cosanta agus faireachais agus na criosanna srianta breise arna mbunú ag na Ballstáit tar éis ráigeanna de HPAI, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, nach mór dóibh ar a laghad na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais agus criosanna srianta breise a chuimsiú san Iarscríbhinn sin. Foráiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 freisin nach mór na bearta atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin, i gcomhréir leis an Rialachán Tarmligthe sin, a choinneáil ar bun go dtí na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. |
|
(5) |
Leasaíodh an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 le déanaí le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1777 ón gCoimisiún (4) tar éis ráigeanna HPAI sa Bhulgáir i mbunaíochtaí inar coimeádadh éanlaithe chlóis, rud ba ghá a léiriú san Iarscríbhinn sin. |
|
(6) |
Ó bhí dáta glactha Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1777 ann, tá fógra tugtha ag an nGearmáin, an Spáinn, agus an Phortaingéil don Choimisiún faoi ráigeanna HPAI i mbunaíochtaí inar coimeádadh éanlaith chlóis, ar bunaíochtaí iad atá lonnaithe i Stáit Schleswig-Holstein na Gearmáine, i gcúige Huelva na Spáinne agus i gceantar Santarém na Portaingéile. |
|
(7) |
Tar éis na ráigeanna sin, tá na bearta rialaithe galar a cheanglaítear déanta ag an nGearmáin, an Spáinn agus an Phortaingéil i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear bunú criosanna cosanta agus faireachais timpeall ar na ráigeanna. |
|
(8) |
Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar na bearta rialaithe galar a rinne an Ghearmáin, an Spáinn agus an Phortaingéil, agus tá sé sásta maidir le teorainneacha na gcriosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag na Ballstáit sin, go bhfuil siad fada go leor ó na bunaíochtaí inar deimhníodh ráigeanna de HPAI. |
|
(9) |
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447, níl aon limistéar liostaithe faoi láthair mar chrios cosanta agus faireachais don Ghearmáin agus níl aon limistéar liostaithe mar chrios cosanta don Spáinn ná don Phortaingéil. |
|
(10) |
Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun nach bhforchuirfidh tríú tíortha bacainní gan údar ar thrádáil, is gá tuairisc a thabhairt go mear ar leibhéal an Aontais, i gcomhar leis an nGearmáin, leis an Spáinn, agus leis an bPortaingéil, ar na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag na Ballstáit sin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, na limistéir a liostaítear mar chriosanna faireachais le haghaidh na Spáinne agus na Portaingéile san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447, ba cheart iad a leasú chun teorainneacha na gcriosanna faireachais arna mbunú ag na Ballstáit sin tar éis na ráigeanna a tharla le déanaí sna Ballstáit sin a chur san áireamh, chomh maith le fad riachtanach na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna faireachais, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
|
(12) |
Ina theannta sin, na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag an nGearmáin, agus na criosanna cosanta arna mbunú ag an Spáinn agus ag an bPortaingéil, chomh maith le fad na mbeart is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna sin, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ba cheart iad a leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447. |
|
(13) |
Dá réir sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 a leasú chun an réigiúnú a thabhairt cothrom le dáta ar leibhéal an Aontais agus chun aird a thabhairt ar na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag an nGearmáin, ag an Spáinn agus ag an bPortaingéil, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus chun fad tréimhse na mbeart is infheidhme a leagan amach inti freisin. |
|
(14) |
Ina theannta sin, tá feidhm ag Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 go dtí an 30 Meán Fómhair 2025. Mar sin féin, maireann fad na srianta is infheidhme sa chrios cosanta arna bhunú ag an bPortaingéil agus na criosanna faireachais arna mbunú ag an nGearmáin, ag an Spáinn agus ag an bPortaingéil i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 thar an 30 Meán Fómhair 2025. |
|
(15) |
Thairis sin, de bharr na dtorthaí leanúnacha maidir le víris HPAI in éin fhiáine san Aontas, agus go háirithe na rioscaí a bhaineann le leathadh an ghalair sin ag éin fhiáine imirceacha le linn na séasúr imirce atá ar na bacáin, tá riosca méadaitheach ann go mbeidh ráigeanna eile ann in éanlaith chlóis agus in éin i mbraighdeanas. |
|
(16) |
Dá bhrí sin, is iomchuí síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 go dtí an 30 Meán Fómhair 2026, chun séasúir bhliantúla imirce na n-éan fiáin imirceach a chumhdach. Leis an síneadh sin, cuirtear san áireamh freisin na forbairtí reatha sa staid eipidéimeolaíoch san Aontas a mhéid a bhaineann le HPAI agus na rioscaí comhfhreagracha do shláinte ainmhithe mar thoradh ar ráigeanna eile den ghalar sin a d’fhéadfadh a bheith ann. |
|
(17) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 a leasú dá réir sin. |
|
(18) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh HPAI, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh na leasuithe atá le déanamh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 leis an gCinneadh seo i bhfeidhm a luaithe is féidir. |
|
(19) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 mar a leanas:
|
1. |
in Airteagal 5, cuirtear an dáta ‘30 Meán Fómhair 2026’ in ionad an dáta ‘30 Meán Fómhair 2025’; |
|
2. |
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne. |
Airteagal 2
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2023 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 2023/2447, 30.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2447/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1777 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 2025/1777, 5.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1777/oj).
IARSCRÍBHINN
Cuid A
Criosanna cosanta sna Ballstáit lena mbaineann* dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), agus Airteagal 2:
Ballstát: an Bhulgáir
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
||||||
|
Plovdiv region |
||||||||
|
BG-HPAI(P)-2025-00008 BG-HPAI(P)-2025-00009 BG-HPAI(P)-2025-000010 |
The following villages in Rakovski municipality:
The following villages in Kaloyanovo municipality:
|
21.9.2025 |
||||||
Ballstát: an Ghearmáin
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|
Schleswig-Holstein |
||
|
DE-HPAI(P)-2025-00010 |
Kreis Steinburg 3 km Radius um den Ausbruchsbetrieb GPS-Koordinaten 9,450142 / 54,038066 Die gesamten Gemeinden Hadenfeld, Bokelrehm, sowie Teile der Gemeinden Aasbüttel, Agethorst, Bokhorst, Kaisborstel, Mehlbek, Nienbüttel, Pöschendorf, Schenefeld, Warringholz. |
24.9.2025 |
Ballstát: an Spáinn
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|
ES-HPAI(P)-2025-00003 |
Those parts in the province of Huelva of the comarca of Valverde del Camino contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on UTM 30, ETRS89 coordinates long -6,8929226 , lat 37,7619535 |
25.9.2025 |
Ballstát: an Phortaingéil
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|
PT-HPAI(P)-2025-00003 |
The parts from the county of Benavente from the district of Santarém that are contained within circle of 3 kilometers radius, centered on GPS coordinates 38.829589N, -8.710556W |
4.10.2025 |
Cuid B
Criosanna faireachais sna Ballstáit lena mbaineann* dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), agus Airteagal 3:
Ballstát: an Bhulgáir
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Plovdiv region |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2025-00008 BG-HPAI(P)-2025-00009 BG-HPAI(P)-2025-000010 |
The following villages in Rakovski municipality:
The following villages in Maritsa municipality:
The following villages in Brezovo municipality:
The following villages in Kaloyanovo municipality:
|
30.9.2025 |
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following villages in Rakovski municipality:
The following villages in Kaloyanovo municipality:
|
22.9.2025 – 30.9.2025 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||
Ballstát: an Ghearmáin
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|
Schleswig-Holstein |
||
|
DE-HPAI(P)-2025-00010 |
Kreis Dithmarschen 10 km Radius um den Ausbruchsbetrieb GPS-Koordinaten 9,450142 / 54,038066 Teile der Gemeinden Schafstedt, Hochdonn. Kreis Rendsburg-Eckernförde 10 km Radius um den Ausbruchsbetrieb GPS-Koordinaten 9,450142 / 54,038066 Die gesamte Gemeinde Bendorf und Thaden sowie Teile der Gemeinden Beldorf, Beringstedt, Bornholt, Gokels, Hanerau- Hademarschen, Lütjenwestedt, Osterstedt, Seefeld, Steenfeld, Wapelfeld. Kreis Steinburg 10 km Radius um den Ausbruchsbetrieb GPS-Koordinaten 9,450142 / 54,038066 Die gesamten Gemeinden Besdorf, Bokelrehm, Christinenthal, Drage, Hohenaspe, Huje, Kaaks, Kleve, Looft, Nutteln, Oldenborstel, Puls, Wacken, sowie Teile der Gemeinden Aasbüttel, Agethorst, Bokhorst, Gribbohm, Hohenlockstedt, Holstenniendorf, Itzehoe, Kaisborstel, Krummendiek, Mehlbek, Moorhusen, Neuendorf-Sachsenbande, Nienbütttel, Oldendorf, Ottenbüttel, Peissen, Pöschendorf, Reher, Schenefeld, Vaale, Vaalermoor, Warringholz. |
3.10.2025 |
|
Kreis Steinburg 3 km Radius um den Ausbruchsbetrieb GPS-Koordinaten 9,450142 / 54,038066 Die gesamten Gemeinden Hadenfeld, Bokelrehm, sowie Teile der Gemeinden Aasbüttel, Agethorst, Bokhorst, Kaisborstel, Mehlbek, Nienbüttel, Pöschendorf, Schenefeld, Warringholz. |
25.9.2025 - 3.10.2025 |
|
Ballstát: an Spáinn
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|
ES-HPAI(P)-2025-00003 |
Those parts in the province of Huelva of the comarca of Valverde del Camino beyond the area described in the protection zone and contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centered on UTM 30, ETRS89 coordinates long -6,8929226 , lat 37,7619535 |
4.10.2025 |
|
Those parts in the province of Huelva of the comarca of Valverde del Camino contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on UTM 30, ETRS89 coordinates long -6,8929226 , lat 37,7619535 |
26.9.2025- 4.10.2025 |
Ballstát: an Phortaingéil
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|
PT-HPAI(P)-2025-00003 |
The parts from the county of Benavente from the district of Santarém, that are beyond the areas described in the protection zone, and are contained within circle of 10 kilometers centered on GPS coordinates 38.829589N, -8.710556W, and the parts from the county of Montijo from the district of Setúbal, that are contained within circle of 10 kilometers radius, centered on GPS coordinates 38.829589N, -8.710556W |
13.10.2025 |
|
The parts from the county of Benavente from the district of Santarém that are contained within circle of 3 kilometers radius, centered on GPS coordinates 38.829589N, -8.710556W |
5.10.2025-13.10.2025 |
Cuid C
Criosanna cosanta breise sna Ballstáit lena mbaineann* dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), agus Airteagal 4:
Ballstát: Ceann ar bith
|
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh na bearta infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 4 |
|
|
|
|
* |
I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) de Chreat Windsor (féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023, IO L 102, 17.4.2023, lch. 87) i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, baineann tagairtí don Bhallstát leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1881/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)