Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D1805

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1805 ón gCoimisiún an 11 Meán Fómhair 2025 gan údarú Aontais a dheonú le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ODYSSEE ENVIRONNEMENT CMIT/MIT biocidal product family i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 6103)

C/2025/6103

IO L, 2025/1805, 17.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1805/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1805/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1805

17.9.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1805 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Meán Fómhair 2025

gan údarú Aontais a dheonú le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘ODYSSEE ENVIRONNEMENT CMIT/MIT biocidal product family’ i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 6103)

(Is é an téacs Fraincise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 44(5), an chéad fhomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 11 Meán Fómhair 2017 chuir ODYSSEE Environnement iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’), i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus le hAirteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013 ón gCoimisiún (2), ar údarú Aontais le haghaidh na fine céanna táirgí bithicídeacha, dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013, ar a dtugtar ‘ODYSSEE ENVIRONNEMENT CMIT/MIT biocidal product family’, de chineál táirge 11, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Rinneadh taifead den iarratas faoi chás-uimhir BC-HR033845-20 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha. Léirigh an t-iarratas freisin cás-uimhir na fine táirgí tagartha gaolmhaire ‘LANXESS CMIT/MIT biocidal product family’, fine a údaraíodh tráth níos déanaí le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2750 ón gCoimisiún (3), a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0031652-0000 aici.

(2)

Is é CMIT/MIT (3:1) an tsubstaint ghníomhach atá san fhine táirgí bithicídeacha ‘ODYSSEE ENVIRONNEMENT CMIT/MIT biocidal product family’, ar substaint í a áirítear sa liosta Aontais de shubstaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcás chineál táirge 11.

(3)

Tar éis don Ghníomhaireacht glacadh leis an iarratas, cuireadh tús lena bhailíochtú an 21 Deireadh Fómhair 2017.

(4)

An 27 Deireadh Fómhair 2017, d’iarr an Ghníomhaireacht an fhaisnéis bhreise seo a leanas ar an iarratasóir (4):

(a)

modhnú maidir leis an athrú ar ‘Ainm shealbhóir an údaraithe’ a shonrú i ndoiciméad tacaíochta an iarratais;

(b)

modhnú maidir le foirmlitheoir nua den táirge bithicídeach a shonrú i ndoiciméad tacaíochta an iarratais;

(c)

fianaise go bhfuil comhdhéanamh an táirge bhithicídigh agus próiseas an fhoirmlithe fós gan athrú;

(d)

modhnú maidir le baint meatachoimre ar shaintréithe táirge nó úsáide áirithe a shonrú i ndoiciméad tacaíochta an iarratais.

Sholáthair an t-iarratasóir an fhaisnéis sin an 16 Samhain 2017. Rinneadh an t-iarratas a bhailíochtú an 11 Nollaig 2017.

(5)

Tar éis ghlacadh na tuairime ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha an 13 Meán Fómhair 2023 (5) maidir leis an bhfine táirgí tagartha, lena n-áirítear an dréacht AST, iarradh ar an iarratasóir leagan athbhreithnithe den Achoimre ar Shaintréithe Táirge (‘AST’) na fine céanna táirgí bithicídeacha a bhí ailínithe le AST na fine táirgí tagartha gaolmhaire (‘AST ailínithe’), mar aon le litir rochtana ar na sonraí lena dtacaítear le húdarú na fine táirgí tagartha gaolmhaire (‘sonraí na fine táirgí tagartha’), a chur isteach.

(6)

D’ainneoin iarrataí arís agus arís eile ón nGníomhaireacht (6), níor sholáthair an t-iarratasóir an AST ailínithe ná an litir rochtana ar shonraí na fine táirgí tagartha.

(7)

In éagmais an AST ailínithe le haghaidh na fine céanna táirgí bithicídeacha, níl an Ghníomhaireacht in ann a chinneadh, maidir leis na difríochtaí atá beartaithe idir an fhine chéanna táirgí bithicídeacha agus an fhine táirgí tagartha ghaolmhar, an bhfuil na difríochtaí sin teoranta d’fhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith faoi réir athrú riaracháin i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún (7).

(8)

In éagmais na litreach rochtana ar shonraí na fine táirgí tagartha, níl na gnéithe a cheanglaítear faoi Airteagal 2, pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013 san iarratas.

(9)

An 19 Iúil 2024 chuir an Ghníomhaireacht an tuairim uaithi (8) faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an iarratas ar údarú Aontais na fine céanna táirgí bithicídeacha ‘ODYSSEE ENVIRONNEMENT CMIT/MIT biocidal product family’.

(10)

Is é conclúid na tuairime nár cheart an fhine chéanna táirgí bithicídeacha ‘ODYSSEE ENVIRONNEMENT CMIT/MIT biocidal product family’ a údarú ós rud é nach féidir measúnú a dhéanamh ar na difríochtaí idir an fhine chéanna táirgí bithicídeacha agus an fhine táirgí tagartha ghaolmhar in éagmais an AST ailínithe agus go bhfuil an t-iarratas neamhiomlán toisc nach bhfuil na gnéithe a cheanglaítear a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (c) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013 ann.

(11)

Dá bhrí sin, molann an Ghníomhaireacht gan an fhine chéanna táirgí bithicídeacha ‘ODYSSEE ENVIRONNEMENT CMIT/MIT biocidal product family’ a údarú.

(12)

An 12 Feabhra 2025 thug an Coimisiún an deis do ODYSSEE Environnement an AST ailínithe agus an litir rochtana ar shonraí an táirge tagartha a sholáthar tríd an gClár do Tháirgí Bithicídeacha (R4BP) (9). Chuir an Coimisiún in iúl freisin go raibh sé ar fáil chun an sainchomhad a phlé i gcruinniú. Socraíodh sprioc-am an 28 Feabhra 2025 le haghaidh freagra. Níor chuir an t-iarratasóir na doiciméid a ceanglaíodh isteach ná níor thug sé aon fhreagra, áfach.

(13)

Comhaontaíonn an Coimisiún leis an tuairim ón nGníomhaireacht, is é sin, in éagmais an AST ailínithe le haghaidh na fine céanna táirgí bithicídeacha, nach féidir a chinneadh an gcáilíonn an táirge bithicídeach a bhfuil údarú á lorg ina leith mar ‘an táirge céanna’ dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013. Comhaontaíonn an Coimisiún leis an gconclúid ón nGníomhaireacht nach gcomhlíonann an t-iarratas na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (c), den Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach iomchuí údarú Aontais le haghaidh ODYSSEE ENVIRONNEMENT CMIT/MIT biocidal product family’ a dheonú.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ní dheonaítear údarú Aontais do ODYSSEE Environnement maidir leis an bhfine chéanna táirgí bithicídeacha ‘ODYSSEE ENVIRONNEMENT CMIT/MIT biocidal product family’ a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid.

Airteagal 2

Is chuig ODYSSEE Environnement, Zone Artisanale Belle-Croix, 72510 Requeil, an Fhrainc, a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Olivér VÁRHELYI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2013 lena sonraítear nós imeachta maidir le húdarú na dtáirgí bithicídeacha céanna i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 125, 7.5.2013, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/414/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2750 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2024 lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha LANXESS CMIT/MIT biocidal product family i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/2750, 28.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2750/oj).

(4)  Teachtaireacht ón gClár do Tháirgí Bithicídeacha (R4BP): UBP-C-1276876-07-00/F.

(5)  Tuairim ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán an 13 Meán Fómhair 2023 maidir leis an údarú Aontais le haghaidh ‘LANXESS CMIT/MIT biocidal product family’, https://echa.europa.eu/opinions-on-union-authorisation.

(6)  Iarrataí an 6 Feabhra 2024 (Teachtaireacht R4BP: UBP-C-1712837-18-00/F), an 29 Feabhra 2024 (Teachtaireacht R4BP: UBP-C-1717202-25-00/F), an 13 Márta 2024 (Teachtaireacht R4BP: UBP-C-1719822-11-00/F) agus an 8 Bealtaine 2024 (Teachtaireacht R4BP: UBP-C-1284638-18-00/F).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2013 maidir le hathruithe táirgí bithicídeacha arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 109, 19.4.2013, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/354/oj).

(8)  Tuairim ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán an 19 Iúil 2024 maidir leis an údarú Aontais le haghaidh ‘ODYSSEE ENVIRONNEMENT CMIT/MIT biocidal product family’, https://echa.europa.eu/opinions-on-union-authorisation.

(9)  Teachtaireacht R4BP ón gCoimisiún: UBP-C-1802072-22-00/F.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1805/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top