Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D1764

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1764 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh san Iodáil (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 5881)

C/2025/5881

IO L, 2025/1764, 27.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1764/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1764/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1764

27.8.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1764 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Lúnasa 2025

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh san Iodáil

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 5881)

(Is é an téacs Iodáilise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar tógálach veicteoir-iompartha é ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a bhíonn ar bhó-ainmhithe. D’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach freisin ar ghluaiseachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas, agus ar onnmhairí go tríú tíortha.

(2)

I gcás ráig d’ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mbó-ainmhithe, tá riosca tromchúiseach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile bó-ainmhithe go háirithe mar gheall ar a phríomh-mhodh tarchurtha trí veicteoirí.

(3)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 déantar foráil maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm sa chrios srianta sin. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta ar a laghad crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall ar na criosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh.

(4)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 ón gCoimisiún (4) leagtar síos bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh san Iodáil. Le hAirteaga 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 déantar foráil maidir le criosanna srianta a bhunú san Iodáil, ar criosanna srianta iad lena gcuimsítear criosanna cosanta, faireachais agus srianta breise, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus maidir le crios vacsaínithe a bhunú i gcomhréir le Cuid 1 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún (5). Ina theannta sin, le hAirteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 déantar foráil maidir leis na criosanna cosanta, faireachais agus srianta breise sin, chomh maith leis na criosanna vacsaínithe, go gcuimseoidh na criosanna sin ar a laghad na limistéir a liostaítear in Iarscríbhinní I agus III a ghabhann leis an gCinneadh sin, agus go gcuirfear i bhfeidhm na bearta is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna sin ar a laghad go dtí na dátaí a leagtar amach sna hIarscríbhinní sin.

(5)

Ó glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582, thug an Iodáil fógra don Choimisiún faoi 26 ráig bhreise d’ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar bó-ainmhithe i gcúigí Nuoro agus Sassari, i réigiún na Sairdíne, ráigeanna a tuairiscíodh idir an 25 Iúil agus an 8 Lúnasa 2025. Ina theannta sin, thug an Fhrainc fógra faoi 22 ráig d’ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar bó-ainmhithe i limistéir atá gar do réigiún Valle d’Aosta, san Iodáil, le linn na tréimhse céanna. Mar fhreagairt ar na ráigeanna sin san Iodáil agus sa Fhrainc, bhunaigh an Iodáil criosanna cosanta, faireachais agus srianta breise i gcúigí Nuoro agus Sassari, i réigiún na Sairdíne, chomh maith le crios faireachais i réigiún Valle d'Aosta, crios ina gcuirtear i bhfeidhm na bearta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

(6)

Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun nach bhforchuirfidh tríú tíortha bacainní gan údar ar thrádáil, na limistéir a shonraítear mar chriosanna cosanta, faireachais agus srianta breise in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582, ba cheart na limistéir sin a thabhairt cothrom le dáta leis an gCinneadh seo, agus ba cheart fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin a shocrú.

(7)

Maidir le méid na limistéar a shonraítear mar chriosanna cosanta agus criosanna faireachais, chomh maith leis an gcrios srianta breise in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582, arna leasú leis an gCinneadh seo, agus fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na limistéir sin, bunaítear na nithe sin ar na critéir a leagtar síos in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 freisin. Ar na critéir a chuirtear i bhfeidhm maidir le rogha mhéid an chreasa cosanta, an chreasa faireachais agus an chreasa srianta breise, chomh maith le fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin, áirítear breithniú ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin, agus ní hamháin sin ach ar thosca eipidéimeolaíocha eile lena n-áirítear paraiméadair gheografacha agus an riosca atá ann maidir le leathadh breise an ghalair i bhfianaise láithreacht veicteoirfheithidí. Cuireadh san áireamh freisin caighdeáin idirnáisiúnta an Chóid um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe agus fad tréimhse na mbeart dá bhforáiltear sa Chinneadh seo á chinneadh (6).

(8)

Le hAirteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 déantar foráil maidir le cur i bhfeidhm na mbeart is infheidhme maidir le criosanna srianta breise chomh maith leis an toirmeasc ar ghluaiseachtaí bó-ainmhithe ó na limistéir a leagtar amach in Iarscríbhinn II chuig cinn scríbe lasmuigh de na limistéir sin. I bhfianaise na ráigeanna leanúnacha d’ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i réigiún na Sairdíne, agus chun leathadh breise an ghalair a chosc agus chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas agus bacainní gan údar ar thrádáil le tríú tíortha a sheachaint, is gá síneadh a chur leis na bearta sin freisin agus ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 a leasú.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 a leasú dá réir.

(10)

Ina theannta sin, le hAirteagal 69 de Rialachán (AE) 2016/429 foráiltear go bhféadfaidh údarás inniúil Ballstáit plean vacsaínithe a fhorbairt; nó criosanna vacsaínithe a bhunú, i gcás inarb ábhartha le haghaidh rialú éifeachtach galair liostaithe in ainmhithe ar coimeád. Le hAirteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le pleananna oifigiúla vacsaínithe. Déantar foráil sa Rialachán Tarmligthe sin freisin, in Airteagal 9, maidir le rialacha i ndáil le vacsaíniú próifiolacsach éigeandála a chur chun feidhme. In Iarscríbhinn IX den Rialachán Tarmligthe sin leagtar síos coinníollacha sonracha maidir le húsáid vacsaínithe próifiolacsaigh éigeandála in aghaidh ghalar an chraicinn chnapánaigh.

(11)

An 23 Iúil 2025, chuir an Iodáil a plean oifigiúil vacsaínithe maidir le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i réigiún na Sairdíne faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 6(4), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361, in éineacht le sonraí cothrom le dáta i ndáil le cur chun feidhme an phlean sin. Ina theannta sin, chinn an Iodáil vacsaíniú próifiolacsach éigeandála in aghaidh ionfhabhtú ghalar an chraicinn chnapánaigh a chur chun feidhme i réigiún Valle d’Aosta, mar fhreagairt ar na ráigeanna a dheimhnigh an Fhrainc gar do theorainn na hIodáile, agus chuir sí isteach an réamhfhaisnéis maidir lena plean oifigiúil vacsaínithe le haghaidh réigiún Valle d’Aosta i gcomhréir le hAirteagal 6(4), pointe (a) den Rialachán Tarmligthe sin.

(12)

Chun rialú galar comhordaithe a áirithiú, agus chun an trádáil laistigh den Aontas agus le tríú tíortha a chosaint, is gá an crios vacsaínithe maidir le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 a bhunú ar leibhéal an Aontais.

(13)

Maidir leis na criosanna vacsaínithe I agus II a leagtar amach in Iarscríbhinn III a gabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582, tá a gcineáil, a méid agus a bhfad tréimhse bunaithe ar an staid eipidéimeolaíoch agus ar dhul chun cinn na bhfeachtas vacsaínithe, agus aird ar leith á tabhairt ar leibhéal athraitheach an chumhdaigh vacsaíne a bhaintear amach, pleananna oifigiúla vacsaínithe an Bhallstáit agus na tuarascálacha ar dhul chun cinn arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361. Dá réir sin, ba cheart go sonrófaí in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo, le haghaidh gach limistéir lena mbaineann, dátaí na tréimhse ina mbeidh feidhm ag na criosanna vacsaínithe.

(14)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 a leasú dá réir.

(15)

I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche, ba cheart feidhm a bheith ag na leasaithe ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 a luaithe is féidir chun cosc a chur ar leathadh breise an ghalair laistigh den Iodáil, chuig na Ballstáit eile, nó chuig tríú tíortha, agus chun suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas nó bacainní gan údar ar thrádáil le tríú tíortha a sheachaint.

(16)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na nIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582.

Airteagal 2

Is chuig Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Lúnasa 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Olivér VÁRHELYI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe i dtaca le galair a chosc agus a rialú a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a chruthaíonn baol suntasach do leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2025 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh san Iodáil agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1318 (IO L, 2025/1582, 1.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1582/oj).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta áirithe chun galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 52, 20.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/361/oj).

(6)   https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/terrestrial-code-online-access/.


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN I

Cuid A:   Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar an ráig dheimhnithe

Limistéar riaracháin agus uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid den chrios srianta, dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí

Réigiún na Sairdíne

IT-LSD-2025-00001

IT-LSD-2025-00003

IT-LSD-2025-00004

IT-LSD-2025-00005

IT-LSD-2025-00006

IT-LSD-2025-00007

IT-LSD-2025-00008

IT-LSD-2025-00009

IT-LSD-2025-00010

IT-LSD-2025-00011

IT-LSD-2025-00012

IT-LSD-2025-00013

IT-LSD-2025-00014

IT-LSD-2025-00015

IT-LSD-2025-00016

IT-LSD-2025-00017

IT-LSD-2025-00018

IT-LSD-2025-00019

IT-LSD-2025-00020

IT-LSD-2025-00021

IT-LSD-2025-00022

IT-LSD-2025-00023

IT-LSD-2025-00024

IT-LSD-2025-00025

IT-LSD-2025-00026

IT-LSD-2025-00027

IT-LSD-2025-00028

IT-LSD-2025-00029

IT-LSD-2025-00030

IT-LSD-2025-00031

IT-LSD-2025-00032

IT-LSD-2025-00033

IT-LSD-2025-00034

IT-LSD-2025-00035

IT-LSD-2025-00036

IT-LSD-2025-00037

IT-LSD-2025-00038

IT-LSD-2025-00039

IT-LSD-2025-00040

IT-LSD-2025-00041

IT-LSD-2025-00042

IT-LSD-2025-00043

IT-LSD-2025-00044

IT-LSD-2025-00045

IT-LSD-2025-00046

IT-LSD-2025-00047

IT-LSD-2025-00048

IT-LSD-2025-00049

IT-LSD-2025-00050

IT-LSD-2025-00051

IT-LSD-2025-00052

IT-LSD -2025-00053

Protection zone:

Those parts of the region of Sardinia, contained within a circle of a radius of 20 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 40.30429, Long. 9.22154 (2025/1), Lat. 40.31139, Long. 9.09821 (2025/3), Lat. 40.24291, Long. 9.22451 (2025/4), Lat. 40.392626, Long. 9.018567 (2025/5), Lat. 40.2623, Long. 9.082244 (2025/6), Lat. 40.22246, Long. 9.19132 (2025/7), Lat. 40.335997, Long. 9.123835 (2025/8), Lat. 40.28903, 9.102816 Long.(2025/9), Lat. 40.209698, Long. 9.177213 (2025/10), Lat. 40.24404, Long. 9.13817 (2025/11), Lat. 40.33445, Long. 9.15608 (2025/12), Lat. 40.319967 Long. 9.100123 (2025/13), Lat. 40.3451 Long. 9.2594 (2025/14), Lat. 40.3121, Long. 9.2046 (2025/15), Lat. 40.34778, Long. 9.16083 (2025/16), Lat. 40.24096, Long. 9.093 (2025/17), Lat. 40.35071, Long. 9.132964 (2025/18), Lat. 40.3399, Long. 9.167 (2025/19), Lat. 40.725228, Long. 9.485748 (2025/20), Lat. 40.467998, Long. 9.151939 (2025/21), Lat. 40.28833, Long. 9.157329 (2025/22), Lat. 40.24569, Long. 9.20289 (2025/23), Lat. 40.260758, Long. 9.168392 (2025/24), Lat. 40.33221, Long. 9.08099 (2025/25), Lat. 40.280527, Long. 9.116003 (2025/26), Lat. 40.3192, Long. 9.1386 (2025/27), Lat. 40.34618, Long. 9.110074 (2025/28), Lat. 40.304711, Long. 9.068162 (2025/29), Lat. 40.25499, Long. 9.12552 (2025/30), Lat. 40.24738, Long. 9.12763 (2025/31), Lat. 40.28341, Long. 9.22293 (2025/32), Lat. 40.25851, Long. 9.20678 (2025/33), Lat. 40.306593, Long. 9.071998 (2025/34), Lat. 40.33359, Long. 9.16725 (2025/35), Lat. 40.3092, Long. 9.2079 (2025/36), Lat., 40.30125 Long. 9.04641 (2025/37), Lat. 40.25888, Long. 9.2727 (2025/38), Lat. 40.26065, Long. 9.27494 (2025/39), Lat. 40.397264, Long. 9.172869 (2025/40), Lat. 40.30794, Long. 9.07156 (2025/41), Lat. 40.29275, Long. 9.116667 (2025/42), Lat. 40.28273, Long. 9.26401 (2025/43), Lat. 40.284756, Long. 9.303752 (2025/44), Lat. 40.32509, Long. 9.133142 (2025/45), Lat. 40.20129, Long. 9.18471 (2025/46), Lat. 40.23263, Long. 9.15369 (2025/47), Lat. 40.27775, Long. 9.03683 (2025/48), Lat. 40.400795, Long. 9.171361 (2025/49), Lat. 40.38841, Long. 9.00316 (2025/50), Lat. 40.30071, Long. 9.15876 (2025/51), Lat. 40.315906, Long. 9.213706 (2025/52), Lat. 40.1822, Long. 8.5336 (2025/53).

31.11.2025

Surveillance zone:

Those parts of the region of Sardinia, contained within a circle of a radius of 50 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 40.30429, Long. 9.22154 (2025/1), Lat. 40.30429, Long. 9.22154 (2025/1), Lat. 40.31139, Long. 9.09821 (2025/3), Lat. 40.24291, Long. 9.22451 (2025/4), Lat. 40.392626, Long. 9.018567 (2025/5), Lat. 40.2623, Long. 9.082244 (2025/6), Lat. 40.22246, Long. 9.19132 (2025/7), Lat. 40.335997, Long. 9.123835 (2025/8), Lat. 40.28903, Long. 9.102816 (2025/9), Lat. 40.209698 Long. 9.177213 (2025/10), Lat. 40.24404, Long. 9.13817 (2025/11), Lat. 40.33445, Long. 9.15608 (2025/12), Lat. 40.319967, Long. 9.100123 (2025/13), Lat. 40.3451, Long. 9.2594 (2025/14), Lat. 40.3121, Long. 9.2046 (2025/15), Lat. 40.34778, Long. 9.16083 (2025/16), Lat. 40.24096, Long. 9.093 (2025/17), Lat. 40.35071, Long. 9.132964 (2025/18), Lat. 40.3399, Long. 9.167 (2025/19), Lat. 40.725228 Long. 9.485748 (2025/20), Lat. 40.467998, Long. 9.151939 (2025/21), Lat. 40.28833, Long. 9.157329 (2025/22), Lat. 40.24569, Long. 9.20289 (2025/23), Lat. 40.260758, Long. 9.168392 (2025/24), Lat. 40.33221, Long. 9.08099 (2025/25), Lat. 40.280527, Long. 9.116003 (2025/26), Lat. 40.3192, Long. 9.1386 (2025/27), Lat. 40.34618, Long. 9.110074 (2025/28), Lat. 40.304711, Long. 9.068162 (2025/29), Lat. 40.25499, Long. 9.12552 (2025/30), Lat. 40.24738, Long. 9.12763 (2025/31), Lat. 40.28341, Long. 9.22293 (2025/32), Lat. 40.25851, Long. 9.20678 (2025/33), Lat. 40.306593, Long. 9.071998 (2025/34), Lat. 40.33359, Long. 9.16725 (2025/35), Lat. 40.3092, Long. 9.2079 (2025/36), Lat., 40.30125 Long. 9.04641 (2025/37), Lat. 40.25888, Long. 9.2727 (2025/38), Lat. 40.26065, Long. 9.27494 (2025/39), Lat. 40.397264, Long. 9.172869 (2025/40), Lat. 40.30794, Long. 9.07156 (2025/41), Lat. 40.29275, Long. 9.116667 (2025/42), Lat. 40.28273, Long. 9.26401 (2025/43), Lat. 40.284756, Long. 9.303752 (2025/44), Lat. 40.32509, Long. 9.133142 (2025/45), Lat. 40.20129, Long. 9.18471 (2025/46), Lat. 40.23263, Long. 9.15369 (2025/47), Lat. 40.27775, Long. 9.03683 (2025/48), Lat. 40.400795, Long. 9.171361 (2025/49), Lat. 40.38841, Long. 9.00316 (2025/50), Lat. 40.30071, Long. 9.15876 (2025/51), Lat. 40.315906, Long. 9.213706 (2025/52), Lat. 40.1822, Long. 8.5336 (2025/53).

1.12.2025- 17.12.2025

Surveillance zone:

Those parts of the region of Sardinia, contained within a circle of a radius of 20 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates 40.30429, Long. 9.22154 (2025/1), Lat. 40.30429, Long. 9.22154 (2025/1), Lat. 40.31139, Long. 9.09821 (2025/3), Lat. 40.24291, Long. 9.22451 (2025/4), Lat. 40.392626, Long. 9.018567 (2025/5), Lat. 40.2623, Long. 9.082244 (2025/6), Lat. 40.22246, Long. 9.19132 (2025/7), Lat. 40.335997, Long. 9.123835 (2025/8), Lat. 40.28903, Long. 9.102816 (2025/9), Lat. 40.209698, Long. 9.177213 (2025/10), Lat. 40.24404, Long. 9.13817 (2025/11), Lat. 40.33445, Long. 9.15608 (2025/12), Lat. 40.319967, Long. 9.100123 (2025/13), Lat. 40.3451, Long. 9.2594 (2025/14), Lat. 40.3121, Long. 9.2046 (2025/15), Lat. 40.34778, Long. 9.16083 (2025/16), Lat. 40.24096, Long. 9.093 (2025/17), Lat. 40.35071, Long. 9.132964 (2025/18), Lat. 40.3399, Long. 9.167 (2025/19), Lat. 40.725228, Long. 9.485748 (2025/20), Lat. 40.467998, Long. 9.151939 (2025/21), Lat. 40.28833, Long. 9.157329 (2025/22), Lat. 40.24569, Long. 9.20289 (2025/23), Lat. 40.260758, Long. 9.168392 (2025/24), Lat. 40.33221, Long. 9.08099 (2025/25), Lat. 40.280527, Long. 9.116003 (2025/26), Lat. 40.3192, Long. 9.1386 (2025/27), Lat. 40.34618, Long. 9.110074 (2025/28), Lat. 40.304711, Long. 9.068162 (2025/29), Lat. 40.25499, Long. 9.12552 (2025/30), Lat. 40.24738, Long. 9.12763 (2025/31), Lat. 40.28341, Long. 9.22293 (2025/32), Lat. 40.25851, Long. 9.20678 (2025/33), Lat. 40.306593, Long. 9.071998 (2025/34), Lat. 40.33359, Long. 9.16725 (2025/35), Lat. 40.3092, Long. 9.2079 (2025/36), Lat., 40.30125 Long. 9.04641 (2025/37), Lat. 40.25888, Long. 9.2727 (2025/38), Lat. 40.26065, Long. 9.27494 (2025/39), Lat. 40.397264, Long. 9.172869 (2025/40), Lat. 40.30794, Long. 9.07156 (2025/41), Lat. 40.29275, Long. 9.116667 (2025/42), Lat. 40.28273, Long. 9.26401 (2025/43), Lat. 40.284756, Long. 9.303752 (2025/44), Lat. 40.32509, Long. 9.133142 (2025/45), Lat. 40.20129, Long. 9.18471 (2025/46), Lat. 40.23263, Long. 9.15369 (2025/47), Lat. 40.27775, Long. 9.03683 (2025/48), Lat. 40.400795, Long. 9.171361 (2025/49), Lat. 40.38841, Long. 9.00316 (2025/50), Lat. 40.30071, Long. 9.15876 (2025/51), Lat. 40.315906, Long. 9.213706 (2025/52), Lat. 40.1822, Long. 8.5336 (2025/53), excluding the areas included in the protection zone.

17.12.2025

Réigiún Valle d’Aosta

FR-LSD-2025-00017

FR-LSD-2025-00018

FR-LSD-2025-00022

FR-LSD-2025-00026

FR-LSD-2025-00027

FR-LSD-2025-00028

FR-LSD-2025-00029

FR-LSD-2025-00030

FR-LSD-2025-00031

FR-LSD-2025-00032

FR-LSD-2025-00033

FR-LSD-2025-00034

FR-LSD-2025-00038

FR-LSD-2025-00048

FR-LSD-2025-00049

FR-LSD-2025-00051

FR-LSD-2025-00053

FR-LSD-2025-00054

FR-LSD-2025-00061

FR-LSD-2025-00064

FR-LSD-2025-00069

FR-LSD-2025-00073

FR-LSD-2025-00075

Surveillance zone:

Those parts of the region of Valle d’Aosta, contained within a circle of a radius of 50 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 45.739081, Long 6.309311 (FR-LSD-2025-00017) Lat. 45.742, Long. 6.290 (FR-LSD-2025-00018), Lat. 45.788, Long. 6.204 (FR-LSD-2025-00022), Lat. 45.753, Long. 6.272 (FR-LSD-2025-00026), Lat. 45.747, Long. 6.284 (FR-LSD-2025-00027), Lat. 45.731, Long. 6.294 (FR-LSD-2025-00028), Lat. 45.748, Long. 6.294 (FR-LSD-2025-00029), Lat. 45.761, Long. 6.310 (FR-LSD-2025-00030), Lat. 45.762, Long. 6.309 (FR-LSD-2025-00031), Lat. 45.732, Long. 6.296 (FR-LSD-2025-00032), Lat. 45.748, Long. 6.294 (FR-LSD-2025-00033), Lat. 45.767, Long. 6.535 (FR-LSD-2025-00034), Lat. 45.728, Long. 6.269 (FR-LSD-2025-00038), Lat. 45.788, Long. 6.204 (FR-LSD-2025-00048), Lat. 45.741, Long. 6.306 (FR-LSD-2025-00049), Lat. 45.750, Long. 6.318 (FR-LSD-2025-00051), Lat. 45.773, Long. 6.254 (FR-LSD-2025-00053), Lat. 45.771, Long. 6.252 (FR-LSD-2025-00054), Lat. 45.749, Long. 6.317 (FR-LSD-2025-00061), Lat. 45.748, Long. 6.297 (FR-LSD-2025-00064), Lat 45.729, Long. 6.267 (FR-LSD-2025-00069), Lat. 45.705, Long. 6.305 (FR-LSD-2025-00073), Lat. 45.728, Long. 6.262 (FR-LSD-2025-00075)

27.9.2025

Cuid B:   Crios srianta breise

Limistéar riaracháin

Limistéir a bhunaítear mar chrios srianta breise, cuid den chrios srianta, dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí

Réigiún na Sairdíne

Críoch iomlán réigiún an Sairdíne, diomaite de na limistéir atá san áireamh in aon chrios cosanta nó faireachais.

18.12.2025

IARSCRÍBHINN II

Limistéir dá dtagraítear in Airteagal 3

Limistéar riaracháin

Limistéir dá dtagraítear in Airteagal 3

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí

Réigiún na Sairdíne

Críoch iomlán réigiún na Sairdíne

19.12.2025 - 18.1.2026

IARSCRÍBHINN III

Cuid A:   Crios vacsaínithe II

Críoch iomlán

réigiún na Sairdíne go dtí an 21.10.2025.

na limistéar sin atá i gcrios faireachais réigiún Valle D’Aosta go dtí an 30.9.2025.

Cuid B:   Crios vacsaínithe I

Críoch iomlán:

réigiún na Sairdíne ón 22.10.2025 go dtí lá deiridh na tréimhse athshlánaithe, arna roghnú ag an Iodáil, dá dtagraítear i gCuid 4 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361.

réigiún Valle D’Aosta seachas an crios faireachais sa réigiún sin go dtí an 30.9.2025.

réigiún Valle D’Aosta ón 1.10.2025 go dtí lá deiridh na tréimhse athshlánaithe, arna roghnú ag an Iodáil, dá dtagraítear i gCuid 4 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1764/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top