This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D1762
Commission Implementing Decision (EU) 2025/1762 of 25 August 2025 amending Implementing Decision (EU) 2025/1708 concerning certain emergency measures relating to infection with lumpy skin disease virus in France (notified under document C(2025) 5879)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1762 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sa Fhrainc (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 5879)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1762 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sa Fhrainc (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 5879)
C/2025/5879
IO L, 2025/1762, 28.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1762/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1762 |
28.8.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1762 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Lúnasa 2025
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sa Fhrainc
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 5879)
(Is é an téacs Fraincise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar tógálach veicteoir-iompartha é ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a bhíonn ar bhó-ainmhithe. D’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach freisin ar ghluaiseachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas, agus ar onnmhairí go tríú tíortha. |
|
(2) |
I gcás ráig d’ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mbó-ainmhithe, tá riosca tromchúiseach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile bó-ainmhithe go háirithe mar gheall ar a phríomh-mhodh tarchurtha trí veicteoirí. |
|
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 déantar foráil maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm sa chrios srianta sin. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta ar a laghad crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall ar na criosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
|
(4) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 ón gCoimisiún (4) leagtar síos bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sa Fhrainc. Go sonrach, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 déantar foráil maidir le criosanna srianta a bhunú sa Fhrainc, ar criosanna srianta iad lena gcuimsítear criosanna cosanta agus faireachais, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus maidir le crios vacsaínithe a bhunú sa Fhrainc i gcomhréir le Cuid 1 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún (5). Ina theannta sin, le hAirteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 déantar foráil maidir leis na criosanna cosanta agus faireacháin sin, chomh maith leis an crios vacsaínithe, go gcuimseoidh na criosanna sin ar a laghad na limistéir a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCinneadh sin, agus go gcuirfear i bhfeidhm na bearta is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna sin ar a laghad go dtí na dátaí a leagtar amach sna hIarscríbhinní sin. |
|
(5) |
Ó glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708, tá fógra tugtha don Choimisiún ag an bhFrainc faoi 40 ráig dheimhnithe bhreise d’ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar bó-ainmhithe i mbardais Chambéry agus Annecy, i ranna Savoie agus Haute Savoie, i réigiún Auvergne-Rhône-Alpes, ar ráigeanna iad a tuairiscíodh idir an 24 Iúil agus an 14 Lúnasa 2025. Mar fhreagairt ar na ráigeanna sin, tá criosanna cosanta agus faireachais bunaithe ag an bhFrainc i ranna Ain, Isère, Savoie, agus Haute Savoie, i réigiún Auvergne-Rhône-Alpes, ar criosanna iad ina gcuirtear i bhfeidhm na bearta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
|
(6) |
Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun nach bhforchuirfidh tríú tíortha bacainní gan údar ar thrádáil, na limistéir a shonraítear mar chriosanna cosanta agus faireachais in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2025/1708, ba cheart na limistéir sin a thabhairt cothrom le dáta leis an gCinneadh seo, agus ba cheart fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin a shocrú. |
|
(7) |
Maidir le méid na limistéar a shonraítear mar chriosanna cosanta agus faireachais in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708, arna leasú leis an gCinneadh seo, agus fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na limistéir sin, bunaítear na nithe sin ar na critéir a leagtar síos in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 freisin. Ar na critéir a chuirtear i bhfeidhm maidir le rogha mhéid an chreasa cosanta agus an chreasa faireachais, chomh maith le fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin, áirítear breithniú ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin, agus ní hamháin sin ach ar thosca eipidéimeolaíocha eile lena n-áirítear paraiméadair gheografacha agus an riosca atá ann maidir le leathadh breise an ghalair i bhfianaise láithreacht veicteoirfheithidí. Cuireadh san áireamh freisin caighdeáin idirnáisiúnta an Chóid um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe agus fad tréimhse na mbeart dá bhforáiltear sa Chinneadh seo á chinneadh (6). |
|
(8) |
Le hAirteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 déantar foráil maidir leis an toirmeasc ar ghluaiseachtaí bó-ainmhithe ó na limistéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh sin chuig cinn scríbe atá suite lasmuigh d’imlíne sheachtrach na gcriosanna sin sa Fhrainc nó lasmuigh den Bhallstát sin go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn sin. I bhfianaise na ráigeanna leanúnacha d’ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sa Fhrainc, agus chun leathadh breise an ghalair a chosc agus chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas agus bacainní gan údar ar thrádáil le tríú tíortha a sheachaint, is gá síneadh a chur leis an toirmisc sin. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 a leasú dá réir. |
|
(10) |
Ina theannta sin, le hAirteagal 69 de Rialachán (AE) 2016/429 foráiltear go bhféadfaidh údarás inniúil Ballstáit plean vacsaínithe a fhorbairt; nó criosanna vacsaínithe a bhunú, i gcás inarb ábhartha le haghaidh rialú éifeachtach galair liostaithe in ainmhithe ar coimeád. Le hAirteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le pleananna oifigiúla vacsaínithe. Déantar foráil sa Rialachán Tarmligthe sin freisin, in Airteagal 9, maidir le rialacha i ndáil le vacsaíniú próifiolacsach éigeandála a chur chun feidhme. In Iarscríbhinn IX den Rialachán Tarmligthe sin leagtar síos coinníollacha sonracha maidir le húsáid vacsaínithe próifiolacsaigh éigeandála in aghaidh ghalar an chraicinn chnapánaigh. |
|
(11) |
An 1 Lúnasa 2025, chuir an Fhrainc a plean oifigiúil vacsaínithe maidir le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i gcríoch na gceithre roinn Ain, Savoie, Haute-Savoie agus Isère i réigiún Auvergne-Rhône-Alpes na Fraince faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 6(4), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361, in éineacht le sonraí cothrom le dáta i ndáil le cur chun feidhme an phlean sin. |
|
(12) |
Chun rialú galar comhordaithe a áirithiú, agus chun an trádáil laistigh den Aontas agus le tríú tíortha a chosaint, is gá coigeartú a dhéanamh ar an gcrios vacsaínithe maidir le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708, ar leibhéal an Aontais. |
|
(13) |
Maidir leis na criosanna vacsaínithe I agus II a leagtar amach in Iarscríbhinn II, tá a gcineáil, a méid agus a bhfad tréimhse bunaithe ar an staid eipidéimeolaíoch agus ar dhul chun cinn na bhfeachtas vacsaínithe, agus aird ar leith á tabhairt ar leibhéal athraitheach an chumhdaigh vacsaíne a bhaintear amach, plean oifigiúil vacsaínithe an Bhallstáit agus na tuarascálacha ar dhul chun cinn arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361. Dá réir sin, ba cheart go sonrófaí in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo, le haghaidh gach limistéir lena mbaineann, dátaí na tréimhse ina mbeidh feidhm ag na criosanna vacsaínithe. |
|
(14) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 a leasú dá réir. |
|
(15) |
I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche, ba cheart feidhm a bheith ag na leasaithe ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 a luaithe is féidir chun cosc a chur ar leathadh breise an ghalair laistigh den Fhrainc, chuig na Ballstáit eile, nó chuig tríú tíortha, agus chun suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas nó bacainní gan údar ar thrádáil le tríú tíortha a sheachaint. |
|
(16) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na nIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708.
Airteagal 2
Is chuig Poblacht na Fraince a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Lúnasa 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe i dtaca le galair a chosc agus a rialú a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a chruthaíonn baol suntasach do leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2025 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sa Fhrainc agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1336 (IO L, 2025/1708, 5.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1708/oj).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta áirithe chun galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 52, 20.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/361/oj).
(6) https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/terrestrial-code-online-access/.
IARSCRÍBHINN
‘ ‘IARSCRÍBHINN I
Cuid A: Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar na ráigeanna deimhnithe
|
Limistéar riaracháin agus uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid den chrios srianta, dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Réigiún Auvergne-Rhône-Alpes FR-LSD-2025-00001 FR-LSD-2025-00002 FR-LSD-2025-00003 FR-LSD-2025-00004 FR-LSD-2025-00005 FR-LSD-2025-00006 FR-LSD-2025-00007 FR-LSD-2025-00008 FR-LSD-2025-00009 FR-LSD-2025-00010 FR-LSD-2025-00011 FR-LSD-2025-00012 FR-LSD-2025-00013 FR-LSD-2025-00014 FR-LSD-2025-00015 FR-LSD-2025-00016 FR-LSD-2025-00017 FR-LSD-2025-00018 FR-LSD-2025-00019 FR-LSD-2025-00020 FR-LSD-2025-00021 FR-LSD-2025-00022 FR-LSD-2025-00023 FR-LSD-2025-00024 FR-LSD-2025-00025 FR-LSD-2025-00026 FR-LSD-2025-00027 FR-LSD-2025-00028 FR-LSD-2025-00029 FR-LSD-2025-00030 FR-LSD-2025-00031 FR-LSD-2025-00032 FR-LSD-2025-00033 FR-LSD-2025-00034 FR-LSD-2025-00035 FR-LSD-2025-00036 FR-LSD-2025-00037 FR-LSD-2025-00038 FR-LSD-2025-00039 FR-LSD-2025-00040 FR-LSD-2025-00041 FR-LSD-2025-00042 FR-LSD-2025-00043 FR-LSD-2025-00044 FR-LSD-2025-00045 FR-LSD-2025-00046 FR-LSD-2025-00047 FR-LSD-2025-00048 FR-LSD-2025-00049 FR-LSD-2025-00050 FR-LSD-2025-00051 FR-LSD-2025-00052 FR-LSD-2025-00053 FR-LSD-2025-00054 FR-LSD-2025-00055 FR-LSD-2025-00056 FR-LSD-2025-00057 FR-LSD-2025-00058 FR-LSD-2025-00059 FR-LSD-2025-00060 FR-LSD-2025-00061 FR-LSD-2025-00062 FR-LSD-2025-00063 FR-LSD-2025-00064 FR-LSD-2025-00065 FR-LSD-2025-00066 FR-LSD-2025-00067 FR-LSD-2025-00068 FR-LSD-2025-00069 FR-LSD-2025-00070 FR-LSD-2025-00071 FR-LSD-2025-00072 FR-LSD-2025-00073 FR-LSD-2025-00074 |
Crios cosanta: The following municipalities in the following departments from region of Auvergne-Rhône-Alpes:
|
13.9.2025 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
Crios faireachais: The following municipalities in the following departments from region of Auvergne-Rhône-Alpes:
|
14.9.2025 - 30.9.2025 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
Crios faireachais: The following municipalities in the following departments from region of Auvergne-Rhône-Alpes:
|
30.9.2025 |
IARSCRÍBHINN II
Cuid A: Crios vacsaínithe II
Bardasachtaí na ranna a liostaítear in Iarscríbhinn I go dtí an 18.10.2025.
Cuid B: Crios vacsaínithe I
Bardasachtaí na ranna a liostaítear in Iarscríbhinn I ón 19.10.2025 go dtí lá deiridh na tréimhse athshlánaithe, arna roghnú ag an bhFrainc, dá dtagraítear i gCuid 4 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1762/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)