This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D1382
Commission Implementing Decision (EU) 2025/1382 of 15 July 2025 pursuant to Regulation (EU) 2016/679 of the European Parliament and of the Council on the adequate protection of personal data by the European Patent Organisation (notified under document C(2025) 4626)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1382 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2025 de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hEagraíocht Eorpach na bPaitinní cosaint leordhóthanach a thabhairt do shonraí pearsanta (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025)4626)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1382 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2025 de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hEagraíocht Eorpach na bPaitinní cosaint leordhóthanach a thabhairt do shonraí pearsanta (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025)4626)
C/2025/4626
IO L, 2025/1382, 18.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1382/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1382 |
18.7.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1382 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Iúil 2025
de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hEagraíocht Eorpach na bPaitinní cosaint leordhóthanach a thabhairt do shonraí pearsanta
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025)4626)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (1), agus go háirithe Airteagal 45(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. RÉAMHRÁ
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/679 leagtar amach na rialacha maidir le haistriú sonraí pearsanta ó rialaitheoirí nó ó phróiseálaithe san Aontas chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta a mhéid a thagann na haistrithe sin faoin raon feidhme a chur i bhfeidhm. Na rialacha maidir le haistrithe sonraí idirnáisiúnta, leagtar síos i gCaibidil V (Airteagail 44 go 50) den Rialachán sin iad. Cé go bhfuil sreabhadh sonraí pearsanta chuig tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta lasmuigh den Aontas agus uathu fíor-riachtanach le haghaidh leathnú na trádála trasteorann agus an chomhair idirnáisiúnta, níor cheart dochar a dhéanamh don leibhéal cosanta a thugtar do shonraí pearsanta san Aontas de dheasca aistrithe chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta (2). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2016/679, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, go n-áirithítear i dtríú tír, i gcríoch nó in earnáil shonraithe amháin nó níos mó i dtríú tír, nó in eagraíocht idirnáisiúnta go bhfuil leibhéal cosanta leordhóthanach inti. Faoin gcoinníoll sin, , féadfar sonraí pearsanta a aistriú chuig eagraíocht idirnáisiúnta gan an gá aon údarú breise a fháil, dá bhforáiltear in Airteagal 45(1) agus a leagtar amach in aithris 103 de Rialachán (AE) 2016/679. |
|
(3) |
Mar a shonraítear in Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2016/679, glacadh cinnidh leordhóthanachta, ní mór é a bheith bunaithe ar anailís chuimsitheach ar chóras dlí na heagraíochta idirnáisiúnta, lena gcumhdaítear idir na rialacha is infheidhme maidir le hallmhaireoirí sonraí agus na teorannuithe agus na coimircí a mhéid a bhaineann le rochtain údarás poiblí ar shonraí pearsanta. Ina mheasúnú, ní mór don Choimisiún a chinneadh cé acu a ráthaíonn nó nach ráthaíonn an eagraíocht idirnáisiúnta atá i gceist leibhéal cosanta ‘arb coibhéiseach é go bunúsach’ agus an leibhéal a áirithítear laistigh den Aontas (3). An caighdeán ar dá réir a ndéantar an ‘coibhéis bhunúsach’ sin a mheasúnú, is é an caighdeán a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais é, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679, agus i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh freisin. (4) Tá tábhacht ag baint le ‘critéir thagartha maidir le leordhóthanacht’ an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí i ndáil leis sin freisin chun an caighdeán sin a shoiléiriú a thuilleadh agus chun treoraíochta a chur ar fáil ina leith (5). |
|
(4) |
Mar a shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais, ní féidir a cheangal ar thríú tír ná ar eagraíocht idirnáisiúnta leibhéal cosanta a áirithiú arb ionann é agus an leibhéal a ráthaítear i ndlíchóras an Aontais (6). Go sonrach, na modhanna a mbaineann an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta i gceist leas astu chun sonraí pearsanta a chosaint, is féidir go mbeidh siad éagsúil leis na modhanna a úsáidtear san Aontas, fad a bheidh siad, sa chleachtas, éifeachtach chun leibhéal leordhóthanach cosanta a áirithiú (7). Dá bhrí sin, ní cheanglaítear leis an gcaighdeán leordhóthanachta macasamhlú pointe go pointe ar rialacha an Aontais. Ina ionad sin, is éard atá á thástáil, trí shubstaint na gceart príobháideachais agus na gcoimircí cosanta sonraí (lena n-áirítear cur chun feidhme, maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach na gceart agus na gcoimircí sin) agus trí na himthosca a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta, cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn an córas eachtrach ina iomláine an leibhéal cosanta is gá (8). |
|
(5) |
Rinne an Coimisiún anailís ar chreat dlíthiúil agus ar chleachtas Eagraíocht Eorpach na bPaitinní. Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí 7 go 100, is é conclúid an Choimisiúin go ndéanann Eagraíocht Eorpach na bPaitinní (EEP) leibhéal leordhóthanach cosanta a áirithiú le haghaidh sonraí pearsanta a aistrítear ón Aontas chuig EEP laistigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2016/679. |
|
(6) |
De bhun an Chinnidh seo, féadfaidh aistrithe ó rialaitheoirí agus ó phróiseálaithe san Aontas chuig Eagraíocht Eorpach na bPaitinní tarlú gan gá a bheith le haon údarú breise a fháil. Leis an gCinneadh seo, níor cheart difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm díreach Rialachán (AE) 2016/679 maidir leis na heintitis sin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha i ndáil leis an raon feidhme críochach a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán sin. |
2. RIALACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA
2.1. Eagrú agus cúraimí Eagraíocht Eorpach na bPaitinní
|
(7) |
Is eagraíocht idir-rialtasach í Eagraíocht Eorpach na bPaitinní a bunaíodh an 7 Deireadh Fómhair 1977 ar bhonn an Choinbhinsiúin um an bPaitinn Eorpach (CPE). Tá suíomh na hEagraíochta in München agus tá 39 Stát chonarthacha rannpháirteach inti, mar atá Ballstáit uile an Aontais, an Íoslainn, an Iorua agus Lichtinstéin, mar aon leis an Albáin, an Mhacadóin Thuaidh, Monacó, San Mairíne, an tSeirbia, an Eilvéis, Montainéagró, an Ríocht Aontaithe agus an Tuirc (9). |
|
(8) |
Tá pearsantacht dhlítheanach ag an Eagraíocht (10) agus tá dhá orgán aici (11): Oifig Eorpach na bPaitinní (an Oifig) agus an Chomhairle Riaracháin. Is é príomhchúram EEP paitinní Eorpacha a dheonú (12) i gcomhréir le CPE, rud a dhéanann an Oifig faoi mhaoirseacht na Comhairle Riaracháin. Ionadaithe na Stát conarthach atá ar an gComhairle Riaracháin agus feidhmíonn sí cumhachtaí reachtacha thar ceann EEP. Tá sí freagrach as saincheisteanna beartais freisin agus déanann sí maoirseacht ar ghníomhaíochtaí na hOifige (13). Tá an Oifig, a fheidhmíonn mar bhrainse feidhmiúcháin EEP, faoi cheannas Uachtaráin (14) a dhéanann bainistiú ar an Oifig agus atá freagrach don Chomhairle Riaracháin (15). I measc nithe eile, déanann an tUachtarán buiséad na hOifige a ullmhú agus a chur chun feidhme, baill foirne na hOifige a cheapadh agus a mhaoirsiú, údarás araíonachta ar na baill foirne a fheidhmiú agus feidhmiú na hOifige a áirithiú, lena n-áirítear treoracha riaracháin inmheánacha a ghlacadh agus faisnéis a chur ar fáil don phobal agus féadfaidh sé aon togra maidir le leasú a dhéanamh ar an gCoinbhinsiún, rialacháin ghinearálta nó cinntí a thagann faoi inniúlacht na hOifige a chur faoi bhráid na Comhairle Riaracháin (16). Tá rannóga éagsúla san Oifig, lena n-áirítear Rannóg Fála, Rannóg Dlí, Rannóga Scrúdúcháin agus Freasúra, agus na Boird Achomhairc (comhlacht neamhspleách inmheánach ar féidir achomharc a dhéanamh os a chomhair in aghaidh cinntí arna nglacadh ag EEP i gcomhthéacs an nós imeachta um dheonú paitinne) (17). |
|
(9) |
Faigheann EEP sonraí pearsanta ó roinnt gníomhaithe éagsúla san Aontas le linn di a cuid cúraimí a chomhlíonadh. Ar bhonn leanúnach, comhdaíonn iarratasóirí paitinne iarratais ar phaitinní Eorpacha (18) ag EEP nó déanann oifigí paitinní náisiúnta sna Ballstáit iad a tharchur chuig EEP (19). Faigheann agus próiseálann EEP sonraí pearsanta freisin i gcomhthéacs na gcúraimí a chuirtear de chúram uirthi faoi Rialachán (AE) Uimh. 1257/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20). Áirítear ar na cúraimí sin iarrataí ar éifeacht aonadach paitinní Eorpacha a fháil agus a scrúdú, táillí bliantúla a bhailiú agus éifeacht aonadach a chlárú. (21) Sa chomhthéacs sin, faigheann EEP iarrataí maidir le hachomhairc atá ar siúl os comhair Bhord Achomhairc na hOifige (22) ón gCúirt Aontaithe um Paitinní freisin, iarrataí a bhféadfadh na sonraí pearsanta is gá chun an cás ábhartha a shainaithint a bheith san áireamh iontu (23). |
|
(10) |
Ar an gcaoi chéanna, faigheann EEP sonraí pearsanta atá san áireamh in iarratais idirnáisiúnta ar phaitinní nuair a ghníomhaíonn sí faoin gConradh Comhair Paitinní (CCP), conradh idirnáisiúnta lena gceadaítear d’iarratasóirí paitinní a fháil a bhfuil éifeacht leo maidir le gach Stát conarthach CCP (24). Gníomhaíonn EEP mar Údarás Cuardaigh Idirnáisiúnta faoi CCP agus sa cháil sin déanann sí athbhreithniú ar inphaitinneacht aireagán a nochtar in iarratais idirnáisiúnta, rud a chabhraíonn le hiarratasóirí a chinneadh cé acu a chomhdóidh nó nach gcomhdóidh siad iarratas ar scrúdú substainteach ar an leibhéal náisiúnta/ar leibhéal an Aontais (25). |
|
(11) |
Ina theannta sin, comhoibríonn EEP go dlúth le hoifigí paitinní náisiúnta sna Ballstáit uile faoi chuimsiú ‘Líonra Eorpach na bPaitinní’, agus, sa chomhthéacs sin, malartaíonn sí sonraí pearsanta leo, mar shampla nuair a bhíonn cúrsaí oiliúna agus seirbhísí TF á soláthar chun tacú leis an gcomhar faoi CPE agus chun an comhar sin a neartú. Ar an gcaoi chéanna, tá comhaontuithe comhair déthaobhacha tugtha i gcrích aici le Ballstáit a mbíonn malartú sonraí pearsanta i gceist leo, mar shampla i gcomhthéacs meithleacha a bhunú, saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht agus a imlonnú, etc. Comhoibríonn sí go dlúth le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh freisin, mar shampla trí chúrsaí oiliúna comhpháirteacha agus imeachtaí múscailte feasachta a reáchtáil agus saineolaithe a thabhairt ar iasacht. |
|
(12) |
Ar deireadh, tá conarthaí ag EEP le roinnt soláthraithe seirbhíse san Aontas a ghníomhaíonn mar phróiseálaí de réir bhrí Airteagal 4, pointe (8) de Rialachán (AE) 2016/679 agus a aistríonn sonraí pearsanta chuig EEP. |
2.2. Creat dlíthiúil agus rialacha cosanta sonraí is infheidhme
|
(13) |
Maidir leis an reachtaíocht phríomha lena rialaítear gníomhaíochtaí EEP, bunaítear an reachtaíocht sin le conradh idirnáisiúnta, is é sin CPE agus, i gcás ina ngníomhaíonn EEP faoi CCP, bunaítear í le CCP. Ar an dara leibhéal d’ordlathas na norm is infheidhme maidir le EEP, tá gníomhartha dlí arna nglacadh ag an gComhairle Riaracháin nó, a mhéid a bhaineann le CCP, ag Tionól CCP. I reachtaíocht thánaisteach EEP, áirítear Rialacháin Cur Chun Feidhme CPE agus Rialacháin Seirbhíse, mar a thugtar orthu, (lena rialáiltear gnéithe a bhaineann le baill foirne EEP, ina measc sin cearta agus oibleagáidí na mball foirne) (26). Leagtar amach an ceart go gcosnófaí sonraí pearsanta in Airteagal 1B de na Rialacháin Seirbhíse (27), airteagal ina bhfuil roinnt croífhorálacha de chreat cosanta sonraí EEP freisin, is é sin forálacha maidir le raon feidhme chur i bhfeidhm an chreata cosanta sonraí, cosaint catagóirí speisialta sonraí agus daoine aonair a bheith ag feidhmiú a gceart. Le hAirteagal 2(1) agus Airteagal 32A de na Rialacháin Seirbhíse, bunaítear sásraí um fhormhaoirseacht neamhspleách (an tOifigeach Cosanta Sonraí (OCS) agus an Bord um Chosaint Sonraí (BCS)) chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha cosanta sonraí (28). |
|
(14) |
Tá feidhm ag na ceanglais shubstainteacha chéanna lena rialaítear cosaint sonraí pearsanta maidir leis an gComhairle Riaracháin agus an Oifig agus maidir lena ranna uile. Go sonrach, déantar próiseáil sonraí pearsanta ag an Oifig a rialáil leis na Rialacha Cur Chun Feidhme i ndáil le hAirteagail 1B agus 32A de na Rialacháin Seirbhíse le haghaidh Buanfhostaithe agus Fostaithe eile Oifig Eorpach na bPaitinní maidir le Cosaint Sonraí Pearsanta (Rialacha Cosanta Sonraí (RCS)), arna nglacadh ag an gComhairle Riaracháin (29). Tá próiseáil sonraí pearsanta ag an gComhairle Riaracháin faoi réir Rialacha Cosanta Sonraí na Comhairle Riaracháin, lena gcuirtear na RCS i bhfeidhm mutatis mutandis (30). I gcás ina dtagraítear sa Chinneadh seo do na RCS, sna tagairtí sin áirítear na ceanglais chomhfhreagracha a bhfuil feidhm acu maidir leis an gComhairle Riaracháin, a Rúnaíocht agus a coistí. Tá struchtúr agus ábhar na RCS ailínithe go dlúth le creat cosanta sonraí an Aontais (31). Go sonrach, tá roinnt mhaith cosúlachtaí idir na rialacha agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) lena leagtar síos ceanglais cosanta sonraí le haghaidh institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais agus, dá bhrí sin, tá siad an-oiriúnach do struchtúr sonrach agus do ghnéithe sonracha eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus iad ag teacht go dlúth le Rialachán (AE) 2016/679 san am céanna. |
|
(15) |
A mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí ag an Oifig, tá ionstraimí breise eisithe ag an Uachtarán atá ceangailteach ó thaobh dlí, amhail ciorcláin, cinntí agus treoracha riaracháin inmheánacha (33). Go sonrach, comhlánaítear na RCS le Cinneadh an 13 Nollaig 2021 ón Uachtarán maidir le próiseáil sonraí pearsanta in imeachtaí um dheonú paitinne agus in imeachtaí gaolmhara (an Cinneadh maidir himeachtaí um dheonú paitinne) (34); Cinneadh an 7 Nollaig 2022 maidir le próiseáil sonraí pearsanta in imeachtaí a bhaineann le paitinní Eorpacha a bhfuil éifeacht aonadach leo (an Cinneadh maidir le paitinní aonadacha) (35); Cinneadh an 17 Samhain 2022 maidir le tíortha agus eintitis a mheastar go n-áirithíonn siad go dtugtar cosaint leordhóthanach do shonraí pearsanta; (36) Cinneadh an 2 Bealtaine 2024 lena sainaithnítear aonaid oibríochtúla na hOifige a ghníomhaíonn mar rialaitheoirí tarmligthe (37); agus Ciorclán Uimh. 420 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 25 de na RCS maidir le srianta ar chearta ábhar sonraí (Ciorclán 420) (38). Maidir le próiseáil sonraí i gcomhthéacs imeachtaí um dheonú paitinne go sonrach, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil tosaíocht ag na ceanglais i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta dá bhforáiltear go díreach in CPE agus CCP thar na RCS. Soiléirítear an t-idirghníomhú idir CPE agus CCP, de pháirt amháin, agus na RCS, den pháirt eile, sa Chinneadh maidir leis an nós imeachta um dheonú paitinne (39) agus sa Chinneadh maidir le paitinní aonadacha. In aithrisí 55 go 59 déantar measúnú ar na ceanglais shonracha cosanta sonraí a thagann go díreach ó CPE agus CCP. Tá na RCS agus a n-ionstraimí comhlántacha ceangailteach agus infhorfheidhmithe ó thaobh dlí agus féadann daoine aonair iad a agairt roimh shásraí um shásamh neamhspleách, mar a thugtar tuairisc in aithrisí 89 go 96. |
|
(16) |
Na rialacha dá bhforáiltear sna hionstraimí dlí a luaitear in aithris 15, déantar iad a oibríochtú a thuilleadh in ionstraimí arna n-eisiúint ag an Oifigeach Cosanta Sonraí (féach aithrisí 83 go 88) (40), ionstraimí a bhfuil feidhm acu maidir leis an gComhairle Riaracháin agus an Oifig agus maidir lena ranna uile freisin (41). |
2.3. Raon feidhme ábhartha agus pearsanta na Rialacha Cosanta Sonraí
|
(17) |
De bhun na RCS agus na Rialachán Seirbhíse (42), ceanglaítear ar fhostaithe uile EEP cloí leis na RCS nuair a bhíonn sonraí pearsanta á bpróiseáil acu. Déantar raon feidhme ábhartha agus pearsanta chur i bhfeidhm na RCS a chinneadh leis na téarmaí ‘sonraí pearsanta’, ‘próiseáil,’‘rialaitheoir’, ‘rialaitheoir tarmligthe’ agus ‘próiseálaí’ a shainmhínítear iontu. |
2.3.1. Sainmhíniú ar shonraí pearsanta agus ar phróiseáil
|
(18) |
Is ionann na sainmhínithe ar ‘sonraí pearsanta’ agus ‘próiseáil’ sna RCS agus na sainmhínithe atá i Rialachán (AE) 2016/679 (43). Tá feidhm ag na RCS maidir le haon phróiseáil a dhéanann EEP ar shonraí pearsanta, gan beann ar cé acu a bhaineann an phróiseáil sin le sonraí pearsanta a fhostaithe féin nó le sonraí daoine aonair eile (44). Sonraí ar cuireadh ainm bréige i bhfeidhm orthu (45), meastar gur sonraí pearsanta iad freisin. Ní chaitear le sonraí daoine éagtha ná sonraí daoine dlítheanacha, ná le faisnéis anaithnid (46), mar shonraí pearsanta faoi na RCS (47). |
|
(19) |
Tá feidhm ag na RCS maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag EEP go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, agus maidir le próiseáil sonraí pearsanta, ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin, trí mhodhanna eile seachas modhanna uathoibrithe (48). |
2.3.2. Rialaitheoir, rialaitheoir tarmligthe agus próiseálaí
|
(20) |
Sainmhínítear ‘rialaitheoir’ sna RCS mar ‘eintiteas, is é sin Oifig Eorpach na bPaitinní, a chinneann críocha agus modhanna na próiseála sonraí pearsanta, mar eintiteas aonair nó i gcomhpháirt’ (49). I bprionsabal, feidhmíonn an tUachtarán mar rialaitheoir le haghaidh na n-oibríochtaí próiseála sonraí a dhéanann an Oifig (50). Is amhlaidh atá maidir leis an gComhairle Riaracháin (arb é an Cathaoirleach a ghníomhaíonn mar rialaitheoir ina cás-sa), na Boird Achomhairc ag gníomhú dóibh ina gcáil bhreithiúnach (arb é an tUachtarán a ghníomhaíonn mar rialaitheoir ina gcás-sa (51)) agus an Roghchoiste (arb é an Cathaoirleach a ghníomhaíonn mar rialaitheoir ina chás siúd (52)). Féadann an rialaitheoir an chumhacht sin a tharmligean chuig aonaid oibríochtúla a ndéanann bainisteoir ar leibhéal sinsearach ionadaíocht orthu (53). Sna cásanna sin, gníomhaíonn aonaid oibríochtúla mar ‘rialaitheoirí tarmligthe’ (54) a shainíonn críoch na hoibríochta próiseála (mar shampla cúis, réasúnaíocht agus riachtanais ghnó) agus modhanna na hoibríochta próiseála agus a áirithíonn go gcomhlíonann na hoibríochtaí próiseála uile a bhaineann le sonraí pearsanta na RCS (55). Sna cásanna sin, is é an rialaitheoir atá freagrach as an bpróiseáil sonraí pearsanta go fóill. Déantar foráil sna RCS freisin maidir le ‘rialú comhpháirteach’; sa chás sin cinneann rialaitheoir críoch agus modhanna na próiseála in éineacht le rialaitheoir amháin nó níos mó lasmuigh de EEP (56). |
|
(21) |
Is ionann an sainmhíniú ar ‘phróiseálaí’ sna RCS agus an sainmhíniú in Airteagal 4(8) de Rialachán (AE) 2016/679, is é sin duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht, nó aon eintiteas eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora (57). Próiseálaithe a thugann ráthaíochtaí leormhaithe go gcuirfear bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí chun feidhme lena áirithiú go gcomhlíonfaidh an phróiseáil ceanglais na RCS (58), is na próiseálaithe sin a cheadaítear don rialaitheoir a úsáid agus na próiseálaithe sin amháin. Ní mór an caidreamh idir an rialaitheoir agus próiseálaí a rialú le conradh nó le gníomh dlí atá ina cheangal ar an bpróiseálaí agus a dhéanann ábhar, fad, cineál agus críoch na próiseála a leagadh amach, i measc nithe eile (59). Ní cheadaítear don phróiseálaí na sonraí a phróiseáil ach amháin ar threoracha doiciméadaithe a fháil ón rialaitheoir chuige sin. Ceanglaítear ar an bpróiseálaí cúnamh a thabhairt don rialaitheoir a oibleagáidí faoi na RCS a chomhlíonadh. Toirmisctear ar an bpróiseálaí fophróiseálaithe a fhostú gan údarú chuige sin a fháil ón rialaitheoir roimh ré (60). Tá comhaontú caighdeánach maidir le próiseáil sonraí ar fáil do rialaitheoirí tarmligthe (61). Thairis sin, más i dtríú tír atá próiseálaí lonnaithe, ní mór ceanglais na RCS i ndáil le haistrithe idirnáisiúnta a chomhlíonadh freisin nuair a chomhroinnfear sonraí pearsanta leis an bpróiseálaí sin, mar a thugtar tuairisc air sin in aithrisí 68 go 73 den Chinneadh seo (62). |
2.4. Coimircí, cearta agus oibleagáidí
2.4.1. Dlíthiúlacht agus cothroime na próiseála
|
(22) |
Ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil go dleathach agus go cothrom. |
|
(23) |
Leagtar síos na prionsabail ghinearálta sin in Airteagal 4(2)(a) de na RCS ar bhealach is féidir a mheas a bheith comhionann le hAirteagal 5(1)(a) de Rialachán (AE) 2016/679. |
|
(24) |
Déantar prionsabal na dlíthiúlachta a fhorbairt a thuilleadh in Airteagal 5 de na RCS, áit a liostaítear na bunúis dlí ar a bhféadfar sonraí pearsanta a phróiseáil. Is iad na bunúis dlí sin (a) an gá atá ann cúram a dhéanamh i bhfeidhmiú ghníomhaíochtaí oifigiúla EEP (63) nó i bhfeidhmiú dlisteanach an údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir, lena n-áirítear an phróiseáil is gá le haghaidh bhainistiú agus fheidhmiú na hOifige (64); (b) an gá atá ann oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh (mar shampla faisnéis a luaitear in iarratas ar phaitinn a fhoilsiú i gClár Eorpach na bPaitinní) (65); (c) an gá atá ann conradh a fheidhmiú ar páirtí ann an t-ábhar sonraí, sin nó bearta a dhéanamh arna iarraidh sin ag an ábhar sonraí sula ndéanfaidh sé conradh; (d) toiliú an ábhair sonraí; nó (e) an gá atá ann leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine nádúrtha eile a chosaint. |
|
(25) |
Sainmhínítear toiliú sna RCS ar an mbealach céanna agus a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2016/679, is é sin ‘aon léiriú sonrach, feasach agus gan athbhrí a thugtar faoi shaoirse ar mhianta an ábhair sonraí trína gcuireann an t-ábhar sonraí in iúl, trí ráiteas nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, go n-aontaíonn sé nó sí le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi’ (66). Is faoin rialaitheoir atá sé a thaispeáint gur thug an t-ábhar sonraí toiliú (67). Agus measúnú á dhéanamh an faoi shaoirse a tugadh an toiliú, ba cheart a chur san áireamh an é go ndéantar comhlíonadh conartha coinníollach ar an toiliú le próiseáil sonraí pearsanta, ar próiseáil í nach bhfuil riachtanach chun an conradh sin a chomhlíonadh (68). Ní féidir breathnú ar an toiliú mar thoiliú a tugadh faoi shaoirse mura bhfuil rogha atá dílis nó saor ag an ábhar sonraí nó mura bhfuil sé nó sí in ann diúltú don toiliú a thabhairt nó é a tharraingt siar gan díobháil (69). Ina theannta sin, ionas go mbeidh an toiliú feasach, leis na RCS éilítear go mbeidh an t-ábhar sonraí ar an eolas, ar a laghad, faoi chéannacht an rialaitheora agus faoi chríocha na próiseála ar chucu atá na sonraí pearsanta beartaithe (70). Ar deireadh, tá sé de cheart ag ábhar sonraí toiliú a tharraingt siar tráth ar bith (71). |
2.4.2. Próiseáil ar chatagóirí speisialta sonraí
|
(26) |
Ba cheart coimircí sonracha a bheith ann i gcás ina bhfuil ‘catagóirí speisialta’ sonraí á bpróiseáil. |
|
(27) |
Tá rialacha sonracha sna RCS a mhéid a bhaineann le próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta (72) a shainítear ar an mbealach céanna agus a shainítear faoi Rialachán (AE) 2016/679, is é sin sonraí pearsanta lena léirítear tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann, sonraí géiniteacha (73) nó sonraí bithmhéadracha (74) chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil agus sonraí a bhaineann leis an tsláinte (75) nó sonraí a bhaineann le saol gnéis nó le gnéaschlaonadh duine nádúrtha (76). De bhun na RCS, tá toirmeasc i bprionsabal ar chatagóirí speisialta sonraí a phróiseáil mura bhfuil feidhm ag eisceacht shonrach (77). |
|
(28) |
Tá na heisceachtaí sonracha a liostaítear in Airteagal 11(2) de na RCS cosúil leis na heisceachtaí in Airteagal 9(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2016/679, ach tá roinnt oiriúnuithe ar an gcreat dlíthiúil ina bhfeidhmíonn EEP. Ní cheadaítear catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin in imthosca sonracha teoranta (78), is é sin más rud é (1) gur thug an t-ábhar sonraí toiliú sainráite; (2) gur gá an phróiseáil a dhéanamh chun leasanna ríthábhachtacha duine aonair a chosaint (i gcás nach féidir leis an ábhar sonraí toiliú sainráite a thabhairt go fisiciúil nó go dlíthiúil); (3) gur follasach gur chuir an t-ábhar sonraí na sonraí pearsanta ar fáil go poiblí; (4) gur gá an phróiseáil a dhéanamh chun críche áirithe a bhaineann le feidhmiú ghníomhaíochtaí oifigiúla EEP, sin nó i bhfeidhmiú údaráis dhlisteanaigh atá dílsithe don rialaitheoir (79); nó (5) gur gá an phróiseáil a dhéanamh chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint. |
|
(29) |
Sa bhreis ar na catagóirí speisialta sonraí pearsanta dá dtagraítear in aithris 27, leis na RCS éilítear cosaintí sonracha freisin le haghaidh próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus le cionta, is é sin le rá gan próiseáil den sórt sin a cheadú ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an BCS roimh ré nó i gcás ina n-éilítear an phróiseáil le hionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí, ar ionstraim í lena bhforáiltear maidir le coimircí iomchuí le haghaidh na gceart agus na saoirsí atá ag daoine aonair (80). |
2.4.3. Teorannú de réir cuspóra
|
(30) |
Ba cheart sonraí a bhailiú chun críche áirithe agus níor cheart iad a úsáid ina dhiaidh sin ach amháin a mhéid a bhfuil i gcomhréir le críoch na próiseála. |
|
(31) |
Áirithítear an prionsabal sin in Airteagal 4(2)(b) de na RCS, ar dá bhun nach mór sonraí pearsanta a bhailiú chun críoch sonraithe sainráite dlisteanach agus gan próiseáil bhreise a dhéanamh orthu ar bhealach atá ar neamhréir leis na críocha sin. |
|
(32) |
Fearacht Rialachán (AE) 2016/679, leis na RCS ceadaítear próiseáil bhreise a dhéanamh (gan beann ar chomhoiriúnacht chríoch na próiseála breise leis an gcríoch bhunaidh) ar bhonn thoiliú sainráite an ábhair sonraí nó ar bhonn forálacha dlí is infheidhme de chuid EEP (81). I gcás na bhforálacha dlí sin, leis na RCS éilítear nach mór an phróiseáil a bheith ina beart riachtanach comhréireach chun cuspóir a bhaineann le leas an phobail i gcoitinne a choimirciú (82). |
|
(33) |
Nuair nach mbíonn an phróiseáil bhreise bunaithe ar cheachtar den dá fhoras sin, déantar foráil sna RCS maidir leis na tosca a bheidh le cur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar chomhoiriúnacht chríoch na próiseála breise leis an gcríoch ar chuici a bailíodh na sonraí pearsanta ar dtús (83). Is ionann an cur chuige sin agus na tosca a liostaítear sna RCS agus na cinn a leagtar amach in Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2018/1725 (84). |
2.4.4. Cruinneas agus íoslaghdú sonraí, teorannú stórála agus slándáil sonraí
|
(34) |
Ba cheart sonraí pearsanta a bheith cruinn agus, i gcás inar gá, ba cheart iad a choimeád cothrom le dáta. Ba cheart iad a bheith leordhóthanach agus ábhartha, agus níor cheart iad a bheith iomarcach, i ndáil leis na críocha ar chucu a phróiseáiltear iad, agus i bprionsabal níor cheart iad a choimeád ar feadh tréimhse is faide ná mar is gá chun na gcríoch ar chucu a phróiseáiltear na sonraí pearsanta. |
|
(35) |
Leagtar síos na prionsabail sin in Airteagal 4(2)(c), (d) agus (e) de na RCS ar an mbealach céanna agus a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 iad. |
|
(36) |
Ba chóir sonraí pearsanta a phróiseáil freisin ar bhealach lena n-áirithítear slándáil na sonraí, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scrios nó damáiste de thaisme. Chun na críche sin, ba cheart d’oibreoirí gnó bearta teicniúla nó eagraíochtúla iomchuí a dhéanamh chun sonraí pearsanta a chosaint ar bhagairtí féideartha. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar na bearta sin agus an úrscothacht agus na costais ghaolmhara á gcur san áireamh. |
|
(37) |
Cumhdaítear slándáil sonraí i gcreat dlíthiúil EEP trí phrionsabal na sláine agus na rúndachta a leagtar síos in Airteagal 4(2)(f) agus in Airteagal 33 de na RCS, ar bhealach atá beagnach comhionann leis an mbealach a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 é. Go sonrach, leis na RCS éilítear go n-áiritheofar leibhéal slándála is iomchuí don riosca trí bhíthin bearta iomchuí, idir bhearta teicniúla agus bhearta eagraíochtúla, agus aird á tabhairt ar an úrscothacht, ar chostais an chur chun feidhme agus ar chineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála, mar aon le dóchúlacht agus déine aon riosca i leith na gceart agus na saoirsí atá ag daoine aonair, ar tosca iad a bhíonn éagsúil de réir an cháis. |
|
(38) |
Ina theannta sin, tá ceanglais shonracha sna RCS maidir le sárú i ndáil le sonraí a láimhseáil agus fógra a thabhairt ina leith (85). Ar an gcéad dul síos, ceanglaítear ar an rialaitheoir fógra a thabhairt don OCS faoi shárú i ndáil le sonraí gan moill mhíchuí (agus, i gcás inarb indéanta, tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis dó a bheith ar an eolas faoi), ach amháin sa chás nach dócha go mbeadh riosca do chearta agus do shaoirsí daoine aonair ag gabháil leis an sárú (86). Ar an gcaoi chéanna, ceanglaítear ar phróiseálaí fógra a thabhairt don rialaitheoir faoi shárú gan moill mhíchuí (87). Ní mór tuairisc a thabhairt san fhógra, go háirithe, ar chineál an tsáraithe, ar na hiarmhairtí is dócha a bheidh aige agus ar na bearta atá déanta nó atá beartaithe a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an sárú (88). I gcás sárú i ndáil le sonraí ar dócha go mbeidh ardriosca do chearta agus do shaoirsí daoine aonair ag gabháil leis, ní mór don rialaitheoir an sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí freisin gan mhoill (89). Sa chomhfhreagras leis an ábhar sonraí, ní mór tuairisc a thabhairt ar chineál an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta agus friotal soiléir simplí á úsáid (90). Ní gá an chumarsáid sin a dhéanamh má tá bearta déanta ag an rialaitheoir i ndiaidh an tsáraithe lena n-áirithítear nach móide go dtarlódh an t-ardriosca do chearta ná do shaoirsí na n-ábhar sonraí a thuilleadh (91). |
2.4.5. Trédhearcacht
|
(39) |
Ba cheart ábhair sonraí a chur ar an eolas faoi na príomhghnéithe a bhaineann le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta. |
|
(40) |
I gcomhréir leis na RCS, ceanglaítear ar an rialaitheoir, tráth a fhaightear sonraí pearsanta, faisnéis a sholáthar do dhaoine aonair, go háirithe maidir lena chéannacht agus a chuid sonraí teagmhála (chomh maith le sonraí teagmhála an OCS), críoch na próiseála agus an bunús dlí atá léi, na faighteoirí nó na catagóirí faighteoirí, an fíoras go bhfuil sé beartaithe aige na sonraí a aistriú lasmuigh de EEP, mar aon leis na cearta is infheidhme agus an fhéidearthacht sásamh a fháil (92). Is amhlaidh an cás nuair a phróiseáiltear sonraí pearsanta chun críche seachas an chríoch ar chuici a bailíodh na sonraí (93). Níl feidhm ag an dá oibleagáid ach amháin sa chás nach bhfuil an fhaisnéis ag an duine aonair lena mbaineann cheana (94). |
|
(41) |
Ní mór an fhaisnéis chéanna a sholáthar do na hábhair sonraí nuair nach ndéantar sonraí pearsanta a bhailiú uathu go díreach, mar aon le faisnéis bhreise maidir le foinse na sonraí pearsanta agus na catagóirí sonraí lena mbaineann (95). Ní mór an fhaisnéis sin a sholáthar laistigh de thréimhse réasúnta tar éis na sonraí a fháil (ach laistigh de mhí amháin ar a dhéanaí), ag féachaint do na himthosca sonracha ina ndéantar na sonraí a phróiseáil (96). I gcás ina bhfuil sonraí pearsanta le húsáid chun cumarsáid a dhéanamh leis an ábhar sonraí, ba cheart an fhaisnéis chéanna a sholáthar ar a dhéanaí tráth a dhéantar an chéad chumarsáid leis an duine aonair (97). Ní mór an fhaisnéis dá dtagraítear in aithris 40 a sholáthar freisin sula ndéanfar aon phróiseáil bhreise nó, má tá nochtadh d’fhaighteoir eile beartaithe, ar a dhéanaí tráth a nochtar sonraí pearsanta do thríú páirtí (98). Níl feidhm ag an oibleagáid sin i roinnt cásanna, eadhon i gcás ina bhfuil an fhaisnéis lena mbaineann ag ábhar sonraí cheana; i gcás nach mór an fhaisnéis sin a choimeád faoi rún mar gheall ar oibleagáid rúndachta gairmiúla arna rialáil ar bhonn CPE agus/nó forálacha dlíthiúla eile is infheidhme maidir le EEP (99); i gcás ina bhfuil sé dodhéanta an fhaisnéis sin a sholáthar nó ina mbeadh iarracht dhíréireach ag baint lena soláthar, go háirithe i gcás próiseáil chun críoch cartlannaithe, chun críoch staidrimh, nó chun críoch taighde eolaíche nó stairiúla, a mhéid nach bhféadfaí cuspóirí na próiseála a bhaint amach de bharr an tsoláthair nó a mhéid a dhéanfadh sé dochar mór do bhaint amach na gcuspóirí sin; nó i gcás ina ndéantar fáil nó nochtadh na faisnéise sin a leagadh síos go sainráite i CPE nó i bhforálacha dlíthiúla eile is infheidhme lena bhforáiltear maidir le bearta iomchuí chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint (100). |
2.4.6. Cearta duine aonair
|
(42) |
Ba cheart cearta áirithe a bheith ag ábhair sonraí ar féidir iad a fhorfheidhmiú in aghaidh an rialaitheora nó an phróiseálaí, go háirithe an ceart chun rochtain a fháil ar shonraí, an ceart go ndéanfaí ceartúcháin, an ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála agus an ceart go ndéanfaí sonraí a léirscriosadh. An tráth céanna, féadfaidh cearta den sórt sin a bheith faoi réir srianta, sa mhéid gur gá na srianta sin agus gur comhréireach iad chun cuspóirí tábhachtacha leas ginearálta an phobail a choimirciú. |
2.4.6.1. Cearta arna soláthar ag na RCS
|
(43) |
In Airteagal 1B(4) de na Rialacháin Seirbhíse, leagtar síos an gá atá le héascú a dhéanamh ar fheidhmiú chearta an duine aonair. Chun an ceanglas sin a chur chun feidhme a thuilleadh, tugann na RCS na cearta céanna do dhaoine aonair agus na cinn a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679, is é sin an ceart rochtana (Airteagal 18 de na RCS), an ceart go ndéanfaí ceartúcháin (Airteagal 19 de na RCS), an ceart go ndéanfaí léirscriosadh (Airteagal 20 de na RCS), an ceart go gcuirfí srian le próiseáil (Airteagal 21 de na RCS), an ceart chun iniomparthachta sonraí (Airteagal 22 de na RCS), an ceart chun agóid a dhéanamh (Airteagal 23 de na RCS) agus an ceart gan bheith faoi réir cinnteoireacht uathoibrithe (Airteagal 24 de na RCS). |
|
(44) |
Leagtar síos forálacha ginearálta sna RCS freisin maidir le láimhseáil iarrataí ar fheidhmiú na gceart sin ó dhaoine aonair, lena gceanglaítear ar an rialaitheoir cumarsáid a dhéanamh le hábhair sonraí, agus friotal soiléir simplí á úsáid, i bhfoirm ghonta thrédhearcach intuigthe a bhfuil rochtain éasca uirthi (i scríbhinn nó ar bhealach eile) (101). Ní mór don rialaitheoir faisnéis a sholáthar do dhaoine aonair maidir leis na bearta atá déanta mar fhreagairt ar iarraidh gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil (tréimhse ar féidir síneadh 2 mhí eile a chur léi i gcás inar gá i bhfianaise chastacht agus líon na n-iarrataí) (102). I gcás inar léir go follasach go bhfuil iarrataí ón ábhar sonraí gan bhunús nó iomarcach, go háirithe toisc go bhfuil siad athráiteach, féadfaidh an rialaitheoir diúltú gníomhú de réir na hiarrata (103). Nuair nach ar iarraidh a bhíonn an rialaitheoir ag gníomhú, ní mór dó an duine aonair a chur ar an eolas faoi sin agus faisnéis a sholáthar maidir leis an bhféidearthacht sásamh a lorg (104). |
|
(45) |
Ar an gcéad dul síos, a mhéid a bhaineann leis an gceart rochtana, tugann na RCS an ceart do dhaoine aonair deimhniú a fháil ó EEP maidir le cé acu a dhéantar nó nach ndéantar sonraí pearsanta a bhaineann leo a phróiseáil agus, más amhlaidh go ndéantar, rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta go héasca (105) agus ag eatraimh réasúnta (106). Ina theannta sin, tá sé de cheart ag daoine aonair faisnéis a fháil, go háirithe, maidir le críoch na próiseála, na catagóirí sonraí lena mbaineann, na faighteoirí a gcomhroinntear sonraí leo, agus an tréimhse a meastar go stórálfar na sonraí lena linn (107). |
|
(46) |
Ar an dara dul síos, sna RCS foráiltear go dtugann an ceart go ndéanfaí ceartúcháin, dá bhforáiltear faoi na RCS, caoi do dhaoine aonair sonraí míchruinne a cheartú nó sonraí neamhiomlána a chomhlánú (mar shampla trí ráiteas forlíontach a sholáthar) (108). A luaithe a dhéantar ceartú, ceanglaítear ar an rialaitheoir é sin a chur in iúl do gach faighteoir ar nochtadh na sonraí pearsanta dóibh (109). De bhun na RCS, tá feidhm ag an gceart go ndéanfaí ceartúcháin maidir le sonraí oibiachtúla agus fíorasacha ach níl feidhm aige maidir le ráitis shuibiachtúla (110), cé go gceadaítear do dhaoine aonair sa chás sin na sonraí atá ann cheana a chomhlánú le tuairim nó saineolas ó fhoinse eile, sin nó barúlacha a sholáthar (111). |
|
(47) |
Ar an tríú dul síos, leis na RCS déantar an ceart go ndéanfaí léirscriosadh a sholáthar do dhaoine aonair freisin (112), go háirithe más rud é (a) nach bhfuil gá le sonraí pearsanta a thuilleadh chun na críche ar chuici a phróiseáiltear iad; (b) go dtarraingíonn an t-ábhar sonraí siar a thoiliú agus nach bhfuil aon bhunús dlí eile leis an bpróiseáil; (c) go déanann an t-ábhar sonraí agóid i gcoinne na próiseála agus nach ann d’aon fhoras dlisteanach sáraitheach le haghaidh na próiseála; (d) gur próiseáladh na sonraí go neamhdhleathach; (e) nó nach mór na sonraí a léirscriosadh chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh ar oibleagáid í a bhfuil feidhm aici maidir leis an rialaitheoir (113). Ní mór don rialaitheoir aon léirscriosadh a chur in iúl do gach faighteoir ar comhroinneadh na sonraí leo mura rud é go bhfuil sé dodhéanta é sin a dhéanamh nó go mbeadh iarracht dhíréireach ag baint leis sin (114). Ar an gcaoi chéanna, más rud é gur chuir an rialaitheoir na sonraí pearsanta ar fáil go poiblí, ní mór dó bearta réasúnta a dhéanamh chun rialaitheoirí eile atá á bpróiseáil a chur ar an eolas gur iarr an duine aonair go ndéanfaí iad a léirscriosadh (115). Níl feidhm ag an gceart go ndéanfaí léirscriosadh maidir leis na cásanna seo a leanas inar gá na sonraí a phróiseáil (a) ar mhaithe le feidhmiú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil; (b) chun oibleagáid dhlíthiúil atá ar EEP a chomhlíonadh nó chun oibleagáid a chomhlíonadh a eascraíonn as dualgas EEP comhoibriú lena Stáit chonarthacha (116), sin nó chun údarás oifigiúil atá dílsithe do EEP a fheidhmiú (117); (c) ar mhaithe le comhoibriú leis na Stáit chonarthacha i réimse na sláinte poiblí (118); (d) chun críoch cartlannaithe, chun críoch staidrimh, nó chun críoch taighde eolaíche nó stairiúla (a mhéid is dócha nach bhféadfaí cuspóirí na próiseála a bhaint amach dá ndéanfaí sonraí a léirscriosadh nó go gcuirfeadh sin bac mór ar bhaint amach na gcuspóirí); nó (e) chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint (119). |
|
(48) |
Ar an gceathrú dul síos, le hAirteagal 21 de na RCS soláthraítear an ceart go gcuirfí srian le próiseáil, is é sin sonraí pearsanta a mharcáil d’fhonn srian a chur lena bpróiseáil amach anseo (lena n-áirítear bearta ríomhchlárúcháin chun rochtain ar shonraí den sórt sin a chosc go buan) (120). Is féidir an ceart sin a agairt go háirithe i gcás ina gconspóideann an duine aonair cruinneas na sonraí pearsanta (le linn na tréimhse is gá don rialaitheoir chun an cruinneas a fhíorú) nó i gcás ina bhfuil an phróiseáil neamhdhleathach, ach go gcuireann an duine aonair i gcoinne léirscriosadh na sonraí (121). I gcás ina bhfuil srian leis an bpróiseáil, ní fhéadfar sonraí pearsanta a phróiseáil, cé is moite de stóráil na sonraí, ach amháin le toiliú sainráite an duine aonair, chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint, chun cearta daoine eile a chosaint nó chun cúram a chomhlíonadh a dhéantar i bhfeidhmiú ghníomhaíochtaí oifigiúla EEP (is é sin le rá cúram atá riachtanach don obair riaracháin agus don obair theicniúil a cheanglaítear ar EEP a dhéanamh i gcomhréir le CPE) (122). |
|
(49) |
Ar an gcúigiú dul síos, leagtar amach an ceart chun agóid a dhéanamh in Airteagal 1B(4) de na Rialacháin Seirbhíse agus in Airteagal 23 de na RCS. Go sonrach, tá sé de cheart ag daoine aonair agóid a dhéanamh tráth ar bith i gcoinne próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar chun cúram a chomhlíonadh i bhfeidhmiú ghníomhaíochtaí oifigiúla EEP nó i bhfeidhmiú dlisteanach an údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir (123). Ní mór daoine aonair a chur ar an eolas ar bhealach soiléir go bhfuil an ceart sin acu agus ní mór sin a dhéanamh tráth a dhéantar an chéad chumarsáid leo a dhéanaí (124). I gcás ina ndéanfaidh duine aonair agóid i gcoinne próiseáil sonraí pearsanta, leis na RCS ceanglaítear ar an rialaitheoir scor den phróiseáil mura rud é go mbíonn an rialaitheoir in ann a thaispeáint go bhfuil forais dhlisteanacha thathantacha leis an bpróiseáil a dhéanamh, ar forais iad a bhfuil sáraíocht acu ar leasanna, cearta agus saoirsí an ábhair sonraí, nó gur gá an phróiseáil a dhéanamh chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint (125). |
|
(50) |
Ar an séú dul síos, leis na RCS bunaítear an ceart chun iniomparthachta sonraí lena dtugtar an deis do dhaoine aonair a sonraí pearsanta a fháil i bhformáid struchtúrtha mheaisín-inléite a úsáidtear go coitianta, mar aon leis na sonraí sin a tharchur chuig rialaitheoir eile (126). Tá feidhm ag an gceart sin i gcás ina ndéantar an phróiseáil trí mhodhanna uathoibrithe agus go ndéantar í ar bhonn thoiliú an duine aonair nó chun conradh a chomhlíonadh, ar conradh é leis an duine aonair nó atá chun leas an duine aonair (127). |
|
(51) |
Ar deireadh, de bhun na RCS, tá sé de cheart ag duine aonair gan a bheith faoi réir cinnteoireacht uathoibrithe, is é sin cinneadh atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe amháin, lena n-áirítear próifíliú, ar cinneadh é a mbíonn éifeachtaí dlíthiúla aige a bhaineann leis an duine sin nó a dhéanann difear suntasach dó ar bhealach comhchosúil (128). Leagtar amach sna RCS go bhféadfar cinnteoireacht uathoibrithe a bheith i bhfeidhm i gcás ina mbíonn sí bunaithe ar thoiliú sainráite an ábhair sonraí nó ina mbíonn gá léi chun conradh a dhéanamh nó a chomhlíonadh leis an duine aonair; sa chás sin ní mór don rialaitheoir coimircí oiriúnacha a chur chun feidhme, mar shampla tríd an gceart a sholáthar idirghabháil ó dhuine a fháil, dearcadh an duine aonair a chur in iúl, agus an cinneadh a chonspóid (129). Féadfar cinnteoireacht uathoibrithe a údarú le gníomh dlí freisin má leagtar síos bearta oiriúnacha chun cearta daoine aonair a chosaint leis an ngníomh sin (130). Má théann an rialaitheoir i mbun cinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú, ní mór dó an duine aonair a chur ar an eolas go réamhghníomhach faoi sin mar chuid dá oibleagáidí trédhearcachta agus ní mór dó faisnéis fhónta a sholáthar faoin loighic a bheidh i gceist, chomh maith le suntasacht na próiseála sin agus na hiarmhairtí a mheastar a bheidh aici ar an ábhar sonraí (131). Ní mór an fhaisnéis chéanna a sholáthar arna iarraidh sin (132). |
2.4.6.2. Srianta ar chearta duine aonair
|
(52) |
Fearacht Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725, in Airteagal 25 de na RCS foráiltear go bhféadfaidh forálacha dlíthiúla sonracha i gcreat dlíthiúil EEP srian a chur le cur i bhfeidhm na gceart dá dtagraítear in aithrisí 43 go 51 (133) (is é sin teorainn shealadach a chur lena gcur i bhfeidhm) (134), nuair a urramaíonn an srian sin bunbhrí na gceart bunúsach (135) agus na saoirsí bunúsacha agus nuair is beart riachtanach comhréireach é i sochaí dhaonlathach chun cuspóirí sonracha a choimirciú (136). Ina theannta sin, ní mór srian a sholáthar i bhforálacha ‘soiléire beachta’ atá ceaptha chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu i leith ábhair sonraí agus nach mór a ghlacadh ar leibhéal an Uachtaráin ar a laghad (137). Ní mór a leagan síos sna forálacha sin, go háirithe, críoch na próiseála, raon feidhme an tsriain, na coimircí chun mí-úsáid a chosc, na tréimhsí stórála agus na coimircí is infheidhme (138). |
|
(53) |
Faoi láthair, is é Ciorclán 420 (ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí arna glacadh ag an Uachtarán) an t-aon ionstraim dlí lena bhforáiltear maidir le srianta ar chearta duine aonair. Soiléirítear inti an tslí a bhféadann an rialaitheoir srianta a chur i bhfeidhm mar aon leis na coinníollacha faoina bhféadann sé iad a chur i bhfeidhm agus leagtar síos inti, ar bhealach uileghabhálach, na cásanna sonracha ina bhféadtar srian a chur le cearta agus na cuspóirí ar lena n-aghaidh a dhéanfaí sin (139). Go sonrach, foráiltear léi go bhféadfaidh EEP srian a chur le cearta duine aonair le haghaidh cuspóirí sonracha áirithe, mar atá, sna cásanna seo a leanas: (a agus b) nuair a bhíonn imeachtaí imscrúdaithe nó araíonachta á seoladh aici i ndáil lena baill foirne (140); (c) i gcomhthéacs díospóidí inmheánacha a réiteach nó éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint, lena n-áirítear eadráin, chun faisnéis rúnda agus doiciméid a fhaightear ó na páirtithe, ó na hidiragraithe nó ó fhoinsí dlisteanacha eile a chaomhnú; (d) nuair a bhíonn sonraí sláinte á bpróiseáil aici i ngnáthaimh agus i gcomhaid leighis, chun cearta daoine aonair a chosaint agus chuige sin amháin, áfach (141); (e agus f) nuair a bhíonn iniúchtaí agus cigireachtaí inmheánacha á ndéanamh (is é an OCS a dhéanann na cigireachtaí); (g) chun críoch bainistithe teagmhas TF agus chun críoch tuarascálacha ar theagmhais slándála fisiciúla; agus (h) nuair a bhíonn cúnamh á thabhairt aici d’údaráis phoiblí inniúla nó á fháil aici uathu, lena n-áirítear ó Stáit chonarthacha EEP agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, nó nuair a bhíonn sí ag comhoibriú leo maidir le gníomhaíochtaí a shainítear i gcomhaontuithe seirbhíse, i meabhráin tuisceana agus i gcomhaontuithe comhair ábhartha, arna iarraidh sin dóibh nó ar thionscnamh na hOifige féin (142). |
|
(54) |
Cé acu is féidir nó nach féidir srian a chur i bhfeidhm i gcás sonrach, is é an rialaitheoir a chinnfidh sin i gcásanna aonair i bhfianaise na n-imthosca ábhartha (143). Agus cinneadh á dhéanamh ag an rialaitheoir maidir le srian a chur i bhfeidhm nó gan é a chur i bhfeidhm, ní mór dó measúnú a dhéanamh ar dtús ar riachtanas agus comhréireacht an tsriain sin sa chás sonrach, le rannpháirtíocht an OCS (144). Is éard a bhíonn i gceist leis an measúnú sin na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta agus do shaoirsí an ábhair sonraí a chur sa mheá, ar thaobh amháin, agus rioscaí agus saoirsí ábhar sonraí eile agus na rioscaí a bhaineann le bac a chur ar chríoch agus ar thoradh na hoibríochta próiseála ar an taobh eile (145). Ní mór srianta a dhoiciméadú, lena n-áirítear trí thaifeadadh a dhéanamh ar an measúnú ar na cearta a bhfuil srian orthu, ar an bhfad a mhairfidh na srianta agus ar na cúiseanna agus na forais atá leo (146). Ina theannta sin, fad a bheidh feidhm ag srian, ní mór bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a bheith curtha i bhfeidhm (147). Ní fhéadfar aon srian a chur i bhfeidhm ach amháin fad is ann do na cúiseanna atá leis an srian (148). Má chuirtear srian le ceart, ní mór don rialaitheoir an duine aonair a chur ar an eolas faoi na príomhchúiseanna atá leis an srian agus faoin gceart gearán a dhéanamh (149). |
2.4.6.3. Rialacha sonracha i gcomhthéacs an nós imeachta um dheonú paitinne
|
(55) |
I bhforálacha de chonradh bunaidh EEP (is é sin CPE), i bhforálacha de CCP, agus sna forálacha is infheidhme faoi na conarthaí sin (ar reachtaíocht phríomha iad ar fad i gcás EEP), tá ceanglais shonracha áirithe i gcomhthéacs an nós imeachta um dheonú paitinne a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar fheidhmiú ceart áirithe faoi na RCS (150). Sa Chinneadh maidir leis an nós imeachta um dheonú paitinne, tugtar forléargas ar na ceanglais sin sa reachtaíocht phríomhúil, mínítear conas is féidir cearta na n-ábhar sonraí a fheidhmiú sa chomhthéacs céanna, agus leagtar amach go soiléir eisceachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann (151). Maidir leis na forálacha sin a d’fhéadfadh teorainn a chur le cur i bhfeidhm ceart cosanta sonraí, le Ciorclán 420 bunaítear nach mór raon feidhme aon díolúine a shainaithint go soiléir iontu, agus ar an gcaoi sin cothromaíocht a aimsiú idir na leasanna éagsúla atá i gceist (152). |
|
(56) |
Ar an gcéad dul síos, de bhun Airteagal 127 de CPE, tá sé d’oibleagáid ar an Oifig Clár Eorpach na bPaitinní a choinneáil ar bun, áit a bhfoilsítear sonraí pearsanta áirithe atá sainithe go dlíthiúil. De réir na reachtaíochta príomha, ní mór iarratais ar phaitinn a fhoilsiú le linn an nós imeachta um dheonú paitinne, agus go ginearálta, a luaithe is féidir tar éis tréimhse 18 mí ón dáta comhdaithe a dhul in éag. Le CPE foráiltear gur féidir rochtain a fháil ar shonraí pearsanta atá san áireamh sna hiarratais sin ar phaitinn trí bhíthin iniúchadh comhad nó tríd an gClár a iniúchadh (153). Sula bhfoilsítear iarratais ar phaitinn, níl siad ar fáil lena n-iniúchadh gan toiliú sainráite an iarratasóra. Leagtar síos rialacha comhchosúla in CCP (154). |
|
(57) |
Ar an dara dul síos, an fhéidearthacht athruithe a dhéanamh ar fhaisnéis a úsáidtear i gcomhthéacs nós imeachta um dheonú paitinne, rialáiltear an fhéidearthacht sin go sonrach le CPE. (155) Tugtar faoi deara go háirithe nach ndéantar foráil le CPE ach amháin maidir leis an bhféidearthacht earráidí a cheartú i ndoiciméid arna gcomhdú le EEP (156), earráidí i gcinntí a cheartú (157), botúin aistriúcháin a cheartú (158) agus ainmniú mícheart aireagóra a cheartú (159). Dá bhrí sin, is sna cásanna sin amháin a fhéadfar ceartú a dhéanamh ar shonraí pearsanta a áirítear i ndoiciméid a úsáidtear sa nós imeachta um dheonú paitinne. Is amhlaidh atá sé maidir leis an bhféidearthacht srian a chur le próiseáil sonraí (160). |
|
(58) |
Ar an tríú dul síos, forchuireann CPE ceanglais shonracha i ndáil le coinneáil agus foilsiú doiciméad áirithe a úsáidtear sa nós imeachta um dheonú paitinne, ceanglais a bhfuil tionchar acu ar an bhféidearthacht faisnéis atá sna doiciméid sin a scriosadh, lena n-áirítear sonraí pearsanta (161). Go sonrach, ní mór iarratais fhoilsithe ar phaitinn agus faisnéis maidir le paitinn a fhoilsítear i bhFeasachán Eorpach na bPaitinní a choinneáil agus a bheith ar fáil go poiblí (162). Mar thoradh air sin, bheadh léirscriosadh sonraí pearsanta atá sna doiciméid sin in aghaidh oibleagáidí dlíthiúla bunúsacha EEP (Airteagal 129(a) CPE) agus ní fhéadfar é a dhéanamh. Ní mór do EEP comhaid eile a choimeád ar feadh na tréimhse a shonraítear in CPE, ar tréimhse cúig bliana í i bprionsabal (163). Fad a bheidh feidhm ag an tréimhse sin, ní féidir faisnéis atá sna comhaid sin a léirscriosadh (lena n-áirítear sonraí pearsanta). |
|
(59) |
Dá bhrí sin, maidir leis na srianta ar fheidhmiú na gceart a eascraíonn as na forálacha dá dtagraítear in aithrisí 55 go 58, agus raon feidhme teoranta na srianta agus na coinníollacha maidir lena gcur i bhfeidhm á gcur san áireamh go háirithe, is féidir a mheas go bhfuil siad teoranta don mhéid is gá agus is comhréireach chun feidhmiú cuí an nós imeachta um dheonú paitinne a áirithiú, mar atá riachtanach do chomhlíonadh chúraimí oifigiúla EEP ar mhaithe le leas an phobail. A mhéid nach ndéantar feidhmiú na gceart cosanta sonraí a rialáil go sonrach le CPE agus CCP, is é sin le rá i ngach cás seachas na cinn a dtugtar tuairisc orthu in aithrisí 55 go 58, tá feidhm iomlán ag ceanglais na RCS. |
2.4.7. Aistrithe ar aghaidh
|
(60) |
Maidir leis an leibhéal cosanta a thugtar do shonraí pearsanta arna n-aistriú ón Aontas chuig EEP, ní fhéadfaidh aistriú breise na sonraí sin chuig faighteoirí i dtríú tír nó in eagraíocht idirnáisiúnta eile dochar a dhéanamh don leibhéal cosanta sin. |
|
(61) |
Sna RCS déantar idirdhealú idir ‘tarchur sonraí pearsanta’ (is é sin comhroinnt sonraí ag EEP lena Stáit chonarthacha) agus ‘aistrithe sonraí pearsanta’ (comhroinnt sonraí ag EEP le haon duine nó eintiteas eile lasmuigh de EEP) (164). |
2.4.7.1. Tarchur sonraí
|
(62) |
Ar an gcéad dul síos, foráiltear leis na RCS go bhféadfar sonraí a tharchur chuig oifig maoine intleachtúla náisiúnta i Stát conarthach de chuid EEP (a) má tá gá leis na sonraí chun inniúlacht an fhaighteora a fheidhmiú nó chun údarás oifigiúil a fheidhmiú, agus (b) má tá gá leis an tarchur chun cúraimí oifigiúla/údarás oifigiúil EEP a fheidhmiú (165). Tarlaíonn an tarchur sin i gcomhthéacs an nós imeachta um dheonú paitinne dá bhforáiltear faoi CPE agus CCP (166). |
|
(63) |
Ar an dara dul síos, leis na RCS ceadaítear sonraí a tharchur chuig údarás poiblí i Stát conarthach de chuid EEP (167) i gcás ina bhfuil gá leis na sonraí chun cúraimí an údaráis phoiblí sin a chomhlíonadh agus i gcás ina bhfuil an tarchur comhoiriúnach le cúraimí agus feidhmiú EEP (168). Ní éilítear tarchur den sórt sin go sonrach faoi CPE ná faoi ionstraimí dlí eile lena rialaítear an nós imeachta um dheonú paitinne ach d’fhéadfadh gá a bheith leis mar sin féin chun cúraimí EEP a chomhlíonadh, mar shampla comhar EEP lena Stáit chonarthacha trí bhíthin próisis chomhairliúcháin; saineolaithe a thabhairt ar iasacht agus a imlonnú; nó faisnéis a sholáthar maidir le baill foirne EEP chun sochair shóisialta, ceanglais chánach etc. a chomhlíonadh. |
|
(64) |
Tá clásail chaighdeánacha ullmhaithe ag an OCS atá le húsáid i meabhráin tuisceana lena rialaítear an tarchur sin a dtugtar tuairisc air in aithrisí 62 agus 63, ina ndéantar, i measc nithe eile, foráil maidir le prionsabail cosanta sonraí, próiseáil bhreise a theorannú sa chaoi gur chun críoch comhoiriúnach a bhíonn an phróiseáil agus chun na gcríoch sin amháin, agus foráil maidir cearta an ábhair sonraí agus oibleagáidí i leith slándáil sonraí, sáruithe i ndáil le sonraí agus formhaoirseacht neamhspleách (169). |
|
(65) |
Sa dá chás a dtugtar tuairisc orthu in aithrisí 62 agus 63, ní mór don fhaighteoir, de bhun na RCS, fianaise a sholáthar gur gá na sonraí a tharchur chun críche áirithe a eascraíonn as na hoibleagáidí atá ar EEP comhoibriú leis an Stát conarthach nó leis na Stáit chonarthacha (170). Ní mór don rialaitheoir a bheith in ann a thaispeáint, gach uair a dhéantar tarchur, gur gá agus gur comhréireach an tarchur sin don chríoch áirithe ar chuici a dhéantar é (171). Ní mór aon tarchur sonraí a dhéanamh ar bhealach a áirithíonn go gcoinnítear ar bun an leibhéal cosanta a thugtar leis na RCS (172). De réir na treoraíochta arna heisiúint ag an OCS, ciallaíonn sin go mbeidh coimircí iomchuí i bhfeidhm, lena n-áirítear trína áirithiú nach mór na sonraí atá le comhroinnt a íoslaghdú agus a theorannú don mhéid atá leordhóthanach, ábhartha agus fíor-riachtanach chun na críche sin (173). Má bhíonn aon chúis ann lena cheapadh go bhféadfaí difear a dhéanamh do leasanna dlisteanacha an duine aonair lena mbaineann, ní mór don rialaitheoir a shuí go bhfuil sé comhréireach na sonraí pearsanta a tharchur chun na críche áirithe sin, tar éis dó na leasanna éagsúla atá i gceist a chur sa mheá. (174) |
|
(66) |
Maidir leis an dá chás sin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara freisin go bhfuil gach Stát conarthach atá rannpháirteach in EEP ina pháirtí sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, faoi réir dhlínse na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, agus ina pháirtí i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch (uimh. 108 i Sraith Chonarthaí Chomhairle na hEorpa). |
|
(67) |
Ar deireadh, leis na RCS ceadaítear sonraí a tharchur chuig próiseálaí atá lonnaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), ar choinníoll go n-áirithítear comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sna RCS maidir le próiseálaithe a fhostú (175). |
2.4.7.2. Aistrithe sonraí
|
(68) |
Meastar gur ‘aistriú’ sonraí pearsanta é comhroinnt sonraí pearsanta le haon eintiteas lasmuigh de EEP seachas údarás poiblí nó oifig maoine intleachtúla náisiúnta i Stát conarthach de chuid EEP nó próiseálaí in LEE, faoi réir ceanglais shonracha na RCS (176). Tá feidhm ag na ceanglais sin, mar shampla, maidir le comhroinnt sonraí le próiseálaithe lasmuigh de LEE, le rialaitheoirí atá lonnaithe i Stáit chonarthacha nó lasmuigh díobh, le húdaráis phoiblí i Stáit neamhchonarthacha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile. Go ginearálta, leis na RCS éilítear nach ndéanfar dochar don leibhéal cosanta a ráthaíonn EEP do dhaoine aonair nuair a aistrítear sonraí chuig tríú páirtithe (177). De réir threoraíocht an OCS, ‘ní mór an chosaint a thugtar do na sonraí pearsanta a aistrítear sa tríú tír nó san eagraíocht idirnáisiúnta a bheith ‘coibhéiseach go bunúsach leis an gcosaint a ráthaítear sna RCS’ (178). |
|
(69) |
De bhun na RCS, féadfar sonraí pearsanta a aistriú lasmuigh de EEP ar an gcéad dul síos má áirithíonn an tír ina bhfuil an faighteoir lonnaithe, nó an eagraíocht idirnáisiúnta, leibhéal leordhóthanach cosanta agus más rud é go ndéantar an t-aistriú chun go bhféadfaidh EEP cúraimí a chur i gcrích laistigh dá hinniúlacht, agus chun na críche sin amháin (179). Glacann an tUachtarán cinneadh leordhóthanachta (180), tar éis dó dul i gcomhairle leis an OCS agus leis an BCS i gcás amhrais (181). Tá ‘critéir thagracha maidir le leordhóthanacht’ forbartha ag OCS ina leagtar amach na critéir maidir le cinntí leordhóthanachta (182). Go sonrach, ní mór foráil a dhéanamh i gcreat dlíthiúil an tríú tír nó na heagraíochta idirnáisiúnta maidir le príomhphrionsabail cosanta sonraí, cearta an ábhair sonraí, rialacha maidir le haistrithe ar aghaidh, sásraí nós imeachta agus sásraí um forfheidhmiú, agus sásamh do dhaoine aonair. Má ghlacann an tUachtarán cinneadh leordhóthanachta, féadfar an t-aistriú a dhéanamh gan coimircí breise a chur chun feidhme (183). Faoi láthair, measann EEP go ndéanann na Ballstáit, mar aon leis an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin, gach tír a thairbhíonn de chinneadh leordhóthanachta ón gCoimisiún (184) agus institiúidí agus comhlachtaí an Aontais leibhéal leordhóthanach cosanta a sholáthar (185). |
|
(70) |
De bhun na RCS, in éagmais cinneadh leordhóthanachta, ní fhéadfaidh an rialaitheoir ná an próiseálaí sonraí pearsanta a aistriú chuig faighteoirí lasmuigh de EEP ach amháin má bhíonn coimircí iomchuí curtha ar fáil ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí, agus ar choinníoll go mbíonn cearta in-fhorfheidhmithe agus réitigh éifeachtacha dlí ar fáil d’ábhair sonraí (186). Is féidir coimircí iomchuí den sórt sin a áireamh i socruithe riaracháin le húdaráis phoiblí nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gclásail chonarthacha (tar éis dul i gcomhairle leis an BCS) (187) nó i sásraí deimhniúcháin (188). Tá breac-chuntas ar na forálacha atá le cur san áireamh i socruithe riaracháin forbartha ag an OCS (189). Tá comhaontú cosanta sonraí caighdeánach maidir le haistrithe chuig próiseálaithe le fáil freisin (190). De réir threoraíocht an OCS, ní mór do EEP a mheas an gcuirfí cosc ar an allmhaireoir sonraí a oibleagáidí faoi uirlis aistrithe a chomhlíonadh mar gheall ar an gcreat dlíthiúil a bhfuil sé faoina réir agus, más gá, bearta forlíontacha a chur i bhfeidhm (191). Chun an measúnú sin a dhéanamh, molann an OCS, i nótaí míniúcháin EEP maidir le tarchur agus aistriú sonraí pearsanta, treoraíocht ábhartha an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a chur san áireamh (192). |
|
(71) |
De bhun na RCS, maidir le haistrithe sonraí chuig tíortha nó eagraíochtaí a thairbhíonn de chinneadh leordhóthanachta, agus aistrithe sonraí a dhéantar ar bhonn coimircí iomchuí, ní mór do EEP riachtanas agus comhréireacht gach aistrithe chun críche na próiseála a léiriú (193). Ina theannta sin, ní mór do EEP a shuí, tar éis na leasanna éagsúla atá i gceist a chur sa mheá, go bhfuil an t-aistriú comhréireach, má bhíonn cúis ann lena chreidiúint go bhféadfaí dochar a dhéanamh do leasanna dlisteanacha na n-ábhar sonraí (194). Ina theannta sin, ní mór a áirithiú (trí bhíthin coimircí conarthacha) nach bhféadfaidh an faighteoir na sonraí a phróiseáil ná a úsáid ach chun na críche ar chuici a aistríodh iad agus chun na críche sin amháin, agus ní mór dó na sonraí a scriosadh a luaithe a bhainfear amach an chríoch sin (195). |
|
(72) |
De bhun na RCS, in éagmais cinneadh leordhóthanachta nó coimircí iomchuí, ní cheadaítear sonraí pearsanta a aistriú lasmuigh de EEP ach go heisceachtúil más rud é go bhfuil feidhm ag maolú, mar a ghairtear de, faoi choinníollacha atá comhchosúil leis na cinn i bhforálacha comhfhreagracha dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí (196). Is amhlaidh atá más rud é (a) gur thoiligh an t-ábhar sonraí go sainráite leis an aistriú (197); (b agus c) go ndéantar an t-aistriú ó am go chéile agus gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun conradh a chomhlíonadh, ar conradh leis an ábhar sonraí nó conradh atá i leasanna an ábhair sonraí é (nó chun bearta réamhchonarthacha a chur chun feidhme arna iarraidh sin don ábhar sonraí) (198); (d) gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun cúram a chomhlíonadh i bhfeidhmiú ghníomhaíochtaí oifigiúla EEP nó i bhfeidhmiú dlisteanach údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir (199); (e) gur gá an t-aistriú a dhéanamh go hócáideach chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint (200); (f) gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun leasanna ríthábhachtacha duine aonair a chosaint, i gcás nach féidir leis an ábhar sonraí toiliú sainráite a thabhairt go fisiciúil nó go dlíthiúil (201); nó (g) go ndéantar an t-aistriú ó chlár arna cheapadh chun faisnéis a sholáthar don phobal, ar clár é a fhéadfaidh an pobal i gcoitinne a cheadú nó a fhéadfaidh aon duine a thaispeánann leas dlisteanach a cheadú, ar choinníoll go ndéantar na coinníollacha atá leagtha síos maidir leis an gceadú sin a chomhlíonadh sa chás áirithe (202). De réir a gcineáil, agus de réir threoraíocht an OCS, ní fhéadfar brath ar na maoluithe sin le haghaidh aistrithe rialta córasacha (203). |
|
(73) |
Ar deireadh, maidir le haistrithe catagóirí sonracha sonraí chuig tíortha nó eagraíochtaí nach dtairbhíonn de chinneadh leordhóthanachta, féadfaidh an tUachtarán na haistrithe sin a theorannú a thuilleadh ar chúiseanna tábhachtacha a bhaineann le feidhmiú dlisteanach an údaráis oifigiúil atá dílsithe don Oifig (204). Go dtí seo, níor bhain an tUachtarán úsáid as na cumhachtaí sin. |
2.4.8. Cuntasacht
|
(74) |
Faoi phrionsabal na cuntasachta, ceanglaítear ar eintitis a phróiseálann sonraí bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur i bhfeidhm chun a n-oibleagáidí maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh go héifeachtach agus chun bheith in ann comhlíonadh den sórt sin a léiriú, go háirithe don údarás maoirseachta inniúil. |
|
(75) |
Le hAirteagal 4(1) de na RCS bunaítear prionsabal ginearálta na cuntasachta, lena gcuirtear in iúl go soiléir go bhfuil an rialaitheoir freagrach as comhlíonadh na RCS agus nach mór dó a bheith in ann an comhlíonadh sin a léiriú. Go sonrach, ní mór don rialaitheoir bearta iomchuí, idir bhearta teicniúla agus bhearta eagraíochtúla, a chur chun feidhme le comhlíontacht a áirithiú agus le bheith in ann an chomhlíontacht a thaispeáint, agus aird á tabhairt ar chineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála, mar aon le dóchúlacht agus déine aon riosca i leith na gceart atá ag daoine aonair, ar tosca iad a bhíonn éagsúil de réir an cháis. (205) I ndáil leis sin, leis na RCS déantar prionsabail na príobháideachta trí dhearadh agus na príobháideachta mar réamhshocrú a chur chun feidhme freisin trína cheangal ar an rialaitheoir bearta a chur chun feidhme atá ceaptha chun na prionsabail cosanta sonraí a chur chun feidhme agus chun comhlíonadh na RCS a áirithiú, sin agus a áirithiú, mar réamhshocrú, nach bpróiseáiltear ach na sonraí pearsanta is gá don chríoch áirithe próiseála a bhíonn i gceist i ngach cás, agus na sonraí sin amháin (206). |
|
(76) |
Coinneoidh an rialaitheoir agus na próiseálaithe taifead de na gníomhaíochtaí próiseála ina mbeidh, i measc nithe eile, faisnéis maidir le críoch na próiseála, na catagóirí sonraí a phróiseáiltear, na catagóirí faighteoirí a nochtar sonraí dóibh, agus aon aistriú sonraí pearsanta a dhéantar. (207) Tá rochtain ag an bpobal ar na taifid sin i bprionsabal (mura rud é go bhfuil faisnéis rúnda iontu), ar taifid iad a áirítear iad i gClár Cosanta Sonraí atá ar fáil go poiblí, agus ní mór iad a chur ar fáil don BCS arna iarraidh sin dó (208). Ní mór do gach aonad oibríochtúil Oifigeach Idirchaidrimh um Chosaint Sonraí amháin ar a laghad a cheapadh freisin (le haghaidh téarma in-athnuaite, ar téarma idir bliain amháin agus trí bliana atá i gceist), nach mór dó dul faoi oiliúint éigeantach maidir le cosaint sonraí agus cúnamh a thabhairt don rialaitheoir a oibleagáidí a chomhlíonadh (209). |
|
(77) |
Ar deireadh, leis na RCS soláthraítear ionstraimí éagsúla a fhéadfaidh cúnamh a thabhairt don rialaitheoir agus do na próiseálaithe ina n-iarrachtaí ó thaobh comhlíontachta de. Mar shampla, de bhun na RCS, d’fhéadfadh comhlíonadh sásraí deimhniúcháin formheasta a bheith mar fhianaise ar chomhlíonadh oibleagáidí na RCS (210). Ina theannta sin, faoi choinníollacha áirithe, éilítear leis na RCS go ndéanfar measúnú tionchair ar chosaint sonraí nó go rachfar i gcomhairle roimh ré leis an OCS agus leis an BCS. Tá gá le measúnú tionchair ar chosaint sonraí i gcás inar dócha go mbeidh ardriosca do chearta agus do shaoirsí an duine aonair ag gabháil leis an gcineál próiseála (211). Tá gá leis sin, mar shampla, i gcás ina ndéantar meastóireacht fhairsing chórasach ar ghnéithe pearsanta a bhfuil cinntí uathoibrithe bunaithe orthu, nó i gcás ina ndéantar catagóirí speisialta sonraí a phróiseáil ar mhórscála (212). Má léirítear i measúnú tionchair go mbeadh ardriosca do chearta agus do shaoirsí daoine aonair ag gabháil leis an bpróiseáil agus nach féidir an riosca a mhaolú le bearta slándála réasúnta, ní mór don rialaitheoir dul i gcomhairle leis an BCS (213). Ní mór don BCS comhairle i scríbhinn a chur ar fáil má tá sé den tuairim go mbeadh an phróiseáil atá beartaithe ag sárú na RCS (214). Ar bhonn níos ginearálta, ceanglaítear ar an rialaitheoir dul i gcomhairle leis an OCS agus rialacha nó doiciméid oibríochtúla á n-ullmhú aige maidir le srianta ar chearta duine aonair a chur chun feidhme (215). |
2.5. Formhaoirseacht agus forfheidhmiú
|
(78) |
Chun a áirithiú go ráthaítear leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí sa chleachtas, ba cheart údarás maoirseachta neamhspleách a bheith i bhfeidhm a mbeidh cumhachtaí curtha de chúram air chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha cosanta sonraí agus an comhlíonadh sin a fhorfheidhmiú. Ba cheart don údarás sin gníomhú ar bhealach a bheidh go hiomlán neamhspleách agus neamhchlaonta agus a dhualgais á bhfeidhmiú aige agus a chumhachtaí á gcomhlíonadh aige. |
|
(79) |
Le creat dlíthiúil EEP, cuirtear de chúram ar dhá chomhlacht formhaoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha cosanta sonraí ag EEP: an OCS agus an BCS. Cruthaíodh an dá chomhlacht le hAirteagal 32A de na Rialacháin Seirbhíse agus sonraítear a stádas agus a gcumhachtaí a thuilleadh sna RCS (216). Comhlánaíonn a róil a chéile agus tá comhar i gceist leo, cé go bhfuil gach comhlacht neamhspleách i gcónaí maidir lena bhfeidhmeanna féin. |
2.5.1. Neamhspleáchas
|
(80) |
De bhun na Rialachán Seirbhíse, gníomhaíonn an OCS agus an BCS go hiomlán neamhspleách ar aon chur isteach inmheánach nó seachtrach agus iad ag comhlíonadh a gcúraimí agus ag feidhmiú a gcumhachtaí (217). Comhlánaítear an prionsabal sin le coimircí breise éagsúla lena ráthaítear an neamhspleáchas atá acu. |
|
(81) |
Is é an tUachtarán a cheapann an OCS (agus a ionadaithe) ar bhonn a gcáilíochtaí gairmiúla agus, go háirithe, ar bhonn an tsaineolais atá acu ar dhlí agus ar chleachtais cosanta sonraí (218). Ceaptar an OCS le haghaidh téarma in-athnuaite, ar téarma idir 3 agus 5 bliana atá i gceist. Rachfar i gcomhairle leis an BCS sula ndéanfar OCS a chur nó a bhriseadh as a ról, má bheartaítear sin a dhéanamh. (219) An réamhchomhairliúchán sin sula ndéanfar an OCS a chur nó a bhriseadh as a ról, is chun grinnscrúdú agus athbhreithniú breise a áirithiú atá sé ceaptha sa chás go mbeartaítear é a chur nó a bhriseadh as a ról. Féadfar é a bheartú an tOifigeach Cosanta Sonraí a chur nó a bhriseadh as a ról ar cheann de na cúiseanna seo a leanas (220): ní chomhlíonann an OCS a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a ndualgais a fheidhmiú; (221) neamhinniúlacht ghairmiúil; (222) nó mar thoradh ar bhearta araíonachta (223). Leis na RCS bunaítear freisin nach bhféadtar an OCS a chur as a ról ná pionós a ghearradh air as a chúraimí a chomhlíonadh agus ní fhéadann sé aon treoir a fháil i leith chomhlíonadh na gcúraimí sin (224). Ní mór baint a bheith ag an OCS le gach saincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta agus eisíonn sé tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí chuig an Uachtarán agus chuig an gComhairle Riaracháin (225). Ní mór don Oifig na hacmhainní atá riachtanach le haghaidh chomhlíonadh chúraimí an OCS a sholáthar dó (226). |
|
(82) |
Is triúr saineolaithe seachtracha i réimse na cosanta sonraí atá ar an BCS, is é sin cathaoirleach agus beirt chomhaltaí eile (227), mar aon le comhalta malartach, arna gceapadh ag Uachtarán OEP le haghaidh téarma in-athnuaite 3 bliana (228). Ní mór do chomhaltaí an BCS na cáilíochtaí atá riachtanach le bheith ceaptha chuig oifig bhreithiúnach a bheith acu nó ní mór dóibh a bheith ina ngairmithe cosanta sonraí a bhfuil saineolas agus taithí chruthaithe acu i réimse an dlí um chosaint sonraí, ar saineolas é agus ar taithí í a fuarthas ar an leibhéal náisiúnta nó idirnáisiúnta. Ní fhéadfaidh siad a bheith ina bhfostaithe de chuid EEP ná a bheith fostaithe aici le 10 mbliana anuas (229). De bhun Airteagal 48(6) de na RCS, tá comhaltaí an BCS go hiomlán neamhspleách agus iad ag comhlíonadh a bhfeidhme. Go sonrach, ní fhéadfaidh comhaltaí an BCS treoracha a lorg ón Oifig ná ón gComhairle Riaracháin agus ní fhéadfaidh siad a bheith faoi cheangal ag treoracha den chineál sin. Foráiltear le Rialacha Nós Imeachta an BCS freisin nach mór dó gníomhú go neamhchlaonta agus ar shlí atá go hiomlán neamhspleách agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige (230). Thairis sin, ní fhéadfaidh EEP comhaltaí an BCS a dhífhostú ach amháin ar chúis thromchúiseach (231). Tá oibleagáid rúndachta ar chomhaltaí an BCS (232) agus ní mór dóibh staonadh ó ghníomhú i gcás a bhfuil coinbhleacht leasa acu ina leith, go háirithe leas pearsanta (233). Ceanglaítear ar EEP tacú leis an BCS a chúraimí a chomhlíonadh trí na hacmhainní is gá a sholáthar dó, mar aon le tacaíocht dlí agus riaracháin (trí bhíthin Rúnaíochta agus trí rochtain ar shonraí pearsanta agus ar oibríochtaí próiseála a thabhairt don BCS) (234). |
2.5.2. Cúraimí agus cumhachtaí
|
(83) |
Áirítear an méid seo a leanas ar chúraimí an OCS: an rialaitheoir nó na próiseálaithe a chur ar an eolas faoina n-oibleagáidí agus comhairle a chur orthu dá réir; feasacht a mhúscailt i measc na mball foirne a bhfuil baint acu le hoibríochtaí próiseála agus oiliúint a chur ar fáil dóibh; a áirithiú go gcuirfear ábhair sonraí ar an eolas faoina gcearta faoi na RCS; agus faireachán a dhéanamh ar bhealach neamhspleách ar chur i bhfeidhm inmheánach agus comhlíonadh na RCS, mar aon le forálacha dlíthiúla eile de chuid EEP ar forálacha iad a bhfuil impleachtaí cosanta sonraí acu (235). Féadfaidh ábhair sonraí dul i dteagmháil leis an OCS maidir le haon saincheist a bhaineann le próiseáil a gcuid sonraí nó le feidhmiú a gceart (236), agus féadfaidh an rialaitheoir agus na próiseálaithe dul i gcomhairle leis an OCS maidir le haon ábhar a bhaineann le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm na RCS (237). |
|
(84) |
Mar chuid de ról formhaoirseachta an OCS, tá sé de chumhacht aige iniúchtaí agus imscrúduithe cosanta sonraí a dhéanamh (238). Tionscnaíonn an OCS iniúchtaí i gcomhréir le plean iniúchóireachta bliantúla a ullmhaítear i gcomhairle leis an BCS (239). Sna hiniúchtaí, dírítear ar mheasúnú a dhéanamh ar thaifid cosanta sonraí, ar ráitis agus ar dhoiciméadacht ábhartha, mar shampla, chun fíorú a dhéanamh ar chruinneas agus iomláine na doiciméadachta ábhartha maidir le cosaint sonraí, ar chur i bhfeidhm ceart modheolaíochtaí bainistithe riosca, ar chruinneas agus tapúlacht na bhfreagairtí ar ábhair sonraí, nó ar mheasúnuithe tionchair ar chosaint sonraí a bheith á ndéanamh mar is cuí agus ar líon na measúnuithe sin (240). De réir faisnéis a fuair an Coimisiún ón OCS, rinneadh trí iniúchadh in 2023 agus ceithre iniúchadh in 2024. Féadann an OCS tús a chur le himscrúdú ar a thionscnamh féin, ar bhonn iarraidh a fhaightear ón BCS nó ó chomhlacht laistigh de EEP (an tUachtarán nó rialaitheoir tarmligthe, cuir i gcás), nó ar bhonn faisnéis a fhaightear ar shlí eile (lena n-áirítear, mar shampla, faisnéis ó thríú páirtithe agus ó dhaoine aonair) (241). Imscrúduithe a iarrann an BCS, déanann an OCS iad ar bhealach neamhspleách. Is féidir leis an BCS barúil a thabhairt agus/nó imscrúdú forlíontach a iarraidh maidir le haon saincheist a d’fhéadfadh a bheith tagtha chun cinn (242). I gcigireachtaí, dírítear ar oibríochtaí próiseála, ar ghnéithe sonracha díobh nó ar tharluithe a bhaineann leo, d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonann an phróiseáil atá i gceist ceanglais na RCS agus go gcosnaítear cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí (243). |
|
(85) |
Tá rochtain ag an OCS ar an bhfaisnéis ábhartha uile, lena n-áirítear na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil mar aon leis na hoifigí, na suiteálacha próiseála sonraí agus na hiompróirí sonraí uile (244). Ceanglaítear ar gach fostaí agus ar gach aonad oibríochtúil de chuid EEP cúnamh a thabhairt don OCS a dhualgais a chomhlíonadh, lena n-áirítear trí rochtain ar áitribh agus ar fhaisnéis ábhartha a thabhairt dó (245). |
|
(86) |
Agus iniúchadh nó imscrúdú á thabhairt i gcrích, glacann an OCS tuarascáil ina leagtar amach a thorthaí, a chonclúidí agus na bearta feabhais a mholann sé (246). D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta sin bearta coisctheacha nó maolaitheacha chun comhlíontacht a fheabhsú, cuir i gcás, mar aon le bearta chun neamhchomhlíontacht a leigheas (mar shampla chun próiseáil a thabhairt i gcomhréir leis na RCS, chun iarrataí ó ábhair sonraí maidir le feidhmiú a gcearta a láimhseáil, chun próiseáil a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, etc.) (247). Ina theannta sin, d’fhéadfadh an OCS an t-údarás ceapacháin inniúil a chur ar an eolas faoi mhainneachtain fostaithe na RCS a chomhlíonadh, sin agus a mholadh go seolfaí imscrúdú riaracháin chun a chinneadh an bhfuil gá le beart araíonachta nó beart eile (248). D’fhéadfadh aon fhostaí nach gcomhlíonann na RCS, cé acu a dhéantar sin d’aon ghnó nó trí fhaillí, a bheith faoi dhliteanas smachtbhannaí araíonachta nó faoi dhliteanas birt eile de bhun na Rialachán Seirbhíse (249). |
|
(87) |
Ní mór toradh na n-iniúchtaí agus na n-imscrúduithe a chur in iúl don BCS (250). Ní mór an tuarascáil iniúchóireachta nó imscrúdúcháin a roinnt leis an BCS arna iarraidh sin. Tá cead ag an BCS barúil a thabhairt maidir le tuarascáil an OCS, lena n-áirítear maidir le torthaí an OCS i dtaobh ar tharla sárú ar na RCS nó nár tharla agus maidir le bearta feabhais atá beartaithe, agus féadfaidh sé bearta imscrúdaitheacha breise a iarraidh (251). Más rud é go dtagtar ar an gconclúid, in iniúchadh nó i gcigireacht a dhéanann an OCS, go raibh neamhchomhlíontacht ann (is é sin sárú ar na RCS), ní mór tuarascáil an OCS a chur faoi bhráid an BCS chun na conclúidí agus na bearta feabhais a mholtar inti a bhailíochtú. I gcás ina n-easaontóidh an BCS le conclúidí an OCS nó leis na bearta feabhais a mholann sé, comhroinnfidh an BCS a bharúlacha leis an OCS, lena n-áirítear chun na conclúidí atá beartaithe agus na bearta feabhais atá molta a leasú, agus ba cheart don OCS iad a chur chun feidhme dá réir. Bearta feabhais arna mbailíochtú ag an BCS, tá siad ceangailteach ar an rialaitheoir agus ar na rialaitheoirí tarmligthe agus féadann daoine aonair iad a agairt roimh na sásraí um shásamh a dtugtar tuairisc orthu in aithris 95 (252). Ní mór don OCS cur chun feidhme na mbeart feabhais a fhíorú (i bprionsabal tar éis 6 mhí ón tráth a cuireadh in iúl iad) agus tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Uachtaráin maidir le stádas an chur chun feidhme (253). |
|
(88) |
Sa bhreis ar ról an BCS comhlíonadh na RCS a fhorfheidhmiú, áirítear ar a chúraimí eile comhairle a chur ar an Uachtarán maidir le cinntí leordhóthanachta a ghlacadh, comhairle a chur ar an rialaitheoir maidir leis an ngá atá le measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh agus athbhreithniú a dhéanamh ar ghearáin ó dhaoine aonair (féach aithrisí 92 go 96) (254). |
2.6. Sásamh
|
(89) |
Chun cosaint leordhóthanach a áirithiú agus go háirithe forfheidhmiú chearta an duine aonair, ba cheart sásamh éifeachtach a sholáthar don ábhar sonraí, lena n-áirítear cúiteamh ar son damáistí. |
|
(90) |
Le creat dlíthiúil EEP, cuirtear sásamh ar fáil do dhaoine aonair trí mheascán de bhealaí éagsúla. |
|
(91) |
Ar an gcéad dul síos, ábhair sonraí a chreideann go sáraítear a gcearta leis an bpróiseáil atá EEP a dhéanamh ar a sonraí pearsanta (is é sin go sáraíonn an phróiseáil na RCS), féadfaidh siad iarraidh ar athbhreithniú ón rialaitheoir tarmligthe a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 49 de na RCS. Déanfaidh an rialaitheoir tarmligthe athbhreithniú ar an ngearán agus déanfaidh sé cinneadh ina leith (255). Sula ndéanfaidh sé cinneadh, ní mór don rialaitheoir tarmligthe dul i gcomhairle leis an OCS a thugann tuairim i scríbhinn tráth nach déanaí ná 15 lá féilire tar éis dó an iarraidh ar athbhreithniú a fháil (256). Ní mór don rialaitheoir tarmligthe freagra a thabhairt don duine aonair laistigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear an iarraidh (257). Ní mór an cinneadh a chur in iúl don duine aonair, maille le faisnéis faoin bhféidearthacht sásamh breise a fháil (258). Má mhainníonn an rialaitheoir tarmligthe aon ghníomhaíocht a dhéanamh laistigh de 3 mhí, meastar gur diúltú intuigthe don iarraidh é sin. |
|
(92) |
Ar an dara dul síos, féadfaidh daoine aonair agóid a dhéanamh i gcoinne cinnidh nó i gcoinne diúltú intuigthe d’iarraidh ar athbhreithniú ó rialaitheoir tarmligthe trí ghearán a chomhdú leis an BCS (259). |
|
(93) |
Agus gearán á scrúdú, ní mór don BCS a iarraidh ar an ábhar sonraí, ar an rialaitheoir agus, i gcás inarb infheidhme, ar an bpróiseálaí a seasamh maidir leis na héilimh agus na fíorais atá i gceist a leagan amach i scríbhinn, sin agus fianaise nó barúlacha agus argóintí a sholáthar maidir leis an bhfianaise atá ar fáil (260). Sa chomhthéacs sin, féadfaidh an BCS aon fhaisnéis a theastaíonn uaidh a iarraidh ar na páirtithe chun an gearán a láimhseáil agus féadfaidh sé, ina theannta sin, tuilleadh faisnéise a fháil tríd an OCS (261). Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an obair leantach is gá a dhéanamh ar ghearán, ní mór don BCS aird a thabhairt ar chineál agus tromchúis an tsáraithe líomhnaithe, líon na n-ábhar sonraí a ndéantar difear dóibh, na catagóirí sonraí atá i gceist agus fad an tsáraithe, i measc nithe eile (262). Féadfaidh an BCS a iarraidh ar na páirtithe iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach cairdiúil agus déanann sé réiteach den sórt sin a spreagadh agus éascú ar bhonn gníomhach (263). Féadfaidh an gearánach a iarraidh ar an BCS freisin nós imeachta práinne a chur i bhfeidhm, ar chúiseanna a bhaineann le tromchúis an tsáraithe líomhnaithe nó mar gheall ar dhéine an riosca a fhorchuirtear ar chearta daoine aonair (264). |
|
(94) |
Tar éis don BCS scrúdú a dhéanamh ar ghearán, eisíonn sé tuairim réasúnaithe chuig an rialaitheoir, lena n-áireofar ráiteas fíoras, príomhargóintí na bpáirtithe, breithnithe an BCS agus na moltaí atá aige (265). I gcás nós imeachta práinne, ní mór don BCS tuairim réasúnaithe a eisiúint go foirmiúil laistigh de 2 mhí ó thaisceadh an ghearáin (266). Ina thuairim réasúnaithe, féadann an BCS aon mholadh a mheasann sé a bheith riachtanach a eisiúint, lena n-áirítear faoiseamh urghaire (mar shampla deireadh a chur le próiseáil neamhdhleathach sonraí, nó sonraí a próiseáladh go neamhdhleathach a scriosadh) agus cúiteamh as damáiste ábhartha nó neamhábhartha (267). Ní mór an tuairim réasúnaithe a chur in iúl don ábhar sonraí agus don rialaitheoir (is é sin Uachtarán na hOifige, Uachtarán na mBord Achomhairc, Cathaoirleach na Comhairle Riaracháin, nó Cathaoirleach an Roghchoiste, ag brath ar cé acu a bhaineann an gearán leis, an Oifig, na Boird Achomhairc, an Chomhairle nó an Roghchoiste). Déanfaidh an rialaitheoir an cinneadh ceangailteach deiridh ansin, tar éis tuairim réasúnaithe an BCS (268). Cuirtear an cinneadh deiridh in iúl don ábhar sonraí, don BCS, agus don OCS (269). Má chinneann an rialaitheoir gan cloí le gné amháin nó níos mó den tuairim réasúnaithe, míneoidh sé é i scríbhinn sa chinneadh (270). |
|
(95) |
Féadann ábhar sonraí nach bhfuil sásta le cinneadh an rialaitheora achomharc breise a dhéanamh ina aghaidh agus tagairt a dhéanamh do thuairim réasúnaithe an BCS san achomharc. Féadann fostaithe EEP agóid a dhéanamh in aghaidh an chinnidh os comhair Bhinse Riaracháin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (271). Féadfaidh aon ábhar sonraí eile nach n-aontaíonn le cinneadh an rialaitheora iarraidh ar eadráin ad hoc a chur faoi bhráid an Uachtaráin laistigh de 3 mhí ón gcinneadh a fháil (272). Déantar foráil sna RCS maidir le nós imeachta sonrach atá le leanúint i gcás eadráin ad hoc (273). Go háirithe, laistigh de 3 mhí tar éis an iarraidh ón ábhar sonraí a fháil, ní mór d’Ard-Rúnaí na Buanchúirte Eadrána eadránaí amháin a cheapadh bunaithe ar na critéir a leagtar síos sna RCS (274). Ní mór don eadránaí cáilíocht dlí a bheith aige, cead a bheith aige an dlí a chleachtadh i gceann de Stáit chonarthacha EEP, a bheith in ann saineolas ábhartha ar chúrsaí cosanta sonraí a léiriú agus taithí a bheith aige ar an dlí lena rialaítear eagraíochtaí idirnáisiúnta (275). De bhreis ar na critéir sin a chomhlíonadh, ní fhéadfar daoine aonair a cheapadh a d’oibrigh do EEP ná don ábhar sonraí, nó a d’oibrigh i seirbhís EEP ná an ábhair sonraí. Foráiltear leis na RCS nach mór don eadránaí gníomhú go neamhspleách agus go neamhchlaonta (276), caitheamh go cothrom le gach páirtí agus deis a thabhairt dóibh a gcás a chur i láthair ag gach céim de na himeachtaí (277). Ní imeachtaí poiblí iad na himeachtaí eadrána (278) agus rialaítear iad le CPE, leis na RCS, lena n-áirítear aon reachtaíocht cur chun feidhme, le dlí na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta agus le prionsabail an dlí idirnáisiúnta phoiblí. (279) Cé go bhfuil gach páirtí freagrach as a chostais agus a speansas féin i dtaca le hionadaíocht dhlíthiúil (mura gcinnfidh an t-eadránaí a mhalairt), íocann EEP táillí agus speansas an eadránaí agus an costas féideartha a bhaineann le sainchomhairle a fháil agus le finnéithe (280). Ní mór socraíocht a thabhairt i gcrích i bhfoirm dámhachtain eadrána i scríbhinn ar comhaontaíodh an fhoclaíocht atá inti, ar dámhachtain í atá críochnaitheach agus ceangailteach (281). |
|
(96) |
Aon duine aonair a ndearnadh damáiste dó mar thoradh ar shárú ar na RCS, féadfaidh sé cúiteamh a iarraidh ar EEP trí úsáid a bhaint as na nósanna imeachta a dtugtar tuairisc orthu in aithrisí 91 go 95 (282). Ní bheidh EEP faoi dhliteanas má chruthaíonn sí nach raibh sí freagrach as an gcás ba shiocair leis an damáiste. |
3. ROCHTAIN AGUS ÚSÁID NA SONRAÍ PEARSANTA ARNA nAISTRIÚ AG ÚDARÁIS PHOIBLÍ ÓN AONTAS CHUIG OIFIG EORPACH NA bPAITINNÍ
|
(97) |
An creat dlíthiúil faoina ndéanann EEP measúnú ar iarrataí ó údaráis phoiblí – ina Stáit chonarthacha agus i dtríú tíortha – maidir le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag EEP agus faoina bhfreagraíonn sé do na hiarrataí, leanann an creat sin as an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí EEP (283), as ceanglais na RCS i ndáil le tarchur agus aistriú sonraí pearsanta, agus as an dlí idirnáisiúnta poiblí. |
|
(98) |
Ar an gcéad dul síos, maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag EEP chun críoch a gníomhaíochtaí oifigiúla, cumhdaítear an phróiseáil sin le díolúintí na hEagraíochta. Comhlánaítear díolúintí EEP le dualgas comhair a leagtar amach in Airteagal 20 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí. Dá bharr sin, aon iarraidh ó údarás poiblí de chuid Stáit chonarthaigh ar shonraí arna bpróiseáil ag EEP a fháil, déanfaidh an tUachtarán measúnú uirthi i gcomhréir le hAirteagal 20(1) den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí ina bhforáiltear go gcomhoibreoidh an Eagraíocht ‘i gcónaí le húdaráis inniúla na Stát conarthach chun riar cuí an cheartais a éascú, chun a áirithiú go n-urramófar rialacháin phóilíneachta agus rialacháin a bhaineann leis an tsláinte phoiblí nó le cigireacht saothair nó reachtaíocht náisiúnta chomhchosúil, agus chun aon mhí-úsáid de na pribhléidí, na díolúintí agus na saoráidí dá bhforáiltear sa Phrótacal seo a chosc.’ Mar eisceacht, féadfaidh an Eagraíocht an díolúine atá aici ó imeachtaí dlíthiúla agus ó fhorghníomhú a tharscaoileadh (284). Agus cinneadh á dhéanamh ag an Uachtarán maidir le hiarraidh ar chomhar, feidhmíonn sé discréid, agus smaoiníonn sé ar chomhlíontacht na hiarrata le creat dlíthiúil na hEagraíochta (285). D’fhéadfadh sé gurb é an chonclúid a bheadh ann go bhféadann an Oifig freagairt a thabhairt ar iarraidh faoin bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí agus nach bhféadfaidh sí sonraí pearsanta a nochtadh ach amháin i gcomhréir leis na ceanglais i ndáil le tarchur sonraí dá bhforáiltear sna RCS (féach aithrisí 62 go 67). De bhun na RCS, ní mór don fhaighteoir fianaise a sholáthar gur gá na sonraí a tharchur chun críche áirithe a eascraíonn as na hoibleagáidí atá ar EEP comhoibriú leis an Stát conarthach nó leis na Stáit chonarthacha (286). Ní mór don rialaitheoir a bheith in ann a thaispeáint, gach uair a dhéantar tarchur, gur gá agus gur comhréireach an tarchur sin don chríoch áirithe ar chuici a dhéantar é (287). Ní mór aon tarchur sonraí a dhéanamh ar bhealach a áirithíonn go gcoinnítear ar bun an leibhéal cosanta a thugtar leis na RCS (288). De réir na treoraíochta arna heisiúint ag an OCS, ciallaíonn sin go mbeidh coimircí iomchuí i bhfeidhm, lena n-áirítear trína áirithiú nach mór na sonraí atá le comhroinnt a íoslaghdú agus a theorannú don mhéid atá leordhóthanach, ábhartha agus fíor-riachtanach chun na críche sin (289). Má bhíonn aon chúis ann lena cheapadh go bhféadfaí difear a dhéanamh do chearta agus saoirsí an duine aonair lena mbaineann, ní mór don rialaitheoir a shuí go bhfuil sé comhréireach na sonraí pearsanta a tharchur chun na críche áirithe sin, tar éis dó na leasanna éagsúla atá i gceist a chur sa mheá. (290) |
|
(99) |
Ar an dara dul síos, níl aon ionstraim dlí ann atá infheidhme maidir le EEP agus lena rialáiltear go sonrach láimhseáil iarrataí ó údaráis phoiblí tríú tíortha (is é sin tíortha nach páirtí conarthach in EEP iad) chun sonraí arna bpróiseáil ag EEP a fháil. Dá thoradh air sin, ní fhéadtar aon nochtadh a dhéanamh mar fhreagairt ar iarraidh den sórt sin ach amháin má chomhlíontar na ceanglais i ndáil le haistrithe sonraí idirnáisiúnta faoi na RCS (mar a thugtar tuairisc orthu in aithrisí 68 go 73). Ní amhlaidh a bheadh an cás ach amháin dá mba rud é gur glacadh cinneadh leordhóthanachta maidir leis an tír ábhartha lena gcumhdófaí an t-aistriú, dá mbeadh coimircí iomchuí i bhfeidhm, nó dá mbeadh feidhm ag maolú. |
|
(100) |
Tá comhlíonadh an Phrótacail ar Phribhléidí agus Díolúintí ag an Uachtarán, lena n-áirítear an chaoi ar tugadh aghaidh ar iarrataí ar chomhar ó údaráis phoiblí, faoi réir mhaoirseacht na Comhairle Riaracháin, ach tá comhlíonadh na gceanglas i ndáil le tarchur agus aistrithe sonraí pearsanta sna RCS faoi réir fhormhaoirseacht an OCS agus an BCS, mar a thugtar tuairisc air sin in aithrisí 84 go 88. Féadann daoine aonair úsáid a bhaint as na bealaí sásaimh a dtugtar tuairisc orthu in aithrisí 90 go 96 a mhéid a bhaineann le tarchur nó aistrithe a sonraí pearsanta de shárú ar na RCS. |
4. CONCLÚIDÍ
|
(101) |
Measann an Coimisiún go n-áirithíonn EEP leibhéal cosanta do shonraí pearsanta arna n-aistriú ón Aontas atá coibhéiseach go bunúsach leis an leibhéal a ráthaítear le Rialachán (AE) 2016/679. |
|
(102) |
Ar bhonn thorthaí an Chinnidh seo, ba cheart a chinneadh go n-áirithíonn EEP leibhéal leordhóthanach cosanta, de réir bhrí Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679 arna léirmhíniú i bhfianaise Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, do shonraí pearsanta arna n-aistriú ón Aontas chuig EEP. |
5. ÉIFEACHTAÍ AN CHINNIDH SEO AGUS GNÍOMHAÍOCHT NA nÚDARÁS UM CHOSAINT SONRAÍ
|
(103) |
Ceanglaítear ar Bhallstáit agus ar a gcuid orgán na bearta is gá a ghlacadh chun gníomhartha Institiúidí an Aontais a chomhlíonadh, de bharr go dtoimhdítear na gníomhartha sin a bheith dleathach agus go mbaineann iarmhairtí dlíthiúla leo dá réir nó go dtí go dtarraingítear siar iad, go neamhnítear i gcaingean le haghaidh neamhniú iad, nó go ndearbhaítear iad a bheith neamhbhailí tar éis tarchur le haghaidh breithiúnas tosaigh nó pléadáil neamhdhleathachta. |
|
(104) |
Dá bharr sin, is ceangailteach cinneadh leordhóthanachta ón gCoimisiún arna ghlacadh de bhun Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2016/679 ar orgán uile na mBallstát a ndírítear orthu é, agus is ceangailteach é ar a n-údaráis mhaoirseachta neamhspleácha freisin. Go sonrach féadfaidh aistrithe ó rialaitheoir nó próiseálaí san Aontas chuig EEP tarlú gan gá a bheith le haon údarú breise a fháil. |
|
(105) |
Ba cheart go gcuimhneofaí, de bhun Airteagal 58(5) de Rialachán (AE) 2016/679 agus mar a mhínigh an Chúirt Bhreithiúnais i gCás C-362/14 (291), i gcás ina gceistíonn údarás náisiúnta um chosaint sonraí, lena n-áirítear ar fáil gearáin dó, comhoiriúnacht cinnidh leordhóthanachta ón gCoimisiún le cearta bunúsacha an duine aonair ar phríobháideachas agus cosaint sonraí, ní mór leigheas dlí a chur ar fáil sa dlí náisiúnta di chun na hagóidí sin a thabhairt os comhair cúirt náisiúnta, a d’fhéadfaí a cheangal uirthi tarchur chun réamhrialú a dhéanamh chuig an gCúirt Bhreithiúnais. |
6. FAIREACHÁN, FIONRAÍ, AISGHAIRM NÓ LEASÚ AN CHINNIDH SEO
|
(106) |
I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, agus de bhun Airteagal 45(4) de Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar fhorbairtí ábhartha sa tríú tír nó san eagraíocht idirnáisiúnta tar éis ghlacadh cinnidh leordhóthanachta d’fhonn measúnú a dhéanamh cé acu a áirithíonn sí go fóill nó nach n-áirithíonn leibhéal cosanta arb coibhéiseach go bunúsach é. Bíonn seiceáil mar sin de dhíth, in aon chás, nuair a fhaigheann an Coimisiún faisnéis óna dtagann amhras a bhfuil bunús maith leis ina leith sin. |
|
(107) |
Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar an gcás a mhéid a bhaineann le creat dlíthiúil EEP agus leis an gcleachtas maidir le próiseáil sonraí pearsanta a ndéantar measúnú air sa Chinneadh seo. Chun an próiseas sin a éascú, iarrtar ar EEP an Coimisiún a chur ar an eolas faoi fhorbairtí ábhartha a bhaineann leis an gCinneadh seo a mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta agus na srianta agus coimircí is infheidhme maidir le rochtain ar shonraí pearsanta ag údaráis phoiblí. |
|
(108) |
Thairis sin, le cur ar chumas an Choimisiúin a fheidhm faireacháin a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, ba cheart go gcuirfeadh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht ábhartha a ghlacann na húdaráis náisiúnta um chosaint sonraí, go háirithe fiosruithe nó gearáin ó ábhair sonraí an Aontais maidir le haistriú sonraí pearsanta ón Aontas chuig EEP. |
|
(109) |
Agus Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2016/679 á chur i bhfeidhm, agus ós rud é go bhféadfadh athrú teacht ar leibhéal na cosanta a thugtar faoi chreat dlíthiúil EEP, ba cheart don Choimisiún, tar éis an Cinneadh seo a ghlacadh, athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh féachaint an bhfuil bunús fíorasach agus dlíthiúil fós leis na torthaí i ndáil le leordhóthanacht an leibhéil cosanta atá á áirithiú ag EEP. Ba cheart na meastóireachtaí sin a dhéanamh gach 4 bliana ar a laghad agus ba cheart gach gné d’fheidhmiú an Chinnidh seo a chumhdach leo, lena n-áirítear feidhmiú na sásraí ábhartha um fhormhaoirseacht agus um fhorfheidhmiú. |
|
(110) |
Chun an t-athbhreithniú a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún bualadh le EEP, lena n-áirítear a OCS agus an BCS. Ba cheart go mbeadh rannpháirtíocht sa chruinniú sin ar oscailt d’ionadaithe chomhaltaí an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí. Faoi chuimsiú an athbhreithnithe, ba cheart don Choimisiún a iarraidh ar EEP faisnéis chuimsitheach a sholáthar maidir le gach gné is ábhartha don toradh leordhóthanachta. Ba cheart don Choimisiún mínithe a lorg freisin maidir le haon fhaisnéis is ábhartha don Chinneadh seo atá faighte aige, lena n-áirítear faisnéis ón BCS, ó údaráis cosanta sonraí aonair, ó ghrúpaí na sochaí shibhialta, ó thuairiscí poiblí nó sna meáin, chomh maith le haon fhoinse faisnéise atá ar fáil. |
|
(111) |
Ar bhonn an athbhreithnithe, ba cheart don Choimisiún tuarascáil phoiblí a ullmhú lena cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. |
|
(112) |
I gcás ina nochtfar le faisnéis atá ar fáil, go háirithe faisnéis a eascraíonn as faireachán an Choimisiúin ar fhorbairtí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú an Chinnidh seo de bhun Airteagal 45(4) de Rialachán (AE) 2016/679 nó arna soláthar ag EEP nó ag údaráis na mBallstát, go bhféadfadh sé nach leordhóthanach a thuilleadh an leibhéal cosanta a thugann EEP, ba cheart don Choimisiún EEP a chur ar an eolas faoi sin agus a iarraidh go ndéanfar bearta iomchuí laistigh d’achar ama réasúnach sonraithe. |
|
(113) |
Más rud é, ar dhul in éag an achair ama shonraithe sin, nach bhfuil na bearta sin déanta ag EEP nó má theipeann air a léiriú go sásúil ar bhealach eile go bhfuil an Cinneadh seo bunaithe go fóill ar leibhéal leordhóthanach cosanta, tionscnóidh an Coimisiún an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 93(2) de Rialachán (AE) 2016/679 d’fhonn an Cinneadh seo a chur ar fionraí nó a aisghairm go páirteach nó go hiomlán. |
|
(114) |
Mar mhalairt rogha, tionscnóidh an Coimisiún an nós imeachta sin d’fhonn an Cinneadh seo a leasú, go háirithe trí aistrithe sonraí a chur faoi réir coinníollacha breise, sin nó raon feidhme an toraidh leordhóthanachta a theorannú d’aistrithe sonraí dá bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta fós á áirithiú agus do na haistrithe sin amháin. |
|
(115) |
Ba cheart don Choimisiún freisin machnamh faoin nós imeachta a thionscnamh óna dtiocfaidh leasú, fionraí nó aisghairm an Chinnidh seo, más rud é, i gcomhthéacs an athbhreithnithe nó ar bhealach eile, go mainníonn EEP an fhaisnéis nó na soiléirithe a chur ar fáil is gá chun an leibhéal cosanta a thugtar do shonraí pearsanta arna n-aistriú ón Aontas a mheasúnú, nó maidir le comhlíontacht leis an gCinneadh seo. I dtaca leis an méid sin, ba cheart don Choimisiún a mhéid is féidir an fhaisnéis ábhartha a fháil ó fhoinsí eile a thabhairt san áireamh. |
|
(116) |
Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar cuí leo, bainfidh an Coimisiún leas as an bhféidearthacht, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 93(3) de Rialachán (AE) 2016/679, gníomhartha cur chun feidhme arb infheidhme láithreach iad a ghlacadh lena bhfionraítear, lena n-aisghairtear nó lena leasaítear an Cinneadh. |
7. BREITHNITHE DEIRIDH
|
(117) |
D’fhoilsigh An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí a thuairim (292), a tugadh san áireamh agus an Cinneadh seo á ullmhú. |
|
(118) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú faoi Airteagal 93(1) de Rialachán (AE) 2016/679, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Chun críoch Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679, áirithíonn Eagraíocht Eorpach na bPaitinní leibhéal leordhóthanach cosanta do shonraí pearsanta arna n-aistriú ón Aontas chuig Eagraíocht Eorpach na bPaitinní.
Airteagal 2
Aon uair a fheidhmíonn na húdaráis inniúla i mBallstáit a gcumhachtaí, chun daoine aonair a chosaint maidir le próiseáil a bhfaisnéise pearsanta, de bhun Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2016/679 maidir le haistrithe sonraí a thagann faoin raon feidhme cur i bhfeidhm a leagtar amach in Airteagal 1, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi sin gan mhoill.
Airteagal 3
1. Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar chur i bhfeidhm chreat dlíthiúil Eagraíocht Eorpach na bPaitinní, creat ar a bhfuil an Cinneadh seo bunaithe, d’fhonn a mheasúnú an leanann Eagraíocht Eorpach na bPaitinní de leibhéal leordhóthanach cosanta a áirithiú de réir bhrí Airteagal 1.
2. Cuirfidh na Ballstáit agus an Coimisiún a chéile ar an eolas faoi chásanna nuair nach n-áirithíonn Eagraíocht Eorpach na bPaitinní comhlíonadh an chreata dhlíthiúil ar a bhfuil an Cinneadh seo bunaithe.
3. Gach 4 bliana ar a laghad, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an toradh dá dtagraítear in Airteagal 1 ar bhonn na faisnéise uile a bheidh ar fáil, lena n-áirítear an fhaisnéis arna fáil mar chuid d’athbhreithniú arna dhéanamh in éineacht le hEagraíocht Eorpach na bPaitinní.
4. I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún tásca nach n-áirithítear leibhéal leordhóthanach cosanta a thuilleadh, cuirfidh an Coimisiún Eagraíocht Eorpach na bPaitinní ar an eolas faoi sin. Más gá, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an Cinneadh seo a chur ar fionraí, a leasú nó a aisghairm, nó teorainn a chur lena raon feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2016/679.
Féadfaidh an Coimisiún an Cinneadh seo a chur ar fionraí, a aisghairm nó a leasú freisin más rud é go gcuireann easpa comhair Eagraíocht Eorpach na bPaitinní cosc ar an gCoimisiún a chinneadh an ndéantar difear don mheasúnú dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh seo.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Michael MCGRATH
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj.
(2) Féach aithris 101 de Rialachán (AE) 2016/679.
(3) Féach aithris 104 de Rialachán (AE) 2016/679.
(4) Féach Cás C-311/18, Facebook Ireland agus Schrems (‘Schrems II’) ECLI:EU:C:2020:559, mír 94.
(5) An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí, Critéir Thagartha maidir le Leordhóthanacht, WP 254 rev. 01. le fáil ag: https://ec.europa.eu/newsroom/article29/item-detail.cfm?item_id=614108.
(6) Cás C-362/14, Schrems (‘Schrems I’), ECLI:EU:C:2015:650, mír 73.
(7) Schrems I, mír 74.
(8) Schrems I, mír 75.
(9) Is é sin an líon Stát conarthach mar a bhí i mí Feabhra 2025.
(10) Airteagal 5(1) de CPE.
(11) Airteagal 4(2) de CPE.
(12) I ngach ceann de na Stáit chonarthacha dá ndeonaítear paitinn Eorpach, i bprionsabal tá an éifeacht chéanna aici agus atá ag paitinn náisiúnta arna deonú ag an stát sin agus tá sí faoi réir na gcoinníollacha céanna (féach Airteagal 2(2) de CPE).
(13) Airteagail 26 agus 33 de CPE.
(14) Is í an Chomhairle Riaracháin a cheapann an tUachtarán agus déanann an tUachtarán ionadaíocht ar EEP go seachtrach (Airteagal 5(3) de CPE).
(15) Airteagal 10(1) de CPE.
(16) Airteagal 10(2) de CPE.
(17) Is í an Chomhairle Riaracháin a cheapann comhaltaí na mBord Achomhairc (ar thogra ón Uachtarán) agus feidhmíonn siad go neamhspleách (Airteagal 11(3) agus Airteagal 23 de CPE).
(18) Áirítear leis sin, mar shampla, ainm, seoladh, náisiúntacht agus uimhir theileafóin na n-iarratasóirí; ainm agus seoladh na n-aireagóirí agus na n-ionadaithe paitinne; ainm agus faisnéis airgeadais an duine a dhéanann na híocaíochtaí, etc. Féadfaidh EEP sonraí pearsanta breise a fháil má chuireann tríú páirtí in aghaidh paitinn a dheonú, agus sa chás sin féadfar faisnéis bhreise, amhail barúlacha tríú páirtí, fianaise agus ráitis i scríbhinn, a roinnt le EEP (féach Rialacháin Cur Chun Feidhme CPE, mar shampla R41(2), R143(1)(h), R92(2)(c), R19(1), R53(1), etc.). Féach Airteagal 9 den Chinneadh ón Uachtarán maidir leis an nós imeachta um dheonú paitinne freisin.
(19) Is féidir iarratas ar phaitinn Eorpach a chomhdú leis an lároifig maoine tionsclaíche nó le húdarás inniúil eile de chuid Stáit chonarthaigh. Tar éis don údarás náisiúnta an t-iarratas a sheiceáil ó thaobh ceanglais slándála nó ceanglais náisiúnta eile de, cuireann sé ar aghaidh chuig EEP é.
(20) Rialachán (AE) Uimh. 1257/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2012 lena gcuirtear comhar feabhsaithe chun feidhme sa réimse a bhaineann le cosaint aonadach phaitinne a chruthú (IO L 361, 31.12.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1257/oj).
(21) Maidir le Paitinní Aonadacha a bhfuil éifeacht aonadach acu le haghaidh na mBallstát rannpháirteach uile, déantar iad a chlárú go lárnach in EEP gan gá le céimeanna riaracháin breise ar an leibhéal náisiúnta (mar is gá i gcás paitinní Eorpacha).
(22) I mí na Nollag 2024, ghlac EEP riail maidir le sásra um fhormhaoirseacht neamhspleách le haghaidh próiseáil sonraí pearsanta ag an mBord Achomhairc ina cháil bhreithiúnach. Le fáil ag https://www.epo.org/en/about-us/transparency-portal?search_description=CA%2FD+19%2F24&op=&sort_by=most&items_per_page=10.
(23) Bunaíodh an Chúirt Aontaithe um Paitinní ar bhonn an Chomhaontaithe maidir le Cúirt Aontaithe um Paitinní (IO C 175, 20.6.2013, lch. 1) agus tá dlínse eisiach aici inter alia i ndáil le paitinní Eorpacha (faoi réir idirthréimhse) agus paitinní Eorpacha a bhfuil éifeacht aonadach leo (mar shampla a mhéid a bhaineann le caingne le haghaidh sáruithe iarbhír nó bagartha agus cosaintí gaolmhara, caingne le haghaidh dearbhú nár sáraíodh paitinn, caingne le haghaidh bearta sealadacha agus cosantacha agus le haghaidh urghairí, caingne le haghaidh cúlghairme agus frithéilimh ar chúlghairm). Tá dlínse eisiach ag gCúirt Aontaithe um Paitinní freisin i ndáil le cinntí EEP agus a cúraimí maidir le cosaint aonadach phaitinne á ndéanamh aici.
(24) Chun forléargas a fháil ar nós imeachta CCP, féach Treoir d’Iarratasóirí CCP – Réamheolas ar an gCéim Idirnáisiúnta, le fáil ag https://www.wipo.int/pct/en/guide/index.html, go háirithe caibidil 3, agus an Treoir d’iarratasóirí: nós imeachta CCP os comhair EEP (Treoir Euro-CCP), an 16ú heagrán, an 1 Eanáir 2023, le fáil ag https://www.epo.org/en/legal/guide-europct/2023/index.html. Maidir leis na catagóirí sonraí pearsanta a phróiseálann EEP i gcomhthéacs imeachtaí faoi CCP féach, go háirithe, roinn 9(a), (d), (h), (i), (j), (l), (m), (n) agus (p) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh ó Uachtarán Oifig Eorpach na bPaitinní dar dáta an 13 Nollaig 2021 maidir le próiseáil sonraí pearsanta in imeachtaí um dheonú paitinne agus in imeachtaí gaolmhara (IO Oifig Eorpach na bPaitinní 2021, A98).
(25) Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh sé gur ghá iarratas ar phaitinn a aistriú ón lároifig maoine tionsclaíche nó ó údarás inniúil eile de chuid Stáit chonarthaigh CCP chuig EEP.
(26) Airteagal 33 de CPE.
(27) Féach Airteagal 1B(1) de na Rialacháin Seirbhíse go háirithe ina bhforáiltear go bhféachfaidh an Oifig ‘le hurraim a áirithiú do na cearta bunúsacha maidir le príobháideachas agus maidir le cosaint sonraí pearsanta i gcás na ndaoine aonair uile a bpróiseálann an Oifig a gcuid sonraí, agus go bhféachfaidh sí le cuntasacht a áirithiú i ndáil leis sin.’ Féach Airteagal 1(1) de na RCS freisin ina mínítear gurb é a sholáthraítear leis na RCS an creat dlíthiúil is gá lena áirithiú go dtabharfar urraim do chearta bunúsacha daoine nádúrtha maidir le príobháideachas agus maidir le cosaint a gcuid sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag an Oifig.
(28) Féach Airteagail 47 agus 48 de na RCS freisin.
(29) Rialacha Cosanta Sonraí (ó lch. 495), le fáil ag https://report-archive.epo.org/files/babylon/service_regulations_en.pdf. Tá feidhm ag na RCS maidir le Boird Achomhairc na hOifige freisin, cé is moite den nós imeachta sásaimh os comhair an Bhoird um Chosaint Sonraí, nós imeachta nach bhfuil feidhm aige maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag na Boird ina gcáil bhreithiúnach (Airteagal 2(6) de na RCS). I gcás na ngníomhaíochtaí sin, leis na RCS ceanglaítear ar na Boird sásra um athbhreithniú neamhspleách ar leithligh a bhunú.
(30) Rialacha Cosanta Sonraí na Comhairle Riaracháin, le fáil ag https://link.epo.org/ac-document/CA/D%202/23%20-%20En.pdf. Is é an t-aon ghné amháin a bhfuil difríocht le sonrú ann idir Rialacha Cosanta Sonraí na Comhairle Riaracháin agus na RCS oiriúnuithe a bhaineann le leagan amach sonrach na Comhairle Riaracháin, is é sin go ndéantar tagairt do Chathaoirleach na Comhairle Riaracháin seachas don Uachtarán. Ina theannta sin, glacadh rialacha ar leith – Rialacha Cosanta Sonraí an Roghchoiste – le haghaidh Roghchoiste na Comhairle Riaracháin, mar a ghairtear de. Is Stáit chonarthacha EEP agus eagraíochtaí úsáideoirí atá ar an gCoiste sin agus bunaíodh é le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2012 agus le hAirteagal 145 CPE chun maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na hOifige i gcomhthéacs an nós imeachta um paitinn aonadach. I Rialacha Cosanta Sonraí an Roghchoiste, cuirtear Rialacha Cosanta Sonraí na Comhairle Riaracháin i bhfeidhm maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an Roghchoiste (féach https://link.epo.org/web/about-us/governance/SC_D_1_23_en.pdf). Ar an gcaoi chéanna, i Rialacha Cosanta Sonraí na Comhairle Riaracháin, cuirtear na RCS i bhfeidhm. Ar an gcaoi chéanna, is é an t-aon ghné a bhfuil difríocht le sonrú ann idir Rialacha Cosanta Sonraí an Roghchoiste agus Rialacha na Comhairle Riaracháin agus na hOifige go ndéantar tagairt do Chathaoirleach an Roghchoiste i Rialacha an Roghchoiste (seachas do Chathaoirleach na Comhairle nó don Uachtarán).
(31) Rialacha Cosanta Sonraí EEP: https://www.epo.org/en/about-us/office/data-protection-and-privacy.
(32) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(33) Airteagal 10 CPE. Féach Airteagal 1(2)(a) de na RCS freisin.
(34) https://www.epo.org/en/legal/official-journal/2021/12/a98.html. Glacadh cinneadh comhchosúil a mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí ag Uachtarán na mBord Achomhairc in imeachtaí achomhairc os comhair na mBord Achomhairc , is é sin an Cinneadh dar dáta an 14 Iúil 2023 maidir le próiseáil sonraí pearsanta in imeachtaí achomhairc os comhair na mBord Achomhairc, le fáil ag https://www.epo.org/en/legal/official-journal/2023/07/a73.html.
(35) Cinneadh an 7 Nollaig 2022 maidir le próiseáil sonraí pearsanta in imeachtaí a bhaineann le paitinní Eorpacha a bhfuil éifeacht aonadach leo, le fáil ag https://www.epo.org/en/legal/official-journal/2022/12/a112.html.
(36) https://epo.org/en/legal/official-journal/2022/12/a111.html. Arna leasú le Cinneadh an 11 Bealtaine 2023, (IO Oifig Eorpach na bPaitinní 2023, A57) le fáil ag https://www.epo.org/en/legal/official-journal/2023/06/a57.html.
(37) https://link.epo.org/web/en-decision-of-the-president-on-delegated-controllers.pdf. Déantar an Cinneadh sin a thabhairt cothrom le dáta uair sa bhliain ar a laghad.
(38) Ciorclán 420: Cur chun feidhme Airteagal 25 de na RCS, le fáil ag https://link.epo.org/web/circular_420_en.pdf.
(39) A mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta ag na Boird Achomhairc in imeachtaí achomhairc, déantar an t-idirghníomhú sin a shoiléiriú sa Chinneadh ó Uachtarán na mBord Achomhairc maidir le próiseáil sonraí pearsanta in imeachtaí achomhairc os comhair na mBord Achomhairc.
(40) Féach mar shampla an tagairt do dhoiciméid oibríochtúla arna n-eisiúint ag an OCS in Airteagal 1(2)(c) de na RCS atá formheasta ag an Uachtarán agus atá ceangailteach dá bhrí sin.
(41) Féach Airteagal 1(6) agus Airteagal 12(5) de Rialacha Cosanta Sonraí na Comhairle Riaracháin.
(42) Airteagal 2(2) de na RCS agus Airteagal 1 de na Rialacháin Seirbhíse.
(43) Airteagal 3(1)(a) agus (b) de na RCS agus Airteagal 4(1) agus (2) de RGCS.
(44) Airteagal 1B(2) de na Rialacháin Seirbhíse agus Airteagal 2(2) agus (3) de na RCS. Féach an sainmhíniú ar ‘ábhar sonraí’ freisin (Airteagal 3(1)(w) de na RCS), mar atá, ‘aon duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta, gan beann ar cé acu is fostaí de chuid na hOifige an duine sin nó nach ea’. Chun a chinneadh an bhfuil duine aonair in-sainaitheanta nó nach bhfuil, ní mór aird a thabhairt ar na modhanna go léir is dócha, le réasún, a d’fhéadfadh an rialaitheoir nó duine eile a úsáid chun an duine nádúrtha a shainaithint go díreach nó go hindíreach, amhail díriú go sonrach ar shonraí ar leith.
(45) Is é sin sonraí pearsanta a phróiseáil ar chaoi nach féidir na sonraí pearsanta a chur i leith ábhar sonraí ar leith a thuilleadh gan faisnéis bhreise a úsáid, ar choinníoll go gcoimeádtar faisnéis bhreise den sórt sin ar leithligh agus go bhfuil sí faoi réir bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun a áirithiú nach gcuirtear na sonraí pearsanta i leith duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta, féach Airteagal 3(1)(e) de na RCS.
(46) Is é sin faisnéis nach mbaineann le duine nádúrtha sainaitheanta ná in-sainaitheanta ná le sonraí pearsanta a anaithnidítear ar bhealach a fhágann nach bhfuil an t-ábhar sonraí in-sainaitheanta nó nach bhfuil sé in-sainaitheanta a thuilleadh’, féach Airteagal 3(1)(r) de na RCS. De bhun Airteagal 13(1) de na RCS, ní cheanglaítear ar an rialaitheoir faisnéis bhreise a choinneáil, a fháil ná a phróiseáil ar mhaithe le duine aonair a shainaithint chun na RCS a chomhlíonadh, agus chun na críche sin amháin, nuair nach n-éilíonn na críocha ar chucu a phróiseáiltear na sonraí duine aonair a shainaithint nó nuair nach n-éilíonn na críocha sin a thuilleadh duine aonair a shainaithint.
(47) Airteagal 2(4) de na RCS. I ndáil le próiseáil sonraí pearsanta chun críoch cartlannaithe (i bhfeidhmiú dlisteanach údarás oifigiúil EEP), chun críoch taighde eolaíche nó stairiúla nó chun críoch staidrimh, leis na RCS éilítear go mbeidh bearta teicniúla agus eagraíochtúla i bhfeidhm, inter alia, chun a áirithiú go ndéanfar prionsabal an íoslaghdaithe sonraí a urramú agus chun sonraí a phróiseáil ar bhealach a fhágann nach féidir an duine aonair a shainaithint a thuilleadh, i gcás inar féidir críoch na próiseála a bhaint amach ar an mbealach sin (Airteagal 14 de na RCS).
(48) Airteagal 1B(3) de na Rialacháin Seirbhíse agus Airteagal 2(1) de na RCS. Déantar ‘córas comhdúcháin’ a shainmhíniú mar ‘aon tacar struchtúrtha sonraí pearsanta a bhfuil rochtain air de réir critéir shonracha, is cuma má tá an tacar sin láraithe, díláraithe nó scaipthe ar bhonn feidhmeach nó geografach’, féach Airteagal 3(1)(f) de na RCS.
(49) Airteagal 3(1)(g) de na RCS. Sa Chinneadh seo, tagraíonn an téarma ‘rialaitheoir’ de EEP féin nó do rialaitheoirí tarmligthe.
(50) Airteagal 10(2) de CPE agus Airteagal 28(1) de na RCS.
(51) Airteagal 28(2) de na RCS. Leanann sé sin go sonrach as tarmligean cumhachta ó Uachtarán na hOifige, féach https://www.epo.org/en/legal/official-journal/2021/etc/se1/p175.html. I gcás gníomhaíochtaí eile (nuair nach mbíonn na Boird ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach), gníomhaíonn Uachtarán na mBord mar rialaitheoir tarmligthe le haghaidh Uachtarán na hOifige.
(52) Féach Airteagal 1(4)(5) de Rialacha Cosanta Sonraí na Comhairle Riaracháin agus Airteagal 13a(2) de Rialacha Nós Imeachta an Roghchoiste.
(53) Airteagal 28(3) de na RCS.
(54) Féach Airteagal 3(1)(h) de na RCS. Ní mór don duine a dhéanann ionadaíocht ar an aonad oibríochtúil a bheith ina bhainisteoir ar leibhéal sinsearach; de ghnáth is ar leibhéal príomhstiúrthóra ar a laghad a bhíonn an duine sin. Tá liosta na rialaitheoirí tarmligthe ar fáil go poiblí (féach, mar shampla, https://link.epo.org/web/en-decision-of-the-president-on-delegated-controllers.pdf agus https://link.epo.org/web/decision_of_the_president_of_the_boards_of_appeal_appointing_a_delegated_controller_en.pdf) agus déantar é a nuashonrú go tráthrialta.
(55) Nuair a dhéantar tagairt do ‘rialaitheoir’ sa Chinneadh seo, áirítear leis sin rialaitheoirí tarmligthe ábhartha.
(56) Sa chás sin, le hAirteagal 29 de na RCS ceanglaítear ar an rialaitheoir (tarmligthe) freagrachtaí an dá pháirtí faoi seach maidir le comhlíonadh a n-oibleagáidí cosanta sonraí a chinneadh ar bhealach trédhearcach, go háirithe a mhéid a bhaineann le cearta daoine aonair a fheidhmiú agus le hoibleagáidí trédhearcachta.
(57) Airteagal 3(1)(j) de na RCS.
(58) Airteagal 30(1) de na RCS.
(59) Airteagal 30(3) de na RCS.
(60) Airteagal 30(2)-(3) de na RCS. Ceanglaítear (go conarthach) ar phróiseálaí a fhostaíonn fophróiseálaí na hoibleagáidí cosanta sonraí céanna a fhorchur ar an bhfophróiseálaí agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa chonradh idir an rialaitheoir agus an próiseálaí (Airteagal 30(4) de na RCS).
(61) Iarscríbhinn E a ghabhann le coinníollacha ginearálta an chonartha le haghaidh EEP, https://link.epo.org/web/general_conditions_of_contract_en.pdf.
(62) Airteagal 8(1), (2) agus (5), i gcomhar le hAirteagal 9(1) de na RCS.
(63) Tagraíonn sé sin do chúraimí a dhéantar faoi CPE agus CCP nó rialacha arna nglacadh ar an mbonn sin (mar shampla na Rialacháin Seirbhíse) is gá chun cúraimí EEP a chomhlíonadh sa nós imeachta um dheonú paitinne. Féach mír 5(1) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh maidir leis an nós imeachta um dheonú paitinne freisin, mar aon le forálacha ábhartha de CPE, amhail Cuid IV agus Cuid V. Agus cúraimí EEP á gcomhlíonadh aici i gcomhthéacs an nós imeachta um dheonú paitinne, próiseálann EEP sonraí pearsanta chun na gcríoch seo a leanas: iarratais agus paitinní a phróiseáil; imeachtaí freasúra a sheoladh; cumarsáid a dhéanamh leis na páirtithe sna himeachtaí (agus, i gcás inarb infheidhme, le tríú páirtithe); Clár Eorpach na bPaitinní a choinneáil ar bun; tuarascálacha agus staitisticí a tharraingt suas; agus sonraí a mhalartú le Stáit chonarthacha agus leis an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (mír 6 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh maidir leis an nós imeachta um dheonú paitinne).
(64) Leis sin, cuimsítear na cúraimí a shanntar d’Uachtarán na hOifige chun feidhmiú agus bainistiú éifeachtach na hOifige a áirithiú. Féach mar shampla Airteagal 10 de CPE ina dtugtar tuairisc ar chúraimí an Uachtaráin a mhéid a bhaineann le baill foirne, foirgnimh (lena n-áirítear rochtain ar na foirgnimh) agus bainistiú trealaimh. Tá an cur chuige sin i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(a) agus le haithris 22 de Rialachán (AE) 2018/1725. Ar an gcaoi chéanna, tagraíonn sé sin do chúraimí na Comhairle Riaracháin faoi CPE, mar shampla chun rialacha maidir le pinsin agus rialacháin airgeadais a bhunú, féach Airteagal 33 CPE agus Rialacha 9(2), 12(c) agus 122(4) de Rialacháin Cur Chun Feidhme CPE. Maidir leis an Roghchoiste, tagraíonn sé sin do na cúraimí maoirseachta faoi Airteagal 145 de CPE. Ar deireadh, i gcás na mBord Achomhairc, tagraíonn sé sin dá bhfreagracht as achomhairc i gcoinne cinntí ó chodanna eile den Oifig a scrúdú, cuir i gcás, féach Airteagal 21(1) de CPE.
(65) Féach, mar shampla, Riail 20 de Rialacháin Cur Chun Feidhme CPE.
(66) Airteagal 3(1)(m) de na RCS. Féach Airteagal 7(2) de na RCS freisin.
(67) Airteagal 7(1) de na RCS.
(68) Airteagal 7(1), (5), (6) agus (7) de na RCS.
(69) Airteagal 7(4) de na RCS.
(70) Airteagal 7(4) de na RCS.
(71) Airteagal 7(5) de na RCS.
(72) Féach mar shampla Airteagal 11 de na RCS.
(73) Arna sainmhíniú mar ‘shonraí pearsanta a bhaineann le saintréithe géiniteacha duine nádúrtha a fuarthas le hoidhreacht nó a fuarthas, a thugann faisnéis uathúil faoi fhiseolaíocht nó sláinte an duine nádúrtha sin agus arb é atá iontu an toradh, go háirithe, ar anailís arna déanamh ar shampla bitheolaíoch ón duine nádúrtha sin’, féach Airteagal 3(1)(o) de na RCS.
(74) Arna sainmhíniú mar ‘shonraí pearsanta a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, ar sonraí iad lenar gceadaítear nó lena ndeimhnítear sainaithint uathúil an duine nádúrtha sin , amhail íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópacha’, féach Airteagal 3(1)(p) de na RCS.
(75) Is é sin le rá sonraí pearsanta a bhaineann le sláinte fhisiciúil nó mheabhrach duine nádúrtha, lena n-áirítear soláthar seirbhísí cúraim sláinte, lena nochtar faisnéis faoina stádas sláinte, féach Airteagal 3(1)(q) de na RCS.
(76) Airteagal 11(1) de na RCS.
(77) Airteagal 11(1) agus (2) de na RCS.
(78) Leis na RCS, ceadaítear próiseáil catagóirí speisialta sonraí freisin i gcásanna sonracha a bhaineann le baill foirne EEP den chuid is mó agus nach bhfuil chomh hábhartha céanna, dá bhrí sin, maidir le sonraí a aistrítear ar bhonn an Chinnidh seo. Go sonrach, féadfar catagóirí speisialta sonraí a phróiseáil i gcás ina n-údarófar sin le foráil atá ceangailteach ó thaobh dlí agus a bhfuil feidhm aici maidir le hEagraíocht Eorpach na bPaitinní (mar shampla CPE agus ionstraimí arna nglacadh ag an gComhairle Riaracháin agus ag an Uachtarán, féach Airteagal 3(1)(y) de na RCS), lena bhforáiltear maidir le coimircí iomchuí le haghaidh chearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí (Airteagal 11(2)(b) de na RCS), ar foráil í a bhfuil gá léi chun oibleagáidí an rialaitheora nó an ábhair sonraí a chomhlíonadh agus chun cearta sonracha an rialaitheora nó an ábhair sonraí a fheidhmiú i réimse dhlí na fostaíochta agus na slándála sóisialta. Ar an gcaoi chéanna, féadfar an phróiseáil a dhéanamh i gcás inar gá ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí (cosaint a thabhairt ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, cuir i gcás, nó ardchaighdeáin cháilíochta agus slándála a áirithiú sa chúram sláinte, ar bhonn an dlí náisiúnta lena bhforáiltear maidir le bearta oiriúnacha sonracha ionas go ndéanfar cearta agus saoirsí an ábhair sonraí a choimirciú, go háirithe an rúndacht ghairmiúil, féach Airteagal 11(2)(g) de na RCS). Ar deireadh, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le próiseáil chun críoch amhail leigheas coisctheach nó leigheas ceirde, measúnú ar an gcumas oibre atá ag fostaí, diagnóis leighis, cúram sláinte nó sóisialta a sholáthar, cóireáil sláinte nó shóisialta a sholáthar. córais agus seirbhísí cúraim sláinte/shóisialta a bhainistiú, nó scrúduithe agus tuairimí leighis, i gcás ina ndéanfaidh gairmí sláinte atá faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla na sonraí sin a phróiseáil nó ina ndéanfaidh duine eile atá faoi réir oibleagáid rúndachta choibhéiseach iad a phróiseáil (Airteagal 11(3) de na RCS).
(79) Mar shampla, i gcomhthéacs achomharc in aghaidh paitinn a deonaíodh, d’fhéadfaí sonraí íogaire a áireamh i ráitis finné nó i bhfianaise a cuireadh isteach. Féadfar próiseáil faoin bhforáil seo a dhéanamh freisin má bhíonn gá léi go substaintiúil ar mhaithe le bainistiú agus feidhmiú na hOifige agus ar mhaithe le hoibleagáidí a eascraíonn as an dualgas atá ar EEP comhoibriú leis na Stáit chonarthacha (an gá atá le faisnéis sláinte ball foirne nó cuairteoirí a phróiseáil i gcomhréir leis na ceanglais arna bhforchur ag údaráis sláinte poiblí Stát óstach EEP, cuir i gcás). In aon chás, ní mór an ionstraim dlí ar a bhfuil an phróiseáil bunaithe a bheith comhréireach leis an aidhm atá á saothrú, ní mór bunbhrí an chirt maidir le cosaint sonraí a urramú leis an ionstraim sin agus ní mór foráil a dhéanamh inti maidir le bearta oiriúnacha sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí a choimirciú (Airteagal 11(2)(f) de na RCS).
(80) Airteagal 12 de na RCS. Cás féideartha ina ndéanfaí sonraí den sórt sin a phróiseáil ab ea imeachtaí araíonachta a bhaineann le haturnaetha paitinne os comhair Bhord Araíonachta EEP (féach mar shampla mír A.7 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh maidir leis an nós imeachta um dheonú paitinne).
(81) Airteagal 6(2) de na RCS.
(82) Mar shampla, slándáil na hEagraíochta; cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh; cearta agus saoirsí daoine eile, etc. (féach Airteagal 25(1) de na RCS).
(83) Airteagal 6(3) de na RCS.
(84) Go sonrach, aon nasc idir críoch an bhailithe agus críoch na próiseála breise atá beartaithe; an comhthéacs inar bailíodh na sonraí; cineál na sonraí; agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag próiseáil bhreise ar dhaoine aonair, féach Airteagal 6(3) de na RCS.
(85) Sainmhínítear ‘sárú i ndáil le sonraí pearsanta’ mar ‘shárú ar shlándáil as a dtiocfaidh scrios, cailleadh, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach’, féach Airteagal 3(1)(n) de na RCS.
(86) Airteagal 34(1) de na RCS.
(87) Airteagal 34(2) de na RCS.
(88) Airteagal 34(1) agus (3) de na RCS.
(89) Airteagal 34(6) de na RCS.
(90) Airteagal 34(6) de na RCS.
(91) Airteagal 34(8) de na RCS.
(92) Airteagal 16(1)-(2) de na RCS.
(93) Airteagal 16(3) de na RCS.
(94) Airteagal 16(4) de na RCS.
(95) Airteagal 17(1) agus (2) de na RCS.
(96) Airteagal 17(3)(a) de na RCS.
(97) Airteagal 17(3)(b) de na RCS.
(98) Airteagal 17(3)(c) agus (4) de na RCS. Sainmhínítear ‘tríú páirtí’ in Airteagal 3(1)(l) de na RCS mar aon duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht, nó comhlacht eile seachas an t-ábhar sonraí, an rialaitheoir, an próiseálaí agus na daoine a údaraítear, faoi údarás díreach an rialaitheora nó an phróiseálaí, sonraí pearsanta a phróiseáil.
(99) Airteagal 17(4) de na RCS. Tá feidhm ag ceanglais rúndachta den sórt sin, mar shampla, i gcomhthéacs sonraí pearsanta ball foirne a bheith á bpróiseáil ag seirbhís leighis EEP (agus sa chás sin d’fhéadfadh na liachleachtóirí ábhartha a bheith faoi oibleagáid rúndachta gairmiúla, féach mar shampla Airteagal 11(3) de na RCS agus na Rialacha Cur Chun Feidhme maidir le hAirteagail 83a, 84 agus 84a de na Rialacháin Seirbhíse, mír E) nó i gcomhthéacs imeachtaí earcaíochta (roinn 6 d’Iarscríbhinn II – Nósanna Imeachta Comórtais le haghaidh Poist arb é an tUachtarán an tÚdarás Ceapacháin ina leith).
(100) Is é sin le rá i gcás ina rialáiltear go sonrach le CPE nó leis na hionstraimí dlí a ghlactar ar a bhoinn an fhaisnéis atá le nochtadh do dhaoine aonair nó don phobal, féach tuilleadh mionsonraithe i roinn 1.4.6.7 thíos.
(101) Airteagal 15(1) de na RCS.
(102) Airteagal 15(2) de na RCS.
(103) Airteagal 15(4) de na RCS. Ina theannta sin, in Airteagal 13(2) de na RCS soiléirítear, más rud é go bhféadann an rialaitheoir a thaispeáint nach bhfuil sé in ann an t-ábhar sonraí a shainaithint, nach bhfuil feidhm ag na forálacha i ndáil le cearta duine aonair (mura rud é go soláthraíonn an t-ábhar sonraí faisnéis bhreise lenar féidir iad a shainaithint).
(104) Airteagal 15(3) de na RCS.
(105) Go sonrach, ní mór don rialaitheoir cóip a sholáthar, i bhfoirm intuigthe, de na sonraí atá á bpróiseáil agus den fhaisnéis uile atá ar fáil (faisnéis d’aon sórt), gan beann ar a cineál (oibiachtúil nó suibiachtúil), ar a inneachar (lena n-áirítear aon chineál gníomhaíochta atá déanta), nó ar a formáid (comhad páipéir, taifid ríomhaireachta, ríomhphoist), féach Airteagal 18(3) de na RCS. An tráth céanna, maidir leis an gceart chun cóip de na sonraí a fháil, ní fhéadfaidh sé dochar a dhéanamh do chearta ná do shaoirsí daoine eile (Airteagal 18(5) de na RCS).
(106) Airteagal 18(1) de na RCS.
(107) Airteagal 18(2)-(3) de na RCS.
(108) Airteagal 19(1) de na RCS.
(109) Airteagal 19(3) de na RCS. Má iarrann an t-ábhar sonraí é, ní mór don rialaitheoir faisnéis a sholáthar maidir leis na faighteoirí sin.
(110) Glacadh an léirmhíniú sin i gcomhréir le Treoirlínte an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir le Cearta Daoine Aonair i ndáil le Próiseáil Sonraí Pearsanta. https://www.edps.europa.eu/sites/default/files/publication/14-02-25_gl_ds_rights_en.pdf Féach lch. 18 go háirithe: treoraíocht maidir leis an gceart go ndéanfaí ceartúcháin a thagraíonn do shonraí oibiachtúla agus fíorasacha agus do ráitis shuibiachtúla.
(111) Airteagal 19(2) de na RCS.
(112) Sainmhínítear léirscriosadh sonraí mar ‘léirscrios sonraí stóráilte ar bhealach nach féidir iad a athchruthú’ (Airteagal 3(1)(v) de na RCS). Leis an tagairt do ‘sonraí stóráilte’, cumhdaítear na sonraí uile arna mbailiú agus arna gcoimeád ag an rialaitheoir (agus ag aon tríú páirtí thar ceann an rialaitheora).
(113) Airteagal 20(1) de na RCS.
(114) Airteagal 20(4) de na RCS.
(115) Airteagal 20(2) de na RCS.
(116) De bhun Airteagal 20 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí EEP, féadfar a cheangal ar EEP sonraí pearsanta a sholáthar dá Stáit chonarthacha i gcomhthéacs imeachtaí riaracháin nó dlíthiúla, mar shampla le haghaidh cearta pinsin na mball foirne a ríomh agus a aistriú, imscrúduithe cánach, nó i gcomhthéacs trialacha sibhialta a bhaineann le baill foirne EEP.
(117) Tagraíonn sé sin do chásanna ina gceanglaítear ar EEP, faoi CPE, CPP nó ionstraimí dlí a glacadh ar a mbonn, sonraí pearsanta a phróiseáil i ndáil leis an nós imeachta um dheonú paitinne (mar shampla faisnéis a choinneáil i gClár Eorpach na bPaitinní agus i bhFeasachán Eorpach na bPaitinní faoi Airteagail 127 agus 129 de CPE).
(118) Próiseáil sonraí sláinte ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí, ní mór an phróiseáil sin a bheith i gcomhréir le hAirteagal 11(2)(g) de na RCS.
(119) Airteagal 20(3) de na RCS.
(120) Airteagal 3(1)(c) de na RCS.
(121) Airteagal 21(1) de na RCS.
(122) Airteagal 21(2) de na RCS.
(123) I gcás ina bhfuil ceangal dlíthiúil ar EEP sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs an nós imeachta um dheonú paitinne, mar atá faoi CPE agus CPP, ní fhéadann daoine aonair agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála, féach mír 28 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh maidir leis an nós imeachta um dheonú paitinne. I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críoch taighde eolaíche nó stairiúla nó chun críoch staidrimh, tá sé de cheart ag ábhair sonraí agóid a dhéanamh, ar fhorais a bhaineann lena gcás féin, i gcoinne próiseáil sonraí pearsanta mura rud é go bhfuil gá leis an bpróiseáil chun cúram a chomhlíonadh a dhéantar i bhfeidhmiú dlisteanach an údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir, lena n-áirítear an phróiseáil is gá le haghaidh bhainistiú agus fheidhmiú na hOifige (Airteagal 23(4) de na RCS).
(124) Airteagal 23(2) de na RCS.
(125) Airteagal 23(1) de na RCS.
(126) Airteagal 22(1) de na RCS.
(127) Ós rud é nach bhfuil próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs an nós imeachta um dheonú paitinne bunaithe ar cheachtar de na forais sin, níl feidhm ag an gceart chun iniomparthachta sonraí sa chomhthéacs sin, féach míreanna 29-30 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh maidir leis an nós imeachta um dheonú paitinne.
(128) Airteagal 24(1) de na RCS. Sainmhínítear ‘próifíliú’ in Airteagal 3(1)(d) de na RCS mar aon chineál próiseála uathoibrithe a dhéantar ar shonraí pearsanta ina n-úsáidtear sonraí pearsanta chun meastóireacht a dhéanamh ar ghnéithe pearsanta áirithe a bhaineann le duine nádúrtha, go háirithe chun anailís a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le feidhmíocht an duine nádúrtha sin ag an obair, le staid eacnamaíoch, le sláinte, le roghanna pearsanta, le hábhair spéise, le hiontaofacht, le hiompar, le suíomh nó le gluaiseachtaí an duine nádúrtha sin, nó chun na gnéithe sin a thuar.
(129) Airteagal 24(3) de na RCS.
(130) Airteagal 24(2)(b) de na RCS.
(131) Féach Airteagal 16(2)(f) agus Airteagal 17(2)(f) de na RCS.
(132) Airteagal 18(1)(h) de na RCS.
(133) Cé is moite den cheart chun agóid a dhéanamh, ar ceart é nach ndéantar foráil maidir le haon srian uirthi i gCiorclán 420, féach Airteagal 3(3). Ina theannta sin, de bhun Airteagal 9 de Chiorclán 420, féadfaidh EEP srian a chur le cumarsáid le duine aonair faoi shárú i ndáil le sonraí.
(134) Féach an sainmhíniú ar shrianta in Airteagal 2 de Chiorclán 420.
(135) Ní féidir údar a thabhairt le srianta atá chomh fairsing agus chomh cunórach sin go ndéanann siad, go praiticiúil, an bhunsubstaint a bhaint de cheart bunúsach agus cosc a chur ar an duine aonair é a fheidhmiú, féach Airteagal 4(3) de Chiorclán 420.
(136) Mar atá slándáil EEP, an tslándáil phoiblí nó cosaint na Stát conarthach; cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin; leasanna substaintiúla eile EEP a bhaineann lena chroí-mhisean, nó cuspóirí de thoradh oibleagáidí a eascraíonn as dualgas an chomhair leis na Stáit chonarthacha, lena n-áirítear ábhair airgeadaíochta, bhuiséadacha agus chánachais, an tsláinte phoiblí agus an tslándáil shóisialta; slándáil inmheánach na hOifige, lena n-áirítear a cuid líonraí cumarsáide leictreonaí; neamhspleáchas breithiúnach agus garbhreithiúnach agus imeachtaí breithiúnacha agus garbhreithiúnacha a chosaint; sáruithe eitice a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus pionós a ghearradh orthu i gcás gairmeacha rialáilte; feidhm faireacháin, chigireachta nó rialála a bhfuil baint aici, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil; an t-ábhar sonraí nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint agus éilimh faoin dlí sibhialta a fhorfheidhmiú (Airteagal 25(1) de na RCS).
(137) Airteagal 25(3) de na RCS.
(138) Airteagal 25(2) de na RCS.
(139) Airteagal 1 de Chiorclán 420.
(140) Airteagal 4(1)(a)-(b) de Chiorclán 420.
(141) Ní bhaineann sin ach le próiseáil sonraí sláinte bhaill foirne EEP (agus níl sin ábhartha go díreach chun críoch toraidh leordhóthanachta a bhaineann le próiseáil sonraí a aistrítear ó rialaitheoir nó ó phróiseálaí atá faoi réir RGCS). Le hAirteagal 8 de Chiorclán 420 soiléirítear a thuilleadh an tslí ar féidir srianta ar an gceart rochtana ar shonraí nó ar chomhaid leighis a chur i bhfeidhm. Go sonrach, sonraítear ann nach bhféadfar srian den sórt sin a chur i bhfeidhm ach amháin maidir le ceart an duine rochtain dhíreach a fháil ar a shonraí leighis pearsanta agus/nó ar chomhaid de chineál síceolaíoch nó síciatrach arna bpróiseáil ag an Oifig, agus i gcás inar dócha go ndéanfaidh rochtain ar na sonraí sin dochar don ábhar sonraí nó do dhaoine eile agus go mbeidh baol láithreach do bheatha agus sláinte an ábhair sonraí nó daoine eile i gceist, agus sa chás sin amháin.
(142) Airteagal 4(1) de Chiorclán 420. Go ginearálta, ní bhaineann an fhoráil sin ach le sonraí pearsanta bhaill foirne EEP. Tagraíonn sí do chásanna ina gceanglaítear ar EEP comhoibriú le húdaráis náisiúnta na Stát conarthach faoi Airteagal 131 de CPE (lena rialáiltear an comhar idir EEP agus cúirteanna náisiúnta na Stát conarthach in imscrúduithe agus imeachtaí a bhaineann le deonú paitinne) agus faoi Airteagal 20(1) dá Prótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí (féach mír 95 freisin). D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás ina n-iarrfar ar bhaill foirne EEP fianaise a thabhairt i gcúirt náisiúnta de chuid Stáit chonarthaigh i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla náisiúnta, nó ina n-iarrfar ar EEP faisnéis a sholáthar maidir le tuarastal a mball foirne in imeachtaí sibhialta (dlí teaghlaigh), etc.
(143) Airteagal 2 de Chiorclán 420.
(144) Airteagal 25(3)(a) de na RCS. Féach Airteagal 6 de Chiorclán 420 freisin.
(145) Airteagal 5(5) de Chiorclán 420.
(146) Airteagal 4(4) de Chiorclán 420. Ní mór na taifid sin a chur ar fáil don BCS arna iarraidh sin (Airteagal 4(7) de Chiorclán 420).
(147) Ní mór a áireamh ar na bearta, mar shampla, stóráil shlán, timpeallacht leictreonach shlán lena gcoisctear rochtain ar shonraí leictreonacha nó aistriú sonraí leictreonacha chuig daoine neamhúdaraithe, bíodh an rochtain nó an t-aistriú sin neamhdhleathach nó de thaisme, faireachán ar shrianta agus athbhreithniú tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm na srianta, féach Airteagal 5(2) de Chiorclán 420.
(148) Airteagal 4(5) agus Airteagal 5(3) de Chiorclán 420.
(149) Airteagal 25(3)(b) de na RCS. Féadfar an fhaisnéis sin a chur siar, a fhágáil ar lár, nó a dhiúltú dá gcuirfeadh sí éifeacht an tsriain ar ceal, féach Airteagal 25(4) de na RCS. Ní féidir an srian breise seo a chur i bhfeidhm ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus chomh fada agus a mhéid is gá agus is comhréireach (Airteagal 7(4) de Chiorclán 420). Ní mór athmheasúnú a dhéanamh go tráthrialta ar an údar atá le srian den sórt sin. I dteannta an cheanglais shonraigh maidir le daoine aonair a chur ar an eolas faoi shrian ar a gcearta, ní mór do EEP faisnéis ghinearálta a sholáthar ar a hinlíon agus/nó ar a suíomh gréasáin maidir leis na gníomhaíochtaí a bhféadfadh srianta ar chearta a bheith i gceist leo (Airteagal 7(1) de Chiorclán 420).
(150) Airteagal 2 de Chiorclán 420 (forálacha dlíthiúla EEP).
(151) Airteagal 1 den Chinneadh maidir leis an nós imeachta um dheonú paitinne agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis.
(152) Airteagal 2 de Chiorclán 420.
(153) Míreanna C.13 agus C.14 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh maidir leis an nós imeachta um dheonú paitinne agus Airteagal 128 de CPE. Déantar codanna áirithe de chomhaid a eisiamh ón iniúchadh comhad de réir Airteagal 128(4) agus Riail 144 de Rialacháin Cur Chun Feidhme CPE agus de réir chinneadh Uachtarán Oifig Eorpach na bPaitinní an 12.7.2007 maidir le doiciméid atá eisiata ó iniúchadh comhad (Eagrán speisialta Uimh. 3, IO Oifig Eorpach na bPaitinní 2007, J.3). Is iad seo a leanas na codanna eisiata sin: doiciméid a bhaineann le comhaltaí na mBord Achomhairc nó an Mhórbhoird Achomhairc a eisiamh nó le hagóidí a dhéanamh ina gcoinne; dréachtchinntí agus dréachtfhógraí, agus gach doiciméad eile a úsáidtear chun cinntí agus fógraí a ullmhú, nach gcuirtear in iúl do na páirtithe; ainmniú an aireagóra, más rud é gur tharscaoil sé a cheart chun bheith luaite, agus aon doiciméad eile a d’eisiaigh Uachtarán Oifig Eorpach na bPaitinní ón iniúchadh ar an bhforas nach bhfónfadh an t-iniúchadh chun an pobal a chur ar an eolas faoin iarratas ar phaitinn Eorpach nó faoin bpaitinn Eorpach, amhail: deimhnithe leighis; iarrataí ar eisiamh ón iniúchadh comhad agus comhfhreagras a bhaineann leis na hiarrataí sin; faisnéis a ndéanfadh a foilsiú dochar do leasanna dlisteanacha pearsanta nó eacnamaíocha agus nach faisnéis í a bheadh ábhartha maidir leis an iarratas ar phaitinn nó maidir leis an nós imeachta um dheonú paitinne.
(154) Féach Airteagal 3 den Chinneadh ó Uachtarán Oifig Eorpach na bPaitinní an 20.2.2019 maidir le hiniúchadh comhad ar líne ar dhoiciméid atá sa chomhad arna choimeád ag Oifig Eorpach na bPaitinní ina cáil mar Oifig Fála, mar Údarás Cuardaigh Idirnáisiúnta nó mar Údarás arna shonrú le haghaidh cuardach forlíontach (IO Oifig Eorpach na bPaitinní 2019, A17). I ndáil leis sin, féach Airteagal 30 de CCP a mhéid a bhaineann le rochtain phoiblí ar chomhaid, mar aon le Rialacha 94 agus 48 de CCP. Bíonn Oifig Eorpach na bPaitinní ag brath ar na forálacha sin nuair a ghníomhaíonn sí mar oifig nó údarás inniúil faoi CCP de bhun Airteagail 151-153 de CPE.
(155) D’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar cheartú de bhun na bhforálacha sin go ndéanfaí nuashonrú ar iontrálacha i gClár Eorpach na bPaitinní agus i bhFeasachán Eorpach na bPaitinní agus ar fhoilseacháin an iarratais nó na paitinne. Ní athróidh sé ábhar an chomhaid go cúlghabhálach, áfach (comhad a mbeidh aighneachtaí uile na bpáirtithe fós ann mar aon le teachtaireachtaí agus cinntí ó EEP). Ní bheidh mar thoradh air ach oiread go dtarraingeofar siar nó go scriosfar foilseacháin níos luaithe (mír C.19 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh maidir leis an nós imeachta um dheonú paitinne). Tá feidhm aige sin faoi Airteagail 19 agus 34 de CCP freisin, nuair a ghníomhaíonn Oifig Eorpach na bPaitinní mar údarás/oifig inniúil ar bhonn Airteagail 151-153 de CPE.
(156) Riail 139 de Rialacháin Cur Chun Feidhme CPE.
(157) Riail 140 de Rialacháin Cur Chun Feidhme CPE. I gcinntí ó EEP, ní fhéadfar ach earráidí teanga, earráidí sa tras-scríobh agus botúin fhollasacha a cheartú.
(158) Airteagal 14(2), an dara abairt, CPE.
(159) Riail 21 de Rialacháin Cur Chun Feidhme CPE. Féadfar ainmniú mícheart aireagóra a cheartú arna iarraidh sin ach ní fhéadfar é a cheartú, áfach, ach amháin le toiliú an duine atá ainmnithe go mícheart agus, i gcás ina ndéanfaidh tríú páirtí an iarraidh sin a chomhdú, le toiliú an iarratasóra ar an bpaitinn nó le toiliú shealbhóir na paitinne.
(160) Mír C.25 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh maidir leis an nós imeachta um dheonú paitinne.
(161) Míreanna C.22-C.23 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh maidir leis an nós imeachta um dheonú paitinne.
(162) Airteagal 129 de CPE.
(163) Riail 147 (4) agus (5) de Rialacháin Cur Chun Feidhme CPE.
(164) Airteagal 3(1)(s) agus (t) de na RCS.
(165) Airteagal 8(2) de na RCS.
(166) Féach Airteagail 130, 131 agus 135 de CPE go háirithe, chomh maith le Rialacháin Cur Chun Feidhme ábhartha faoi CPE (mar shampla R 148-150). Féach Airteagail 12, 18, 20 agus 36 de CCP freisin, chomh maith le Rialacha 22, 23, 23 bis, 44, 47 agus 71 de na Rialacháin Cur Chun Feidhme.
(167) Mar shampla, údarás náisiúnta nó áitiúil, mar aon le comhlacht eile atá faoi rialú an dlí phoiblí, ar nós ospidéil nó ollscoile.
(168) Airteagal 8(1) de na RCS.
(169) Forbhreathnú ar cheanglas an chlásail cosanta sonraí chaighdeánaigh atá ag EEP le haghaidh meabhráin tuisceana, le fáil ag https://link.epo.org/web/office/data-protection-and-privacy/en-outline-of-the-template-data-protection-clause-for-mous.pdf.
(170) Airteagal 8(3) de na RCS.
(171) Airteagal 8(4) de na RCS.
(172) Nóta Míniúcháin ‘Tarchur agus aistriú sonraí pearsanta ag EEP’ (Nóta maidir le tarchur agus aistriú), le fáil ag https://link.epo.org/web/office/data-protection-and-privacy/en-explanatory-note-on-epo-transmission-and-transfer-of-personal-data.pdf, lch. 4. Féach go háirithe, ‘Leagtar síos sna rialacha prionsabal ginearálta na cosanta leordhóthanaí, go háirithe is infheidhme maidir leis an sruth sonraí idirnáisiúnta’.
(173) Nóta maidir le tarchur agus aistriú, le fáil ag fonóta 12.
(174) Airteagal 8(3) de na RCS.
(175) Airteagal 8(1), (2) agus (5) de na RCS.
(176) Airteagal 9(1) de na RCS.
(177) Airteagal 9(1) de na RCS.
(178) Nóta maidir le tarchur agus aistriú, lch. 11 agus Fonóta 8. Sna RCS sainmhínítear ‘tríú tír’ mar thír nach Stát conarthach le CPE í, féach Airteagal 3(1)(u) de na RCS.
(179) Airteagal 9(2) de na RCS.
(180) Féach Airteagal 1(2)a de na RCS, i gcomhar le hAirteagal 10(2)(a) de CPE agus Airteagal 9(2) de na RCS.
(181) Airteagal 9(3) de na RCS.
(182) Breac-chuntas ar chritéir thagracha maidir le leordhóthanacht EEP, le fáil ag https://link.epo.org/web/office/data-protection-and-privacy/en-outline-of-the-adequacy-referential-methodology.pdf..
(183) Fonóta 49 den Nóta maidir le tarchur agus aistriú.
(184) Cé is moite de Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM.
(185) Féach an Cinneadh ó Uachtarán Oifig Eorpach na bPaitinní an 17 Samhain 2022 maidir le tíortha agus eintitis a mheastar go n-áirithíonn siad cosaint leordhóthanach do shonraí pearsanta, le fáil ag https://www.epo.org/en/legal/official-journal/2022/12/a111.html.
(186) Airteagal 9(4) agus (5) de na RCS.
(187) I ndáil leis sin, i dtreoraíocht an OCS tagraítear do na clásail chonarthacha chaighdeánacha a ghlac an Coimisiún Eorpach mar chlásail a thugann forléargas maith ar na coimircí atá le cur san áireamh, féach an Nóta maidir le tarchur agus aistriú, lch. 8.
(188) Airteagal 9(5) de na RCS. Féach freisin an Nóta maidir le tarchur agus aistriú, lch. 8.
(189) Forbhreathnú ar cheanglais na samhlacha de Shocrú Riaracháin atá ag EEP, le fáil ag https://link.epo.org/web/office/data-protection-and-privacy/en-outline-of-the-epo’s administrativeistrative-arrangements-modules.pdf.
(190) Féach Iarscríbhinn E a ghabhann le coinníollacha ginearálta an chonartha le EEP, le fáil ag https://link.epo.org/web/general_conditions_of_contract_en.pdf.
(191) Nóta maidir le tarchur agus aistriú, lch. 9.
(192) Nóta maidir le tarchur agus aistriú, lch. 9.
(193) Airteagal 9(6) de na RCS. Má bhíonn aon chúis ann lena cheapadh go bhféadfadh leas dlisteanach an ábhair sonraí a bheith claonta, ní mór don rialaitheoir a shuí go bhfuil an t-aistriú comhréireach chun na críche áirithe sin tar éis dó na leasanna éagsúla a chur sa mheá ar leasanna iad atá i gcoimhlint lena chéile.
(194) Airteagal 9(6) de na RCS.
(195) Airteagal 9(6) de na RCS.
(196) Féach Airteagal 10 de na RCS, mar aon leis an Nóta maidir le tarchur agus aistriú, lch. 9–11.
(197) Airteagal 10(1)(a) de na RCS. Sa chás sin, ní mór an duine aonair a chur ar an eolas faoi na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann in éagmais leibhéal leordhóthanach cosanta agus coimircí iomchuí. Ní fhéadann EEP brath ar an maolú sin agus a gníomhaíochtaí oifigiúla á bhfeidhmiú aici (Airteagal 10(2) de na RCS).
(198) Airteagal 10(1)(b)-(c) agus (2) de na RCS. Ní fhéadann EEP brath ar na maoluithe sin agus a gníomhaíochtaí oifigiúla á bhfeidhmiú aici (Airteagal 10(2) de na RCS).
(199) Airteagal 10(1)(d) de na RCS. Ní mór na gníomhaíochtaí nó an t-údarás oifigiúil sin a bhunú ar bhonn CPE nó ar fhorálacha dlíthiúla eile is infheidhme de chuid Eagraíocht Eorpach na bPaitinní (Airteagal 10(4) de na RCS). Áirítear leis sin an phróiseáil is gá le haghaidh bhainistiú agus fheidhmiú na hOifige nó le haghaidh chomhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as an dualgas atá ar EEP comhoibriú leis na Stáit chonarthacha. Féadfar aistrithe a dhéanamh chun oibleagáidí a chomhlíonadh, cuir i gcás, idir an Oifig agus comhlachtaí náisiúnta, údaráis chánach nó chustaim, údaráis maoirseachta airgeadais, agus seirbhísí atá inniúil ar ábhair slándála sóisialta nó ar an tsláinte phoiblí, mar shampla i gcás rianú teagmhála le haghaidh galair thógálacha (Airteagal 10(6) de na RCS).
(200) Airteagal 10(1)(e) agus (2) de na RCS.
(201) Airteagal 10(1)(f) de na RCS.
(202) Airteagal 10(1)(g) de na RCS. Ní fhéadfar aistriú den sórt sin a bheith ag baint leis na sonraí pearsanta ina n-iomláine ná le catagóirí iomlána na sonraí atá sa chlár, mura n-údaraítear é sin le forálacha dlí Eagraíocht Eorpach na bPaitinní, agus, nuair a bheartaítear go bhféadfaidh daoine a bhfuil leas dlisteanach acu an clár a cheadú, níor cheart an t-aistriú a dhéanamh ach arna iarraidh sin do na daoine sin nó más iad siúd atá le bheith ina bhfaighteoirí, agus lánaird á tabhairt ar leasanna agus ar chearta bunúsacha an ábhair sonraí (Airteagal 10(2) agus (5) de na RCS).
(203) Nóta maidir le tarchur agus aistriú, lch. 10.
(204) Lena n-áirítear, mar a luadh cheana, an phróiseáil is gá chun an Oifig a bhainistiú agus a fheidhmiú agus próiseáil de bharr oibleagáidí a eascraíonn as an dualgas atá uirthi comhoibriú leis na Stáit chonarthacha. Féach Airteagal 10(6) de na RCS.
(205) Airteagal 26(1) de na RCS.
(206) Airteagal 27(1) agus (2) de na RCS.
(207) Airteagal 32(1) agus (2) de na RCS. De bhun Airteagal 4(1) de na RCS, ní mór don rialaitheoir cur chuige struchtúrtha rioscabhunaithe a leanúint maidir le hoibríochtaí próiseála a dhearadh agus a dhoiciméadú. Ina theannta sin, ní mór don rialaitheoir a bheith in ann a thaispeáint do na hábhair sonraí i gcónaí go gcomhlíontar na gealltanais agus na coinníollacha doiciméadaithe nuair a dhéantar oibríochtaí próiseála.
(208) Airteagal 32(4), (5) agus (6) de na RCS.
(209) Airteagal 45 de na RCS.
(210) Airteagal 26(3) de na RCS.
(211) Ní mór don rialaitheoir comhairle a lorg ón OCS maidir leis an ngá atá le measúnú tionchair a dhéanamh, agus féadfaidh an tOifigeach dul i gcomhairle leis an BCS i gcás amhrais. Féach Airteagal 38(1)-(2) de na RCS.
(212) Airteagal 38(4) de na RCS.
(213) Airteagal 38(6) de na RCS.
(214) Airteagal 38(7) agus (8) agus Airteagal 39 de na RCS.
(215) Airteagal 40(2) de na RCS.
(216) Airteagal 32A(1)-(2) de na Rialacháin Seirbhíse, lena bhforáiltear gurb é ról an OCS faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha i ndáil le cosaint sonraí pearsanta, comhairle a thabhairt d’aonaid oibríochtúla éagsúla EEP i dtaobh a n-oibleagáidí a chomhlíonadh, agus an doiciméadacht oibríochtúil a sholáthar dóibh a bhfuil gá léi chun na ceanglais cosanta sonraí a chur chun feidhme go praiticiúil. Ceanglaítear ar an BCS ‘formhaoirseacht neamhchlaonta éifeachtach neamhspleách ar na forálacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta’ a áirithiú. D’fhéadfadh sásra éagsúil um fhormhaoirseacht neamhspleách a bheith ann chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht na mBord Achomhairc agus sonraí pearsanta á bpróiseáil acu ina gcáil bhreithiúnach (féach Airteagal 2(6) de na RCS freisin).
(217) Airteagal 32A(4) agus (5) de na Rialacháin Seirbhíse.
(218) Airteagal 41 de na RCS.
(219) Airteagal 42(8) de na RCS. Déantar an comhairliúchán seo gan beann ar an bhforas arna agairt nó an chúis arna hagairt i leith aon chur nó briseadh as an ról a mholtar.
(220) Airteagal 50 de na Rialacháin Seirbhíse.
(221) Féach Airteagal 53(1) de na Rialacháin Seirbhíse, ina luaitear ‘go bhféadfaidh an t-údarás ceapacháin a chinneadh seirbhís fostaí a fhoirceannadh: (a) má scoireann an Stát conarthach, ar náisiúnach de an fostaí, de bheith ina pháirtí sa Choinbhinsiún; (b) má dhiúltaíonn an fostaí a bheith aistrithe chuig tír seachas an tír ina bhfuil sé ag fónamh; (c) más rud é, i gcás fostaí arna cheapadh ag an gComhairle Riaracháin de réir Airteagal 11, míreanna 1 agus 2, den Choinbhinsiún, go gcinneann an Chomhairle Riaracháin amhlaidh chun leasa na hEagraíochta; (d) ar fostaí é a bhí i seirbhís leanúnach ar feadh bliana nó níos lú ar cheapachán téarma shocraithe; (e) más rud é, mar thoradh ar a ghníomhaíochtaí féin, nach gcomhlíonann sé a thuilleadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 8, fomhír (a) nó (b) [is é sin a bheith ina náisiúnach de cheann de Stáit chonarthacha EEP, mura rud é go n-údaraíonn an t-údarás ceapacháin eisceacht, agus go bhfuil cearta iomlána aige mar shaoránach]; nó (f) sna cásanna eile dá bhforáiltear go sainráite sna Rialacháin Seirbhíse seo’.
Féach Airteagal 13(4)(b) de na Rialacháin Seirbhíse freisin ina dtugtar an méid seo a leanas le fios: ‘Féadfar tuarascáil a dhéanamh ar an bpromhóir tráth ar bith le linn na tréimhse promhaidh, más léir nach leormhaith comhlíonadh a dhualgas, a éifeachtúlacht nó a iompar. Ar bhonn na tuarascála promhaidh nó na dtuarascálacha promhaidh, féadfaidh an t-údarás ceapacháin an méid seo a leanas a dhéanamh:
- earcach nua atá ar thréimhse phromhaidh a chur as a phost,
- a chinneadh, maidir le promhóir a aistríodh, a fuair ardú céime nó a athshannadh, go bhfillfidh ar an bpost a bhí aige roimhe sin nó, má líonadh é, ar phost a chomhfhreagraíonn do ghrád a phoist roimhe sin agus a gcomhlíonann sé na riachtanais ina leith’.
(222) In Airteagal 52 de na Rialacháin Seirbhíse déantar foráil maidir leis na critéir agus an próisis atá le leanúint i gcás ina sainaithnítear ‘neamhinniúlacht ghairmiúil’.
(223) Airteagal 94 de na Rialacháin Seirbhíse.
(224) Airteagal 42(3) de na RCS. Cé go bhféadfaidh an OCS cúraimí eile a chomhlíonadh freisin, ní fhéadfar coinbhleacht leasa a bheith ann mar thoradh ar na cúraimí sin (Airteagal 42(6) de na RCS).
(225) Airteagal 42(1) agus (3) de na RCS.
(226) Airteagal 42(2) de na RCS.
(227) Airteagal 48(1) de na RCS.
(228) Airteagal 48(1) agus (3) de na RCS.
(229) Airteagal 48(2) de na RCS.
(230) Airteagal 1(1) de Rialacha Nós Imeachta an Bhoird um Chosaint Sonraí, CA/26/21 Add. 1 a glacadh an 11 Meitheamh 2021. Le fáil ag https://link.epo.org/web/data_protection_board-rules_of_procedure_en.pdf.
(231) Go sonrach, foráiltear leis an gcomhaontú gurb é an comhalta den BCS, agus é sin amháin, a fhéadfaidh é a fhoirceannadh ach fógra 6 mhí a thabhairt i scríbhinn, gan dochar don cheart conradh a fhoirceannadh ar chúis thromchúiseach. Ós rud é go bhfuil an comhaontú seirbhíse á rialáil ag dlí na Gearmáine, ní mór coincheap na cúise tromchúisí a léirmhíniú de réir §626 de Chód Sibhialta na Gearmáine. De réir an chásdlí, d’fhéadfaí cúis thromchúiseach a bheith i gceist, mar shampla, i gcás sárú leanúnach ar oibleagáidí is infheidhme a dhéantar arís agus arís eile (mar shampla maidir le coinbhleacht leasa), nó i gcás príosúnachta.
(232) Airteagal 48(5) de na RCS.
(233) Airteagal 48(7) de na RCS.
(234) Airteagal 48(10) de na RCS. Cuireann an Rúnaíocht a cúraimí i gcrích go neamhspleách ar aon chur isteach míchuí agus faoi threoracha Chathaoirleach an BCS go heiseach. Cuireann sí tacaíocht dlí, riaracháin agus lóistíochta ar fáil don Bhord. Féach Airteagal 2 de Rialacha Nós Imeachta an BCS.
(235) Airteagal 43(1) de na RCS.
(236) Airteagal 43(1)(k) de na RCS.
(237) Airteagal 42(4) agus (7) de na RCS.
(238) Airteagal 43(1)(d) de na RCS. Féach an nóta maidir le formhaoirseacht ar chosaint sonraí freisin: ‘Conas a dhéanann an Oifig Cosanta Sonraí Iniúchtaí agus Cigireachtaí Cosanta Sonraí’, le fáil ag https://link.epo.org/web/office/data-protection-and-privacy/en-outline-of-the-data-protection-oversight-mechanism.pdf.
(239) Is féidir leis an BCS moltaí a chur le chéile maidir le réimsí ar cheart iniúchtaí a dhéanamh orthu, féach an Nóta maidir le formhaoirseacht ar chosaint sonraí, lch. 4.
(240) Nóta maidir le formhaoirseacht ar chosaint sonraí, lch. 4.
(241) Nóta maidir le formhaoirseacht ar chosaint sonraí, lch. 7.
(242) Nóta maidir le formhaoirseacht ar chosaint sonraí, lch. 6.
(243) Nóta maidir le formhaoirseacht ar chosaint sonraí, lch. 6.
(244) Airteagal 43(5) de na RCS.
(245) Airteagal 46 de na RCS.
(246) Nóta maidir le formhaoirseacht ar chosaint sonraí.
(247) Nóta maidir le formhaoirseacht ar chosaint sonraí, lch. 2 (sainmhíniú ar ‘moltaí’).
(248) Airteagal 43(6) de na RCS.
(249) Airteagal 54 de na RCS. Is é an tUachtarán a fhorchuireann smachtbhannaí araíonachta, arb é a fheidhmíonn údarás araíonachta agus a bhfuil cumhachtaí araíonachta aige i leith bhaill foirne EEP, féach Airteagal 10 de CPE agus Airteagal 93 et seq. de na Rialacháin Seirbhíse.
(250) Nóta maidir le formhaoirseacht ar chosaint sonraí, lch. 7.
(251) Nóta maidir le formhaoirseacht ar chosaint sonraí, lgh. 3-4 agus lch. 8.
(252) Cinneadh ó Uachtarán Oifig Eorpach na bPaitinní dar dáta an 12.7.2024 maidir le Infhorfheidhmitheacht Moltaí an OCS arna bhformhuiniú ag an mBord um Chosaint Sonraí faoi chuimsiú Iniúchtaí agus Cigireachtaí Cosanta Sonraí, https://link.epo.org/web/office/data-protection-and-privacy/en-decision-of-the-president-on-enforceability-of-dpo-conclusions-and-recommendations.pdf.
(253) Nóta maidir le formhaoirseacht ar chosaint sonraí, lgh. 5 agus 9.
(254) Airteagal 47 de na RCS.
(255) Airteagal 49(1) de na RCS. Ní mór iarraidh a chur isteach tráth nach déanaí ná 3 mhí ón lá a cuireadh an t-ábhar sonraí ar an eolas nó ar tháinig sé ar an eolas ar shlí eile faoin bpróiseáil sonraí pearsanta a líomhnaítear go sáraíonn sí a chearta.
(256) Airteagal 49(2) de na RCS. Mura dtabharfaidh an OCS tuairim faoi dheireadh na tréimhse sin, ní bheidh gá leis an tuairim a thuilleadh.
(257) Airteagal 49(3) de na RCS. Féadfar síneadh 2 mhí eile a chur leis an teorainn ama sin i gcás inar gá, agus castacht agus líon na n-iarrataí á gcur san áireamh. I gcás sínidh, ní mór don rialaitheoir tarmligthe fógra a thabhairt don ábhar sonraí faoin sin agus faoi na cúiseanna atá leis an moill laistigh de mhí amháin ón iarraidh ar athbhreithniú a fháil.
(258) Airteagal 49(3) de na RCS.
(259) Airteagal 50(1) de na RCS. Ní mór gearán os comhair an BCS a chur isteach laistigh de 3 mhí ón gcinneadh a fháil nó, i gcás diúltú intuigthe, ón dáta a rachaidh an teorainn ama le haghaidh freagra a thabhairt ar an iarraidh in éag.
(260) Airteagal 50(2) de na RCS.
(261) Go sonrach, tá sé d’oibleagáid ar an OCS freagra a thabhairt ar iarrataí ón BCS agus comhoibriú leis (Airteagal 43(i) de na RCS). Ceanglaítear ar an OCS freisin comhar idir an BCS agus an Oifig a éascú; sa chomhthéacs sin bíonn rochtain aige ar aon fhaisnéis ábhartha (Airteagal 43(j), Airteagal 46(a) agus (b) de na RCS).
(262) Airteagal 4(5) de Rialacha Nós Imeachta an BCS.
(263) Airteagal 8 de Rialacha Nós Imeachta an BCS.
(264) Airteagal 11(1) de Rialacha Nós Imeachta an BCS.
(265) Airteagal 10(2) de Rialacha Nós Imeachta an BCS.
(266) Airteagal 11(2) de Rialacha Nós Imeachta an BCS.
(267) Airteagal 50(3) de na RCS.
(268) Airteagal 50(4) de na RCS agus Airteagal 10(6) de Rialacha Nós Imeachta an BCS.
(269) Airteagal 50(6) de na RCS.
(270) Airteagal 50(4) de na RCS. Mura bhfuil moltaí an BCS ábhartha go díreach do na hábhair sonraí, leagfaidh an rialaitheoir aon imeacht uathu amach i scríbhinn i ndoiciméad a chuirfear faoi bhráid an BCS.
(271) Airteagal 50(7) de na RCS. Féach Airteagal 13 de CPE agus Airteagal 113 de na Rialacháin Seirbhíse.
(272) Airteagal 50(8) agus Airteagal 52(2) de RCS. Faoi Rialacha Cosanta Sonraí na Comhairle Riaracháin agus Rialacha Cosanta Sonraí an Roghchoiste, is féidir eadráin a iarraidh ar Chathaoirleach na Comhairle Riaracháin.
(273) Airteagal 52(1) de na RCS.
(274) Airteagal 52(4) de na RCS.
(275) Airteagal 52(4) de na RCS.
(276) Airteagal 52(4) de na RCS.
(277) Airteagal 52(8) de na RCS.
(278) Airteagal 52(9) de na RCS.
(279) Airteagal 52(6) de na RCS. Is í an Háig an áit eadrána (Airteagal 52(5) de na RCS) agus is é an t-eadránaí a roghnóidh an teanga a úsáidfear le linn na n-imeachtaí; ní mór an teanga sin a bheith ar cheann de theangacha oifigiúla EEP, áfach (Béarla, Fraincis nó Gearmáinis) (Airteagal 52(7) de na RCS).
(280) Airteagal 52(13) de na RCS.
(281) Airteagal 52(10) de na RCS. Féach freisin Airteagal 3 agus Airteagal 34(2) de Rialacha na Buanchúirte Eadrána.
(282) Airteagal 53 de na RCS. Faoi choinníollacha áirithe (go háirithe ceanglais is infheidhme faoi dhlí na Gearmáine), féadann daoine aonair cúiteamh a fháil freisin as damáistí arbh í baill foirne EEP ba chúis leo agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, de bhun Airteagal 9(2) de CPE.
(283) Prótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí EEP. Le fáil ag https://www.epo.org/en/legal/epc/2020/proprim.html.
(284) Airteagal 3(1)(a) den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí.
(285) Tá an fhéidearthacht diúltú d’iarraidh san áireamh freisin.
(286) Airteagal 8(3) de na RCS.
(287) Airteagal 8(4) de na RCS.
(288) Nóta Míniúcháin ‘Tarchur agus aistriú sonraí pearsanta ag EEP’ (Nóta maidir le tarchur agus aistriú), le fáil ag https://link.epo.org/web/office/data-protection-and-privacy/en-explanatory-note-on-epo-transmission-and-transfer-of-personal-data.pdf, lch. 4. Féach go háirithe, ‘Leagtar síos sna rialacha prionsabal ginearálta na cosanta leordhóthanaí, go háirithe is infheidhme maidir leis an sruth sonraí idirnáisiúnta’.
(289) Nóta maidir le tarchur agus aistriú, fonóta 12.
(290) Airteagal 8(3) de na RCS.
(291) Cás C-362/14, Schrems (‘Schrems I’), ECLI:EU:C:2015:650, mír 65.
(292) An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí, Opinion 07/2025 regarding the European Commission Draft Implementing Decision pursuant to Regulation (EU) 2016-679 on the adequate protection of personal data by the European Patent Organisation [Tuairim 07/2025 maidir le Dréachtchinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún Eorpach de bhun Rialachán (AE) 2016/679 maidir le hEagraíocht Eorpach na bPaitinní cosaint leordhóthanach a thabhairt do shonraí pearsanta]. Le fáil ag: https://www.edpb.europa.eu/system/files/2025-05/edpb-opinion-202507-epo-adequacydecision_en.pdf.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1382/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)