Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D1199

Cinneadh (CBES) 2025/1199 ón gComhairle an 12 Meitheamh 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/254 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuatamala

ST/8338/2025/INIT

IO L, 2025/1199, 12.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1199/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1199/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1199

12.6.2025

CINNEADH (CBES) 2025/1199 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Meitheamh 2025

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/254 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuatamala

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Eanáir 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/254 (1).

(2)

Is cúis mhór imní i gcónaí don Chomhairle iad na gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas, den smacht reachta agus d’aistriú síochánta na cumhachta i nGuatamala, lena n-áirítear tríd an gcóras ceartais a ionstraimiú. Is cúis imní ar leith don Chomhairle iad na hionsaithe leanúnacha ar rialtas Uachtarán Arévalo, a toghadh go daonlathach, agus mí-úsáid na mbeart dlíthiúil agus nós imeachta lena ndírítear ar oifigigh thofa, cosantóirí chearta an duine, iriseoirí, ceannairí dúchasacha agus oibreoirí breithiúnacha.

(3)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart triúr agus eintiteas amháin a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/254. Ba cheart na hiontrálacha maidir le cúigear a thabhairt cothrom le dáta.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2024/254 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/254 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 12 Meitheamh 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. BODNAR


(1)  Cinneadh (CBES) 2024/254 ón gComhairle an 12 Eanáir 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuatamala (IO L, 2024/254, 15.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/254/oj).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/254:

‘IARSCRÍBHINN

LIOSTA NA nDAOINE NÁDÚRTHA AGUS DLÍTHEANACHA, NA nEINTITEAS AGUS NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 1 AGUS 2

A.   Daoine Nádúrtha:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta liostaithe

1.

María Consuelo PORRAS ARGUETA DE PORRES

Post/poist: Ard-Aighne Ghuatamala, Ceann Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala

Dáta breithe: 23.8.1953

Náisiúntacht: Guatamalach

Uimhir aitheantais náisiúnta: 242159605 (pas)

Inscne: baineann

Ina post mar Ard-Aighne Ghuatamala, an státseirbhíseach is airde in Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala (atá coibhéiseach le Ceann Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí nó an Phríomh-Ionchúisitheora), tá baint ag María Porras Argueta De Porres (dá ngairtear freisin “Porras”) leis na hiarrachtaí ar thorthaí an chéad bhabhta agus an dara babhta d’olltoghchán a reáchtáladh i mí an Mheithimh agus mí Lúnasa 2023 a chur ar ceal, lena n-áirítear trí imscrúduithe coiriúla gan bhunús atá dírithe ar an mBinse Toghcháin Uachtarach, ar an bpáirtí polaitiúil Movimiento Semilla agus ar an Uachtarán, Arévalo. Ina theannta sin, faoina ceannaireacht, tá imeachtaí treallacha tionscanta ag an Aireacht Phoiblí i gcoinne iriseoirí neamhspleácha, ionchúisitheoirí, breithiúna agus ghníomhaithe na sochaí sibhialta, lena n-áirítear ceannairí dúchasacha agus mic léinn.

Dá bhrí sin, tá María Porras Argueta De Porres freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas, den smacht reachta agus d’aistriú síochánta na cumhachta i nGuatamala.

2.2.2024

2.

Ángel Arnoldo PINEDA ÁVILA

Post/poist: Ard-Rúnaí Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala

Dáta breithe: 10.5.1975

Náisiúntacht: Guatamalach

Uimhir aitheantais náisiúnta: 238937186 (pas)

Inscne: fireann

Is é Ángel Pineda Ávila Ard-Rúnaí Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala (atá coibhéiseach le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí). Tá sé ina leascheannasaí ar an Aireacht Phoiblí i ndiaidh an Ard-Aighne, agus ina Cheann ar Ardrúnaíocht na hinstitiúide sin. Sa phost sin, tá Ángel Pineda Ávila páirteach sna hiarrachtaí ar thorthaí an chéad bhabhta agus an dara babhta d’olltoghchán a reáchtáladh i mí an Mheithimh agus i mí Lúnasa 2023 a chur ar ceal, lena n-áirítear trí imscrúduithe coiriúla gan bhunús atá dírithe ar an mBinse Toghcháin Uachtarach, ar an bpáirtí polaitiúil Movimiento Semilla agus ar an Uachtarán, Arévalo. I mí na Nollag 2023, ghlac sé páirt i bpreasagallamh inar mhaígh an Aireacht Phoiblí go raibh toradh an chéad bhabhta den toghchán i mí an Mheithimh 2023 neamhbhailí.

Dá bhrí sin, tá Ángel Pineda Ávila freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas, den smacht reachta agus d’aistriú síochánta na cumhachta i nGuatamala.

2.2.2024

3.

José Rafael CURRUCHICHE CUCUL

Post/poist: Ceann na hOifige Ionchúisimh Speisialta i gcoinne na Saoirse ó Phionós, an Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala

Dáta breithe: 28.7.1970

Náisiúntacht: Guatamalach

Uimhir aitheantais náisiúnta: 229488307 (pas)

Inscne: fireann

Is é José Curruchiche Cucul Ceann na hOifige Ionchúisimh Speisialta i gcoinne na Saoirse ó Phionós (FECI), a fheidhmíonn faoi Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala (atá coibhéiseach le hOifig Ionchúisitheoir Poiblí Ghuatamala). Faoina cheannaireacht, bhí FECI ar thús cadhnaíochta san imscrúdú leanúnach maidir le cruthú an pháirtí pholaitiúil Movimiento Semilla de chuid an Uachtaráin, Arévalo. Ghlac sé páirt phearsanta sa ruathar a thug oifig na hAireachta Poiblí ar áitreabh an Bhinse Toghcháin Uachtarach inar osclaíodh boscaí ballóide séalaithe. Ina theannta sin, bhí baint aige leis an iarraidh go gcuirfí pearsantacht dhlítheanach Movimiento Semilla ar fionraí i mí Iúil 2023. I mí na Nollag 2023, ghlac sé páirt i bpreasagallamh inar mhaígh an Aireacht Phoiblí go raibh toradh an chéad bhabhta den toghchán i mí an Mheithimh 2023 neamhbhailí.

Trí na gníomhaíochtaí sin, tá baint ag José Curruchiche Cucul le hiarrachtaí ar thorthaí thoghcháin 2023 i nGuatamala a chur ar ceal. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas, den smacht reachta agus d’aistriú síochánta na cumhachta i nGuatamala.

2.2.2024

4.

Leonor Eugenia MORALES LAZO DE SÁNCHEZ

Post/poist: Ionchúisitheoir san Oifig Ionchúisimh Speisialta i gcoinne na Saoirse ó Phionós, an Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala

Dáta breithe: 19.9.1979

Náisiúntacht: Guatamalach

Uimhir aitheantais náisiúnta: 2227901800101

Inscne: baineann

Is ionchúisitheoir í Leonor Morales Lazo De Sánchez san Oifig Ionchúisimh Speisialta i gcoinne na Saoirse ó Phionós (FECI), a fheidhmíonn faoi Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala (atá coibhéiseach le hOifig Ionchúisitheoir Poiblí Ghuatamala). Tá sí páirteach go díreach san imscrúdú leanúnach maidir le cruthú an pháirtí pholaitiúil Movimiento Semilla de chuid an Uachtaráin, Arévalo. Tar éis an dara babhta de na toghcháin uachtaránachta i mí Lúnasa 2023, ghlac sí páirt phearsanta sa ruathar a thug an Aireacht Phoiblí ar áitreabh an Bhinse Toghcháin Uachtarach inar osclaíodh boscaí ballóide séalaithe. Ghlac sí páirt freisin i bpreasagallamh i mí na Nollag 2023 inar mhaígh an Aireacht Phoiblí go raibh toradh an chéad bhabhta de na toghcháin i mí an Mheithimh 2023 neamhbhailí.

Trí na gníomhaíochtaí sin, tá baint ag Leonor Morales Lazo De Sánchez le hiarrachtaí ar thorthaí thoghcháin 2023 i nGuatamala a chur ar ceal. Dá bhrí sin, tá sí freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas, den smacht reachta agus d’aistriú síochánta na cumhachta i nGuatamala.

2.2.2024

5.

Fredy Raúl ORELLANA LETONA

Post/poist: Breitheamh Coiriúil Céadchéime an Seachtú Cúirt

Dáta breithe: 4.11.1982

Náisiúntacht: Guatamalach

Uimhir aitheantais náisiúnta: 253127548 (pas)

Inscne: fireann

Ina cháil mar Bhreitheamh Coiriúil Céadchéime an Seachtú Cúirt, tá Fredy Orellana Letona freagrach as gníomhaíochtaí Oifig an Ionchúisitheora Speisialta i gcoinne na Saoirse ó Phionós (FECI) a mhaoirsiú agus a údarú, oifig a fheidhmíonn faoi Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala (atá coibhéiseach le hOifig Ionchúisitheoir Poiblí Ghuatamala), atá ag gabháil d’imscrúdú ar neamhrialtachtaí a líomhnaítear i gcruthú an pháirtí pholaitiúil Movimiento Semilla, ar bhuaigh a iarrthóir an dara babhta de na toghcháin uachtaránachta i nGuatamala i mí Lúnasa 2023. Mar bhreitheamh maoirseachta, d’údaraigh Fredy Orellana Letona na ruathair a tugadh ar cheanncheathrú Movimiento Semilla i mí Iúil 2023 agus ar áitreabh an Bhinse Toghcháin Uachtaraigh (TSE) i mí Iúil agus i mí Mheán Fómhair 2023. D’ordaigh sé freisin pearsantacht dhlítheanach Movimiento Semilla a chur ar fionraí go sealadach agus dhiúltaigh sé rochtain ar an gcáschomhad don chosaint. Chumasaigh sé gníomhaíochtaí FECI chun údaráis thofa agus giúistísí an Bhinse Toghcháin Uachtarach a ionchúiseamh.

Trí na gníomhaíochtaí sin, tá baint ag Fredy Orellana Letona le hiarrachtaí ar thorthaí thoghcháin 2023 i nGuatamala a chur ar ceal. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas, den smacht reachta agus d’aistriú síochánta na cumhachta i nGuatamala.

2.2.2024

6.

Jimi Rodolfo BREMER RAMÍREZ

Post/poist: Breitheamh Coiriúil Céadchéime, an Deichiú Cúirt, Guatamala

Dáta breithe: 25.9.1978

Náisiúntacht: Guatamalach

Uimhir aitheantais náisiúnta: 1913604570920

Inscne: fireann

Is é Jimi Bremer Ramírez an Breitheamh Coiriúil Céadchéime den Deichiú Cúirt in Guatamala. Sa cháil sin, d’eisigh sé barántais ghabhála agus d’údaraigh sé imscrúduithe a bunaíodh ar chúisimh bhréagacha agus chuir sé éisteachtaí ar fionraí sna cásanna sin, rud a chuir srian ar cheart na gcosantóirí chun éisteacht phoiblí, rochtain ar an gceartas agus triail chóir a fháil.

I mí Feabhra 2023, ina cháil mar bhreitheamh maoirseachta, d’údaraigh Jimi Bremer Ramírez an iarraidh ó Oifig an Ionchúisitheora Speisialta i gcoinne na Saoirse ó Phionós (FECI), oifig a fheidhmíonn faoi Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala imscrúdú a dhéanamh ar roinnt iriseoirí ó na nuachtáin El Periódico agus Prensa Comunitaria, tar éis dóibh an mhóréillitheacht i nGuatamala a chlúdach. Chuir sé éisteachtaí cúirte bunaitheoir El Periódica, José Rubén Zamora, ar fionraí agus chuir sé siar iad ar a laghad 6 uaire i gceann de na cásanna coiriúla ina choinne. Ina theannta sin, chuir Jimi Bremer Ramírez moill ar an nós imeachta sna cásanna coiriúla i gcoinne na n-iar-ionchúisitheoirí, Stuardo Campo agus Eduardo Pantaleón, agus i gcoinne dhlíodóir an Choimisiúin Idirnáisiúnta i gcoinne na Saoirse ó Phionós i nGuatamala (CICIG) atá as feidhm, Claudia González Orellana.

Trí na gníomhaíochtaí sin, ghlac Jimi Bremer Ramírez páirt i ngníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i nGuatamala agus thacaigh sé leo, lena n-áirítear an ghéarleanúint agus an t-imeaglú ar ionadaithe na meán, agus ar dhlíodóirí agus ionchúisitheoirí i nGuatamala.

12.6.2025

7.

Ricardo Rafael MÉNDEZ-RUIZ VALDÉS

Post/poist: Uachtarán, an Fhondúireacht i gcoinne na Sceimhlitheoireachta (Fundación contra el Terrorismo), FCT

Dáta breithe: 9.10.1959

Náisiúntacht: Guatamalach

Uimhir aitheantais náisiúnta: 268287872 (pas)

Inscne: fireann

Daoine aonair comhlachaithe:

Raúl Amílcar Falla Ovalle

Eintitis chomhlachaithe:

an Fhondúireacht i gcoinne na Sceimhlitheoireachta (Fundación contra el Terrorismo), FCT

Na meáin shóisialta: https://x.com/rmendezruiz

Is é Ricardo Méndez-Ruiz Valdés Uachtarán na Fondúireachta i gCoinne na Sceimhlitheoireachta (Fundación contra el Terrorismo), FCT. Tá baint ag FCT le feachtas ionchúiseamh arb í an pholaitíocht is cionsiocair leo agus atá faoi stiúir Oifig Ard-Aighne Ghuatamala i gcoinne iriseoirí, ionchúisitheoirí agus breithiúna a raibh baint acu le héilliú agus saoirse ó phionós a nochtadh i nGuatamala agus i gcoinne rialtas Ghuatamala a toghadh go daonlathach, lena n-áirítear an tUachtarán, Bernardo Arévalo. Thionscain FCT an iliomad imscrúduithe coiriúla i gcoinne oibreoirí ceartais, iriseoirí agus ionadaithe an rialtais trí ghearáin choiriúla a chomhdú agus trí ghníomhú mar ghearánaí tríú páirtí in imeachtaí coiriúla nach n-urramaíonn cearta bunúsacha na gcosantóirí.

Trí na gníomhaíochtaí sin, ghlac Ricardo Méndez-Ruiz Valdés páirt i ngníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den smacht reachta i nGuatamala agus thacaigh sé leo, lena n-áirítear an ghéarleanúint agus an t-imeaglú ar ionadaithe na meán, agus ar dhlíodóirí, breithiúna agus ionchúisitheoirí.

12.6.2025

8.

Raúl Amílcar FALLA OVALLE

Post/poist: Ionadaí dlíthiúil, an Fhondúireacht i gcoinne na Sceimhlitheoireachta (Fundación contra el Terrorismo), FCT

Dáta breithe: 9.11.1971

Náisiúntacht: Guatamalach

Uimhir aitheantais náisiúnta: 179421166 (pas)

Inscne: fireann

Daoine aonair comhlachaithe:

Ricardo Méndez-Ruiz Valdés

Eintitis chomhlachaithe:

an Fhondúireacht i gcoinne na Sceimhlitheoireachta (Fundación contra el Terrorismo), FCT

Na meáin shóisialta:

https://x.com/RaulFalla31

Is é Raúl Falla Ovalle ionadaí dlíthiúil na Fondúireachta i gcoinne na Sceimhlitheoireachta (Fundación contra el Terrorismo), FCT. Tá baint ag FCT le feachtas ionchúiseamh arb í an pholaitíocht is cionsiocair leo agus atá faoi stiúir Oifig Ard-Aighne Ghuatamala i gcoinne iriseoirí, ionchúisitheoirí agus breithiúna a raibh baint acu le héilliú agus saoirse ó phionós a nochtadh i nGuatamala agus i gcoinne rialtas Ghuatamala a toghadh go daonlathach, lena n-áirítear an tUachtarán, Bernardo Arévalo. Thionscain FCT an iliomad imscrúduithe coiriúla i gcoinne oibreoirí ceartais, iriseoirí agus ionadaithe an rialtais; rinne sé gearáin choiriúla a chomhdú agus ghníomhaigh sé mar ghearánaí tríú páirtí in imeachtaí coiriúla nach n-urramaíonn cearta bunúsacha na gcosantóirí.

Trí na gníomhaíochtaí sin, glacann Raúl Falla Ovalle páirt i ngníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den smacht reachta i nGuatamala agus tacaíonn sé leo, lena n-áirítear an ghéarleanúint agus an t-imeaglú ar ionadaithe na meán, agus ar dhlíodóirí, breithiúna agus ionchúisitheoirí.

12.6.2025;

B.   Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta liostaithe

1.

an Fhondúireacht i gcoinne na Sceimhlitheoireachta (Fundación contra el Terrorismo), FCT

Dáta clárúcháin:

5.7.2013

Daoine aonair comhlachaithe:

Ricardo Méndez-Ruiz Valdés

Raúl Amílcar Falla Ovalle

Tá baint ag an bhFondúireacht i gCoinne na Sceimhlitheoireachta (Fundación contra el Terrorismo), FCT, le feachtas ionchúiseamh arb í an pholaitíocht is cionsiocair leo agus atá faoi stiúir Oifig Ard-Aighne Ghuatamala i gcoinne iriseoirí, ionchúisitheoirí agus breithiúna a raibh baint acu le héilliú agus saoirse ó phionós a nochtadh i nGuatamala agus i gcoinne rialtas Ghuatamala a toghadh go daonlathach, lena n-áirítear an tUachtarán, Bernardo Arévalo. Thionscain FCT an iliomad imscrúduithe coiriúla i gcoinne oibreoirí ceartais, iriseoirí agus ionadaithe an rialtais trí ghearáin choiriúla a chomhdú agus trí ghníomhú mar ghearánaí tríú páirtí in imeachtaí coiriúla nach n-urramaíonn cearta bunúsacha na gcosantóirí.

Trí na gníomhaíochtaí sin, glacann FCT páirt i ngníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den smacht reachta i nGuatamala, lena n-áirítear an ghéarleanúint agus an t-imeaglú ar ionadaithe na meán, agus ar dhlíodóirí, breithiúna agus ionchúisitheoirí.

12.6.2025.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1199/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top