Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D1169

Cinneadh (AE) 2025/1169 ón gComhairle an 5 Meitheamh 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, ag an 18ú cruinniú a bheidh aige, maidir leis na moltaí agus conclúidí atá dírithe chuig Páirtithe áirithe maidir leis an gCoinbhinsiún sin a chur chun feidhme ag na Stáit sin, i ndáil le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais

ST/9140/2025/INIT

IO L, 2025/1169, 10.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1169/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1169/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1169

10.6.2025

CINNEADH (AE) 2025/1169 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Meitheamh 2025

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, ag an 18ú cruinniú a bheidh aige, maidir leis na moltaí agus conclúidí atá dírithe chuig Páirtithe áirithe maidir leis an gCoinbhinsiún sin a chur chun feidhme ag na Stáit sin, i ndáil le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 336, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Thug an tAontas Eorpach Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘an Coinbhinsiún’) i gcríoch trí bhíthin Chinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle (1) i ndáil le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais, agus trí bhíthin Chinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle (2) i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus non-refoulement, a mhéid a thagann na hábhair sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais, agus tháinig sé i bhfeidhm i leith an Aontais an 1 Deireadh Fómhair 2023.

(2)

De bhun Airteagal 66(1) den Choinbhinsiún, tá an Grúpa Saineolaithe um ghníomhaíocht in aghaidh foréigean ar mhná agus foréigean baile (‘GREVIO’) le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin ag na Páirtithe a ghabhann leis an gCoinbhinsiún (‘na Páirtithe’). I gcomhréir le hAirteagal 68(11) den Choinbhinsiún, tá GREVIO lena thuarascáil agus a chonclúidí a ghlacadh maidir leis na bearta arna ndéanamh ag an bPáirtí lena mbaineann chun forálacha an Choinbhinsiúin a chur chun feidhme.

(3)

Tá Coiste na bPáirtithe (‘an Coiste’) in ann moltaí atá dírithe chuig an bPáirtí lena mbaineann a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 68(12) den Choinbhinsiún, ar bhonn thuarascáil agus chonclúidí GREVIO. Tá na moltaí sin le hidirdhealú a dhéanamh idir bearta gur cheart a dhéanamh a luaithe is féidir, agus ceanglas ann tuairisc a thabhairt don Choiste laistigh de thréimhse 3 bliana, agus bearta nach mbaineann an leibhéal céanna neasachta leo, cé go bhfuil siad tábhachtach. Ag deireadh na tréimhse sin, tá an Páirtí lena mbaineann le tuairisc a thabhairt don Choiste maidir leis na gníomhartha a rinneadh, i 10 réimse shonracha den Choinbhinsiún. Ar bhonn na tuarascála sin agus ar bhonn aon fhaisnéis bhreise, tá an Coiste le conclúidí a ghlacadh maidir le cur chun feidhme na moltaí sin, arna n-ullmhú ag rúnaíocht an Choiste.

(4)

De bhun Airteagal 68(3) den Choinbhinsiún, tá na nósanna imeachta meastóireachta tar éis nós imeachta na chéad mheastóireachta bonnlíne ag GREVIO le roinnt ina mbabhtaí (‘na babhtaí meastóireachta téamaí’). Is é an teideal atá ar an gcéad bhabhta meastóireachta téamaí ‘Muinín a Chothú trí Thacaíocht, Cosaint agus Ceartas a Sholáthar’ agus tugtar aghaidh ann ar 20 airteagal den Choinbhinsiún, eadhon Airteagail 3, 7, 8, 11, 12, 14, 15, 16, 18, 20, 22, 25, 31, 48, 49, 50, 51, 52, 53 agus 56. Ag an 17ú cruinniú a bhí aige, an 17 Nollaig 2024, ghlac an Coiste cinneadh maidir leis na moltaí atá le glacadh ag Coiste i bhfianaise thuarascálacha GREVIO a glacadh mar chuid don chéad bhabhta meastóireachta téamaí atá i ndoiciméad IC-CP(2024)10 rev.

(5)

Táthar ag súil go nglacfaidh an Coiste, le linn an 18ú cruinniú a bheidh aige an 5-6 Meitheamh 2025, an 8 ndréachtmholadh seo a leanas bunaithe ar an gcéad bhabhta meastóireachta téamaí agus dhá dhréachtchonclúidí, maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin ag 10 de na Páirtithe’ (faoi seach, ‘na dréachtmholtaí’ agus ‘na dréacht-chonclúidí’, agus go comhpháirteach ‘na gníomhartha atá beartaithe’):

Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an Albáin, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)2-prov;

Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an Ostair, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)3-prov;

Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an Danmhairg, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)4-prov;

Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an bhFionlainn, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)5-prov;

Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag Monacó, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)6-prov;

Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag Montainéagró, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)7-prov;

Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an Spáinn, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)8-prov;

Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an tSualainn, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)9-prov;

Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith San Mairíne arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)10-prov; agus

Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Slóivéine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)11-prov;

(6)

Tá inniúlacht eisiach ag an Aontas glacadh le hoibleagáidí a leagtar amach sa Choinbhinsiún maidir lena institiúidí agus lena riarachán poiblí féin, faoi raon feidhme Airteagal 336 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I mír 305 de Thuairim 1/19 uaithi an 6 Deireadh Fómhair 2021, Coinbhinsiún Iostanbúl (3) , dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go bhfuil cuid shuntasach d’oibleagáidí an Choinbhinsiúin a bhaineann le bearta coisctheacha agus cosanta a ghlacadh ina gceangal ar an Aontas, go bunúsach, a mhéid a bhaineann leis an bhfoireann ina riarachán agus a mhéid a bhaineann le baill den phobal a thugann cuairt ar áitribh agus ar fhoirgnimh a institiúidí, a ghníomhaireachtaí agus a chomhlachtaí. Thairis sin, i mír 307 den Tuairim chéanna, chinn an Chúirt nár cheart don Aontas é féin a theorannú do cheanglais ná do bhearta tacaíochta íosta a bhunú, ach gur cheart dó féin a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí sin ina n-iomláine. Ag an am céanna, ba cheart raon oibleagáidí an Aontais a léirmhíniú agus aird á tabhairt ar a chineál sonrach agus ar a chumhachtaí sonracha. Go háirithe, ós rud é nach dtugtar cumhachtaí forfheidhmithe dlí do riarachán poiblí an Aontais, ba cheart moltaí a bhaineann le hábhair a bhaineann le forfheidhmiú an dlí, amhail saincheist na n-orduithe urchoisc éigeandála, a léirmhíniú mar mholtaí lena gceanglaítear ar an Aontas sábháilteacht na n-íospartach a áirithiú taobh istigh de theorainneacha a chumhachtaí, mar shampla trí rochtain ar áitreabh na n-institiúidí a dhiúltú do dhéantóirí líomhnaithe.

(7)

Baineann na gníomhartha atá beartaithe le cur chun feidhme fhorálacha an Choinbhinsiúin a bhfuil feidhm acu maidir leis an Aontas i dtaca lena institiúidí féin agus lena riarachán poiblí féin. Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste i ndáil le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais a bhunú, ós rud é go bhféadfadh na gníomhartha atá beartaithe tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar dhlí an Aontais sa mhéid go bhféadfaidís difear a dhéanamh do léirmhíniú fhorálacha ábhartha an Choinbhinsiúin amach anseo.

(8)

Maidir leis an Albáin, áirítear sna dréachtmholtaí an gá atá leis an méid seo a leanas: a áirithiú go gcuirfear cistiú leordhóthanach inbhuanaithe ar fáil do bheartais agus do bhearta ábhartha chun gach cineál foréigin in aghaidh na mban a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear trí nósanna imeachta trédhearcacha chun cistiú a áirithiú d’eagraíochtaí um chearta na mban (Airteagal 8 den Choinbhinsiún); feachtais nó cláir múscailte feasachta a chur chun cinn agus measúnú rialta a dhéanamh ar a dtionchar (Airteagal 12 den Choinbhinsiún); bearta a dhéanamh chun éifeachtacht na hoiliúna a neartú, lena n-áirítear i bhfianaise athrú foirne (Airteagal 15 den Choinbhinsiún); na cláir atá ann cheana do dhéantóirí coire a leathnú agus cláir a thabhairt isteach atá dírithe go sonrach ar dhéantóirí foréigin ghnéasaigh (Airteagal 16 den Choinbhinsiún); an cistiú atá ar fáil d’íospartaigh ar mná iad, agus líon na seirbhísí atá ar fáil dóibh, a mhéadú, go háirithe do mhná a bhfuil riachtanais speisialta acu (Airteagal 20 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh ar sheirbhísí cuimsitheacha cúraim sláinte (Airteagal 20 den Choinbhinsiún); a áirithiú go bhfaighidh línte cabhrach maoiniú (Airteagal 22 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh rochtain saor in aisce ag íospartaigh foréigin ghnéasaigh ar scrúdú fóiréinseach (Airteagal 25 den Choinbhinsiún); bearta a dhéanamh chun feabhas a chur ar thuairisciú ó íospartaigh ar mná iad agus freagairt íospartach-lárnach agus inscne-íogair a áirithiú i gcásanna den sórt sin (Airteagail 49 agus 50); a áirithiú go gcuirfear nósanna imeachta measúnaithe riosca agus bainistithe riosca i bhfeidhm i gcásanna a bhaineann le gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 51 den Choinbhinsiún); úsáid níos fearr a bhaint as orduithe urchoisc éigeandála (Airteagal 52 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh orduithe cosanta ar fáil agus inrochtana do gach íospartach (Airteagal 53 den Choinbhinsiún); agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart cosanta agus a áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 56 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtmholtaí i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne a nglacadh.

(9)

Maidir leis an Ostair, áirítear sna dréachtmholtaí an gá atá leis an méid seo a leanas: plean gníomhaíochta cuimsitheach /doiciméad beartais straitéisigh fadtéarmach a fhorbairt maidir le gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); sonraí imdhealaithe a bhailiú maidir le líon na mban agus na gcailíní a dhéanann teagmháil leis na seirbhísí sóisialta atá ag lorg cabhrach i ndáil lena dtaithí ar fhoréigean in aghaidh na mban (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); íospartaigh a chur ar an eolas faoi infhaighteacht seirbhísí tacaíochta (Airteagal 12 den Choinbhinsiún); faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a dtéann ábhair teagaisc i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le foréigean teaghlaigh agus foréigean in aghaidh na mban (Airteagal 14 den Choinbhinsiún); oiliúint a chur ar fáil do bhaill foirne i seirbhísí tacaíochta ginearálta (Airteagal 15 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh ar roghanna tithíochta inbhuanaithe agus inacmhainne agus a áirithiú go n-eiseofar tuarascálacha fóiréinseacha lena ndéantar gortuithe a dhoiciméadú (Airteagal 20 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh áiteanna in ionaid dídine ar fáil (Airteagal 22 den Choinbhinsiún); ionaid atreorúcháin eile d’fhoréigean gnéasach a chur ar bun ar fud na tíre ina bhfuil gairmithe cáilithe a chuireann tacaíocht agus atreoruithe ar fáil i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún agus a áirithiú, idir an dá linn, go dtugann na seirbhísí leighis atá ann cheana tacaíocht iomchuí d’íospartaigh (Airteagal 25 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh smachtbhannaí i gcomhréir le tromchúis an chiona i ngach cás a bhaineann le cineálacha foréigin in aghaidh na mban a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún), agus a áirithiú go n-úsáidfear orduithe cosanta agus go seachnófar bearnaí idir orduithe urchoisc agus orduithe cosanta (Airteagail 52 agus 53 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtmholtaí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne a nglacadh.

(10)

Maidir leis an Danmhairg, áirítear sna dréachtmholtaí an gá atá leis an méid seo a leanas: a áirithiú go dtabharfar an aird is gá ar chineál inscneach gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus foréigin teaghlaigh (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); iarrachtaí a shaothrú buiséadú inscne-fhreagrúil a chur chun feidhme (Airteagal 8 den Choinbhinsiún); rúndacht a ráthú i mbailiú sonraí (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); tús áite a thabhairt do chur chuige inscne-íogair i dtionscnaimh choisctheacha (Airteagal 12 den Choinbhinsiún); tionchar na n-iarrachtaí oiliúna a uasmhéadú trí leas a bhaint as saineolas eagraíochtaí um chearta na mban (Airteagal 15 den Choinbhinsiún); struchtúir institiúidithe a bhunú le haghaidh comhair chun comhar éifeachtach ilghníomhaireachta a áirithiú (Airteagal 18 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh ar chomhairleoireacht shíceolaíoch fhadtéarmach (Airteagail 22 agus 25 den Choinbhinsiún); feasacht a mhúscailt i measc gníomhaithe ceartais choiriúil maidir le reachtaíocht choiriúil nua (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún); a áirithiú go ndéanfar measúnú riosca i gcomhar le gníomhaithe ábhartha (Airteagal 51 den Choinbhinsiún); úsáid orduithe urchoisc éigeandála agus orduithe cosanta a mhéadú chun cosaint íospartach a áirithiú (Airteagail 52 agus 53 den Choinbhinsiún) agus cur chun feidhme cuí na mbeart cosanta íospartach a áirithiú in imscrúduithe agus in imeachtaí breithiúnacha (Airteagal 56 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtmholtaí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne a nglacadh.

(11)

Maidir leis an bhFionlainn, áirítear sna dréachtmholtaí an gá atá leis an méid seo a leanas: straitéis náisiúnta fhadtéarmach a fhorbairt chun cur chuige cuimsitheach comhordaithe a áirithiú (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); sásraí maoinithe inbhuanaithe a áirithiú d’eagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann saintacaíocht ar fáil d’íospartaigh (Airteagal 8 den Choinbhinsiún); catagóirí caighdeánaithe sonraí a bhunú agus córais bailithe sonraí a chomhchuibhiú (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); feachtais feasachta a dhéanamh go rialta (Airteagal 12 den Choinbhinsiún); meastóireacht a dhéanamh ar oiliúint agus leas a bhaint as saineolas eagraíochtaí um chearta na mban (Airteagal 15 den Choinbhinsiún); cláir do dhéantóirí coire a bhunú maidir le foréigean teaghlaigh (Airteagal 16 den Choinbhinsiún); struchtúir chomhordaithe ilghníomhaireachta institiúidithe a bhunú i measc gníomhaithe ábhartha (Airteagal 18 den Choinbhinsiún); seirbhísí tacaíochta a bhunú chun téarnamh agus neamhspleáchas íospartach a éascú (Airteagal 20 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh seirbhísí tacaíochta ar fáil (Airteagal 22 den Choinbhinsiún); dáileadh geografach ionad éigeandála um éigniú a áirithiú chun tacaíocht d’íospartaigh uile an fhoréigin ghnéasaigh a áirithiú (Airteagal 25 den Choinbhinsiún); imscrúduithe tráthúla agus bailiú réamhghníomhach fianaise a áirithiú thar ráitis íospartach chun ionchúiseamh éifeachtach cásanna foréigin in aghaidh na mban a chumasú (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún); bearta a dhéanamh chun sásra caighdeánaithe measúnaithe riosca a bhunú a chuirfear i bhfeidhm go córasach (Airteagal 51 den Choinbhinsiún); agus úsáid orduithe urchoisc éigeandála a mhéadú agus úsáid orduithe sriantacha agus cosanta a neartú (Airteagail 52 agus 53 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtmholtaí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne a nglacadh.

(12)

Maidir le Monacó, áirítear sna dréachtmholtaí maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin an gá atá leis an méid seo a leanas: straitéis fhadtéarmach uileghabhálach a fhorbairt chun cur chuige cuimsitheach comhordaithe beartais a bhaint amach (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); leanúint de bhailiú sonraí a fhorbairt maidir le gach cineál foréigin in aghaidh na mban a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); bearta chun foréigean teaghlaigh a chosc a leathnú chun cineálacha eile foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún a chur san áireamh (Airteagal 12 den Choinbhinsiún); ábhar teagaisc a tháirgeadh maidir le foréigean in aghaidh na mban (Airteagal 14 den Choinbhinsiún); cláir do dhéantóirí an fhoréigin a bhunú (Airteagal 16 den Choinbhinsiún); líne chabhrach a chur ar bun do mhná ar íospartaigh foréigin iad (Airteagal 22 den Choinbhinsiún); ionad atreorúcháin éigeandála um éigniú agus foréigean gnéasach a bhunú ionas go mbeidh rochtain ag íospartaigh ar chomhairleoireacht agus ar thacaíocht shíceolaíoch (Airteagal 25 den Choinbhinsiún); a áirithiú go bhfuil saineolas leordhóthanach ag gairmithe a bhfuil baint acu le himeachtaí coiriúla agus go bhfaigheann siad oiliúint inscne-íogair (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún); caighdeánú a dhéanamh ar an gcleachtas maidir le measúnú riosca comhordaithe do sheirbhísí ábhartha maidir le gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 51 den Choinbhinsiún) agus a áirithiú go gcosnófar cearta agus leasanna íospartach le linn imscrúduithe agus imeachtaí breithiúnacha (Airteagal 56 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtmholtaí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne a nglacadh.

(13)

Maidir le Montainéagró, áirítear sna dréachtmholtaí an gá atá leis an méid seo a leanas: acmhainní iomchuí daonna agus airgeadais a áirithiú le haghaidh beartais, bearta agus reachtaíocht arb é is aidhm dóibh foréigean in aghaidh na mban a chosc agus a chomhrac, agus cistiú inbhuanaithe a áirithiú d’eagraíochtaí neamhrialtasacha (Airteagal 8 den Choinbhinsiún); bailiú agus dí-chomhiomlánú sonraí ag na páirtithe leasmhara ábhartha uile a áirithiú (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); dlús a chur leis na hiarrachtaí chun bearta coisctheacha rialta a chur chun feidhme, feachtais feasachta a dhéanamh agus aird a tharraingt ar an mbaol méadaithe foréigin a bhíonn os comhair íospartaigh a ndéantar leithcheal trasnach orthu (Airteagal 12 den Choinbhinsiún); iarrachtaí a mhéadú chun aghaidh a thabhairt ar steiréitíopaí maidir le mná, agus claontachtaí ina leith, i réimsí an oideachais fhoirmiúil, an chultúir agus na meán (Airteagal 14 den Choinbhinsiún); oiliúint maidir le foréigean in aghaidh na mban a áirithiú do gach gairmí a bhíonn i dteagmháil le híospartaigh (Airteagal 15 den Choinbhinsiún); cláir a bhunú agus a leathnú do dhéantóirí foréigin teaghlaigh agus do dhéantóirí foréigin ghnéasaigh (Airteagal 16 den Choinbhinsiún); iarrachtaí a mhéadú chun borradh a chur faoin gcomhar ilghníomhaireachta (Airteagal 18 den Choinbhinsiún); a áirithiú go dtabharfaidh soláthraithe cúraim sláinte tosaíocht d’íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh ar mná iad agus go n-urramóidh siad a bpríobháideachas (Airteagal 20 den Choinbhinsiún); infhaighteacht sainseirbhísí tacaíochta agus comhairleoireachta d’íospartaigh a mhéadú (Airteagal 22 den Choinbhinsiún); ionaid éigeandála um éigniú agus/nó atreorú maidir le foréigean gnéasach a chur ar bun ar fud na tíre chun tacaíocht a chur ar fáil agus chun íospartaigh a atreorú chuig tacaíocht shíceolaíoch (Airteagal 25 den Choinbhinsiún); cosc a chur ar íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban a cheistiú arís agus arís eile (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún); a áirithiú go ndéantar measúnuithe riosca go córasach i gcásanna foréigin teaghlaigh (Airteagal 51 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh orduithe urchoisc éigeandála ar fáil agus go ndéanfar faireachán éifeachtach ar orduithe cosanta (Airteagail 52 agus 53 den Choinbhinsiún); agus úsáid éifeachtach na mbeart cosanta atá ann cheana a áirithiú agus bearta cosanta breise a thabhairt isteach i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 56 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtmholtaí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne a nglacadh.

(14)

A mhéid a bhaineann leis an Spáinn, áirítear sna dréachtmholtaí an gá atá leis an méid seo a leanas: rannpháirt a thabhairt d’eagraíochtaí neamhrialtasacha a i gceapadh beartas agus sa mheastóireacht ar bheartais agus ar bhearta (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh na sonraí a bhailítear díchomhiomlánaithe (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); a mhúineadh do leanaí an ról lárnach atá ag toiliú i gcaidrimh ghnéis (Airteagal 14 den Choinbhinsiún); dlús a chur le hoiliúint na ngairmithe ábhartha uile a bhíonn ag déileáil le híospartaigh agus le déantóirí an fhoréigin in aghaidh na mban (Airteagal 15 den Choinbhinsiún); feabhas a chur ar chomhlíonadh chláir dhéantóirí na coire leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 16 den Choinbhinsiún); lena mbunaítear sásraí comhair ilghníomhaireachta (Airteagal 18 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh rochtain saor in aisce ag íospartaigh foréigin ghnéasaigh ar sheirbhísí tacaíochta (Airteagal 25 den Choinbhinsiún); aghaidh a thabhairt ar thosca a chuireann cosc ar íospartaigh tuairisciú agus a mbíonn íospairt thánaisteach mar thoradh orthu (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún); agus a áirithiú go mbeidh rochtain ag údaráis inniúla ar orduithe urchoisc éigeandála i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún agus go ndéanfaidh siad bearta chun aghaidh a thabhairt i gceart ar sháruithe ar orduithe cosanta (Airteagail 52 agus 53 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtmholtaí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne a nglacadh.

(15)

A mhéid a bhaineann leis an tSualainn, áirítear sna dréachtmholtaí an gá atá leis an méid seo a leanas: a áirithiú go gcuirfear riachtanais na n-íospartach atá neamhchosanta ar leithcheal trasnach san áireamh i mbeartais maidir le foréigean in aghaidh na mban agus go ndéanfar meastóireacht ar straitéisí chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na mbeartas sin (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); leibhéil chistiúcháin inbhuanaithe a áirithiú d’eagraíochtaí um chearta na mban a reáchtálann sainseirbhísí tacaíochta (Airteagal 8 den Choinbhinsiún); bearta coisctheacha níos leithne a áirithiú do gach cineál foréigin in aghaidh na mban (Airteagal 12 den Choinbhinsiún); a áirithiú go múintear na hábhair agus na prionsabail a liostaítear in Airteagal 14 den Choinbhinsiún sa chleachtas (Airteagal 14 den Choinbhinsiún); oiliúint chórasach a thabhairt isteach maidir le gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún do ghairmithe ábhartha (Airteagal 15 den Choinbhinsiún); íoschaighdeáin a fhorbairt do chláir dhéantóirí na coire i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún agus meastóireacht a áirithiú (Airteagal 16 den Choinbhinsiún); sásraí comhordúcháin agus comhair a ghlacadh i measc gníomhaireachtaí ábhartha (Airteagal 18 den Choinbhinsiún); a áirithiú go gcuirfear rochtain ar chúram sláinte ar fáil d’íospartaigh gan idirdhealú (Airteagal 20 den Choinbhinsiún); rochtain ar ionaid dídine a áirithiú do gach íospartach (Airteagal 22 den Choinbhinsiún); líon leordhóthanach ionad éigeandála um éigniú agus/nó ionad foréigin ghnéasaigh a áirithiú ar fud na tíre (Airteagal 25 den Choinbhinsiún); bearta a dhéanamh chun tuairisciú na mban atá i mbaol go ndéanfar leithcheal trasnach orthu a spreagadh (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún); a áirithiú go ndéanfar measúnuithe riosca go córasach d’íospartaigh agus dá leanaí, ar bhealach comhordaithe (Airteagal 51 den Choinbhinsiún) agus go ndéanfar bearta chun a áirithiú go n-eiseofar orduithe urchoisc éigeandála, orduithe srianta agus orduithe cosanta (‘orduithe neamhtheagmhála don chomhbhaile’) go pras le héifeacht láithreach agus go ndéanfar faireachán éifeachtach orthu (Airteagail 52 agus 53 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtmholtaí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne a nglacadh.

(16)

Maidir le San Mairíne, áirítear sna dréachtchonclúidí an gá atá leis an méid seo a leanas: a áirithiú go gcomhordóidh an comhlacht náisiúnta comhordúcháin le heagraíochtaí na sochaí sibhialta (Airteagal 10 den Choinbhinsiún); suirbhéanna ar íospairt a dhéanamh go rialta agus gníomhaíochtaí taighde a chur chun cinn (Airteagal 11 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne a nglacadh.

(17)

Maidir leis an tSlóivéin, áirítear sna dréachtchonclúidí an gá atá leis an méid seo a leanas: ról an chomhlachta chomhordaithe a shannadh d’eintitis atá go hiomlán institiúidithe agus na hacmhainní daonna agus airgeadais is gá a áirithiú (Airteagal 10 den Choinbhinsiún); bailiú cuimsitheach sonraí maidir le gach cineál foréigin faoin gCoinbhinsiún a áirithiú (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); agus bearta a dhéanamh chun tuairisciú ar gach cineál foréigin in aghaidh na mban a spreagadh (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne a nglacadh.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste na bPáirtithe, arna bhunú faoi Airteagal 67 de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, ag an 18ú cruinniú a bheidh aige, nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh na ngníomhartha seo a leanas:

(1)

Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an Albáin, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)2-prov;

(2)

Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an Ostair, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)3-prov;

(3)

Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an Danmhairg, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)4-prov;

(4)

Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an bhFionlainn, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)5-prov;

(5)

Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag Monacó, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)6-prov;

(6)

Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag Montainéagró, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)7-prov;

(7)

Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an Spáinn, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)8-prov;

(8)

Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an tSualainn, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)9-prov];

(9)

Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith San Mairíne arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)10-prov; agus

(10)

Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Slóivéine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)11-prov.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 5 Meitheamh 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KLIMCZAK


(1)  Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1075/oj).

(2)  Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le tearmann agus non-refoulement (IO L 143 I, 2.6.2023 lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1076/oj).

(3)  Tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais 1/19 an 6 Deireadh Fómhair 2021, Coinbhinsiún Iostanbúl, ECLI:EU:C:2021:832.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1169/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top