This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D1039
Commission Implementing Decision (EU) 2025/1039 of 16 May 2025 on the inconsistency of certain performance targets included in the draft performance plan submitted by Switzerland pursuant to Regulation (EC) No 549/2004 of the European Parliament and of the Council with the Union-wide performance targets for the fourth reference period of the Single European Sky performance and charging scheme (notified under document C(2025) 2923)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1039 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2025 maidir le spriocanna feidhmíochta áirithe atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Eilvéis isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheith ar neamhréir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha den scéim feidhmíochta agus muirearaithe le haghaidh an Aerspáis Eorpaigh Aonair (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025)2923)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1039 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2025 maidir le spriocanna feidhmíochta áirithe atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Eilvéis isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheith ar neamhréir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha den scéim feidhmíochta agus muirearaithe le haghaidh an Aerspáis Eorpaigh Aonair (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025)2923)
C/2025/2923
IO L, 2025/1039, 23.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1039/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1039 |
23.5.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1039 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Bealtaine 2025
maidir le spriocanna feidhmíochta áirithe atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Eilvéis isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheith ar neamhréir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha den scéim feidhmíochta agus muirearaithe le haghaidh an Aerspáis Eorpaigh Aonair
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025)2923)
(Is iad na téacsanna Fraincise, Gearmáinise agus Iodáilise amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar (1),
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun an Aerspás Eorpach Aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (2), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), an dara fomhír de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/2803 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le cur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair (3), agus go háirithe Airteagal 58(3) de,
Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Aerspás Aonair,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. CÚLRA
|
(1) |
De bhun Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, tá na Ballstáit le pleananna a tharraingt suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis, ina bhfuil spriocanna feidhmíochta, le haghaidh gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra. Áireofar sna pleananna sin spriocanna feidhmíochta áitiúla atá comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh na tréimhse tagartha lena mbaineann. |
|
(2) |
Leagadh síos na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha (‘TT4’, 2025-2029) i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688 ón gCoimisiún (4). |
|
(3) |
Tá dréachtphleananna feidhmíochta tarraingthe suas ag gach Ballstát agus ag an Eilvéis le haghaidh TT4, pleananna a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin lena measúnú faoin 1 Deireadh Fómhair 2024. Rinne an Eilvéis dréachtphlean feidhmíochta, plean a glacadh i gcomhpháirt leis an mBeilg, leis an nGearmáin, leis an bhFrainc, le Lucsamburg agus leis an Ísiltír (‘na Ballstáit is comhalta de FABEC’) ar leibhéal Bhloc Feidhme Aerspáis Lár na hEorpa (‘FABEC’), a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Tar éis iomláine dhréachtphlean feidhmíochta FABEC a fhíorú, d’iarr an Coimisiún ar FABEC dréachtphlean feidhmíochta cothrom le dáta a chur isteach faoin 15 Samhain 2024. |
|
(4) |
Tá measúnú an Choimisiúin atá sa Chinneadh seo bunaithe ar dhréachtphlean feidhmíochta cothrom le dáta FABEC (‘dréachtphlean feidhmíochta FABEC’) a chuir an Eilvéis agus na Ballstáit is comhalta de FABEC isteach. |
|
(5) |
An Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta (‘CAF’), comhlacht a thugann cúnamh don Choimisiún chun an scéim feidhmíochta a chur chun feidhme, chuir sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina leagtar amach comhairle uaidh faoin measúnú ar dhréachtphlean feidhmíochta FABEC. |
|
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún (5), rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta áitiúla a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh. |
|
(7) |
Chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú leis an athbhreithniú ar dhréachtphlean feidhmíochta FABEC i ndáil leis na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Maidir le pointe 2.1(d)(vii) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire nach ndearna sé, mar chuid den athbhreithniú sin, anailís mhionsonraithe ar an modheolaíocht a d’úsáid an Eilvéis chun costais a leithdháileadh idir seirbhísí faoi bhealach agus seirbhísí críochfoirt le linn TT4. Dá bhrí sin, níor tháinig an Coimisiún ar aon chonclúid, ag an gcéim seo, maidir lena mhéid a chomhlíonann an mhodheolaíochtaí sin maidir le leithdháileadh costas pointí (e) agus (f) d’Airteagal 15(2) de Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus Airteagal 22(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(8) |
Ní chumhdaítear leis an gCinneadh seo ach na spriocanna feidhmíochta agus na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, a bhfuil feidhm dhíreach acu maidir leis an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta atá ainmnithe chun seirbhísí a sholáthar in aerspás na hEilvéise. |
2. TORTHAÍ ÓN MEASÚNÚ
Measúnú ar na spriocanna costéifeachtúlachta le haghaidh limistéar muirearaithe faoi bhealach na hEilvéise
|
(9) |
Rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta atá i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC maidir leis an gcostas aonaid arna shuí (‘CAAS’) le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta eitiltí faoi bhealach, ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Is iad na critéir sin an treocht CAAS le linn TT4, an treocht fhadtéarmach CAAS le linn an tríú tréimhse tagartha (2020-2024) (‘TT3’) agus TT4 (2025-2029), agus an luach bonnlíne CAAS ar leibhéal an limistéir muirearaithe i gcomparáid le meánluach na limistéar muirearaithe a bhfuil timpeallacht oibríochtúil agus eacnamaíoch chomhchosúil ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta iontu. |
|
(10) |
Is iad seo a leanas na spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach atá molta le haghaidh limistéar muirearaithe faoi bhealach na hEilvéise le haghaidh TT4, agus na luachanna bonnlíne gaolmhara:
|
|
(11) |
Maidir leis an gcritéar measúnaithe a leagtar amach i bpointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur measa treocht CAAS na hEilvéise ar leibhéal an limistéir muirearaithe le linn TT4, mar atá +0.7 %, ná an treocht uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá -1,2 %. |
|
(12) |
Maidir leis an gcritéar measúnaithe a leagtar amach i bpointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur measa treocht fhadtéarmach CAAS na hEilvéise ar leibhéal an limistéir muirearaithe le linn TT3 agus TT4, mar atá +1.8 %, ná an treocht fhadtéarmach uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá -1,0 %. |
|
(13) |
Maidir leis an gcritéar measúnaithe a leagtar amach i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil luach bonnlíne na hEilvéise le haghaidh CAAS, mar atá EUR 124,13, luach arna léiriú i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2022 (‘EUR2022’), 41,8 % níos airde ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha a leagtar amach in Airteagal 7, pointe (e), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688, is é sin EUR 87,51 in EUR2022. |
|
(14) |
Is gá scrúdú a dhéanamh an féidir a mheas gur gá agus gur comhréireach na dialltaí dá dtagraítear in aithrisí (11), (12) agus (13) i gcomhréir le pointe 1.4(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, rinne an Coimisiún measúnú an bhfuil na dialltaí a breathnaíodh ón treocht CAAS uile-Aontais agus ón treocht fhadtéarmach CAAS uile-Aontais dá dtagraítear in aithrisí (11) agus (12) i ngeall, go heisiach, ar chostais bhreise arna suí a bhaineann le bearta is gá chun na spriocanna feidhmíochta sa réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann le hacmhainneacht a bhaint amach nó ar chostais athstruchtúraithe de réir bhrí Airteagal 2, pointe (18), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(15) |
Maidir leis an gcritéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire go dtagraíonn an Eilvéis i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC do na costais bhreise arna suí arna dtabhú le linn TT4 ag an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta Skyguide i ndáil leis na bearta is gá chun na spriocanna acmhainneachta áitiúla a bhaint amach (‘bearta acmhainneachta’). Tá na príomhghnéithe seo a leanas sna bearta acmhainneachta a chuirtear i láthair:
|
|
(16) |
Ag féachaint don mheastóireacht arna déanamh ag CAF, tá na costais bhreise arna dtuairisciú ag an Eilvéis le haghaidh na mbeart acmhainneachta dá dtagraítear in aithris (15) i bhfad níos ísle i dtéarmaí airgeadaíochta ná na dialltaí a breathnaíodh ó na treochtaí costéifeachtúlachta uile-Aontais arna ríomh ag CAF. Thairis sin, tugann an Coimisiún faoi deara go bhféadfaí bearta áirithe acmhainneachta arna n-agairt ag an Eilvéis a mheas mar chuid de ghnáthoibríochtaí an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann nó go bhféadfadh sé nach rannchuideoidís go díreach le hacmhainneacht an aerspáis a fheabhsú. Dá bhrí sin, ní féidir teacht ar chonclúid, gan tuilleadh faisnéise agus anailíse mionsonraithe, maidir le cé acu is féidir nó nach féidir a mheas gur gá agus gur comhréireach na bearta acmhainneachta arna gcur i láthair ag an Eilvéis, ina n-iomláine, chun na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla le haghaidh TT4 a bhaint amach. Dá bhrí sin, tugann an Coimisiún dá aire nach féidir na dialltaí a breathnaíodh ó na treochtaí costéifeachtúlachta uile-Aontais dá dtagraítear in aithrisí (11) agus (12) a chur go heisiach i leith na gcostas breise a eascraíonn as na bearta acmhainneachta a cuireadh i láthair. |
|
(17) |
Dá bhrí sin, níor cheart a mheas go bhfuil an critéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 comhlíonta i ndáil leis an Eilvéis. |
|
(18) |
Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire nár chuir an Eilvéis i láthair i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC aon bheart athstruchtúraithe lena dtabharfaí údar le diall ón treocht CAAS uile-Aontais ná ón treocht fhadtéarmach CAAS uile-Aontais de bhun an chritéir a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(ii) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(19) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (10) go (18), ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta le haghaidh limistéar muirearaithe faoi bhealach na hEilvéise ar neamhréir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4. |
Athbhreithniú ar na bearta chun spriocanna comhshaoil a bhaint amach
|
(20) |
I gcomhréir le pointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar dhréachtphlean feidhmíochta FABEC trí athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta chun na spriocanna comhshaoil atá sa phlean sin a bhaint amach. |
|
(21) |
Ar bhonn an athbhreithnithe dá dtagraítear in aithris (20), tá amhras mór ar an gCoimisiún an leor na bearta a chuir an Eilvéis agus na Ballstáit is comhalta de FABEC i láthair chun spriocanna feidhmíochta comhshaoil FABEC a bhaint amach ionas gur féidir na spriocanna sin a bhaint amach go héifeachtach. Ag féachaint do thorthaí CAF, tugann an Coimisiún faoi deara, go háirithe, nach leor na bearta a chuir an Fhrainc i láthair i leith an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta DSNA chun na feabhsuithe spriocdhírithe ar éifeachtúlacht eitilte a chumasú le linn TT4. |
|
(22) |
Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart do FABEC bearta breise a chur i bhfeidhm chun a spriocanna comhshaoil a bhaint amach le haghaidh TT4, mar shampla, trí aerspás saorbhealaigh a chur chun feidhme go héifeachtach agus trí aerspás saorbhealaigh trasteorann a chur chun feidhme le Ballstáit chomharsanachta bhreise. |
Athbhreithniú ar na bearta chun spriocanna acmhainneachta a bhaint amach
|
(23) |
I gcomhréir le pointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar dhréachtphlean feidhmíochta FABEC trí athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta chun na spriocanna acmhainneachta faoi bhealach atá sa phlean sin a bhaint amach. |
|
(24) |
Ar bhonn an athbhreithnithe dá dtagraítear in aithris (23), tá amhras mór ar an gCoimisiún an leor na bearta a chuir an Eilvéis agus na Ballstáit is comhalta de FABEC i láthair chun spriocanna feidhmíochta acmhainneachta faoi bhealach FABEC a bhaint amach ionas gur féidir na spriocanna sin a bhaint amach go héifeachtach. Ag féachaint do thorthaí CAF, tugann an Coimisiún faoi deara, go háirithe, nach leor na bearta a chuir an Ghearmáin i láthair i leith an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta DFS chun freastal ar an éileamh tráchta a bhfuil coinne leis le linn TT4. |
|
(25) |
Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart don Eilvéis agus do na Ballstáit is comhalta de FABEC bearta breise a chur i bhfeidhm chun a spriocanna acmhainneachta a bhaint amach le haghaidh TT4, mar shampla, i leith oiliúint a chur ar ATCOnna breise agus iad a earcú, úsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní, agus socruithe comhair idir soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta. |
Athbhreithniú ar na spriocanna acmhainneachta maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt
|
(26) |
I gcomhréir le pointe 2.1(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar dhréachtphlean feidhmíochta FABEC trí athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt atá leagtha amach ag an Eilvéis i leith na n-aerfort dá dtagraítear in Airteagal 1(3) agus (4) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Fuarthas amach go bhfuil na spriocanna sin ina gcúis imní. |
|
(27) |
Ar an gcéad dul síos, tugann an Coimisiún dá aire gur tháinig meath ar an meánmhoill teachta BSAT in aghaidh na bliana i gcomparáid le TT3 mar thoradh ar na spriocanna acmhainneachta críochfoirt atá molta ag an Eilvéis le haghaidh TT4. Go deimhin, socraítear na spriocanna TT4 a mholtar ag 1,60 nóiméad in aghaidh na heitilte, cé gurb é idir 0,37 agus 1,50 nóiméad in aghaidh na heitilte an fheidhmíocht iarbhír a taifeadadh in TT3. |
|
(28) |
Ar an dara dul síos, nuair a rinneadh miondealú ar na spriocanna acmhainneachta críochfoirt de réir an aerfoirt, fuarthas amach go bhfuil an mhoill BSAT in aghaidh na heitilte d’aerfoirt Zurich agus na Ginéive i bhfad níos measa mar thoradh ar na spriocanna acmhainneachta críochfoirt sin ná leibhéal feidhmíochta aerfort comhchosúil arna sainaithint ag CAF. |
|
(29) |
Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart don Eilvéis údar breise a thabhairt leis na spriocanna acmhainneachta críochfoirt le haghaidh TT4 i bhfianaise na mbarúlacha a leagtar amach in aithrisí (27) agus (28), nó gur cheart di na spriocanna sin a athbhreithniú anuas. |
Athbhreithniú ar na spriocanna costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt
|
(30) |
I gcomhréir le pointe 2.1(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar dhréachtphlean feidhmíochta FABEC trí athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt atá leagtha amach ag an Eilvéis i leith na n-aerfort dá dtagraítear in Airteagal 1(3) agus (4) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin sin. |
|
(31) |
Tugann an Coimisiún faoi deara go dtagann treocht CAAS +1,0 % le linn TT4, treocht atá ag dul in olcas, as na spriocanna costéifeachtúlachta atá beartaithe le haghaidh limistéar muirearaithe críochfoirt na hEilvéise. Thairis sin, fuarthas amach go meastar go bhfuil an meán-CAAS le haghaidh TT4 le haghaidh na seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt ag aerfoirt Zurich agus na Ginéive i bhfad níos airde ná CAAS airmheánach na n-aerfort comhchosúil arna sainaithint ag CAF. |
|
(32) |
Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart don Eilvéis údar breise a thabhairt leis na spriocanna costéifeachtúlachta críochfoirt le haghaidh TT4 i bhfianaise na mbarúlacha a leagtar amach in aithris (31) nó gur cheart di na spriocanna sin a athbhreithniú anuas. |
Athbhreithniú ar na scéimeanna dreasachta um acmhainneachta faoi bhealach agus um acmhainneacht críochfoirt
|
(33) |
I gcomhréir le pointe 2.1(f) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar na scéimeanna dreasachta atá i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC chun na spriocanna acmhainneachta a bhaint amach (‘scéimeanna dreasachta um acmhainneacht’). Suíodh gur cúis imní iad na scéimeanna dreasachta um acmhainneacht le haghaidh TT4 arna mbunú ag an Eilvéis le haghaidh seirbhísí faoi bhealach agus seirbhísí críochfoirt. |
|
(34) |
Tugann an Coimisiún faoi deara nach bhfuil ach 0,50 % de na costais arna suí i gceist leis an míbhuntáiste airgeadais uasta atá i scéim dreasachtaí FABEC um acmhainneacht faoi bhealach agus scéim dreasachta na hEilvéise um acmhainneacht críochfoirt, mar a bhunaítear i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC. Ag féachaint don chomhairle shaineolach a chuir CAF ar fáil, measann an Coimisiún nach gcomhlíonann na míbhuntáistí airgeadais uasta le haghaidh na scéimeanna dreasachta sin Airteagal 11(3), pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, lena gceanglaítear go mbeidh ‘tionchar ábhartha ar ioncam atá i mbaol’ ag scéimeanna dreasachta den sórt sin. |
|
(35) |
Dá bhrí sin, ba cheart don Eilvéis, i leith dhréachtphlean feidhmíochta FABEC, athbhreithniú a dhéanamh ar a scéimeanna dreasachta um acmhainneacht dá dtagraítear in aithris (34) ionas go mbeidh na míbhuntáistí airgeadais uasta a eascraíonn as na scéimeanna dreasachta sin socraithe ar leibhéal ag a bhfuil tionchar ábhartha ar an ioncam atá i mbaol, mar a cheanglaítear le hAirteagal 11(3), pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Is é tuairim an Choimisiúin é gur cheart míbhuntáiste airgeadais uasta ar luach 1 % nó níos airde de na costais bhliantúla arna suí a bheith ann mar thoradh ar an athbhreithniú sin. |
3. CONCLÚIDÍ
|
(36) |
I bhfianaise an mhéid thuas, níor cheart a mheas go bhfuil spriocanna feidhmíochta áirithe atá i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC i leith na hEilvéise comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4. |
|
(37) |
Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 14(3), an dara fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá an Eilvéis agus Ballstáit FABEC lena ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 3 mhí ón dáta a ghlacfar an Cinneadh seo, agus na moltaí a rinne an Coimisiún á gcur san áireamh. |
|
(38) |
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Eilvéis maidir leis na moltaí a leagtar amach sa Chinneadh seo, i gcomhréir le hAirteagal 19(2) den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na spriocanna feidhmíochta i leith na hEilvéise a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus atá i ndréachtphlean feidhmíochta Bhloc Feidhme Aerspáis Lár na hEorpa, tá siad ar neamhréir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688 ón gCoimisiún.
Airteagal 2
Déanfaidh an Eilvéis athbhreithniú anuas ar na spriocanna costéifeachtúlachta atá socraithe dá limistéar muirearaithe faoi bhealach, arna léiriú mar chostas aonaid arna shuí (CAAS).
Agus a cuid spriocanna costéifeachtúlachta á n-athbhreithniú ag an Eilvéis, déanfaidh sí na nithe seo a leanas:
|
(a) |
a áirithiú go bhfuil na spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe comhsheasmhach leis an treocht CAAS uile-Aontais agus leis an treocht fhadtéarmach CAAS uile-Aontais araon, dá dtagraítear, faoi seach, i bpointe 1.4(a) agus (b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317; |
|
(b) |
leibhéal na gcostas arna suí a laghdú dá réir sin, i leith na bliana féilire 2029 go háirithe; |
|
(c) |
na réamhaisnéisí tráchta is déanaí a úsáid, arna sloinneadh in aonaid seirbhíse, i gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
I gcás ina n-agraíonn an Eilvéis, ina dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe atá le cur isteach i gcomhréir le hAirteagal 14(3), an dara fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, diall faoi phointe 1.4(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, áiritheoidh sí go dtabharfar bunús leis an diall sin le faisnéis leordhóthanach agus le réasúnuithe leordhóthanacha. Go háirithe, léireoidh an Eilvéis nach mbaineann aon bheart arna agairt chun údar a thabhairt le diall ó spriocanna costéifeachtúlachta uile-Aontais ach le hacmhainní oibríochtúla breise nó leis na cumais theicniúla bhreise is gá chun na spriocanna acmhainneachta a bhaint amach.
Airteagal 3
Is chuig Cónaidhm na hEilvéise a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Bealtaine 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Apostolos TZITZIKOSTAS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 114, 30.4.2002, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2002/309(2)/oj.
(2) IO L 96, 31.3.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/549/oj.
(3) IO L, 2024/2803, 11.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2803/oj.
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2024 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an gceathrú tréimhse thagartha dar tús an 1 Eanáir 2025 agus dar críoch an 31 Nollaig 2029 (IO L, 2024/1688, 17.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1688/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus (AE) Uimh. 391/2013 (IO L 56, 25.2.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/317/oj).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le soláthar seirbhísí) (IO L 96, 31.3.2004, lch. 10, ELI http://data.europa.eu/eli/reg/2004/550/oj).
IARSCRÍBHINN
Spriocanna feidhmíochta a cinneadh a bheith ar neamhréir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha
AN RÉIMSE TÁBHACHTACH FEIDHMÍOCHTA A BHAINEANN LE COSTÉIFEACHTÚLACHT
|
Limistéar muirearaithe faoi bhealach na hEilvéise |
Luach bonnlíne 2019 |
Luach bonnlíne 2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
2029 |
|
Spriocanna agus luachanna bonnlíne sa réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann le costéifeachtúlacht, arna léiriú mar chostas aonaid arna shuí (i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2022) |
CHF 110,08 |
CHF 124,74 |
CHF 131,82 |
CHF 133,17 |
CHF 131,03 |
CHF 128,63 |
CHF 129,42 |
|
EUR 109,54 |
EUR 124,13 |
EUR 131,17 |
EUR 132,51 |
EUR 130,39 |
EUR 128,00 |
EUR 128,79 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1039/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)