This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D0814
Council Decision (CFSP) 2025/814 of 25 April 2025 amending Decision (CFSP) 2015/1333 concerning restrictive measures in view of the situation in Libya
Cinneadh (CBES) 2025/814 ón gComhairle an 25 Aibreán 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
Cinneadh (CBES) 2025/814 ón gComhairle an 25 Aibreán 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
ST/6812/2025/INIT
IO L, 2025/814, 28.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/814/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/814 |
28.4.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/814 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Aibreán 2025
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Iúil 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/1333 (1). |
|
(2) |
An 16 Eanáir 2025, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2769 (2025), lena n-athdhearbhaítear a tiomantas láidir do cheannasacht, neamhspleáchas, iomláine chríochach agus aontacht náisiúnta na Libia agus lena gcinntear go bhfuil an staid sa Libia fós ina bagairt ar an tsíocháin agus ar an tslándáil idirnáisiúnta. |
|
(3) |
Le Rún 2769 (2025) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, tugadh isteach dhá dhíolúine ón trádbhac arm agus critéar liostaithe nua, dóibh siúd atá faoi réir srianta ar chead isteach nó reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha, nó an dá rud. |
|
(4) |
Ina theannta sin, le Rún 2769 (2025) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, modhnaíodh raon feidhme na mbeart a forchuireadh ar Údarás Infheistíochta na Libia. |
|
(5) |
Ní mór don Aontas tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun bearta áirithe a chur chun feidhme. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2015/1333 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 2: ‘5. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 1 maidir le haon chúnamh teicniúil ná oiliúint theicniúil a sholáthraíonn na Ballstáit d’fhórsaí slándála na Libia arb é is aidhm dóibh an próiseas maidir le hathaontú institiúidí míleata agus slándála na Libia a chur chun cinn, agus an próiseas sin amháin, ná maidir le hairm nó trealamh míleata a bheith á dtabhairt isteach go sealadach sa Libia, ar airm nó trealamh míleata iad atá beartaithe lena n-úsáid ag soláthraithe cúnaimh theicniúil agus oiliúna teicniúla den sórt sin nach soláthraithe de chuid na Libia iad, agus acu sin amháin, chun cúnamh den sórt sin a sheachadadh nó chun iad a úsáid go cosantach, mar a cuireadh in iúl roimh ré don Choiste. 6. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 1 maidir le haerárthaí míleata ná soithí cabhlaigh arna dtabhairt isteach go sealadach i gcríoch na Libia ag Ballstát, chun earraí a sheachadadh nó chun gníomhaíochtaí a éascú, agus sin amháin, ar ghníomhaíochtaí iad atá díolmhaithe ar shlí eile nó nach gcumhdaítear leis an trádbhac arm, lena n-áirítear cúnamh daonnúil, ná maidir le hairm agus ábhar gaolmhar chun críoch cosanta a fhanann i gcónaí ar bord an tsoithigh nó an aerárthaigh le linn dóibh a bheith sa Libia go sealadach, nó a bhíonn i gcónaí ar iompar ag aon phearsanra nach pearsanra de chuid na Libia iad a dhíbhordáil go sealadach ón soitheach nó ón aerárthach sin.’ |
|
(2) |
in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó idirthuras trína gcríocha, a chosc i gcás daoine arna n-ainmniú agus arna gcur faoi shrianta taistil ag an gComhairle Slándála nó ag an gCoiste i gcomhréir le mír 22 de Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, mír 23 de Rún 1973 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, mír 4 de Rún 2174 (2014) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, mír 11 de Rún 2213 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, mír 11 de Rún 2362 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, mír 11 de Rún 2441 (2018) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus mír 18 de Rún 2769 (2025) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I.’ |
|
(3) |
Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Aibreán 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. SZŁAPKA
(1) Cinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (IO L 206, 1.8.2015, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/1333/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/814/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)