This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D0716
Commission Implementing Decision (EU) 2025/716 of 7 April 2025 amending Implementing Decision (EU) 2024/2207 concerning certain emergency measures relating to sheep pox and goat pox in Greece (notified under document C(2025) 2237)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/716 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2207 ón gCoimisiún maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Ghréig (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 2237)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/716 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2207 ón gCoimisiún maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Ghréig (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 2237)
C/2025/2237
IO L, 2025/716, 10.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/716/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/716 |
10.4.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/716 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Aibreán 2025
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2207 ón gCoimisiún maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Ghréig
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 2237)
(Is é an téacs Gréigise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach é an bholgach caorach agus an bholgach gabhar a bhíonn ar ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. |
|
(2) |
I gcás ráig den bholgach caorach agus den bholgach gabhar in ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair, tá baol suntasach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair. |
|
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear an bholgach caorach agus an bholgach gabhar, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseofar leis an gcrios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
|
(4) |
Chun aghaidh a thabhairt ar ráigeanna den bholgach caorach agus den bholgach gabhar sa Ghréig, ar tugadh fógra ina leith i mí Lúnasa 2024, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2207 ón gCoimisiún (4) ina leagtar síos bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an ngalar sin sa Ghréig. Go háirithe, déantar foráil leis maidir leis na criosanna cosanta, na criosanna faireachais agus na criosanna srianta breise atá le bunú ag an mBallstát sin, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, go gcuimseoidh na criosanna sin ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. |
|
(5) |
Ó rinneadh an leasú deireanach ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2207, thug an Ghréig fógra don Choimisiún faoi 5 ráig nua den bholgach caorach agus den bholgach gabhar, a tuairiscíodh idir an 20 Márta agus an 2 Aibreán 2025 i mbunaíochtaí ina raibh ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair ar coimeád, in aonaid réigiúnachaRhodopi agus Magnesia, agus ar oileán Samothrace in aonad réigiúnach Evros. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta, criosanna faireachais agus criosanna srianta breise le haghaidh na Gréige san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2207, chomh maith le fad na mbeart is infheidhme iontu, ba cheart iad a choigeartú chun leathadh breise an ghalair sa Ghréig nó sa chuid eile den Aontas a chosc. Dá réir sin, is gá liosta na gcriosanna srianta agus fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin a leasú. |
|
(7) |
Tá méid na gcriosanna cosanta, na gcriosanna faireachais agus na gcriosanna srianta breise agus fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin bunaithe ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 freisin. Ar na critéir a chuirtear i bhfeidhm maidir le rogha mhéid na gcriosanna cosanta, faireachais agus srianta breise, chomh maith le fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin, áirítear breithniú ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin, agus ní hamháin sin ach ar staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar ar chríoch iomlán an Bhallstáit lena mbaineann an galar sin freisin, chomh maith leis an leibhéal riosca atá ann maidir le leathadh breise an ghalair. Cuireadh san áireamh freisin caighdeáin idirnáisiúnta an Chód um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe agus fad na mbeart á chinneadh (5). Sa staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair, tá ardriosca ann go leathfaidh an galar a thuilleadh, ós rud é go bhfuil ráigeanna fós á dtuairisciú in aonaid réigiúnacha Rhodopi agus Magnesia níos mó ná 4 mhí ó tuairiscíodh na chéad ráigeanna sna haonaid réigiúnacha sin, agus ar oileán Samothrace in aonad réigiúnach Evros, níos mó ná 2 mhí ó tuairiscíodh an chéad ráig ar an oileán seo, rud a thugann le fios go bhfuil an galar fós ag scaipeadh, in ainneoin na mbeart atá i bhfeidhm cheana, laistigh de na criosanna srianta arna mbunú sna limistéir sin le cur chun feidhme Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2207. |
|
(8) |
Ina theannta sin, i bhfianaise na 5 ráig nua den bholgach caorach agus den bholgach gabhar a tharla sa Ghréig ó rinneadh an leasú deireanach ar Chinneadh (AE) Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2207, is gá fad a chur leis an toirmeasc ar ghluaiseachtaí caorach agus gabhar ó chríoch iomlán na Gréige chuig ceann scríbe lasmuigh den Ghréig, go dtí an 30 Meán Fómhair 2025 ar a laghad, chun leathadh an ghalair go dtí an chuid eile den Aontas nó chuig tríú tíortha agus aon bhacainn trádála nach bhfuil údar léi a fhorchuireann tríú tíortha a sheachaint. |
|
(9) |
Tá bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2207
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2207 mar a leanas:
|
1. |
in Airteagal 3, mír (e), cuirtear ‘30 Meán Fómhair 2025’ in ionad an dáta ‘31 Iúil 2025’; |
|
2. |
cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne. |
Airteagal 2
Seolaí
Is chuig an bPoblacht Heilléanach a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Aibreán 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil baol suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2207 ón gCoimisiún an 29 Lúnasa 2024 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Ghréig (IO L, 2024/2207, 30.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2207/oj).
(5) https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/terrestrial-code-online-access/.
IARSCRÍBHINN
A. Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar na ráigeanna deimhnithe
|
Aonad réigiúnach agus uimhir thagartha ADIS na ráigeanna |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid den chrios srianta sa Ghréig dá dtagraítear in Airteagal 2 |
An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí |
|
Aonad réigiúnach Phocis GR-CAPRIPOX-2024-00135 GR-CAPRIPOX-2024-00236 GR-CAPRIPOX-2024-00301 GR-CAPRIPOX-2025-00009 GR-CAPRIPOX-2025-00037 GR-CAPRIPOX-2025-00039 GR-CAPRIPOX-2025-00042 GR-CAPRIPOX-2025-00043 |
Crios cosanta: Those parts of the regional units of Phocis and Aetolia-Acarnania, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat.38.408917, Long. 21.929083 (2024/135), Lat. 38.403889, Long. 21.891667 (2024/236), Lat. 38.398889, Long. 21.921111 (2024/301),Lat. 38.417222, Long. 21.941944 (2025/9), Lat. 38.413611, Long. 21.946388 (2025/37), Lat. 38.389722, Long. 21.906944 (2025/39), Lat. 38.405277, Long. 21.894166 (2025/42), Lat. 38.449167, Long. 21.9475 (2025/43) |
4.4.2025 |
|
Crios faireachais: Those parts of the regional units of Phocis and Aetolia-Acarnania, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 Lat.38.408917, Long. 21.929083 (2024/135), Lat. 38.403889, Long. 21.891667 (2024/236),Lat. 38.398889, Long. 21.921111 (2024/301), Lat. 38.417222, Long. 21.941944 (2025/9), Lat. 38.413611, Long. 21.946388 (2025/37), Lat. 38.389722, Long. 21.906944 (2025/39), Lat. 38.405277, Long. 21.894166 (2025/42), Lat. 38.449167, Long. 21.9475 (2025/43)excluding the areas contained in any protection zone |
13.4.2025 |
|
|
Crios faireachais: Those parts of the regional units of Phocis, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat.38.408917, Long. 21.929083 (2024/135), Lat. 38.403889, Long. 21.891667 (2024/236), Lat. 38.398889, Long. 21.921111 (2024/301), Lat. 38.417222, Long. 21.941944 (2025/9), Lat. 38.413611, Long. 21.946388 (2025/37), Lat. 38.389722, Long. 21.906944 (2025/39), Lat. 38.405277, Long. 21.894166 (2025/42), Lat. 38.449167, Long. 21.9475 (2025/43) |
5.4.2025 – 13.4.2025 |
|
|
Aonad réigiúnach Thessaloniki GR-CAPRIPOX-2025-00047 |
Crios cosanta: Those parts of the regional units of Thessaloniki and Chalkidiki contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat.40.661712, Long. 23.353014 (2025/00047) |
4.4.2025 |
|
Crios faireachais: Those parts of the regional units of Thessaloniki and Chalkidiki contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat.40.661712, Long. 23.353014 (2025/00047) excluding the areas contained in any protection zone |
13.4.2025 |
|
|
Crios faireachais: Those parts of the regional units of Thessaloniki and Chalkidiki contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat.40.661712, Long. 23.353014 (2025/00047) |
5.4.2025 – 13.4.2025 |
|
|
Aonad Réigiúnach Evros – Bardasacht Samothrace GR-CAPRIPOX-2025-00044 GR-CAPRIPOX-2025-00046 GR-CAPRIPOX-2025-00049 |
Crios cosanta: Those parts of the municipality of Samothrace contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 40.473287, Long. 25.667951 (2025/00044), Lat.40.480667, Long. 25.481976 (2025/00046), Lat. 40.400815, Long. 25.58559 (2025/00049) |
11.4.2025 |
|
Crios faireachais: Those parts of the municipality of Samothrace contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 40.473287, Long. 25.667951 (2025/00044), Lat. 40.480667, Long. 25.481976 (2025/00046) Lat. 40.400815, Long. 25.58559 (2025/00049) excluding the areas contained in any protection zone |
20.4.2025 |
|
|
Crios faireachais: Those parts of the municipality of Samothrace contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 40.473287, Long. 25.667951 (2025/00044), Lat. 40.480667, Long. 25.481976 (2025/00046), Lat. 40.400815, Long. 25.58559 (2025/00049) |
12.4.2025 – 20.4.2025 |
|
|
Aonad réigiúnach Aetolia-Acarnania GR-CAPRIPOX-2025-00045 |
Crios cosanta: Those parts of the regional units of Aetolia-Acarnania and Phocis contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 38.391486, Long. 21.854056 (2025/00045) |
4.4.2025 |
|
Crios faireachais: Those parts of the regional units of Aetolia-Acarnania and Phocis contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 38.391486, Long. 21.854056 (2025/00045) excluding the areas contained in any protection zone |
13.4.2025 |
|
|
Crios faireachais: Those parts of the regional units of Aetolia-Acarnania and Phocis contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 38.391486, Long. 21.854056 (2025/00045) |
5.4.2025 – 13.4.2025 |
|
|
Regional unit of Rhodopi GR-CAPRIPOX-2025-00048 GR-CAPRIPOX-2025-00051 GR-CAPRIPOX-2025-00052 |
Crios cosanta: Those parts of the regional units of Rhodopi, Evros and Xanthi contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 41.114744, Long. 25.172189 (2025/00048), Lat. 40.961418, Long. 25.573621 (2025/00051), Lat. 41.047725, Long. 25.399029 (2025/00052) |
28.4.2025 |
|
Crios faireachais: Those parts of the regional units of Rhodopi, Evros and Xanthi contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 41.114744, Long. 25.172189 (2025/00048), Lat. 40.961418, Long. 25.573621 (2025/00051), Lat. 41.047725, Long. 25.399029 (2025/00052) excluding the areas contained in any protection zone |
7.5.2025 |
|
|
Crios faireachais: Those parts of the regional units of Rhodopi, Evros and Xanthi contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 41.114744, Long. 25.172189 (2025/00048), Lat. 40.961418, Long. 25.573621 (2025/00051), Lat. 41.047725, Long. 25.399029 (2025/00052) |
29.4.2025 – 7.5.2025 |
|
|
Regional unit of Magnesia GR-CAPRIPOX-2025-00050 |
Crios cosanta: Those parts of the regional unit of Magnesia contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 39.198442, Long. 22.721743 (2025/00050) |
18.4.2025 |
|
Crios faireachais: Those parts of the regional units of Magnesia contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 39.198442, Long. 22.721743 (2025/00050) excluding the areas contained in any protection zone |
27.4.2025 |
|
|
Crios faireachais: Those parts of the regional units of Magnesia contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 39.198442, Long. 22.721743 (2025/00050) |
19.4.2025 – 27.4.2025 |
B. Criosanna srianta breise
|
Crios srianta breise |
Aonad réigiúnach |
Limistéir atá sna criosanna srianta breise a bhunaítear sa Ghréig dá dtagraítear in Airteagal 2 |
An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí |
|
Crios srianta breise Uimh. 1 |
Aonad réigiúnach Evros |
The regional unit of Evros excluding the municipality of Samothrace, excluding the areas included in any protection or surveillance zone. |
7.5.2025 |
|
The regional unit of Evros excluding the municipality of Samothrace |
8.5.2025 – 6.6.2025 |
||
|
Crios srianta breise Uimh. 2 |
Aonad réigiúnach Rhodopi |
The regional unit of Rhodopi, excluding the areas included in any protection or surveillance zone. |
7.5.2025 |
|
The regional unit of Rhodopi |
8.5.2025 – 6.6.2025 |
||
|
Crios srianta breise Uimh. 3 |
Aonad réigiúnach Kavala |
The regional unit of Kavala including the municipality of Thasos |
6.6.2025 |
|
Regional unit of Drama |
The municipality of Doxato |
6.6.2025 |
|
|
Aonad réigiúnach Xanthi |
The regional unit of Xanthi excluding the areas included in any protection or surveillance zone. |
7.5.2025 |
|
|
The regional unit of Xanthi |
8.5.2025 – 6.6.2025 |
||
|
Crios srianta breise Uimh. 4 |
Aonad réigiúnach Chalkidiki |
The municipalities of Aristotelis, and Polygyros, excluding the areas included in any protection or surveillance zone. |
13.4.2025 |
|
Aonad réigiúnach Chalkidiki |
The municipalities of Aristotelis, and Polygyros. |
14.4.2025 – 13.5.2025 |
|
|
Crios srianta breise Uimh. 8 |
Regional unit of Magnesia |
The regional unit of Magnesia, excluding the Sporades islands and the areas included in any protection or surveillance zone. |
27.4.2025 |
|
The regional unit of Magnesia, excluding the Sporades islands |
28.4.2025 – 27.5.2025 |
||
|
Aonad réigiúnach Phthiotis |
The municipality of Stylida, excluding the areas included in any protection or surveillance zone. |
27.4.2025 |
|
|
The municipality of Stylida |
28.4.2025 – 27.5.2025 |
||
|
Crios srianta breise Uimh. 9 |
Aonad réigiúnach Phocis |
The municipality of Dorida, excluding the areas included in any protection or surveillance zone. |
13.4.2025 |
|
The municipality of Dorida |
14.4.2025 – 13.5.2025 |
||
|
Aonad réigiúnach Aetolia-Acarnania |
The municipalities of Nafpaktia and Messolonghi, excluding the the areas included in any protection or surveillance zone. |
13.4.2025 |
|
|
The municipalities of Nafpaktia and Messolonghi |
14.4.2025 – 13.5.2025 |
||
|
Crios srianta breise Uimh. 9A |
Aonad réigiúnach Aetolia-Acarnania |
The municipalities of Agrinio and Xiromero and Thermo. |
26.4.2025 |
|
Crios srianta breise Uimh. 15 |
Aonad Réigiúnach Heraklion |
The regional unit of Heraklion |
13.3.2025 – 11.4.2025 |
|
Crios srianta breise Uimh. 16 |
Bardasacht Samothrace in aonad réigiúnach Evros |
The municipality of Samothrace excluding the areas included in any protection or surveillance zone. |
20.4.2025 |
|
The municipality of Samothrace |
21.4.2025 – 20.5.2025 |
||
|
Crios srianta breise Uimh. 17 |
Bardasacht Skyros in aonad réigiúnach Euboea |
The municipality of Skyros |
15.3.2025 – 13.4.2025 |
|
Crios srianta breise Uimh. 18 |
Aonad réigiúnach Thessaloniki |
The municipalities of Volvi and Lagkadas, excluding the areas included in any protection or surveillance zone. |
13.4.2025 |
|
Aonad réigiúnach Thessaloniki |
The municipalities of Volvi and Lagkadas. |
14.4.2025 – 13.5.2025 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/716/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)