This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D0700
Council Decision (CFSP) 2025/700 of 7 April 2025 concerning restrictive measures in view of Russia’s actions destabilising the situation in Ukraine
Cinneadh (CBES) 2025/700 ón gComhairle an 7 Aibreán 2025 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
Cinneadh (CBES) 2025/700 ón gComhairle an 7 Aibreán 2025 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
ST/7409/2025/INIT
IO L, 2025/700, 8.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/700/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/700 |
8.4.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/700 ÓN gCOMHAIRLE
an 7 Aibreán 2025
a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1). |
|
(2) |
An 24 Feabhra 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/394 (2), lenar leasaíodh Cinneadh 2014/512/CBES agus lenar tugadh isteach tuilleadh bearta sriantacha chun gníomhaíochtaí craoltóireachta san Aontas, nó atá dírithe ar an Aontas, a chur ar fionraí – gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí meán áirithe a liostaítear i bpointe (3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2025/394. De bhun Airteagal 1, pointe (30) de Chinneadh (CBES) 2025/394, tá infheidhmeacht na mbeart sin i dtaca le ceann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí meán sin faoi réir cinneadh eile ón gComhairle. |
|
(3) |
Tar éis di na cásanna faoi seach a scrúdú, chinn an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag na bearta sriantacha dá dtagraítear in Airteagal 4g de Chinneadh 2014/512/CBES ón 9 Aibreán 2025 maidir leis na heintitis uile a liostaítear i bpointe (3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2025/394, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 4g de Chinneadh 2014/512/CBES ón 9 Aibreán 2025 maidir leis na heintitis uile a liostaítear i bpointe (3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2025/394.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 7 Aibreán 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BARANOWSKI
(1) Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/512/oj).
(2) Cinneadh (CBES) 2025/394 ón gComhairle an 24 Feabhra 2025 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L, 2025/394, 24.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/394/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/700/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)