Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D0483

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/483 ón gCoimisiún an 14 Márta 2025 gan údarú Aontais a dheonú le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha INTERKOKASK i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 1556)

C/2025/1556

IO L, 2025/483, 17.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/483/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/483/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/483

17.3.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/483 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Márta 2025

gan údarú Aontais a dheonú le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘INTERKOKASK’ i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 1556)

(Is é an téacs Gearmáinise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 44(5), an chéad fhomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Márta 2018 chuir Interhygiene GmbH iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ar údarú Aontais maidir leis an bhfine táirgí bithicídeacha ar a dtugtar ‘INTERKOKASK’ de chineál táirge 3 a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin ina bhfuil trí fhoghrúpa táirgí (‘meitea-ASTanna’). Thug Interhygiene GmbH deimhniú i scríbhinn freisin gur chomhaontaigh údarás inniúil na Gearmáine meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas. Rinneadh taifead den iarratas faoi chás-uimhir BC-TF038372-40 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha.

(2)

Is é clóracréasól an tsubstaint ghníomhach in ‘INTERKOKASK’, ar substaint é atá ar an liosta Aontais de shubstaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcás chineál táirge 3.

(3)

An 5 Eanáir 2024 thug an t-údarás inniúil meastóireachta an deis do Interhygiene GmbH barúlacha i scríbhinn a thabhairt laistigh de 30 lá faoin dréacht-tuarascáil mheasúnaithe agus faoi chonclúidí na meastóireachta, i gcomhréir le hAirteagal 44(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. An 12 Feabhra 2024 sheol Interhygiene GmbH a bharúlacha chuig an údarás inniúil meastóireachta. Thug an t-údarás inniúil meastóireachta aird ar na barúlacha sin agus a mheastóireacht á tabhairt chun críche aige agus sholáthair sé freagraí ar na barúlacha an 22 Márta 2024.

(4)

An 22 Márta 2024 chuir an t-údarás inniúil meastóireachta, i gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, tuarascáil mheasúnaithe agus conclúidí a mheastóireachta faoi bhráid na Gníomhaireachta.

(5)

Agus an tuairim ón nGníomhaireacht á hullmhú aici i gcomhréir le hAirteagal 44(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, tugadh deis do Interhygiene GmbH a bheith rannpháirteach i bpróiseas ullmhaithe na tuairime ón nGníomhaireacht i gcomhréir le nós imeachta oibre na Gníomhaireachta maidir le hiarratais ar údarú Aontais. Idir an 22 Márta 2024 agus an 18 Meán Fómhair 2024, cuireadh Interhygiene GmbH ar an eolas faoi stádas an nós imeachta, tugadh cuireadh dó páirt a ghlacadh i gcruinnithe ábhartha mheithleacha agus Choiste um Tháirgí Bithicídeacha na Gníomhaireachta agus iarradh air barúil a thabhairt. Níor fhreastail Interhygiene GmbH ar na cruinnithe agus níor thug sé barúlacha. An 18 Meán Fómhair 2024 ghlac Coiste um Tháirgí Bithicídeacha na Gníomhaireachta an tuairim chríochnaitheach (2).

(6)

An 24 Meán Fómhair 2024, chuir an Ghníomhaireacht a tuairim faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an iarratas ar údarú Aontais le haghaidh ‘INTERKOKASK’ mar aon leis an tuarascáil mheasúnaithe, i gcomhréir le hAirteagal 44(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(7)

Is é conclúid na tuairime nach gcomhlíonann ‘INTERKOKASK’ an sainmhíniú ar fhine táirgí bithicídeacha a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointe (s), de Rialachán (AE) 528/2012, agus go mbeadh na táirgí, i bprionsabal, incháilithe le haghaidh údarú Aontais i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ach ar bhonn na faisnéise a sholáthair Interhygiene GmbH i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus Airteagal 44(2) den Rialachán sin, nach gcomhlíonann an grúpa táirgí bithicídeacha na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointe (b)(iii) agus pointe (d), den Rialachán sin. Ina theannta sin, ní chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointe (b)(iv) agus pointe (c), den Rialachán sin ach i gcás meitea-ASTanna áirithe.

(8)

De réir na tuairime ón nGníomhaireacht, tá na táirgí san iarratas chomh difriúil sin ó thaobh comhdhéanaimh de nach meastar gur grúpa táirgí bithicídeacha iad a bhfuil comhdhéanamh comhchosúil acu mar a cheanglaítear leis an sainmhíniú ar fhine táirgí bithicídeacha in Airteagal 3(1), pointe (s)(iii) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Measann an Ghníomhaireacht freisin gur léirítear leis an bhfaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir riosca do-ghlactha d’úsáideoirí gairmiúla agus d’úsáideoirí neamhghairmiúla na dtáirgí agus, dá bhrí sin, tháinig sí ar an gconclúid nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) pointe (b)(iii) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(9)

Is é conclúid na Gníomhaireachta freisin nach meastar na hairíonna fisiceimiceacha a bheith inghlactha chun táirgí i meitea-AST 1 a úsáid, a stóráil agus a iompar go hiomchuí de bharr thorthaí na tástála cobhsaíochta caolúcháin lena léirítear iarmhair os cionn na teorann inghlactha, rud a d’fhéadfadh riosca do-ghlactha a chruthú don oibreoir nó difear a dhéanamh d’éifeachtúlacht na dtáirgí. Meastar go bhfuil na hairíonna fisiceimiceacha inghlactha chun táirgí i meitea-AST 2 agus 3 a úsáid, a stóráil agus a iompar go hiomchuí. Mar sin féin, níorbh fhéidir aicmiú a dhéanamh i ndáil le guaiseacha fisiceacha na dtáirgí i ngach meitea-ASTanna mar gheall ar thorthaí éagsúla na dtástálacha inadhainteachta le haghaidh táirgí i meitea-AST 1 agus 2, ar thorthaí éagsúla na dtástálacha creimneachta le haghaidh miotal le haghaidh táirgí i meitea AST 1 agus ar na bearnaí sonraí maidir le hairíonna pléascacha le haghaidh táirgí i meitea AST uile, ar thorthaí éagsúla na dtástálacha creimneachta le haghaidh miotal le haghaidh táirgí i meitea-AST 2 agus na dtástálacha splancphointe le haghaidh táirgí i meitea-AST 3. Dá bhrí sin, ní mheastar coinníoll Airteagal 19(1), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a bheith comhlíonta i gcás gach meitea-AST. Is é conclúid na Gníomhaireachta, murar féidir aicmiú a dhéanamh gan débhrí, nach féidir a áirithiú go sannfar ball nua d’fhine táirgí bithicídeacha ar tugadh fógra ina leith de réir Airteagal 17(6) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 don mheitea-AST cheart.

(10)

Thairis sin, sa tuairim ón nGníomhaireacht, i gcás táirgí i meitea-AST 1 agus 3, sainaithnítear riosca do-ghlactha don chomhshaol maidir le cur i bhfeidhm an táirge i stáblaí de chatagóirí éagsúla ainmhithe, rud a fhágann gur thángthas ar an gconclúid nach gcomhlíontar coinníoll Airteagal 19(1), pointe (b)(iv) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcás na gcatagóirí ainmhithe sin. Ina theannta sin, sa tuairim ón nGníomhaireacht, maidir le cuid den ghrúpa táirgí, meastar nár soláthraíodh modh anailíseach bailíochtaithe chun tiúchan na substainte gníomhaí a chinneadh agus is é conclúid na tuairime nach gcomhlíontar coinníoll Airteagal 19(1), pointe (c) den Rialachán sin i gcás táirgí i meitea-AST 2.

(11)

Tá sé beartaithe ag an nGníomhaireacht, dá bhrí sin, gan an fhine táirgí bithicídeacha ‘INTERKOKASK’ a údarú.

(12)

Aontaíonn an Coimisiún leis an tuairim ón nGníomhaireacht nach gcomhlíonann ‘INTERKOKASK’ an sainmhíniú ar fhine táirgí bithicídeacha a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointe (s)(iii) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus nach gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointe (b)(iii) agus pointe (d) den Rialachán sin. Aontaíonn an Coimisiún freisin le conclúid na Gníomhaireachta nach gcomhlíonann an t-iarratas ach cuid de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 19(1), pointe (b)(iv) agus pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gurb iomchuí gan údarú Aontais a dheonú le haghaidh ‘INTERKOKASK’.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ní dheonaítear údarú Aontais do Interhygiene GmbH maidir leis an bhfine táirgí bithicídeacha ‘INTERKOKASK’ a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig Interhygiene GmbH, Neufelder Str. 30, 27472 Cuxhaven, an Ghearmáin.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Márta 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Olivér VÁRHELYI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.

(2)  Tuairim ó ECHA an 18 Meán Fómhair 2024 maidir leis an údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘INTERKOKASK’ (ECHA/BPC/441/2024), https://echa.europa.eu/de/opinions-on-union-authorisation.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/483/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top