Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D0404

Cinneadh (CBES) 2025/404 ón gComhairle an 24 Feabhra 2025 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir

ST/5051/2025/INIT

IO L, 2025/404, 25.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/404/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/404/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/404

25.2.2025

CINNEADH (CBES) 2025/404 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Feabhra 2025

lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33, i gcomhar le hAirteagal 31(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 13 Meitheamh 2005, chomhaontaigh an Chomhairle Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (IASE) don Áise Láir a cheapadh (1).

(2)

An 21 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1013 (2) lena gceaptar Terhi HAKALA mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir.

(3)

An 6 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/260 (3), lena gcuirtear síneadh le sainordú Terhi HAKALA mar ISAE don Áise Láir. Rachaidh sainordú ISAE in éag an 28 Feabhra 2025.

(4)

Chuir Terhi HAKALA in iúl go raibh sí chun éirí as oifig, a tháinig i bhfeidhm an 31 Nollaig 2024.

(5)

Ba cheart ISAE don Áise Láir a cheapadh ar feadh tréimhse 24 mhí.

(6)

Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas, agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh

Leis seo, ceaptar Eduards STIPRAIS mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don Áise Láir ón 1 Márta 2025 go dtí an 28 Feabhra 2027. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfaí síneadh a chur le sainordú ISAE (‘an sainordú’) nó é a fhoirceannadh níos luaithe, ar bhonn measúnaithe ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’).

Airteagal 2

Cuspóirí beartais

Bunófar an sainordú ar thosaíochtaí beartais an Aontais san Áise Láir. Áirítear ar na cuspóirí sin:

(a)

caidreamh a chur chun cinn idir an tAontas agus tíortha na hÁise Láir ar bhonn comhluachanna agus comhleasanna mar a leagtar amach i gcomhaontuithe ábhartha;

(b)

rannchuidiú le neartú na cobhsaíochta agus an chomhair idir na tíortha sa réigiún;

(c)

rannchuidiú le neartú an daonlathais, an smachta reachta, an dea-rialachais agus urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha san Áise Láir;

(d)

aghaidh a thabhairt ar na príomhbhagairtí, go háirithe ar na fadhbanna sonracha a bhfuil impleachtaí díreacha acu don Aontas;

(e)

éifeachtacht agus infheictheacht an Aontais sa réigiún a fheabhsú, lena n-áirítear trí chomhordú níos dlúithe le comhpháirtithe ábhartha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile, mar shampla an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) agus na Náisiúin Aontaithe (NA).

Airteagal 3

Sainordú

1.   Chun na cuspóirí beartais atá leagtha amach in Airteagal 2 a bhaint amach, is é an méid seo a leanas a bheidh mar shainordú:

(a)

comhordú polaitiúil foriomlán an Aontais a chur chun cinn san Áise Láir agus cuidiú le comhsheasmhacht a áirithiú maidir le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais sa réigiún;

(b)

rannchuidiú le Straitéis an Aontais a chur chun feidhme ar mhaithe le comhpháirtíocht stóinsithe leis an Áise Láir, arna chomhlánú le conclúidí ábhartha ón gComhairle agus le tuarascálacha ina dhiaidh sin ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme Straitéis an Aontais don Áise Láir, agus leis an Treochlár Comhpháirteach chun na ceangail a neartú idir an tAontas agus an Áise Láir,

(c)

moltaí a dhéanamh agus tuairiscáil a chur faoi bhráid comhlachtaí ábhartha na Comhairle ar bhonn rialta;

(d)

cúnamh a thabhairt don Chomhairle breis forbartha a dhéanamh ar bheartas cuimsitheach i ndáil leis an Áise Láir;

(e)

tacú le cruinnithe polaitiúla ardleibhéil arna n-eagrú go rialta idir an tAontas agus tíortha na hÁise Láir;

(f)

súil ghéar a choinneáil ar fhorbairtí polaitiúla san Áise Láir trí dhlúththeagmháil a dhéanamh agus a choimeád le rialtais, parlaimintí, na breithiúna, an tsochaí shibhialta agus na hollmheáin;

(g)

moladh don Chasacstáin, an Chirgeastáin, an Táidsíceastáin, an Tuircméanastáin agus an Úisbéiceastáin oibriú le chéile ar shaincheisteanna réigiúnacha leasa choitinn;

(h)

teagmhálacha agus comhar iomchuí a fhorbairt leis na príomhghníomhaithe leasmhara sa réigiún, agus leis na heagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta ábhartha uile, agus an borradh atá ag teacht ar thríú tíortha sa réigiún á chur san áireamh;

(i)

rannchuidiú le cur chun feidhme bheartas an Aontais um chearta an duine sa réigiún i gcomhar le ISAE um Chearta an Duine, lena n-áirítear Treoirlínte an Aontais maidir le Cearta an Duine, go háirithe Treoirlínte an Aontais maidir le leanaí agus coinbhleacht armtha agus Treoirlínte an Aontais maidir leis an bhforéigean in aghaidh na mban agus na gcailíní agus gach cineál idirdhealaithe ina n-aghaidh a chomhrac, agus rannchuidiú freisin le cur chun feidhme bheartas an Aontais maidir le Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil, lena n-áirítear trí fhaireachán agus trí thuairisciú a dhéanamh ar fhorbairtí chomh maith le moltaí a cheapadh i ndáil leis sin;

(j)

rannchuidiú, i ndlúthchomhar leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) agus na Náisiúin Aontaithe, le coinbhleachtaí a chosc agus a réiteach trí theagmhálacha a fhorbairt leis na húdaráis agus le gníomhaithe áitiúla eile, mar shampla eagraíochtaí neamhrialtasacha, páirtithe polaitiúla, mionlaigh, grúpaí reiligiúnacha agus a gceannairí;

(k)

ionchur a thabhairt maidir le gnéithe den Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála a shainiú i ndáil leis an Áise Láir, ar gnéithe iad a bhaineann leis an nascacht, lena n-áirítear an straitéis Global Gateway; an tslándáil fuinnimh; an tslándáil teorann; comhrac na coireachta tromchúisí, lena n-áirítear támhshuanaigh agus an gháinneáil ar dhaoine; agus freisin gnéithe a bhaineann le bainistiú acmhainní uisce, an comhshaol agus an t-athrú aeráide;

(l)

an tslándáil réigiúnach a chur chun cinn san Áise Láir sa chomhthéacs geopholaitiúil níos leithne lena n-áirítear cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus a bhfuil ag titim amach san Afganastáin.

(m)

tacú le bearta for-rochtana agus le démarches an Aontais i dtaca le tíortha na hÁise Láir, lena n-áirítear maidir le cosc a chur ar shárú na mbeart sriantach;

(n)

tacú le bearta for-rochtana agus le démarches an Aontais i dtaca le tíortha na hÁise Láir maidir le hurraim do neamhspleáchas, do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na mBallstát, lena n-áirítear faoi chuimsiú na bhfóram réigiúnach agus idirnáisiúnta uile;

2.   Tacóidh ISAE le hobair an Ardionadaí, agus coimeádfaidh sé nó sí forléargas ar ghníomhaíochtaí uile an Aontais sa réigiún.

Airteagal 4

An sainordú a chur chun feidhme

1.   Beidh ISAE freagrach as an sainordú a chur chun feidhme, ag gníomhú dó nó di faoi údarás an Ardionadaí.

2.   Coimeádfaidh CPS nasc pribhléideach ar bun le ISAE agus is é a bheidh ann mar phríomhphointe teagmhála ISAE sa Chomhairle. Tabharfaidh CPS treoir straitéiseach agus stiúradh polaitiúil do ISAE faoi chuimsiú an tsainordaithe, gan dochar do chumhachtaí an Ardionadaí.

3.   Oibreoidh ISAE i ndlúthchomhar le ranna ábhartha na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS).

Airteagal 5

Maoiniú

1.   EUR 2 719 777,34 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann leis an sainordú (‘an caiteachas’) don tréimhse ón 1 Márta 2025 go dtí an 28 Feabhra 2027 a chumhdach.

2.   Bainisteofar an caiteachas i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

3.   Beidh bainistiú an chaiteachais faoi réir conradh idir ISAE agus an Coimisiún. Beidh ISAE cuntasach don Choimisiún as gach caiteachas.

Airteagal 6

Comhdhéanamh fhoireann ISAE

1.   Laistigh de theorainneacha shainordú ISAE agus de na hacmhainní airgeadais comhfhreagracha a chuirfear ar fáil, beidh ISAE freagrach as foireann a chur le chéile. Áireofar ar fhoireann ISAE an saineolas maidir le saincheisteanna sonracha beartais de réir mar a cheanglaítear leis an sainordú. Coinneoidh ISAE an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas in am agus i dtráth faoi chomhdhéanamh fhoireann ISAE.

2.   Féadfaidh na Ballstáit, institiúidí an Aontais agus SEGS a mholadh go dtabharfaí pearsanra ar iasacht chun oibriú ar fhoireann ISAE. Is é an Ballstát tionscnaimh, institiúid an Aontais lena mbaineann nó SEGS, de réir mar is iomchuí, a chumhdóidh tuarastal an phearsanra sin atá ar iasacht. Féadfar saineolaithe atá arna bpostú ag na Ballstáit chuig institiúidí an Aontais nó chuig SEGS a thabhairt ar iasacht freisin chun oibriú ar fhoireann ISAE. Beidh náisiúntacht Bhallstáit ag an bpearsanra idirnáisiúnta ar conradh.

3.   Is faoi údarás riaracháin an Bhallstáit tionscnaimh, institiúid an Aontais lena mbaineann nó SEGS a fhanfaidh an pearsanra uile ar iasacht agus comhlíonfaidh siad a ndualgais agus feidhmeoidh siad chun leas an tsainordaithe.

4.   Comhlonnófar foireann ISAE le ranna ábhartha SEGS nó le toscaireachtaí ábhartha an Aontais chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a ngníomhaíochtaí faoi seach a áirithiú.

Airteagal 7

Pribhléidí agus díolúintí ISAE agus chomhaltaí fhoireann ISAE

Déanfar na pribhléidí, na díolúintí agus na ráthaíochtaí breise a bhaineann le ISAE agus le comhaltaí fhoireann ISAE is gá chun an sainordú a chomhlánú agus a fheidhmiú go rianúil a chomhaontú leis na páirtithe óstacha, de réir mar is iomchuí. Deonóidh na Ballstáit agus SEGS gach tacaíocht is gá chun na críche sin.

Airteagal 8

Slándáil fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais

Urramóidh ISAE agus comhaltaí fhoireann ISAE na prionsabail slándála agus na híoschaighdeáin arna mbunú le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (4).

Airteagal 9

Rochtain ar fhaisnéis agus ar thacaíocht lóistíochta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, an Coimisiún, SEGS agus Ardrúnaíocht na Comhairle go dtabharfar rochtain do ISAE ar aon fhaisnéis ábhartha.

2.   Cuirfidh toscaireachtaí an Aontais sa réigiún agus na Ballstáit tacaíocht lóistíochta ar fáil do ISAE agus do chomhaltaí fhoireann ISAE de réir mar is iomchuí.

Airteagal 10

Rochtain ar dhoiciméid, cartlanna agus cosaint sonraí

1.   Cuirfidh ISAE na rialacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) i bhfeidhm. Glacfaidh an tArdionadaí na rialacha cur chun feidhme a bhaineann le ISAE.

2.   Déanfaidh ISAE daoine aonair a chosaint maidir le próiseáil a sonraí pearsanta i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1725 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Glacfaidh an tArdionadaí na rialacha ábhartha cur chun feidhme a bhaineann le ISAE.

Airteagal 11

Slándáil

I gcomhréir le beartas an Aontais maidir le slándáil an phearsanra a imscartar lasmuigh den Aontas i gcáil oibríochtúil faoi Theideal V den Chonradh, déanfaidh ISAE gach beart is féidir le réasún, i gcomhréir leis an sainordú agus le staid na slándála i réimse na freagrachta, i ndáil le slándáil an phearsanra uile atá faoi údarás díreach ISAE, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

plean slándála sonrach a bhunú a bheidh bunaithe ar threoir ó SEGS, lena n-áirítear bearta slándála sonracha fisiciúla, eagraíochtúla agus nós imeachta, lena rialaítear bainistiú ar ghluaiseacht shlán pearsanra chuig an réimse freagrachta agus laistigh di, agus bainistiú teagmhas slándála, agus trí phlean teagmhais agus plean aslonnaithe a bhunú;

(b)

a áirithiú go gcumhdófar an pearsanra uile a imscartar lasmuigh den Aontas le hárachas ardriosca, mar a cheanglaítear leis na coinníollacha i réimse na freagrachta;

(c)

a áirithiú go mbeidh oiliúint slándála iomchuí faighte ag an bpearsanra uile a bheidh le himscaradh lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear pearsanra a bheidh ar conradh go háitiúil, roimh theacht i réimse na freagrachta nó ar theacht isteach sa réimse sin dóibh, bunaithe ar na rátálacha riosca arna sannadh ag SEGS don réimse sin;

(d)

a áirithiú go ndéanfar na moltaí comhaontaithe uile, a dhéantar tar éis measúnuithe rialta slándála, a chur chun feidhme agus tuarascálacha i scríbhinn a chur ar fáil don Ardionadaí, don Chomhairle agus don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na moltaí sin agus maidir le saincheisteanna slándála eile faoi chuimsiú na dtuarascálacha rialta ar dhul chun cinn agus na tuarascála cuimsithí críochnaithí ar chur chun feidhme an tsainordaithe dá dtagraítear in Airteagal 15.

Airteagal 12

Tuairisciú

Cuirfidh ISAE tuarascálacha ar fáil go tráthrialta don Ardionadaí. Cuirfidh ISAE tuarascáil faoi bhráid an Choiste Pholaitiúil agus Slándála agus, de réir mar is gá, faoi bhráid mheithleacha de chuid na Comhairle. Scaipfear tuarascálacha rialta trí líonra COREU. Féadfaidh ISAE tuarascálacha a chur ar fáil don Chomhairle Gnóthaí Eachtracha. I gcomhréir le Airteagal 36 den Chonradh, féadfaidh ISAE a bheith rannpháirteach i bhfaisnéis a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 13

Comhordú

1.   Rannchuideoidh ISAE le haontacht, comhsheasmhacht agus éifeachtacht ghníomhaíocht an Aontais agus cabhróidh ISAE lena áirithiú go ndéanfar ionstraimí uile an Aontais agus gníomhaíochtaí uile na mBallstát a shaothrú go comhsheasmhach, chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach. Iarrfar idirchaidreamh leis na Ballstáit i gcás inarb iomchuí. Déanfar gníomhaíochtaí ISAE a chomhordú le gníomhaíochtaí roinn gheografach ábhartha SEGS agus leis an gCoimisiún. Cuirfidh ISAE seisiúin faisnéise rialta ar fáil do mhisin na mBallstát agus do thoscaireachtaí an Aontais.

2.   Ar an láthair, déanfaidh ISAE idirchaidreamh dlúth le Cinn Mhisin ábhartha na mBallstát agus le Cinn Thoscaireachtaí ábhartha an Aontais. Déanfaidh siad gach iarracht cúnamh a thabhairt do ISAE agus an sainordú á chur chun feidhme. Déanfaidh ISAE idirchaidreamh freisin le gníomhaithe idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile ar an láthair.

Airteagal 14

Cúnamh i ndáil le héilimh

Cuirfidh ISAE agus comhaltaí fhoireann ISAE cúnamh ar fáil chun freagairt d’aon éilimh agus oibleagáidí a eascraíonn as sainorduithe ISAEnna a bhí ann roimhe seo don Áise Láir agus cuirfidh siad cúnamh riaracháin agus rochtain ar dhoiciméid ábhartha ar fáil chun na gcríoch sin.

Airteagal 15

Athbhreithniú

Déanfar athbhreithniú rialta ar chur chun feidhme an Chinnidh seo agus ar a chomhsheasmhacht le rannchuidithe eile ón Aontas leis an réigiún. Cuirfidh ISAE tuarascálacha tráthrialta maidir le dul chun cinn faoi bhráid an Ardionadaí, na Comhairle agus an Choimisiúin, mar aon le tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe, faoin 30 Samhain 2026.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/588/CBES ón gComhairle an 28 Iúil 2005 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir (IO L 199, 29.7.2005, lch. 100, ELI: http://data.europa.eu/eli/joint_action/2005/588/oj).

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/1013 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir (IO L 222, 22.6.2021, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1013/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2023/260 ón gComhairle an 6 Feabhra 2023 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1013 (IO L 35, 7.2.2023, lch. 25, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/260/oj).

(4)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/488/oj).

(5)  ` Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/404/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top