This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D00341
Decision of the Bureau of the European Parliament of 16 December 2024 laying down Rules on the European Parliament’s Open Data
CINNEADH Ó BHIÚRÓ PHARLAIMINT NA hEORPA an 16 Nollaig 2024 lena leagtar síos Rialacha maidir le Sonraí Oscailte Pharlaimint na hEorpa
CINNEADH Ó BHIÚRÓ PHARLAIMINT NA hEORPA an 16 Nollaig 2024 lena leagtar síos Rialacha maidir le Sonraí Oscailte Pharlaimint na hEorpa
IO C, C/2025/341, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/341/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/341 |
10.1.2025 |
CINNEADH Ó BHIÚRÓ PHARLAIMINT NA HEORPA
an 16 Nollaig 2024
lena leagtar síos Rialacha maidir le Sonraí Oscailte Pharlaimint na hEorpa
(C/2025/341)
TÁ BIÚRÓ PHARLAIMINT NA hEORPA,
Ag féachaint do Riail 25(2) de na Rialacha Nós Imeachta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is sócmhainn straitéiseach iad sonraí, ar rudaí iad atá riachtanach don nuálaíocht agus chun gur féidir teicneolaíochtaí nua a úsáid, go háirithe an intleacht shaorga; |
|
(2) |
Cuireann eagraíochtaí poiblí cuid dá sonraí poiblí ar fáil go córasach i bhfoirm sonraí oscailte chun trédhearcacht agus cuntasacht a chur chun cinn, chun saoránaigh a chumhachtú agus chun seirbhísí poiblí a fheabhsú tríd an nuálaíocht a chothú; |
|
(3) |
Chun tacú leis an gcleachtas sin, glacadh Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1); |
|
(4) |
I rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir le straitéis Eorpach i ndáil le sonraí (2), d’iarr Parlaimint na hEorpa go mbeadh bearta ann chun sreabhadh sonraí níos mó a cheadú idir an earnáil phoiblí agus gnólachtaí, agus laistigh de gach ceann acu; |
|
(5) |
Ghlac an Coimisiún Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Chúirt Iniúchóirí bearta lena gcuirtear oscailteacht a gcuid sonraí ar bhonn foirmiúil; in 2011, ghlac an Coimisiún Eorpach Cinneadh 2011/833/AE (3), arb é is aidhm dó athúsáid níos leithne faisnéise poiblí a éascú. Ag leanúint shampla an Choimisiúin Eorpaigh, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh Cinneadh (AE) 2017/1842 (4) agus ghlac an Chúirt Iniúchóirí Cinneadh Uimh. 6-2019 (5), maidir le beartas sonraí oscailte agus beartais athúsáide doiciméad; |
|
(6) |
D’aithin na parlaimintí náisiúnta freisin gur gá feabhas a chur ar inrochtaineacht a gcuid sonraí poiblí. In 2022, rinne an tAontas Idirpharlaiminteach staidéar sonraí oscailte agus d’fhoilsigh sé liosta (6) de na seomraí tionóil parlaiminteacha ar fud an domhain a chuireann sonraí oscailte ar fáil faoi láthair ar thairseacha tiomnaithe nó ar shuíomhanna gréasáin tiomnaithe; |
|
(7) |
Ó thaobh na Parlaiminte de, Is ionann a cuid sonraí poiblí a dhéanamh chomh hinaimsithe agus chomh hidir-inoibritheach agus is féidir agus a cuid gealltanas i leith oscailteachta agus cuntasachta a chorprú; comhlánaíonn sé na cinntí a rinneadh chun ionracas, neamhspleáchas agus cuntasacht na hinstitiúide a neartú. Má chuirtear sonraí oscailte ar fáil, is bealach é sin freisin chun nuálaíocht seirbhísí do na Feisirí a spreagadh, chun feabhas a chur ar chinnteoireacht shonraíbhunaithe na Parlaiminte agus chun a fhor-rochtain le saoránaigh a neartú; |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sainmhíniú
Is é is sonraí oscailte ann sonraí poiblí a chuirtear ar fáil i bhformáid struchtúrtha mheaisín-inléite agus a fhoilsítear faoi théarmaí agus coinníollacha lena gceadaítear athúsáid agus athdháileadh éasca.
Airteagal 2
Raon feidhme agus cuspóirí
1. Geallann an Pharlaimint go gcuirfidh sí a sonraí poiblí ar fáil mar shonraí oscailte agus bunaíonn sí na prionsabail, na coinníollacha agus na teorainneacha lena rialaítear athúsáid na sonraí sin.
2. Tá sé mar aidhm ag an bParlaimint an oiread sonraí poiblí agus is féidir a sholáthar i bhformáid sonraí oscailte, agus, ar an gcaoi sin, tosaíocht a thabhairt do thacair sonraí a bhfuil leas mór ag an bpobal iontu.
Airteagal 3
Prionsabail ghinearálta
Féadfar aon sonraí de chuid na Parlaiminte atá poiblí cheana a fhoilsiú mar shonraí oscailte.
Chun go measfar iad a bheith ‘oscailte’, ní mór na ceithre shaintréith seo a leanas a bheith ag na sonraí:
|
(a) |
‘oscailteacht theicniúil’: cuirtear sonraí agus na meiteashonraí a ghabhann leo ar fáil i bhformáidí oscailte meaisín-inléite; |
|
(b) |
‘oscailteacht dhlíthiúil’: tá na sonraí faoi réir ceadúnas oscailte; |
|
(c) |
‘oscailteacht phraiticiúil’: tá na sonraí inaimsithe go héasca, cothrom le dáta agus inrochtana go díreach; |
|
(d) |
‘oscailteacht shóisialta’: chun feabhas a chur ar cháilíocht na sonraí agus ar infhaighteacht, déantar aiseolas na n-úsáideoirí a bhailiú agus a mheas agus sonraí á gcur ar fáil. |
Airteagal 4
Coinníollacha maidir le hathúsáid
Tá athúsáid shonraí oscailte na Parlaiminte faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Cheadúnas Idirnáisiúnta ‘Creative Commons Attribution 4.0’ (CC BY 4.0) (7). Mar mhalairt air sin, féadfaidh an Pharlaimint sonraí loma, meiteashonraí nó doiciméid eile de chineál inchomparáide a dháileadh faoin ionstraim Creative Commons um Thiomantas Fearainn Phoiblí Uilíoch (CC0 1.0) (8).
Airteagal 5
Tairseach Sonraí Oscailte
1. Leis seo, déanann an Pharlaimint Tairseach Sonraí Oscailte de chuid Pharlaimint na hEorpa a chur ar bun, agus glacann sí uirthi féin an Tairseach sin a chothabháil, chun aimsiú sonraí atá ar fáil lena n-athúsáid agus rochtain ar shonraí den sórt sin a éascú.
2. Déanfar sonraí poiblí na Parlaiminte a chur ar fáil trí Thairseach Sonraí Oscailte Pharlaimint na hEorpa in aon leagan teanga atá ann cheana agus i bhformáidí atá oscailte agus meaisín-inléite agus lena n-áirithítear go mbeidh sonraí, mar aon leis na meiteashonraí a ghabhann leo, inrochtana d’úsáideoirí, go mbeidh sé éasca dóibh iad a aimsiú, agus go mbeidh siad in-athúsáidte.
3. Leis na sonraí agus na meiteashonraí araon, comhlíonfar na caighdeáin oscailte is infheidhme.
Airteagal 6
Formhaoirseacht agus faireachán
Cuirfear de chúram ar eintiteas freagrach sonrach laistigh den Pharlaimint formhaoirseacht agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Rialacha seo.
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm 14 lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
(1) Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1024/oj).
(2) IO L 494, 8.12.2021, lch. 37.
(3) Cinneadh 2011/833/AE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2011 maidir le hathúsáid dhoiciméid an Choimisiúin (IO L 330, 14.12.2011, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/833/oj), arna chur chun feidhme le Cinneadh C(2019) 1655 final ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2019 lena nglactar Creative Commons mar cheadúnas oscailte faoi bheartas athúsáide an Choimisiúin Eorpaigh (https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/news/rules-reuse-commission-information).
(4) Cinneadh (AE) 2017/1842 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2017 maidir le beartas sonraí oscailte na Comhairle agus maidir le hathúsáid dhoiciméid na Comhairle (IO L 262, 12.10.2017, lch. 1-4). http://data.europa.eu/eli/dec/2017/1842/oj).
(5) Cinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad (https://www.eca.europa.eu/lists/ecadocuments/decision_eca_6_2019/eca-decision_06-2019_en.pdf).
(6) https://www.ipu.org/innovation-tracker/story/state-open-data-in-parliaments-in-2022.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/341/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)