This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R3164
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/3164 of 18 December 2024 amending Council Regulation (EC) No 992/95 as regards Union tariff quotas for certain fish and fishery products originating in Norway
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3164 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 992/95 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le taraif-chuótaí an Aontais le haghaidh táirgí áirithe éisc agus iascaigh de thionscnamh na hIorua
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3164 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 992/95 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le taraif-chuótaí an Aontais le haghaidh táirgí áirithe éisc agus iascaigh de thionscnamh na hIorua
C/2024/8882
IO L, 2024/3164, 19.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3164/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3164 |
19.12.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3164 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Nollaig 2024
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 992/95 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le taraif-chuótaí an Aontais le haghaidh táirgí áirithe éisc agus iascaigh de thionscnamh na hIorua
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 992/95 ón gComhairle an 10 Aibreán 1995 lena n-osclaítear taraif-chuótaí Comhphobail le haghaidh táirgí talmhaíochta agus iascaigh áirithe de thionscnamh na hIorua (1) agus lena ndéantar foráil maidir lena riar, agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (b), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
In 2024, tugadh Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua i gcrích a bhaineann le forálacha speisialta is infheidhme maidir le hallmhairiú táirgí áirithe éisc agus iascaigh de thionscnamh na hIorua isteach san Aontas (2). |
|
(2) |
Déantar foráil san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal Breise maidir le taraif-chuótaí saor ó dhleacht i ndáil le scaoileadh i saorchúrsaíocht san Aontas mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 992/95. |
|
(3) |
Tiocfaidh an Prótacal Breise i bhfeidhm go sealadach an 1 Eanáir 2025 ós rud é gurb é sin an chéad lá den tríú mí tar éis thaisceadh na hionstraime daingniúcháin deiridh i gcomhréir le hAirteagal 5.2 de. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna amach. |
|
(4) |
Leis na taraif-chuótaí bliantúla a leagtar amach sa Phrótacal Breise, cumhdaítear an tréimhse ón 1 Bealtaine 2021 go dtí an 30 Aibreán 2028. Tá méideanna na dtaraif-chuótaí nár úsáideadh lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Bealtaine 2021 go dtí an 31 Nollaig 2024 le leithdháileadh go comhréireach le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 30 Aibreán 2025 agus ina dhiaidh sin go bliantúil ón 1 Bealtaine go dtí an 30 Aibreán gach bliain go dtí deireadh na tréimhse. |
|
(5) |
Déantar foráil leis an bPrótacal Breise maidir le haistriú mhéideanna cuótaí carntha na dtaraif-chuótaí sin nár úsáideadh ar feadh tréimhse suas le 2 bhliain tar éis dheireadh a chur i bhfeidhm ach nach faide ná cur i bhfeidhm sealadach aon phrótacail ina dhiaidh sin lena mbunaítear cuótaí saor ó dhleacht le haghaidh na dtáirgí céanna. |
|
(6) |
Ba cheart don Choimisiún na taraif-chuótaí a bhainistiú ar bhonn ord croineolaíoch na ndátaí ar a nglactar leis na dearbhuithe custaim i ndáil le scaoileadh i saorchúrsaíocht i gcomhréir leis na rialacha maidir le bainistiú taraif-chuótaí a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (3). |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 992/2008 a leasú dá réir sin. |
|
(8) |
Chun a áirithiú go mbeidh na taraif-chuótaí ar fáil ón dáta a thiocfaidh an Prótacal Breise i bhfeidhm go sealadach ar aghaidh, ba cheart feidhm a bheith ag na taraif-chuótaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo ón 1 Eanáir 2025. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 992/95 mar a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 2, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘The tariff quotas with order numbers 09.0860 to 09.0871 shall cover the period from 1 May 2021 to 30 April 2028. I gcás nach n-ídeofar na taraif-chuótaí le linn na tréimhse sin, agus i gcás nach gcuirfear i bhfeidhm go sealadach aon phrótacal ina dhiaidh sin lena mbunófar taraif-chuótaí saor ó dhleacht le haghaidh na dtáirgí céanna, féadfar allmhairiú ón Iorua a dhéanamh i leith an mhéid cuótaí comhiomlánaithe a bheidh fágtha de na taraif-chuótaí sin go ceann tréimhse suas le 2 bhliain tar éis dheireadh thréimhse an chur i bhfeidhm seo, ach ní féidir é a dhéanamh ar feadh tréimhse níos faide ná cur i bhfeidhm sealadach prótacail ina dhiaidh sin lena mbunaítear taraif-chuótaí saor ó dhleacht le haghaidh na dtáirgí céanna.’; |
|
(2) |
in Iarscríbhinn I tar éis shraithuimhir 09.0820, cuirtear isteach an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Nollaig 2024
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 101, 4.5.1995, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1995/992/oj.
(2) Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (IO L, 2024/2600, 8.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/prot/2024/2600/oj).
(3) IO L 343, 29.12.2015, lch. 558, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2447/oj.
IARSCRÍBHINN
|
Sraithuimhir |
Cód AC |
Foroinn TARIC |
Tuairisc ar tháirgí |
Tréimhse an chuóta |
Méid an chuóta (ina thonaí glanmheáchain mura sonraítear a mhalairt) |
Dleacht an chuóta (%) |
|
09,0860 |
0303 51 00 |
|
Scadáin (Clupea harengus, Clupea pallasii), reoite, gan aenna ná eochraí san áireamh |
Ón 1.1.2025 go dtí an 30.4.2025 |
17 500 |
0 |
|
Ón 1.5.2025 go dtí an 30.4.2026 |
52 500 |
|||||
|
Ón 1.5.2026 go dtí an 30.4.2027 |
52 500 |
|||||
|
Ón 1.5.2027 go dtí an 30.4.2028 |
52 500 |
|||||
|
09,0861 |
0303 55 90 |
|
Bolmáin reoite ‘Trachurus spp.’ (seachas bolmán Atlantach agus bolmán sileach) |
Ón 1.1.2025 go dtí an 30.4.2025 |
3 500 |
0 |
|
0303 59 90 |
|
Ronnaigh Indiacha reoite ‘Rastrelliger spp.’, ronnaigh ‘Scomberomorus spp.’, bolmáin crevalle‘Caranx spp.’, poimfréid airgid ‘Pampus spp.’, preabaire an Aigéin Chiúin ‘Cololabis saira’, gabhair ‘Decapterus spp.’, caibealláin ‘Mallotus villosus’, boiníotónna ‘Sarda spp.’, mairlíní, colgáin na ndealg agus gaithéisc ‘Istiophoridae’ |
Ón 1.5.2025 go dtí an 30.4.2026 |
10 500 |
||
|
0303 69 90 |
|
Éisc reoite de na finte Bregmacerotidae, Euclichthyidae, Gadidae, Macrouridae, Melanonidae, Merlucciidae, Moridae agus Muraenolepididae (seachas troisc, cadóga, glasáin, colmóirí, mangaigh Alascacha, faoitíní gorma, troisc pholacha (Boreogadus saida), faoitíní, mangaigh, gránadóirí gorma agus langaí) |
Ón 1.5.2026 go dtí an 30.4.2027 |
10 500 |
||
|
0303 82 00 |
|
Roic agus sciataí reoite ‘Rajidae’ |
Ón 1.5.2027 go dtí an 30.4.2028 |
10 500 |
||
|
0303 89 90 |
|
Éisc reoite, nach bhfuil sonraithe aon áit eile. |
|
|
||
|
09,0862 |
0304 86 00 |
10 |
Filléid reoite scadán ‘Clupea harengus, Clupea pallasii’ |
Ón 1.1.2025 go dtí an 30.4.2025 |
45 500 |
0 |
|
0304 99 23 |
Flapaí reoite agus feoil ‘bídís mionaithe nó ná bídís’ scadán ‘Clupea harengus, Clupea pallasii’ |
Ón 1.5.2025 go dtí an 30.4.2026 |
136 500 |
|||
|
ex 0304 49 90 |
Filléid úra nó fhuaraithe scadán |
Ón 1.5.2026 go dtí an 30.4.2027 |
136 500 |
|||
|
0304 59 50 |
Flapaí úra nó fuaraithe scadán |
Ón 1.5.2027 go dtí an 30.4.2028 |
136 500 |
|||
|
09,0863 |
0309 10 00 |
|
Plúir, min agus millíní éisc, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine |
Ón 1.1.2025 go dtí an 30.4.2025 |
700 |
0 |
|
Ón 1.5.2025 go dtí an 30.4.2026 |
2 100 |
|||||
|
Ón 1.5.2026 go dtí an 30.4.2027 |
2 100 |
|||||
|
Ón 1.5.2027 go dtí an 30.4.2028 |
2 100 |
|||||
|
|
|
|
|
|
An glanmheáchan draenáilte |
0 |
|
09,0864 |
1604 12 91 1604 12 99 |
|
Scadáin, spíosraithe agus/nó fínéagarleasaithe, faoi sháile |
Ón 1.1.2025 go dtí an 30.4.2025 |
19 600 |
|
|
Ón 1.5.2025 go dtí an 30.4.2026 |
58 800 |
|||||
|
Ón 1.5.2026 go dtí an 30.4.2027 |
58 800 |
|||||
|
Ón 1.5.2027 go dtí an 30.4.2028 |
58 800 |
|||||
|
09,0865 |
1605 21 10 1605 21 90 1605 29 00 |
|
Séaclaí agus cloicheáin, scafa agus reoite, ullmhaithe nó leasaithe |
Ón 1.1.2025 go dtí an 30.4.2025 |
4 900 |
0 |
|
Ón 1.5.2025 go dtí an 30.4.2026 |
14 700 |
|||||
|
Ón 1.5.2026 go dtí an 30.4.2027 |
14 700 |
|||||
|
Ón 1.5.2027 go dtí an 30.4.2028 |
14 700 |
|||||
|
09,0866 |
1604 11 00 |
|
Bradán ullmhaithe nó leasaithe, é ina iomlán nó ina phíosaí, ach gan bheith mionaithe |
Ón 1.1.2025 go dtí an 30.4.2025 |
875 |
0 |
|
Ón 1.5.2025 go dtí an 30.4.2026 |
2 625 |
|||||
|
Ón 1.5.2026 go dtí an 30.4.2027 |
2 625 |
|||||
|
Ón 1.5.2027 go dtí an 30.4.2028 |
2 625 |
|||||
|
09,0867 |
0305 41 00 |
|
Bradán deataithe, lena n-áirítear filléid éisc, seachas scairteach éisc inite |
Ón 1.1.2025 go dtí an 30.4.2025 |
1 750 |
0 |
|
Ón 1.5.2025 go dtí an 30.4.2026 |
5 250 |
|||||
|
Ón 1.5.2026 go dtí an 30.4.2027 |
5 250 |
|||||
|
Ón 1.5.2027 go dtí an 30.4.2028 |
5 250 |
|||||
|
09,0868 |
0306 16 99 0306 17 93 |
|
Séaclaí reoite Pandalidae |
Ón 1.1.2025 go dtí an 30.4.2025 |
700 |
0 |
|
Ón 1.5.2025 go dtí an 30.4.2026 |
2 100 |
|||||
|
Ón 1.5.2026 go dtí an 30.4.2027 |
2 100 |
|||||
|
Ón 1.5.2027 go dtí an 30.4.2028 |
2 100 |
|||||
|
09,0869 |
0302 19 00 0302 22 00 0302 43 90 0302 59 20 0302 59 30 0302 81 15 0302 89 31 0302 91 00 0302 99 00 |
|
Éisc úra nó fhuaraithe agus scairteach éisc |
Ón 1.1.2025 go dtí an 30.4.2025 |
3 570 |
0 |
|
Ón 1.5.2025 go dtí an 30.4.2026 |
10 710 |
|||||
|
Ón 1.5.2026 go dtí an 30.4.2027 |
10 710 |
|||||
|
Ón 1.5.2027 go dtí an 30.4.2028 |
10 710 |
|||||
|
09,0870 |
0303 19 00 0303 53 90 0303 89 31 0303 89 39 0303 91 90 0303 99 00 |
|
Éisc reoite agus scairteach éisc |
Ón 1.1.2025 go dtí an 30.4.2025 |
4 795 |
0 |
|
Ón 1.5.2025 go dtí an 30.4.2026 |
14 385 |
|||||
|
Ón 1.5.2026 go dtí an 30.4.2027 |
14 385 |
|||||
|
Ón 1.5.2027 go dtí an 30.4.2028 |
14 385 |
|||||
|
09,0871 |
0304 52 00 0304 73 00 0304 99 21 0304 99 99 |
|
Filléid éisc úra, fhuaraithe nó reoite |
Ón 1.1.2025 go dtí an 30.4.2025 |
2 520 |
0 |
|
Ón 1.5.2025 go dtí an 30.4.2026 |
7 560 |
|||||
|
Ón 1.5.2026 go dtí an 30.4.2027 |
7 560 |
|||||
|
Ón 1.5.2027 go dtí an 30.4.2028 |
7 560 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3164/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)