This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R2852
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/2852 of 11 November 2024 establishing a derogation from Implementing Regulation (EU) 2019/2072 as regards the requirements for the introduction into the Union territory of naturally or artificially dwarfed plants for planting of Chamaecyparis Spach, Juniperus L. and certain species of Pinus L., originating in Japan and repealing Implementing Regulation (EU) 2020/1217
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2852 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2024 lena mbunaítear maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le plandaí Chamaecyparis Spach, Juniperus L. agus speicis áirithe de Pinus L. le haghaidh plandú, ar cuireadh srian fáis orthu go nádúrtha nó go saorga, de thionscnamh na Seapáine, a thabhairt isteach san Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1217
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2852 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2024 lena mbunaítear maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le plandaí Chamaecyparis Spach, Juniperus L. agus speicis áirithe de Pinus L. le haghaidh plandú, ar cuireadh srian fáis orthu go nádúrtha nó go saorga, de thionscnamh na Seapáine, a thabhairt isteach san Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1217
C/2024/7754
IO L, 2024/2852, 12.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2852/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2852 |
12.11.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2852 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Samhain 2024
lena mbunaítear maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le plandaí Chamaecyparis Spach, Juniperus L. agus speicis áirithe de Pinus L. le haghaidh plandú, ar cuireadh srian fáis orthu go nádúrtha nó go saorga, de thionscnamh na Seapáine, a thabhairt isteach san Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1217
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 40(2) agus Airteagal 41(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (2) bunaítear liosta plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a bhfuil toirmeasc ar iad a thabhairt isteach san Aontas ó thríú tíortha áirithe. I gcomhréir le pointe 1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán sin, tá toirmeasc ar phlandaí Chamaecyparis Spach, Juniperus L. agus Pinus L. le haghaidh plandú, seachas torthaí agus síolta, a thabhairt isteach san Aontas. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1217 ón gCoimisiún (3) ceadaítear, de mhaolú ar phointe 1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, faoi choinníollacha áirithe, plandaí Chamaecyparis Spach, Juniperus L. agus speicis áirithe Pinus L. le haghaidh plandú, ar cuireadh srian fáis orthu go nádúrtha nó go saorga, de thionscnamh na Seapáine (na ‘plandaí sonraithe’), a thabhairt isteach san Aontas. |
|
(3) |
Tá dhá óstach le haghaidh a gcéimeanna spóir éagsúla ag lotnaidí coraintín de chuid an Aontais, ar nós Gymnosporangium spp., ar óstaigh iad atá éagsúil ar bhealach tacsanomaíoch. Dá bhrí sin, chun a áirithiú nach bhfuil na lotnaidí is ábhar imní i láthair sa limistéar, i gcás onnmhairiú plandaí Juniperus , is iomchuí ceanglais a thabhairt isteach maidir le cigireachtaí freisin i gcás plandaí Chaenomeles Lindl., Crataegus L., Cydonia Mill., Juniperus L., Malus Mill., Photinia Ldl. agus Pyrus L., ar de thionscnamh na láithreach táirgthe céanna iad ach nach gá go bhfuil siad ceaptha lena n-onnmhairiú isteach san Aontas. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1217, an maolú dá bhforáiltear sa Rialachán Cur Chun Feidhme sin, rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2024. |
|
(5) |
An 29 Márta 2024 d’iarr an tSeapáin síneadh a chur leis an maolú dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1217. |
|
(6) |
Tar éis idircheapadh Matsucoccus matsumurae (Kuwana) agus Homona magnanima Dyakonov maidir le plandaí Pinus ón tSeapáin ar cuireadh srian fáis orthu, ba cheart na lotnaidí sin a mheas mar lotnaidí is ábhar imní freisin, ar feitheamh a meastóireachta mar lotnaidí coraintín féideartha de chuid an Aontais. |
|
(7) |
Thairis sin, thángthas ar an gconclúid sa Tuairim ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) an 15 Márta 2019 (4) maidir le plandaí Chamaecyparis Spach agus Pinus parviflora Sieb. & Zucc. (Pinus pentaphylla Mayr), go raibh na plandaí sin ina n-óstaigh don lotnaid Urocerus japonicus (F. Sm.). Ar an gcúis sin, ba cheart an lotnaid sin a mheas mar lotnaid is ábhar imní le haghaidh na bplandaí sin agus ba cheart í a bheith faoi réir bearta iomchuí. |
|
(8) |
Le tabhairt isteach na bplandaí sonraithe san Aontas, faoi réir cheanglais Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1217, arna gcur i bhfeidhm go héifeachtach ag an tSeapáin, léiríodh riosca inghlactha fíteashláintíochta do chríoch an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an maolú a dheonú an athuair. |
|
(9) |
Ba cheart an maolú sin a bheith faoi réir ceanglais atá cosúil leis na ceanglais sin a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1217. Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sin gan dochar do phointe 30 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, maidir le plandaí le haghaidh plandú ar cuireadh srian fáis orthu go nádúrtha nó go saorga a thabhairt isteach san Aontas, seachas síolta. |
|
(10) |
Roinnt de na lotnaidí a bhfuil na plandaí sonraithe mar óstaigh acu, agus go háirithe na lotnaidí Coleosporium asterum (Dietel) Sydow & P. Sydow, Coleosporium paederiae Dietel ex Hirats. f., Coleosporium phellodendri Komarov, Crisicoccus pini (Kuwana), Dendrolimus spectabilis (Butler), Dendrolimus superans Butler, Matsucoccus matsumurae (Kuwana), Sirex nitobei Mats., Thecodiplosis japonensis Uchida & Inouye agus Urocerus japonicus (F. Sm.), níl siad liostaithe go fóill mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais, toisc nach ndearnadh measúnú iomlán ar a riosca fíteashláintíochta go fóill. Dá bhrí sin, ós rud é go dtugtar aghaidh leis an Rialachán seo ar riosca fíteashláintíochta ar leith nach bhfuil measúnú iomlán déanta air go fóill, ba cheart na ceanglais a chuirtear ar fáil leis a bheith de chineál sealadach de bhun Airteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, chun go bhféadfar athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an riosca sin. |
|
(11) |
Tá na plandaí sonraithe mar óstaigh ag Homona magnanima. I gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1941 ón gCoimisiún (5), níl sé le tabhairt isteach i gcríoch an Aontais ná le gluaiseacht laistigh di ná le coinneáil inti, le hiolrú ná le scaoileadh inti mar lotnaid atá faoi réir na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2016/2031. |
|
(12) |
Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla; ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1217 a aisghairm agus ba cheart forálacha an Rialacháin seo a chur ina ionad. |
|
(13) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘plandaí sonraithe’ plandaí le haghaidh plandú ar cuireadh srian fáis orthu go nádúrtha nó go saorga, de thionscnamh na Seapáine, ó na speicis seo a leanas:
|
|
(2) |
ciallaíonn ‘lotnaid is ábhar imní’:
|
Airteagal 2
Maolú ar an toirmeasc ar na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais
1. De mhaolú ar phointe 1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, ceadófar na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais ach a gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. Beidh feidhm ag mír 1 maidir leis na plandaí sonraithe a thugtar isteach i gcríoch an Aontais sna tréimhsí seo a leanas:
|
(a) |
i gcás Chamaecyparis: ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2028; |
|
(b) |
i gcás Juniperus: ón 1 Samhain go dtí an 31 Márta gach bliain go dtí an 31 Nollaig 2028; |
|
(c) |
i gcás plandaí Pinus parviflora Sieb. & Zucc. (Pinus pentaphylla Mayr) agus Pinus parviflora Sieb. & Zucc. agus é beangaithe ar fhréamhstoc de speiceas Pinus eile, de thionscnamh a Seapáine: ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2028; |
|
(d) |
i gcás Pinus thunbergii Parl. agus Pinus thunbergii Parl. agus é beangaithe ar fhréamhstoc de speiceas Pinus eile, de thionscnamh a Seapáine: ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2028. |
Airteagal 3
Láithreacht dheimhnithe lotnaide is ábhar imní le linn na tréimhse coinneála iariontrála
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, do na Ballstáit eile agus don tSeapáin faoi aon lotnaid is ábhar imní ar deimhníodh í le linn a hiontrála, nó le linn na tréimhse coinneála iariontrála dá dtagraítear i bpointe 2.1 den Iarscríbhinn.
I gcás ina mbraitear lotnaid is ábhar imní, na plandaí sonraithe uile ón bplandlann as a dtáinig an planda ionfhabhtaithe/inmhíolaithe, ní cheadófar iad a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais go dtí go ndéanfar údarú na plandlainne a athnuachan mar a thagraítear i bpointe 1.5 den Iarscríbhinn.
Airteagal 4
Aisghairm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1217
Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1217.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Samhain 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2072/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1217 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2020 maidir le maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 maidir le plandaí Chamaecyparis Spach, Juniperus L. agus speicis áirithe de Pinus L. le haghaidh plandú, ar cuireadh srian fáis orthu go nádúrtha nó go saorga, de thionscnamh na Seapáine, a thabhairt isteach san Aontas agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2002/887/CE (IO L 277, 26.8.2020, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1217/oj).
(4) Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí, 2019. Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar an mbonsaí péine dhuibh (Pinus thunbergii Parl.) ón tSeapáin. Iris EFSA 2019;17(5):5667, 184 lch. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2019.5667.
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1941 ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2022 maidir le toirmeasc ar lotnaidí áirithe a thabhairt isteach, a ghluaiseacht, a choinneáil, a iolrú nó a scaoileadh de bhun Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 268, 14.10.2022, lch. 13; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1941/oj).
IARSCRÍBHINN
NA CEANGLAIS MAIDIR LEIS NA PLANDAÍ SONRAITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2 A THABHAIRT ISTEACH I gCRÍOCH AN AONTAIS
1. Ceanglais le haghaidh na Seapáine
|
1.1. |
I gcás inarb iad na plandaí sonraithe Pinus parviflora Sieb. & Zucc. nó Pinus thunbergii Parl. agus iad beangaithe ar fhréamhstoc speiceas Pinus eile, ní bheidh aon phéacán ar an bhfréamhstoc. |
|
1.2. |
Sula n-onnmhairítear na plandaí sonraithe chuig an Aontas, beidh ar a laghad fás 2 bhliain as a chéile déanta acu, agus coinneáil agus treorú déanta 2 bhliain as a chéile orthu, i bplandlanna údaraithe, ar plandlanna iad atá faoi réir córas rialaithe ag Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta na Seapáine (‘ECPN-S’) agus atá údaraithe go sonrach ag ECPN-S chun onnmhairiú chuig an Aontas a dhéanamh. Faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain cuirfear liostaí bliantúla na bplandlann atá údaraithe ar fáil don Choimisiún. Áireofar ar na liostaí sin an líon plandaí a fhástar i ngach ceann de na plandlanna sin, a mhéid a mheastar iad a bheith oiriúnach lena dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais. |
|
1.3. |
I gcas onnmhairiú plandaí Juniperus, plandaí de na géinis Chaenomeles Lindl., Crataegus L., Cydonia Mill., Juniperus L., Malus Mill., Photinia Ldl. agus Pyrus L., ar plandaí iad a bhí ag fás sna plandlanna údaraithe a luaitear i bpointe 1.2 agus cóngarach do na plandlanna sin le 2 bhliain anuas roimh a n-onnmhairiú, is plandaí iad a mbeidh cigireacht oifigiúil déanta orthu ar a laghad sé huaire sa bhliain ag eatraimh iomchuí chun féachaint an bhfuil na lotnaidí is ábhar imní i láthair iontu. I gcás plandaí Chamaecyparis agus Pinus, sé huaire sa bhliain ar a laghad ag eatraimh iomchuí, beidh cigireacht oifigiúil déanta ar na plandaí den ghéineas Chamaecyparis Spach agus den ghéineas Pinus L., ar plandaí iad a fásadh sna plandlanna údaraithe sin agus cóngarach do na plandlanna sin, chun féachaint an bhfuil na lotnaidí ábhartha is ábhar imní i láthair iontu. |
|
1.4. |
Le linn na gcigireachtaí sin, beidh sé tugtha chun eolais go bhfuil na plandaí sonraithe saor ó na lotnaidí is ábhar imní.
Déanfaidh ECPN-S, na comhlachtaí náisiúnta inniúla nó na hoibreoirí gairmiúla faoi mhaoirseacht oifigiúil ECPN-S na plandaí inmhíolaithe a bhaint amach as an láithreán. Déanfar cóireáil éifeachtach ar na plandaí sonraithe atá fágtha agus coinneofar iad ar feadh tréimhse iomchuí agus déanfar cigireacht orthu lena áirithiú go bhfuil siad saor ó na lotnaidí sin. Má bhraitear aon lotnaid is ábhar imní le linn na gcigireachtaí a dhéantar de bhun phointe 1.3, cuirfear sin ar an taifead go hoifigiúil, agus cuirfear na taifid ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin dó. Cuirfidh ECPN-S an Coimisiún ar an eolas láithreach maidir le brath na lotnaidí is ábhar imní. Is é a bheidh mar thoradh ar aon bhrath lotnaidí is ábhar imní, le linn na gcigireachtaí a dhéanfar de bhun phointe 1.3 agus phointe 2.1, go mbainfidh ECPN-S an phlandlann láithreach de liosta na bplandlann údaraithe dá dtagraítear i bpointe 1.2. |
|
1.5. |
Ní fhéadfaidh ECPN-S údarú plandlann a baineadh de liosta na bplandlann údaraithe a athnuachan ach an bhliain ina dhiaidh sin ar a luaithe. |
|
1.6. |
Maidir leis na plandaí sonraithe a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú chuig an Aontas, beidh ar a laghad na nithe seo a leanas déanta leo le linn na tréimhse 2 bhliain as a chéile dá dtagraítear i bpointe 1.2:
|
|
1.7. |
Maidir leis na plandaí sonraithe, is plandaí iad a bheidh inrianaithe ón am a dtógtar as an bplandlann iad go dtí tráth a luchtaithe lena n-onnmhairiú, trí na feithiclí iompair a shéalú nó trí roghanna iomchuí eile. |
|
1.8. |
Ag gabháil leis na plandaí sonraithe agus leis an damhna fáis atá greamaithe díobh nó a bhaineann leo (‘an t-ábhar’), beidh deimhniú fíteashláintíochta eisithe ag ECPN-S, lena bhfianaítear go gcomhlíontar na ceanglais a shonraítear i bpointí 1.1 go 1.7 den Iarscríbhinn seo, agus i bpointe 30 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.
Sonrófar an méid seo a leanas sa deimhniú sin:
|
2. Ceanglais le haghaidh na mBallstát
|
2.1. |
Sula dtiocfaidh na plandaí sonraithe isteach i gcríoch an Aontais, beidh siad faoi réir tréimhse coinneála iariontrála i saoráid ghaibhniúcháin nó i stáisiún coraintín ar feadh tréimhse nach giorra ná trí mhí d’fhás gníomhach.
I gcás plandaí Juniperus, cumhdóidh an tréimhse coinneála an tréimhse ón 1 Aibreán go dtí an 30 Meitheamh. Le linn na tréimhse coinneála sin agus ag an deireadh, is ábhar é a bheidh saor freisin, de réir mar a tugadh chun eolais, ó aon lotnaid is ábhar imní. Tabharfaidh an t-údarás inniúil nó na hoibreoirí gairmiúla aird ar leith do chaomhnú na marcála nó an chóid inrianaitheachta dá dtagraítear i bpointe 1.6 (c), i gcás gach planda. |
|
2.2. |
Aon bhaisc nach bhfuarthas í a bheith saor ó na lotnaidí is ábhar imní, le linn na tréimhse coinneála iariontrála dá dtagraítear i bpointe 2.1, scriosfaidh an t-údarás inniúil nó an t-oibreoir gairmiúil í láithreach faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2852/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)