This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R2803
Regulation (EU) 2024/2803 of the European Parliament and of the Council of 23 October 2024 on the implementation of the Single European Sky (recast) (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2024/2803 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le cur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2024/2803 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le cur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
PE/97/2024/INIT
IO L, 2024/2803, 11.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2803/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2803 |
11.11.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/2803 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Deireadh Fómhair 2024
maidir le cur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair
(athmhúnlú)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a leasú go substaintiúil. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh ar na Rialacháin, ba cheart iad a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht. |
|
(2) |
Ós rud é gur ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an chéad phacáiste reachtaíochta maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair, eadhon, Rialacháin (CE) Uimh. 549/2004, (CE) Uimh. 550/2004, (CE) Uimh. 551/2004, agus (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), leagadh síos bonn daingean dlí i gcomhair córas bainistíochta aerthráchta (BAT) atá comhleanúnach, idir-inoibritheach agus sábháilte. Le glacadh an dara pacáiste, eadhon, Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), rinneadh tionscnamh an Aerspáis Eorpaigh Aonair a neartú a thuilleadh trí choincheapa ‘scéim feidhmíochta’ agus ‘Bainisteoir Gréasáin’ a thabhairt isteach chun feidhmíocht an ghréasáin Eorpaigh BAT a fheabhsú a thuilleadh. Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 a aisghairm le Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), mar gur ionchorpraíodh na rialacha is gá maidir le hidir-inoibritheacht córas, comhdhamhnaí agus nósanna imeachta BAT i Rialachán (AE) 2018/1139. |
|
(3) |
Chun na hathruithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2018/1139 a chur san áireamh, is gá an Rialachán seo a ailíniú leis an Rialachán sin agus an Rialachán sin a leasú. |
|
(4) |
Rialacha mionsonraithe maidir le húsáid an aerspáis, forálacha oibríochtúla maidir le seirbhísí agus nósanna imeachta san aerloingseoireacht agus rialacha agus nósanna imeachta maidir le dearadh struchtúr aerspáis, rialaítear iad faoi Rialachán (AE) 2018/1139, ach ba cheart aicmiú an aerspáis a rialáil faoin Rialachán seo. |
|
(5) |
In Airteagal 1 den Choinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a síníodh in Chicago an 7 Nollaig 1944 (‘Coinbhinsiún Chicago’), aithníonn na Stáit Chonarthacha go bhfuil ‘ceannas iomlán agus eisiach ag gach stát ar an aerspás os cionn a chríche’. Is laistigh de chreat an cheannais sin a dhéanann Ballstáit an Aontais, faoi réir na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta is infheidhme, cumhachtaí údaráis phoiblí a fheidhmiú agus iad ag rialú aerthráchta. |
|
(6) |
Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh do cheart agus freagrachtaí na mBallstát faoi Choinbhinsiún Chicago. |
|
(7) |
Chun an comhbheartas iompair a chur chun feidhme, tá gá le córas aeriompair éifeachtúil chun go mbeifear in ann seirbhísí aeriompair a oibriú ar bhealach sábháilte, rialta agus inbhuanaithe, rud a dhéanfaidh úsáid an aerspáis agus ar acmhainneacht a optamú, a rannchuideoidh le hinbhuaine na heitlíochta, agus a éascóidh saorghluaiseacht earraí, daoine agus seirbhísí. |
|
(8) |
Is gá an ghné dhaonna a chur san áireamh nuair atá na spriocanna a bhaineann le caighdeáin sábháilteachta aerthráchta a mhéadú agus feidhmíocht fhoriomlán BAT agus seirbhísí aerloingseoireachta (SAL) don aerthrácht ginearálta san Eoraip a fheabhsú á saothrú go comhuaineach. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit seasamh leis na prionsabail a ghabhann le ‘cultúr cóir’. Ba cheart tuairimí agus moltaí Grúpa Saineolaithe an Choimisiúin maidir le gné dhaonna an Aerspáis Eorpaigh Aonair a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2023/2109 ón gCoimisiún (9) a mheas agus a chur san áireamh. |
|
(9) |
Tá feabhsúcháin i bhfeidhmíocht aeráide agus chomhshaoil BAT ina rannchuidiú freisin chun na cuspóirí atá i gComhaontú Pháras, i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), sna conclúidí ón gComhairle maidir leis an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste ón gCoimisiún agus sa Chlár Oibre Digiteach don Eoraip a bhaint amach, go háirithe trí astaíochtaí eitlíochta a laghdú. |
|
(10) |
Thiocfadh méadú ar éifeachtúlacht breosla agus laghdófaí astaíochtaí dá mbainfí úsáid níos éifeachtúla as an aerspás, rud a d’fhágfadh go mbeadh níos mó roghanna ann maidir leis na ruthaig eitilte is fearr. Ba cheart gnéithe éagsúla aeráide agus comhshaoil a chur san áireamh freisin agus ruthaig eitilte agus próifílí eitilte á n-optamú, chun astaíochtaí agus truailleáin aeir a laghdú. Ba cheart modheolaíocht a fhorbairt maidir le conas na gnéithe éagsúla sin agus a n-idirthuilleamaíochtaí a chur san áireamh, go háirithe agus táscairí feidhmíochta á ndearadh. |
|
(11) |
Is acmhainn choiteann é an t-aerspás do gach catagóir úsáideoirí, agus ní mór dóibh uile é a úsáid ar bhealach solúbtha chun an chothroime agus an trédhearcacht a áirithiú, agus riachtanais slándála agus cosanta na mBallstát mar aon lena ngealltanais laistigh d’eagraíochtaí idirnáisiúnta á gcur san áireamh ag an am céanna. |
|
(12) |
In 2004, ghlac na Ballstáit ráiteas ginearálta maidir le cúrsaí míleata a bhaineann leis an Aerspás Eorpach Aonair (11), ráiteas a d’athdhearbhaigh siad ó shin. De réir an ráitis sin, ba cheart do na Ballstáit, go háirithe, feabhas a chur ar an gcomhar idir lucht sibhialta/míleata agus, má mheasann na Ballstáit uile lena mbaineann gá a bheith leis agus go feadh an mhéid a mheasann siad gá a bheith leis, comhar a éascú idir a gcuid fórsaí armtha ó thaobh cúrsaí bainistíochta aerthráchta de. |
|
(13) |
Cinntí a bhaineann lena bhfuil in oibríochtaí agus oiliúint mhíleata, lena raon feidhme agus lena ndéanamh, ní thagann siad faoi inniúlacht an Aontais faoi Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. |
|
(14) |
Le hAirteagal 9a de Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, rinneadh foráil maidir leis na Ballstáit chun bloic feidhme aerspáis a bhunú d’fhonn feabhas a chur ar an gcomhar idir soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta chun feidhmíocht a fheabhsú agus sineirgí a chruthú, agus is leis a rinneadh na bloic aerspáis sin a rialáil. Féadfaidh na Ballstáit an comhar agus an comhordú a choinneáil ar bun laistigh de na bloic aerspáis sin arna mbunú roimhe seo d’fhonn feidhmíocht an ghréasáin bainistíochta aerthráchta laistigh den Aerspás Eorpach Aonair a chothú, go háirithe trí phleananna feidhmíochta comhpháirteacha a thíolacadh, go háirithe ar choinníoll nach ndéanfadh sé sin difear do chur chun feidhme éifeachtúil an Rialacháin seo. |
|
(15) |
Ba cheart do na Ballstáit údarás maoirseachta náisiúnta a ainmniú chun na cúraimí a shanntar don údarás sin faoin Rialachán seo a ghlacadh chucu féin. Ionas go n-áiritheofar maoirseacht chomhsheasmhach fhónta ar sholáthar seirbhísí ar fud na hEorpa, ba cheart ráthaíocht a bheith ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta maidir le neamhspleáchas leordhóthanach agus acmhainní leordhóthanacha a bheith acu. Go háirithe, ba cheart do mhaoiniú na n-údarás sin a neamhspleáchas a ráthú agus ba cheart a cheadú dóibh feidhmiú i gcomhréir le prionsabail na cothroime, na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta. Níor cheart dó sin cosc a chur ar údarás maoirseachta náisiúnta a nascadh le húdarás rialála eile, mar shampla an t-údarás inniúil náisiúnta nó an t-údarás iomaíochta náisiúnta, má chomhlíonann an comhúdarás na ceanglais neamhspleáchais agus ar choinníoll go ndéantar na cinntí a bhaineann leis na cúraimí a thugtar don údarás maoirseachta náisiúnta faoin Rialachán seo go neamhspleách ar chúraimí eile a thugtar don chomhúdarás. |
|
(16) |
Ba cheart dó na nósanna imeachta iomchuí chun foireann na n-údarás maoirseachta náisiúnta a cheapadh rannchuidiú le ráthú neamhspleáchas na n-údarás sin. Ba cheart d’fhoireann na n-údarás maoirseachta náisiúnta gníomhú go neamhspleách, go háirithe trí choinbhleachtaí leasa a sheachaint idir sholáthar seirbhísí aerloingseoireachta agus chur i gcrích a gcúraimí. Leis na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa do bhaill foirne agus do dhaoine a dhéanann cinntí lena bhfeidhmítear na cumhachtaí a shainmhínítear sa Rialachán seo, ba cheart cosc a chur freisin ar choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh eascairt as a sannadh gníomhach d’údarás maoirseachta náisiúnta i dtaca le post nua in eintiteas rialáilte don tréimhse díreach tar éis dheireadh a sannta don údarás maoirseachta náisiúnta sin. |
|
(17) |
Ba cheart nósanna imeachta a chur ar bun chun comhar agus malartú faisnéise a áirithiú idir an t-údarás maoirseachta náisiúnta agus an t-údarás inniúil náisiúnta d’fhonn cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo a áirithiú. |
|
(18) |
Maidir leis na ceanglais i dtaca le deimhniú a dheonú i ndáil le stóinseacht airgeadais, dliteanas, cumhdach árachais agus úinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil, tá nasc láidir acu sin leis na ceanglais sábháilteachta agus slándála chun seirbhísí a sholáthar agus leis an maoirseacht oibríochtúil agus theicniúil a bhíonn le déanamh ag údarás inniúil náisiúnta. Maidir le gníomhaíochtaí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a bhaineann leis na ceanglais i ndáil le stóinseacht airgeadais, dliteanas, cumhdach árachais, úinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139, ba cheart do na Ballstáit a bpróisis riaracháin a shocrú i gcomhréir lena socruithe náisiúnta chun a áirithiú go gcuirfear cúraimí na n-údarás inniúil náisiúnta agus maoirseachta i gcrích go cuí agus go héifeachtúil. |
|
(19) |
Tá ról lárnach ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta i gcur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus ba cheart dóibh, dá bhrí sin, comhoibriú le chéile chun malartú faisnéise a éascú maidir lena gcuid oibre agus le prionsabail chinnteoireachta, dea-chleachtais agus nósanna imeachta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo chomh maith a chumasú agus cur chuige comhchoiteann a fhorbairt, lena n-áirítear trí chomhar feabhsaithe ar leibhéal réigiúnach. Ba cheart an comhar sin a dhéanamh ar bhonn rialta i gcomhthéacs an Bhoird um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta. |
|
(20) |
Is uirlis thábhachtach é an comhar idir soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta chun feidhmíocht fhoriomlán an chórais Eorpaigh BAT a fheabhsú agus ba cheart é a spreagadh. |
|
(21) |
Ba cheart soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta a bheith in ann seirbhísí a thairiscint san Aontas faoi choinníollacha neamh-idirdhealaitheacha i gcás ina bhfuil deimhniú nó dearbhú ina sheilbh aige de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2018/1139. |
|
(22) |
I gcomhréir le hAirteagal 2(5) de Rialachán (AE) 2018/1139, agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach ann, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheadú don arm na seirbhísí aerloingseoireachta dá dtagraítear in Airteagal 2(3), pointe (c) de Rialachán (AE) 2018/1139 atá faoina bhfreagracht a sholáthar gan deimhniú i gcás ina gcuireann an t-arm seirbhísí den sórt sin ar fáil go príomha do ghluaiseachtaí aerárthaí seachas d’aerthrácht ginearálta. Sna cásanna sin, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann an Coimisiún agus na Ballstáit uile a chur ar an eolas faoina chinneadh. |
|
(23) |
Leis an Rialachán seo, ní éilítear go ndéanfar comharthaí arna soláthar ag Córais Dhomhanda Loingseoireachta Satailíte (GNSS) a dheimhniú. |
|
(24) |
Níor cheart aon idirdhealú a bheith ann idir úsáideoirí aerspáis maidir le seirbhísí aerloingseoireachta coibhéiseacha a sholáthar. |
|
(25) |
Ba cheart seirbhísí aerthráchta a sholáthar ar bhonn eisiach. Ba cheart soláthraithe na seirbhísí sin a bheith faoi réir ainmniú agus ceanglais maidir le leas an phobail. I ndáil leis sin, ba cheart a chur san áireamh nach bhfuil soláthar seirbhísí aerthráchta a bhfuil baint acu le feidhmiú cumhachtaí údaráis phoiblí agus nach de chineál eacnamaíocha iad faoi réir chur i bhfeidhm rialacha an Chonartha maidir le hiomaíocht. |
|
(26) |
Ba cheart a chur san áireamh sa phróiseas ainmniúcháin gur gá leanúnachas seirbhíse a bheith ag soláthraithe seirbhísí aerthráchta agus nach mór dóibh pleanáil infheistíochta fadtéarmaí a dhéanamh. D’ainneoin an mhéid thuas, ceanglaítear le comhthéacs mearathraitheach na haerloingseoireachta go ndéanfar faireachán ar chearta agus oibleagáidí na soláthraithe seirbhísí aerthráchta ainmnithe chun a áirithiú go leanfaidh na cearta agus na hoibleagáidí sin de bheith infheidhme go hiomlán agus go gcomhlíonfar na hoibleagáidí sin. I gcás ina measann na Ballstáit gur gá próiseas ainmniúcháin nua a sheoladh i gcomhthéacs a bhfaireacháin, ba cheart dóibh a bheith in ann an soláthraí seirbhísí aerthráchta céanna a ainmniú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. |
|
(27) |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach gcuirfear cosc faoina ndlí náisiúnta ar sholáthraí seirbhísí aerthráchta a ainmniú ar an bhforas, go háirithe, go bhfuil a phríomháit ghnó ag an soláthraí seirbhísí lena mbaineann i mBallstát eile nó gur le náisiúnaigh de chuid an Bhallstáit sin é nó í i gcás ina gcuireann cur i bhfeidhm an dlí náisiúnta sin srian gan údar ar an tsaoirse seirbhísí a sholáthar nó ar an tsaoirse bhunaíochta, agus ba cheart an srian sin a mheasúnú ar bhonn gach cáis faoi leith i bhfianaise na n-imthosca ábhartha uile. |
|
(28) |
Féadfaidh soláthraithe seirbhísí aerthráchta seirbhísí cumarsáide, loingseoireachta agus faireachais (CLF), seirbhísí faisnéise aerloingseoireachta (SFA), seirbhísí sonraí aerthráchta (SSA) nó seirbhísí meitéareolaíocha (SManna) a fháil i gcásanna nár ainmnigh na Ballstáit soláthraí SManna, faoi dhálaí an mhargaidh, nó faoi chineálacha eile comhaontuithe nach bhfuil feidhm ag Treoir 2014/24/AE (12) ná ag Treoir 2014/25/AE (13) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ina leith, agus cásanna sonracha á gcur san áireamh mar shampla gan réitigh a bheith ar fáil ar an margadh agus breithnithe a bhaineann le leas an phobail. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú d’oibreoirí aerfoirt nó do ghrúpa oibreoirí aerfoirt seirbhísí aerthráchta críochfoirt le haghaidh rialú aeradróim nó seirbhísí aerthráchta le haghaidh rialú ascnaimh a fháil faoi dhálaí an mhargaidh. |
|
(29) |
I gcás ina bhfaightear seirbhísí aerthráchta críochfoirt le haghaidh rialú aeradróim agus rialú ascnaimh, níor cheart iad a bheith faoi réir na scéime feidhmíochta chun spriocanna a shocrú a leagtar amach sa Rialachán seo. Mar sin féin, ba cheart do na soláthraithe seirbhísí sonraí a sholáthar maidir le feidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta. I gcás ina bhfaightear seirbhísí aerthráchta le haghaidh rialú aeradróim agus rialú ascnaimh, ba cheart ceanglais maidir le cáilíocht seirbhíse a bheith san áireamh sna ceanglais theicniúla sna sonraíochtaí tairisceana. |
|
(30) |
Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta cuntais ar leithligh a choinneáil le haghaidh gach seirbhíse aerloingseoireachta mar a bheadh de cheangal orthu dá ndéanfadh gnólachtaí ar leithligh na seirbhísí sin, d’fhonn idirdhealú, tras-fhóirdheonú agus saobhadh iomaíochta a sheachaint. |
|
(31) |
I gcás inarb infheidhme, ba cheart soláthar seirbhísí aerloingseoireachta a dhéanamh i gcomhréir le Treoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE, agus i gcomhréir le prionsabail na córa comhionainne, an neamh-idirdhealaithe agus na trédhearcachta mar aon leis na forálacha is infheidhme den Chonradh, go háirithe rialacha an Chonartha maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus an tsaoirse bhunaíochta. Ba cheart na nósanna imeachta tairisceana maidir le soláthar na seirbhísí a dhearadh chun go gcuirfear ar a gcumas do sholáthraithe iomaíocha rannpháirtíocht éifeachtach a ghlacadh sna nósanna imeachta sin, lena n-áirítear trí iomaíocht a athoscailt go rialta. |
|
(32) |
Chun bainistíocht tráchta a dhéanamh ar aerárthaí gan foireann, is gá seirbhísí coiteanna faisnéise (SCFanna) a bheith ar fáil. I gcás ina gcuireann soláthraí aonair SCF arna ainmniú ag an mBallstát SCFanna ar fáil i leith aerspás U-Space sonrach, ba cheart praghsanna SCFanna a rialáil chun na costais a bhaineann leis an mbainistíocht tráchta sin a shrianadh. Dá bhrí sin, ba cheart praghsanna SCFanna a bheith bunaithe ar chostas agus ar uasmharcáil réasúnta chun brabús a dhéanamh, agus ba cheart iad a bheith faoi réir fhormheas na n-údarás maoirseachta náisiúnta. I gcás nach soláthraíonn soláthraí aonair SCF SCFanna, ba cheart an SCF aonair a sholáthar saor in aisce. Chun soláthar na seirbhíse a chumasú, ba cheart rochtain ar na sonraí oibríochtúla ábhartha a thabhairt do sholáthraithe SCFanna ar théarmaí cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha. |
|
(33) |
Tá infhaighteacht sonraí oibríochtúla ábhartha i ndáil le haerthrácht ginearálta fíor-riachtanach chun soláthar solúbtha seirbhísí sonraí aerthráchta, ar bhonn trasteorann agus ar fud an Aontais, a chumasú. Dá bhrí sin, ba cheart na sonraí sin a chur ar fáil, ar théarmaí cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha, do gheallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear d’eintitis a bhfuil sé cruthaithe go bhfuil sé ar intinn acu seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar. Cruinneas na faisnéise lena n-áirítear maidir le stádas aerspáis agus cásanna sonracha aerthráchta agus dáileadh tráthúil na faisnéise sin ar rialaitheoirí sibhialta agus míleata, bíonn tionchar díreach aige sin ar shábháilteacht agus ar éifeachtúlacht oibríochtaí, lena n-áirítear éifeachtúlacht chomhshaoil eitiltí. Tá rochtain thráthúil ar fhaisnéis atá cothrom le dáta maidir le stádas aerspáis fíor-riachtanach do gach páirtí ar mian leis leas a bhaint as struchtúir aerspáis a chuirtear ar fáil agus a bpleananna eitilte á gcomhdú nó á n-athchomhdú aige. |
|
(34) |
Níor cheart feidhm a bheith ag na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt a sholáthraítear ag aerfoirt ina ndéantar níos lú ná 80 000 gluaiseacht aeriompair lena ngabhann rialacha um eitiltí de réir uirlisí in aghaidh na bliana. Is beag breisluach a bheadh ag baint le spriocanna feidhmíochta a shocrú le haghaidh na seirbhísí sin toisc go mbeadh na spriocanna sin gar do nialas i bhformhór na gcásanna. Thairis sin, dá gcuirfí na seirbhísí sin faoi bhráid na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe arna gcur ar bun leis an Rialachán seo, bheadh ualach díréireach riaracháin agus airgeadais ann i gcomparáid leis na tairbhí a bhfuil coinne leo i dtéarmaí feabhas a chur ar fheidhmíocht agus cáilíocht seirbhíse níos fearr. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhfuil na seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt sin faoi réir na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe. |
|
(35) |
Níor cheart airm a sholáthraíonn seirbhísí aerloingseoireachta go príomha do ghluaiseachtaí aerárthaí seachas aerthrácht ginearálta, lena n-áirítear a maoiniú, a bheith faoi réir na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe a chuirtear ar bun leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, níor cheart costais a seirbhísí a mheas mar chostais arna gcinneadh faoin Rialachán seo. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh na scéimeanna sin a chur i bhfeidhm maidir le hairm sholáthraíonn na seirbhísí sin. Ba cheart feidhm a bheith ag na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe maidir le hairm a sholáthraíonn seirbhísí aerloingseoireachta go príomha don aerthrácht ginearálta. |
|
(36) |
Leis na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe, ba cheart a áirithiú go n-oibreoidh an córas Eorpach BAT ar bhealach éifeachtúil, inbhuanaithe agus leanúnach; tá sé beartaithe i ngeall ar na scéimeanna sin go ndéanfar seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthraítear faoi dhálaí seachas dálaí an mhargaidh níos éifeachtúla ó thaobh costais de agus go gcuirfidh siad cáilíocht seirbhíse níos fearr chun cinn. Chuige sin, ba cheart dreasachtaí ábhartha agus iomchuí a áireamh iontu. I bhfianaise an chuspóra sin, níor cheart don scéim feidhmíochta seirbhísí arna soláthar faoi dhálaí an mhargaidh a chumhdach. Ba cheart don scéim feidhmíochta na seirbhísí aerloingseoireachta uile a sholáthraíonn nó a fhaigheann soláthraí seirbhísí aerthráchta ó sholáthraithe seirbhísí eile a chumhdach, lena n-áirítear nuair a sholáthraíonn an soláthraí seirbhísí sin seirbhísí aerloingseoireachta agus seirbhísí aerthráchta. |
|
(37) |
Féadfaidh na Ballstáit pleananna feidhmíochta comhpháirteacha a fhorbairt le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta arb é is aidhm dóibh leibhéal feidhmíochta na bainistíochta aerthráchta a fheabhsú thar an leibhéal a bheadh indéanta ar bhonn Ballstáit aonair, lena gcumhdófaí, ar a laghad, fad na tréimhse tagartha; ba cheart do na Ballstáit sprioc chomhpháirteach amháin ar a laghad mar aon le tionscnaimh chomhpháirteacha maidir le comhar trasteorann a áireamh sna pleananna comhpháirteacha sin, agus breithniú á dhéanamh ag an am céanna ar an mbreisluach a bhaineann le spriocanna comhpháirteacha eile a shocrú, soláthar comhpháirteach a dhéanamh agus rialachas comhpháirteach a bhunú. |
|
(38) |
Agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh aige chun scéimeanna dreasachta a leagan amach, ba cheart don Choimisiún infheidhmeacht na scéimeanna sin a shainiú i gcásanna ina dtéann soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta thar na spriocanna feidhmíochta ceangailteacha ábhartha le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta le linn na tréimhse tagartha nó i gcásanna nach gcomhlíonann siad na spriocanna sin. Gan dochar do na bearta atá le cur chun feidhme ag an soláthraí seirbhísí aerthráchta chun tionchar teagmhas den sórt sin a mhaolú, ba cheart aird chuí a thabhairt sna critéir infheidhmeachta ar theagmhais nach féidir a thuar agus teagmhais shuntasacha nach bhfuil smacht ag an soláthraí seirbhísí aerthráchta orthu. Chun cáilíocht seirbhíse níos fearr a chur chun cinn, ba cheart dreasachtaí ábhartha iomchuí a áireamh sna scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe sin. Ba cheart dreasachtaí airgeadais a shocrú d’fhonn feidhmíocht seirbhísí aerloingseoireachta níos fearr a chothú ar bhealach cothrom trí fheidhmíocht iarbhír a chúiteamh nó pionós a ghearradh ina leith i ndáil le spriocanna feidhmíochta ceangailteacha. |
|
(39) |
Maidir leis na hioncaim a thagann as na muirir a fhorchuirtear ar úsáideoirí aerspáis, féadfaidh barrachas airgeadais nó caillteanais airgeadais a bheith mar thoradh orthu sin do sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta de bharr chur i bhfeidhm na scéimeanna dreasachta agus na sásraí roinnte rioscaí. |
|
(40) |
Ba cheart Bord Athbhreithnithe Feidhmíochta (BAF) a bhunú chun comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe. Ach BAF a chur ar bun, ba cheart ráthú a bheith ann go gcuirfear a chúraimí i gcrích leis an saineolas agus leis an neamhspleáchas is gá ar leasanna poiblí nó príobháideacha, agus go mbeidh sé in ann brath ar acmhainní tiomnaithe. Ba cheart BAF a chur in ionad an Chomhlachta Athbhreithnithe Feidhmíochta arna bhunú faoi Airteagal 11(2) de Rialachán 549/2004 agus teacht i gcomharbas air. |
|
(41) |
Ba cheart do rúnaíocht arna soláthar ag an gCoimisiún tacú le BAF. Chun ábhar agus treoshuíomhanna na dtuairimí, na moltaí, na dtuarascálacha agus an ábhair threoraigh ó BAF a ullmhú, ba cheart don rúnaíocht gníomhú gan aon treoracha a ghlacadh seachas ó BAF féin chun a chur ar chumas BAF a ról comhairleach a chomhlíonadh agus neamhspleáchas BAF a áirithiú. Ba cheart gurb é príomhchúram na rúnaíochta rannchuidiú le BAF agus a chúraimí á bhfeidhmiú go neamhspleách aige. |
|
(42) |
Tá foireann na rúnaíochta faoi réir na rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil agus maidir le coinbhleacht leasa a áirítear i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais, a leagtar síos i Rialachán (CE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (14), lena n-áirithítear a neamhspleáchas. Ba cheart an próiseas roghnúcháin agus na critéir incháilitheachta a mhionsonrú i ngníomh cur chun feidhme, nár cheart ceapachán comhaltaí sonracha BAF a bheith san áireamh ann ná an ceapachán sin a bheith faoi réir fhormheas na mBallstát ar bhealach ar bith. |
|
(43) |
I bhfianaise na n-eilimintí trasteorann agus gréasáin is gné dhílis de sholáthar seirbhísí aerloingseoireachta, ba cheart feidhmíocht faoi bhealach a mheasúnú de réir spriocanna feidhmíochta uile-Aontais. |
|
(44) |
Leis na spriocanna náisiúnta maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt, ba cheart feabhsuithe ar fheidhmíocht na seirbhísí sin a spreagadh le himeacht ama agus cur chuige geata go geata a chumasú chun seirbhísí aerloingseoireachta a rialáil. |
|
(45) |
Ba cheart cúraimí atá sainithe go soiléir a bheith ar na Ballstáit, ar na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus ar an gCoimisiún sna scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe, go háirithe i dtaca leis na pleananna feidhmíochta a ullmhú, na pleananna sin a fhormheas agus faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta. |
|
(46) |
Ba cheart do phríomhréimse feidhmíochta na haeráide agus an chomhshaoil aghaidh a thabhairt ar thionchar na heitlíochta ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a bhféadfadh tionchar a bheith ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta orthu, go háirithe na hastaíochtaí CO2. Ba cheart spriocanna feidhmíochta faoi bhealach le haghaidh gach tréimhse tagartha a bheith sna pleananna feidhmíochta, ar spriocanna iad atá comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimsí feidhmíochta na haeráide agus an chomhshaoil, na hacmhainneachta agus na costéifeachtúlachta, chomh maith le spriocanna feidhmíochta críochfoirt i bpríomhréimsí feidhmíochta na hacmhainneachta agus na costéifeachtúlachta. Ar dháta glactha an Rialacháin seo, leis na sonraí atá ar fáil cheana, ní féidir príomhtháscairí feidhmíochta a bhunú, i bpríomhréimse feidhmíochta na haeráide agus an chomhshaoil, le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt ar táscairí iad atá bailí, iontaofa, intomhaiste agus lenar féidir tionchair sa réimse sin a thomhas, tionchair ar féidir leis na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta tionchar díreach a imirt orthu. Dá bhrí sin, níor cheart é a bheith d’oibleagáid ar na Ballstáit spriocanna ceangailteacha a áireamh i bpleananna feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i bpríomhréimse feidhmíochta na haeráide agus an chomhshaoil ach amháin tar éis don Choimisiún a bheith in ann na príomhtháscairí feidhmíochta a chomhlíonann na coinníollacha sin a shocrú i ngníomh cur chun feidhme. Agus spriocanna ceangailteacha feidhmíochta á socrú le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt a áirítear sa phlean feidhmíochta, ba cheart imthosca áitiúla a chur san áireamh, go háirithe ceanglais áitiúla maidir leis an mbeartas comhshaoil. |
|
(47) |
Ba cheart comhlíonadh na bhfeidhmeanna gréasáin a bheith faoi réir critéir a bhaineann go sonrach leo, ag féachaint do chineál ar leith na bhfeidhmeanna sin. Ba cheart na feidhmeanna gréasáin sin a bheith faoi réir spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimsí feidhmíochta na haeráide agus an chomhshaoil, na hacmhainneachta agus na costéifeachtúlachta. |
|
(48) |
Ba cheart an scéim muirearaithe a chuirtear ar bun leis an Rialachán seo a bheith comhsheasmhach, inter alia, le hAirteagal 15 de Choinbhinsiún Chicago. Ba cheart an scéim sin a bheith gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit soláthar seirbhísí aerloingseoireachta a chumhdaítear leis an Rialachán seo a mhaoiniú trí chistí poiblí, a mhéid atá sé i gcomhréir le rialacha an Chonartha maidir leis an iomaíocht, i gcás inarb infheidhme. |
|
(49) |
Ba cheart an scéim muirearaithe a bheith bunaithe ar an bprionsabal gur cheart d’úsáideoirí aerspáis íoc as na costais arna dtabhú i ndáil le seirbhísí agus feidhmeanna a théann chun tairbhe úsáideoirí aerspáis nach gcumhdaítear ar shlí eile. D’fhéadfaí na costais i ndáil le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta arna dtabhú ag údaráis náisiúnta na mBallstát, lena n-áirítear na húdaráis inniúla náisiúnta agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta chomh maith le Eurocontrol agus an Bainisteoir Gréasáin, a chur san áireamh sna costais a chinntear a bheith incháilithe le muirearú ar úsáideoirí aerspáis. Leis na muirir, ba cheart soláthar seirbhísí aerloingseoireachta atá sábháilte, éifeachtúil, éifeachtach agus inbhuanaithe a chothú d’fhonn ardleibhéal sábháilteachta agus costéifeachtúlachta a bhaint amach chomh maith leis na spriocanna feidhmíochta a chomhlíonadh agus tacú le tionchar comhshaoil na heitlíochta a laghdú ag an am céanna. |
|
(50) |
Costais a eascraíonn as Coinbhinsiún Idirnáisiúnta Eurocontrol an 13 Nollaig 1960 maidir le Comhoibriú um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta, mar a leasaíodh go deireanach é, d’fhéadfaí iad a áireamh sna costais arna gcinneadh ós rud é go meastar go mbaineann na gníomhaíochtaí uile a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún sin, tráth ghlacadh an Rialacháin seo, le seirbhísí aerloingseoireachta. |
|
(51) |
Ba cheart don Choimisiún staidéar féidearthachta a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag modhnú muirear ar aerthrácht, soláthar seirbhísí, costais riaracháin agus geallsealbhóirí, agus ar rannchuidiú an mhodhnaithe sin chun cuspóirí an Aerspáis Eorpaigh Aonair a bhaint amach. Bunaithe ar an staidéar sin, ba cheart don Choimisiún a chinneadh cé acu ba cheart nó nár cheart gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear modhnú muirear i bhfeidhm go haonfhoirmeach d’fhonn úsáideoirí aerspáis a spreagadh chun tacú le feabhsuithe ar fheidhmíocht aeráide agus chomhshaoil, go háirithe trí úsáid an ródaithe is éifeachtúla ó thaobh breosla de atá ar fáil, úsáid mhéadaithe teicneolaíochtaí tiomána glana malartacha, lena n-áirítear breoslaí malartacha inbhuanaithe, agus an leibhéal sábháilteachta is fearr is féidir á choinneáil ag an am céanna. Fiú mura nglacfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme sin, ba cheart an ceart a bheith ag na Ballstáit muirir a mhodhnú chun soláthraithe seirbhísí aerthráchta agus úsáideoirí aerspáis a spreagadh chun tacú le feabhsuithe ar cháilíocht na seirbhíse, mar shampla acmhainneacht mhéadaithe, laghdú ar mhoilleanna agus forbairt inbhuanaithe. |
|
(52) |
I gcás géarchéim ghréasáin, mar shampla coinbhleacht gheopholaitiúil, géarchéim shláinte nó tubaiste nádúrtha, lena gcuirtear cosc ar réamhaisnéisí tráchta iontaofa a eisiúint, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann forálacha idirthréimhseacha a ghlacadh lena n-áirítear an scéim feidhmíochta a chur ar fionraí go sealadach nó a oiriúnú go sealadach go dtí go dtiocfadh deireadh leis an ngéarchéim ghréasáin agus go mbeadh na réamhaisnéisí iontaofa nua ar fáil. |
|
(53) |
Gan dochar don nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 258 CFAE, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú rialta a dhéanamh maidir leis an Rialachán seo a bheith á chomhlíonadh ag na Ballstáit. Agus an t-athbhreithniú sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar cé acu a bhíonn nó nach mbíonn na Ballstáit ag áirithiú go bhfuil a n-oibleagáidí á gcomhlíonadh ag na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta. |
|
(54) |
Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le trédhearcacht chuntais na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, mar bhealach amháin chun tras-fhóirdheonú agus saobhadh ina dhiaidh sin a chosc. |
|
(55) |
Ba cheart d’fheidhmeanna gréasáin BAT rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe an chórais aeriompair agus tacú le spriocanna feidhmíochta uile-Aontais a bhaint amach. Ba cheart an méid seo a leanas a bheith mar thoradh orthu: go mbainfí an úsáid is fearr is féidir as an aerspás agus as acmhainní tearca ar bhealach inbhuanaithe, éifeachtúil agus glas, go mbeidís i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla agus bonneagar an ghréasáin Eorpaigh BAT á imscaradh agus go mbeadh tacaíocht ar fáil leo i gcás géarchéimeanna gréasáin. |
|
(56) |
Ní mór roinnt feidhmeanna gréasáin, mar shampla bainistíocht na sreibhe aerthráchta, a bheith á gcomhordú go lárnach ag comhlacht aonair amháin chun tacú le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit agus ag na geallsealbhóirí oibríochtúla ábhartha. Dá bhrí sin, ba cheart do Bhainisteoir Gréasáin roinnt cúraimí a chuireann le cur i gcrích na bhfeidhmeanna sin a chur i gcrích, agus ba cheart na geallsealbhóirí oibríochtúla ábhartha go léir a bheith bainteach lena ghníomhaíocht. Ba cheart cúraimí sonracha an Bhainisteora Gréasáin a leagan síos sa Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún an bainisteoir gréasáin a cheapadh. |
|
(57) |
In 2011 agus in 2019, rinne an Coimisiún Eurocontrol a cheapadh mar Bhainisteoir Gréasáin.BG Chun leanúnachas gnó a áirithiú i bhfeidhmiú fheidhmeanna gréasáin BAT, féadfar an sainordú sin a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo. |
|
(58) |
I gcás ina bhfuil cónaí ar an mBainisteoir Gréasáin in eintiteas eile, ba cheart deighilt feidhmeanna agus ordlathach a bheith ann, chomh maith le cuntasaíocht ar leithligh, ón eintiteas sin. |
|
(59) |
Ba cheart do gheallsealbhóirí oibríochtúla, a mbíonn orthu feidhmeanna gréasáin a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal oibríochtúil, agus leis na Ballstáit, a bheith rannpháirteach go hiomlán i gcur chun feidhme na bhfeidhmeanna sin agus sa phróiseas cinnteoireachta. Dá réir sin, ba cheart don Bhainisteoir Gréasáin bearta a dhéanamh trí chinnteoireacht chomhoibritheach a bheadh bunaithe go háirithe ar an gcomhairliúchán leis na geallsealbhóirí oibríochtúla agus leis na Ballstáit agus ar shocruithe mionsonraithe oibre agus ar phróisis oibríochta. Sa phróiseas cinnteoireachta comhoibritheach sin, ba cheart do na páirtithe gníomhú a mhéid is féidir d’fhonn feidhmiú agus feidhmíocht an ghréasáin a fheabhsú, lena n-áirítear i dtaca le baint amach na spriocanna uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na haeráide agus an chomhshaoil, agus ba cheart forlámhas a bheith ag leasanna an ghréasáin, gan dochar do riachtanais slándála agus cosanta, agus ba cheart an próiseas cinnteoireachta comhoibritheach sin a bheith de chineál a fhágfaidh go réiteofar saincheisteanna agus go dtiocfar ar chomhthoil nuair is féidir. I gcomhthéacs an phróisis cinnteoireachta comhoibrithí maidir le feidhmeanna gréasáin a fhorghníomhú, ba cheart do na Ballstáit comhordú leordhóthanach a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta leis na geallsealbhóirí oibríochtúla sibhialta agus míleata. Thairis sin, chun rialachas iomchuí a bhaineann le forghníomhú na bhfeidhmeanna gréasáin a áirithiú, ba cheart Bord Bainistíochta Gréasáin a chur ar bun, a áiritheoidh go ndéanfar ionadaíocht iomchuí do leasanna na ngníomhaithe uile, go háirithe na geallsealbhóirí oibríochtúla, a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na bhfeidhmeanna sin. Gan dochar don chomhairliúchán leis an mBord Bainistíochta Gréasáin maidir le cinntí rialála nó straitéiseacha, amhail an Plean Straitéise Gréasáin a fhormhuiniú, ba cheart na bearta arna nglacadh trí chinnteoireacht chomhoibritheach agus ag an mBord Bainistíochta Gréasáin a bheith oibríochtúil nó teicniúil, lena n-áiritheofar oibriú an ghréasáin ó lá go lá i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo. |
|
(60) |
Chun feabhas a chur ar an bhfócas atá ag soláthraithe seirbhísí aerthráchta ar chustaiméirí, ba cheart dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha maidir le cinntí móra oibríochtúla na soláthraithe seirbhísí aerthráchta. |
|
(61) |
Maidir le soláthar faisnéise aerloingseoireachta atá iomlán, ar ardchaighdeán, agus tráthúil, tá tionchar suntasach aige ar an tsábháilteacht agus ar éascú na rochtana ar aerspás an Aontais agus na féidearthachtaí chun gluaiseacht laistigh den aerspás sin. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain ar na sonraí sin a éascú trí bhonneagar iomchuí faisnéise. |
|
(62) |
Níl ach aon dóigh amháin ann leis an aerspás a úsáid ar bhealach sábháilte éifeachtúil, is é sin trí dhlúthchomhar idir úsáideoirí sibhialta agus úsáideoirí míleata aerspáis, rud atá bunaithe den chuid is mó, go hiarbhír, ar choincheap úsáid sholúbtha an aerspáis agus ar chomhordú éifeachtach idir lucht sibhialta agus lucht míleata mar atá bunaithe ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO). D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an choincheapa seo a áirithiú, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh laistigh de theorainneacha an chomhbheartais iompair agus gan dochar d’fhreagrachtaí na mBallstát ar a n-aerspás. |
|
(63) |
Tá an tionscadal Taighde um BAT maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair (SESAR) dírithe ar fhorbairt an aeriompair a chumasú ar bhealach sábháilte, éifeachtúil agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de tríd an gcóras BAT Eorpach agus domhanda a nuachóiriú. D’fhonn cur le héifeachtacht iomlán an tionscadail, ba cheart comhordú cuí idir céimeanna an tionscadail a áirithiú. Ba cheart do Mháistirphlean Eorpach BAT a bheith mar thoradh ar chéim shainithe SESAR, agus rannchuidiú leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais a bhaint amach. Don tréimhse 2022 go 2027, shínigh an Coimisiún Eorpach agus an Chomhpháirtíocht um Imscaradh agus Bonneagar SESAR – cuibhreannas ina bhfuil 20 mórúsáideoir aerspáis Eorpaigh, soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta agus oibreoirí aerfoirt, agus Eurocontrol mar Bhainisteoir Gréasáin – Creat-Chomhaontú Comhpháirtíochta fadtéarmach, chun go ndéanfaidh an Chomhpháirtíocht um Imscaradh agus Bonneagar SESAR cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme tráthúil agus sioncrónaithe comhthionscadal (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/116 ón gCoimisiún (15) ) agus le faireachán trí chomhordú a dhéanamh ar na geallsealbhóirí lena mbaineann agus trí thacú leo. |
|
(64) |
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag coincheap na gcomhthionscadal na hathruithe oibríochtúla ríthábhachtacha a sainaithníodh i Máistirphlean Eorpach BAT a bhfuil tionchar ar fud an ghréasáin acu agus a bhfuil aibíocht leordhóthanach bainte amach acu chuige sin a chur chun feidhme ar bhealach tráthúil, comhordaithe agus sioncrónaithe. Go háirithe, ba cheart do chomhthionscadail glacadh teicneolaíochtaí digiteacha nua a chur chun cinn agus dlús a chur leis sin. Ba cheart a chur de chúram ar an gCoimisiún anailís costais is tairbhe a dhéanamh i ndáil le cistiú chur chun feidhme na gcomhthionscadal d’fhonn dlús a chur le himscaradh thionscadal SESAR. |
|
(65) |
Trí chomhlíonadh na gceanglas maidir le córais agus comhdhamhnaí chórais BAT arna mbunú le Rialachán (AE) 2018/1139, ba cheart idir-inoibritheacht na gcóras agus na gcomhdhamhnaí sin a áirithiú chun tairbhe don Aerspáis Eorpaigh Aonair. |
|
(66) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, go háirithe maidir le BAF, cur chun feidhme na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe, lena n-áirítear spriocanna feidhmíochta uile-Aontais agus luachanna bonnlíne comhlántacha a shocrú, tairseacha foláirimh, luachanna miondealaithe agus grúpaí tagarmhairc, spriocanna feidhmíochta a shocrú agus na critéir agus na coinníollacha dá measúnú, ullmhú, measúnú, formheas agus athbhreithniú na bpleananna feidhmíochta, lena n-áirítear pleananna feidhmíochta comhpháirteacha, agus spriocanna feidhmíochta, faireachán ar fheidhmíocht, lena n-áirítear feidhmíocht feidhmeanna gréasáin, leithdháileadh costas idir seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach agus seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt, príomhtháscairí feidhmíochta a shocrú agus táscairí le haghaidh faireacháin, modheolaíocht le haghaidh tagarmharcála, scéimeanna dreasachta, rialacha maidir le limistéar muirearaithe críochfoirt a mhodhnú, rialacha maidir le faisnéis a sholáthar faoi chostais agus muirir, inneachar agus bunú na mbonn costais le haghaidh muirear agus socrú rátaí aonaid le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta, sásraí dreasachta agus sásraí comhroinnte riosca, modhnú muirear, rialacha maidir leis na módúlachtaí a bhaineann le sonraí a bheith á soláthar ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta don Choimisiún, sásra chun aghaidh a thabhairt ar theagmhais nach féidir a thuar agus teagmhais shuntasacha a bhfuil tionchar ábhartha acu ar chur chun feidhme na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe, rialacha maidir le forghníomhú na bhfeidhmeanna gréasáin, ceapadh an Bhainisteora Gréasáin agus téarmaí agus coinníollacha an cheapacháin sin, chomh maith le cúraimí agus feidhmiú an Bhainisteora Gréasáin, maidir leis an mBord Bainistíochta Gréasáin, le próiseas cinnteoireachta comhoibrithí agus sásraí rialachais gréasáin, ceanglais maidir le hinfhaighteacht sonraí oibríochtúla, cur i bhfeidhm choincheap úsáid sholúbtha an aerspáis, bunú comhthionscadal agus na sásraí rialachais is infheidhme maidir leo, chomh maith le cur chun feidhme aicmiú aerspáis ICAO, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, níor cheart don Choimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh. |
|
(67) |
Ba cheart dul i gcomhairle, faoi seach, leis na heagraíochtaí foirne sóisialta agus gairmiúla maidir leis na bearta go léir a bhfuil impleachtaí suntasacha sóisialta, teicneolaíochta agus gné daonna nó impleachtaí suntasacha a bhaineann leis an bhfeidhmíocht acu. Ar leibhéal an Aontais, ba cheart dul i gcomhairle freisin leis an gCoiste um Idirphlé Earnála arna chur ar bun faoi Chinneadh 98/500/CE ón gCoimisiún (17) agus Grúpa Saineolaithe an Choimisiúin maidir le Gné Dhaonna an Aerspáis Eorpaigh Aonair. |
|
(68) |
Na pionóis dá bhforáiltear maidir le sáruithe ar an Rialachán seo, ba cheart iad a bheith éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach, gan an tsábháilteacht a laghdú. |
|
(69) |
Níor cheart don Rialachán seo a chosc ar na Ballstáit na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun leasanna slándála bunriachtanacha nó leasanna beartais cosanta a choimirciú. Ina theannta sin, ní dhéanann sé difear do chumhacht na mBallstát forálacha a ghlacadh maidir lena bhfórsaí armtha a eagrú. Tharlódh go dtabharfadh an chumhacht sin ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun a áirithiú go mbeidh aerspás leordhóthanach ag a gcuid fórsaí armtha ar mhaithe le hoideachas agus oiliúint leordhóthanach. Ba cheart, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh do chlásal coimirce chun gur féidir an chumhacht sin a fheidhmiú. |
|
(70) |
Is iomchuí na ceanglais a bhaineann le deimhniú na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, a leagadh síos i Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 roimhe seo, a chomhtháthú i Rialachán (AE) 2018/1139 chun creat rialála simplithe maidir le deimhniú agus próiseas deimhniúcháin aonair a éascú. Go háirithe, is iomchuí foráil a dhéanamh, chun go ndeimhneofar iad, gur cheart do sholáthraithe seirbhísí bainistíochta aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta (BAT/SAL) stóinseacht airgeadais leordhóthanach a léiriú agus cumhdach iomchuí dliteanais agus árachais a fháil, na ceanglais is infheidhme maidir le húinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil a chomhlíonadh agus rioscaí slándála a bhainistiú. Ba cheart na coinníollacha a fhéadfar a chur i bhfeidhm maidir leis na deimhnithe a eiseofar a shonrú freisin. |
|
(71) |
Ina theannta sin, ba cheart na ceanglais fhíor-riachtanacha is infheidhme maidir le BAT/SAL agus rialtóirí aerthráchta a chomhlánú i ndáil le ceanglais is infheidhme maidir le seirbhísí sonraí aerthráchta. |
|
(72) |
Chun a gcúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a chur i gcrích i ndáil leis na buncheanglais a bhaineann le stóinseacht airgeadais, dliteanas, cumhdach árachais, úinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil, ba cheart don údarás inniúil brath ar na measúnuithe a dhéanann an t-údarás maoirseachta náisiúnta, ach amháin má tá an t-údarás inniúil náisiúnta lena mbaineann freagrach as na cúraimí uile a bhaineann le deimhniú. |
|
(73) |
Ós rud é go ndéantar Rialacháin (CE) Uimh. 549/2004, (CE).Uimh. 550/2004 agus (CE) Uimh. 551/2004 a ionadú agus a aisghairm leis an Rialachán seo, is iomchuí na tagairtí a dhéantar do Rialacháin (CE) Uimh. 549/2004, (CE) Uimh. 550/2004 agus (CE) Uimh. 551/2004 i Rialachán (AE) 2018/1139 a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(74) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1139, go háirithe maidir leis na coinníollacha is féidir a chur i bhfeidhm ar sholáthraithe dheimhnithe BAT/SAL agus maidir leis na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta measúnú agus maoirseacht ar a mhéid a chomhlíonann na soláthraithe sin na ceanglais fhíor-riachtanacha a bhaineann le stóinseacht airgeadais, dliteanas, cumhdach árachais, úinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
|
(75) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2018/1139 a leasú dá réir sin. |
|
(76) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin an tAerspás Eorpach Aonair a chur chun feidhme, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr is féidir, de dhroim scála trasnáisiúnta na gníomhaíochta, é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha le haghaidh chruthú agus fheidhmiú éifeachtach an Aerspáis Eorpaigh Aonair chun caighdeáin sábháilteachta aerthráchta a dhaingniú, rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe an chórais aerthráchta agus feidhmíocht fhoriomlán na bainistíochta aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta a fheabhsú le haghaidh aerthrácht ginearálta san Eoraip, d’fhonn freastal ar riachtanais úsáideoirí uile aerspáis. Leis an Aerspás Eorpach Aonair, cuimseofar gréasán comhleanúnach uile-Eorpach, aerspás a ndéanfar comhtháthú air de réir a chéile, córais bainistíochta gréasáin agus córais bainistíochta aerthráchta bunaithe ar shábháilteacht, éifeachtúlacht, idir-inoibritheacht agus nuachóiriú teicneolaíochta, ar mhaithe leis na húsáideoirí uile aerspáis, leis na saoránaigh agus leis an gcomhshaol.
2. Ní dochar cur i bhfeidhm an Rialacháin seo do cheannasacht na mBallstát ar a n-aerspás ná do cheanglais na mBallstát a bhaineann leis an mbeartas poiblí, leis an tslándáil phoiblí agus le hábhair chosanta, mar a leagtar amach in Airteagal 55. Ní chumhdaítear oibríochtaí míleata ná traenáil mhíleata leis an Rialachán seo. Áiritheofar go ndéanfar comhordú leis na húdaráis mhíleata chun aon tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar ghníomhaíochtaí míleata a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu.
3. Ní dochar cur i bhfeidhm an Rialacháin seo do chearta agus dualgais na mBallstát faoi Choinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, 1944 (‘Coinbhinsiún Chicago’). Sa chomhthéacs sin, tá sé d’aidhm ag an Rialachán seo, i dtaca leis na réimsí a chlúdaítear ann, cabhair a thabhairt do na Ballstáit i ndáil le comhlíonadh a gcuid oibleagáidí faoi Choinbhinsiún Chicago trí bhonn a sholáthar maidir le léirmhíniú coiteann agus cur chun feidhme aonfhoirmeach a chuid forálacha, agus trína áirithiú go gcuirtear na forálacha sin san áireamh go cuí sa Rialachán seo agus sna rialacha a tharraingítear suas chun é a chur chun feidhme.
4. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an aerspás laistigh de réigiún EUR ICAO i gcás ina bhfuil na Ballstáit freagrach as seirbhísí aerthráchta a sholáthar. Féadfaidh na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm freisin maidir le haerspás atá faoina bhfreagracht laistigh de réigiúin ICAO eile, ar an gcoinníoll go gcuireann siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi sin.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘seirbhís rialaithe aeradróim’ seirbhís rialaithe aerthráchta (ATC) le haghaidh trácht aeradróim; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘seirbhís faisnéise aerloingseoireachta’ nó ‘SFA’ seirbhís, atá bunaithe laistigh de limistéar cumhdaigh sainithe, agus atá freagrach as soláthar na faisnéise agus na sonraí aerloingseoireachta is gá le haghaidh shábháilteacht, rialtacht agus éifeachtúlacht na haerloingseoireachta; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘Gníomhaireacht’ Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1139; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta’ eintiteas poiblí nó príobháideach a sholáthraíonn seirbhís aerloingseoireachta amháin nó níos mó don aerthrácht ginearálta; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘seirbhísí aerloingseoireachta’ nó ‘SAL’ seirbhísí aerthráchta; seirbhísí cumarsáide, loingseoireachta agus faireachais (CLF) lena n-áirítear seirbhísí a mhéadaíonn comharthaí arna n-astú ag satailítí lárchnuasaigh GNSS chun críche aerloingseoireachta; seirbhísí meitéareolaíochta le haghaidh aerloingseoireachta (SManna); seirbhísí faisnéise aerloingseoireachta (SFA); agus seirbhísí sonraí aerthráchta (SSA); |
|
(6) |
ciallaíonn ‘seirbhís rialaithe aerthráchta’ nó ‘seirbhís ATC’ seirbhís a sholáthraítear chun na gcríoch seo a leanas:
|
|
(7) |
ciallaíonn ‘seirbhísí sonraí aerthráchta’ nó ‘SSA’ seirbhísí arb é atá iontu sonraí oibríochtúla ó sholáthraithe seirbhísí faireachais, ó sholáthraithe SManna agus SFA agus feidhmeanna gréasáin agus ó eintitis ábhartha eile a ghineann sonraí oibríochtúla a bhailiú, a chomhlánú, agus a chomhtháthú, agus sonraí próiseáilte a sholáthar chun críoch rialaithe aerthráchta agus bainistíochta aerthráchta; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘bainistíocht na sreibhe aerthráchta’ nó ‘BSAT’ feidhm a bhunaítear leis an gcuspóir rannchuidiú le sreabhadh sábháilte rianúil gasta aerthráchta lena gcumhdaítear an ruthag iomlán trína áirithiú go n-úsáidtear a mhéid is féidir d’acmhainneacht ATC, agus go luíonn méid an aerthráchta leis an acmhainneacht a dhearbhaíonn na soláthraithe seirbhísí aerthráchta iomchuí; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘bainistíocht aerthráchta’ nó ‘BAT’ comhiomlán na bhfeidhmeanna agus na seirbhísí aerbheirthe agus ar talamh, eadhon seirbhísí aerthráchta, bainistíocht aerspáis agus bainistíocht na sreibhe aerthráchta, lena n-áirítear dearadh nósanna imeachta eitilte, a bhfuil gá leo chun gluaiseacht shábháilte éifeachtúil aerárthaí a áirithiú le linn chéimeanna uile na n-oibríochtaí; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘seirbhísí aerthráchta’ na seirbhísí faisnéise eitiltí éagsúla, na seirbhísí foláirimh éagsúla agus na seirbhísí comhairleacha aerthráchta éagsúla, agus seirbhísí ATC, eadhon seirbhísí rialaithe limistéir, seirbhísí rialaithe ascnaimh agus seirbhísí rialaithe aeradróim; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘bloc aerspáis’ aerspás de thoisí sainithe, de réir spáis agus ama, ina bhfuil struchtúr aerspáis amháin nó níos mó, ina soláthraítear seirbhísí aerloingseoireachta; |
|
(12) |
ciallaíonn ‘bainistíocht aerspáis’ feidhm phleanála agus mhaoirseachta arb é is príomhchuspóir di úsáid an aerspáis atá ar fáil a optamú trí chomhroinnt ama dhinimiciúil agus, uaireanta, trí aerspás a leithscaradh i measc catagóirí éagsúla úsáideoirí aerspáis ar bhonn riachtanais ghearrthéarmacha; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘struchtúr aerspáis’ méid sonraithe aerspáis a shainítear d’fhonn oibriú sábháilte agus optamach aerthráchta a áirithiú; |
|
(14) |
ciallaíonn ‘úsáideoirí aerspáis’ oibreoirí aerárthaí a oibrítear i gcomhréir le rialacha aerthráchta ghinearálta; |
|
(15) |
ciallaíonn ‘seirbhís foláirimh’ seirbhís a sholáthraítear chun fógra a thabhairt do na heagraíochtaí ábhartha maidir le haerárthaí nach mór cúnamh cuardaigh agus tarrthála a thabhairt dóibh agus chun cabhrú le heagraíochtaí den sórt sin de réir mar is gá; |
|
(16) |
ciallaíonn ‘seirbhís rialaithe ascnaimh’ seirbhís ATC le haghaidh eitiltí rialaithe atá ag teacht nó ag imeacht; |
|
(17) |
ciallaíonn ‘seirbhís rialaithe limistéir’ seirbhís ATC le haghaidh eitiltí rialaithe i limistéir rialaithe; |
|
(18) |
ciallaíonn ‘luach bonnlíne’ an luach a shainítear chun spriocanna feidhmíochta a shocrú agus a mheastar trí úsáid a bhaint as costais iarbhír nó costais aonaid iarbhír le linn na bliana roimh thús na tréimhse tagartha ábhartha; |
|
(19) |
ciallaíonn ‘grúpa tagarmhairc’ grúpa soláthraithe seirbhísí aerthráchta ina bhfuil timpeallacht oibríochtúil agus eacnamaíoch chomhchosúil; |
|
(20) |
ciallaíonn ‘luach miondealaithe’ an luach a fhaightear, le haghaidh soláthraí seirbhísí aerthráchta áirithe, trí sprioc feidhmíochta uile-Aontais a bhriseadh síos go dtí leibhéal soláthraí seirbhísí aerthráchta amháin nó níos mó agus a úsáidtear mar thagairt chun measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht na sprice feidhmíochta a shocraítear sa dréachtphlean feidhmíochta agus an sprioc feidhmíochta uile-Aontais; |
|
(21) |
ciallaíonn ‘deimhniú’‘deimhniú’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (12), de Rialachán (AE) 2018/1139; |
|
(22) |
ciallaíonn ‘seirbhís choiteann faisnéise’ nó ‘SCF’ seirbhís arb é atá inti scaipeadh sonraí statacha agus dinimiciúla chun soláthar na seirbhísí U-Space a chumasú chun bainistíocht a dhéanamh ar thrácht aerárthaí gan foireann; |
|
(23) |
ciallaíonn ‘aerspás U-Space’ limistéar geografach UAS arna ainmniú ag na Ballstáit, nach lamháiltear oibríochtaí UAS a dhéanamh ann ach le tacaíocht ó sheirbhísí U-Space; |
|
(24) |
ciallaíonn ‘seirbhís U-Space’ seirbhís a théann ar iontaoibh seirbhísí digiteacha agus uathoibriú feidhmeanna atá ceaptha tacú le rochtain shábháilte, éifeachtúil agus shlán ar aerspás U-Space do líon mór UASanna; |
|
(25) |
ciallaíonn ‘soláthraí sheirbhís U-Space’ aon duine dlítheanach a sholáthraíonn seirbhísí U-Space; |
|
(26) |
ciallaíonn ‘seirbhísí cumarsáide’ seirbhísí seasta agus soghluaiste aerloingseoireachta lenar féidir cumarsáid talamh go talamh, aer go talamh agus aer go haer a dhéanamh chun críoch ATC; |
|
(27) |
ciallaíonn ‘comhdhamhnaí’ réada inláimhsithe, amhail crua-earraí, agus réada doláimhsithe, amhail bogearraí, a mbíonn idir-inoibritheacht an ghréasáin Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (EATMN) ag brath orthu; |
|
(28) |
ciallaíonn ‘limistéar rialaithe’ aerspás rialaithe a shíneann suas ó theorainn shonrach os cionn an domhain; |
|
(29) |
ciallaíonn ‘cinnteoireacht chomhoibritheach’ próiseas ina ndéantar cinntí bunaithe ar idirghníomhaíocht agus ar chomhairliúchán le húdaráis ábhartha na mBallstát, leis na geallsealbhóirí oibríochtúla agus le gníomhaithe eile, de réir mar is iomchuí, chun a bhfuil sé mar aidhm leis teacht ar chomhthoil; |
|
(30) |
ciallaíonn ‘seirbhísí trasteorann’ seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthraítear i mBallstát amháin ag soláthraí seirbhísí a bhfuil a phríomháit ghnó i mBallstát eile aige; |
|
(31) |
ciallaíonn ‘dearbhú’, chun críoch bainistíochta aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta, ‘dearbhú’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), de Rialachán (AE) 2018/1139; |
|
(32) |
ciallaíonn ‘dearadh struchtúr aerspáis’ próiseas lena n-áirithítear forbairt agus cur chun feidhme ardchumas agus ardteicnící loingseoireachta, gréasáin bealaí feabhsaithe agus an earnáiliú gaolmhar, struchtúir aerspáis optamaithe agus nósanna imeachta BAT lena bhfeabhsaítear acmhainneacht; |
|
(33) |
ciallaíonn ‘limistéar muirearaithe faoi bhealach’ méid aerspáis a shíneann ón talamh suas go dtí an t-aerspás uachtarach agus an t-aerspás sin san áireamh, áit ina soláthraítear seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach agus dá bhfuil bonn costais aonair bunaithe; |
|
(34) |
is é ‘Eurocontrol’ an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta a cuireadh ar bun le Coinbhinsiún Idirnáisiúnta an 13 Nollaig 1960 maidir le Comhoibriú um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta; |
|
(35) |
ciallaíonn ‘Gréasán Eorpach um Bainistíocht Aerthráchta’ (EATMN) na córais ar fad, dá dtagraítear i bpointe 3.1 d’Iarscríbhinn VIII de Rialachán (AE) 2018/1139, lena gcumasaítear seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar san Aontas, lena n-áirítear na comhéadain ag teorainneacha le tríú tíortha; |
|
(36) |
ciallaíonn ‘Máistirphlean Eorpach BAT’ an plean ar tacaíodh leis le Cinneadh 2009/320/CE ón gComhairle (18), arna leasú ina dhiaidh sin; |
|
(37) |
ciallaíonn ‘úsáid sholúbtha an aerspáis’ coincheap bainistíochta aerspáis, mar atá tuairiscithe ag ICAO, atá bunaithe ar an mbunphrionsabal nár cheart aerspás a ainmniú mar aerspás fíorshibhialta nó fíormhíleata, ach gur cheart é a mheas mar chontanam ina gcaithfear freastal ar riachtanais na n-úsáideoirí uile a mhéid is féidir; |
|
(38) |
ciallaíonn ‘seirbhís faisnéise eitiltí’ seirbhís a sholáthraítear chun comhairle agus faisnéis a thabhairt atá úsáideach chun eitiltí a sheoladh go sábháilte agus go héifeachtúil; |
|
(39) |
ciallaíonn ‘dearadh nósanna imeachta eitilte’ na cúraimí uile a bhaineann le nós imeachta um eitilt de réir uirlisí a dhearadh; |
|
(40) |
ciallaíonn ‘aerthrácht ginearálta’ gach gluaiseacht aerárthaí sibhialta, chomh maith le gach gluaiseacht aerárthaí stáit (lena n-áirítear aerárthaí míleata, custaim agus póilíneachta) nuair a dhéantar na gluaiseachtaí sin i gcomhréir le nósanna imeachta na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) a bunaíodh le Coinbhinsiún Chicago; |
|
(41) |
is é is ‘rialacha um eitiltí de réir uirlisí’ ann rialacha lenar féidir aerárthach atá feistithe le trealamh loingseoireachta oiriúnach is iomchuí don bhealach atá le heitilt i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le hoibríochtaí aeir; |
|
(42) |
ciallaíonn ‘gluaiseachtaí aeriompair lena ngabhann rialacha um eitiltí de réir uirlisí in aghaidh na bliana’ suim na n-éirithe de thalamh agus na dtuirlingtí a dhéantar faoi rialacha um eitiltí de réir uirlisí, arna ríomh mar an meán bliantúil i gcaitheamh na 3 bliana féilire roimh an mbliain ina bhfuil an dréachtphlean feidhmíochta le tíolacadh; |
|
(43) |
ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’ sraith airíonna feidhmiúla, teicniúla agus oibríochtúla is gá a bheith ag córais agus comhdhamhnaí EATMN agus ag na nósanna imeachta maidir lena oibriú, ionas gur féidir é a oibriú go sábháilte, go rianúil agus go héifeachtúil; |
|
(44) |
ciallaíonn ‘seirbhísí meitéareolaíocha le haghaidh aerloingseoireachta’ nó ‘SManna’ na saoráidí agus na seirbhísí lena soláthraítear réamhaisnéisí meitéareolaíocha, rabhaidh, faisnéisithe agus breathnóireachtaí chun críoch aerloingseoireachta, chomh maith le haon fhaisnéis mheitéareolaíoch eile nó sonraí meitéareolaíocha eile a sholáthraíonn Stáit chun críoch aerloingseoireachta; |
|
(45) |
ciallaíonn ‘údarás inniúil náisiúnta’ údarás inniúil náisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (34), de Rialachán (AE) 2018/1139; |
|
(46) |
ciallaíonn ‘údarás maoirseachta náisiúnta’ an comhlacht náisiúnta nó na comhlachtaí náisiúnta ar chuir Ballstát cúraimí air nó orthu faoin Rialachán seo; |
|
(47) |
ciallaíonn ‘seirbhísí loingseoireachta’ na saoráidí agus na seirbhísí a sholáthraíonn faisnéis faoi shuíomh agus faoi uainiú d’aerárthaí; |
|
(48) |
ciallaíonn ‘géarchéim ghréasáin’ gan a bheith ábalta seirbhísí bainistíochta aerthráchta nó aerloingseoireachta a sholáthar ar an leibhéal is gá, arb é an toradh atá air sin: caillteanas mór acmhainneachta gréasáin; míchothromaíocht mhór idir acmhainneacht an ghréasáin agus an t-éileamh; nó cliseadh mór sa sreabhadh faisnéise i gcuid amháin nó i roinnt codanna den ghréasán nó ar shláine cuid amháin nó roinnt codanna den ghréasán tar éis staid neamhghnách nó staid nach raibh coinne léi; |
|
(49) |
ciallaíonn ‘Bainisteoir Gréasáin’ an t-eintiteas ar cuireadh na cúraimí is gá air chun rannchuidiú le forghníomhú na bhfeidhmeanna gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 37 i gcomhréir le hAirteagal 38; |
|
(50) |
ciallaíonn ‘Plean Oibríochtaí Gréasáin’ nó ‘NOP’ plean a bhunaítear trí phróiseas cinnteoireachta comhoibrithí chun cuspóirí na bhfeidhmeanna gréasáin a chur chun feidhme ar an leibhéal oibríochtúil, agus chun rannchuidiú leis na feidhmeanna oibríochtúla; |
|
(51) |
ciallaíonn ‘Plean Straitéise Gréasáin’ nó ‘NSP’ plean a bhunaítear trí phróiseas cinnteoireachta comhoibrithí lena dtreoraítear forbairt fhadtéarmach an ghréasáin; |
|
(52) |
ciallaíonn ‘aerthrácht oibríochtúil’ gach eitilt nach gcomhlíonann na forálacha atá sonraithe maidir le aerthrácht ginearálta agus a bhfuil rialacha agus nósanna imeachta sonraithe ina leith ag na húdaráis náisiúnta iomchuí; |
|
(53) |
ciallaíonn ‘sonraí oibríochtúla’ faisnéis a bhaineann le gach céim eitilte a bhfuil gá ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, ag úsáideoirí aerspáis, ag oibreoirí aerfoirt agus ag gníomhairí bainteacha eile léi chun críoch oibríochtúla; |
|
(54) |
ciallaíonn ‘geallsealbhóirí oibríochtúla’ úsáideoirí sibhialta agus míleata aerspáis, soláthraithe sibhialta agus míleata seirbhísí aerloingseoireachta agus oibreoirí aerfoirt; |
|
(55) |
ciallaíonn ‘plean feidhmíochta’ plean atá dírithe ar fheidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta agus na bhfeidhmeanna gréasáin a fheabhsú; |
|
(56) |
ciallaíonn ‘cur i seirbhís’ an chéad úsáid oibríochtúil i ndiaidh suiteáil tosaigh córais nó i ndiaidh uasghrádú córais; |
|
(57) |
ciallaíonn ‘gréasán bealaí’ gréasán de bhealaí sonraithe lena gclasaítear sreabhadh an aerthráchta ghinearálta de réir mar is gá chun seirbhísí ATC a sholáthar; |
|
(58) |
ciallaíonn ‘céim shainithe SESAR’ an chéim lena mbunaítear agus lena nuashonraítear fís fhadtéarmach thionscadal SESAR, an coincheap gaolmhar oibríochtaí lena gcumasaítear feabhsaithe ag gach céim den eitilt, na hathruithe riachtanacha oibríochtúla is gá laistigh de EATMN agus na tosaíochtaí forbartha agus imscartha is gá; |
|
(59) |
ciallaíonn ‘céim imscartha SESAR’ na céimeanna leantacha de thionsclú agus de chur chun feidhme, a ndéantar na gníomhaíochtaí seo a leanas lena linn: caighdeánú, táirgeadh agus deimhniú trealaimh talún agus aerbheirthe agus na bpróiseas is gá chun réitigh SESAR a chur chun feidhme;:; (tionsclú); agus trealamh agus córais atá bunaithe ar réitigh SESAR a fháil, a shuiteáil agus a chur i seirbhís, lena n-áirítear nósanna imeachta oibríochtúla gaolmhara (cur chun feidhme); |
|
(60) |
ciallaíonn ‘céim forbartha SESAR’ an chéim a ndéantar gníomhaíochtaí taighde, forbartha agus bailíochtaithe lena linn ina ndírítear ar réitigh SESAR aibí a sholáthar; |
|
(61) |
ciallaíonn ‘tionscadal SESAR’ an tionscadal chun nuachóiriú a dhéanamh ar bhainistíocht aerthráchta san Eoraip, lena ndírítear ar bhonneagar bainistíochta aerthráchta ardfheidhmíochta caighdeánaithe agus idir-inoibritheach a sholáthar san Aontas, agus arb é atá ann timthriall nuálaíochta lena n-áirítear céim shainithe SESAR, céim forbartha SESAR agus céim imscartha SESAR; |
|
(62) |
ciallaíonn ‘réiteach SESAR’ aschur in-imscartha de chéim forbartha SESAR lena dtugtar isteach nósanna imeachta oibríochtúla idir-inoibritheacha caighdeánaithe nua nó feabhsaithe nó teicneolaíochtaí idir-inoibritheacha caighdeánaithe nua nó feabhsaithe; |
|
(63) |
ciallaíonn ‘seirbhísí faireachais’ na saoráidí agus na seirbhísí a úsáidtear chun suíomhanna aerárthaí ar leithligh a chinneadh ionas gur féidir iad a scaradh go sábháilte ó chéile; |
|
(64) |
ciallaíonn ‘córas’ comhiomlán na gcomhdhamhnaí aerbheirthe agus ar talamh, chomh maith le trealamh spásbhunaithe, lena dtugtar tacaíocht do sheirbhísí aerloingseoireachta ag gach céim eitilte; |
|
(65) |
ciallaíonn ‘limistéar muirearaithe críochfoirt’ aerfort nó grúpa aerfort laistigh de chríocha Ballstáit nó Ballstát ina soláthraítear seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt agus a bhfuil bonn costais aonair agus dá bhfuil bonn costais aonair bunaithe; |
|
(66) |
ciallaíonn ‘uasghrádú’ aon mhodhnú a athraíonn saintréithe oibríochtúla córais; |
|
(67) |
ciallaíonn ‘úsáid struchtúr aerspáis’ an chaoi a n-úsáidtear struchtúir aerspáis go hoibríochtúil, rud atá le tuiscint mar rud atá difriúil ó bhainistíocht aerspáis mar a shainmhínítear i bpointe (12). |
Airteagal 3
Bloic feidhme aerspáis
Féadfaidh na Ballstáit an comhar agus an comhordú a choinneáil ar bun laistigh d’aerspás na mbloc feidhme aerspáis sin arna mbunú roimhe seo faoi Airteagal 9a de Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 d’fhonn feidhmíocht an ghréasáin bainistíochta aerthráchta laistigh den Aerspás Eorpach Aonair a chothú, go háirithe trí phleananna feidhmíochta comhpháirteacha a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 23(7) den Rialachán seo, ar choinníoll nach ndéanfaidh sé sin difear do chur chun feidhme éifeachtúil an Rialacháin seo agus go ndéanfar na costais a bhaineann le bloic feidhme aerspáis a thuairisciú ar leithligh, mar chuid de na sonraí atá le soláthar faoin scéim muirearaithe a leagtar amach in Airteagail 29 go 36 den Rialachán seo.
CAIBIDIL II
ÚDARÁIS MHAOIRSEACHTA NÁISIÚNTA
Airteagal 4
Údaráis mhaoirseachta náisiúnta a ainmniú agus a bhunú agus ceanglais maidir leo
1. Déanfaidh na Ballstáit, go comhpháirteach nó ina n-aonar, comhlacht nó comhlachtaí a ainmniú nó a bhunú mar údarás maoirseachta náisiúnta chun na cúraimí a ghlacadh chuige féin a shanntar d’údarás den sórt sin leis an Rialachán seo.
2. Feidhmeoidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta a chuid cumhachtaí ar bhealach neamhchlaonta, neamhspleách agus trédhearcach agus beidh sé eagraithe, soláthraithe le foireann, bainistithe agus maoinithe dá réir.
3. Gan dochar do mhír 1, beidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta neamhspleách ar aon soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, i dtéarmaí eagrúcháin, ordlathais agus cinnteoireachta, agus beidh siad leithleach go dlíthiúil nó go feidhmiúil ó sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta. De bhreis air sin, ní bheidh aon chumhacht cinnteoireachta ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta maidir le leithdháileadh bhuiséid na n-údarás maoirseachta náisiúnta. Ar choinníoll go ráthaítear neamhspleáchas den sórt sin, féadfaidh údarás maoirseachta náisiúnta a bheith mar chuid den aireacht náisiúnta chéanna nó den riarachán náisiúnta céanna le soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta.
4. I gcás nach bhfuil údarás maoirseachta náisiúnta leithleach go dlíthiúil ó sholáthraí seirbhísí aerloingseoireachta, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta a rinne sé chun a áirithiú go gcomhlíonann an t-údarás maoirseachta náisiúnta ceanglais mhír 3 agus doiciméadóidh sé an bealach a mbaintear amach a neamhspleáchas, agus a éifeachtaí atá neamhspleáchas den sórt sin á léiriú. Chuige sin, i gcás ina bhfuil an t-údarás maoirseachta náisiúnta agus an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta mar chuid den riarachán céanna, ní iarrfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta orduithe ná ní ghlacfaidh sé orduithe ó leibhéal ordlathais den riarachán sin a bhfuil údarás aige ar an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta, a mhéid a bhaineann leis na cúraimí atá orthu faoi Airteagal 5 agus le cinntí gaolmhara.
5. Féadfar údarás maoirseachta náisiúnta a nascadh le húdarás rialála eile, amhail údarás inniúil náisiúnta nó údarás náisiúnta iomaíochta dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (19), ar choinníoll go ndéantar na cinntí a bhaineann leis na cúraimí a thugtar don údarás maoirseachta náisiúnta faoin Rialachán seo go neamhspleách ar chúraimí eile a thugtar don chomhúdarás. Sa chás sin, comhlíonfaidh an comhúdarás na ceanglais neamhspleáchais a leagtar amach san Airteagal seo.
Déanfar ionadaíocht ar an údarás maoirseachta náisiúnta in ábhair a bhaineann leis na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 5 den Rialachán seo ar bhealach lena n-áirithítear neamhspleáchas a chinntí.
6. Gan dochar don dlí náisiúnta maidir le seirbhísigh phoiblí a earcú, áiritheoidh na Ballstáit go n-earcófar foireann a n-údarás maoirseachta náisiúnta, lena n-áirítear an fhoireann shealadach, trí phróisis earcaíochta shoiléire thrédhearcacha, lena n-áirithítear a neamhspleáchas agus áiritheoidh siad go roghnófar foireann na n-údarás maoirseachta náisiúnta ar bhonn cáilíochtaí sonracha, lena n-áirítear inniúlacht iomchuí agus taithí ábhartha, nó go gcuirfear an oiliúint iomchuí uirthi, chun na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 5 a chomhlíonadh go héifeachtach.
Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos chun nach mbeidh coinbhleachtaí leasa ann i gcás na foirne, lena n-áirítear daoine a dhéanann cinntí lena bhfeidhmítear na cumhachtaí a leagtar amach i gCaibidil III den Rialachán seo, ionas gur féidir leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 5 a dhéanamh go neamhspleách.
7. Gan dochar d’Airteagal 30(3), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hacmhainní airgeadais agus na cumais is gá ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta chun na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 5 a dhéanamh go héifeachtúil agus go tráthúil.
8. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi ainmneacha agus seoltaí a n-údarás maoirseachta náisiúnta, agus faoi aon athruithe a dhéantar orthu, agus faoi na bearta a dhéantar chun a áirithiú go comhlíonfar an tAirteagal seo.
Airteagal 5
Cúraimí na n-údarás maoirseachta náisiúnta
1. Déanfaidh údarás maoirseachta náisiúnta na cúraimí a shanntar dó faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2018/1139 agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin. Go háirithe, déanfaidh údarás maoirseachta náisiúnta an méid seo a leanas:
|
(a) |
measúnú agus maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le stóinseacht airgeadais, dliteanas, cumhdach árachais, úinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil dá dtagraítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139 agus ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 43 den Rialachán sin; |
|
(b) |
a fhíorú go ndéanann na soláthraithe seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 8(2), pointe (b), agus Airteagal 11(6), pointe (d), na ceanglais náisiúnta slándála agus chosanta a chomhlíonadh mura sannann an Ballstát an cúram sin d’údarás eile; cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas i gcás ina gcinneann sé an cúram sin a shannadh d’údarás eile; |
|
(c) |
gan dochar do Threoir 2014/25/AE agus do Threoir 2014/24/AE, rannchuidiú, nuair is ábhartha agus mar is iomchuí, le cur i bhfeidhm ceart na gceanglas soláthair i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo; |
|
(d) |
measúnú a dhéanamh ar an socrú praghsanna do sholáthar SCFanna agus é a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 12; |
|
(e) |
na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu i gcomhréir lena gcúraimí faoi Airteagail 21 go 27 agus 29 go 32 agus laistigh de theorainneacha na gcúraimí sin agus i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 28 agus 33; |
|
(f) |
maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le trédhearcacht chuntais na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta i gcomhréir le hAirteagal 36. |
Chun críocha phointe (a), féadfaidh Ballstát a chinneadh an measúnú agus an mhaoirseacht a dhéantar ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa phointe sin ag an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta a shannadh dá údarás inniúil náisiúnta agus, i gcás den sórt sin, áiritheoidh sé go mbeidh acmhainní leordhóthanacha agus saineolas leordhóthanach ag an údarás inniúil náisiúnta sin chun na cúraimí sin a chur i gcrích agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin.
2. Déanfaidh gach údarás maoirseachta náisiúnta, i gcomhar leis an údarás inniúil náisiúnta, agus gan dochar d’Airteagal 4(5), na gníomhaíochtaí riachtanacha faireacháin is gá, lena n-áirítear, mar is iomchuí, cigireachtaí agus iniúchtaí, chun gur féidir a shainaithint mura gcomhlíonann na heintitis atá faoi réir a mhaoirseachta faoin Rialachán seo na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin.
Gan dochar d’Airteagal 5(1), an dara fomhír, den Rialachán seo, soláthróidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta an measúnú arna dhéanamh aige don údarás inniúil náisiúnta maidir leis na ceanglais a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139 i ndáil le stóinseacht airgeadais, dliteanas, cumhdach árachais, úinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil a bheith á gcomhlíonadh ag an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta. Áireofar sa mheasúnú sin, i gcás inarb iomchuí, moladh maidir leis an deimhniú a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2018/1139.
I gcás nach gcomhlíonann na heintitis a ndéantar maoirseacht orthu faoin Rialachán seo na ceanglais eile a leagtar amach sa Rialachán seo, forfheidhmeoidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta na bearta ceartaitheacha is gá.
Comhlíonfaidh na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, na hoibreoirí aerfoirt agus na soláthraithe SCFanna lena mbaineann aon bhearta forfheidhmiúcháin a dhéanann na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta sa chomhthéacs sin.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cinntí a dhéanann na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta de bhun an Airteagail seo faoi réir ceart achomhairc, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta.
Airteagal 6
Comhar idir na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta
1. Malartóidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, faoi chuimsiú Bhord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 18, faisnéis atá ábhartha d’údaráis mhaoirseachta náisiúnta eile, go háirithe faisnéis a bhaineann lena gcuid oibre agus próiseas cinnteoireachta, dea-chleachtais agus nósanna imeachta agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu.
2. Oibreoidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta i gcomhar lena chéile, i gcás inarb iomchuí, trí shocruithe oibre, chun cúnamh frithpháirteach a thabhairt i ndáil lena gcúraimí a leagtar síos in Airteagal 5 agus i ndáil le himscrúduithe agus suirbhéanna a láimhseáil.
3. I gcás soláthar trasteorann seirbhísí aerloingseoireachta in aerspáis a thagann faoi fhreagracht dhá Bhallstát nó níos mó, áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann go dtabharfar i gcrích na comhaontuithe is gá chun maoirseacht a dhéanamh ar na seirbhísí sin. Cuirfidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta lena mbaineann ar chumas na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta na seirbhísí trasteorann sin a sholáthar agus féadfaidh siad socruithe oibre nó pleananna maoirseachta iomchuí a bhunú ina sonraítear cur chun feidhme an chomhair eatarthu.
4. I gcás soláthar trasteorann seirbhísí aerloingseoireachta in aerspás a thagann faoi fhreagracht Ballstáit eile, forálfar sna comhaontuithe dá dtagraítear i mír 3 d’aitheantas frithpháirteach na gcúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo atá le comhlíonadh ag gach Ballstát nó ag a n-údaráis agus d’aitheantas frithpháirteach thorthaí chomhlíonadh na gcúraimí sin. Sonróidh siad freisin an t-údarás maoirseachta náisiúnta a bheidh i gceannas ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 5(1).
5. I gcás ina gceadaítear é leis an dlí náisiúnta agus d’fhonn comhar réigiúnach a bhaint amach, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta comhaontuithe a thabhairt i gcrích freisin i leith roinnt na bhfreagrachtaí maidir leis na cúraimí maoirseachta.
6. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi chomhaontuithe dá dtagraítear san Airteagal seo.
CAIBIDIL III
SOLÁTHAR SEIRBHÍSÍ
Airteagal 7
Seirbhísí arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta
1. Gan dochar d’Airteagail 8, 10 agus 11(6) den Rialachán seo, eintiteas a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 40 agus 41 de Rialachán (AE) 2018/1139 agus sna gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 43 agus 47 faoi seach den Rialachán sin, beidh sé i dteideal seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar d’úsáideoirí aerspáis laistigh den Aontas, faoi choinníollacha neamh-idirdhealaitheacha.
2. Gan dochar do na socruithe náisiúnta arna n-eascairt as Airteagal 4(5) agus d’Airteagal 5(1), an dara fomhír, den Rialachán seo, is iad údaráis mhaoirseachta náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil a údarás inniúil náisiúnta freagrach as an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 41 de Rialachán 2018/1139, de bhun Airteagal 62 den Rialachán sin, a bheidh freagrach as na cúraimí a leagtar amach san Airteagal seo i dtaca le measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach maidir le stóinseacht airgeadais, dliteanas, cumhdach árachais, úinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139.
3. Gan dochar do na socruithe náisiúnta arna n-eascairt as Airteagal 4(5) agus d’Airteagal 5(1), an dara fomhír, den Rialachán seo, d’fhonn a shuí an gcomhlíonann eintiteas na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le stóinseacht airgeadais, dliteanas, cumhdach árachais, úinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139 agus na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 43 den Rialachán sin, déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta an méid seo a leanas:
|
(a) |
measúnú ar a mhéid a chomhlíonann na hiarratasóirí ar dheimhniú, i gcomhréir le hAirteagal 41(2) de Rialachán (AE) 2018/1139, na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le stóinseacht airgeadais, dliteanas, cumhdach árachais, úinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán sin agus na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 43 den Rialachán sin agus a mheasúnú a sholáthar don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 62 den Rialachán sin; |
|
(b) |
de bhun Airteagal 5(2) den Rialachán seo, maoirseacht ar shealbhóirí deimhnithe arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 41 de Rialachán (AE) 2018/1139, i ndáil le comhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach maidir le stóinseacht airgeadais, dliteanas, cumhdach árachais, úinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán sin agus na gceanglas a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 43 den Rialachán sin. |
4. D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) 2018/1139, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt don arm seirbhísí aerloingseoireachta dá dtagraítear in Airteagal 2(3), pointe (c), de Rialachán (AE) 2018/1139 a sholáthar san aerspás uile nó i gcuid den aerspás atá faoina bhfreagracht gan deimhniú i gcás ina dtairgeann an t-arm seirbhísí den sórt sin go príomha do ghluaiseachtaí aerárthaí seachas d’aerthrácht ginearálta. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún agus na Ballstáit uile ar an eolas faoina chinneadh.
Airteagal 8
Soláthraithe seirbhísí aerthráchta a ainmniú
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar seirbhísí aerthráchta a sholáthar ar bhonn eisiach laistigh de bhloic shonracha aerspáis i ndáil leis an aerspás atá faoina bhfreagracht. Chuige seo, ainmneoidh na Ballstáit, ar bhonn aonair nó ar bhonn comhchoiteann, soláthraí seirbhísí aerthráchta amháin nó níos mó. Beidh cumhacht lánroghnach ag na Ballstáit maidir le soláthraithe seirbhísí aerthráchta a ainmniú ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh soláthraithe seirbhísí aerthráchta den sórt sin na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar d’Airteagal 11(3).
2. Comhlíonfaidh soláthraithe seirbhísí aerthráchta na coinníollacha carnacha seo a leanas:
|
(a) |
beidh deimhniú bailí acu de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2018/1139 nó beidh dearbhú bailí acu de bhun Airteagal 41(5) de Rialachán (AE) 2018/1139, gan dochar d’Airteagal 7(4) den Rialachán seo; |
|
(b) |
comhlíonfaidh siad na ceanglais slándála agus chosanta náisiúnta; |
|
(c) |
beidh a bpríomháit ghnó suite ar chríoch Ballstáit; agus |
|
(d) |
beidh níos mó ná 50 % díobh faoi úinéireacht na mBallstát nó náisiúnach de chuid na mBallstát agus beidh siad á rialú go héifeachtach acu, bíodh sin go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó, mura bhforáiltear a mhalairt i gcomhaontú le tríú tír ar páirtí ann an tAontas. |
De mhaolú ar phointí (c) agus (d), féadfaidh Ballstát soláthraí seirbhísí aerthráchta a ainmniú a bhfuil a phríomháit ghnó i dtríú tír nó nach bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh maidir le húinéireacht agus le rialú a leagtar amach i bpointe (d) maidir le seirbhísí aerthráchta a sholáthar i gcuid teoranta den aerspás dá bhfuil an Ballstát sin freagrach i gcás ina bhfuil cuid den aerspás sin teorainn ar theorainn le haerspás faoi fhreagracht an tríú tír sin.
3. Ní bheidh ainmniú soláthraí seirbhísí aerthráchta faoi réir aon choinníoll lena gceanglaítear ar an soláthraí sin:
|
(a) |
a bheith faoi úinéireacht dhíreach an Bhallstáit ainmniúcháin nó a náisiúnach nó faoi úinéireacht an Bhallstáit ainmniúcháin nó a náisiúnach trí shealúchas tromlaigh; |
|
(b) |
a phríomháit oibríochta nó oifig chláraithe a bheith aige i gcríoch an Bhallstáit ainmniúcháin; nó |
|
(c) |
gan ach saoráidí sa Bhallstát ainmniúcháin a úsáid, |
i gcás ina gcuireann feidhmiú coinníll den sórt sin srian ar an tsaoirse seirbhísí a sholáthar nó ar an tsaoirse bhunaíochta nach bhfuil údar leis i bhfianaise cuspóir dlisteanach leasa ghinearálta, amhail beartas poiblí, slándáil phoiblí nó sábháilteacht, agus nach bhfuil sé comhréireach leis an gcuspóir sin.
4. I gcás inarb ábhartha, sonróidh na Ballstáit na cearta agus na hoibleagáidí atá le hurramú ag na soláthraithe seirbhísí aerthráchta arna n-ainmniú i gcomhréir leis an Airteagal seo. Féadfar a áireamh ar na hoibleagáidí sin coinníollacha maidir le faisnéis ábhartha a sholáthar go tráthúil chun gur féidir gluaiseachtaí uile na n-aerárthaí san aerspás atá faoina bhfreagracht a shainaithint.
5. Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar na cearta agus na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 4 agus ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo agus as Rialachán (AE) 2018/1139 go tréimhsiúil, nó aon uair a shainaithníonn siad athruithe ábhartha ar sholáthar na seirbhísí, agus, má mheastar gur gá sin, déanfaidh siad cinntí iomchuí maidir le hainmniú na soláthraithe seirbhísí aerthráchta lena mbaineann, gan dochar do leanúnachas seirbhíse.
6. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas gan mhoill faoi aon chinneadh a dhéantar ar bhonn an Airteagail seo agus a bhaineann le soláthraí seirbhísí aerthráchta laistigh de bhloic shonracha aerspáis a ainmniú i ndáil leis an aerspáis atá faoina bhfreagracht.
Airteagal 9
An caidreamh idir soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta
1. Gan dochar d’Airteagal 7(4) den Rialachán seo, féadfaidh soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta leas a bhaint as seirbhísí soláthraithe seirbhísí eile atá deimhnithe nó a bhfuil a gcumas dearbhaithe acu i gcomhréir le hAirteagal 41 de Rialachán (AE) 2018/1139. Déanfar comhar den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo i gcás inarb infheidhme.
I gcás soláthraithe seirbhísí aerthráchta arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 8 agus soláthraithe SManna arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 10, beidh comhar den sórt sin faoi réir údarú an Bhallstáit lena mbaineann.
2. Chun críocha mhír 1, déanfaidh soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a gcaidreamh oibre a chur ar bhonn foirmiúil trí bhíthin comhaontuithe scríofa nó socruithe dlíthiúla comhionanna, ina leagtar amach na dualgais shonracha, lena n-áirítear aon socruithe airgeadais is infheidhme, agus na feidhmeanna a ghlacann gach soláthraí chuige féin. Tabharfar fógra faoi na comhaontuithe nó na socruithe sin don údarás maoirseachta náisiúnta agus don údarás inniúil náisiúnta lena mbaineann.
Airteagal 10
Soláthraithe SManna a ainmniú
1. Féadfaidh na Ballstáit soláthraí SManna a ainmniú, ar bhonn aonair nó ar bhonn comhchoiteann, ar bhonn eisiach san aerspás uile nó i gcuid den aerspás atá faoina bhfreagracht, agus cúrsaí sábháilteachta á gcur san áireamh.
2. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas gan mhoill faoi aon chinneadh a rinneadh ar bhonn an Airteagail seo.
Airteagal 11
Coinníollacha maidir le CLF, SFA, SSA agus SManna a sholáthar agus maidir le seirbhísí aerthráchta a sholáthar le haghaidh rialú ascnaimh agus aeradróim
1. Gan dochar do Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) agus do Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), i gcás inarb infheidhme, féadfaidh soláthraithe seirbhísí aerthráchta ainmnithe a chinneadh CLF, SFA nó SSA, nó seirbhísí SManna a fháil i gcásanna nár ainmnigh na Ballstáit soláthraí SManna i gcomhréir le hAirteagal 10, faoi dhálaí an mhargaidh, lena n-áirítear trí bhíthin soláthairtí poiblí, nó cineálacha eile comhaontuithe i gcásanna nach bhfuil feidhm ag na Treoracha sin, agus cásanna sonracha á gcur san áireamh, amhail gan réiteach a bheith ar fáil ar an margadh agus breithnithe a bhaineann le leas an phobail.
2. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d’oibreoirí aerfoirt nó do ghrúpa oibreoirí aerfoirt seirbhísí aerthráchta le haghaidh rialú aeradróim agus/nó seirbhísí aerthráchta le haghaidh rialú ascnaimh a fháil faoi dhálaí an mhargaidh. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na hoibreoirí aerfoirt údar cuí a thabhairt go mbeifear in ann gnóthachain a bhaint amach i gcáilíocht na seirbhíse chun tairbhe úsáideoirí aerspáis, agus an leibhéal sábháilteachta is gá á choinneáil ag an am céanna.
3. I gcás ina gceadaítear an soláthar dá dtagraítear i mír 2, áiritheoidh an t-oibreoir aerfoirt ábhartha nó grúpa oibreoirí aerfoirt ábhartha go n-áireofar ceanglais maidir le cáilíocht seirbhíse sna ceanglais theicniúla atá sna sonraíochtaí tairisceana. Ainmneoidh na Ballstáit an soláthraí seirbhísí arna roghnú mar thoradh ar an soláthar dá dtagraítear sa mhír seo.
4. I gcás ina bhfaightear seirbhísí aerloingseoireachta faoi dhálaí an mhargaidh, is i gcomhréir le prionsabail na córa comhionainne, an neamh-idirdhealaithe agus na trédhearcachta, mar aon le prionsabail na bhforálacha is infheidhme den Chonradh agus i gcomhréir le Treoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE, i gcás inarb infheidhme, a dhéanfar na nósanna imeachta soláthair maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a fháil.
5. Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go n-urramófar le soláthar seirbhísí aerthráchta faoi bhealach an ceanglas a bhaineann le cuntais ar leithligh a choinneáil dá dtagraítear in Airteagal 36(3).
Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta páirt a ghlacadh i nósanna imeachta soláthair chun seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, déanfaidh an Ballstát ábhartha bearta iomchuí chun tras-fhóirdheonú le seirbhísí aerloingseoireachta eile a sheachaint.
6. Ní fhéadfar soláthraí CLF, SFA, SSA, SManna nó seirbhísí aerthráchta le haghaidh rialú aeradróim nó rialú ascnaimh a roghnú agus más iomchuí, a ainmniú chun seirbhísí a sholáthar i mBallstát ach amháin mar thoradh ar sholáthar de bhun mhír 1, 2 nó 3, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann sé na coinníollacha carnacha seo a leanas:
|
(a) |
beidh deimhniú bailí aige de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2018/1139 nó beidh dearbhú bailí aige de bhun Airteagal 41(5) de Rialachán (AE) 2018/1139, gan dochar d’Airteagal 7(4) den Rialachán seo; |
|
(b) |
beidh a phríomháit ghnó suite ar chríoch Ballstáit; |
|
(c) |
beidh níos mó ná 50 % de faoi úinéireacht na mBallstát nó náisiúnach de chuid na mBallstát agus beidh sé á rialú go héifeachtach acu, bíodh sin go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó, ach amháin mar a fhoráiltear i gcomhaontú le tríú tír ar páirtí ann an tAontas; agus |
|
(d) |
comhlíonfaidh sé na ceanglais slándála agus chosanta náisiúnta. |
De mhaolú ar an mhír seo, aon soláthraí seirbhísí satailíte domhanda ar tugadh deimhniú dó de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2018/1139 chun seirbhísí a sholáthar san Aontas roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfar é a roghnú chun seirbhísí a sholáthar san Aontas fiú mura gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (b) agus (c).
7. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 23, 24, 25 agus 27 ná ag na rialacha cur chun feidhme a bhaineann leis na hAirteagail sin dá dtagraítear in Airteagal 28 maidir leis na soláthraithe seirbhísí aerthráchta arna n-ainmniú mar thoradh ar nós imeachta soláthair arna dhéanamh i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo. Soláthróidh na soláthraithe seirbhísí aerthráchta lena mbaineann sonraí faoi fheidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta sna príomhréimsí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 21(3), pointe (a), agus i réimse na sábháilteachta don údarás maoirseachta náisiúnta. Soláthróidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta an fhaisnéis sin don Choimisiún gan mhoill.
8. Gan dochar do Threoir 2014/25/AE nó 2014/24/AE, an chéad uair a dhéantar seirbhís aerthráchta le haghaidh rialú ascnaimh nó aeradróim a fháil ag aerfort ar leith i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, agus i gcás ina mbeadh gá le hathrú ar shonraíochtaí tairisceana mar gheall ar choinníollacha fíor-riachtanacha, áiritheoidh na Ballstáit go bhfíorófar na ceanglais theicniúla maidir le cáilíocht seirbhíse a áirítear sna sonraíochtaí tairisceana le haghaidh na seirbhíse sonraí lena mbaineann.
Airteagal 12
Seirbhísí coiteanna faisnéise a sholáthar
1. I gcás ina soláthraítear SCFanna, léireoidh na sonraí a scaiptear an tsláine agus an cháilíocht is gá chun a áirithiú go gcumasófar na seirbhísí a sholáthar go sábháilte agus go slán i dtaca le bainistíocht thrácht na n-aerárthaí gan foireann ar bhealach ina gcumasaítear úsáid chomhroinnte an aerspáis in éineacht le haerárthaí le foireann.
2. Comhlíonfaidh an soláthraí SCFanna na ceanglais charnacha seo a leanas:
|
(a) |
comhlíonfaidh sé na ceanglais slándála agus chosanta náisiúnta; |
|
(b) |
beidh a phríomháit gnó suite ar chríoch Ballstáit; agus |
|
(c) |
beidh níos mó ná 50 % de faoi úinéireacht na mBallstát nó náisiúnach de chuid na mBallstát agus beidh sé á rialú go héifeachtach acu, bíodh sin go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó, mura bhforáiltear a mhalairt i gcomhaontú le tríú tír is comhaontú ar páirtí ann an tAontas. |
3. I gcás ina ndéanann soláthraí SCF aonair arna ainmniú ag an mBallstát SCFanna a sholáthar i leith aerspás U-Space sonrach, beidh praghas na seirbhísí sin bunaithe ar na costais sheasta agus athraitheacha a bhaineann leis an tseirbhís lena mbaineann a sholáthar agus féadfar a áireamh ann, ina theannta sin, marcáil suas lena léirítear comhbhabhtáil iomchuí idir riosca agus toradh. I gcás nach soláthraíonn soláthraí SCF aonair SCFanna, soláthrófar an SCF aonair saor in aisce.
4. Leagfar amach na costais ar ar a mbonn a shocraítear an praghas le haghaidh SCFanna i gcuntas a bheidh ar leithligh ó na cuntais a bhaineann le haon ghníomhaíochtaí eile de chuid an tsoláthraí seirbhíse lena mbaineann agus a mbeidh rochtain ag an údarás maoirseachta náisiúnta lena mbaineann air. Cuirfear na costais sin ar fáil go poiblí gan dochar d’Airteagal 52(3).
5. Beidh an praghas arna shocrú ag soláthraí SCFanna faoi réir mheasúnú agus fhormheas na n-údarás maoirseachta náisiúnta lena mbaineann. Cuirfear praghas seirbhísí den sórt sin ar fáil go poiblí.
6. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta na sonraí is gá le haghaidh oibriú aerárthach gan foireann in aerspás U-Space ar fáil, ar bhonn neamh-idirdhealaithe, gan dochar don tslándáil náisiúnta, don bheartas poiblí ná do leasanna beartais cosanta. Ní bhainfidh soláthraithe SCFanna ná soláthraithe seirbhíse U-Space úsáid as na sonraí sin ach amháin chun críocha oibríochtúla na seirbhísí a sholáthraíonn siad.
Beidh praghsanna le haghaidh rochtain ar shonraí den sórt sin bunaithe ar na costais bhreise a bhaineann leis na sonraí a chur ar fáil agus ar an gcostas a bhaineann leis na sonraí a ghiniúint, i gcás nach gcumhdaítear na costais deiridh sin faoi Airteagal 30 agus mura n-úsáideann na Ballstáit acmhainní airgeadais eile chun costais den sórt sin a chumhdach.
Airteagal 13
Bunú agus ról an Bhoird Athbhreithnithe Feidhmíochta
1. Bunaítear leis seo Bord Athbhreithnithe Feidhmíochta (BAF) comhairleach atá neamhspleách agus neamhchlaonta. Déanfaidh cathaoirleach BAF ionadaíocht thar a cheann agus tacóidh rúnaíocht leis.
2. Is é an ról a bheidh ag BAF cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus a chúraimí a bhaineann le feidhmiú mionsonraithe na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe a leagtar síos in Airteagail 21 go 27 agus in Airteagail 29 go 32, faoi seach, agus faoi Airteagal 34, agus sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 28 agus 33, á ndéanamh aige. Chun na críche sin, soláthróidh BAF tuairimí, moltaí, ábhar treorach agus tuarascálacha don Choimisiún, i gcomhréir leis na tosaíochtaí arna sainiú ag an gCoimisiún.
3. Eiseoidh BAF ábhar treorach chun tacú le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, agus, arna iarraidh sin, tabharfaidh sé cúnamh do na húdaráis sin chun na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe a chur chun feidhme.
4. Na tuairimí, na moltaí, na tuarascálacha agus an t-ábhar treorach arna nglacadh nó arna soláthar ag BAF, ní bheidh siad ceangailteach. Is ról comhairleach amháin a bheidh ag BAF. Ní bheidh aon fheidhm rialála ná aon chumhacht chinnteoireachta eile aige seachas a thuairimí, a mholtaí, a ábhar treorach agus a thuarascálacha a ghlacadh.
Airteagal 14
Comhdhéanamh BAF
1. Seachtar comhaltaí a bheidh ar BAF, lena n-áirítear cathaoirleach BAF. Is náisiúnaigh de chuid an Aontais nó náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas leo, ar comhaontú é faoina gcuireann na tíortha sin rialacha ábhartha dhlí an Aontais i bhfeidhm i réimse na bainistíochta aerthráchta agus na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe a bheidh i gcomhaltaí BAF. Is téarma oifige 5 bliana nach féidir a athnuachan a bheidh ag comhaltaí BAF.
2. Ceapfar comhaltaí BAF, lena n-áirítear an Cathaoirleach, ar bhonn fiúntais agus scileanna agus taithí a bhaineann le bainistíocht aerthráchta, seirbhísí aerloingseoireachta nó rialáil eacnamaíoch tionscal gréasán, i gcomhréir leis na critéir roghnúcháin agus incháilitheachta a shainítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20. Áiritheofar leis an bpróiseas ceapacháin i gcás comhaltaí den sórt sin go mbeidh an ionadaíocht cothrom i dtaca le hinniúlacht agus saineolas, chomh maith le hinscne agus tionscnamh geografach.
3. Tar éis glao poiblí ar léiriú spéise, bunóidh an Coimisiún liosta iarrthóirí le bheith ina gcomhaltaí de BAF, agus ina gCathaoirleach ar BAF, a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 2.
Is é an Coimisiún a cheapfaidh comhaltaí agus Cathaoirleach BAF ón liosta sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus tar éis nós imeachta roghnúcháin arna bhunú ar bhonn Airteagal 20.
4. Féadfaidh an Coimisiún liosta ionadaithe a bhunú ar bhonn an liosta dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír.
I gcás comhalta nach bhfuil ábalta rannchuidiú go héifeachtach a thuilleadh le hobair BAF, a éiríonn as oifig nó nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo a thuilleadh, cuirfear duine ón liosta ionadaithe in ionad an chomhalta sin, duine a cheaptar i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 3, an dara fomhír, ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige an chomhalta sin.
5. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na nglaonna ar iarratais agus na liostaí dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 in iúl do na Ballstáit.
Airteagal 15
Neamhspleáchas BAF
1. Gan dochar d’Airteagal 16(6), ní iarrfaidh comhaltaí BAF treoracha ar aon rialtas, institiúid, duine ná comhlacht ná ní ghlacfaidh siad treoracha uathu. Beidh BAF go hiomlán neamhspleách agus a thuairimí, a mholtaí, a thuarascálacha agus a ábhair threoracha á nglacadh aige.
2. Beidh comhaltaí BAF neamhchlaonta agus gníomhóidh siad go neamhspleách ar aon tionchar seachtrach agus ar mhaithe le leas an phobail.
Chun na críche sin, léireoidh siad neamhspleáchas agus easpa coinbhleachtaí leasa agus beidh siad faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20.
Airteagal 16
Nósanna imeachta agus feidhmiú BAF
1. Déanfaidh BAF cinneadh trí thromlach simplí dá chomhaltaí, agus é mar aidhm aige teacht ar chomhthoil. Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta, lena n-áirítear an cathaoirleach.
2. Glacfaidh BAF a rialacha nós imeachta féin agus cuirfidh sé a shocruithe oibre ar bun, i gcomhréir le rialacha inmheánacha an Choimisiúin maidir le grúpaí saineolaithe.
3. Féadfaidh an Coimisiún freastal ar chruinnithe BAF, gan ceart vótála a bheith aige, cé is moite de phlé críochnaitheach BAF chun a thuairimí, a mholtaí, a thuarascálacha agus a ábhar treorach a ghlacadh. Féadfar cuireadh a thabhairt, ar bhonn ad hoc, do na geallsealbhóirí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 49(3), gan ceart vótála a bheith acu, freastal ar chruinnithe BAF, cé is moite de phlé críochnaitheach BAF chun a thuairimí, a mholtaí, a thuarascálacha agus a ábhar treorach a ghlacadh.
4. Oibreoidh BAF ar bhonn clár oibre bliantúil arna bhunú ag BAF i gcomhréir le tosaíochtaí an Choimisiúin. Leis an gclár oibre sin, tabharfar lánurraim don ról atá ag BAF a leagtar amach in Airteagal 13(2) agus áireofar ann na gníomhaíochtaí uile is gá, laistigh den bhuiséad atá ar fáil, chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na cúraimí atá air dá dtagraítear in Airteagal 13(2), lena n-áirítear chun go mbeidh an Coimisiún in ann cloí leis na tráthchláir is gá chun a chuid cúraimí a chur chun feidhme. Glacfaidh BAF an clár oibre tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Soláthróidh BAF tuarascáil bhliantúil a fhoilseoidh an gCoimisiún. Soláthróidh an Coimisiún an clár oibre bliantúil agus an tuarascáil bhliantúil do na Ballstáit. Cumhdófar gníomhaíochtaí uile BAF sa tuarascáil bhliantúil agus beidh faisnéis inti faoi chostais BAF.
5. Tabharfaidh an Coimisiún rochtain ar an bhfaisnéis ábhartha uile do BAF chun a ról comhairleach a fhorghníomhú.
6. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fheidhmiú BAF agus ar a mhéid a chomhlíonann sé an Rialachán seo, agus cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas go rialta maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag BAF ina chuid oibre.
Airteagal 17
Rúnaíocht BAF
1. Soláthróidh an Coimisiún an rúnaíocht do BAF, lena n-áirítear an tacaíocht anailíseach, riaracháin agus theicniúil is gá, agus na riachtanais arna sonrú ag BAF á gcur san áireamh.
2. Is é an príomhchúram a bheidh ar an rúnaíocht rannchuidiú le BAF agus a chúraimí á bhfeidhmiú go neamhspleách aige. Chun ábhar agus treoirlínte na dtuairimí, na moltaí, na dtuarascálacha agus an ábhair threoraigh ó BAF a ullmhú, tabharfaidh an rúnaíocht tacaíocht do BAF gan aon treoracha a ghlacadh seachas ó BAF chun go mbeidh sé in ann a ról a chomhlíonadh. Beidh go leor acmhainní ag an rúnaíocht chun a cúraimí a chomhlíonadh.
Airteagal 18
Bord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta
1. Bunaítear leis seo Bord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta.
2. Déanfaidh Bord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta an méid seo a leanas:
|
(a) |
faisnéis a mhalartú faoi obair na n-údarás maoirseachta náisiúnta agus faoi phrionsabail chinnteoireachta, dea-chleachtais agus nósanna imeachta i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin; |
|
(b) |
moltaí a sholáthar do BAF maidir leis an ábhar treorach agus na tuarascálacha atá le heisiúint aige; |
|
(c) |
moltaí a sholáthar do BAF maidir le míreanna comhlántacha i gclár oibre bliantúil BAF. |
3. Beidh Bord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta comhdhéanta d’ionadaí agus malartach ó údarás maoirseachta náisiúnta gach Ballstáit, agus is é an t-údarás maoirseachta náisiúnta a ainmneoidh an bheirt acu. Toghfaidh Bord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta cathaoirleach agus leaschathaoirleach as measc a chomhaltaí. Glacfaidh Bord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta a chinntí trí thromlach simplí dá chomhaltaí. Féadfaidh an Coimisiún freastal ar chruinnithe Bhord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta, gan cearta vótála a bheith aige. Féadfar cuireadh a thabhairt do BAF freastal ar na cruinnithe sin, ar bhonn ad hoc, gan cearta vótála a bheith aige. Féadfar cuireadh a thabhairt do thríú tíortha freastal ar na cruinnithe sin, ar bhonn ad hoc, gan cearta vótála a bheith aige, faoi réir chomhaontú comhthoiliúil chomhaltaí Bhord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta.
4. Soláthróidh an Rúnaíocht dá dtagraítear in Airteagal 17 an tacaíocht riaracháin agus theicniúil is gá do Bhord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta.
Airteagal 19
Maoiniú BAF
Is ó bhuiséad an Aontais a mhaoineofar na costais a bhaineann leis an mBord Athbhreithnithe Feidhmíochta, leis an rúnaíocht agus le Bord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta.
Airteagal 20
Gníomhartha cur chun feidhme maidir le BAF
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagail 13 go 19 a chur chun feidhme, lena n-áirítear maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
cúraimí agus feidhmiú BAF; |
|
(b) |
nós imeachta roghnúcháin chomhaltaí BAF, lena n-áirítear an Cathaoirleach; |
|
(c) |
rialacha lena gcuirtear cosc ar choinbhleachtaí leasa agus lena gcaomhnaítear neamhspleáchas BAF. |
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
Airteagal 21
Scéim feidhmíochta
1. Chun feabhas a chur ar fheidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta agus bainistíocht gréasáin san Aerspás Eorpach Aonair, beidh feidhm ag scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus bainistíocht gréasáin i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagail 22 go 28.
2. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ná Airteagail 22 go 28 maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt a sholáthraítear ag aerfoirt, atá suite ar chríoch na mBallstát a bhfuil feidhm ag an gConradh maidir leo, a bhfuil níos lú ná 80 000 gluaiseacht aeriompair lena ngabhann rialacha um eitiltí de réir uirlisí acu in aghaidh na bliana. Féadfaidh Ballstát a chinneadh, áfach, go bhfuil seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt den sórt sin faoi réir na nAirteagal sin.
3. Cuirfear an scéim feidhmíochta chun feidhme in imeacht tréimhsí tagartha, tréimhsí a mhairfidh 3 bliana ar a laghad agus 5 bliana ar a mhéad. Beidh an méid seo a leanas sa scéim feidhmíochta:
|
(a) |
príomhréimsí feidhmíochta na haeráide agus an chomhshaoil, na hacmhainneachta agus na costéifeachtúlachta; |
|
(b) |
spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach i dtaca leis na príomhréimsí feidhmíochta a luaitear i bpointe (a) le haghaidh gach tréimhse tagartha; |
|
(c) |
pleananna feidhmíochta lena n-áirítear an méid seo a leanas le haghaidh gach tréimhse tagartha:
|
|
(d) |
athbhreithniú agus faireachán tréimhsiúil a dhéanamh ar na príomhréimsí feidhmíochta a luaitear i bpointe (a) agus ar na táscairí ábhartha sábháilteachta a shainítear i gcomhordú leis an nGníomhaireacht. |
4. Beidh an scéim feidhmíochta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 bunaithe ar an méid seo a leanas:
|
(a) |
bailiú, bailíochtú, scrúdú, meastóireacht agus scaipeadh sonraí ábhartha a bhaineann le feidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta agus bainistíocht gréasáin a thagann ó na páirtithe ábhartha go léir, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, úsáideoirí aerspáis, oibreoirí aerfoirt, na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, na húdaráis inniúla náisiúnta, agus na húdaráis náisiúnta eile, an Ghníomhaireacht, an Bainisteoir Gréasáin agus Eurocontrol; |
|
(b) |
príomhtháscairí feidhmíochta chun spriocanna a shocrú sna príomhréimsí feidhmíochta dá dtagraítear i mír 3, pointe (a), den Airteagal seo, gan dochar do mhír 3, pointe (c)(iii), den Airteagal seo, agus d’Airteagal 28, pointe (g); |
|
(c) |
táscairí chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht sna príomhréimsí feidhmíochta dá dtagraítear i mír 3, pointe (a), agus na táscairí ábhartha sábháilteachta a shainítear i gcomhordú leis an nGníomhaireacht; |
|
(d) |
modheolaíocht chun luachanna miondealaithe a ríomh; |
|
(e) |
nósanna imeachta maidir le pleananna feidhmíochta agus spriocanna feidhmíochta a bhunú, agus maidir le hathbhreithniú a dhéanamh orthu, le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta, agus le haghaidh bhainistíocht an ghréasáin, chomh maith le teimpléid, ábhar agus cláir ama na bpleananna sin; |
|
(f) |
measúnú ar na dréachtphleananna agus dréachtspriocanna feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus bainistíocht gréasáin; |
|
(g) |
faireachán ar phleananna feidhmíochta, lena n-áirítear sásraí foláirimh iomchuí chun athbhreithniú a dhéanamh ar phleananna agus spriocanna feidhmíochta agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le linn tréimhse thagartha; |
|
(h) |
tagarmharcáil na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a ainmnítear faoi Airteagail 8 agus 10 i gcás inarb ábhartha; |
|
(i) |
scéimeanna dreasachta lena n-áirítear dreasachtaí dearfacha airgeadais agus dídhreasachtaí airgeadais araon; |
|
(j) |
sásraí comhroinnte rioscaí i leith tráchta agus costas; |
|
(k) |
amchláir maidir le spriocanna a shocrú, le measúnú a dhéanamh ar phleananna agus spriocanna feidhmíochta, le faireachán agus le tagarmharcáil; |
|
(l) |
prionsabail ghinearálta arna mbunú ag an gCoimisiún maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt agus faoi bhealach a leithdháileadh go comhréireach idir an dá chatagóir seirbhísí; |
|
(m) |
sásraí chun aghaidh a thabhairt ar theagmhais nach féidir a thuar agus teagmhais shuntasacha a bhfuil tionchar ábhartha acu ar chur chun feidhme na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe. |
Beidh na dreasachtaí dearfacha airgeadais agus dídhreasachtaí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (i) comhréireach leis an méid a imíonn an fheidhmíocht arna baint amach ón sprioc. Cuirfear san áireamh leo an tionchar ar an ngréasán agus a mhéid a bhfuil bealach réasúnta ag an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta tionchar fachtóirí seachtracha a mhaolú. Socrófar na dreasachtaí agus na dídhreasachtaí ar leibhéal lena gcothófar go héifeachtach cáilíocht an tsoláthair seirbhíse agus ní chuirfidh siad isteach ar chumas an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta a oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2018/1139 a chomhlíonadh, lena n-áirítear maidir le stóinseacht airgeadais.
Chun na prionsabail ghinearálta dá dtagraítear i bpointe (l) a leagan síos, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na critéir náisiúnta atá ann cheana chun costais is coiteann do sheirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach agus críochfoirt a leithdháileadh agus rachaidh sé i gcomhairle le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus le geallsealbhóirí. Bunaithe ar an athbhreithniú sin, tráth nach déanaí ná 12 mhí roimh thús gach tréimhse tagartha, déanfaidh an Coimisiún na prionsabail ghinearálta sin a bhunú nó, de réir mar is iomchuí, a thabhairt cothrom le dáta.
5. Agus na spriocanna feidhmíochta atá sna pleananna feidhmíochta á socrú, na dréachtphleananna feidhmíochta á n-ullmhú agus measúnú á dhéanamh orthu, agus faireachán agus tagarmharcáil á ndéanamh maidir le feidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta agus bainistíocht an ghréasáin, cuirfear san áireamh an tionchar a bhíonn ag imthosca áitiúla chomh maith le fachtóirí seachtracha nach mbíonn bealach réasúnta ag an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta iad a mhaolú.
Maidir le tionchar na n-imthosca áitiúla a cuireadh san áireamh cheana agus spriocanna feidhmíochta uile-Aontais á socrú i gcomhréir le hAirteagal 22(2), pointe (d), chomh maith le luachanna miondealaithe a bhunaítear faoi Airteagal 22(1) á socrú, ní chuirfear an tionchar sin san áireamh ina dhiaidh sin agus measúnú á dhéanamh ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta le spriocanna feidhmíochta uile-Aontais chun údar a thabhairt le himeacht na spriocanna sin sa dréachtphlean ó na spriocanna uile-Aontais. Maidir le tionchar na n-imthosca áitiúla a cuireadh san áireamh cheana chun na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a shocrú, ní chuirfear an tionchar sin san áireamh ina dhiaidh sin agus faireachán á dhéanamh ar bhaint amach na spriocanna sin.
6. Socrófar leibhéal na spriocanna feidhmíochta dá dtagraítear i mír 3, pointe (c)(iii), agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh, go háirithe ceanglais áitiúla maidir leis an mbeartas comhshaoil.
7. Chun an scéim feidhmíochta a bhunaítear faoin Rialachán seo a chur chun feidhme, cuirfear san áireamh go bhfuil saintréithe éagsúla ag seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach, ag seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt agus ag feidhmeanna gréasáin agus, dá bhrí sin, déileálfar leo dá réir sin, lena n-áirítear, más gá, chun feidhmíocht a thomhas.
Airteagal 22
Spriocanna feidhmíochta uile-Aontais a bhunú
1. I gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena socraítear na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach sna príomhréimsí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 21(3), pointe (a), i dtaca le gach tréimhse thagartha, agus saineoidh sé fad na tréimhse sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).
I gcomhar leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais sin, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena socraítear luachanna bonnlíne comhlántacha, tairseacha foláirimh, luachanna miondealaithe agus grúpaí tagarmhairc. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).
2. I gcás na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais dá dtagraítear i mír 1 agus na spriocanna feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach agus críochfoirt arna sainiú ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 21(3), pointe (c), saineofar iad ar bhonn na gcritéar fíor-riachtanach seo a leanas:
|
(a) |
féachfaidh siad le feabhsúcháin céim ar céim a bhaint amach i leith fheidhmíocht aeráide agus chomhshaoil, oibríochtúil agus eacnamaíoch na seirbhísí aerloingseoireachta; |
|
(b) |
beidh siad réalaíoch agus indéanta le linn na tréimhse tagartha lena mbaineann, lena gcumasófar soláthar éifeachtúil inbhuanaithe athléimneach seirbhísí aerloingseoireachta, agus forbairtí struchtúracha agus teicneolaíochta níos fadtréimhsí á gcothú acu; |
|
(c) |
cuirfear san áireamh leo comhthéacs eacnamaíoch agus oibríochtúil na tréimhse tagartha, lena n-áirítear réamhaisnéis tráchta agus sonraí oibríochtúla, chomh maith leis na hidirthuilleamaíochtaí idir na príomhréimsí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 21(3), pointí (a) agus (c), agus a riachtanaí atá sé a bheith i gcomhréir le cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1119; |
|
(d) |
cuirfear san áireamh leo imthosca áitiúla na mBallstát; |
|
(e) |
cuirfear san áireamh leo na táscairí sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 21(3), pointe (d). |
3. Chun a chinntí maidir le spriocanna feidhmíochta uile-Aontais a ullmhú agus, má shainítear iad i gcur i bhfeidhm Airteagal 22(1), maidir le luachanna bonnlíne comhlántacha agus luachanna miondealaithe nó grúpaí tagarmhairc, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le húdaráis náisiúnta, le Eurocontrol, leis an mBainisteoir Gréasáin agus le geallsealbhóirí oibríochtúla, agus baileoidh sé aon ionchur is gá uathu.
Airteagal 23
Pleananna feidhmíochta agus spriocanna feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta
1. Glacfaidh na Ballstáit dréachtphlean feidhmíochta de bhun an Airteagail seo le haghaidh gach tréimhse tagartha.
2. Ullmhóidh na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a ainmnítear faoi Airteagail 8 agus 10 ionchur don dréachtphlean feidhmíochta le haghaidh gach tréimhse tagartha agus le haghaidh na seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthraíonn siad agus, i gcás inarb infheidhme, a fhaigheann siad ó sholáthraithe eile, agus cuirfidh siad faoi bhráid an údaráis maoirseachta náisiúnta é.
Féadfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta a iarraidh gur i bhfoirm dréachtphlean feidhmíochta a bheidh an t-ionchur sin.
Is iad na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a ainmnítear faoi Airteagail 8 agus 10 a ullmhóidh ionchur den sórt sin tar éis spriocanna feidhmíochta uile-Aontais a shocrú in am trátha ionas go mbeidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta in ann an teorainn ama a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo a chomhlíonadh.
3. I gcás ina n-ainmnítear iad i gcomhréir le hAirteagal 10, soláthróidh soláthraithe SManna ionchur ar a mbonn costais don údarás maoirseachta náisiúnta freisin.
4. An t-ionchur, arna sholáthar ag na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a ainmnítear faoi Airteagail 8 agus 10 faoi mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, maidir le leithdháileadh na gcostas a áirítear sna pleananna feidhmíochta, beidh sé bunaithe ar na prionsabail ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 21(4), pointe (l).
5. Déanfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta athbhreithniú ar an bhfaisnéis arna soláthar ag gach soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta a ainmnítear faoi Airteagail 8 agus 10, faoi mhíreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo, agus formheasfaidh sé í, nó déanfaidh sé na hathruithe is gá i gcás inarb iomchuí. Ina dhiaidh sin, bunaithe ar an bhfaisnéis sin agus, más iomchuí, ar ionchur ó údaráis náisiúnta eile, ullmhóidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta dréachtphlean feidhmíochta náisiúnta aonair. Glacfaidh an Ballstát an dréachtphlean feidhmíochta náisiúnta sin.
Ullmhóidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta an dréachtphlean feidhmíochta roimh thús na tréimhse tagartha lena mbaineann.
6. Áiritheoidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, agus na pleananna feidhmíochta á n-ullmhú acu, go gcomhlíonfaidh leithdháileadh na gcostas a áirítear sa dréachtphlean feidhmíochta na prionsabail ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 21(4), pointe (l).
7. Agus é mar aidhm acu leibhéal feidhmíochta na bainistíochta aerthráchta a fheabhsú, féadfaidh roinnt Ballstát comhphlean feidhmíochta a fhorbairt le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach agus, de réir mar is iomchuí, le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt. Cumhdófar leis an bplean sin ar a laghad fad tréimhse tagartha amháin, áireofar ann sprioc chomhpháirteach feidhmíochta amháin ar a laghad agus beidh comhar trasteorann i gceist leis. Féadfar soláthar comhpháirteach a áireamh sa chomhar trasteorann d’fhonn idir-inoibritheacht agus rialachas comhpháirteach a fheabhsú chun úsáid an aerspáis a optamú.
8. Áireofar sa dréachtphlean feidhmíochta dá dtagraítear i mír 1 faisnéis ábhartha, go háirithe réamhaisnéisí tráchta agus sonraí oibríochtúla, arna soláthar ag Eurocontrol agus ag an mBainisteoir Gréasáin nó, más iomchuí agus má tá údar leis agus tar éis dul i gcomhairle le húsáideoirí aerspáis agus soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann, réamhaisnéisí tráchta eile.
Agus an dréachtphlean feidhmíochta á ullmhú, rachaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta i gcomhairle le hionadaithe úsáideoirí aerspáis agus, i gcás inarb ábhartha, le húdaráis mhíleata, oibreoirí aerfoirt agus comhordaitheoirí aerfoirt, chomh maith leis an údarás inniúil náisiúnta gan dochar do na socruithe náisiúnta arna n-eascairt as Airteagal 4(5) den Rialachán seo. Fíorófar comhlíonadh Rialachán (AE) 2018/1139 agus na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin.
9. Beidh sa dréachtphlean feidhmíochta, de réir mar is iomchuí, spriocanna feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach sna príomhréimsí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 21(3), pointe (a), a bheidh comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais, chomh maith le spriocanna feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt, i bpríomhréimsí feidhmíochta na costéifeachtúlachta agus na hacmhainneachta agus, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 21(3), pointe (c)(iii), i bpríomhréimse feidhmíochta na haeráide agus an chomhshaoil. Áireofar sna dréachtphleananna feidhmíochta tuairisc ar an gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm na prionsabail ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 21(4), pointe (l), maidir le leithdháileadh costas coiteann den sórt sin.
Cuirfear san áireamh, i ndréachtphleananna feidhmíochta, Máistirphlean Eorpach BAT agus na hidirthuilleamaíochtaí idir na príomhréimsí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 21(3), pointe (a), agus na himthosca áitiúla.
10. Gan dochar d’Airteagal 52(3), cuirfear na dréachtphleananna feidhmíochta arna nglacadh ar fáil go poiblí.
11. Cuirfear na dréachtphleananna feidhmíochta arna nglacadh faoi bhráid an Choimisiúin lena measúnú agus lena bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 24.
Airteagal 24
Measúnú ar phleananna feidhmíochta
1. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dréachtphleananna feidhmíochta arna nglacadh dá dtagraítear in Airteagal 23, lena n-áirítear comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais, i gcomhréir leis na critéir agus na coinníollacha a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 28, pointe (b), agus ar leithdháileadh na gcostas coiteann idir seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach agus seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt de réir na bprionsabal ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 21(4), pointe (l). Sa mheasúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais, cuirfear san áireamh feabhsuithe feidhmíochta le himeacht ama. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na spriocanna feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i bhfianaise na ngnéithe a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 28, pointe (b).
2. Agus measúnú á dhéanamh ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar imthosca áitiúla agus ar idirthuilleamaíochtaí idir na príomhréimsí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 21(3), pointe (a).
Féadfaidh an Coimisiún a cheadú go n-imeoidh spriocanna feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach ó spriocanna feidhmíochta uile-Aontais a mhéid a bhaineann le príomhréimsí feidhmíochta i gcás ina meastar go bhfuil sé riachtanach agus comhréireach chun comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta le haghaidh na seirbhísí sin a áirithiú le spriocanna feidhmíochta uile-Aontais a mhéid a bhaineann le príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil.
3. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún go gcomhlíonann an dréachtphlean feidhmíochta arna ghlacadh na critéir agus na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 24(1) agus a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 28, pointe (b), arna léamh i gcomhar le mír 2 den Airteagal seo, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme chun é a fhormheas. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
4. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún go bhfuil amhras ann i dtaobh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann dréachtphlean feidhmíochta arna ghlacadh na critéir agus na coinníollacha arna léamh i gcomhar le mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh sé tús le scrúdú mionsonraithe ar an dréachtphlean feidhmíochta sin, agus iarrfaidh sé faisnéis bhreise ón mBallstát lena mbaineann más gá.
5. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, tar éis dó scrúdú mionsonraithe a dhéanamh, go gcomhlíonann an dréachtphlean feidhmíochta arna ghlacadh na critéir agus na coinníollacha arna léamh i gcomhar le mír 2 den Airteagal seo, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme lena fhormheas. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún nach gcomhlíonann an dréachtphlean feidhmíochta arna ghlacadh na critéir agus na coinníollacha sin, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme i bhfoirm cinneadh, lena n-iarrtar ar an mBallstát lena mbaineann dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chomhlíonann na critéir agus na coinníollacha sin a thíolacadh agus, i gcás inarb ábhartha, lena leagtar amach na bearta ceartaitheacha atá le déanamh ag an mBallstát sin. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).
Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na bearta atá déanta aige de bhun an chinnidh sin in iúl don Choimisiún, chomh maith le faisnéis lena léirítear go bhfuil an cinneadh sin á chomhlíonadh leis na bearta sin.
I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún gur leor na bearta sin chun comhlíonadh a chinnidh a áirithiú, tabharfaidh sé fógra i ndáil leis sin don Bhallstát lena mbaineann agus glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme chun an dréachtphlean feidhmíochta sin a fhormheas. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún nach leor na bearta sin chun comhlíonadh an chinnidh a áirithiú, tabharfaidh sé fógra don Bhallstát lena mbaineann.
Déanfaidh an Coimisiún gníomhaíocht, i gcás inarb iomchuí, chun aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíonadh, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
6. Glacfaidh na Ballstáit lena mbaineann na dréachtphleananna feidhmíochta arna bhformheas ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an Airteagal seo mar phleananna cinntitheacha, agus cuirfear ar fáil go poiblí iad gan dochar d’Airteagal 52(3).
Airteagal 25
Faireachán ar fheidhmíocht
1. Déanfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta measúnú, i gcomhar leis an údarás inniúil náisiúnta gan dochar do na socruithe náisiúnta arna n-eascairt as Airteagal 21(5), i dtaobh an bhfuil na spriocanna feidhmíochta atá sna pleananna feidhmíochta arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 24 á gcomhlíonadh ag na seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthraítear san aerspás atá faoina bhfreagracht agus ar cuireadh na pleananna sin chun feidhme mar is ceart, agus cuirfidh sé chun feidhme na scéimeanna dreasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 21(4), pointe (i).
2. Déanfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta tuarascálacha rialta a eisiúint maidir leis an bhfaireachán a dhéantar ar fheidhmíocht seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthraíonn soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a ainmnítear faoi Airteagail 8 agus 10 agus cuirfidh siad ar fáil don Choimisiún iad. Cuirfear torthaí na measúnuithe sin ar fáil go poiblí gan dochar d’Airteagal 52(3).
Soláthróidh na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a ainmnítear faoi Airteagail 8 agus 10 an fhaisnéis agus na sonraí is gá chun faireachán den sórt sin a dhéanamh don údarás maoirseachta náisiúnta. Áireofar leis sin faisnéis agus sonraí a bhaineann le costais iarbhír na seirbhísí arna soláthar agus arna bhfáil agus le hioncam gaolmhar.
3. A mhéid atá bealach réasúnta ag an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta chun tionchar na dtosca seachtracha a mhaolú, i gcás nach mbaintear amach na spriocanna feidhmíochta atá sna pleananna feidhmíochta nó nach gcuirtear an plean feidhmíochta chun feidhme i gceart, ceanglóidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta ar na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann bearta ceartaitheacha a chur chun feidhme. Beidh na bearta ceartaitheacha sin leordhóthanach chun feidhmíocht a fheabhsú agus beidh siad comhréireach, go háirithe i bhfianaise idirthuilleamaíochtaí le sábháilteacht agus idir réimsí feidhmíochta, agus an tionchair ar an ngréasán.
I gcás nach gcuirtear bearta ceartaitheacha a fhorchuirtear i bhfeidhm i gceart, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na bearta iomchuí agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas. I gcás ina leantar den tearcfheidhmíocht, féadfaidh an Coimisiún gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 34(2) agus Airteagal 34(3).
4. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fheidhmíocht sholáthar na seirbhísí aerloingseoireachta agus na bhfeidhmeanna gréasáin ar bhonn na dtuarascálacha ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus ar bhonn anailís ar na sonraí a fhaightear agus déanfaidh sé measúnuithe rialta ar bhaint amach foriomlán na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais agus tíolacfaidh sé na torthaí don choiste dá dtagraítear in Airteagal 48(1).
Airteagal 26
Plean Feidhmíochta Gréasáin
1. Déanfaidh an Bainisteoir Gréasáin dréachtphlean feidhmíochta gréasáin a tharraingt suas do gach tréimhse thagartha i gcomhréir leis an bpróiseas cinnteoireachta comhoibrithí dá dtagraítear in Airteagal 38(11).
Déanfar an Dréachtphlean Feidhmíochta Gréasáin a tharraingt suas tar éis spriocanna feidhmíochta uile-Aontais a shocrú agus roimh thús na tréimhse tagartha lena mbaineann. Beidh spriocanna feidhmíochta ann sna príomhréimsí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 21(3), pointe (a).
2. Cuirfear an Dréachtphlean Feidhmíochta Gréasáin faoi bhráid an Choimisiúin lena mheasúnú agus lena fhormheas.
3. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an Dréachtphlean Feidhmíochta Gréasáin bunaithe ar na critéir fhíor-riachtanacha seo a leanas:
|
(a) |
breithniú ar na feabhsuithe feidhmíochta le himeacht ama, i dtaca leis an tréimhse thagartha a chumhdaítear leis an bplean feidhmíochta, agus i dtaca leis an tráthchlár lena gcuimsítear an tréimhse thagartha roimhe sin agus an tréimhse thagartha a chumhdaítear leis an bplean feidhmíochta araon chomh maith le rannchuidiú le spriocanna feidhmíochta uile-Aontais; |
|
(b) |
iomláine agus comhsheasmhacht an Dréachtphlean Feidhmíochta Gréasáin ó thaobh sonraí agus ábhar tacaíochta de, lena n-áirítear na príomhthoimhdí a chuirtear i bhfeidhm agus réamhaisnéisí tráchta. |
4. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún go bhfuil an Dréachtphlean Feidhmíochta Gréasáin iomlán agus go léirítear leis feabhsuithe feidhmíochta leordhóthanacha, glacfaidh sé an Dréachtphlean Feidhmíochta Gréasáin mar phlean cinntitheach. Murab amhlaidh, iarrfaidh an Coimisiún ar an mBainisteoir Gréasáin Dréachtphlean Feidhmíochta Gréasáin athbhreithnithe a thíolacadh.
Airteagal 27
Athbhreithniú ar spriocanna feidhmíochta agus pleananna feidhmíochta le linn tréimhse tagartha
1. I gcás, le linn tréimhse tagartha, nach bhfuil na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais leordhóthanach a thuilleadh, i bhfianaise imthosca atá athraithe go suntasach nó cúrsaí sábháilteachta, agus ina bhfuil an t-athbhreithniú ar cheann amháin de na spriocanna nó ar roinnt díobh riachtanach agus comhréireach, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais sin. Beidh feidhm ag Airteagal 22 maidir le cinneadh den sórt sin.
I gcás, tar éis athbhreithniú den sórt sin, nach bhfuil na spriocanna feidhmíochta atá sna pleananna feidhmíochta arna nglacadh de bhun Airteagal 24(6) comhsheasmhach a thuilleadh leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais, déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta athbhreithniú ar na pleananna sin i ndáil leis na spriocanna feidhmíochta lena mbaineann. Beidh feidhm ag Airteagail 23, 24 agus 25 maidir leis an athbhreithniú ar na pleananna sin. Féadfar an comhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 23(8) a theorannú, chun críocha na fomhíre seo, do na spriocanna feidhmíochta agus do na codanna de na dréachtphleananna feidhmíochta a ndéantar difear dóibh go díreach nó go hindíreach leis an athbhreithniú.
Tar éis an athbhreithnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ullmhóidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta dréachtphleananna feidhmíochta nua, a mbeidh feidhm ag Airteagail 23, 24 agus 25 maidir leo. Déanfaidh an Bainisteoir Gréasáin Dréachtphlean Feidhmíochta Gréasáin nua a tharraingt suas, a mbeidh feidhm ag Airteagal 26 maidir leis.
2. Sa chinneadh maidir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1, beidh forálacha idirthréimhseacha ann i dtaca leis an tréimhse ama go dtí go dtiocfaidh na pleananna feidhmíochta athbhreithnithe cinntitheacha chun bheith infheidhme. Ní bheidh feidhm chúlghabhálach ag spriocanna feidhmíochta uile-Aontais athbhreithnithe ná forálacha idirthréimhseacha.
3. I gcás géarchéim ghréasáin, amhail coinbhleachtaí geopholaitiúla, géarchéimeanna sláinte nó tubaiste nádúrtha, lena gcuirtear cosc ar réamhaisnéisí tráchta iontaofa a eisiúint, féadfar a áireamh ar na forálacha idirthréimhseacha arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 2 an scéim feidhmíochta a chur ar fionraí nó a oiriúnú go sealadach go dtí go dtiocfaidh deireadh leis an ngéarchéim ghréasáin agus go mbeidh na réamhaisnéisí iontaofa nua ar fáil. I gcás den sórt sin, saineoidh an Coimisiún na coinníollacha gaolmhara, lena n-áirítear oiriúnuithe riachtanacha ar mhuirir is infheidhme, sa chinneadh dá dtagraítear i mír 1.
4. Féadfaidh na Ballstáit, faoi réir fhormheas an Choimisiúin, athbhreithniú a dhéanamh ar sprioc feidhmíochta amháin nó roinnt díobh le linn tréimhse tagartha i gcás ina mbaintear amach tairseacha foláirimh, nó i gcás ina léirítear nach bhfuil na sonraí, na toimhdí agus an réasúnaíocht tosaigh atá mar bhonn do na spriocanna feidhmíochta cruinn ar bhonn suntasach agus buan a thuilleadh de bharr imthosca nárbh fhéidir a thuar tráth ghlactha an phlean feidhmíochta. Formheasfaidh an Coimisiún an t-athbhreithniú sin má thagann sé ar an tátal go bhfuil an t-athbhreithniú riachtanach agus comhréireach agus go bhfuil na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais.
I gcás den sórt sin, déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar na pleananna feidhmíochta i ndáil leis na spriocanna lena mbaineann, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagail 23 agus 24. Féadfar an comhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 23(8) a theorannú, chun críocha na míre seo, do na spriocanna feidhmíochta agus do na codanna de na pleananna feidhmíochta a ndéantar difear dóibh go díreach nó go hindíreach leis an athbhreithniú.
Airteagal 28
An scéim feidhmíochta a chur chun feidhme
Chun an scéim feidhmíochta a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos ceanglais mhionsonraithe agus nósanna imeachta mionsonraithe i leith Airteagal 21(4) agus Airteagail 22 go 27, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
pleananna feidhmíochta a ullmhú, a fhorbairt agus a fhormheas agus measúnú agus athbhreithniú a dhéanamh orthu; |
|
(b) |
spriocanna feidhmíochta a shocrú, na critéir agus na coinníollacha chun measúnú a dhéanamh orthu, lena n-áirítear chun measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht na spriocanna le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais, agus modheolaíocht chun luachanna miondealaithe a shainiú; |
|
(c) |
prionsabail ghinearálta maidir le leithdháileadh na gcostas coiteann idir seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach agus seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt, dá dtagraítear in Airteagal 21(4), pointe (l); |
|
(d) |
faireachán a dhéanamh ar phleananna feidhmíochta, ar fheidhmíocht feidhmeanna gréasáin, ar shásraí foláirimh chun athbhreithniú a dhéanamh ar phleananna agus spriocanna feidhmíochta agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le linn tréimhse tagartha agus bearta ceartaitheacha dá dtagraítear in Airteagail 21(4), 23, 24, 25 agus 27 a eisiúint; |
|
(e) |
na tráthchláir le haghaidh na nósanna imeachta go léir; |
|
(f) |
sásra chun aghaidh a thabhairt ar theagmhais, dá dtagraítear in Airteagal 21(4), pointe (m); |
|
(g) |
príomhtháscairí feidhmíochta agus táscairí le haghaidh faireacháin a shocrú. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún príomhtháscairí feidhmíochta a shocrú le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i bpríomhréimse feidhmíochta na haeráide agus an chomhshaoil a luaithe is féidir táscairí a bhunú atá bailí, iontaofa agus intomhaiste. Beidh na táscairí sin in ann, ar a laghad, na tionchair sa réimse sin ar féidir leis na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta tionchar díreach a imirt orthu a léiriú agus a thomhas; |
|
(h) |
modheolaíocht le haghaidh tagarmharcála; |
|
(i) |
na scéimeanna dreasachta; |
|
(j) |
coinníollacha maidir leis na pleananna feidhmíochta comhpháirteacha a bhunú. |
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).
Airteagal 29
Prionsabail le haghaidh na scéime muirearaithe
1. Gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit soláthar seirbhísí aerloingseoireachta a chumhdaítear leis an Airteagal seo a mhaoiniú trí chistí poiblí a mhéid atá sin i gcomhréir le rialacha an Chonartha maidir le hiomaíochas i gcás inarb iomchuí, socrófar, forchuirfear agus forfheidhmeofar muirir le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta ar úsáideoirí aerspáis.
Beidh an scéim muirearaithe a chuirtear ar bun faoin Airteagal seo agus faoi Airteagail 30 go 32 comhsheasmhach le hAirteagal 15 de Choinbhinsiún Chicago. I gcás muirir faoi bhealach, maidir leis an scéim muirearaithe a chuirtear ar bun faoin Rialachán seo agus faoi na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 33 agus maidir le córas muirearaithe Eurocontrol le haghaidh muirir faoi bhealach, beidh an scéim agus an córas sin comhsheasmhach.
2. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 29 go 36 maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt a sholáthraítear ag aerfoirt, atá suite ar chríoch na mBallstát a bhfuil feidhm ag an gConradh maidir leo, a bhfuil níos lú ná 80 000 gluaiseacht aeriompair lena ngabhann rialacha um eitiltí de réir uirlisí in aghaidh na bliana acu. Féadfaidh Ballstát a chinneadh, áfach, go bhfuil na seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt sin faoi réir na nAirteagal sin.
3. Beidh na muirir bunaithe ar chostais na soláthraithe aerloingseoireachta a ainmnítear faoi Airteagail 8 agus 10 ar costais iad a thabhaítear i leith seirbhísí agus feidhmeanna a rachaidh chun tairbhe úsáideoirí aerspáis thar thréimhsí tagartha seasta mar a shainítear in Airteagal 21(3). Féadfar fáltas réasúnach ar shócmhainní a áireamh ar na costais sin.
4. Trí bhíthin muirear, cuirfear chun cinn soláthar seirbhísí aerloingseoireachta atá sábháilte, éifeachtúil, éifeachtach agus inbhuanaithe d’fhonn ardleibhéal sábháilteachta agus costéifeachtúlachta a bhaint amach, agus tionchar comhshaoil na heitlíochta á laghdú ag an am céanna.
5. Ní úsáidfear ioncam a fhaightear ó sholáthraí seirbhísí aerloingseoireachta a ainmnítear faoi Airteagail 8 agus 10 ar ioncam é a thagann as na muirir a fhorchuirtear ar úsáideoirí aerspáis i gcomhréir leis an Airteagal seo chun seirbhísí a mhaoiniú ar seirbhísí iad a sholáthraíonn soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta faoi choinníollacha margaidh i gcomhréir le hAirteagal 11 nó chun aon ghníomhaíocht tráchtála eile arna déanamh ag an soláthraí sin a mhaoiniú.
6. Tuairisceofar sonraí airgeadais maidir le costais a chinntear, costais iarbhír agus ioncam gaolmhar na soláthraithe aerloingseoireachta ainmnithe do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta. Chun a chur ar chumas an Choimisiúin a chúraimí a chur i gcrích faoin Rialachán seo, tuairisceoidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta na sonraí sin don Choimisiún i gcomhréir leis na módúlachtaí a shainítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 33. Cuirfear sonraí airgeadais maidir le costais a chinnfear, costais iarbhír agus ioncam gaolmhar ar fáil d’úsáideoirí aerspáis, agus foilseofar iad i gcomhréir le hAirteagal 52(3).
Airteagal 30
Boinn chostais do mhuirir
1. Is iad a bheidh sna boinn chostais do mhuirir le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta, mar a leagtar amach iad sna pleananna feidhmíochta a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 24(6), na costais chinntitheacha a bhaineann le soláthar na seirbhísí sin sa limistéar muirearaithe faoi bhealach agus sa limistéar muirearaithe críochfoirt lena mbaineann.
2. Áireofar ar na costais a chinntear dá dtagraítear i mír 1, costais na saoráidí agus na seirbhísí ábhartha, costas an chaipitil agus costas dímheasa sócmhainní, mar aon leis na costais chothabhála, oibriúcháin, bhainistíochta agus riaracháin lena n-áirítear costais foirne.
3. Beidh na costais seo a leanas san áireamh freisin sna costais chinntitheacha dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
costais a bhaineann le maoirseacht ar sheirbhísí aerloingseoireachta arna dtabhú ag údaráis mhaoirseachta náisiúnta, ag údaráis inniúla náisiúnta, agus ag údaráis náisiúnta eile ar chuir na Ballstáit de chúram orthu cúraimí a dhéanamh i ndáil leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2018/1139, i gcás ina gcinneann an Ballstát amhlaidh; |
|
(b) |
na costais a thabhaíonn na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a ainmnítear faoi Airteagail 8 agus 10, i dtaca le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta agus na feidhmeanna gréasáin; |
|
(c) |
na costais a eascraíonn as Coinbhinsiún Idirnáisiúnta Eurocontrol maidir le Comhoibriú um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta na 13 Nollaig 1960 arna leasú go deireanach, i gcás ina gcinneann an Ballstát amhlaidh. |
4. Ní áireofar sna costais a chinntear costais na bpionós arna bhforchur ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 53.
5. Leithdháilfear na costais a bhaineann le seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach agus seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 21(4), pointe (l). Ní cheadófar tras-fhóirdheontais idir seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach agus seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt. Ní cheadófar tras-fhóirdheontas idir seirbhísí éagsúla aerloingseoireachta i gceachtar den dá chatagóir sin ach amháin má bhíonn údar maith leis ar chúiseanna oibiachtúla, faoi réir sainaithint thrédhearcach i gcomhréir le hAirteagal 36(3).
6. Déanfaidh na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a ainmnítear faoi Airteagail 8 agus 10 na mionsonraí maidir lena mbonn costais a sholáthar don údarás maoirseachta náisiúnta. Chuige sin, brisfear síos na costais trí idirdhealú a dhéanamh idir costais foirne, costais oibriúcháin nach costais foirne iad, costais dímheasa, costas caipitil, costais eisceachtúla agus costais dá dtagraítear in Airteagal 30(3). Chun a chur ar chumas an Choimisiúin a chúraimí a dhéanamh faoin Rialachán seo, soláthróidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta an fhaisnéis sin don Choimisiún i gcomhréir leis na módúlachtaí a shainítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 33.
Airteagal 31
Limistéar muirearaithe agus rátaí aonaid
1. Socrófar rátaí aonaid in aghaidh na bliana féilire agus le haghaidh gach limistéir mhuirearaithe ar bhonn na gcostas a chinntear agus na réamhaisnéisí tráchta a bhunaítear sna pleananna feidhmíochta chomh maith le coigeartuithe infheidhme a eascraíonn as na blianta roimhe agus as ioncaim eile, go háirithe cistí poiblí, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais ó chláir chúnaimh an Aontais.
2. Gan dochar d’Airteagal 30(5), saineoidh na Ballstáit na limistéir mhuirearaithe le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta roimh thús tréimhse tagartha agus sainaithneoidh siad na soláthraithe seirbhísí aerthráchta a thagann faoi raon feidhme gach limistéir mhuirearaithe. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun na coinníollacha a shainiú faoinar féidir leis na Ballstáit limistéar muirearaithe críochfoirt nua a mhodhnú nó a bhunú le linn tréimhse tagartha. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).
3. Is iad na Ballstáit a shocróidh na rátaí aonaid, faoi réir a bhfíoraithe ag an gCoimisiún go gcomhlíonann siad Airteagal 29, Airteagal 30 agus an tAirteagal seo.
I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún nach gcomhlíonann ráta aonaid na ceanglais sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann athbhreithniú ar an ráta aonaid dá réir, agus leasófar é chun na ceanglais sin a chomhlíonadh.
Foilseofar na rátaí aonaid.
4. Féadfaidh na Ballstáit limistéir mhuirearaithe choiteanna a shainiú agus, sna cásanna sin, socróidh siad na rátaí aonaid coiteanna do na limistéir mhuirearaithe sin.
Airteagal 32
Muirir a bhunú
1. Toibheofar muirir ar úsáideoirí aerspáis as seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar, faoi choinníollacha neamh-idirdhealaitheacha, agus acmhainneachtaí táirgeachta coibhneasta na n-aerárthaí éagsúla lena mbaineann á gcur san áireamh. Nuair a dhéantar muirir a fhorchur ar úsáideoirí aerspáis difriúla chun an tseirbhís chéanna a úsáid, ní dhéanfar idirdhealú ar bith i ndáil le náisiúntacht ná catagóir an úsáideora.
2. Ríomhfar an muirear faoi bhealach le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta d’eitilt ar leith i limistéar muirearaithe ar bhealach ar leith ar bhonn an ráta aonaid arna bhunú don limistéar muirearaithe ar bhealach sin agus na haonaid seirbhísí faoi bhealach don eitilt sin.
3. Ríomhfar an muirear críochfoirt le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta d’eitilt ar leith i limistéar muirearaithe críochfoirt ar leith ar bhonn an ráta aonaid arna bhunú don limistéar muirearaithe críochfoirt sin agus na haonaid seirbhísí críochfoirt don eitilt sin. Chun an muirear críochfoirt a ríomh, measfar gur eitilt aonair atá in ascnamh agus imeacht eitilte.
4. Féadfar úsáideoirí áirithe aerspáis nó eitiltí áirithe, go háirithe na cinn a úsáideann aerárthaí éadroma agus aerárthaí stáit nó a oibrítear leis na haerárthaí sin, a dhíolmhú ó mhuirir aerloingseoireachta, ar choinníoll go gcumhdaítear costas na díolúine sin le hacmhainní eile agus nach ngearrtar ar úsáideoirí aerspáis eile í.
5. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit, le soláthraithe seirbhísí aerthráchta agus le húsáideoirí aerspáis, staidéar ar an méid a rannchuidíonn modhnú muirear le cuspóirí an Aerspáis Eorpaigh Aonair, a shainítear in Airteagal 1(1) den Rialachán seo, agus le cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1119, a bhaint amach. Déanfar measúnú sa staidéar sin freisin ar indéantacht an mhodhnaithe sin agus ar a thionchar ar aerthrácht, ar sholáthar seirbhísí, ar chostais riaracháin agus ar gheallsealbhóirí.
6. Le toradh an staidéir dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, soláthrófar an fhaisnéis fhíor-riachtanach don Choimisiún chun a chinneadh ar cheart gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 48(3), chun a áirithiú go gcuirfear modhnú muirear faoi bhealach i bhfeidhm go haonfhoirmeach chun úsáideoirí aerspáis a spreagadh chun tacú le feabhsuithe ar fheidhmíocht aeráide agus chomhshaoil mar shampla úsáid an ródúcháin is éifeachtúla ó thaobh breosla de atá ar fáil, úsáid mhéadaithe teicneolaíochtaí tiomána glana malartacha lena n-áirítear breoslaí malartacha inbhuanaithe, agus an leibhéal sábháilteachta is fearr is féidir á choinneáil ag an am céanna.
7. Is é a bheidh sa mhodhnú dá dtagraítear i mír 6 buntáistí nó míbhuntáistí airgeadais agus beidh sé neodrach ó thaobh an ioncaim de le haghaidh soláthraithe seirbhísí aerthráchta.
8. I dteannta an mhodhnaithe muirear dá dtagraítear i mír 6, féadfaidh na Ballstáit muirir a mhodhnú chun soláthraithe seirbhísí aerthráchta agus úsáideoirí aerspáis a spreagadh chun tacú le feabhsuithe ar cháilíocht na seirbhísí mar shampla acmhainneacht mhéadaithe, moilleanna laghdaithe agus forbairt inbhuanaithe.
Airteagal 33
An scéim muirearaithe a chur chun feidhme
Chun an scéim muirearaithe a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, lena leagtar síos ceanglais mhionsonraithe agus nósanna imeachta i leith Airteagail 29 go 32, go háirithe i dtaca leis na boinn chostais agus na costais a chinntear, rátaí aonaid a shocrú, sásraí comhroinnte riosca agus modhnú muirear, agus na rialacha mionsonraithe a bhaineann le sonraí a bheith á soláthar don Choimisiún ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).
Airteagal 34
Athbhreithniú ar chomhlíonadh na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe
1. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú rialta ar na Ballstáit féachaint an bhfuil Airteagail 21 go 27 agus Airteagail 29 go 32 agus na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 28 agus 33 á gcomhlíonadh acu. Agus an t-athbhreithniú sin á dhéanamh aige, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cé acu a áirithíonn nó nach n-áirithíonn na Ballstáit, i gcomhréir lena ndualgas maidir le comhar dílis, go gcomhlíonann na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a n-oibleagáidí faoi na hAirteagail sin. Gníomhóidh an Coimisiún i gcomhairle le BAF agus le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta.
2. I gcás inar léir don Choimisiún nach bhfuil na forálacha dá dtagraítear i mír 1 á gcomhlíonadh, féadfaidh sé imscrúdú a thionscnamh. Tabharfaidh sé i gcrích an t-imscrúdú laistigh de 4 mhí, tar éis éisteacht a thabhairt don Bhallstát agus don údarás maoirseachta náisiúnta lena mbaineann agus don soláthraí seirbhísí aerthráchta ainmnithe lena mbaineann.
3. Gan dochar d’Airteagal 52(1), comhroinnfidh an Coimisiún na torthaí ón imscrúdú leis an mBallstát lena mbaineann, agus, i gcás inarb iomchuí, leis na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a ainmnítear faoi Airteagail 8 agus 10 lena mbaineann agus féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint i dtaobh cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon an Ballstát sin Airteagail 21 go 27 agus Airteagail 29 go 32 agus na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 28 agus 33. Tabharfaidh sé fógra faoin tuairim sin don Bhallstát lena mbaineann.
Airteagal 35
Na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe a chur i bhfeidhm maidir leis an arm
1. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 21 go 34 maidir le hairm a sholáthraíonn seirbhísí aerloingseoireachta go príomha do ghluaiseachtaí aerárthaí seachas aerthrácht ginearálta.
Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh na hAirteagail sin a chur i bhfeidhm maidir le hairm a sholáthraíonn seirbhísí aerloingseoireachta go príomha maidir le gluaiseachtaí aerárthaí seachas aerthrácht ginearálta.
I gcás nach bhfuil feidhm ag forálacha Airteagail 21 go 34 maidir le hairm a sholáthraíonn seirbhísí aerloingseoireachta, ní bheidh costais na seirbhísí gaolmhara mar chuid de na costais a chinntear dá dtagraítear in Airteagal 30(1).
2. Beidh feidhm ag Airteagail 21 go 34 maidir le hairm a sholáthraíonn seirbhísí aerloingseoireachta go príomha don aerthrácht ginearálta i leith na seirbhísí a sholáthraítear don aerthrácht ginearálta.
Airteagal 36
Trédhearcacht cuntas soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta
1. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, is cuma cén córas úinéireachta nó foirm dhlíthiúil atá acu, a gcuntais airgeadais a tharraingt suas agus a fhoilsiú gach bliain. Comhlíonfaidh na cuntais sin na caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta atá glactha ag an Aontas.
I gcás nach féidir na caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta a chomhlíonadh go hiomlán, toisc stádas dlíthiúil an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta, bainfidh an soláthraí an comhlíonadh sin amach a mhéid is féidir. Foilseoidh soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta tuarascáil bhliantúil agus déanfar iniúchadh neamhspleách orthu go rialta i leith na gcuntas dá dtagraítear sa mhír seo.
2. Beidh an ceart ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta rochtain a fháil ar chuntais soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta faoi mhaoirseacht na soláthraithe sin. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh rochtain ar na cuntais sin a thabhairt d’údaráis mhaoirseachta náisiúnta Bhallstáit eile. Soláthróidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta an fhaisnéis sin don Choimisiún i gcás inar gá sin a dhéanamh ionas go bhféadfaidh an Coimisiún a chúraimí a dhéanamh faoin Rialachán seo.
3. Coinneoidh soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta cuntais ar leithligh le haghaidh gach seirbhíse aerloingseoireachta ina gcuntasaíocht inmheánach mar a bheadh de cheangal orthu dá ndéanfadh gnólachtaí ar leithligh na seirbhísí sin d’fhonn idirdhealú, tras-fhóirdheonú agus saobhadh iomaíochta a sheachaint. Coinneoidh soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta cuntais ar leithligh chomh maith le haghaidh gach gníomhaíochta sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
soláthraíonn sé seirbhísí aerloingseoireachta arna bhfáil i gcomhréir le hAirteagal 11(1) agus 11(2) agus seirbhísí aerloingseoireachta nach gcumhdaítear leis an bhforáil sin; |
|
(b) |
soláthraíonn sé seirbhísí aerloingseoireachta agus déanann sé gníomhaíochtaí eile, d’aon chineál, lena n-áirítear SCFanna; |
|
(c) |
soláthraíonn sé seirbhísí aerloingseoireachta san Aontas agus i dtríú tíortha. |
Déanfar na costais a chinntear agus na costais iarbhír a eascraíonn as seirbhísí aerloingseoireachta a mhiondealú i gcatagóirí costas i gcomhréir le hAirteagal 30(6) agus cuirfear ar fáil go poiblí iad, gan dochar d’Airteagal 52(3).
4. Déanfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta nó eintiteas atá neamhspleách ar an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann iniúchadh nó fíorú ar na sonraí airgeadais arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 29(6) mar aon le faisnéis eile is ábhartha chun rátaí aonaid a ríomh agus déanfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta iad sin a fhormheas. Cuirfear conclúidí an iniúchta sin ar fáil go poiblí gan dochar d’Airteagal 52(3).
CAIBIDIL IV
BAINISTÍOCHT GRÉASÁIN
Airteagal 37
Feidhmeanna gréasáin
1. Is é an toradh a bheidh ar fheidhmeanna an ghréasáin bainistíochta aerthráchta go mbainfear úsáid inbhuanaithe éifeachtúil as an aerspás agus as na hacmhainní tearca. Áiritheofar leo chomh maith go mbeidh úsáideoirí aerspáis in ann ruthaig agus próifílí eitilte a oibriú atá optamaithe don chomhshaol, ach ag an am céanna rochtain chothrom réasúnach a cheadú ar an aerspás agus ar sheirbhísí aerloingseoireachta agus brú aerthráchta a laghdú. Leis na feidhmeanna gréasáin sin, a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, tacófar le rochtain réidh a bheith ag úsáideoirí aerspáis ar sheirbhísí aerloingseoireachta agus, lena chois sin, tacófar le spriocanna feidhmíochta uile-Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 21(3), pointe (b), a bhaint amach agus beidh siad bunaithe ar cheanglais oibríochtúla. Le cur chun feidhme na bhfeidhmeanna gréasáin sin, urramófar forálacha Airteagal 1, agus ní dochar iad do cheannasacht na mBallstát ar a gcuid aerspáis féin agus dá gceanglais maidir leis an mbeartas poiblí, leis an tslándáil phoiblí agus le cúrsaí cosanta.
2. Is iad seo a leanas na feidhmeanna gréasáin dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
dearadh agus úsáid struchtúr aerspáis ar fud an Aontais lena dtugtar an leibhéal sábháilteachta, acmhainneachta, solúbthachta, freagrúlachta, feidhmíochta comhshaoil is gá, agus aird chuí á tabhairt ar riachtanais slándála agus cosanta agus gan dochar d’fhreagrachtaí na mBallstát maidir le bealaí agus struchtúir aerspáis don aerspás atá faoina bhfreagracht; |
|
(b) |
BSAT; |
|
(c) |
acmhainní tearca a chomhordú maidir le bandaí minicíochta a úsáideann an aerthrácht ginearálta, go háirithe minicíochtaí raidió agus, lena chois sin, cóid trasfhreagróra radar; |
|
(d) |
tarmligean soláthar seirbhísí aerthráchta a éascú trí bhíthin comhar le soláthraithe seirbhísí aerthráchta agus údaráis na mBallstát; |
|
(e) |
soláthar acmhainneachta rialaithe aerthráchta sa ghréasán i gcomhréir leis na gealltanais a leagtar amach san NOP, d’fhonn ceanglais feidhmíochta oibríochtúla gréasáin agus luachanna tagartha áitiúla a chomhlíonadh; |
|
(f) |
bainistíocht i gcás géarchéimeanna gréasáin; |
|
(g) |
sannadh moille BSAT; |
|
(h) |
bainistíocht a dhéanamh ar phleanáil, faireachán agus comhordú gníomhaíochtaí cur chun feidhme a bhaineann le himscaradh bonneagair sa ghréasán Eorpach BAT, i gcomhréir le Máistirphlean Eorpach BAT, ag cur san áireamh riachtanais oibríochtúla agus nósanna imeachta oibríochtúla gaolmhara; |
|
(i) |
faireachán ar fheidhmíocht bhonneagar gréasáin Eorpaigh BAT. |
3. Cuirfidh na Ballstáit agus gach geallsealbhóir oibríochtúil ábhartha feidhmeanna gréasáin i gcrích le rannchuidiú ón mBainisteoir Gréasáin mar a shainítear in Airteagal 38(6) agus sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 38(10).
4. Ní bheidh glacadh beart ceangailteach ag a bhfuil raon feidhme ginearálta ná feidhmiú lánrogha polaitiúla i gceist leis na feidhmeanna a leagtar amach i mír 2. Déanfar iad i gcomhordú le húdaráis shibhialta agus mhíleata, go háirithe, i gcomhréir le nósanna imeachta comhaontaithe maidir le húsáid sholúbtha an aerspáis. Is de chineál iomlán oibríochtúil nó teicniúil a bheidh na bearta a dhéanfar le haghaidh chur chun feidhme na bhfeidhmeanna a liostaítear i mír 2 agus cuirfear sainiúlachtaí na mBallstát san áireamh iontu.
5. Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na bhforálacha dá dtagraítear san Airteagal seo a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún, d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3), lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na bhfeidhmeanna gréasáin, lena n-áirítear maidir le bainistíocht géarchéime.
Airteagal 38
An Bainisteoir Gréasáin
1. Chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 37(1) den Rialachán seo, a bhaint amach, déanfaidh an Coimisiún a áirithiú, le tacaíocht na Gníomhaireachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139, go rannchuideoidh an Bainisteoir Gréasáin le cur i gcrích na bhfeidhmeanna gréasáin a leagtar amach in Airteagal 37(2) den Rialachán seo, trí na cúraimí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a dhéanamh. Déanfaidh an Coimisiún maoirseacht ar an mBainisteoir Gréasáin féachaint go gcuirfidh sé a chúraimí i gcrích mar is ceart.
2. Ceapfaidh an Coimisiún comhlacht neamhspleách, neamhchlaonta, inniúil chun cúraimí an Bhainisteora Gréasáin a dhéanamh.
3. Chuige sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).
Sa chinneadh faoi cheapachán, áireofar téarmaí agus coinníollacha an cheapacháin, lena n-áirítear an Bainisteoir Gréasáin a mhaoiniú.
4. Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na bhforálacha dá dtagraítear i mír 2 a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún, d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos forálacha mionsonraithe lena n-áirítear an méid seo a leanas:
|
(a) |
ceanglais agus nósanna imeachta ceapacháin; |
|
(b) |
ceanglais neamhspleáchais; |
|
(c) |
ceanglais saineolais; |
|
(d) |
maoiniú; |
|
(e) |
maoirseacht an Choimisiúin ar an mBainisteoir Gréasáin agus a chuid cúraimí á gcur i gcrích aige; |
|
(f) |
ceanglais maidir le feidhmíocht an Bhainisteora Gréasáin a thomhas. |
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).
5. Cuirfidh an Bainisteoir Gréasáin a chúraimí i gcrích ar bhealach neamhspleách costéifeachtúil. Beidh sé faoi réir rialachas agus uathrialachas cuí i gcás ina bhfuil feidhmeanna rialála chomh maith ag an gcomhlacht inniúil a cheaptar mar Bhainisteoir Gréasáin, áiritheofar go ndéanfar scaradh eagraíochtúil ó na feidhmeanna sin. Agus a chuid cúraimí á gcur i gcrích aige, cuirfidh an Bainisteoir Gréasáin, riachtanais an ghréasáin BAT ina iomláine san áireamh agus déanfaidh sé cumais chosanta a choimirciú ag an am céanna agus beidh na geallsealbhóirí oibríochtúla go léir rannpháirteach go hiomlán ann.
6. Ar chur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, rannchuideoidh an Bainisteoir Gréasáin, laistigh de theorainneacha Airteagal 37(4) den Airteagal seo, le forghníomhú na bhfeidhmeanna gréasáin trí na cúraimí seo a leanas:
|
(a) |
an Plean Oibríochtaí Gréasáin a bhunú agus an Plean Straitéise Gréasáin a ullmhú; |
|
(b) |
tacú le dearadh agus comhordú úsáid struchtúr aerspáis; |
|
(c) |
tarmligean soláthar seirbhísí aerthráchta a éascú, nuair a bheidh sé formheasta ag na Ballstáit lena mbaineann, trí thacú leis na Ballstáit agus leis na soláthraithe seirbhísí aerthráchta lena mbaineann, agus na comhaontuithe is gá chun aerthrácht ginearálta agus oibríochtúil a chomhordú agus an gá comhordú leordhóthanach a choinneáil sna struchtúir aerspáis ábhartha á gcur san áireamh; |
|
(d) |
soláthar acmhainneachta rialaithe aerthráchta sa ghréasán a chomhordú agus tacú leis i gcomhréir leis na gealltanais a leagtar amach san NOP, d’fhonn ceanglais feidhmíochta oibríochtúla gréasáin agus luachanna tagartha áitiúla a chomhlíonadh; |
|
(e) |
comhordú agus tacaíocht a mhéid a bhaineann le bainistíocht géarchéimeanna gréasáin; |
|
(f) |
acmhainní tearca a chomhordú maidir le bandaí minicíochta a úsáideann an t-aerthrácht ginearálta, go háirithe minicíochtaí raidió agus, lena chois sin, cóid trasfhreagróra radar; |
|
(g) |
comhordú BSAT agus soláthar, eagrú agus oibriú aonad lárnach BSAT; |
|
(h) |
nósanna imeachta a fhorbairt agus próisis a eagrú maidir le sannadh moille BSAT trí chinnteoireacht chomhoibritheach; |
|
(i) |
comhordú, faireachán agus tacaíocht sna gníomhaíochtaí pleanála agus cur chun feidhme a bhaineann le himscaradh bonneagair sa ghréasán Eorpach BAT i gcomhpháirtíocht leis na geallsealbhóirí oibríochtúla chun a rannpháirtíocht ghníomhach sa bhainistíocht agus sa rialachas a áirithiú; |
|
(j) |
faireachán ar fheidhmíocht bonneagair an ghréasáin Eorpaigh BAT; |
|
(k) |
comhordú le ICAO agus le réigiúin ICAO i ndáil leis na feidhmeanna gréasáin a chur i gcrích; |
|
(l) |
clár oibre agus buiséad an Bhainisteora Gréasáin a bhunú; |
|
(m) |
sonraí a sholáthar maidir le pleananna eitilte i ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) nó le bearta sábháilteachta agus slándála eile, agus trí aon chúraimí eile is gá le haghaidh rannchuidiú an Bhainisteora Gréasáin le feidhmiú na bhfeidhmeanna gréasáin, agus a bhfuil dlúthbhaint acu leis an rannchuidiú sin, mar a shonraítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 10. |
7. Rannchuideoidh an Bainisteoir Gréasáin le feidhmeanna gréasáin a fhorghníomhú trí bhíthin bearta tacaíochta atá dírithe ar phleanáil shábháilte éifeachtúil agus oibríochtaí sábháilte éifeachtúla na ngeallsealbhóirí laistigh den ghréasán faoi ghnáthdhálaí agus faoi dhálaí géarchéime gréasáin agus trí bhearta atá dírithe ar fheabhsú leanúnach na n-oibríochtaí gréasáin san Aerspás Eorpach Aonair agus ar fheidhmíocht fhoriomlán an ghréasáin, go háirithe maidir leis an scéim feidhmíochta a chur chun feidhme, lena n-áirítear i dtaca leis an aeráid agus leis an gcomhshaol. Cuirfear san áireamh, sa ghníomhaíocht a dhéanann an Bainisteoir Gréasáin, gur gá na haerfoirt a chomhtháthú go hiomlán sa ghréasán s agus beidh sé mar aidhm léi a áirithiú go gcomhlíonfar pleananna feidhmíochta agus spriocanna feidhmíochta na soláthraithe seirbhísí aerthráchta ainmnithe.
8. Oibreoidh an Bainisteoir Gréasáin i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún chun a éascú go léireofar na spriocanna feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 21 go leordhóthanach sa phleanáil fhoriomlán maidir leis an acmhainneacht agus san acmhainneacht atá le cur ar fáil ag soláthraithe seirbhísí aerthráchta aonair agus atá le comhaontú idir an Bainisteoir Gréasáin agus na soláthraithe seirbhísí aerthráchta san NOP.
9. Déanfaidh an Bainisteoir Gréasáin an méid seo a leanas:
|
(a) |
trí chinnteoireacht chomhoibritheach, gníomhaíochtaí oibríochtúla a chinneadh agus bearta feabhais a mholadh a bheidh le déanamh ag geallsealbhóirí oibríochtúla d’fhonn rannchuidiú leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais agus na spriocanna feidhmíochta ceangailteacha áitiúla a bhaint amach agus aird chuí á tabhairt ar imthosca réigiúnacha agus áitiúla, agus na ceanglais feidhmíochta oibríochtúla gréasáin agus na luachanna tagartha áitiúla a leagtar amach san NOP a chur chun feidhme agus comhairle a thabhairt maidir le ruthaig eitilte atá optamaithe don chomhshaol; féadfaidh na geallsealbhóirí oibríochtúla a chinneadh an bhfuil aon bhearta feabhais beartaithe le cur chun feidhme, agus cuirfidh siad an Bord Bainistíochta Gréasáin ar an eolas faoi na cúiseanna nach ndearnadh iad a chur chun feidhme. |
|
(b) |
i gcomhordú leis na páirtithe ábhartha, comhairle a chur ar an gCoimisiún agus faisnéis ábhartha a sholáthar do BAF maidir le himscaradh bhonneagar an ghréasáin BAT i gcomhréir le Máistirphlean Eorpach BAT, go háirithe chun na hinfheistíochtaí a bhfuil gá leo don ghréasán a shainaithint. |
10. Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach na bhforálacha dá dtagraítear i míreanna 6 go 9 den Airteagal seo a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún, d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme chúraimí an Bhainisteora Gréasáin, mar a shainítear sna míreanna sin.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).
11. Agus a chuid cúraimí á gcur i gcrích aige, déanfaidh an Bainisteoir Gréasáin bearta trí phróiseas cinnteoireachta comhoibrithí. Gníomhóidh páirtithe sa phróiseas cinnteoireachta comhoibrithí a mhéid is féidir d’fhonn feidhmiú agus feidhmíocht an ghréasáin a fheabhsú, lena n-áirítear baint amach na spriocanna uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na haeráide agus an chomhshaoil. Cuirfidh an próiseas cinnteoireachta comhoibrithí leas an ghréasáin chun cinn, agus leasanna bunriachtanacha slándála agus cosanta á gcur san áireamh, agus dálaí áitiúla nó réigiúnacha eile, mar shampla dálaí geografacha, topagrafacha agus meitéareolaíocha.
Beidh na Ballstáit rannpháirteach go hiomlán i gcinntí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, go háirithe i múnlú an Phlean Straitéise Gréasáin.
12. Beidh an próiseas cinnteoireachta comhoibrithí dá dtagraítear i mír 11 bunaithe, go háirithe, ar phróiseas comhairliúcháin le geallsealbhóirí oibríochtúla, le comhordaitheoirí sliotán aerfoirt, leis na Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, leis an nGníomhaireacht agus leis an gCoimisiún, ar shocruithe agus próisis oibre le haghaidh oibríochtaí agus ar shásraí réitigh a mbeidh baint ag an mBord Bainistíochta Gréasáin leo i gcás inar gá.
I gcás inarb í ceannasacht ar a chuid aerspáis atá i gceist, ní mór toil an Bhallstáit sin a fháil.
13. Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach agus comhlíonadh na bhforálacha dá dtagraítear i míreanna 11 agus 12 a áirithiú, glacfaidh an Coimisiún, d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos forálacha mionsonraithe maidir leis an bpróiseas cinnteoireachta comhoibrithí, lena n-áirítear:
|
(a) |
próiseas chun dul i gcomhairle le geallsealbhóirí oibríochtúla, le comhordaitheoirí sliotán aerfoirt, leis na Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, leis an nGníomhaireacht agus leis an gCoimisiún; |
|
(b) |
socruithe agus próisis oibre le haghaidh oibríochtaí; |
|
(c) |
rannpháirtíocht údaráis na mBallstát nuair is gá; |
|
(d) |
sásraí réitigh a mbeidh baint ag an mBord Bainistíochta Gréasáin leo i gcás inar gá; |
|
(e) |
aon bheart eile is gá maidir leis na próisis chinnteoireachta. |
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).
14. Bunaítear Bord Bainistíochta Gréasáin d’fhonn rialachas iomchuí ar fhorghníomhú na bhfeidhmeanna gréasáin a áirithiú.
Beidh freagracht ar an mBord Bainistíochta Gréasáin as na nithe seo a leanas:
|
(a) |
bearta arna ndéanamh nó arna moladh ag an mBainisteoir Gréasáin a fhormheas nó a fhormhuiniú i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 15; |
|
(b) |
na sonraíochtaí don chomhairliúchán agus na socruithe mionsonraithe oibre dá dtagraítear i míreanna 12 agus 13 a fhormheas; |
|
(c) |
NOP a fhormheas; |
|
(d) |
NSP a fhormhuiniú, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus tuairim na mBallstát á cur san áireamh, agus sula bhformheasfaidh an Coimisiún é; |
|
(e) |
faireachán a dhéanamh ar fheidhmeanna an ghréasáin agus tuairimí nó moltaí a thabhairt maidir le saincheisteanna sonracha; agus |
|
(f) |
aon bheart eile is gá chun na sásraí rialachais a fhorghníomhú. |
Is i bhfoirm gníomh cur chun feidhme a dhéanfaidh an Coimisiún NSP a fhormheas. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).
Beidh comhaltaí a bhfuil vóta acu agus comhaltaí nach bhfuil vóta acu ar an mBord Bainistíochta Gréasáin. Beidh sé comhdhéanta d’ionadaithe na ngeallsealbhóirí oibríochtúla, ionadaithe an Choimisiúin, ionadaithe an Bhainisteora Gréasáin agus ionadaithe Eurocontrol.
15. Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na bhforálacha dá dtagraítear i mír 14 den Airteagal seo a áirithiú, glacfaidh an Coimisiún, d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis an mBord Bainistíochta Gréasáin, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta Gréasáin; |
|
(b) |
feidhmiú agus freagrachtaí an Bhoird Bainistíochta Gréasáin mar a shainítear i mír 14 iad; |
|
(c) |
na sásraí rialachais gréasáin. |
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).
16. Gan dochar d’Airteagal 37(2), pointe (a), den Rialachán seo ná d’Airteagail 44 agus 46 de Rialachán (AE) 2018/1139 ná do na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin, beidh an inniúlacht iomlán ag na Ballstáit chun na bealaí agus na struchtúir aerspáis atá faoina bhfreagracht a fhorbairt, a fhormheas agus a bhunú. I dtaca leis sin, cuirfidh na Ballstáit éilimh aerthráchta, séasúracht agus castacht aerthráchta agus pleananna feidhmíochta san áireamh. Sula ndéanfaidh siad cinneadh maidir leis na gnéithe sin, tabharfaidh siad aird chuí ar riachtanais na n-úsáideoirí aerspáis lena mbaineann nó na ngrúpaí a dhéanann ionadaíocht ar na húsáideoirí aerspáis sin agus ar na húdaráis mhíleata de réir mar is iomchuí.
Airteagal 39
Trédhearcacht chuntais an Bhainisteora Gréasáin
1. Déanfar cuntais airgeadais an Bhainisteora Gréasáin a tharraingt suas agus a fhoilsiú go bliantúil. Comhlíonfaidh na cuntais sin na caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta atá glactha ag an Aontas. I gcás nach féidir na caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta a chomhlíonadh go hiomlán, toisc stádas dlíthiúil an Bhainisteora Gréasáin, féachfaidh an Bainisteoir Gréasáin leis an gcomhlíonadh sin a bhaint amach a mhéid is féidir.
2. Foilseoidh an Bainisteoir Gréasáin tuarascáil bhliantúil ar a chuid gníomhaíochtaí agus déanfar iniúchadh neamhspleách air go rialta.
Airteagal 40
Caidreamh le geallsealbhóirí
Bunóidh na soláthraithe seirbhísí aerthráchta sásraí comhairliúcháin le haghaidh comhairliúchán leis na húsáideoirí ábhartha aerspáis, le hoibreoirí aerfoirt agus leis na húdaráis mhíleata maidir leis na saincheisteanna móra ar fad a bhaineann leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil, lena n-áirítear athruithe ábhartha ar chumraíochtaí aerspáis, nó maidir le mór-infheistíochtaí a imríonn tionchar ábhartha ar an mbainistíocht aerthráchta agus ar sholáthar seirbhísí aerloingseoireachta nó ar mhuirir. Go háirithe, cuirfear a seasaimh san áireamh ag céim luath sa phróiseas chun pleananna infheistíochta straitéiseacha fadtéarmacha a fhorbairt, go háirithe maidir le gnéithe a éilíonn sioncrónú idir imscaradh trealaimh aeir agus trealaimh talún.
Airteagal 41
An caidreamh le húdaráis mhíleata
I gcomhthéacs an chomhbheartais iompair, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar comhaontuithe i scríbhinn idir na húdaráis inniúla shibhialta agus na húdaráis inniúla mhíleata, nó socruithe dlíthiúla coibhéiseacha, a bhunú nó a athnuachan i ndáil le bainistíocht a dhéanamh ar na bloic shonracha aerspáis agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.
Airteagal 42
Infhaighteacht sonraí oibríochtúla le haghaidh aerthrácht ginearálta agus rochtain ar na sonraí céanna
1. Maidir le haerthrácht ginearálta, cuirfidh gach soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta, gach úsáideoir aerspáis, gach aerfort agus an Bainisteoir Gréasáin sonraí oibríochtúla ábhartha ar fáil i bhformáid idir-inoibritheach i bhfíor-am, ar bhonn trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus gan dochar don tslándáil náisiúnta, don bheartas poiblí ná do leasanna beartais cosanta, lena n-áirítear ar bhonn trasteorann agus ar bhonn uile-Aontais. Beidh an infhaighteacht sin chun tairbhe soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta atá deimhnithe nó dearbhaithe, eintitis a bhfuil sé cruthaithe acu go bhfuil sé ar intinn acu seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar, eintitis mhíleata a bhfuil gníomhaíochtaí slándála agus cosanta de chúram orthu, soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta míleata, úsáideoirí aerspáis agus aerfoirt chomh maith leis an mBainisteoir Gréasáin. Ní úsáidfear na sonraí ach chun críoch oibríochta.
2. Beidh praghsanna don tseirbhís dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar phrionsabail ghinearálta agus ar rialacha comhchoiteanna praghsála atá le bunú sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4.
3. Tabharfar rochtain saor in aisce ar na sonraí oibríochtúla ábhartha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo do na húdaráis atá i gceannas ar mhaoirseacht sábháilteachta, feidhmíocht agus maoirseacht gréasáin, slándáil, beartas poiblí agus cosaint, lena n-áirítear don Ghníomhaireacht, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139.
4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na ceanglais mhionsonraithe maidir le sonraí a chur ar fáil agus rochtain a fháil orthu i gcomhréir le míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo, lena n-áirítear na sonraí oibríochtúla sonracha lena mbaineann, na prionsabail ghinearálta agus na rialacha comhchoiteanna praghsála maidir leis na praghsanna a shocrú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus ceanglais maidir le heintitis a shainaithint a bhfuil sé cruthaithe acu go bhfuil sé ar intinn acu i soláthar seirbhísí aerloingseoireachta a mheas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).
CAIBIDIL V
AERSPÁS, IDIR-INOIBRITHEACHT AGUS NUÁLAÍOCHT THEICNEOLAÍOCH
Airteagal 43
Faisnéis leictreonach aerloingseoireachta
Gan dochar d’fhaisnéis aerloingseoireachta arna foilsiú ag na Ballstáit agus ar shlí atá comhsheasmhach leis an bhfoilsiú sin, bunóidh an Bainisteoir Gréasáin, ar chur i bhfeidhm an chinnidh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 38(3) den Rialachán seo, bonneagar faisnéise aerloingseoireachta uile-Aontais chun cur le hinfhaighteacht faisnéise leictreonaí aerloingseoireachta ar ardchaighdeán, a chuirfear i láthair ar bhealach a mbeidh sé éasca rochtain a fháil uirthi agus a fhónfaidh do riachtanais na n-úsáideoirí ábhartha uile ó thaobh cháilíocht agus thráthúlacht na sonraí de. An fhaisnéis aerloingseoireachta arna cur ar fáil mar sin, ní bheidh inti ach an fhaisnéis a chomhlíonann na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i bpointe 2.1 d’Iarscríbhinn VIII de Rialachán (AE) 2018/1139.
Airteagal 44
Aicmiú aerspáis
Glacfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3), forálacha iomchuí chun cur chun feidhme aonfhoirmeach aicmiú an aerspáis de chuid ICAO a áirithiú le hoiriúnú iomchuí, d’fhonn a áirithiú go gcuirfear seirbhísí aerthráchta sábháilte agus éifeachtúla ar fáil ar bhealach rianúil laistigh den Aerspás Eorpach Aonair.
Airteagal 45
Úsáid sholúbtha an aerspáis
1. Agus saintréithe agus cineál na gníomhaíochta míleata i ngach Ballstát, mar aon le heagrú na gcúrsaí míleata atá faoina bhfreagracht, á gcur san áireamh, áiritheoidh na Ballstáit cur i bhfeidhm an choincheapa maidir le húsáid sholúbtha an aerspáis faoin Aerspás Eorpach Aonair chun bainistíocht aerspáis agus bainistíocht aerthráchta a éascú i gcomhthéacs an chomhbheartais iompair agus, i gcás inarb iomchuí, i gcomhsheasmhacht le Máistirphlean Eorpach BAT.
2. Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm an choincheapa maidir le húsáid sholúbtha an aerspáis, i gcomhthéacs an chomhbheartais iompair, i ndáil leis an aerspás atá faoina bhfreagracht.
3. I gcás inar gá coinníollacha aonfhoirmeacha, go háirithe i bhfianaise na dtuarascálacha arna gcur isteach ag na Ballstáit, chun cur i bhfeidhm a dhéanamh ar an gcoincheap maidir le húsáid sholúbtha an aerspáis faoin Aerspás Eorpach Aonair, glacfaidh an Coimisiún, laistigh de theorainneacha an chomhbheartais iompair agus gan dochar d’Airteagal 1(2), gníomhartha cur chun feidhme ina leagtar síos na coinníollacha aonfhoirmeacha sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).
4. I gcásanna ina mbíonn deacrachtaí suntasacha oibríochtúla i gcur i bhfeidhm an Airteagail seo, ar deacrachtaí iad lena ndéantar dochar do choimirce na slándála riachtanaí nó leasanna maidir le beartas cosanta, féadfaidh na Ballstáit an cur i bhfeidhm sin a chur ar fionraí go sealadach ar choinníoll go gcuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi sin gan mhoill. Tar éis fionraí shealadach a thabhairt isteach, féadfar coigeartuithe ar na rialacha arna nglacadh faoi mhír 3 a fhorbairt don aerspás faoi fhreagracht an Bhallstáit lena mbaineann. Cuirfear deireadh leis an bhfionraí shealadach agus le haon choigeartú mar sin nuair a thiocfaidh deireadh leis na deacrachtaí oibríochtúla sin.
Airteagal 46
Comhordú SESAR
Áiritheoidh na heintitis atá i gceannas ar na cúraimí arna mbunú le dlí an Aontais i réimsí chomhordú chéim shainithe SESAR, chéim forbartha SESAR agus chéim imscartha SESAR, de réir mar a bheidh, comhordú éifeachtach idir na trí chéim sin ionas go mbainfear amach aistriú rianúil tráthúil eatarthu, ag díriú dóibh go háirithe ar chéim an tionsclaithe.
Beidh na geallsealbhóirí sibhialta agus míleata ábhartha uile rannpháirteach a mhéid is féidir.
Airteagal 47
Comhthionscadail
1. Féadfaidh an Coimisiún comhthionscadail a chur ar bun, bunaithe ar an ngá atá ag na geallsealbhóirí le sioncrónú, chun na hathruithe riachtanacha oibríochtúla a chur chun feidhme, ar athruithe iad a shainaithnítear i Máistirphlean Eorpach BAT mar athruithe a bhfuil tionchar acu ar fud an ghréasáin agus a bhfuil aibíocht leordhóthanach maidir le cur chun feidhme bainte amach acu chun cumais idir-inoibritheacha a chumasú i ngach Ballstát, d’fhonn feidhmíocht an Aerspáis Eorpaigh Aonair a fheabhsú.
2. Féadfaidh an Coimisiún freisin sásraí rialachais a bhunú le haghaidh comhthionscadal agus a gcur chun feidhme. Beidh gach geallsealbhóir ábhartha sibhialta agus míleata rannpháirteach sna sásraí sin a mhéid is féidir agus, i gcás inar féidir agus más iomchuí, beidh ról ceannasach acu.
3. Féadfaidh comhthionscadail a bheith incháilithe le haghaidh cistiú ón Aontas faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil. Chuige sin, agus gan dochar d’inniúlacht na mBallstát cinneadh a dhéanamh i dtaobh an chaoi a n-úsáidfidh siad a gcuid acmhainní airgeadais, déanfaidh an Coimisiún anailís neamhspleách costais is tairbhe chomh maith leis na comhairliúcháin iomchuí leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 49, lena bhfiosrófar an ord tosaíochta agus na slite cuí go léir chun a gcur chun feidhme a mhaoiniú.
4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear na comhthionscadail agus na sásraí rialachais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 48
Nós imeachta coiste
1. Déanfaidh an Coiste um Aerspás Aonair, dá ngairtear ‘an Coiste’ anseo feasta, cúnamh a thabhairt don Choimisiún, ar a mbeidh beirt ionadaithe ó gach Ballstát agus é faoi chathaoirleacht an Choimisiúin. Áiritheoidh an Coiste go gcuirfear leas na gcatagóirí úsáideoirí uile san áireamh go hiomchuí. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
4. I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 49
Comhairliúchán le geallsealbhóirí
1. Bunóidh na Ballstáit, na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, BAF agus an Bainisteoir Gréasáin, mar aon leis an nGníomhaireacht maidir lena cúraimí faoi Airteagal 21, míreanna 3 agus 4, agus Airteagal 38(1), sásraí comhairliúcháin le haghaidh comhairliúcháin iomchuí leis na geallsealbhóirí.
2. Bunóidh an Coimisiún sásra ar leibhéal an Aontais chun dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha maidir le ceisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo.
Beidh an Coiste um Idirphlé Earnála, arna chur ar bun faoi Chinneadh 98/500/CE, páirteach sa chomhairliúchán. Chun críocha phointe (e) de mhír 3 den Airteagal seo, nuair a bheidh comhairliúchán de dhíth maidir le gnéithe míleata, rachaidh an Coimisiún, chomh maith leis na Ballstáit, i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint agus le húdaráis náisiúnta mhíleata.
3. Chun críocha mhíreanna 1 agus 2, déanfar comhairliúchán leis na geallsealbhóirí oibríochtúla agus neamhoibríochtúla seo a leanas, ar a laghad, i gcás inarb ábhartha:
|
(a) |
soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta nó grúpaí a dhéanann ionadaíocht orthu; |
|
(b) |
an Bainisteoir Gréasáin; |
|
(c) |
oibreoirí aerfoirt nó na grúpaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht thar a gceann; |
|
(d) |
úsáideoirí ábhartha aerspáis nó na grúpaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht thar a gceann; |
|
(e) |
an t-arm; |
|
(f) |
an tionscal monarúcháin; |
|
(g) |
comhlachtaí ionadaíochta foirne gairmiúla; |
|
(h) |
údaráis náisiúnta ábhartha; |
|
(i) |
comhordaitheoirí na sliotán aerfoirt; |
|
(j) |
eagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha a bhfuil leas acu san eitlíocht nó BAT. |
Airteagal 50
An caidreamh le tríú tíortha
Beidh sé mar aidhm ag an Aontas agus ag a chuid Bhallstát an tAerspás Eorpach Aonair a leathnú chuig tíortha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad, agus tacóidh siad leis an leathnú sin. Chun na críche sin, faoi chuimsiú comhaontuithe a thabharfar i gcrích le tríú tíortha comharsanacha, go háirithe sa limistéar Eurocontrol nó i réigiún EUR ICAO, féachfaidh siad leis an Aerspás Eorpach Aonair a leathnú chuig na tíortha sin. Sa bhreis air sin, féachfaidh siad le dul i gcomhar leis na tíortha sin i gcomhthéacs comhaontuithe maidir le soláthar seirbhísí trasteorann le tríú tíortha, maidir le comhar i dtaca le nuachóiriú BAT, maidir le feidhmeanna gréasáin, nó faoi chuimsiú an Chomhaontaithe idir an tAontas agus Eurocontrol lena gcuirtear ar fáil cuimsiú ginearálta le haghaidh comhordú feabhsaithe, lena n-atreisítear gné uile-Eorpach BAT.
Ní dochar an tAirteagal seo do chinntí na mBallstát maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart an tAerspás Eorpach Aonair a leathnú chuig a dtíortha agus críocha thar lear nó chuig críocha féinrialaitheacha i réigiúin ICAO eile.
Airteagal 51
Tacaíocht ó chomhlachtaí eile
Féadfaidh an Coimisiún tacaíocht a iarraidh ar chomhlachtaí seachtracha chun a chuid cúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear tacaíocht a iarraidh ar Eurocontrol faoi chuimsiú an Chomhaontaithe idir an tAontas agus Eurocontrol lena bhforáiltear do chreat ginearálta don chomhar feabhsaithe.
Airteagal 52
Rúndacht
1. Ní dhéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, ag gníomhú dóibh i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta, ná na húdaráis inniúla náisiúnta, ná an Coimisiún, ná BAF, ná an Bainisteoir Gréasáin, ná an Ghníomhaireacht aon fhaisnéis de chineál rúnda, go háirithe faisnéis faoi sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, a gcaidreamh gnó nó a ngnéithe costais ná ioncaim, a nochtadh.
2. Ní dochar mír 1 do cheart na n-údarás maoirseachta náisiúnta agus an Choimisiúin faisnéis a nochtadh i gcás ina bhfuil sé seo fíor-riachtanach chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh. Sa chás sin, beidh nochtadh den sórt sin comhréireach agus beidh aird aige ar leasanna dlisteanacha na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, na n-úsáideoirí aerspáis, na n-aerfort nó na ngeallsealbhóirí ábhartha eile ó thaobh faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála a chosaint.
3. Nochtfar go poiblí faisnéis agus sonraí ar a dtugtar rochtain de bhun Airteagail 12(4), 23(10), 24(6), 25(2), 36(3) agus 36(4) nó a thuairiscítear de bhun Airteagal 29(6), go háirithe maidir le costais arna gcinneadh, chomh maith le costais iarbhír, na soláthraithe seirbhísí aerthráchta ainmnithe, faoi réir cúrsaí slándála poiblí, cosanta agus míleata nó leasanna tráchtála duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, lena n-áirítear maoin intleachtúil, a chosaint, mura rud é go bhfuil leas sáraitheach poiblí ann i dtaca le nochtadh.
Airteagal 53
Pionóis
Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i dtaca le sáruithe ar an Rialachán seo agus ar na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin, go háirithe ag úsáideoirí aerspáis, oibreoirí aerfoirt agus soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, agus glacfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Airteagal 54
Meastóireacht
1. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chun measúnú a dhéanamh ar thionchair dhlíthiúla, shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil an Rialacháin seo, mar aon lena bhreisluach ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon, tar éis dheireadh an chúigiú tréimhse thagartha agus tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis dheireadh na tréimhse tagartha sin. Nuair atá údar maith ag an gCoimisiún chuige sin, féadfaidh sé faisnéis atá ábhartha maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a iarraidh ar na Ballstáit, lena n-áirítear na húdaráis mhíleata.
2. Cuirfidh an Coimisiún a thorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Cuirfear torthaí na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don phobal.
Airteagal 55
Coimircí
Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar chur i bhfeidhm beart ag Ballstát a mhéid a bhfuil gá leo chun slándáil riachtanach nó leasanna maidir le beartas cosanta a choimirciú. Is bearta iad sin atá riachtanach go háirithe:
|
(a) |
maidir le faireachas a dhéanamh ar aerspás atá faoina fhreagracht i gcomhréir le comhaontuithe Aerloingseoireachta Réigiúnaí ICAO, lena n-áirítear an cumas chun gach aerárthach a úsáideann an t-aerspás sin a bhrath, a shainaithint agus a mheas, d’fhonn sábháilteacht eitiltí a choimirciú agus bearta a dhéanamh chun riachtanais slándála agus cosanta a áirithiú; |
|
(b) |
i gcás suaití inmheánacha tromchúiseacha a bhfuil tionchar acu ar ord poiblí a choinneáil; |
|
(c) |
i gcás cogaidh nó teannas tromchúiseach idirnáisiúnta ar bagairt cogaidh é; |
|
(d) |
chun oibleagáidí idirnáisiúnta Ballstáit a chomhlíonadh maidir le síocháin agus slándáil idirnáisiúnta a choinneáil; |
|
(e) |
chun oibríochtaí míleata agus oiliúint mhíleata a reáchtáil, lena n-áirítear na féidearthachtaí is gá le haghaidh cleachtaí. |
Airteagal 56
Aisghairm
Aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 549/2004, Uimh. (CE) 550/2004 agus Uimh. (CE) 551/2004, gan dochar d’Airteagal 58 den Rialachán seo.
Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn III.
Airteagal 57
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1139
Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1139 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
|
(3) |
in Airteagal 41, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: ‘3a. Féadfaidh an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bheith faoi réir coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha, comhréireacha, trédhearcacha a bhfuil bonn cirt oibiachtúil leo. Féadfaidh na coinníollacha seo a bheith bainteach, mar is iomchuí, leis an méid seo a leanas:
|
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 43: ‘Airteagal 43 Gníomhartha cur chun feidhme a mhéid a bhaineann le soláthraithe BAT/SAL agus le haghaidh eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh, le táirgeadh nó le cothabháil córas BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL 1. Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 40 a áirithiú, d’fhonn BAT/SAL dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 2(1) a sholáthar, glacfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos forálacha mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas:
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3). 2. Leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1, tabharfar aird chuí ar Mháistirphlean Eorpach BAT. 3. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh, áiritheoidh an Coimisiún go mbeifear i gcomhréir leis na riachtanais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 40 den Rialachán seo agus cuirfidh sé na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais mholta san áireamh go hiomchuí, go háirithe na cinn a leagtar amach in Iarscríbhinní 2 go 4, 10, 11 agus 15 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.’ |
|
(5) |
leasaítear Airteagal 62 mar a leanas:
|
|
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 93: ‘Airteagal 93 Cur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair Déanfaidh an Ghníomhaireacht, laistigh dá réimse inniúlachta féin agus arna iarraidh sin, cúnamh teicniúil a sholáthar don Choimisiún, i gcur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair, go háirithe tríd an méid seo a leanas:
|
|
(7) |
leasaítear Iarscríbhinn VIII mar a leanas:
|
Airteagal 58
Forálacha idirthréimhseacha
1. Beidh feidhm ag Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus Airteagal 12(3) de Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 go dtí an 2 Nollaig 2026.
2. Leanfaidh an Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta a ainmnítear faoi Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 dá fheidhmeanna a fheidhmiú go dtí an 2 Meitheamh 2025.
3. Maidir le hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, seachas mír 2 den Airteagal sin, agus Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin, beidh feidhm acu fós chun críoch cur chun feidhme scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe a bhaineann leis an tríú agus an ceathrú tréimhse thagartha.
4. Beidh feidhm ag Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/709 (23) ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2019 go dtí deireadh an cheathrú tréimhse thagartha nó go dtí go nglacfar gníomh cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 38(3) den Rialachán seo, cibé acu is luaithe.
5. Beidh feidhm ag Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 go dtí an 2 Nollaig 2026.
Airteagal 59
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagail 4(3), 4(5) agus 36(3), áfach, ón 2 Nollaig 2026.
Beidh feidhm ag Airteagail 13 go 16 6 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Beidh feidhm ag Airteagail 21 go 34 ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun críocha chur chun feidhme na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe a bhaineann leis an gcúigiú tréimhse thagartha agus le tréimhsí tagartha ina dhiaidh sin.
Beidh feidhm ag Airteagal 53 ón 2 Nollaig 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 23 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
ZSIGMOND B. P.
(1) Tuairim an 2 Nollaig 2020 (IO C 56, 16.2.2021, lch. 53).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2014 (IO C 378, 9.11.2017, lch. 546) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 26 Meán Fómhair 2024 an 22 Deireadh Fómhair 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun an t-aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (IO L 96, 31.3.2004, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán soláthair seirbhíse) (IO L 96, 31.3.2004, lch. 10).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid aerspáis san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán aerspáis) (IO L 96, 31.3.2004, lch. 20).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le hidir-inoibritheacht an ghréasáin Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta (an Rialachán idir-inoibritheachta) (IO L 96, 31.3.2004, lch. 26).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 d’fhonn feidhmíocht agus inbhuanaitheacht chóras eitlíochta na hEorpa a fheabhsú (IO L 300, 14.11.2009, lch. 34).
(8) Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).
(9) Cinneadh (AE) 2023/2109 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2023 lena mbunaítear grúpa saineolaithe de chuid an Choimisiún um ghné chearta an duine den aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Cinneadh C(2017) 7518 (IO L, 2023/2109, 12.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2109/oj).
(10) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 (an Dlí Aeráide Eorpach) agus (AE) 2018/1999 (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(11) IO L 96, 31.3.2004, lch. 9.
(12) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE, (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(13) Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
(14) Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1968/259(1)/oj).
(15) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/116 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2021 maidir le bunú Chomhthionscadal a hAon lena dtacaítear le cur chun feidhme an Mháistirphlean Eorpach um Bainistíocht Aerthráchta dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2014 ón gCoimisiún (IO L 36, 2.2.2021, p. 10).
(16) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(17) Cinneadh 98/500/CE ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 1998 lena mbunaítear Coistí um Idirphlé Earnála agus lena gcuirtear an tIdirphlé idir na comhpháirtithe sóisialta chun cinn ar an leibhéal Eorpach (ar tugadh fógra ina leith faoi uimhir doiciméid C(1998) 2334) (IO L 225, 12.8.1998, lch. 27).
(18) Cinneadh 2009/320/CE ón gComhairle an 30 Márta 2009 lena bhformhuinítear an Máistirphlean Eorpach um Bainistíocht Aerthráchta de chuid thionscadal Thaighde BAT Aerspáis Aonair Eorpaigh (SESAR) (IO L 95, 9.4.2009, lch. 41)
(19) Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).
(20) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE, (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(21) Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
(22) Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí a tharraingt suas a bheidh faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal agus maidir le paisinéirí aeriompair a chur ar an eolas faoi chéannacht an aeriompróra oibríochta, agus lena n-aisghairtear Airteagal 9 de Threoir 2004/36/CE (49) (IO L 344, 27.12.2005, lch. 15).
(23) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/709 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2019 maidir leis amBainisteoir Líonra a cheapadh le haghaidh feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta (BAT) an aerspáis Eorpaigh aonair, (IO L 120, 8.5.2019, lch. 27)
IARSCRÍBHINN I
Rialacháin aisghairthe agus an leasú a rinneadh orthu
|
Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle |
|
|
Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle |
|
|
Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle |
|
|
Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle |
Airteagail 1, 2 agus 3 amháin |
IARSCRÍBHINN II
Tábla comhghaoil
|
Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 |
Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 |
Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1(1) go (3) |
|
|
Airteagal 1(1) go (3) |
|
— |
|
|
Airteagal 1(4) |
|
Airteagal 1(4) |
|
|
— |
|
Airteagal 2, pointe 1(a) agus (b) |
|
|
Airteagal 2, pointe 6(a) agus (b) |
|
— |
|
|
Airteagal 2, pointe 7 |
|
Airteagal 2, pointe 2 |
|
|
Airteagal 2, pointe 1 |
|
Airteagal 2, pointe 3 |
|
|
Airteagal 2, pointe 2 |
|
— |
|
|
Airteagal 2, pointe 3 |
|
Airteagal 2, pointe 4 |
|
|
Airteagal 2, pointe 5 |
|
Airteagal 2, pointe 5 |
|
|
Airteagal 2, pointe 4 |
|
Airteagal 2, pointe 6 |
|
|
Airteagal 2, pointe 11 |
|
Airteagal 2, pointe 7 |
|
|
Airteagal 2, pointe 12 |
|
— |
|
|
Airteagal 2, pointe 13 |
|
Airteagal 2, pointe 8 |
|
|
Airteagal 2, pointe 14 |
|
Airteagal 2, pointe 9 |
|
|
Airteagal 2, pointe 8 |
|
Airteagal 2, pointe 10 |
|
|
Airteagal 2, pointe 9 |
|
Airteagal 2, pointe 11 |
|
|
Airteagal 2, pointe 10 |
|
Airteagal 2, pointe 12 |
|
|
Airteagal 2, pointe 17 |
|
— |
|
|
Airteagal 2, pointí 18 go 20 |
|
Airteagal 2, pointe 13 |
|
|
Airteagal 2, pointe 16 |
|
Airteagal 2, pointe 13a |
|
|
Airteagal 2, pointe 36 |
|
Airteagal 2, pointe 14 |
|
|
— |
|
Airteagal 2, pointe 15 |
|
|
Airteagal 2, pointe 21 |
|
— |
|
|
Airteagal 2, pointí 22 go 25 |
|
Airteagal 2, pointe 16 |
|
|
Airteagal 2, pointe 26 |
|
Airteagal 2, pointe 17 |
|
|
Airteagal 2, pointe 35 |
|
Airteagal 2, pointe 18 |
|
|
— |
|
Airteagal 2, pointe 19 |
|
|
Airteagal 2, pointe 27 |
|
— |
|
|
Airteagal 2, pointí 28 agus 29 |
|
Airteagal 2, pointe 20 |
|
|
Airteagal 2, pointe 34 |
|
Airteagal 2, pointe 22 |
|
|
Airteagal 2, pointe 37 |
|
Airteagal 2, pointe 23 |
|
|
— |
|
Airteagal 2, pointe 23a |
|
|
Airteagal 2, pointe 38 |
|
— |
|
|
Airteagal 2, pointe 39 |
|
Airteagal 2, pointe 23b |
|
|
Airteagal 2, pointe 15 |
|
Airteagal 2, pointí 24 agus 25 |
|
|
— |
|
Airteagal 2, pointe 26 |
|
|
Airteagal 2, pointe 40 |
|
— |
|
|
Airteagal 2, pointí 41 agus 42 |
|
Airteagal 2, pointe 27 |
|
|
— |
|
Airteagal 2, pointe 28 |
|
|
Airteagal 2, pointe 43 |
|
Airteagal 2, pointe 29 |
|
|
Airteagal 2, pointe 44 |
|
— |
|
|
Airteagal 2, pointí 45 agus 46 |
|
Airteagal 2, pointe 30 |
|
|
Airteagal 2, pointe 47 |
|
— |
|
|
Airteagal 2, pointí 48 go 52 |
|
Airteagal 2, pointe 31 |
|
|
Airteagal 2, pointe 53 |
|
— |
|
|
Airteagal 2, pointí 54 agus 55 |
|
Airteagal 2, pointe 32 |
|
|
— |
|
Airteagal 2, pointe 33 |
|
|
Airteagal 2, pointe 56 |
|
Airteagal 2, pointe 34 |
|
|
Airteagal 2, pointe 57 |
|
— |
|
|
Airteagal 2, pointí 58 go 62 |
|
Airteagal 2, pointí 35 agus 36 |
|
|
— |
|
Airteagal 2, pointe 38 |
|
|
Airteagal 2, pointe 63 |
|
Airteagal 2, pointe 39 |
|
|
Airteagal 2, pointe 64 |
|
— |
|
|
Airteagal 2, pointe 65 |
|
Airteagal 2, pointe 40 |
|
|
Airteagal 2, pointe 66 |
|
— |
|
|
Airteagal 2, pointe 67 agus Airteagal 3 |
|
Airteagal 2, pointe 41 |
|
|
Airteagal 2, pointe 30 |
|
— |
|
|
Airteagal 2, pointí 31 go 33 |
|
Airteagal 3 |
|
|
— |
|
Airteagal 4(1) |
|
|
Airteagal 4(1) |
|
Airteagal 4(2) |
|
|
Airteagal 4(3) agus (4) |
|
Airteagal 4(3) an chéad abairt |
|
|
Airteagal 4(2) |
|
Airteagal 4(3) an dara habairt |
|
|
Airteagal 4(5) |
|
— |
|
|
Airteagal 4(6) |
|
Airteagal 4(4) |
|
|
Airteagal 4(7) |
|
Airteagal 4(5) |
|
|
Airteagal 4(8) |
|
— |
|
|
Airteagail 5 go 12 |
|
Airteagal 5(1) |
|
|
Airteagal 48(1) |
|
Airteagal 5(2) |
|
|
Airteagal 48(2) |
|
Airteagal 5(3) |
|
|
Airteagal 48(3) |
|
— |
|
|
Airteagal 48(4) |
|
Airteagal 5(4) agus (5) agus Airteagal 6 |
|
|
— |
|
Airteagal 7 |
|
|
Airteagal 50 |
|
Airteagal 8(1) |
|
|
Airteagal 51 |
|
— |
|
|
Airteagal 52 |
|
Airteagal 8(2) |
|
|
— |
|
Airteagal 9 |
|
|
Airteagal 53 |
|
Airteagal 10(1) |
|
|
Airteagal 49(1) |
|
Airteagal 10(2) |
|
|
Airteagal 49(2) |
|
Airteagal 10(3) |
|
|
Airteagal 49(3) |
|
Airteagal 11(1) an chéad abairt |
|
|
Airteagal 21(1) |
|
— |
|
|
Airteagal 21(2) |
|
Airteagal 11(1), pointí (a) go (c) |
|
|
Airteagal 21(3), pointí (a) go (d) |
|
Airteagal 11(2) |
|
|
Airteagal 13 |
|
— |
|
|
Airteagail 14 go 20 |
|
Airteagal 11(3), pointe (a) |
|
|
Airteagal 22 |
|
Airteagal 11(3), pointe (b) |
|
|
Airteagal 21(3) pointe (c), Airteagal 23 |
|
Airteagal 11(3), pointe (c) |
|
|
Airteagal 24 |
|
— |
|
|
Airteagal 25(1) agus (2) |
|
Airteagal 11(3) pointe (d), an chéad abairt agus an tríú habairt |
|
|
Airteagal 21(3) an chéad abairt |
|
Airteagal 11(3), pointe (d), an dara habairt |
|
|
Airteagal 25(3) |
|
Airteagal 11(3), pointe (e) |
|
|
Airteagal 25(4) |
|
— |
|
|
Airteagail 26 agus 27 |
|
Airteagal 11(4), pointe (a) |
|
|
Airteagal 21(4), pointe (a) |
|
— |
|
|
Airteagal 21(4), pointí (b) go (e) |
|
Airteagal 11(4), pointe (b) agus (c) |
|
|
— |
|
Airteagal 11(4), pointe (d) |
|
|
Airteagal 21(4), pointe (f) |
|
Airteagal 11(4), pointe (e) |
|
|
Airteagal 21(4), pointe (g) |
|
— |
|
|
Airteagal 21(4), an chéad fhomhír pointí (h) go (m), agus an dara agus an tríú fomhír, Airteagal 21(5) agus (6) |
|
Airteagal 11(4), an dara fomhír |
|
|
Airteagal 28 |
|
Airteagal 11(5) |
|
|
Airteagal 21(7) |
|
Airteagal 11(6) |
|
|
Airteagal 28 |
|
— |
|
|
Airteagail 29 go 47 |
|
Airteagal 12(1), an chéad abairt go dtí ‘in Airteagal 3,’ agus an abairt dheireanach |
|
|
Airteagal 54(1) |
|
Airteagal 12(2), cuid den chéad abairt dar tús ‘agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa ar dtús’ |
|
|
Airteagal 54(2) |
|
Airteagal 12(3) agus (4) |
|
|
— |
|
Airteagal 13 |
|
|
Airteagal 55 |
|
— |
|
|
Airteagail 56 go 58 |
|
Airteagal 13a |
|
|
— |
|
Airteagal 14 |
|
|
Airteagal 59 |
|
|
Airteagal 1 |
|
Airteagal 1(1) |
|
|
— |
|
Airteagal 1(2) go (4) |
|
|
— |
|
Airteagal 2 |
|
|
Airteagal 2(1) |
|
Airteagal 5(1) |
|
|
Airteagal 2(2) |
|
Airteagal 5(2) |
|
|
— |
|
Airteagal 5(3) |
|
|
— |
|
Airteagal 6(1) |
|
|
Airteagal 2(3) |
|
Airteagal 6(3) |
|
|
Airteagal 2(4) |
|
Airteagal 6(2) |
|
|
Airteagal 2(5) |
|
Airteagal 6(4) |
|
|
Airteagal 2(6) |
|
Airteagal 6(5) |
|
|
— |
|
Airteagal 6(6) |
|
|
Airteagail 3 go 6 |
|
— |
|
|
Airteagal 7(1), an chéad abairt 7(3), 7(4) an chéad abairt agus 7(6) agus 7(8) |
|
Airteagal 7(1), Airteagal 57, pointe (7)(c) agus (d) |
|
|
Airteagal 7(2) |
|
Airteagal 7(2) |
|
|
Airteagal 7(3) an dara habairt agus an tríú habairt |
|
— |
|
|
Airteagal 7(4), an dara habairt agus an tríú habairt |
|
Airteagal 57, pointí (3) agus (4) |
|
|
— |
|
Airteagal 57, pointí (5), (6), 7(a) agus (b) |
|
|
Airteagal 7(5) |
|
Airteagal 7(4) |
|
|
Airteagal 7(7) |
|
Airteagail 5(2), an dara fomhír, Airteagal 7(3) |
|
|
Airteagal 7(9) |
|
— |
|
|
Airteagal 8(1) go dtí ‘soláthraí seirbhísí aerthráchta’ |
|
Airteagal 8(1) an chéad abairt agus an dara habairt |
|
|
Airteagal 8(1) an dara habairt, amhail ó ‘deimhniú bailí a shealbhú’ |
|
Airteagal 8(2), an chéad fhomhír, pointe (a) |
|
|
— |
|
Airteagal 8(2), an chéad fhomhír, pointí (b) go (d) agus an dara fomhír |
|
|
Airteagal 8(2) |
|
Airteagal 8(3) |
|
|
Airteagal 8(3) |
|
Airteagal 8(4) |
|
|
— |
|
Airteagal 8(5) |
|
|
Airteagal 8(4) |
|
Airteagal 8(1), an tríú habairt |
|
|
Airteagal 8(5) |
|
— |
|
|
Airteagal 8(6) |
|
Airteagal 8(6) |
|
|
Airteagal 9 |
|
Airteagal 10 |
|
|
Airteagal 9a |
|
Airteagal 3 |
|
|
— |
|
Airteagal 4 |
|
|
Airteagal 9b |
|
— |
|
|
Airteagal 10 |
|
Airteagal 9 |
|
|
— |
|
Airteagail 11 go 28 |
|
|
Airteagal 11 |
|
Airteagal 41 |
|
|
Airteagal 12(1) |
|
Airteagal 36(1) |
|
|
Airteagal 12(2) |
|
Airteagal 36(1) |
|
|
Airteagal 12(3) |
|
Airteagal 36(3) |
|
|
— |
|
Airteagal 36(4) |
|
|
— |
|
Airteagail 37 go 40 |
|
|
Airteagal 12(4) |
|
Airteagal 36(2) |
|
|
Airteagal 12(5) |
|
— |
|
|
Airteagal 13(1) |
|
Airteagal 42(1) |
|
|
Airteagal 13(2) |
|
Airteagal 42(1) agus (3) |
|
|
— |
|
Airteagal 42(2) |
|
|
Airteagal 13(3) |
|
Airteagal 42(4) |
|
|
— |
|
Airteagail 43 go 46 |
|
|
Airteagal 14 |
|
Airteagal 29(1) agus (4) |
|
|
— |
|
Airteagal 29(2) |
|
|
Airteagal 15(1) |
|
Airteagal 29(3) |
|
|
— |
|
Airteagal 29(5) |
|
|
Airteagal 15(2) pointe (a) |
|
Airteagal 30(1) agus (2) |
|
|
Airteagal 15(2), pointe (b), an chéad abairt |
|
Airteagal 30(2) |
|
|
Airteagal 15(2), pointe (b), an dara habairt |
|
Airteagal 30(3) |
|
|
Airteagal 15(2), pointe (b), an tríú habairt |
|
Airteagal 30(4) |
|
|
Airteagal 15(2) pointe (c) |
|
— |
|
|
Airteagal 15(2) pointe (d) |
|
Airteagal 30(6) |
|
|
Airteagal 15(2) pointe (e) |
|
Airteagal 30(5) |
|
|
Airteagal 15(2) pointe (f) |
|
Airteagal 29(6) agus Airteagal 33 |
|
|
Airteagal 15(3) pointe (a) |
|
Airteagal 32(1) |
|
|
— |
|
Airteagal 32(2) agus (3) |
|
|
Airteagal 15(3) pointe (b) |
|
Airteagal 32(4) |
|
|
Airteagal 15(3) pointe (c) |
|
Airteagal 31(1) |
|
|
— |
|
Airteagal 31(2), (3), agus 4 |
|
|
Airteagal 15(3) pointe (d) |
|
Airteagal 29(3), an dara habairt |
|
|
Airteagal 15(3) pointe (e) |
|
Airteagal 29(3) an chéad abairt, 30(2) agus 32(1) |
|
|
Airteagal 15(3) pointe (f) an chéad abairt |
|
Airteagal 29(4) |
|
|
Airteagal 15(3) pointe (f) an dara habairt |
|
Airteagal 32(5) go (8) |
|
|
Airteagal 15(4) |
|
Airteagal 33 |
|
|
Airteagal 15a(1) agus (3) an chéad abairt |
|
Airteagal 47(1) agus (4) |
|
|
Airteagal 15a(2) |
|
Airteagal 47(2) agus (4) |
|
|
— |
|
Airteagail 48 go 51 |
|
|
Airteagal 15a(3), an dara habairt agus an tríú habairt |
|
Airteagal 47(3) |
|
|
Airteagal 15a(3) an ceathrú habairt |
|
— |
|
|
Airteagal 16(1) |
|
Airteagal 34(1) |
|
|
Airteagal 16(2) agus (3) an chéad abairt |
|
Airteagal 34(2) agus (3) |
|
|
— |
|
Airteagal 35 |
|
|
Airteagal 16(3), an dara habairt agus an tríú habairt |
|
— |
|
|
Airteagal 17 |
|
— |
|
|
Airteagal 18(1) |
|
Airteagal 52(1) |
|
|
Airteagal 18(2) |
|
Airteagal 52(2) |
|
|
Airteagal 18(3) |
|
Airteagal 52(3) |
|
|
— |
|
Airteagail 53 go 57 pointe (2) |
|
|
Airteagal 18a |
|
— |
|
|
Airteagal 19 |
|
Airteagal 59 |
|
|
Iarscríbhinn I |
|
— |
|
|
Iarscríbhinn II |
|
Airteagal 57, pointe (3) |
|
|
— |
|
Airteagal 57 pointí (4) go (7) agus Airteagal 58 |
|
|
|
Airteagal 1(1) |
Airteagal 1(1) |
|
|
|
Airteagal 1(2) |
Airteagal 1(1) |
|
|
|
— |
Airteagal 1(2) agus (3) |
|
|
|
Airteagal 1(3) |
Airteagal 1(4) |
|
|
|
— |
Airteagail 2 go 36 |
|
|
|
Airteagail 1(4) agus 3 |
— |
|
|
|
Airteagal 3a |
Airteagal 43 |
|
|
|
Airteagal 4, pointe (a) |
— |
|
|
|
Airteagal 4, pointe (b) |
Airteagal 44 |
|
|
|
Airteagal 6(1) |
Airteagal 37(1) |
|
|
|
Airteagal 6(2), an chéad fhomhír |
Airteagal 37(2) |
|
|
|
— |
Airteagal 37(3) |
|
|
|
Airteagal 6(2), an dara fomhír |
Airteagal 37(4) |
|
|
|
Airteagal 6(2), an tríú fomhír, an chéad abairt |
Airteagal 38(2) go (4) |
|
|
|
Airteagal 6(2), an tríú fomhír, an dara habairt agus an tríú habairt |
Airteagal 38(5) |
|
|
|
— |
Airteagal 38(6) go (9) |
|
|
|
Airteagal 6(3) |
— |
|
|
|
Airteagal 6(4) |
Airteagail 37(5), 38(10) agus (13) |
|
|
|
— |
Airteagal 38(1), (11) agus (12), (14) agus (15) |
|
|
|
Airteagal 6(5) |
Airteagal 38(16) |
|
|
|
— |
Airteagail 39 go 42 |
|
|
|
Airteagal 6(6) |
Airteagal 37(2) pointe (b) |
|
|
|
Airteagal 6(7) agus (8) |
Airteagal 37(5) agus Airteagal 38(10) |
|
|
|
Airteagal 6(9) |
— |
|
|
|
Airteagal 7(1) |
Airteagal 45(1) |
|
|
|
Airteagal 7(2) |
Airteagal 45(2) |
|
|
|
Airteagal 7(3) |
Airteagal 45(3) |
|
|
|
Airteagal 8 |
Airteagal 45(4) |
|
|
|
— |
Airteagail 46 go 58 |
|
|
|
Airteagal 10 |
— |
|
|
|
Airteagal 11 |
Airteagal 59 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2803/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)