This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R2726
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/2726 of 24 October 2024 extending a derogation from Council Regulation (EC) No 1967/2006 as regards the minimum distance from the coast and the minimum sea depth for boat seines fishing for sand eel (Gymnammodytes cicerelus and G. semisquamatus) and gobies (Aphia minuta and Crystalogobius linearis) in certain territorial waters of Spain (Catalonia)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2726 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2024 lena gcuirtear síneadh le maolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara maidir le saighní báid lena ndéantar iascaireacht ar an gcorr gainimh (Gymnammodytes cicerelus agus G. semisquamatus) agus ar an mac siobháin trédhearcach (Aphia minuta agus Crystalogobius linearis) in uiscí teorann áirithe de chuid na Spáinne (an Chatalóin)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2726 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2024 lena gcuirtear síneadh le maolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara maidir le saighní báid lena ndéantar iascaireacht ar an gcorr gainimh (Gymnammodytes cicerelus agus G. semisquamatus) agus ar an mac siobháin trédhearcach (Aphia minuta agus Crystalogobius linearis) in uiscí teorann áirithe de chuid na Spáinne (an Chatalóin)
C/2024/7367
IO L, 2024/2726, 25.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2726/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2726 |
25.10.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2726 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Deireadh Fómhair 2024
lena gcuirtear síneadh le maolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara maidir le saighní báid lena ndéantar iascaireacht ar an gcorr gainimh (Gymnammodytes cicerelus agus G. semisquamatus) agus ar an mac siobháin trédhearcach (Aphia minuta agus Crystalogobius linearis) in uiscí teorann áirithe de chuid na Spáinne (an Chatalóin)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 6 Bealtaine 2014 ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 464/2014 (2) lena mbunaítear den chéad uair maolú ar Airteagal 13(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 go dtí an 8 Bealtaine 2017 a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara maidir le saighní báid lena ndéantar iascaireacht ar an gcorr gainimh (Gymnammodytes cicerelus agus G. semisquamatus) agus ar an mac siobháin trédhearcach (Aphia minuta agus Crystalogobius linearis) in uiscí teorann áirithe de chuid na Spáinne (an Chatalóin). Deonaíodh an chéad athnuachan ar an maolú sin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/922 ón gCoimisiún (3), a chuaigh in éag an 2 Iúil 2021. Deonaíodh an dara hathnuachan ar an maolú sin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1713 ón gCoimisiún (4), a chuaigh in éag an 2 Iúil 2024. |
|
(2) |
An 5 Márta 2024 fuair an Coimisiún iarraidh ón Spáinn síneadh a chur leis an maolú sin, maidir le húsáid saighní báid chun iascaireacht a dhéanamh ar chorra gainimh (Gymnammodytes cicerelus agus G. semisquamatus) agus mic shiobháin (Aphia minuta agus Crystalogobius linearis) laistigh dá huiscí teorann i réigiún na Catalóine. |
|
(3) |
Chuir an Spáinn faisnéis réasúnaithe theicniúil agus eolaíochta a bhí cothrom le dáta ar fáil le haghaidh an mhaolaithe. |
|
(4) |
Ghlac an Spáinn an plean bainistíochta (5) i gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 (‘Plean bainistíochta na Spáinne’) an 20 Iúil 2021. |
|
(5) |
Cumhdaítear leis an iarratas soithí a chláraítear ar an liosta soithí údaraithe a bhainistíonn Comhphobal Uathrialach na Catalóine ag a bhfuil cuntas teiste san iascach ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana agus a fheidhmíonn faoi phlean bainistíochta na Spáinne. |
|
(6) |
San iarratas, cuirtear san áireamh 26 shoitheach, atá níos giorra ná 10 m ar fad san iomlán agus ag a bhfuil inneall de chumhacht níos laige ná 75 kW, agus ráthaítear sa phlean bainistíochta nach dtiocfaidh méadú ar an iarracht iascaireachta amach anseo, ós rud é nach n-eisítear údaruithe iascaireachta ach do na 26 shoitheach shonraithe. |
|
(7) |
Tá na soithí sin ina gcuid de liosta a cuireadh in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 13(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. |
|
(8) |
Rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (‘CETEI’) measúnú ar an síneadh leis an maolú a d’iarr an Spáinn agus ar dhréachtphlean bainistíochta na Spáinne a bhaineann leis an maolú sin ag an seisiún iomlánach a bhí aige ón 8 Iúil go dtí an 12 Iúil 2024 (6). |
|
(9) |
Thug CETEI dá aire go bhfuil gnéithe oiriúnacha i bplean bainistíochta na Spáinne chun faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí lena mbaineann agus go gcomhlíontar na coinníollacha chun an maolú a dheonú. Tháinig CETEI ar an gconclúid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le maoluithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, Airteagail 9 agus 13, maidir le mogallmhéid íosta, fad ón gcósta, agus doimhneacht íosta in uiscí na Spáinne (an Chatalóin) a dheonú. |
|
(10) |
Comhlíonann an maolú a d’iarr an Spáinn na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 13(5) agus (9) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. |
|
(11) |
An maolú a d’iarr an Spáinn, déanann sé difear do líon teoranta soitheach agus tá srianta sonracha tíreolaíochta ann, i bhfianaise mhéid teoranta na scairbhe ilchríochaí agus dháileadh spásúil an spriocspeicis, rud a chuireann teorainn leis na meánna. |
|
(12) |
Ní féidir tabhairt faoin iascach le trealaimh eile ós rud é nach bhfuil na saintréithe teicniúla is gá chun an cineál sin iascaireachta a dhéanamh ach ag saighní báid. |
|
(13) |
Thairis sin, níl aon tionchar suntasach ag an iascach ar an muirthimpeallacht, ós rud é gur trealamh an-roghnaíoch iad na saighní báid agus nach mbíonn siad i dteagmháil le grinneall na farraige. |
|
(14) |
Comhlíonann na gníomhaíochtaí iascaireachta lena mbaineann ceanglais Airteagal 4(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, ós rud é go dtoirmisctear go sainráite i bplean bainistíochta gaolmhar na Spáinne iascaireacht a dhéanamh i ngnáthóga faoi chosaint. |
|
(15) |
Níl feidhm ag ceanglais Airteagal 8(1), pointe (h), de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, arna ionadú le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le hIarscríbhinn IX, Cuid B, roinn I, a ghabhann leis (7), ós rud é go mbaineann siad le trálaeir. |
|
(16) |
D’údaraigh an Spáinn maolú ar an mogallmhéid íosta a bunaíodh in Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ar bhonn chomhlíonadh cheanglais Airteagal 9(7) den Rialachán sin i bhfianaise chineál an-roghnaíoch na n-iascach lena mbaineann, i bhfianaise na héifeachta diomaibhsí atá aige sin ar an muirthimpeallacht agus toisc nach ndéanann forálacha Airteagal 4(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 difear dó. |
|
(17) |
Scriosadh Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 le Rialachán (AE) 2019/1241. Mar sin féin, i gcomhréir le hIarscríbhinn IX, Cuid B, pointe 4, a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241, is féidir le maoluithe ó mhogallmhéideanna íosta arna nglacadh ar bhonn Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, a bhí i bhfeidhm an 14 Lúnasa 2019, leanúint d’fheidhm a bheith acu, ar choinníoll nach mbeidh méadú ar ghabhálacha iasc óg mar thoradh orthu. An síneadh ar an maolú a d’iarr an Spáinn, comhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 15(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 agus in Iarscríbhinn IX, Cuid B, pointe 4, a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241, toisc nach dtagann meath ar na caighdeáin roghnaíochta de dheasca an tsínidh sin, go háirithe i dtéarmaí méadú ar ghabhálacha iasc óg, a bhí ann an 14 Lúnasa 2019, agus dírítear leis ar na cuspóirí agus na spriocanna a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4 den Rialachán sin a bhaint amach. |
|
(18) |
Bíonn na gníomhaíochtaí iascaireachta lena mbaineann ar siúl ag fad an-ghearr ón gcósta in uiscí éadoimhne laistigh de bhanda cósta 3 mhuirmhíle agus, dá bhrí sin, ní chuireann siad isteach ar ghníomhaíochtaí soithí eile. |
|
(19) |
Déantar gníomhaíocht na saighní báid a rialú i bplean bainistíochta na Spáinne chun a áirithiú gur fíorbheag iad gabhálacha na speiceas, seachas débhlaoscaigh, a luaitear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241. |
|
(20) |
Tá saighní báid an-roghnaíoch agus ní dhíríonn siad ar cheifealapóid. |
|
(21) |
Le plean bainistíochta na Spáinne, áirítear bearta maidir le faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 13(9), an tríú fomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. |
|
(22) |
Comhlíonann na gníomhaíochtaí iascaireachta lena mbaineann ceanglais Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (8). |
|
(23) |
Dá bhrí sin, ba cheart síneadh a chur leis an maolú a iarradh ar feadh tréimhse 2 bhliain. |
|
(24) |
Ba cheart don Spáinn tuairisciú don Choimisiún i dtráth cuí agus i gcomhréir leis an bplean faireacháin dá bhforáiltear i bplean bainistíochta na Spáinne. |
|
(25) |
Ba cheart teorannú a thabhairt isteach maidir le fad an mhaolaithe chun ligean do chur i bhfeidhm tapa bearta bainistithe ceartaitheacha i gcás ina léireofar drochstádas caomhantais na stoc saothraithe sa tuarascáil chuig an gCoimisiún, agus leis sin an bunús eolaíoch a fheabhsú chun plean bainistithe feabhsaithe a chur ar fáil. |
|
(26) |
Ós rud é go ndeachaigh an maolú a deonaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2021/1713 in éag an 2 Iúil 2024, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo le héifeacht ón 3 Iúil 2024 chun leanúnachas dlíthiúil a áirithiú. |
|
(27) |
Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne. |
|
(28) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Iascach agus Dobharshaothrú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maolú
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 in uiscí suas le 3 mhuirmhíle ó bhonnlínte atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse na Spáinne cóngarach do chósta réigiún na Catalóine maidir leis na saighní báid a úsáidtear chun corr ghainimh (Gymnammodytes cicerelus agus G. semisquamatus) agus mic shiobháin (Aphia minuta agus Crystalogobius linearis) a iascach, ar choinníoll:
|
(a) |
go bhfuil na soithí sin cláraithe ar an liosta soithí údaraithe a bhainistíonn Comhphobal Uathrialach na Catalóine; |
|
(b) |
go bhfuil cuntas teiste san iascach ag na soithí ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana agus nach mbeidh aon mhéadú eile ar an iarracht iascaireachta a cuireadh in úsáid i gceist leo; agus |
|
(c) |
go bhfuil údarú iascaireachta ag na soithí agus go bhfeidhmíonn siad faoin bplean bainistíochta a ghlac an Spáinn i gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. |
Airteagal 2
Plean faireacháin agus tuairisciú
Cuirfidh an Spáinn tuarascáil arna tarraingt suas i gcomhréir leis an bplean faireacháin a bunaíodh i bplean bainistíochta na Spáinne dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (c), in iúl don Choimisiún laistigh de 1 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus an tréimhse cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 3 Iúil 2024 go dtí an 2 Iúil 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit uile.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 409, 30.12.2006, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1967/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 464/2014 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2014 lena maolaítear ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara maidir le saighní báid lena ndéantar iascaireacht ar an gcorr gainimh (Gymnammodytes cicerelus agus G. semisquamatus) agus ar an mac siobháin trédhearcach (Aphia minuta agus Crystalogobius linearis) in uiscí teorann áirithe de chuid na Spáinne (an Chatalóin) (IO L 134, 7.5.2014, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/464/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/922 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2018 lena maolaítear ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara maidir le saighní báid lena ndéantar iascaireacht ar an gcorr gainimh (Gymnammodytes cicerelus agus G. semisquamatus) agus ar an mac siobháin trédhearcach (Aphia minuta agus Crystalogobius linearis) in uiscí teorann áirithe de chuid na Spáinne (an Chatalóin) (IO L 164, 29.6.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/922/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1713 ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2021 lena gcuirtear síneadh le maolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara maidir le saighní báid lena ndéantar iascaireacht ar an gcorr gainimh (Gymnammodytes cicerelus agus G. semisquamatus) agus ar an mac siobháin trédhearcach (Aphia minuta agus Crystalogobius linearis) in uiscí teorann áirithe de chuid na Spáinne (an Chatalóin) (IO L 342, 27.9.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1713/oj).
(5) Plan de gestión de la modalidad de la sonsera en el litoral catalán (2021-2026) a foilsíodh in ORDEN ACC/155/2021, an 20 Iúil. Diari Oficial de la Generalitat de Catalunya. Núm. 8463, 22.7.2021.
(6) CETEI PLEN 24-02: https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/d/stecf/stecf-plen-24-02.
(7) Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32019R1241).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008 agus (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1224/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2726/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)