This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R2637
Commission Delegated Regulation (EU) 2024/2637 of 30 July 2024 amending Delegated Regulation (EU) 2020/760 as regards the rules on the reference quantity for groups of tariff quotas in the poultry sector
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2637 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir leis an gcainníocht tagartha le haghaidh grúpaí taraif-chuótaí san earnáil éanlaithe clóis
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2637 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir leis an gcainníocht tagartha le haghaidh grúpaí taraif-chuótaí san earnáil éanlaithe clóis
C/2024/5321
IO L, 2024/2637, 4.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2637/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2637 |
4.10.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/2637 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Iúil 2024
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir leis an gcainníocht tagartha le haghaidh grúpaí taraif-chuótaí san earnáil éanlaithe clóis
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 186 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 ón gCoimisiún (2), déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le riar taraif-chuótaí ar allmhairí agus onnmhairí le haghaidh táirgí talmhaíochta atá faoi réir ceadúnas. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 9(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760, ní fhéadfaidh oibreoirí iarratais ar cheadúnais a chur isteach faoi tharaif-chuóta ar leith ach amháin le haghaidh cainníocht theoranta, arna ríomh ar bhonn na gcainníochtaí a d’allmhairigh siad san am a chuaigh thart (‘cainníocht tagartha’). Foráiltear le hAirteagal 9(2) den Rialachán Tarmligthe sin go gcumhdófar leis an gcainníocht tagartha táirgí a scaoiltear i saorchúrsaíocht san Aontas agus a thagann faoin uimhir taraif-chuóta chéanna agus ar den tionscnamh céanna iad. |
|
(3) |
Le hAirteagal 9(6) agus (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760, leagtar amach maolú ar an riail go bhfuil an chainníocht tagartha le ríomh ar bhonn allmhairí táirgí ar den tionscnamh céanna iad. I gcás grúpaí áirithe taraif-chuótaí, déantar an chainníocht tagartha a ríomh go carnach le haghaidh an ghrúpa iomláin a leagtar amach san Airteagal 9 sin seachas í a ríomh le haghaidh taraif-chuóta aonair. Dá bhrí sin, féadfar cainníocht tagartha an ghrúpa sin a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnais le haghaidh aon cheann de tharaif-chuótaí an ghrúpa lena mbaineann. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, leis an maolú a leagtar amach in Airteagal 9(6) agus (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760, ceadaítear d’allmhaireoirí iarratas a dhéanamh ar na taraif-chuótaí faoi chainníocht tagartha an ghrúpa le méid áirithe solúbthachta. |
|
(5) |
Mar sin féin, d’fhéadfadh saobhadh margaidh a bheith ina thoradh ar úsáid an mhaolaithe sin, ós rud é go gcuireann forbairtí reachtacha agus margaidh a tharla le déanaí ar a gcumas do líon teoranta cuideachtaí sciartha móra de cheadúnais allmhairiúcháin a fháil faoi na taraif-chuótaí lena mbaineann. Méadaíodh an riosca sin trí dhíchur na ndleachtanna ar allmhairí ón Úcráin, dá bhforáiltear i Rialacháin (AE) 2022/870 (3), (AE) 2023/1077 (4) agus (AE) 2024/1392 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
(6) |
Chun an riosca sin maidir le saobhadh margaidh a íoslaghdú agus chun a áirithiú gur féidir le gach oibreoir leasmhar iarratas a dhéanamh ar cheadúnais allmhairiúcháin faoi na taraif-chuótaí lena mbaineann, is iomchuí taraif-chuótaí faoi shraithuimhreacha 09.4213, 09.4216 agus 09.4412 a bhaint de na grúpaí a liostaítear in Airteagal 9(6) agus (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 a leasú dá réir sin. |
|
(8) |
Chun bainistiú cuí na ngrúpaí taraif-chuótaí sin a áirithiú, agus ag cur san áireamh nach ionann na tréimhsí taraif-chuótaí lena n-aghaidh uile, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe a thugtar isteach leis an Rialachán seo ó na tréimhsí taraif-chuótaí a thosóidh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760
In Airteagal 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6 agus 7:
‘6. De mhaolú ar mhír 2, déanfar an chainníocht tagartha a ríomh trí chainníochtaí na dtáirgí a scaoiltear i saorchúrsaíocht san Aontas a charnadh, ar táirgí iad a thagann faoi gach ceann de na grúpaí seo a leanas de dhá nó trí chuóta faoi shraithuimhreacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761:
|
(a) |
09.4211, 09.4212 agus 09.4290; |
|
(b) |
09.4214 agus 09.4215; |
|
(c) |
09.4410, 09.4411 agus 09.4289. |
7. De mhaolú ar mhír 3, i gcás na dtaraif-chuótaí faoi shraithuimhreacha 09.4211, 09.4212 agus 09.4290, cainníocht iomlán na dtáirgí a chumhdaítear le hiarratais ar cheadúnais arna gcur isteach le linn na tréimhse taraif-chuótaí le haghaidh na dtrí tharaif-chuóta sin, ní mó a bheidh sí ná cainníocht iomlán tagartha an iarratasóra le haghaidh na dtaraif-chuótaí sin. Féadfaidh an t-iarratasóir rogha a dhéanamh maidir leis an mbealach a ndéantar an chainníocht a fhoroinnt i measc na dtaraif-chuótaí ar chuir an t-iarratasóir iarratais ar cheadúnais isteach ina leith. Beidh feidhm ag an riail sin freisin maidir le taraif-chuótaí faoi shraithuimhreacha 09.4214 agus 09.4215 agus sraithuimhreacha 09.4410, 09.4411 agus 09.4289.’.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ó na tréimhsí taraif-chuótaí a thosóidh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le riar taraif-chuótaí ar allmhairí agus onnmhairí atá faoi réir ceadúnas agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hurrúis a thaisceadh agus taraif-chuótaí á riar (IO L 185, 12.6.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/760/oj).
(3) Rialachán (AE) 2022/870 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle na 30 Bealtaine 2022 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 152, 3.6.2022, lch. 103, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/870/oj).
(4) Rialachán (AE) 2023/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 144, 5.6.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1077/oj).
(5) Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle na 14 Bealtaine 2024 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L, 2024/1392, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1392/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2637/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)