Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R2391

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2391 ón gCoimisiún an 10 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe, fógraí faisnéise áirithe don Choimisiún, agus doiciméid in earnáil na margaí talmhaíochta

C/2024/6286

IO L, 2024/2391, 11.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2391/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2391/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2391

11.9.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2391 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Meán Fómhair 2024

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe, fógraí faisnéise áirithe don Choimisiún, agus doiciméid in earnáil na margaí talmhaíochta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 223(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe chun faireachán cuí ar an reachtaíocht agus forfheidhmiú ceart na reachtaíochta a áirithiú. Tá sé tábhachtach, mar sin féin, na ceanglais sin a chuíchóiriú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad an cuspóir dár beartaíodh iad agus chun an t-ualach riaracháin a theorannú.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 (2) ón gCoimisiún, leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid ábhartha. Sa Rialachán Cur Chun Feidhme sin tá roinnt ceanglas tuairiscithe i réimse thrédhearcacht na margaí talmhaíochta agus bia, ar cheart iad a shimpliú dá bhrí sin, i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘hIomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’ (3).

(3)

Tá sé fíor-riachtanach cáilíocht na sonraí a bhailítear agus a scaiptear a áirithiú chun faireachán a dhéanamh ar thrédhearcacht leormhaith an mhargaidh agus chun an trédhearcacht sin a áirithiú. Dá bhrí sin, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na sonraí is gá chun na haidhmeanna sin a shaothrú.

(4)

Cé gur freagracht na mBallstát é fós na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a dtugtar fógra fúithi don Choimisiún ábhartha maidir leis an margadh lena mbaineann, agus go bhfuil sí cruinn iomlán, tá an Coimisiún le húsáid a bhaint as a shaineolas earnála chun a chinneadh céard iad na sonraí atá le foilsiú agus cén fhoirm agus leibhéal comhiomlánaithe a bhfuil siad le foilsiú.

(5)

Leasaíodh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1746 ón gCoimisiún (4) lenar tugadh isteach oibleagáidí nua ar na Ballstáit maidir le fógra a thabhairt, chun feabhas a chur ar bhailiú na sonraí staidrimh is gá chun anailís a dhéanamh ar shásraí socraithe praghsanna feadh shlabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia, chun cabhrú le hoibreoirí eacnamaíocha agus le húdaráis phoiblí roghanna níos eolasaí a dhéanamh.

(6)

Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022, leasaíodh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/791 ón gCoimisiún (5) lenar tugadh isteach oibleagáidí nua ar na Ballstáit a mhéid a bhaineann le fógra a thabhairt faoi leibhéil na stoc gránach, olashíolta agus ríse, lena n-áirítear fógra faoi tháirgeadh agus leibhéil na stoc síolta deimhnithe.

(7)

Tar éis breis agus 3 bliana de chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1746 agus bliain go leith de chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/791, dealraíonn sé gur gá forálacha áirithe de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 a shoiléiriú nó a oiriúnú chun feabhas a chur ar cháilíocht na sonraí a bhailítear agus ar éifeachtúlacht an phróisis bailithe sonraí.

(8)

Dá bhfoilseofaí figiúirí táirgthe siúcra an Aontais ar leibhéal na mBallstát le haghaidh gach Ballstáit, lena n-áirítear na Ballstáit ina bhfuil níos lú ná trí oibreoir eacnamaíocha, mhéadófaí trédhearcacht an mhargaidh trí rochtain a thabhairt d’fheirmeoirí, lena n-áirítear táirgeoirí biatas, ar an bhfaisnéis is gá dóibh chun comharthaí margaidh a léirmhíniú ar bhealach níos fearr agus chun déileáil le luaineacht mhéadaithe sa mhargadh. Laghdódh sé neamhshiméadrachtaí faisnéise freisin agus chuirfeadh sé feabhas ar staid na bhfeirmeoirí sin i gcomhthéacs na caibidlíochta a bhíonn acu le táirgeoirí siúcra maidir le conarthaí seachadta. Chun aon riosca a sheachaint i dtéarmaí rúndacht na sonraí agus i dtéarmaí saofa iomaíochta, go háirithe an riosca claonpháirteachais idir oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart na sonraí táirgthe a fhoilsiú tar éis na cinntí ábhartha a dhéanamh maidir le leibhéil táirgthe don bhliain mhargaíochta dár gcionn.

(9)

Ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar na sprioc-amanna le haghaidh na mBallstát fógra a thabhairt faoi na modheolaíochtaí a úsáidtear chun an fhaisnéis a sholáthraítear a chinneadh.

(10)

Léiríodh go bhfuil sé deacair do líon mór Ballstát praghsanna ceannaithe miondíola a bhailiú. Cé go bhfuil an fhaisnéis fós ábhartha, go háirithe i gcomhthéacs na n-agóidí a rinne feirmeoirí le déanaí agus an phlé maidir le staid na bhfeirmeoirí i slabhra an tsoláthair bia a neartú, ba cheart fógraí míosúla a bheith leordhóthanach chun faireachán a dhéanamh ar phraghsanna. Ba cheart, dá bhrí sin, na fógraí seachtainiúla atá sainordaithe le haghaidh táirgí áirithe a athrú go fógraí míosúla, agus ar an gcaoi sin déanfar tréimhsiúlacht na bhfógraí a chomhchuibhiú le haghaidh na bpraghsanna ceannaithe miondíola uile. Na Ballstáit ar mian leo faisnéis bhreise a chur ar fáil i bhfoirm praghsanna ceannaithe seachtainiúla, ba cheart cead a bheith acu déanamh amhlaidh.

(11)

Ní áirithítear inchomparáideacht leordhóthanach sonraí, agus déantar dochar do luach na faisnéise a dtugtar fógra fúithi maidir le torthaí agus glasraí, de thairbhe ailíniú neamh-leordhóthanach leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún (6) agus idir modheolaíochtaí a chuireann na Ballstáit bhfeidhm. Is gá, dá bhrí sin, soiléireacht na sonraí atá le soláthar feadh an tslabhra soláthair ar fad a fheabhsú chun feabhas a chur ar thrédhearcacht an mhargaidh agus chun an tuairisciú ar phraghsanna torthaí agus glasraí a thabhairt chun críche suas go deireadh an tslabhra soláthair, lena n-áirítear an ceanglas fógra a thabhairt faoi na praghsanna ag praghsanna miondíola. Chun teorainn a chur leis an ualach riaracháin ar na Ballstáit, ba cheart minicíocht na bhfógraí faoi phraghsanna ceannaigh agus díola miondíola a theorannú d’uair amháin sa mhí.

(12)

Mar gheall ar an tábhacht a bhaineann le prátaí margaidh ar mhargadh an Aontais agus ós rud é gur cuid thábhachtach den aiste bia iad, ba cheart prátaí margaidh a chur isteach freisin mar tháirge nua ar cheart fógra a thabhairt faoi phraghsanna ina leith. Tá chuid thábhachtach de tháirgeadh foriomlán torthaí agus glasraí ceaptha lena bpróiseáil. Tá sé ríthábhachtach faisnéis atá cothrom le dáta a fháil maidir leis an gcainníocht a tháirgtear atá ceaptha lena tomhailt chun trédhearcacht an mhargaidh a áirithiú mar gheall ar thionchar na cainníochta a tháirgtear ar na cainníochtaí agus ar na praghsanna atá ar fáil. Dá bhrí sin, is gá an fhaisnéis táirgthe sin a chur leis na fógraí is gá.

(13)

Ionas gur féidir meánphraghas ceannaithe ualaithe le haghaidh siúcra a fhoilsiú ar leibhéal an Aontais, tá gá le faisnéis a bheith ag gabháil leis na praghsanna ceannaigh le haghaidh siúcra a dtugtar fógra fúthu don Choimisiún faoi phointe 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185, ar faisnéis í faoi na cainníochtaí siúcra a cheannaíonn na cineálacha éagsúla oibreoirí eacnamaíocha a chomhfhreagraíonn do na praghsanna ceannaigh sin.

(14)

Ba cheart earnáil na cnáibe tairbhiú den leibhéal céanna trédhearcachta sa mhargadh agus atá in earnálacha barr snáithín eile, mar atá na hearnálacha lín agus cadáis. Ionas go maolaítear an t-ualach oibre a chomhfhreagraíonn do na fógraí nua le haghaidh earnáil na cnáibe, ba cheart an fógra míosúil maidir leis na meánphraghsanna díreach ón monarcha ar líon a bheith bliantúil.

(15)

Mar gheall ar ábharthacht táirgí fíniúna áirithe don mhargadh seachas na táirgí sin dá dtagraítear i bpointe (1) de Chuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, is gá na táirgí fíniúna atá faoi réir faireachán ar phraghsanna agus fógra ina leith a leathnú chun ‘fíonta súilíneacha’ áirithe a chumhdach freisin, dá dtagraítear i bpointí (4), (5) agus (6) den Chuid II sin. Thairis sin, le leathnú méadaitheach ar an limistéar fíonghoirt faoi fheirmeoireacht orgánach san Aontas, i gcomhréir leis an uaillmhian agus na spriocanna a socraíodh don táirgeadh orgánach san Aontas, ar 13 % é den limistéar iomlán fíonghort in 2020, agus leis an tábhacht mhéadaitheach a bhaineann le táirgí orgánacha do tháirgeoirí agus do thomhaltóirí, éilítear go ndéanfaidh na Ballstáit táirgthe faireachán ar phraghsanna fíonta orgánacha ionadaíocha agus go dtabharfaidh siad fógra fúthu.

(16)

I bhfianaise shainiúlachtaí mhargadh na ríse, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na ceanglais maidir le fógra a thabhairt. I bhformhór na mBallstát, fágann méid beag earnáil na ríse i gcásanna áirithe go bhfuil an bailiú sonraí ró-anásta. Chun an t-ualach ar pháirtithe leasmhara agus ar oifigí staidrimh na mBallstát a laghdú, is gá, dá bhrí sin, fógraí a theorannú do na leibhéil iomlána mhíosúla stoic le haghaidh rís ‘Japonica’ agus ‘Indica’, gan difríochtaí a dhéanamh ar bhonn cóid AC. Ina theannta sin, níor cheart é a bheith riachtanach a thuilleadh difríocht a dhéanamh idir rís allmhairithe agus rís a tháirgtear ar bhonn intíre.

(17)

Leis an tréimhse fógra le haghaidh síolstoic dheimhnithe gabhtar sonraí nuair a bhíonn na stoic sin ar a n-uasleibhéal, tar éis a mbuainte agus roimh an síolchur. Le linn na tréimhse sin, is iad na sonraí sin is ábhartha agus is iomláine, ina dtugtar faisnéis shoiléir maidir le hinfhaighteacht síolta deimhnithe chun measúnú a dhéanamh ar stádas shlándáil bia an Aontais. Ní bhaineann saincheist le tréimhse fógra mhí Feabhra ina leith sin. Mar sin féin, le sprioc-am tuairiscithe lár na bliana féilire, ba cheart na héagsúlachtaí sna dátaí síolchuir agus buainte idir na Ballstáit agus na barra a léiriú, éagsúlachtaí a d’fhéadfadh a bheith mór thart ar an tréimhse sin. Chun a áirithiú go bhfuil na sonraí ábhartha, cruinn agus iomlán, ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, fógra a thabhairt faoi na síolstoic dheimhnithe i lár na bliana féilire a luaithe is féidir tar éis dheireadh na buainte, agus sula gcuirfear tús leis an síolchur i gcás gach bairr. Ba cheart do na Ballstáit, mar chuid dá bhfógraí faoin modheolaíocht a úsáidtear chun an fhaisnéis a chuirtear ar fáil a chinneadh, an dáta tuairiscithe a bhfuil coinne leis i gcás na síolstoc deimhnithe lár bliana sin a chur in iúl don Choimisiún, i gcás gach bairr. Níor cheart an dáta tuairiscithe a bheith níos déanaí ná mí Mheán Fómhair gach bliain.

(18)

Ba cheart inneachar an fhógra maidir leis na stoic siúcra agus iseaglúcóis a shoiléiriú a thuilleadh chun a léiriú gur gá na cainníochtaí allmhairithe a ionchorprú.

(19)

Tuairiscíonn na Ballstáit sonraí maidir le táirgeadh fíona agus faisnéis eile faoin margadh, lena n-áirítear stoic, go bliantúil faoi láthair. Tá an táirgeadh agus na stoic a dtugtar fógra fúthu bunaithe ar na dearbhuithe ó tháirgeoirí agus ó oibreoirí eile dá dtagraítear in Airteagail 31 agus 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 ón gCoimisiún (7) agus ar na rialacha sonracha a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 ón gCoimisiún (8). Cé go bhfuil an mhinicíocht bhliantúil sin oiriúnach chun faireachán a dhéanamh ar tháirgeadh, ní leor faireachán a dhéanamh ar fhorbairt leibhéal na stoc, rud a imríonn tionchar mór ar staid an mhargaidh feadh na bliana margaíochta. Le miondealú fógra níos mionsonraithe ar an táirgeadh agus ar na stoic de réir dathanna agus cineálacha fíona, d’éascófaí measúnú ar staideanna margaidh éagsúla ar leibhéal an Aontais, rud a d’éascódh breithniú ar bheart beartais a bheadh oiriúnach do riachtanais ar leith.

(20)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 a leasú dá réir.

(21)

Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le dáta cur i bhfeidhm an Rialacháin seo lena dtabharfaí an fhéidearthacht do na Ballstáit oiriúnú do na ceanglais nua um thuairisciú. Chun na críche sin, ba cheart feidhm a bheith ag modhnuithe ar na hoibleagáidí atá ann faoi láthair maidir le fógra a thabhairt ó 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Maidir le hoibleagáidí nua i dtaca le fógra a thabhairt, ba cheart an dáta cur i bhfeidhm a bheith ag brath ar a chasta atá sé do na Ballstáit an mhodheolaíocht agus na socruithe iomchuí maidir le bailiú sonraí a fhorbairt. Ba cheart feidhm a bheith ag oibleagáidí nua maidir le fógra a thabhairt faoi phraghsanna miondíola prátaí margaidh agus torthaí agus glasraí ó 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart feidhm a bheith ag oibleagáidí nua maidir le fógra a thabhairt faoi phraghsanna cnáibe ón 1 Deireadh Fómhair 2025. Ba cheart feidhm a bheith ag oibleagáidí nua maidir le fógra a thabhairt faoi chainníochtaí torthaí agus glasraí a tháirgtear lena gcaitheamh agus iad úr ón 1 Márta 2026. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras fógartha modhnaithe maidir le táirgeadh fíona agus staid an mhargaidh ón 1 Iúil 2025, agus ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras nua fógraí maidir le praghsanna fíona ón 1 Deireadh Fómhair 2025.

(22)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4, cuirtear an mhír 5 seo a leanas leis:

‘5.   Ní bheidh feidhm ag mír 4 maidir le táirgeadh siúcra i gcás Ballstáit ina bhfuil níos lú ná trí oibreoir eacnamaíocha, ar choinníoll go n-aontaíonn an Ballstát sin go bhfoilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis sin. Ní fhoilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis sin roimh mhí an Mhárta sa bhliain mhargaíochta tar éis na bliana margaíochta lena mbaineann.’

;

(2)

Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Maidir le gach fógra praghais agus cainníochta a cheanglaítear leis an Roinn seo, tabharfaidh na Ballstáit fógra faoin bhfoinse agus faoin modheolaíocht a úsáidtear chun an fhaisnéis arna soláthar a chinneadh laistigh de 6 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm na hoibleagáide fógra a thabhairt. Áireofar sna fógraí sin faisnéis maidir leis na margaí ionadaíocha arna gcinneadh ag na Ballstáit agus na comhéifeachtaí ualaithe gaolmhara.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon athrú ar an bhfaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le mír 1. Tabharfar fógra faoin bhfaisnéis sin tráth, ar a dhéanaí, a thabharfar an chéad fhógra maidir le sonraí i gcomhréir leis an bhfoinse mhodhnaithe nó leis an modheolaíocht mhodhnaithe. Beidh sé d’aidhm ag na Ballstáit an chobhsaíocht mhodheolaíoch a thacaíonn le leanúnachas sraitheanna sonraí a áirithiú.’

;

(3)

Leasaítear Iarscríbhinní I, II agus III, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (3) ón 18 Nollaig 2024.

Mar sin féin, ó na dátaí seo a leanas beidh feidhm ag na hoibleagáidí maidir le fógra a thabhairt dá dtagraítear sna pointí seo a leanas de na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 a leasaítear leis an Rialachán seo:

(a)

beidh feidhm ag an oibleagáid fógra a thabhairt faoi phrátaí margaidh dá dtagraítear i bpointe 5(a) d’Iarscríbhinn I agus ag an oibleagáid fógra a thabhairt faoi phraghsanna miondíola dá dtagraítear i bpointe 8(e) d’Iarscríbhinn II ón 18 Márta 2025;

(b)

beidh feidhm ag an oibleagáid fógra a thabhairt faoi phraghsanna fíona dá dtagraítear i bpointe 6 d’Iarscríbhinn II agus ag an oibleagáid fógra a thabhairt faoi phraghsanna cnáibe dá dtagraítear i bpointe 3(i) d’Iarscríbhinn III ón 1 Deireadh Fómhair 2025;

(c)

beidh feidhm ag an oibleagáid fógra a thabhairt faoi tháirgeadh fíona agus staid an mhargaidh dá dtagraítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn III ón 1 Iúil 2025;

(d)

beidh feidhm ag an oibleagáid fógra a thabhairt faoi chainníochtaí torthaí agus glasraí a tháirgtear lena dtomhailt agus iad úr dá dtagraítear i bpointe 7a d’Iarscríbhinn III ón 1 Márta 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Meán Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear roinnt Rialachán ón gCoimisiún (IO L 171, 4.7.2017, lch. 113) ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/1185/oj).

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, Chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún (COM(2023) 168.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1746 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid (IO L 268, 22.10.2019, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1746/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/791 ón gCoimisiún an 19 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 a mhéid a bhaineann le fógra a thabhairt faoi leibhéil na stoc gránach, olashíolta agus ríse (IO L 141, 20.5.2022, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/791/oj).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le pionóis atá le cur i bhfeidhm sna hearnálacha sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún (IO L 138, 25.5.2017, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/891/oj).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim na n-údaruithe le haghaidh planduithe fíniúnacha, clár na bhfíonghort, doiciméid tionlacain agus deimhniúchán, an clár isteach agus amach, dearbhuithe éigeantacha, fógraí agus foilsiú faisnéise ar tugadh fógra fúithi, agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha agus na pionóis ábhartha, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 555/2008, (CE) Uimh. 606/2009 agus (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 436/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/560 ón gCoimisiún (IO L 58, 28.2.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2018/273/oj).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha, deimhniúchán, an clár isteach agus amach, dearbhuithe éigeantacha agus fógraí, agus maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha ábhartha, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/561 ón gCoimisiún (IO L 58, 28.2.2018, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/274/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

i bpointe 4. ‘Ola olóige’, scriostar an mhír ‘Praghsanna ceannaithe’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5:

‘5.

Torthaí agus glasraí, bananaí agus prátaí

(a)

Praghsanna torthaí agus glasraí agus prátaí atá beartaithe don mhargadh úr

Inneachar an fhógra: praghsanna ionadaíocha le haghaidh na dtáirgí, na dtíopaí agus na gcineálacha torthaí agus glasraí a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 (*1)ón gCoimisiún agus prátaí margaidh.

Na Ballstáit lena mbaineann: Na Ballstáit a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 a mhéid a bhaineann le torthaí agus glasraí.

Eile: tabharfar fógra faoi phraghsanna:

(i)

maidir le torthaí agus glasraí, dá dtagraítear in Airteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891,

(ii)

maidir le prátaí margaidh, prátaí atá beartaithe lena ndíol le tomhaltóirí agus iad úr, agus na prátaí sin amháin, de mhéid nach dtéann trí mhogall cearnógach 35 mm × 35 mm ach ar féidir leo dul trí mhogall cearnógach 75 mm × 75 mm, i bpacáistí is lú ná 10 kg. Tabharfar fógra faoin bpraghas le haghaidh táirgí traidisiúnta neamhorgánacha, díreach ón stáisiún pacáistíochta, agus iad sórtáilte agus pacáistithe agus, i gcás inarb infheidhme, ar phailléid, arna shloinneadh in aghaidh 100 kg de ghlanmheáchan an táirge.

(b)

Praghsanna ar bhananaí

Inneachar an fhógra: praghsanna mórdhíola ar bhananaí buí a thagann faoi réim chód AC 0803 90 10 ,

Na Ballstáit lena mbaineann: gach Ballstát a dhéanann níos mó ná 50 000 tona de bhananaí buí a mhargú in aghaidh na bliana ar an meán thar thréimhse na 5 bliana féilire dheireanacha.

Eile: tabharfar fógra faoi phraghsanna:

(i)

maidir le táirgí traidisiúnta neamhorgánacha,

(ii)

maidir le meánphraghas ualaithe náisiúnta in aghaidh na tíre tionscnaimh,

(iii)

mar phraghas arna shloinneadh in aghaidh 100 kg de ghlanmheáchan an táirge.

(c)

Praghsanna ag geata na feirme

Inneachar an fhógra: praghsanna ionadaíocha trátaí, úll, oráistí, péitseog agus neachtairíní agus bananaí atá beartaithe lena dtomhailt agus iad úr le haghaidh na dtíopaí agus na gcineálacha a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891.

Na Ballstáit lena mbaineann: Na Ballstáit a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891. Maidir le bananaí, na Ballstáit a liostaítear in Iarscríbhinn II, pointe 8(b), den Rialachán seo.

Eile: tabharfar fógra faoi phraghsanna:

(i)

maidir le táirgí traidisiúnta neamhorgánacha,

(ii)

ag geata na feirme agus táirgí buainte, neamhchóirithe agus i bpacaí buainte goirt,

(iii)

de réir táirge, tíopa agus cineáil, de réir mar is ábhartha. Maidir le praghsanna a thuairiscítear de réir tíopa agus cineáil, tabharfar fógra freisin faoi mheánphraghas ualaithe náisiúnta in aghaidh an táirge, seachas i gcás trátaí,

(iv)

mar phraghas arna shloinneadh in aghaidh 100 kg den táirge.

(*1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pionóis atá le cur i bhfeidhm sna hearnálacha sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún (IO L 138, 25.5.2017, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/891/oj).’;"

(c)

i bpointe 6. ‘Feoil’, scriostar an mhír ‘Praghsanna ceannaithe’;

(d)

i bpointe 7. ‘Bainne agus táirgí bainne’, scriostar an mhír ‘Praghsanna ceannaithe’;

(e)

i bpointe 9. ‘Éineoil’, scriostar an mhír ‘Praghsanna ceannaithe’;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

i bpointe 3. ‘Siúcra’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre ‘Praghsanna ceannaithe’:

Praghsanna ceannaithe

Inneachar an fhógra: meáin ualaithe ionadaíocha de phraghsanna ceannaithe siúcra agus moláis ó mhiondíoltóirí, ón tionscal bia agus ón tionscal neamhbhia (seachas bithbhreosla), praghsanna arna sloinneadh in aghaidh tona den táirge, chomh maith leis na cainníochtaí comhfhreagracha iomlána le haghaidh gach cineáil oibreora (miondíoltóirí, an tionscal bia agus an tionscal neamhbhia).

Tréimhse an fhógra: faoin 25 lá de gach mí i leith na míosa roimhe sin.

Eile: bunófar praghsanna ionadaíocha i gcomhréir leis an modheolaíocht arna foilsiú ag an gCoimisiún.’;

(b)

pointe 4. Scriostar ‘snáithín lín’;

(c)

i bpointe 5. ‘Olaí olóige agus ológa boird’, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

Praghsanna ceannaithe

Inneachar an fhógra: praghsanna ceannaithe ionadaíocha ó mhiondíoltóirí le haghaidh na gcatagóirí ola olóige íon agus ola olóige úríon dá dtagraítear i gCuid VIII d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, arna sloinneadh in aghaidh 100 kg den táirge.

Tréimhse an fhógra: faoin 25 lá de gach mí i leith na míosa roimhe sin.

Eile: comhfhreagróidh praghsanna ionadaíocha d’ola olóige íon cóirithe agus ola olóige úríon cóirithe i gcoimeádáin atá réidh lena dtairiscint do na tomhaltóirí deiridh agus cumhdófar leo aon trian ar a laghad de cheannacháin náisiúnta an táirge lena mbaineann.’;

(d)

leasaítear pointe 6 ‘Fíon’ mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre ‘Inneachar an fhógra’:

‘Inneachar an fhógra: meáin ualaithe náisiúnta na bpraghsanna don mhí roimhe sin, arna sloinneadh in aghaidh an heictilítir den táirge, maidir leis catagóirí táirgí seo a leanas:

(a)

Fíon: maidir leis na táirgí fíniúna dá dtagraítear i bpointe (1) de Chuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, arna miondealú i sé aicme: dearg/rosé agus geal, faoi seach, maidir le fíonta ag a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint, fíonta ag a bhfuil tásc geografach faoi chosaint, agus fíonta gan tásc geografach;

(b)

Fíon súilíneach: maidir leis na táirgí fíniúna dá dtagraítear i bpointí (4), (5) agus (6) de Chuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus iad le chéile in aon aicme amháin, i gcás táirgí ag a bhfuil tásc geografach gan beann ar a ndath;

(c)

Fíon orgánach: (i) maidir leis na táirgí fíniúna dá dtagraítear i bpointe (1) de Chuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, arna miondealú in dhá aicme: fíon dearg/rosé agus geal ag a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint; (ii) maidir leis na fíonta súilíneacha dá dtagraítear i bpointí (4), (5) agus (6) de Chuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, gach dath díobh agus iad le chéile, i gcás táirgí ag a bhfuil tásc geografach.’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre ‘Eile’:

‘Eile: tabharfar fógra faoi phraghsanna ar tháirgí i mbulc díreach ó áitreabh an táirgeora. Maidir leis na fíonta súilíneacha dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c)(ii), tabharfar fógra faoi na praghsanna le haghaidh an bhunfhíona a úsáidtear lena dtáirgeadh:

Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), roghnóidh na Ballstáit lena mbaineann na margaí fíona is ionadaíche a chumhdaíonn sciar íosta 70 % den táirgeadh náisiúnta le haghaidh gach ceann de na haicmí táirgí a shainítear in ‘Inneachar an fhógra’ den phointe seo. Ní fhéadfar táirgí fíniúna orgánacha a áireamh san fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b).

Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c), cumhdóidh an roghnúchán 50 % ar a laghad de tháirgeadh náisiúnta na haicme táirgí lena mbaineann.’;

(e)

leasaítear mír (b) de phointe 7 ‘Bainne agus táirgí bainne’ mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre ‘Tréimhse an fhógra’:

Tréimhse an fhógra: faoin 25 lá de gach mí i leith na míosa roimhe sin.’;

(ii)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

Praghsanna ceannaithe

Inneachar an fhógra: praghsanna ceannaithe ionadaíocha ó mhiondíoltóirí agus oibreoirí gnólachta bia eile ar im agus ar cháiseanna ábhartha arna sloinneadh in aghaidh 100 kg den táirge.

Tréimhse an fhógra: faoin 25 lá de gach mí i leith na míosa roimhe sin.’;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 8:

‘8.

Torthaí agus glasraí, bananaí agus prátaí

(a)

Praghsanna le haghaidh torthaí úra orgánacha agus glasraí orgánacha

Inneachar an fhógra: praghsanna ionadaíocha ar thrátaí, úlla, oráistí, péitseoga agus neachtairíní orgánacha le haghaidh na dtíopaí agus na gcineálacha a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891.

Tréimhse an fhógra: faoin 25 lá de gach mí i leith na míosa roimhe sin.

Eile: tabharfar fógra faoi phraghsanna táirgí orgánacha ar an mbealach céanna dá dtagraítear in Airteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 maidir le táirgí traidisiúnta.

(b)

Praghsanna le haghaidh bananaí glasa

Inneachar an fhógra:

(a)

praghsanna ionadaíocha ar mhargaí áitiúla bananaí glasa, a mhargaítear sa réigiún táirgthe mar aon le cainníochtaí gaolmhara;

(b)

meánphraghas ualaithe náisiúnta in aghaidh na tíre tionscnaimh;

(c)

praghsanna ionadaíocha ar bhananaí glasa neamhorgánacha traidisiúnta, a mhargaítear lasmuigh den réigiún táirgthe mar aon le cainníochtaí gaolmhara;

(d)

réamhaisnéis ar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) le haghaidh an dá thréimhse fógra ina dhiaidh sin.

Tréimhse an fhógra:

faoin 15 Meitheamh gach bliain i leith na tréimhse roimhe sin ón 1 Eanáir go dtí an 30 Aibreán,

faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain i leith na tréimhse roimhe sin ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa,

faoin 15 Feabhra gach bliain i leith na tréimhse roimhe sin ón 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Nollaig.

Na Ballstáit lena mbaineann: Na Ballstáit ag a bhfuil réigiún táirgthe, mar atá:

(a)

na hOileáin Chanáracha;

(b)

Guadalúip;

(c)

Martinique;

(d)

Maidéara agus na hAsóir;

(e)

an Chréit;

(f)

an Chipir.

Eile:

(i)

beidh praghsanna le haghaidh bananaí glasa a mhargaítear san Aontas lasmuigh dá réigiún táirgthe ag an gcéad chalafort díluchtaithe (earraí nár díluchtaíodh),

(ii)

sloinnfear praghsanna de réir 100 kg den táirge.

(c)

Praghsanna ag geata na feirme

Inneachar an fhógra: praghsanna ionadaíocha trátaí, úll, oráistí, péitseog agus neachtairíní atá beartaithe lena bpróiseáil.

Tréimhse an fhógra:

(a)

maidir le trátaí atá le próiseáil, faoin 31 Eanáir i leith na bliana féilire roimhe sin;

(b)

maidir leis na táirgí eile, faoin 25 lá de gach mí i leith na míosa roimhe sin.

Eile: tabharfar fógra faoi phraghsanna:

(i)

mar phraghas arna shloinneadh in aghaidh 100 kg den táirge,

(ii)

ag geata na feirme agus táirgí buainte.

(d)

Praghsanna ceannaithe miondíola

Inneachar an fhógra: praghsanna ceannaithe miondíola ionadaíocha trátaí, úll, oráistí, péitseog agus neachtairíní le haghaidh na dtíopaí agus na gcineálacha a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891.

Tréimhse an fhógra: faoin 25 lá de gach mí i leith na míosa roimhe sin.

Eile: tabharfar fógra faoi phraghsanna:

(i)

maidir le táirgí traidisiúnta neamhorgánacha,

(ii)

de réir táirge, tíopa agus cineáil, de réir mar is ábhartha. Maidir le praghsanna a thuairiscítear de réir tíopa agus cineáil, tugtar fógra freisin faoi mheánphraghas ualaithe náisiúnta in aghaidh an táirge, seachas i gcás trátaí,

(iii)

mar phraghas arna shloinneadh in aghaidh 100 kg de ghlanmheáchan an táirge.

(e)

Praghsanna miondíola

Inneachar an fhógra: praghsanna miondíola ionadaíocha trátaí, úll, oráistí, péitseog agus neachtairíní, agus bananaí buí le haghaidh na dtíopaí agus na gcineálacha a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891, agus prátaí margaidh.

Na Ballstáit lena mbaineann: maidir le bananaí buí, gach Ballstát a dhéanann níos mó ná 50 000 tona de bhananaí buí a mhargú in aghaidh na bliana ar an meán thar thréimhse na 5 bliana féilire dheireanacha.

Tréimhse an fhógra: faoin 25 lá de gach mí i leith na míosa roimhe sin.

Eile: tabharfar fógra faoi phraghsanna:

(i)

maidir le táirgí traidisiúnta neamhorgánacha,

(ii)

ar an tseilf mhiondíola le haghaidh na miondíoltóirí is ionadaíche,

(iii)

de réir táirge, tíopa agus cineáil, de réir mar is ábhartha. Maidir le praghsanna a thuairiscítear de réir tíopa agus cineáil, tugtar fógra freisin faoi mheánphraghas ualaithe náisiúnta in aghaidh an táirge, seachas i gcás trátaí,

(iv)

maidir le prátaí margaidh, prátaí atá beartaithe lena ndíol le tomhaltóirí agus iad úr, agus na prátaí sin amháin, de mhéid nach dtéann trí mhogall cearnógach 35 mm × 35 mm ach ar féidir leo dul trí mhogall cearnógach 75 mm × 75 mm, i bpacáistí is lú ná 10 kg,

(v)

mar phraghas arna shloinneadh in aghaidh 100 kg de ghlanmheáchan an táirge.’;

(g)

i bpointe 9. ‘Feoil’, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

Praghsanna ceannaithe

Inneachar an fhógra: praghsanna ceannaithe ionadaíocha ó mhiondíoltóirí agus oibreoirí gnólachta bia eile ar mhuc agus ar mhairteoil mhionaithe, arna sloinneadh in aghaidh 100 kg den táirge.

Tréimhse an fhógra: faoin 25 lá de gach mí i leith na míosa roimhe sin.’;

(h)

i bpointe 10. ‘Éineoil’, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

Praghsanna ceannaithe

Inneachar an fhógra: praghsanna ceannaithe ionadaíocha ó mhiondíoltóirí agus oibreoirí gnólachta bia eile ar shicíní iomlána d’Aicme A (‘65 % de shicíní’) agus ar fhilléid brollaigh sicín, arna sloinneadh in aghaidh 100 kg den táirge.

Tréimhse an fhógra: faoin 25 lá de gach mí i leith na míosa roimhe sin.’;

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1a:

‘1a.

Rís

Inneachar an fhógra: maidir le gach ceann de na cineálacha ríse dá dtagraítear i gCuid I, pointí 2 agus 3, d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013:

(a)

an limistéar faoi bharr, an táirgeacht agranamaíoch, an táirgeacht ríse gan scilligeadh sa bhliain buainte agus an táirgeacht mhuilleála;

(b)

úsáid intíre ríse (lena n-áirítear ag an tionscal próiseála) arna sloinneadh i gcoibhéis mhuilleáilte;

(c)

leibhéil mhíosúla chomhcheangailte na stoc ríse (arna sloinneadh i gcoibhéis mhuilleáilte) atá i seilbh táirgeoirí agus muilte ríse atá roinnte idir ‘Japonica’ (Cuid I, pointe 2 (a), pointe 2(b) agus pointe 2(c)(i), d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013) agus ‘Indica’ (Cuid I, pointe 2(c)(ii), d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013).

Tréimhse an fhógra: faoin 15 Eanáir gach bliain i leith na bliana roimhe sin a mhéid a bhaineann leis an limistéar faoi bharr agus le húsáid intíre; faoi dheireadh na míosa i leith na míosa roimhe sin a mhéid a bhaineann le stoic mhíosúla ‘Japonica’ agus ‘Indica’.

Na Ballstáit lena mbaineann:

(a)

maidir le táirgeacht rís gan scilligeadh, gach Ballstát ina dtáirgtear rís;

(b)

maidir le húsáid intíre, gach Ballstát;

(c)

maidir le stoic ríse, gach Ballstát ina dtáirgtear rís agus na Ballstáit ina bhfuil muilte ríse.’;

(b)

i bpointe 1d. ‘Síol deimhnithe’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre ‘Tréimhse an fhógra’:

Tréimhse an fhógra: faoin 15 Samhain gach bliain i leith an limistéir a buanadh sa bhliain sin a mhéid a bhaineann leis an limistéar ar glacadh lena dheimhniú; faoin 15 Eanáir gach bliain i leith na bliana roimhe sin a mhéid a bhaineann le síolta a buanadh; faoi dheireadh mhí Feabhra, agus idir deireadh mhí Iúil agus deireadh mhí Mheán Fómhair, a luaithe is féidir tar éis dheireadh na buainte agus sula gcuirfear tús leis an síolchur i gcás gach bairr, i leith na míosa roimhe sin a mhéid a bhaineann le stoic.’;

(c)

i bpointe 2D ‘Stoic siúcra agus iseaglúcóis’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre ‘Inneachar an fhógra’:

Inneachar an fhógra:

(a)

cainníochtaí táirgthe siúcra, lena n-áirítear allmhairí, a dhéanann gnóthais siúcra agus scaglanna siúcra a stóráil ag deireadh gach míosa;

(b)

cainníochtaí táirgthe iseaglúcóis, lena n-áirítear allmhairí, arna stóráil ag táirgeoirí iseaglúcóis ag deireadh na bliana margaíochta roimhe sin.’;

(d)

pointe 3. Cuirtear an méid a leanas in ionad ‘Barra snáithín’:

‘3.

Barra snáithín

Inneachar an fhógra:

(a)

an limistéar lín snáithín le haghaidh na bliana margaíochta roimhe sin agus an meastachán le haghaidh na bliana margaíochta reatha, arna sloinneadh i heicteáir;

(b)

táirgeadh snáithíní lín fada le haghaidh na bliana margaíochta roimhe sin agus meastachán le haghaidh na bliana margaíochta reatha, arna sloinneadh i dtonaí;

(c)

na meánphraghsanna ualaithe díreach ón monarcha le linn na bliana margaíochta roimhe sin, arna dtaifeadadh ar na príomh-mhargaí ionadaíocha le haghaidh snáithín lín fada, arna sloinneadh in aghaidh tona den táirge;

(d)

an limistéar a bhfuil cadás curtha ann le haghaidh na bliana bairr roimhe sin agus meastachán le haghaidh na bliana bairr reatha, arna sloinneadh i heicteáir;

(e)

an táirgeadh cadáis neamhscilligthe le haghaidh na bliana bairr roimhe sin agus meastachán le haghaidh na bliana bairr reatha, arna sloinneadh i dtonaí;

(f)

an meánphraghas ar chadás neamhscilligthe a íocadh le táirgeoirí cadáis i leith na bliana bairr roimhe sin, arna shloinneadh in aghaidh an tona den táirge;

(g)

an limistéar a bhfuil cnáib curtha ann, mar a shainmhínítear in Airteagal 189(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 le haghaidh na bliana margaíochta roimhe sin agus an meastachán le haghaidh na bliana margaíochta reatha, arna sloinneadh i heicteáir;

(h)

an táirgeadh snáithíní cnáibe le haghaidh na bliana margaíochta roimhe sin agus meastachán le haghaidh na bliana margaíochta reatha, arna sloinneadh i dtonaí;

(i)

na meánphraghsanna ualaithe díreach ón monarcha le linn na bliana margaíochta roimhe sin, arna dtaifeadadh ar na príomh-mhargaí ionadaíocha le haghaidh snáithín cnáibe, arna sloinneadh in aghaidh tona den táirge.

Tréimhse an fhógra: faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain i leith an limistéir faoi bharr, an táirgthe, agus meánphraghsanna ualaithe díreach ón monarcha.

Na Ballstáit lena mbaineann:

(a)

maidir le líon, gach Ballstát ina dtáirgtear snáithíní lín fada ó limistéar faoi bharr is mó ná 1 000 ha de snáithín lín;

(b)

maidir le cadás, gach Ballstát ina gcuirtear 1 000 ha de chadás ar a laghad;

(c)

maidir le cnáib, gach Ballstát ina dtáirgtear snáithíní cnáibe ó limistéar faoi bharr is mó ná 1 000 ha de snáithín cnáibe.’;

(e)

leasaítear pointe 7 mar a leanas:

(i)

sa mhír ‘Inneachar an fhógra’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

Stoic: (i) achoimre ar dhearbhuithe stoic fíona agus úrfhíona na bliana margaíochta fíona roimhe sin a bhí i seilbh an 31 Iúil dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273; agus (ii) achoimrí ráithiúla ar na stoic a shealbhaítear an 31 Deireadh Fómhair, an 31 Eanáir agus an 30 Aibreán le haghaidh na bliana margaíochta reatha.

Tabharfar fógra faoi na stoic dá dtagraítear i bpointe (c) agus iad miondealaithe de réir datha (dearg/rosé, geal) agus de réir cineál táirge (fíon ag a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint, fíon ag a bhfuil tásc geografach faoi chosaint, fíon gan tásc geografach agus úrfhíon).’

(ii)

sa mhír ‘Tréimhse an fhógra’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b), (c) agus (d):

(b)

toradh cinntitheach an dearbhaithe maidir le táirgeadh: faoin 15 Feabhra gach bliain;

(c)

stoic: achoimre ar dhearbhuithe stoc a shealbhaítear an 31 Iúil, faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain, agus achoimrí ráithiúla ar stoic faoin 15 Nollaig, an 15 Márta, an 15 Meitheamh a shealbhaítear ar na dátaí sin a léirítear i bpointe (c) d’inneachar an fhógra;

(d)

clár comhardaithe deiridh: faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain i ndáil leis an mbliain mhargaíochta roimhe sin.’;

(f)

cuirtear isteach an pointe 7a seo isteach:

‘7a.

Torthaí agus glasraí

Inneachar an fhógra: cainníochtaí arna dtáirgeadh de thrátaí, úlla, oráistí, péitseoga agus neachtairíní atá ceaptha lena gcaitheamh agus iad úr.

Na Ballstáit lena mbaineann: Na Ballstáit a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891.

Tréimhse an fhógra: maidir le húlla, oráistí, péitseoga agus neachtairíní atá ceaptha lena gcaitheamh agus iad úr, fógra bliantúil an 31 Márta de bhliain N + 1 le haghaidh N, agus an 31 Bealtaine de bhliain N + 1 le haghaidh bhliain N i gcás trátaí.

Eile: tabharfar fógra faoi phraghsanna arna sloinneadh i dtonaí de tháirge úr.’.


(*1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pionóis atá le cur i bhfeidhm sna hearnálacha sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún (IO L 138, 25.5.2017, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/891/oj).’;’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2391/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top