This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R2211
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/2211 of 5 September 2024 imposing a definitive anti-dumping duty on imports of oxalic acid originating in India and the People’s Republic of China following an expiry review pursuant to Article 11(2) of Regulation (EU) 2016/1036 of the European Parliament and of the Council
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2211 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid ocsalaigh de thionscnamh na hIndia agus Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2211 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid ocsalaigh de thionscnamh na hIndia agus Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2024/5971
IO L, 2024/2211, 6.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2211/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2211 |
6.9.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2211 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Meán Fómhair 2024
lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid ocsalaigh de thionscnamh na hIndia agus Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (an bun-Rialachán), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus na bearta atá i bhfeidhm
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 325/2012 (2), d’fhorchuir an Chomhairle dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí aigéid ocsalaigh de thionscnamh na hIndia agus Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’) (‘na bearta bunaidh’). An t-imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air, gairfear ‘an t-imscrúdú bunaidh’ anseo feasta dó. |
|
(2) |
Tar éis bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Bealtaine 2015 (3), cuireadh na bearta ar neamhní a mhéid a bhain siad leis an táirgeoir onnmhairiúcháin Síneach Yuanping Changyuan Chemicals Co. Ltd (‘Yuanping’). Tar éis chur chun feidhme an bhreithiúnais sin, d’ath-fhorchuir an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) bearta frithdhumpála ar allmhairí an táirge lena mbaineann ó Yuanping le héifeacht ón 30 Samhain 2016. (4) |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/931 (5), chuir an Coimisiún síneadh cúig bliana eile leis na bearta frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí aigéid ocsalaigh de thionscnamh na hIndia agus Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga (an ‘t-athbhreithniú éaga roimhe seo’). |
|
(4) |
Tá na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair idir 22,8 % go 43,6 % agus 14,6 % agus 52,2 % ar allmhairí ón India agus ó Dhaon-Phoblacht na Síne (‘na tíortha lena mbaineann’) faoi seach. |
1.2. Iarraidh ar athbhreithniú éaga
|
(5) |
Tar éis fógra a fhoilsiú maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca leis na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm, (6) fuair an Coimisiún iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) ‘an bun-Rialachán’. |
|
(6) |
Is é Oxaquim SA (‘Oxaquim’ nó ‘an t-iarratasóir’) a chuir an iarraidh ar athbhreithniú isteach an 30 Márta 2023, le tacaíocht ó WeylChem Lamotte S.A.S., arb ionann iad le chéile agus tionscal aigéid ocsalaigh an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Tá an iarraidh ar athbhreithniú bunaithe ar an bhforas gur dócha, ar dhul in éag na mbeart, go leanfar leis an dumpáil agus an díobháil agus/nó go ndéanfar an díobháil do thionscal an Aontais an athuair. |
1.3. Athbhreithniú éaga a thionscnamh
|
(7) |
Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, go raibh fianaise leordhóthanach ann chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain sé athbhreithniú éaga an 30 Meitheamh 2023 maidir le hallmhairí aigéid ocsalaigh de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann isteach san Aontas ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (7) (‘an fógra tionscnaimh’). |
1.4. Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú
|
(8) |
An t-imscrúdú ar an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go ndéanfar an athuair í, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Aibreán 2022 go dtí an 31 Márta 2023 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). An t-imscrúdú ar na treochtaí atá ábhartha chun a mheas an dócha go leanfar den díobháil nó go ndéanfar an athuair í, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (‘an tréimhse faoi bhreathnú’). |
1.5. Páirtithe leasmhara
|
(9) |
San fhógra tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir, táirgeoirí aitheanta eile de chuid an Aontais, na táirgeoirí aitheanta san India agus sa tSín agus údaráis na hIndia agus na Síne, allmhaireoirí neamhchomhlachaithe aitheanta agus úsáideoirí ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an athbhreithnithe éaga agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach ann. |
|
(10) |
Bhí deis ag na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir le tionscnamh an athbhreithnithe éag agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála. Níor iarr aon pháirtí leasmhar éisteacht. |
1.6. Sampláil
|
(11) |
San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.
|
|
(12) |
Níor mhonaraigh ach dhá tháirgeoir san Aontas aigéad ocsalach le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, níor ghá táirgeoirí de chuid an Aontais a shampláil.
|
|
(13) |
Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar na hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe aitheanta uile an fhaisnéis a sonraíodh san fógra tionscnaimh a sholáthar. Níor tháinig aon allmhaireoir neamhchomhlachaithe chun cinn.
|
|
(14) |
Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta uile san India agus sa tSín an fhaisnéis a sonraíodh san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean na hIndia agus ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh. |
|
(15) |
Sholáthair táirgeoir onnmhairiúcháin amháin san India an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh sé a bheith san áireamh sa sampla. I bhfianaise an mhéid sin, chinn an Coimisiún nach raibh gá le sampláil. Tháinig táirgeoir onnmhairiúcháin breise amháin chun cinn san India ina dhiaidh sin agus ó tharla gur measadh nach raibh gá le sampláil, d’iarr an Coimisiún ar an dara táirgeoir onnmhairiúcháin an ceistneoir a líonadh isteach freisin. |
|
(16) |
Níor tháinig aon chuideachta ón tSín chun cinn. Chuir an Coimisiún údaráis na Síne ar an eolas trí bhíthin Nóta Briathartha an 25 Deireadh Fómhair 2023 nach bhfuair sé aon chomhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín. Dá bhrí sin, bhí sé beartaithe aige a thorthaí maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín a bhunú ar na fíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
1.7. Freagraí ar na ceistneoirí
|
(17) |
Sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne maidir le saobhadh suntasach a bheith ann sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. |
|
(18) |
Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig an dá tháirgeoir aitheanta de chuid an Aontais, chuig gach allmhaireoir neamhchomhlachaithe aitheanta agus chuig dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin san India. Cuireadh na ceistneoirí céanna ar fáil ar líne (8) freisin lá an tionscnaimh. |
|
(19) |
Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ó dhá tháirgeoir de chuid an Aontais, ó úsáideoir amháin agus ó dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin san India. Chuir táirgeoir amháin de chuid an Aontais, WeylChem Lamotte S.A.S. (‘WeylChem’), freagra neamhiomlán ar an gceistneoir isteach. Sheol an Coimisiún litir easnaimh inar iarradh faisnéis bhreise. Chuir WeylChem in iúl don Choimisiún nach raibh sé in ann freagra a thabhairt ar an litir easnaimh ná cuairt fíorúcháin a óstáil. |
1.8. Fíorúchán
|
(20) |
Lorg an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh an dócha go leanfar den dumpáil agus den díobháil nó go ndéanfar an athuair iad agus chun cinneadh a dhéanamh maidir le leas an Aontais agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis sin. Is in áitribh na gcuideachtaí a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:
|
1.9. Nochtadh
|
(21) |
An 5 Meitheamh 2024, nocht an Coimisiún na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a bhí sé beartaithe aige a mholadh go gcuirfí síneadh leis na bearta frithdhumpála ar allmhairí aigéid ocsalaigh de thionscnamh na hIndia agus Dhaon-Phoblacht na Síne. |
|
(22) |
Fuarthas barúlacha ón iarratasóir, Oxaquim, agus ón táirgeoir onnmhairiúcháin Indiach, Star Oxochem Pvt Ltd. |
|
(23) |
Tar éis maíomh a bhaineann le coigeartú, rinneadh nochtadh breise do Star Oxochem Pvt Ltd an 19 Meitheamh 2024. Níor thug an chuideachta aon bharúil eile. |
2. AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL
2.1. An táirge faoi athbhreithniú
|
(24) |
Is ionann an táirge faoi athbhreithniú agus an táirge san imscrúdú bunaidh agus san athbhreithniú éaga roimhe seo, is é sin aigéad ocsalach, bíodh sé i bhfoirm déhiodráite (uimhir CUS 0028635-1 agus uimhir CAS 6153-56-6) nó i bhfoirm ainhidriúil (uimhir CUS 0021238-4 agus uimhir CAS 144-62-7) agus bíodh sé i dtuaslagán uiscí nó ná bíodh, atá faoi láthair faoi chód AC ex 2917 11 00 (cód TARIC 2917 11 00 91) (‘an táirge faoi athbhreithniú’). |
|
(25) |
Úsáidtear aigéad ocsalach i raon leathan feidhmeanna, mar shampla mar thuarthóir sna tionscail teicstíle agus adhmaid, mar dhí-ocsaídeoir i dtáirgeadh táirgí cógaisíochta agus mar ábhar a úsáidtear chun miotail tearc-chré agus dúile tearc-chré a eastóscadh agus a íonú. |
|
(26) |
San imscrúdú bunaidh, fuarthas amach go bhfuil dhá chineál aigéid ocsalaigh ann: aigéad ocsalach neamhscagtha agus aigéad ocsalach scagtha. Déantar aigéad ocsalach scagtha, a táirgeadh sa tSín ach nár táirgeadh san India, a mhonarú trí phróiseas chun an t-aigéad ocsalach neamhscagtha a íonú, arb é is cuspóir dó iarann, clóirídí, rianta miotail agus eisíontais eile a bhaint de. In éagmais comhoibriú ón tSín, glacadh leis san imscrúdú athbhreithniúcháin seo gur mhonaraigh agus gur onnmhairigh táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín aigéad ocsalach scagtha mar a rinneadh san imscrúdú bunaidh. |
2.2. An táirge lena mbaineann
|
(27) |
Is é an táirge lena mbaineann an t-imscrúdú seo an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na hIndia agus na Síne. |
2.3. An táirge comhchosúil
|
(28) |
Mar a suíodh san imscrúdú bunaidh, agus san athbhreithniú éaga roimhe seo, deimhníodh san athbhreithniú éaga seo gurb ionann na saintréithe bunúsacha fisiceacha agus ceimiceacha, agus na húsáidí bunúsacha, atá ag na táirgí seo a leanas:
|
|
(29) |
Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán. |
3. DUMPÁIL
3.1. Réamhbharúlacha
|
(30) |
Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, leanadh d’aigéad ocsalach a allmhairiú ón tSín agus ón India, cé go raibh méideanna níos lú á n-allmhairiú ná i dtréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh (ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2010) agus ar leibhéal a bhí cosúil leis an leibhéal a bhí ann i dtréimhse an athbhreithnithe éaga roimhe seo (ón 1 Aibreán 2016 go dtí an 31 Márta 2017). De réir Eurostat, bhí thart ar 17 % de mhargadh an Aontais i gceist le hallmhairí aigéid ocsalaigh ón tSín agus ón India i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomparáid le 16 % le linn an athbhreithnithe éaga roimhe seo. I ndearbhthéarmaí, tháinig laghdú ar allmhairí ó 7 969 dtona le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh go 1 658 dtona san athbhreithniú éaga deireanach agus thit siad tuilleadh go 1 565 thona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe atá ann faoi láthair. |
3.2. An India
|
(31) |
Tá ceithre tháirgeoir aigéid ocsalaigh aitheanta san India, agus thug dhá tháirgeoir díobh freagra ar an gceistneoir. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil dó (9), mheas an Coimisiún gur thart ar 40 000 tona a bhí sa táirgeacht iomlán san India. Meastar gur thart ar 5 700 tona méadrach atá i méid iomlán na n-allmhairí ón tSín ar bhonn na sonraí a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú, arna gcros-seiceáil leis na sonraí atá ar fáil in Global Trade Atlas (GTA). |
|
(32) |
Thart ar 400 tona a bhí sna hallmhairí ón India chuig an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bunaithe ar shonraí Eurostat. |
|
(33) |
Tá allmhairí ón India faoi réir na dleachta CTC 6,5 % freisin. (10) |
3.2.1. Dumpáil i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe
3.2.1.1.
|
(34) |
Rinne an Coimisiún scrúdú ar dtús chun a fháil amach an méid ionadaíoch a bhí i méid iomlán na ndíolachán intíre i gcás gach ceann den dá tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Tá na díolacháin intíre ionadaíoch más é a bhí i méid iomlán dhíolacháin intíre an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre in aghaidh an táirgeora onnmhairiúcháin 5 % ar a laghad de mhéid iomlán a dhíolachán onnmhairiúcháin leis an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcás an táirge faoi athbhreithniú. Ar an mbonn sin, fuarthas go raibh díolacháin iomlána an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha a dhéanann an táirge comhchosúil ar an margadh intíre ionadaíoch. |
|
(35) |
Ina dhiaidh sin, shainaithin an Coimisiún na cineálacha táirgí a díoladh ar bhonn intíre agus a bhí comhionann nó inchomparáide leis na cineálacha táirgí a díoladh lena n-onnmhairiú leis an Aontas. |
|
(36) |
Rinne an Coimisiún scrúdú ansin lena fháil amach an méid ionadaíoch a bhí sna díolacháin intíre a rinne gach táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch i gcás gach cineáil táirge atá comhionann nó inchomparáide le cineál táirge a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Tá na díolacháin intíre ionadaíoch i gcás cineáil táirge más é a bhí i méid iomlán dhíolacháin intíre an chineáil táirge sin le custaiméirí neamhspleácha le linn na tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe 5 % de mhéid iomlán dhíolacháin onnmhairiúcháin an chineáil táirge chomhionainne nó inchomparáide leis an Aontas. Shuigh an Coimisiún go raibh díolacháin an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha ionadaíoch. |
|
(37) |
Ina dhiaidh sin, shainigh an Coimisiún an cion de dhíolacháin bhrabúsacha le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre i gcás gach cineáil táirge le linn na tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe chun a chinneadh ar cheart díolacháin intíre iarbhír a úsáid chun an gnáthluach a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(4) den bhun-Rialachán. |
|
(38) |
Bunaítear an gnáthluach ar an bpraghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge, gan beann ar cibé acu atá na díolacháin sin brabúsach nó nach bhfuil, más rud é:
|
|
(39) |
Maidir leis an dá chuideachta Indiacha chomhoibríocha san imscrúdú seo, suíodh gur chomhlíon an dá chuideachta na critéir thuas. Dá bhrí sin, bhí an gnáthluach bunaithe ar mheán ualaithe phraghsanna dhíolacháin intíre uile an chineáil táirge sin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
3.2.1.2.
|
(40) |
D’onnmhairigh an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin an táirge faoi athbhreithniú go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha san Aontas. Dá bhrí sin, ba é an praghas onnmhairiúcháin an praghas a íocadh iarbhír nó a bhí le híoc le haghaidh an táirge faoi athbhreithniú nuair a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas é, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán. |
3.2.1.3.
|
(41) |
Rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha mar a shuitear thuas. |
|
(42) |
I gcás ina raibh údar leis mar gheall ar an ngá a bhí le comparáid chothrom a áirithiú, choigeartaigh an Coimisiún an gnáthluach agus/nó an praghas onnmhairiúcháin de réir difríochtaí a imríonn tionchar ar phraghsanna agus ar inchomparáideacht praghsanna, i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán. Rinneadh coigeartuithe maidir le costais iompair, árachais, láimhseála, lódála agus choimhdeacha, costais phacála, lascainí, costais chreidmheasa, muirir bhainc agus coimisiúin a d’íoc an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch. Fuair gach ceann den dá tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha de chuid na hIndia ríomhanna mionsonraithe na gcoigeartuithe a rinneadh sa nochtadh sonrach. |
|
(43) |
Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Star Oxochem Pvt Ltd nár cheart coigeartú amháin le haghaidh liúntas iompair a asbhaint ón bpraghas onnmhairiúcháin. |
|
(44) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an maíomh agus rinne sé athbhreithniú ar an ríomh dumpála a nochtadh don onnmhaireoir i gceist. Ní bhfuarthas aon bharúil eile ina dhiaidh sin. |
|
(45) |
I gcomhthéacs Airteagal 2(10)(b) den bhun-Rialachán, thug táirgeoir comhoibríoch amháin le fios gur bhain sé tairbhe as Scéim na hIndia um Onnmhairí Marsantais ón India (‘MEIS’) (11). Is scéim de chuid rialtas na hIndia é MEIS a sholáthraíonn dreasacht i bhfoirm scruith creidmheasa dleachta d’onnmhaireoirí chun caillteanais ar íocaíocht dleachtanna a chúiteamh. Íoctar an dreasacht mar chéatadán den luach saor ar bord (‘SAB’) réadaithe (i saormhalairt eachtrach) le haghaidh earraí sonracha atá ag dul chuig margaí sonracha. Ní coigeartú incheadaithe í an dreasacht onnmhairiúcháin sin chun comparáid a dhéanamh idir praghsanna. Ní cháilíonn sí mar scéim aisíoca dleachta a bhféadfaí coigeartú faoi Airteagal 2(10)(b) den bhun-Rialachán a mheas ina leith, toisc nach gceadaítear le hAirteagal 2(10)(b) ach coigeartuithe ar an ngnáthluach agus ní ar an bpraghas onnmhairiúcháin. Ina theannta sin, ní ríomhtar luach na scruithe i ndáil le méid na ndleachtanna allmhairiúcháin a ionchorprófaí in onnmhairí táirgí iartheachtacha, ach, ina ionad sin, cinntear é mar chéatadán de luach SAB an mharsantais onnmhairithe. Ina theannta sin, beag beann ar ríomh luach na dreasachta, níl mar thoradh ar oibriú an chórais go n-aisíocfar muirir allmhairiúcháin ar ábhair atá ionchorpraithe go fisiciúil i ndíolacháin intíre an táirge chomhchosúil nó nach mbaileofar iad nuair a onnmhaireofar an táirgeacht chéanna chuig an Aontas. Ar na cúiseanna uile thuas, níorbh fhéidir glacadh le haon choigeartú ar an ngnáthluach ná ar an ngnáthphraghas onnmhairiúcháin. Ar aon chuma, beag beann ar an gcoigeartú seo nó ar aon choigeartú eile atá á dhéanamh, bheadh dumpáil os cionn de minimis i gceist. |
3.2.1.4.
|
(46) |
Maidir leis an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe an táirge chomhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe a bhaineann le cineál comhfhreagrach an táirge faoi athbhreithniú, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán. |
|
(47) |
Ar an mbonn sin, ós rud é gurb iad na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha is cúis le formhór na n-onnmhairí ón India le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, ba é [5 % - 10 %] ar fud na tíre an meánchorrlach dumpála ualaithe arna shloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc. Is é an chonclúid ar thángthas air dá bhrí sin gur leanadh den dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
3.3. an tSín
|
(48) |
Mar a luadh in aithris (17), níor chomhoibrigh aon cheann de na honnmhaireoirí/táirgeoirí ón tSín san imscrúdú. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis na Síne go bhféadfadh an Coimisiún Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na torthaí a bhaineann leis an tSín. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis sin ná aon iarraidh ar idirghabháil ón Oifigeach Éisteacha maidir leis sin. |
|
(49) |
Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí na torthaí maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go ndéanfar an athuair í bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, go háirithe faisnéis a bhí ar fáil go poiblí amhail suíomhanna gréasáin oifigiúla cuideachtaí, an staidreamh a bhí ar fáil, go háirithe bunachair sonraí Global Trade Atlas (‘GTA’), faisnéis san iarraidh ar athbhreithniú, agus faisnéis a fuarthas ó pháirtithe comhoibríocha le linn imscrúdú an athbhreithnithe (is é sin, an t-iarratasóir agus táirgeoirí sampláilte an Aontais). |
3.3.1. Dumpáil i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe
3.3.1.1.
|
(50) |
Ós rud é go raibh fianaise leordhóthanach ar fáil nuair a tionscnaíodh an t-imscrúdú agus go bhféadfaí a thaispeáint, maidir leis an tSín, gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. |
|
(51) |
D’fhonn faisnéis a fháil a mheas sé a bheith riachtanach dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5.3.2 den fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá tar éis dháta fhoilsithe an fhógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach sa tSín. |
|
(52) |
I bpointe 5.3.2 den fhógra tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún freisin, mar gheall ar an bhfianaise a bhí ar fáil, go bhféadfadh sé gur ghá dó tír ionadaíoch iomchuí a roghnú de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, chun an gnáthluach a chinneadh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Shonraigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán. |
|
(53) |
An 1 Márta 2024, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta maidir leis na foinsí ábhartha (‘an Nóta’) a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Sa nóta sin, sholáthair an Coimisiún liosta de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a úsáidtear i dtáirgeadh aigéid ocsalaigh. In éagmais comhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, shainaithin an Coimisiún na príomhthosca táirgeachta bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí san iarraidh agus a sholáthair táirgeoir amháin de chuid an Aontais. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas gur roghnaigh sé tír ionadaíoch, is é sin an Cholóim, mar thír ionadaíoch iomchuí. Chuir sé in iúl freisin do pháirtithe leasmhara go leagfadh sé síos costais díolacháin, costais ghinearálta agus costais riaracháin (‘costais SGA’) agus na brabúis ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil don chuideachta Sucroal SA, táirgeoir an táirge san earnáil chéanna le haigéad ocsalach, mar atá aigéad citreach sa Cholóim. |
|
(54) |
Ní bhfuair an Coimisiún barúlacha ach ó tháirgeoir amháin de chuid an Aontais. Tugadh aghaidh ar na barúlacha sin in aithris (214). |
3.3.1.2.
|
(55) |
I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘[b]eidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir. |
|
(56) |
Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘más rud é go gcinntear […]nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc gur ann do shaobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí pointe (b), ríomhfar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’ agus ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’ (‘costais SGA’ a thugtar anseo feasta ar ‘costais riaracháin, díola agus ghinearálta’). |
|
(57) |
Mar a mhínítear thíos freisin, ba é conclúid an Choimisiúin san imscrúdú seo, bunaithe ar an bhfianaise a bhí ar fáil agus ag féachaint don easpa comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm. |
3.3.1.2.1. Saobhadh suntasach a bheith ann
|
(58) |
In Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán sonraítear gurb é atá i ‘saobhadh suntasach an saobhadh sin a tharlaíonn nuair nach torthaí ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad na praghsanna ná na costais a tuairiscíodh, lena n-áirítear costais amhábhar agus fuinnimh, toisc go bhfuil tionchar ag idirghabháil shubstainteach rialtais orthu’. Agus measúnú á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach, tabharfar aird, inter alia, ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas:
|
|
(59) |
Ós rud é gur liosta neamhcharnach atá in Airteagal (2(6a)(b) den bhun-Rialachán, ní gá na gnéithe uile a thabhairt chun a chinneadh gur ann do shaobhadh suntasach. Thairis sin, féadfar na tosca fíorasacha céanna a úsáid chun a thaispeáint gur ann do cheann amháin nó níos mó de na gnéithe ar an liosta. |
|
(60) |
Mar sin féin, ní mór aon chonclúid maidir le saobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán a dhéanamh ar bhonn na fianaise go léir atá idir lámha. Nuair atá an measúnú foriomlán á dhéanamh le cinneadh an ann do shaobhadh, féadfar comhthéacs ginearálta agus an cás sa tír is onnmhaireoir a chur san áireamh freisin, go háirithe i gcás ina dtugann na gnéithe bunúsacha de chomhdhéanamh eacnamaíoch agus riaracháin na tíre is onnmhaireoir cumhachtaí substainteacha don rialtas chun idirghabháil a dhéanamh sa gheilleagar ar bhealach a fhágfaidh nach torthaí ar shaor-fhorbairt fhórsaí an mhargaidh iad na praghsanna ná na costais. |
|
(61) |
Foráiltear in Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán ‘[i] gcás ina bhfuil údar maith ag an gCoimisiún le creidiúint go bhféadfadh saobhadh suntasach dá dtagraítear i bpointe (b) a bheith ann i dtír ar leith nó in earnáil ar leith sa tír sin, agus i gcás inarb iomchuí chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil lena dtuairisceofar imthosca an mhargaidh dá dtagraítear i bpointe (b) sa tír sin nó san earnáil sin a ullmhú, a phoibliú agus a thabhairt cothrom le dáta’. |
|
(62) |
De bhun na forála sin, d’eisigh an Coimisiún tuarascáil de réir tíre maidir leis an tSín (‘an Tuarascáil’) (12), ina bhfuil fianaise gur ann d’idirghabháil shubstainteach rialtais ar go leor leibhéal den gheilleagar, lena n-áirítear saobhadh sonrach i gcuid mhaith príomhthosca táirgeachta (amhail talamh, fuinneamh, caipiteal, amhábhar agus saothar) chomh maith le hearnálacha roghnaithe (amhail earnáil na gceimiceán). Iarradh ar na páirtithe leasmhara an fhianaise a bhí sa chomhad imscrúdaithe tráth an tionscnaimh a fhrisnéis, barúil a thabhairt maidir léi nó an fhianaise a fhorlíonadh. Cuireadh an Tuarascáil maidir leis an tSín sa chomhad imscrúdaithe ag céim an tionscnaimh. Bhí roinnt fianaise ábhartha a chomhlánaíonn an Tuarascáil san iarraidh ar athbhreithniú éaga freisin. |
|
(63) |
Níor thug Rialtas na Síne barúil ná níor sholáthair sé fianaise lenar tacaíodh nó lenar bréagnaíodh an fhianaise atá sa cháschomhad faoi láthair, lena n-áirítear an Tuarascáil, maidir le saobhadh suntasach a bheith ann agus/nó maidir lena iomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán sa chás atá i gceist. |
|
(64) |
Chun saobhadh suntasach a léiriú maidir le praghsanna agus costais sa tSín, bhraith an t-iarratasóir ar an bhfianaise a bhí sa Tuarascáil, agus ar thorthaí an Choimisiúin i roinnt imscrúduithe a rinneadh le déanaí maidir le hearnáil na gceimiceán sa tSín. |
|
(65) |
Thug an t-iarratasóir aghaidh ar dtús ar chur isteach sonrach ar chostais na n-amhábhar agus na n-ionchur eile a úsáidtear chun aigéad ocsalach a mhonarú. Go deimhin, déantar aigéad ocsalach a tháirgeadh ag tosú le cúig amhábhar éagsúla, mar atá: carbaihiodráití (siúcra agus stáirse den chuid is mó a dhíorthaítear ó stáirse arbhair); aigéad nítreach; aigéad sulfarach; ocsaigin; agus sárocsaíd hidrigine. |
|
(66) |
D’áitigh an t-iarratasóir go n-aimsítear saobhadh suntasach i ngach earnáil ábhartha mar a leanas. |
Carbaihiodráití (siúcra, arbhar agus stáirse arbhair)
|
(67) |
Thug an t-iarratasóir le fios go bhfuil méideanna móra stoc-charn arbhair i seilbh na Síne, rud a ligeann don rialtas praghsanna an tráchtearra sin a ísliú nó a ardú go saorga trí mhéideanna móra arbhair a cheannach nó a dhíol ar an margadh. Cé gur thosaigh an tSín ag dul i ngleic le fadhb na gcúltaiscí farasbairr arbhair in 2016, tá stoc-chairn an-mhór ina seilbh aici fós, a mbíonn tionchar saofa acu ar phraghsanna (13). |
|
(68) |
Thairis sin, mhaígh an t-iarratasóir go bhfuil smacht ag an rialtas ar na gnéithe éagsúla de shlabhra luacha iomlán an arbhair, lena n-áirítear fóirdheontais ar tháirgeadh arbhair (14) agus maoirseacht ar an bpróiseáil (15). Tá bearta rialaithe infheistíochta i bhfeidhm sa tSín freisin (16). |
|
(69) |
Thug an t-iarratasóir le fios freisin go leanann an 14ú Plean Cúig Bliana de chuid na Síne le haghaidh Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta (‘an 14ú FYP’) an 13ú FYP roimhe seo ó thaobh na spriocanna atá le baint amach in earnáil talmhaíochta na Síne a leagan amach, lena n-áirítear táirgeadh agus rialáil siúcra agus arbhair. Glacadh na pleananna sin ar leibhéal an rialtais láir ach is iad na rialtais agus údaráis chuige a chuireann chun feidhme iad ar an leibhéal áitiúil. |
|
(70) |
Leanann an 14ú Plean 5 Bliana den phleanáil eacnamaíoch lárnach agus áitiúil in earnáil talmhaíochta na Síne lena gcumhdaítear 2021 go 2025 agus é mar aidhm leis leanúint den ‘athchóiriú struchtúrach ar thaobh an tsoláthair talmhaíochta a dhoimhniú, treoir cháilíochta a neartú, agus athbheochan tionscal tuaithe a chur chun cinn’ (17). |
|
(71) |
Chun an ‘athstruchtúrú domhain talmhaíochta’ sin a bhaint amach, leagtar amach sa 14ú Plean Cúig Bliana roinnt cuspóirí ina earnáil talmhaíochta, lena n-áirítear na spriocanna chun leagan amach an táirgthe talmhaíochta a bharrfheabhsú, crios tionscail um tháirgeadh táirgí talmhaíochta níos fearr a thógáil, feabhas a chur ar na córais tacaíochta agus cosanta talmhaíochta, feabhas a chur ar an sásra cúitimh sochair do limistéir mhórtháirgthe gráin, córas nua beartais fóirdheontais talmhaíochta a thógáil, agus feabhas a chur ar an mbeartas maidir le híosphraghas ceannaigh gráin. Déantar na cuspóirí sin a chur chun feidhme tuilleadh ar an leibhéal lárnach, mar shampla, tríd an bPlean Forbartha don Talmhaíocht Dhigiteach agus do Limistéir Thuaithe (2019-2025); páipéar bán maidir le slándáil bia sa tSín; (18) agus Plean Náisiúnta 2020-2025 um Fhorbairt Thionsclaíoch Tuaithe (19). |
|
(72) |
Éilíonn rialtas láir na Síne bearta agus cleachtais idirghabhálacha go rialta chun aschur, soláthar agus éileamh arbhair sa tír a rialáil. I mí Aibreáin 2022, d’iarr Leas-Phríomh-Aire na Síne, Hu Chunhua, agus comhalta de Bhiúró Polaitiúil Lárchoiste Pháirtí Cumannach na Síne, go ndéanfadh na táirgeoirí talmhaíochta ‘tréaniarrachtaí’ chun borradh a chur faoin táirgeacht arbhair chun aschur agus soláthar an bhairr a chobhsú. (20) Go sonrach, dúirt sé nach amháin gur grán stáplacha tábhachtach é an t-arbhar gur ‘amhábhar ríthábhachtach é freisin le haghaidh a lán táirgí tionsclaíocha’, agus gur táirge den sórt sin é aigéad ocsalach. |
|
(73) |
Ar na cuideachtaí lárnacha faoi úinéireacht stáit agus a bhfochuideachtaí faoi mhaoirseacht an Choimisiúin um Maoirseacht agus Riarachán ar Shócmhainní (‘SASAC’) atá faoi úinéireacht Stáit agus a oibríonn san earnáil talmhaíochta agus in earnálacha gaolmhara, tá siad seo a leanas, i measc fiontair eile: Grúpa Forbartha Talmhaíochta na Síne; Corparáid COFCO; Grúpa Stórála Gráin na Síne; Grúpa Thionscal Salainn na Síne; Sinochem; Grúpa Náisiúnta Ceimiceán na Síne; agus Grúpa Síolta Náisiúnta na Síne. (21) |
|
(74) |
Cuireann an tSín toirmeasc freisin ar eintitis eachtracha a bheith ina scairshealbhóirí rialaithe i bhfiontair atá ag saothrú arbhair (22). Tá onnmhairiú arbhair faoi réir ceadúnais cuótaí onnmhairiúcháin freisin atá á mbainistiú ag Coimisiún Forbartha agus Athchóirithe Náisiúnta na Síne (‘NDRC’) agus ag an Aireacht Tráchtála (‘MOFCOM’) agus nach leithdháiltear ach ar fhiontair trádála stáit (23). |
|
(75) |
Dá bhrí sin, baineann bearta idirghabhálacha le táirgeadh arbhair sa tSín ar bearta iad a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus cúige faoi phleananna mionsonraithe a shaobhann fórsaí an tsoláthair agus éilimh ag an mbunleibhéal táirgthe. Tá líon suntasach cuideachtaí Síneacha faoi úinéireacht stáit san earnáil freisin. Chuir an t-iarratasóir i dtábhacht go ndéanann bearta idirghabhálacha agus gníomhaíochtaí polaitiúla comhchosúla saobhadh ar phraghsanna an arbhair do phróiseálaithe tionsclaíocha ag leibhéal an stáirse agus ag leibhéal an aigéid ocsalaigh ina dhiaidh sin. |
Ceimiceáin idirmheánacha bhunúsacha
|
(76) |
Mar a luaitear thuas, chun aigéad ocsalach a tháirgeadh bíonn roinnt ceimiceán idirmheánach bunúsach ag teastáil lena n-áirítear aigéad nítreach, aigéad sulfarach, ocsaigin agus sárocsaíd hidrigine. D’áitigh an t-iarratasóir gur ann do rannpháirtíocht cuideachtaí na Síne faoi úinéireacht stáit ina earnáil ceimiceán ar fud an tslabhra táirgeachta, ag tosú leis na hamhábhair bhunúsacha agus ag críochnú le táirgeadh aigéid ocsalaigh, rud a chruthaíonn saobhadh suntasach ar phraghsanna agus ar mhéideanna táirgeachta ó cheimiceáin idirmheánacha bhunúsacha. Tá fiontair faoi úinéireacht phoiblí agus fiontair faoi úinéireacht phríobháideach araon san earnáil ceimiceán faoi réir mhaoirseacht agus threoraíocht bheartais. Mar thoradh air sin, chuir an t-iarratasóir in iúl go bhfuil rialtas na Síne in ann smacht suntasach a fheidhmiú ar cheimiceáin idirmheánacha bhunúsacha agus mar sin ar phraghsáil deiridh aigéid ocsalaigh a dhéantar sa tSín as a dtagann saobhadh a thugtar anonn go margaí onnmhairiúcháin lena n-áirítear margaí onnmhairiúcháin an Aontais. |
|
(77) |
Chuir an t-iarratasóir in iúl go mbaintear an rialú sin amach trí ghníomhaireachtaí rialtais na Síne amhail SASAC, arb é úinéir ionadaíoch oifigiúil sócmhainní atá faoi úinéireacht stáit é chomh maith le horgán maoirseachta na gcuideachtaí neamhairgeadais lárnacha faoi úinéireacht Stáit, ina bhfuil, amhail mí an Mhárta 2019, 96 fhiontar agus a bhfochuideachtaí (24). |
|
(78) |
Mar shampla, thuairiscigh an t-iarratasóir gur ‘bonn táirgthe náisiúnta’ ceimiceán neamhorgánach, ceimiceán orgánach agus míncheimiceán, lena n-áirítear aigéad sulfarachagus aigéad nítreach, é Sinopec, ollchuideachta Shíneach faoi úinéireacht stáit, trína fhochuideachta Nanjing Chemical Industrial Corporation. Trína fhochuideachta, Hunan Jianchang Petrochemical Co. Ltd., tá sé ar cheann de na soláthraithe sárocsaíde hidrigine is mó sa tír freisin. |
|
(79) |
Chuir Sinopec i dtábhacht go gcloíonn sé le prionsabail an pháirtí in go leor cásanna (25). Admhaíonn Grúpa Sinopec, arna rialú go hiomlán ag rialtas láir na Síne, go mbíonn tionchar suntasach ar a ghníomhaíochtaí táirgthe de bharr rialú an rialtais láir ar gheilleagar na Síne (26). |
|
(80) |
Chonacthas don iarratasóir freisin gurb iad na ró-acmhainneachtaí ollmhóra in earnáil ceimiceán na Síne is cúis le saobhadh ar phraghsanna agus ar sholáthar táirgí idirmheánacha ceimiceacha, rud a deimhníodh leis an Tuarascáil ar an tSín (27). |
|
(81) |
I measc na gcineálacha eile pleanála ar an leibhéal áitiúil tá, mar shampla, an 13ú Plean Cúig Bliana de chuid Hebei maidir le forbairt thionscal na bpeitriceimiceán, cúige a bhfuil cáil air as táirgí idirmheánacha ceimiceacha a bheith á dtáirgeadh aige. Leis an bplean, i gcomhréir leis an mbeartas tionsclaíoch náisiúnta agus i gcomhréir le ceanglais liosta Hebei de shrianta agus díchur tionscail, cuirtear chun feidhme go docht coinníollacha iontrála na hearnála, rialaítear aon tionscadal nua acmhainneachta táirgeachta maidir le haigéad sulfarach, i measc nithe eile (28). |
Fuinneamh – Leictreachas
|
(82) |
Mhínigh an t-iarratasóir go n-éilíonn táirgeadh aigéid ocsalaigh méid suntasach fuinnimh, i bhfoirm cumhacht leictreach, chun an próiseas táirgthe agus na himoibrithe ceimiceacha a thiomáint. |
|
(83) |
Mar a léirítear sa Tuarascáil ar an tSín, (29) is saintréith den mhargadh leictreachais sa tSín i rannpháirtíocht láidir cuideachtaí faoi úinéireacht stáit ag céimeanna éagsúla den slabhra soláthair. Tá thart ar 50 % den acmhainneacht giniúna faoi úinéireacht stáit, ach tá an eangach tarchuir ina hiomláine faoi úinéireacht dhá chuideachta faoi úinéireacht stáit. Feictear láithreacht an stáit ar fud earnáil an fhuinnimh agus as breis is céad cuideachta lárnach faoi úinéireacht agus á maoirsiú ag SASAC faoi láthair, is san earnáil fuinnimh atá 21 díobh. |
|
(84) |
Thagair an t-iarratasóir freisin do roinnt gnéithe de bheartais rialtas na Síne a mbíonn saobhadh ar phraghsanna leictreachais freisin mar thoradh orthu (30). Ar an gcéad dul síos, ní hé SERC, rialtóir leictreachais neamhspleách na Síne, a shocraíonn praghsanna leictreachais. Ina ionad sin, is é NDRC, an t-údarás rialtais a bhfuil údarás aige freisin ar bheartais thionsclaíocha, a shocraíonn na praghsanna. Ar an dara dul síos, cé go bhfuil leictreachas ar cheann de na príomhionchuir i monarú aigéid ocsalaigh, níl praghsanna leictreachais margadhbhunaithe sa tSín agus bíonn tionchar ag saobhadh suntasach orthu freisin (trí shocrú lárnach praghsanna, trí dhifreáil praghsanna agus trí chleachtais ceannaigh dhírigh an leictreachais). (31) |
Fuinneamh – Gás
|
(85) |
D’áitigh an t-iarratasóir go bhfuil táirgeadh, soláthar, dáileadh agus praghsáil gáis nádúrtha sa tSín á rialáil agus á rialú go mór ag stát na Síne, rud a fhágann go bhfuil saobhadh ann trí roinnt sásraí. Cruthaíonn sé sin saobhadh suntasach i bhfeidhmiú mhargadh intíre na Síne maidir le soláthar fuinnimh san fhoirm sin agus substaintí iartheachtacha a mhonaraítear a bhuí leis an saobhadh sin (32). |
|
(86) |
Mar chuid den 13ú Plean Cúig Bliana ginearálta, ghlac rialtas na Síne plean earnála sonrach d’Fhorbairt Gáis Nádúrtha na Síne (33). Mar a luaitear sa Tuarascáil ar an tSín, is é NDRC a rialaíonn praghsanna an gháis nádúrtha intíre, agus a fhoilsíonn na praghsanna is infheidhme maidir le gach cúige i bhFógraí, agus foilsíonn na biúrónna praghsanna áitiúla fógra comhfhreagrach ansin ar an leibhéal áitiúil lena gcuirtear chun feidhme na praghsanna a chinn an NDRC lárnach. |
|
(87) |
Mar a léirítear sa Tuarascáil ar an tSín, tá tionscal gáis nádúrtha na Síne go mór faoi cheannas cuideachtaí faoi úinéireacht stáit freisin. (34) |
Praghsanna fuinnimh – Go ginearálta
|
(88) |
Go hachomair, thug an t-iarratasóir le fios nach bhfuil na praghsanna fuinnimh sa tSín margadhbhunaithe agus go bhfuil na praghsanna fós á rialú den chuid is mó ag an stát nó á nglacadh ag rialtais chúige agus áitiúla chun praghsanna fabhracha fuinnimh a sholáthar do tháirgeoirí ceimiceán áitiúla chun a chur ar a gcumas dóibh tairbhe a bhaint as costais táirgthe níos ísle. Is toradh ar rialuithe praghsanna foirmiúla na Síne le haghaidh gás nádúrtha, ola scagtha, leictreachais agus seirbhísí iompair é cuid den saobhadh is suntasaí i ngeilleagar na Síne. Is tosca iad na hearraí agus na seirbhísí sin sa mhargadh a mbíonn tionchar acu ar chostais táirgthe agus ar phraghsanna deiridh earraí tionsclaíocha, go háirithe i dtionscail atá dian ar acmhainní ina mbíonn méideanna suntasacha amhábhar ag teastáil, amhail táirgeadh aigéid ocsalaigh. (35) |
Táirgeadh aigéid ocsalaigh
|
(89) |
Tar éis dó anailís a dhéanamh ar na hearnálacha thuasluaite, thug an t-iarratasóir aghaidh freisin ar tháirgeadh aigéid ocsalaigh sa tSín trí na gnéithe a leanas a mheabhrú, gnéithe a mbíonn saobhadh suntasach mar thoradh orthu. |
|
(90) |
Ar an gcéad dul síos, tá earnáil na gceimiceán, lena n-áirítear fo-earnáil an aigéid ocsalaigh, á riar go suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht stáit, faoi smacht an stáit, faoi mhaoirseacht bheartais an stáit nó faoi threoir údaráis an stáit. |
|
(91) |
Cothaíonn Rialtas na Síne agus Páirtí Cumannach na Síne (‘CCP’) struchtúir lena n-áirithítear go mbeidh tionchar leanúnach acu ar fhiontair, agus go háirithe ar fhiontair faoi úinéireacht stáit. Tugann scála ollmhór acmhainneacht táirgeachta phríomhtháirgeoirí aigéid ocsalaigh na Síne leid maidir le roinnt gnéithe de smacht Rialtas na Síne agus Pháirtí Cumannach na Síne ar a gcuid oibríochtaí. Is é seo a leanas an tuairisc a thugann Shandong Fengyuan Chemical Co., Ltd, mar shampla, air féin ‘ceann de na príomhfhiontair i dtionscal an aigéid ocsalaigh san Áise, [a bhfuil] acmhainneacht 105 000 mt d’aigéad ocsalach tionsclaíoch agus 15 000 mt d’aigéad ocsalach scagtha agus d’ocsaláitaige’ (36). Tá beagnach cúig oiread acmhainneacht táirgeachta bhliantúil thionscal an Aontais ag an gcuideachta Shíneach sin amháin. I bhfianaise mhéid na hinfheistíochta caipitil a iarradh chun an oibríocht ollmhór sin a chur ar bun, chinn an t-iarratasóir gur dócha go mbeadh naisc ag an gcuideachta le Rialtas lárnach nó áitiúil na Síne agus le Páirtí Cumannach na Síne. |
|
(92) |
Tuairiscítear freisin ar shuíomh gréasáin Shandong Fengyuan Chemical Co., Ltd. go n-aithnítear gur fiontar ardteicneolaíochta náisiúnta agus lárionad fhiontar teicneolaíochta Chúige Shandong atá sa chuideachta. I mí Mheán Fómhair 2011, d’aithin Roinn Eolaíochta agus Teicneolaíochta Chúige Shandong de chuid an rialtais chúigigh gurbh é lárionad taighde agus forbartha na cuideachta ‘lárionad taighde theicneolaíocht innealtóireachta Shandong ó thaobh aigéad ocsalach de’. Bronnadh teidil oinigh ar an gcuideachta freisin: ‘an 14ú fiontar ceannródaíoch nua i ngeilleagar na Síne’, ‘Fiontar inmholta Fumin Xinglu de chuid Chúige Shandong’, agus ‘Fiontar a léiríonn aontacht náisiúnta agus dul chun cinn Chúige Shandong’, léiriú eile ar na naisc idir an chuideachta agus an rialtas cúige. |
|
(93) |
Ar an gcaoi chéanna, thuairiscigh an t-iarratasóir go bhfuil acmhainneacht táirgeachta bhliantúil mheasta 100 000 tona le haghaidh aigéad ocsalach ag Tongliao Jinmei Chemical Company, atá lonnaithe i réigiún na hIon-Mhongóile, agus go dtugann scála na hinfheistíochta agus an chaipitil a theastódh chun gléasra chomh mór sin a thógáil le fios gurb ann do naisc chomhchosúla fhéideartha le Rialtas na Síne láir nó áitiúil agus le Páirtí Cumannach na Síne, agus do thionchair agus rialú comhchosúil féideartha freisin. |
|
(94) |
Ar an dara dul síos, cuireann láithreacht an stáit i gcuideachtaí aigéid ocsalaigh ar chumas na n-údarás cur isteach ar phraghsanna agus/nó ar chostais. Go deimhin, na rialacha maidir le heagraíochtaí de chuid Pháirtí Cumannach na Síne a bhunú i ngach cuideachta, tá feidhm acu freisin maidir le táirgeoirí aigéid ocsalaigh agus soláthraithe a n-ionchur (37). |
|
(95) |
Tá Tongliao Jinmei lonnaithe san Ion-Mhongóil, réigiún ar aimsíodh ina leith roimhe seo go bhforchuireann sé naisc rialtais tríd an eagraíocht pháirtí fiú ar chuideachtaí ar cosúil gur cuideachtaí príobháideacha iad. In imscrúdú a rinneadh le déanaí, nocht an Coimisiún gur ceanglaíodh ar chuideachta sa réigiúin sin a líomhnaíodh a bheith ina cuideachta phríobháideach brainse den pháirtí a bhunú laistigh den chuideachta. Ina dhiaidh sin, thug an coiste áitiúil ‘formheas’ foirmiúil do bhunú Choiste Páirtí na cuideachta agus ceanglaíodh ar na fochuideachtaí gaolmhara coiste páirtí dara leibhéal a chur ar bun agus brainsí gaolmhara (38). |
|
(96) |
Go sonrach, déanann Rialtas na Síne cuid mhór maoirseachta beartais fós in earnáil an aigéid ocsalaigh, fiú má tá leibhéal na húinéireachta stáit réasúnta íseal. Mar shampla, tuairiscíodh an méid a leanas ar shuíomh gréasáin Shandong Fengyuan Chemical Co., Ltd i mí an Mhárta 2023: ‘In éineacht le foireann bhiúró eolaíochta agus teicneolaíochta Zaozhuang, oifig airgeadais, coiste faisnéise eacnamaíche, Banc an Phobail, etc. rinne Leas-Mhéara Zaozhuang, Huo Gaoyuan, cigireacht ar fhorbairt gheilleagar tionsclaíoch Cheantar Taierzhuang. Tugadh cuairt ar ár gcuideachta freisin. In éineacht le cathaoirleach an bhoird Zhao Guanghui, thug na ceannairí cuairt ar an ngléasra agus d’éist siad leis an tuarascáil ar staid an IPO, ar phróiseas an IPO agus ar phlean chun ár gcuideachta a fhorbairt. Cé gur mhol [an Cathaoirleach] Huo éachtaí eacnamaíocha agus ionchais ár gcuideachta i gcoitinne, bhí i bhfad níos mó á iarraidh aige ó thaobh sábháilteacht táirgeachta agus oiliúint pearsanra de agus ó thaobh nuálaíocht theicneolaíoch ár gcuideachta’. |
|
(97) |
Ar an tríú dul síos, saothraíonn Rialtas na Síne beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir. |
|
(98) |
Measann rialtas na Síne go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le tionscal an aigéid ocsalaigh toisc go bhfuil ag méadú i gcónaí ar an úsáid a dhéantar de sa tSín chun substaintí a fhorbairt a úsáidtear chun dúile tearc-chré a eastóscadh nó a bhruithniú (39). Tá borradh faoin éileamh ar dhúile tearcmhiotail ar fud na dtionscal úsáide deiridh amhail tionscail na mótarfheithiclí agus na leictreonaice. |
|
(99) |
De réir a láithreáin gréasáin, aithnítear freisin gur lárionad náisiúnta fiontar ardteicneolaíochta agus teicneolaíochta fiontraíochta i gCúige Shandong é Shandong Fengyuan Chemical Co., Ltd (40). Dealraíonn sé, mar thoradh ar an stádas, sin go gcáilíonn an chuideachta le haghaidh chlár na Síne um Fhiontraíocht Ardteicneolaíochta agus Nuatheicneolaíochta (HNTE) ar clár é a thairgeann ráta cánach corparáide 15 % (i gcomparáid leis an ngnáthráta 25 %) do chuideachtaí cáilithe beag beann ar chineál na hinfheistíochta sa chuideachta. Deonaíonn na húdaráis chánach chúigeacha stádas HNTE le haghaidh saoráidí cuideachta atá lonnaithe laistigh de na cúigí sin, laistigh de Chúige Shandong sa chás seo, is cosúil (41). |
|
(100) |
Is minic aitheantais den sórt sin ina léiriú freisin ar incháilitheacht chun méideanna substaintiúla tacaíochta airgeadais lárnaí agus cúigí a fháil i bhfoirm fóirdheontas (42). |
|
(101) |
Eascraíonn saobhadh eile as na tairbhí a thugtar faoi chláir rialtais láir agus áitiúil le haghaidh páirceanna tionsclaíocha nó ceimiceán dá ngairtear Limistéir Forbartha Tionscail Ardteicneolaíochta níos coitianta. De réir shuíomhanna gréasáin na gcuideachtaí, tá Shandong Fengyuan lonnaithe i gCrios Forbartha Eacnamaíche Shandong Taierzhuang, i gcúige Shandong; Tá Qingzhou Peng Bo Chemicals Co., Ltd lonnaithe i gCrios Forbartha Eacnamaíche Qingzhou City, i gCúige Shandong; agus tá Shijiazhuang Taihe Chemicals Co. Ltd. lonnaithe in Shijiazhuang i gCeantar Tionsclaíoch Douyu, i gcúige Shijiazhuang. |
|
(102) |
Is gnách go mbíonn táirgeoirí ceimiceán atá lonnaithe i bpáirceanna tionsclaíocha den chineál sin incháilithe le haghaidh tacaíocht rialtais, ós rud é go bhfuil gach cuideachta atá lonnaithe sa pháirc faoi réir an Fhógra maidir le Bainistiú Caighdeánaithe ar Limistéir Chomhcruinnithe Thionscal na gCeimiceán, chun Páirceanna Thionscal na gCeimiceán sa Chúige a Neartú (43). |
|
(103) |
Ar an gceathrú dul síos, amhail aon earnáil eile i ngeilleagar na Síne, tá earnáil na gceimiceán faoi réir saobhadh a eascraíonn as cur i bhfeidhm idirdhealaitheach rialacha féimheachta, corparáideacha agus maoine na Síne nó as iad a fhorfheidhmiú go neamhleor. Go deimhin, is cosúil go bhfuil breithniú an Choimisiúin sa Tuarascáil ar an tSín maidir le féimheacht agus dlíthe maoine na Síne infheidhme go hiomlán freisin in earnáil an aigéid ocsalaigh (44). |
|
(104) |
Ar an gcúigiú dul síos, déantar costais phá a shaobhadh in earnáil na gceimiceán freisin, go díreach (maidir le táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú nó maidir le táirgeadh na bpríomh-ionchuir) agus go hindíreach (le linn rochtain ar chaipiteal nó ar ionchuir ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna) (45). |
|
(105) |
Ar an séú dul síos, tá rochtain ag táirgeoirí aigéid ocsalaigh ar mhaoiniú arna dheonú ag institiúidí a chuireann cuspóirí an bheartais phoiblí chun feidhme nó nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an stát ar shlí eile. Tá forlámhas ag na bainc thráchtála faoi úinéireacht stáit ar chóras airgeadais na Síne. |
|
(106) |
Shoiléirigh Rialtas na Síne le déanaí freisin go mbíonn maoirseacht le déanamh ag Páirtí Cumannach na Síne ar chinntí baincéireachta tráchtála príobháideacha fiú agus nach mór iad a bheith ag teacht le beartais náisiúnta. Ceann de thrí sprioc uileghabhálacha an Stáit maidir le rialachas baincéireachta anois is ea ceannaireacht an Pháirtí a neartú in earnáil na baincéireachta agus an árachais, lena n-áirítear i ndáil le saincheisteanna oibríochtúla agus bainistíochta i gcuideachtaí. An 28 Lúnasa 2020, d’eisigh Coimisiún Rialála Baincéireachta agus Árachais na Síne (CBIRC) plean gníomhaíochta trí bliana chun rialachas corparáideach na n-earnálacha baincéireachta agus árachais a fheabhsú (2020-2022). (46) Tugtar treoir sa Phlean ‘tuilleadh cur chun feidhme a dhéanamh ar an spiorad atá cuimsithe i bpríomhóráid an Ard-Rúnaí Xi Jinping maidir le hathchóiriú ar rialachas corparáideach na hearnála airgeadais a chur chun cinn’. Thairis sin, is é is aidhm do Roinn II den Phlean comhtháthú orgánach cheannaireacht an Pháirtí sa rialachas corparáideach a chur chun cinn: ‘déanfaimid comhtháthú cheannaireacht an Pháirtí sa rialachas corparáideach a dhéanamh ar bhonn níos córasaí agus níos caighdeánaithe agus é bunaithe níos mó ar nósanna imeachta [...] Ní mór don Choiste Páirtí saincheisteanna móra oibríochtúla agus bainistíochta a phlé sula gcinnfidh an Bord Stiúrthóirí nó an bhainistíocht shinsearach iad ’ . |
|
(107) |
D’áitigh an t-iarratasóir gur saobhadh sistéamach é an saobhadh thuasluaite. Dá bhrí sin, cruthaíonn rannpháirtíocht cuideachtaí na Síne faoi úinéireacht stáit ar fud an tslabhra táirgeachta saobhadh suntasach ar phraghsanna agus ar mhéideanna táirgeachta. |
|
(108) |
Chun aigéad ocsalach a tháirgeadh, bíonn raon leathan ionchur ag teastáil lena n-áirítear siúcra/arbhar/stáirse, ceimiceáin idirmheánacha agus méideanna móra fuinnimh agus uisce. Ós rud é go bhforchuirtear srianta, mar shampla, ar allmhairiú arbhair, go mbíonn saobhadh ann i bhfoirm sochtadh praghsanna le haghaidh buncheimiceáin idirmheánacha agus, ar ndóigh, nach mór fuinneamh agus uisce a sholáthar go háitiúil, faigheann monaróirí aigéid ocsalaigh na Síne a n-ionchuir uile sa tSín. Nuair a cheannaíonn táirgeoirí aigéid ocsalaigh amhábhair réamhtheachtacha nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh chun na hionchuir a tháirgeadh, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a dhéantar a thaifeadadh mar a gcuid costas) neamhchosanta ar shaobhadh sistéamach. |
|
(109) |
Mar thoradh air sin, ní hamháin nach bhfuil praghsanna díola intíre aigéid ocsalaigh iomchuí lena n-úsáid, ach déantar difear freisin do na costais ionchuir uile (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, saothar, etc.) toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil rialtais difear dá bpraghasmhúnlú. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, go mbíonn ionchur arna tháirgeadh sa tSín trí raon tosca táirgeachta a chur le chéile neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh atá maidir leis na hionchuir le haghaidh na n-ionchur, mar shampla arbhar a thiontú go stáirse lena úsáid ina dhiaidh sin mar bhunábhar chun aigéad ocsalach a tháirgeadh. Mar shampla, fostaíonn soláthróirí na n-ionchur sin lucht saothair atá faoi réir saobhadh. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht a bheidh faoi réir shaobhadh na hearnála airgeadais/leithdháileadh an chaipitil. Ina theannta sin, tá siad faoi réir an chórais pleanála is infheidhme maidir le gach leibhéal rialtais agus earnálacha. |
|
(110) |
Mar chonclúid, d’áitigh an t-iarratasóir gurb ann do shaobhadh suntasach de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán in earnáil an aigéid ocsalaigh. |
|
(111) |
Scrúdaigh an Coimisiún cé acu is iomchuí nó nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid, i ngeall gur ann do shaobhadh suntasach de réir phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún amhlaidh ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil sa chomhad. Áiríodh san fhianaise ar an gcomhad an fhianaise a bhí sa Tuarascáil, chomh maith lena leagan nuashonraithe (‘Tuarascáil nuashonraithe’) (47), a bhraitheann ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí, agus a eisíodh sa chomhad imscrúdaithe an 14 Bealtaine 2024. |
|
(112) |
Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substaintiúla rialtais i ngeilleagar na Síne i gcoitinne, ach cumhdaíodh freisin staid shonrach an mhargaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear an táirge lena mbaineann. Chuir an Coimisiún leis na gnéithe fianaiseacha sin tuilleadh lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gurb ann do shaobhadh suntasach sa tSín. |
3.3.1.2.2. Saobhadh suntasach a imríonn tionchar ar phraghsanna agus costais sa tSín
|
(113) |
Tá córas eacnamaíoch na Síne bunaithe ar an gcoincheap ‘geilleagar margaidh sóisialach’. Tá an coincheap sin cumhdaithe i mBunreacht na Síne agus cinneann sé rialachas eacnamaíoch na Síne. Is é an príomhphrionsabal ‘úinéireacht phoiblí shóisialach ar na modhanna táirgthe, is é sin, úinéireacht an phobail uile agus comhúinéireacht ag an lucht oibre’ (48) . |
|
(114) |
Is é an geilleagar faoi úinéireacht stáit an ‘ceann feadhna sa gheilleagar náisiúnta’ agus tá sainordú ag an stát ‘comhdhlúthú agus fás’ an gheilleagair sin a áirithiú. (49) Dá dhroim sin, ní hamháin go bhfágann comhdhéanamh foriomlán gheilleagar na Síne gur féidir idirghabhálacha substainteacha rialtais a dhéanamh sa gheilleagar, ach sainordaítear idirghabhálacha den sórt sin go sainráite. Tá an coincheap maidir le ceannas na húinéireachta poiblí ar an úinéireacht phríobháideach leata ar fud an chórais dlíthiúil fhoriomláin agus cuirtear béim air mar phrionsabal ginearálta i ngach píosa reachtaíochta lárnaí. |
|
(115) |
Is sampla den scoth é dlí maoine na Síne: tagraíonn sé do phríomhchéim an tsóisialachais agus cuireann sé ar iontaoibh an stáit seasamh leis an gcóras eacnamaíoch bunúsach faoina bhfuil ról ceannasach ag an úinéireacht phoiblí. Glactar le foirmeacha eile úinéireachta, agus tugtar cead dóibh de réir dlí forbairt taobh le taobh leis an úinéireacht stáit (50). |
|
(116) |
Ina theannta sin, faoi dhlí na Síne, forbraítear an geilleagar margaidh sóisialach faoi cheannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne. Tá struchtúir stát na Síne agus Pháirtí Cumannach na Síne fite fuaite ina chéile ar gach leibhéal (dlíthiúil, institiúideach, pearsanta), rud lena gcruthaítear forstruchtúr nach féidir róil an Pháirtí agus an stáit a idirdhealú óna chéile ann. |
|
(117) |
Tar éis leasú a dhéanamh ar Bhunreacht na Síne i mí an Mhárta 2018, tugadh tábhacht níos mó fós do ról ceannasach Pháirtí Cumannach na Síne trína athdhearbhú i dtéacs Airteagal 1 den Bhunreacht. |
|
(118) |
Tar éis na chéad abairte atá cheana féin san fhoráil: ‘[i]s é an córas sóisialach córas bunúsach Dhaon-Phoblacht na Síne’ cuireadh an dara habairt nua isteach ina léitear: ‘[i]s í gné shainiúil an tsóisialachais le saintréithe Síneacha ná ceannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne’ (51). Léiríonn sé sin smacht gan cheist an Pháirtí Chumannaigh ar chóras eacnamaíoch na Síne, smacht atá ag fás de shíor. |
|
(119) |
Gné dhílis de chóras na Síne is ea an cheannaireacht agus an smacht sin agus gabhann siad thar an ngnáth-chás i dtíortha eile ina mbíonn smacht maicreacnamaíoch ginearálta ag na rialtais laistigh de na teorainneacha a mbíonn fórsaí an mhargaidh shaoir ag feidhmiú laistigh díobh. |
|
(120) |
Bíonn stát na Síne ag gabháil do bheartas eacnamaíoch crioscaíolach de bhun spriocanna, a thagann leis an gclár oibre polaitiúil arna leagan síos ag Páirtí Cumannach na Síne in ionad a bheith ag léiriú na gcoinníollacha eacnamaíocha atá i réim i margadh saor (52). Tá an iliomad uirlisí eacnamaíocha crioscaíolacha in úsáid ag údaráis na Síne, lena n-áirítear an córas a bhaineann le pleanáil thionsclaíoch, an córas airgeadais agus le leibhéal na timpeallachta rialála. |
|
(121) |
Ar an gcéad dul síos, ar leibhéal an smachta riaracháin ghinearálta, tá treo gheilleagar na Síne á rialú ag córas casta um pleanáil tionscail a bhfuil tionchar aige ar gach gníomhaíocht eacnamaíoch sa tír. Leis na pleananna sin i dteannta a chéile, cumhdaítear maitrís chuimsitheach chasta earnálacha agus beartas trasghearrtha, agus tá siad le fáil ar gach leibhéal rialtais. |
|
(122) |
Tá pleananna mionsonraithe á gcur i bhfeidhm ar leibhéal na gcúigí agus leagtar amach spriocanna níos leithne sna pleananna náisiúnta. Sonraítear sna pleananna freisin na modhanna chun tacú leis na tionscail/earnálacha ábhartha chomh maith leis na tráthchláir faoina mbíonn na cuspóirí le gnóthú. Tá spriocanna follasacha aschuir i roinnt pleananna i gcónaí. |
|
(123) |
Faoi na pleananna, tugtar aird ar leith ar earnálacha tionsclaíocha aonair agus/nó ar thionscadail aonair mar thosaíochtaí (dearfacha nó diúltacha) i gcomhréir leis na tosaíochtaí rialtais agus sanntar spriocanna forbartha sonracha (uasghrádú tionsclaíoch, fairsingiú idirnáisiúnta etc.) dóibh. |
|
(124) |
Ní mór do na hoibreoirí eacnamaíocha, bídís príobháideach nó faoi úinéireacht Stáit, a ngníomhaíochtaí gnó a choigeartú go héifeachtach de réir na réaltachtaí a fhorchuirtear leis an gcóras pleanála. Ní hamháin go bhfuil sé sin fíor mar gheall ar chineál ceangailteach na bpleananna ach freisin toisc go gcloíonn údaráis ábhartha na Síne ar gach leibhéal den rialtas le córas na bpleananna agus toisc go n-úsáideann siad a gcumhachtaí dílsithe dá réir sin, rud a thugann ar na hoibreoirí eacnamaíocha na tosaíochtaí a leagtar amach sna pleananna a chomhlíonadh (féach freisin aithrisí (155) go (170) thíos) (53). |
|
(125) |
Ar an dara dul síos, ar an leibhéal a ndéantar acmhainní airgeadais a leithdháileadh, is iad na bainc thráchtála agus na bainc bheartais faoi úinéireacht stáit atá i réim i gcóras airgeadais na Síne. Ní mór do na bainc sin, le linn dóibh a mbeartas iasachtaithe a bhunú agus a chur chun feidhme, iad féin a ailíniú leis na cuspóirí i mbeartas tionsclaíoch an rialtais seachas measúnú a dhéanamh go príomha ar fhiúntas eacnamaíoch tionscadail ar leith (54). |
|
(126) |
Baineann an rud céanna le comhpháirteanna eile de chóras airgeadais na Síne, amhail na stocmhargaí, margaí bannaí, margaí cothromais phríobháidigh etc. Chomh maith leis sin, tá na codanna sin den earnáil airgeadais bunaithe ar bhonn institiúide agus oibríochta ar bhealach nach bhfuil dírithe i dtreo fheidhmiú éifeachtúil na margaí airgeadais a uasmhéadú ach i dtreo smacht a áirithiú agus idirghabháil an stáit agus an Pháirtí a cheadú (55). |
|
(127) |
Ar an tríú dul síos, maidir le leibhéal na timpeallachta rialála, tá bealaí éagsúla ann trínar féidir leis an Stát idirghabhálacha a dhéanamh sa gheilleagar. Mar shampla, úsáidtear na rialacha maidir le soláthar poiblí go tráthrialta chun spriocanna beartais seachas éifeachtúlacht eacnamaíoch a shaothrú, rud a bhaineann an bonn de na prionsabail mhargadhbhunaithe sa réimse. Foráiltear go sonrach sa reachtaíocht is infheidhme go ndéanfar an soláthar poiblí d’fhonn gnóthú spriocanna arna gceapadh trí bheartais an Stáit a éascú. Mar sin féin, níor sainíodh na spriocanna sin go fóill, rud a fhágann, dá bhrí sin, corrlach breithmheasa ag na comhlachtaí cinnteoireachta (56). |
|
(128) |
Ar an gcaoi chéanna, sa réimse infheistíochta, coimeádann Rialtas na Síne smacht suntasach agus tá tionchar suntasach aige ar cheann scríbe agus ar dhearbhmhéid na hinfheistíochta Stáit agus príobháidí araon. Úsáideann na húdaráis scagadh infheistíochta chomh maith le dreasachtaí, srianta, agus coisc éagsúla a bhaineann le hinfheistiú mar uirlis thábhachtach chun tacaíocht a thabhairt do spriocanna beartais tionsclaíocha, amhail smacht an Stáit a choimeád ar phríomhearnálacha nó borradh a chur faoin tionsclaíocht intíre (57). |
|
(129) |
Mar sin, bunaítear samhail eacnamaíoch na Síne ar aicsímí bunúsacha áirithe, lena bhforáiltear don iliomad idirghabhálacha rialtais agus lena spreagtar iad. Bíonn idirghabhálacha substainteacha den sórt sin ón rialtas ag teacht salach ar shaor-imoibriú fhórsaí an mhargaidh, agus déantar leithdháileadh éifeachtach acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh a shaobhadh dá bharr (58). |
3.3.1.2.3. Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán: an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, smacht, maoirseacht bheartais nó stiúir údaráis na tíre is onnmhaireoir
|
(130) |
Sa tSín, is cuid ríthábhachtach den gheilleagar iad cuideachtaí a oibríonn faoi úinéireacht, smacht agus/nó maoirseacht bheartais nó faoi threoir an Stáit. |
|
(131) |
Coinníonn Rialtas na Síne agus Páirtí Cumannach na Síne struchtúir ar bun lena n-áirithítear go mbeidh tionchar leanúnach acu ar fhiontair, agus go háirithe ar chuideachtaí faoi úinéireacht stáit. Ní hamháin go bhfuil ról gníomhach ag an Stát (agus ag Páirtí Cumannach na Síne freisin i mórán gnéithe) i bhfoirmliú agus maoirsiú chur chun feidhme na mbeartas eacnamaíoch ginearálta ag cuideachtaí ar leith atá faoi úinéireacht stáit, ach ina theannta sin, éilíonn sé a chearta chun bheith rannpháirteach i gcinnteoireacht oibríochtúil na gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit. Déantar é sin de ghnáth trí uainíocht caidrí idir údaráis rialtais agus cuideachtaí faoi úinéireacht Stáit, trí chomhaltaí den pháirtí a bheith i láthair ar chomhlachtaí feidhmiúcháin na gcuideachtaí faoi úinéireacht Stáit agus trí chealla den pháirtí a bheith i láthair i gcuideachtaí, agus trí struchtúr corparáideach earnáil na gcuideachtaí faoi úinéireacht Stáit a mhúnlú freisin. Mar chúiteamh air sin, tá stádas ar leith laistigh de gheilleagar na Síne ag cuideachtaí faoi úinéireacht Stáit, agus roinnt buntáistí eacnamaíocha ag gabháil leis, go háirithe cosaint ar iomaíochas agus rochtain tosaíochta ar ionchuir ábhartha, lena n-áirítear maoiniú (59). |
|
(132) |
Mar sin féin, tá idirghabhálacha Pháirtí Cumannach na Síne sa chinnteoireacht oibríochtúil tagtha chun bheith ina ngnáthchleachtas ní hamháin i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit, ach i gcuideachtaí príobháideacha freisin, (60) agus Páirtí Cumannach na Síne ag éileamh ceannaireachta ar bheagnach gach gné de gheilleagar na tíre. Go deimhin, is é an toradh a bhíonn ar thionchar an Stáit trí struchtúir Pháirtí Cumannach na Síne laistigh de chuideachtaí, go bunúsach, go mbíonn oibreoirí eacnamaíocha faoi smacht agus faoi mhaoirseacht bheartais an rialtais, i bhfianaise a mhéid a d’fhás struchtúir an Stáit agus an Pháirtí i dteannta a chéile sa tSín. |
|
(133) |
Freastalaíonn cuideachtaí faoi úinéireacht stáit agus cuideachtaí príobháideacha araon ar earnáil an táirge lena mbaineann. |
|
(134) |
Go sonrach in earnáil an aigéid ocsalaigh, is léir go bhfuil méid áirithe úinéireachta ag Rialtas na Síne. Léirigh an t-imscrúdú go bhfuil Shandong Hualu Hengsheng Chemical Co., Ltd., ceann de na príomhonnmhaireoirí aigéid ocsalaigh (61), faoi mhéid suntasach úinéireachta poiblí. |
|
(135) |
Ar an gcaoi chéanna, tá Tongliao Jinmei Chemical Co., Ltd. ina chuid de Danhua Chemical Technology Group, cuideachta faoi úinéireacht stáit atá á rialú ag Danyang Municipal SASAC (62). Comhoibríonn an chuideachta leis an rialtas áitiúil, mar a léirítear in airteagal maidir le méadú acmhainneachta agus comhar le Bardas Tongliao. Go deimhin: ‘Tá treocht forbartha agus ionchais mhargaidh an tionscail in-díghrádaithe mar aidhm ag Crios Forbartha Eacnamaíochta agus Teicneolaíochta Tongliao, a thugann lán-imirt do bhuntáistí comparáideacha réigiúnacha, a leathnaíonn slabhra thionscal na gceimiceán guail agus an tionscail próiseála arbhair, agus a bhfuil gach iarracht á déanamh aige ábhair in-díghrádaithe nua a shaothrú agus a thabhairt isteach. [...] le linn [dó] tógáil pháirc thionsclaíoch na n-ábhar nua in-díghrádaithe a chur chun cinn, tá sé beartaithe ag Crios Forbartha Eacnamaíochta agus Teicneolaíochta Tongliao 10 mbilliún yuan san iomlán a infheistiú agus limistéar talún pleanáilte 4 670 acra a bheith aige. Ina measc, le Tongliao Jinmei Chemical Co., Ltd., arna insealbhú agus arna thógáil ag Acadamh Eolaíochtaí na Síne, Shanghai Jinmei Holdings, agus Danhua Technology, cumhdaítear limistéar 1 000 acra, ina ndearnadh infheistíocht iomlán 4,04 billiún yuan, agus tá na háiseanna tacaíochta, trealamh agus próisis tionscail go léir aige d’fhonn an acmhainneacht táirgeachta gliocóil eitiléine agus aigéid ocsalaigh a leathnú go haigéad polaigliocólach, agus tá sé tiomanta an bonn táirgeachta is mó a thógáil sa tSín le haghaidh ábhar in díghrádaithe aigéid pholaigliocólaigh ghualbhunaithe. [...] Amach anseo, beidh Crios Forbartha Eacnamaíche agus Teicneolaíochta Tongliao ag brath ar bhuntáistí acmhainní táirgí Ghrúpa Jinmei agus ar a chuid buntáistí mar cheannródaí teicneolaíochta chun slabhra thionscal na n-ábhar nua in-díghrádaithe a leathnú go cuimsitheach agus a neartú’ (63). |
|
(136) |
Tá Shandong Fengyuan Chemical Stock Co., Ltd, ar an láimh eile, príobháideach den chuid is mó, agus scairshealbhú stáit níos lú ná 1 % i gceist (64), ach cothaíonn sé dlúthnaisc leis an stát agus leis an rialtas áitiúil. Mar dheimhniú, dearbhaítear an méid a leanas in alt a foilsíodh ar shuíomh gréasáin na cuideachta: ‘Ag an gcruinniú, dhírigh Coiste Páirtí Bardasach Zaozhuang agus Rialtas Bardasach Zaozhuang ar fhiontair agus fiontraithe den scoth a mholadh a raibh rannchuidiú den scoth acu i gCathair Zaozhuang in 2022. Bhuaigh Zhao Guanghui, cathaoirleach Fengyuan Co., Ltd., an teideal ‘Fiontraí Sármhaith Chathair Zaozhuang in 2022’, arna thaifeadadh mar fhiúntas den dara grád, agus fuair sé Deimhniú boinn. [...] Chloígh Fengyuan, faoi cheannaireacht cheart Choiste Páirtí Bardasach agus Rialtas Bardasach Zaozhuang, le treoir Smaointeoireacht Xi Jinping maidir le Sóisialachas a mbaineann Saintréithe na Síne don Ré Nua léi agus chuir sé coincheap forbartha nua chun feidhme go gníomhach, é ag díriú ar an sprioc ‘an geilleagar a chur chun cinn ina thosaíocht, agus díriú ar neartú na tionsclaíochta’, [...] deacrachtaí a shárú, ceannródaíocht agus nuálaíocht a dhéanamh, fás seasta fiontar a bhaint amach, agus cuidiú chun cumhacht thionsclaíoch agus rathúnas tionsclaíoch na cathrach a chur chun cinn. [...] Beidh Fengyuan á threorú ag spiorad na ‘Comhdhála um Shlógadh d’iarrachtaí na Cathrach forbairt na tionsclaíochta a dhoimhniú i dtreo tionscail láidre agus bheoga, spriocanna a leagan síos agus freagrachtaí a ghlacadh, tagarmharcanna a mhapáil go cruinn, dícheall a dhéanamh an suíomh ceannródaíoch a bhaint amach, deiseanna straitéiseacha a thapú ar mhaithe le forbairt thionsclaíoch, agus pleananna foriomlána éifeachtúla a dhéanamh maidir le tionscadail a thógáil, [agus] maidir leis an táirgeadh, agus cuirfidh T&F agus an t-oibriú dlús leis an méadú suntasach ar aschur, ioncam agus íocaíochtaí cánach, agus déanfar cion suntasach chun “tionsclaíocht na cathrach a neartú, cúrsaí tionscal a athbheochan agus claochlú a dhéanamh chun briseadh tríd”’ (65)’ . |
|
(137) |
Cuireann Rialtas na Síne treoir i bhfeidhm maidir le fiontair freisin trí chuspóirí sonracha a leagan síos. Mar shampla, in 2022 d’fhógair an Aireacht Airgeadais agus an Aireacht Talmhaíochta agus Gnóthaí Tuaithe príomhbheartais 2022, agus tá baint ag fiontair leis na spriocanna a leanas: ‘forbairt chomhtháite thionscal na talmhaíochta. Comhordú a dhéanamh ar leagan amach agus tógáil roinnt páirceanna tionsclaíocha talmhaíochta nua-aimseartha náisiúnta, braislí tionsclaíocha buntáisteacha agus sainiúla, agus bardais láidre tionsclaíocha talmhaíochta. Díriú ar shlándáil bia ar bhonn náisiúnta agus soláthar éifeachtach táirgí talmhaíochta tábhachtacha a áirithiú, ag díriú ar rís, cruithneacht, arbhar, [...] siúcra, an tionscal déiríochta, an tionscal síolta, glasraí i saoráidí, etc. Táirgí talmhaíochta, agus saintáirgí talmhaíochta eile a chur san áireamh, córas tionsclaíoch tuaithe nua-aimseartha a thógáil bunaithe ar bhailte tionsclaíocha láidre, páirceanna tionsclaíocha mar inneall, agus braislí tionsclaíocha mar chnámh droma, leagan amach cúigeach, contae agus baile fearainn, agus pointí, línte agus limistéir a chur chun cinn ar bhealach comhordaithe, chun cáilíocht agus éifeachtúlacht na forbartha tionsclaíche ina hiomláine a fheabhsú’ (66). |
|
(138) |
Thairis sin, in earnáil na bpeitriceimiceán agus na gceimiceán, spreagann na húdaráis cruthú braislí, go háirithe chun leas a bhaint as idirthuilleamaíochtaí na bpróiseas éagsúil monaraíochta ceimiceán. Go deimhin, ceanglaítear leis an 14ú Plean Cúig Bliana maidir le Tionscal Amhábhar a Fhorbairt ‘go ndéanfar bearta chun príomhfhiontair a dhéanamh níos mó agus níos láidre. Faoi stiúir an mhargaidh agus le tacaíocht ón rialtas[...]cabhróimid le fiontair den sórt sin dlús a chur le cumaisc agus atheagrú trasréigiúnach agus tras-úinéireachta, ionas go mbeidh an tionscal níos comhchruinnithe agus chun oibríochtaí idirnáisiúnta a éascú. In earnálacha lena n-áirítear peitriceimiceáin agus ceimiceáin [...] cothóimid roinnt fiontar ceannródaíoch a d’fhéadfadh éiceachóras an tslabhra thionsclaíoch a threorú le croí-iomaíochas [...]’ (67). |
|
(139) |
Is féidir rialú rialtais agus maoirseacht bheartais a fheiceáil freisin ar leibhéal na gcomhlachas tionscail ábhartha (68). |
|
(140) |
Mar shampla, tá fochomhlachas ag Comhlachas Tionscail Coipthe Biotech na Síne (69) (‘CBFIA’) a dhíríonn ar aigéid orgánacha, a chuimsíonn an táirge lena mbaineann. Luaitear in Airteagal 3 dá hAirteagail Chomhlachais in CBFIA go ndéanann an eagraíocht ‘eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne a bhunú, go ndéanann sí gníomhaíochtaí an Pháirtí a chur i gcrích, agus go gcuireann sí na coinníollacha ar fáil ar den riachtanas iad le haghaidh ghníomhaíochtaí eagraíocht an Pháirtí. [...] glacann sí leis an treoraíocht ghnó, leis an maoirseacht ghnó agus leis an mbainistíocht ghnó ó na heintitis atá i gceannas ar chlárú agus ar bhainistíocht, ó na heintitis atá i gceannas ar fhorbairt an Pháirtí, agus ó na ranna riaracháin ábhartha atá i gceannas ar bhainistíocht an tionscail’ (70). Luaitear freisin in Airteagal 36 nach mór don té atá i gceannas ar an gComhlachas coinníollacha a chomhlíonadh amhail ‘[a]bheith i gceannas ar Pháirtí Cumannach na Síne, tacaíocht a thabhairt don sóisialachas a mbaineann saintréithe na Síne leis, seasamh, prionsabail agus beartais an pháirtí a chur chun feidhme go diongbháilte, agus dea-mhianach polaitiúil a bheith ann’ (71). |
|
(141) |
Ar an gcaoi chéanna, i gcomhréir le hAirteagal 2 dá Airteagail Chomhlachais, saothraíonn Comhlachas na Síne um Chaomhnú an Chomhshaoil Cheimicigh (‘CCEPA’) (72) an sprioc ‘beartais thionsclaíocha náisiúnta a phoibliú agus a chur chun feidhme, freastal ó chroí ar an tionscal, agus táirgeadh tionsclaíoch a chur chun cinn’. Ina theannta sin, luaitear in Airteagal 3 go mbunaíonn CCEPA ‘eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne, go ndéanann sé gníomhaíochtaí an Pháirtí a chur i gcrích, agus go gcuireann sé na coinníollacha ar fáil ar den riachtanas iad le haghaidh ghníomhaíochtaí eagraíocht an Pháirtí’ agus – amhail i gcás CBFIA – ‘go nglacann sé le treoraíocht ghnó, maoirseacht agus bainistíocht ó na heintitis atá i gceannas ar chlárú agus ar bhainistiú, ó na heintitis atá i gceannas ar fhorbairt an Pháirtí, agus ó na ranna riaracháin ábhartha atá i gceannas ar bhainistíocht an tionscail’ (73). Áiríonn CCEPA i measc a chomhaltaí Shandong Hualu Hengsheng Chemical Co., Ltd. (74) |
|
(142) |
Dá bhrí sin, fiú táirgeoirí faoi úinéireacht phríobháideach in earnáil an táirge lena mbaineann, cuirtear cosc orthu oibriú faoi dhálaí an mhargaidh. Go deimhin, bíonn fiontair faoi úinéireacht phoiblí agus fiontair faoi úinéireacht phríobháideach araon faoi réir maoirseacht beartais agus treorach. |
3.3.1.2.4. Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán: Láithreacht an stáit i ngnólachtaí ag cumasú don stát cur isteach i leith praghsanna nó costas
|
(143) |
Seachas smacht a fheidhmiú ar an ngeilleagar trí bhíthin úinéireachta ar chuideachta faoi úinéireacht stáit agus uirlisí eile, tá sé ar chumas Rialtas na Síne cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí. Cé gur féidir a mheas gur léiriú ar na cearta úinéireachta comhfhreagracha é an ceart atá ag na húdaráis ábhartha Stáit príomhphearsanra bainistíochta i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit a cheapadh agus a bhaint dá bhforáiltear i reachtaíocht na Síne (75), bíonn tábhacht le cealla PCS i bhfiontair, idir fhiontair faoi úinéireacht stáit agus fhiontair faoi úinéireacht phríobháideach, mar gur féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó trí na cealla sin. |
|
(144) |
De réir dhlí cuideachtaí na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (agus triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad inti mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne (76)) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh ghníomhaíochtaí eagraíocht an Pháirtí. |
|
(145) |
Níor léir gur leanadh an ceanglas sin i gcónaí roimhe seo nó gur forfheidhmíodh go docht é. Mar sin féin, ó bhí 2016 ann ar a laghad tá Páirtí Cumannach na Síne ag treisiú ar a chuid éileamh smacht a bheith aige ar chinntí gnó i gcuideachtaí ar bhonn prionsabal polaitiúil (77), lena n-áirítear brú a chur ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don ‘tírghrá’ agus déanamh de réir araíonacht an Pháirtí. (78) |
|
(146) |
In 2017 cheana féin, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1,86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú ar eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne an focal deiridh a bheith acu maidir leis na cinntí gnó laistigh dá gcuideachtaí féin (79). Tá feidhm ghinearálta ag na rialacha sin ar fud gheilleagar na Síne, i ngach earnáil, lena n-áirítear maidir le táirgeoirí an táirge lena mbaineann agus soláthróirí a gcuid ionchur. |
|
(147) |
Ina theannta sin, an 15 Meán Fómhair 2020, scaoileadh doiciméad dar teideal Treoirlínte ó Oifig Ghinearálta Choiste Lárnach Pháirtí Cumannach na Síne maidir le dlús a chur le hobair an Fhronta Aontaithe san earnáil phríobháideach don ré nua (‘na Treoirlínte’) (80), rud a chuir le ról na gcoistí Páirtí i bhfiontair phríobháideacha. |
|
(148) |
Luaitear an méid a leanas i Roinn II.4 de na Treoirlínte: ‘ní mór dúinn acmhainneacht fhoriomlán an Pháirtí a mhéadú chun obair Fhronta Aontaithe na hearnála príobháidí a stiúradh agus dlús a chur le héifeachtacht na hoibre sa réimse sin’; agus i Roinn III.6 deirtear: ‘[n]í mór dúinn dlús a chur le tógáil an Pháirtí i bhfiontair phríobháideacha agus é a chur ar a gcumas do chealla an Pháirtí a ról mar dhaingean a imirt go héifeachtach agus é a chur ar a gcumas do chomhaltaí an Pháirtí a ról a imirt mar urghardaí agus mar cheannródaithe’. Cuirtear béim sna Treoirlínte, mar sin, ar ról Pháirtí Cumannach na Síne agus féachtar leo le ról an Pháirtí a mhéadú in eagraíochtaí agus in eintitis na hearnála príobháidí (81). |
|
(149) |
Deimhníodh san imscrúdú gur ann d’fhorluí idir poist bhainistíochta agus comhaltas i bPáirtí Cumannach na Síne/feidhmeanna an Pháirtí in earnáil an táirge lena mbaineann freisin. |
|
(150) |
Mar shampla, ceanglaítear le hAirteagail Chomhlachais Shandong Fengyuan Chemical Stock Co., Ltd, ag Airteagal 1.13, ‘I gcomhréir le forálacha Bhunreacht Pháirtí Cumannach na Síne, bunaíonn an chuideachta eagraíochtaí de chuid an Pháirtí Chumannaigh agus déanann sí gníomhaíochtaí de chuid an pháirtí a chur i gcrích. Soláthraíonn an chuideachta na coinníollacha is gá le haghaidh gníomhaíochtaí eagraíochtaí de chuid an pháirtí’ (82). Go háirithe, tá tionchar ag údaráis rialtais áitiúla ar an gcuideachta freisin, mar a léirítear in aithris (136). |
|
(151) |
Ar an gcaoi chéanna, luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 12 d’Airteagail Chomhlachais Ghrúpa Danhua um Theicneolaíocht Cheimiceach: ‘Bunóidh an chuideachta eagraíochtaí de chuid an Pháirtí Chumannaigh agus déanfaidh sí gníomhaíochtaí Páirtí i gcomhréir le forálacha Bhunreacht Pháirtí Cumannach na Síne. Cuireann eagraíocht pháirtí na cuideachta rialacha sonracha maidir le cur chun feidhme oibre le chéile bunaithe ar riachtanais eagraíocht an pháirtí uachtarach, socraíonn sí an treo, bainistíonn sí an staid fhoriomlán, agus cuireann sí an cur chun feidhme chun cinn. Nuair a chinneann an chuideachta ar ábhair mhóra, ba cheart di éisteacht le tuairimí eagraíocht an pháirtí roimh ré. Soláthraíonn an chuideachta na coinníollacha is gá le haghaidh gníomhaíochtaí eagraíochtaí de chuid an pháirtí’ (83). |
|
(152) |
Thairis sin, tá Stiúrthóir Danhua Chemical Technology Group ina Leas-Rúnaí ar Choiste Páirtí Tongliao Jinmei Chemical Co., Ltd agus ag an am céanna ina chomhalta de Choiste an Pháirtí agus ina Leas-Rúnaí ar Choimisiún Cigireachta Araíonachta Jiangsu Danhua Group Co., Ltd. |
|
(153) |
Tá Cathaoirleach Hualu Hengsheng Chemical Co., Ltd. ina Rúnaí ar an gCoiste Páirtí freisin agus bíonn cur isteach ó Pháirtí Cumannach na Síne ar na cinntí gnó le feiceáil ar shuíomh gréasáin na cuideachta, áit a dtugtar an tuairisc a leanas ar ról an Pháirtí laistigh den Ghrúpa: ‘Tá brainse Páirtí na roinne um tháirgeadh ar na brainsí pobail is tábhachtaí de Hualu Hengsheng. Tugann sé tacaíocht láidir le haghaidh tháirgeadh fadtéarmach sábháilte agus cobhsaí na cuideachta, cuireann sé bunús daingean faoi oibríochtaí barainneacha agus éifeachtúla, agus déanann sé a sheacht ndícheall ar mhaithe le tairbhí eacnamaíocha den scoth’ (84). |
|
(154) |
Tá tionchar saofa breise ar an margadh ag láithreacht agus idirghabháil an stáit sna margaí airgeadais agus maidir le hamhábhair agus ionchuir a sholáthar (85). Dá réir sin, de bharr láithreacht an stáit i ngnólachtaí, in earnáil an aigéid ocsalaigh agus in earnálacha eile (amhail na hearnálacha airgeadais agus ionchuir), is féidir le Rialtas na Síne cur isteach i dtaca le praghsanna agus costais. |
3.3.1.2.5. Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán: beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir
|
(155) |
Déantar treo gheilleagar na Síne a chinneadh a bheag nó a mhór le córas pleanála ilchasta ina leagtar amach tosaíochtaí agus lena bhforordaítear na spriocanna nach mór don rialtas láir, do na rialtais chúige agus do na rialtais áitiúla díriú orthu. Tá pleananna ábhartha ann ar gach leibhéal den rialtas agus cumhdaítear leo gach earnáil eacnamaíoch, nach mór. Tá na cuspóirí a leagtar síos leis na hionstraimí pleanála de chineál ceangailteach agus déanann na húdaráis ar gach leibhéal riaracháin faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna arna dhéanamh ag leibhéal comhfhreagrach níos ísle den rialtas. |
|
(156) |
Ar an iomlán, is é an toradh ar an gcóras pleanála sa tSín go ndírítear acmhainní ar earnálacha atá ainmnithe ag an rialtas mar earnálacha straitéiseacha nó mar earnálacha a bhfuil tábhacht pholaitiúil eile ag baint leo, de rogha ar na hacmhainní sin a leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (86). |
|
(157) |
D’achtaigh údaráis na Síne roinnt beartas lena dtreoraítear feidhmiú earnáil an táirge lena mbaineann. |
|
(158) |
I bpríomhbheartais 2022 thuasluaite de chuid na hAireachta Airgeadais agus na Aireachta Talmhaíochta agus Gnóthaí Tuaithe (féach aithris (137)), tá na forálacha seo a leanas freisin a bhfuil tionchar acu ar fheidhmiú na hearnála: ‘Leanfaidh an stát de bheartais a chur chun feidhme amhail fóirdheontais do tháirgeoirí arbhair agus pónairí soighe, fóirdheontais do rís, agus dreasachtaí do chontaetha mhórtháirgthe gráin, chun éifeachtacht an athchóirithe struchtúraigh ó thaobh an tsoláthair de sa talmhaíocht a chomhdhlúthú agus chun slándáil náisiúnta an tsoláthair bia a áirithiú’ nó ‘duaiseanna le haghaidh contaetha mórtháirgthe síolta. Raon feidhme na tacaíochta a leathnú chuig contaetha mórtháirgthe síolta ríse, cruithneachta, arbhair [...], agus claochlú agus uasghrádú an tionscail síolta a chur chun cinn’ (87). |
|
(159) |
Is é is aidhm don 14ú Plean Cúig Bliana maidir le nuachóiriú na talmhaíochta agus na gceantar tuaithe (88) a chur chun cinn ‘na beartais tacaíochta maidir le táirgeadh gráin a fheabhsú. Fóirdheontais feirmeoirí gráin a chobhsú, feabhas a chur ar an mbeartas íosphraghais ceannaigh do rís agus cruithneacht, agus ar an mbeartas fóirdheontais do tháirgeoirí arbhair agus pónairí soighe. Feabhas a chur ar an sásra cúitimh do leasanna limistéar mórtháirgthe gráin agus feabhas a chur ar an gcóras beartais tacaíochta do na contaetha mórtháirgthe gráin’ (89). Déantar ‘forbairt acmhainneachta nuálaíochta san eolaíocht agus sa teicneolaíocht talmhaíochta’ a fheabhsú tuilleadh leis. Díriú ar réimsí amhail pórú bitheolaíoch, sábháilteacht bhitheolaíoch, acmhainní agus an comhshaol, innealra talmhaíochta cliste, domhainphróiseáil táirgí talmhaíochta, agus ionchuir ghlasa a chruthú, tógfar baisc nua mórshaoráidí agus trealaimh eolaíochta agus teicneolaíochta talmhaíochta, príomhshaotharlanna agus stáisiúin bhreathnóireachta agus thurgnamhacha eolaíochta talmhaíochta’ (90). |
|
(160) |
Ní hamháin gur fhoilsigh an Aireacht Talmhaíochta, i mí na Nollag 2018, in éineacht le 15 riarachán, Fógra maidir le roinnt beart beartais chun tacú le forbairt ardcháilíochta domhainphróiseála táirgí talmhaíochta: ‘An struchtúr tionsclaíoch a bharrfheabhsú Forbairt chomhordaithe ar dhianphróiseáil, ar phróiseáil phríomhúil agus ar phróiseáil chuimsitheach úsáide táirgí talmhaíochta a chomhordú agus a chur chun cinn, nascadh go horgánach le tionscail réamhtheachtacha agus iartheachtacha amhail táirgeadh amhábhar speisialta, lóistíocht trádstórála (lena n-áirítear lóistíocht slabhra fuar), agus tomhaltas an mhargaidh, agus comhtháthú le cothú agus sláinte, turasóireacht fóillíochta, oideachas agus cultúr, agus caomhnú na sláinte. Tá sé comhcheangailte go horgánach agus comhtháite go domhain le tionscail tuaithe mar ríomhthráchtáil. Faireachán agus anailís rialta a dhéanamh ar leagan amach acmhainneachta táirgeachta na dianphróiseála agus úsáid chuimsitheach táirgí talmhaíochta ar an mórchóir, treoir a thabhairt maidir le claochlú na róacmhainneachta táirgeachta agus dlús a chur le tógáil na hacmhainne táirgeachta gairide, agus leagan amach an tslabhra thionsclaíoch a bharrfheabhsú. Breisluach phróiseáil an arbhair a mhéadú, go háirithe táirgí na próiseála arbhair in Oirthuaisceart na Síne, agus dlús a chur leis an bhforbairt ar phróiseáil chuimsitheach agus úsáid tuí agus coba arbhair’ (91). |
|
(161) |
Ní in earnáil na talmhaíochta amháin a fhaightear beartais ábhartha, ach in earnáil na gceimiceán freisin. |
|
(162) |
Sa Tuairim Threorach maidir le Forbairt Ardcháilíochta Thionscal na bPeitriceimiceán agus na gCeimiceán a Chur Chun Cinn le linn na 14ú Tréimhse Plean Cúig Bliana (‘an Tuairim Threorach’), leagtar béim ar an ngá atá le ‘[...] dlús a chur le claochlú agus uasghrádú na dtionscal traidisiúnta, agus ábhair cheimiceacha nua agus míncheimiceáin a fhorbairt go bríomhar. Dlús a chur le claochlú digiteach an tionscail [...] agus dul chun cinn na Síne ó thír mhór peitriceimiceán agus ceimiceán go tír láidir peitriceimiceán agus ceimiceán a chur chun cinn’ (92). |
|
(163) |
Sonraítear na cuspóirí thuasluaite a thuilleadh sna ranna ina dhiaidh seo den Tuairim Threorach. Mar shampla, tá sé beartaithe ag na húdaráis eisiúna ‘tacú le fiontair chun iad a chur ar thús cadhnaíochta maidir le heagraíochtaí nuálaíochta comhoibríocha a chruthú amhail comhghuaillíochtaí nuálaíochta teicneolaíochta tionsclaíche agus sásraí comhair réamhtheachtacha agus iartheachtacha agus tacú le leagan amach réasúnach na rialtas áitiúil chun ionaid nuálaíochta réigiúnacha agus bunáiteanna píolótacha a thógáil’, chun ‘[ ]croítheicneolaíochtaí a fhorbairt agus móiminteam na nuálaíochta agus na forbartha a fheabhsú, [...] dlús a chur leis an dul chun cinn sna príomhtheicneolaíochtaí [...]’ (93). Thairis sin, ní mór d’earnáil na gceimiceán ‘[díriú] ar thionscail straitéiseacha atá ag teacht chun cinn amhail teicneolaíocht faisnéise na glúine nua, biteicneolaíocht, fuinneamh nua, agus trealamh ardleibhéil, méadóimid sonraíochtaí na gcineálacha ábhair [...] agus cuirfimid dlús le forbairt pololaifíní ardleibhéil, ceimiceán leictreonach, gás speisialta tionsclaíoch, ábhar ardfheidhmíochta rubair agus plaisteach, snáithíní ardfheidhmíochta, ábhar bithbhunaithe, bealaí agus gréisc speisialta agus táirgí eile’ (94). |
|
(164) |
Spreagann sé gníomhaithe eacnamaíocha chun ‘forbairt ghníomhach a dhéanamh ar thionscal bithcheimiceán, forbairt einsímí a bhfuil gá leo le haghaidh úsáid bithmhaise agus bithscagadh bunaithe ar acmhainní bitheolaíocha a spreagadh’ (95). |
|
(165) |
Ar leibhéal an chúige, éiríonn na cuspóirí beartais agus na huirlisí tacaíochta comhfhreagracha níos sonraí agus níos spriocdhírithe. |
|
(166) |
De réir an 14ú Plean Cúig Bliana de chuid Hebei maidir le tionscail straitéiseacha agus tionscail atá ag teacht chun cinn (96), tá sé beartaithe ag údaráis an rialtais leagan amach tionsclaíoch na hearnála a mhúnlú mar a leanas: ‘Dlús a chur le luas nuálaíochta agus forbartha an bhitionscail [...] Tionscail an bhithchoipthe, na dtáirgí bithbhunaithe agus na saintáirgí bitheolaíocha a fhorbairt go bríomhar, agus cur i bhfeidhm comhtháite na biteicneolaíochta a chur chun cinn i réimsí an leighis, thionscal na gceimiceán, na n-ábhar, na domhainphróiseála bia, agus an fhuinnimh nua. Na buntáistí a bhaineann le haimínaigéid, siúcraí stáirse, ullmhóidí einsíme, vitimíní agus táirgí eile a chomhdhlúthú agus a fheabhsú, agus ábhair bhitheolaíocha nua a fhorbairt amhail snáithíní bithbhunaithe, ceimiceáin bhithbhunaithe, plaistigh bhithbhunaithe, agus rubar bithbhunaithe’ . (97) |
|
(167) |
In Heilongjiang, agus go háirithe i gContae Qinggang, ‘ó 2021 i leith, mheas Coiste Páirtí Chontae Qinggang agus Rialtas an Chontae gurb é “Tionscadal Uimh. 1” é tionscal próiseála an arbhair agus tá gach iarracht déanta aige slabhra croíthionscail arbhair a thógáil sa chontae, ag díriú ar stáirse arbhair mar amhábhar, agus díreofar an slabhra domhainphróiseála tionsclaíoch ar shiúcraí, aigéid agus alcóil. Déantar treo an bhithleighis a leathnú agus a leathnú’ (98). |
|
(168) |
Thairis sin, in 2024 d’eisigh Shandong mórbheartas chun tionscal an arbhair a chur chun cinn, a uasghrádú agus a fhorbairt, (99) lena gcuirtear tacaíocht chánach thábhachtach ar fáil don taighde agus don fhorbairt. |
|
(169) |
Dá bhrí sin, tríothu sin agus ar bhealaí eile, stiúrann agus rialaíonn Rialtas na Síne beagnach gach gné d’fhorbairt agus d’fheidhmiú na hearnála, chomh maith leis na hionchuir réamhtheachtacha. |
|
(170) |
Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne chun oibreoirí a spreagadh chun na cuspóirí beartais phoiblí a bhaineann leis an earnáil a chomhlíonadh. Le bearta den sórt sin cuirtear cosc ar fhórsaí an mhargaidh oibriú gan bhac. |
3.3.1.2.6. Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán: easpa dlíthe féimheachta, corparáideacha, nó maoine, nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor
|
(171) |
De réir na faisnéise atá ar chomhad, déanann córas féimheachta na Síne seachadadh neamhleor ar a phríomhchuspóirí féin amhail éilimh agus fiachais a shocrú go cóir agus cearta agus leasanna dleathacha creidiúnaithe agus féichiúnaithe a choimirciú. Dealraíonn sé gurb é fírinne an scéil go bhfuil dlí féimheachta na Síne bunaithe go foirmiúil ar phrionsabail atá cosúil leis na prionsabail a chuirtear i bhfeidhm i ndlíthe comhfhreagracha i dtíortha eile seachas an tSín, ach go bhfuil an tearc-fhorfheidhmiúchán córasach ina shaintréith de chóras na Síne. |
|
(172) |
Tá líon na bhféimheachtaí fós fíor-íseal i ndáil le méid gheilleagar na tíre, ní hamháin toisc go bhfuil roinnt easnamh ag baint leis na himeachtaí dócmhainneachta, a fheidhmíonn go bunúsach mar dhídhreasacht i gcás comhduithe féimheachta. Thairis sin, bíonn ról láidir agus gníomhach i gcónaí ag an Stát sna himeachtaí dócmhainneachta, agus tionchar díreach aige go minic ar thoradh na n-imeachtaí (100). |
|
(173) |
Ina theannta sin, tá easnaimh chóras na gceart maoine soiléir go háirithe maidir le húinéireacht talún agus cearta úsáide talún sa tSín (101). Is leis an Stát an talamh ar fad (talamh tuaithe atá faoi chomhúinéireacht agus talamh uirbeach faoi úinéireacht Stáit) agus is ar an Stát amháin a bhraitheann leithdháileadh na talún fós. Tá forálacha dlíthiúla ann a bhfuil d’aidhm acu cearta úsáide talún a leithdháileadh ar bhealach trédhearcach agus ar phraghsanna an mhargaidh, mar shampla trí nósanna imeachta tairisceana a thabhairt isteach. Mar sin féin, ní urramaítear na forálacha sin go tráthrialta, agus faigheann ceannaitheoirí áirithe a gcuid talún saor in aisce nó faoi bhun rátaí an mhargaidh (102). Thairis sin, saothraíonn na húdaráis spriocanna polaitiúla sonracha lena n-áirítear na pleananna eacnamaíocha a chur chun feidhme nuair a bhíonn talamh á leithdháileadh (103). |
|
(174) |
Cosúil le hearnálacha eile i ngeilleagar na Síne, bíonn táirgeoirí an táirge lena mbaineann faoi réir ghnáthrialacha maidir le dlíthe féimheachta, corparáideacha agus maoine na Síne. Tá d’éifeacht leis sin go mbíonn na cuideachtaí sin, freisin, faoi réir saobhadh ón mbarr anuas ag eascairt as cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú neamhleor na ndlíthe féimheachta agus maoine. Dealraíonn sé go bhfuil na breithnithe sin, ar bhonn na fianaise atá ar fáil, infheidhme go hiomlán freisin in earnáil an táirge lena mbaineann. Níor tugadh aon rud le fios san imscrúdú reatha a tharraingeodh amhras ar na torthaí sin. |
|
(175) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún go raibh dlíthe féimheachta agus maoine á gcur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó á bhforfheidhmiú go neamhleor in earnáil an táirge lena mbaineann. |
3.3.1.2.7. Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán: saobhadh a bheith á dhéanamh ar chostais pá
|
(176) |
Ní féidir córas pá margadhbhunaithe a fhorbairt go hiomlán sa tSín toisc go gcuirtear bac ar chearta oibrithe agus fostóirí maidir le comheagrú. Níor dhaingnigh an tSín roinnt coinbhinsiún bunriachtanach de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (“EIS”), go háirithe na coinbhinsiúin sin maidir le saoirse comhlachais agus cómhargáil (104). |
|
(177) |
Faoin dlí náisiúnta, níl ach eagraíocht cheardchumainn ghníomhach amháin ann. Mar sin féin, níl an eagraíocht sin neamhspleách ar na húdaráis stáit agus ní dhéanann sí ach obair an-bhunúsach maidir le cómhargáil agus cearta oibrithe a chosaint (105). Thairis sin, tá soghluaisteacht lucht saothair na Síne srianta ag córas clárúcháin na dteaghlach, rud a chuireann teorainn leis an rochtain atá ag áitritheoirí áitiúla ar raon iomlán na sochar slándála sóisialta agus sochar eile i limistéar riaracháin ar leith. |
|
(178) |
Fágann sé sin go bhfuil oibrithe nach bhfuil an clárú cónaithe áitiúil ina seilbh acu i staid leochaileach ó thaobh fostaíochta de, agus iad ar ioncam níos ísle ná sealbhóirí an chlárúcháin cónaithe (106). Cuireann na torthaí sin saobhadh ar chostais pá sa tSín. |
|
(179) |
Níor cuireadh aon fhianaise isteach a thabharfadh le fios nach mbeadh earnáil an aigéid ocsalaigh faoi réir chóras dlí saothair na Síne ar tugadh tuairisc air. Leis an saobhadh ar chostais pá déantar difear go díreach dá réir sin don earnáil (maidir leis an táirge lena mbaineann, nó an príomh-amhábhar lena tháirgeadh, a mhonarú) agus go hindíreach (maidir le rochtain ar chaipiteal nó ar ionchuir ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna sa tSín). |
3.3.1.2.8. Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán: rochtain ar mhaoiniú arna dheonú ag institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an Stát ar shlí eile
|
(180) |
Bíonn an rochtain ar chaipiteal le haghaidh gníomhaithe corparáideacha sa tSín faoi réir saobhadh éagsúil. |
|
(181) |
Ar an gcéad dul síos, tá seasamh láidir ag na bainc atá faoi úinéireacht Stáit i gcóras airgeadais na Síne (107), agus cuireann siad critéir seachas inmharthanacht eacnamaíoch tionscadail san áireamh le linn dóibh rochtain ar mhaoiniú a dheonú. Dála na gcuideachtaí neamhairgeadais atá faoi úinéireacht Stáit, tá nasc fós ag na bainc leis an stát ní hamháin trí úinéireacht ach freisin trí chaidreamh pearsanta (is é Páirtí Cumannach na Síne ar deireadh thiar a cheapann príomhfheidhmeannaigh na n-institiúidí móra airgeadais atá faoi úinéireacht stáit) (108) agus is gnách leo beartais phoiblí arna gceapadh ag Rialtas na Síne a chur chun feidhme. |
|
(182) |
Léirítear sa Tuairim Threorach freisin an raon uirlisí agus beartas tacaíochta a úsáidtear chun cuspóirí an bheartais thionsclaíoch a shaothrú: ‘[i]beartais tacaíochta a fheabhsú. An comhordú idir beartais fhioscacha, airgeadais, réigiúnacha, infheistíochta, allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin, fuinnimh, éiceolaíocha, praghais agus beartais thionsclaíocha eile a neartú. Páirt a thabhairt d’ardáin náisiúnta comhair tionscail-airgeadais agus naisc bainc-fiontair agus comhar tionscail-airgeadais a chur chun cinn. [...]’ (109). |
|
(183) |
Agus iad á dhéanamh sin, comhlíonann na bainc sainoibleagáid dhlíthiúil maidir lena ngnó a dhéanamh i gcomhréir le riachtanais na forbartha eacnamaíche agus sóisialta náisiúnta agus faoi threoraíocht bheartais thionsclaíocha an Stáit (110). |
|
(184) |
Cé go n-aithnítear go dtagraíonn forálacha dlíthiúla éagsúla don ghá atá ann gnáthiompar baincéireachta agus rialacha stuamachta a urramú amhail an gá atá le hacmhainneacht creidmheasa an iasachtaí a scrúdú, tá faisnéis dhobhréagnaithe ann, lena n-áirítear torthaí in imscrúduithe cosanta trádála, a thugann le fios nach bhfuil ach ról tánaisteach ag na forálacha sin maidir le cur i bhfeidhm na n-ionstraimí dlíthiúla éagsúla. |
|
(185) |
Mar shampla, shoiléirigh Rialtas na Síne nach mór do Pháirtí Cumannach na Síne maoirseacht a dhéanamh ar chinntí príobháideacha na baincéireachta tráchtála fiú agus go mbeidh siad i gcomhréir le beartais náisiúnta. Is ceann de thrí sprioc uileghabhálacha an Stáit maidir le rialachas baincéireachta é ceannaireacht an Pháirtí a neartú in earnálacha na baincéireachta agus an árachais, lena n-áirítear i ndáil le saincheisteanna oibríochtúla agus bainistíochta (111). Chomh maith leis sin, ní mór a chur san áireamh anois le critéir mheastóireachta feidhmíochta na mbanc tráchtála, go háirithe, ‘an chaoi a bhfreastalaíonn eintitis ar na cuspóirí forbartha náisiúnta agus ar an bhfíorgheilleagar’, agus go háirithe ar an gcaoi ‘a bhfreastalaíonn siad ar thionscail straitéiseacha agus ar thionscail atá ag teacht chun cinn’ (112). |
|
(186) |
Thairis sin, is minic a dhéantar rátálacha bannaí agus creidmheasa a shaobhadh ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear go mbíonn tionchar ag tábhacht straitéiseach an ghnólachta do Rialtas na Síne agus ag neart aon ráthaíochta intuigthe ón rialtas ar an measúnú riosca (113). Éiríonn sé níos casta fós de bharr rialacha breise atá i bhfeidhm, trína ndírítear an maoiniú ar earnálacha atá ainmnithe ag an rialtas mar earnálacha atá le moladh nó a mbaineann tábhacht eile leo (114). Bíonn claonadh ann dá bharr sin i bhfabhar iasachtaí a thabhairt do chuideachtaí faoi úinéireacht Stáit, do gnólachtaí príobháideacha dea-nasctha agus do ghnólachtaí in earnálacha tionsclaíocha tábhachtacha, rud a thugann le fios nach ionann infhaighteacht chaipitil agus costas an chaipitil do na gníomhaithe go léir ar an margadh. |
|
(187) |
Ar an dara dul síos, coinníodh costais iasachtaithe íseal go saorga chun fás infheistíochta a spreagadh. Dá thoradh sin tá an iomarca úsáide á baint as infheistíocht chaipitil agus an toradh ar infheistíocht níos ísle ná riamh. Léirítear é sin leis an bhfás a tháinig le déanaí ar ghiaráil chorparáideach in earnáil an stáit in ainneoin titim ghéar ar bhrabúsacht, rud a thugann le fios nach leanann na sásraí atá ag obair sa chóras baincéireachta gnáthfhreagairtí tráchtála. |
|
(188) |
Ar an tríú dul síos, cé gur baineadh amach léirscaoileadh sna rátaí ainmniúla úis i mí Dheireadh Fómhair 2015, níl na comharthaí praghais ann de bharr fhórsaí an mhargaidh shaoir fós, ach iad faoi thionchar saobhadh a thagann chun cinn ón rialtas. B’ionann fós sciar an iasachtaithe ar an ráta tagarmhairc nó faoina bhun agus aon trian ar a laghad den iasachtú go léir ó dheireadh 2018 (115) agus, in 2020, thuairiscigh na meáin oifigiúla sa tSín gur iarr Páirtí Cumannach na Síne ‘ráta úis mhargadh na n-iasachtaí a threorú síos’ (116). Tarlaíonn praghsáil ró-íseal de thoradh rátaí úis a bheith níos ísle ná mar atá réasúnach, agus dá dheasca sin, baintear úsáid iomarcach as caipiteal. |
|
(189) |
Léirítear leis an bhfás foriomlán ar chreidmheas sa tSín go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas ó thaobh a éifeachtúlaí a leithdháiltear caipiteal gan aon chomhartha ann go bhfuil creidmheas ag éirí níos doichte, rud a mbeifí ag súil leis i dtimpeallacht mhargaidh neamhshaofa. Dá bhrí sin, mhéadaigh go tapa ar iasachtaí neamhthuillmheacha, agus roghnaigh Rialtas na Síne roinnt uaireanta an mhainneachtain a sheachaint, rud a chruthaigh cuideachtaí ‘zombaí’ mar a thugtar orthu, nó úinéireacht an fhiachais a aistriú (e.g. trí chumaisc nó trí bhabhtálacha fiachais go cothromas), rud a d’fhág nár ghá go bhfuarthas réidh le fadhb an fhiachais i gcoitinne ná gur tugadh aghaidh ar bhunchúiseanna an fhiachais. |
|
(190) |
Go bunúsach, d’ainneoin na bearta a rinneadh chun an margadh a léirscaoileadh, déanann saobhadh suntasach, de thoradh ról forleatach leanúnach an stáit sna margaí caipitil, difear don chóras creidmheasa chorparáidigh sa tSín. Dá bhrí sin, tá tionchar tromchúiseach ar dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal de bharr idirghabháil shubstainteach an rialtais sa chóras airgeadais. |
|
(191) |
Níor cuireadh aon fhianaise isteach san imscrúdú reatha lenar léiríodh nach ndéanann an idirghabháil ón rialtas sa chóras airgeadais aon difear d’earnáil an táirge lena mbaineann de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, tá tionchar tromchúiseach ar dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal de bharr idirghabháil shubstainteach an rialtais sa chóras airgeadais. |
3.3.1.2.9. Gné shistéamach an tsaofa a dtugtar tuairisc air
|
(192) |
Thug an Coimisiún dá aire gur saintréith de gheilleagar na Síne é an saobhadh a dtugtar tuairisc air sa Tuarascáil nuashonraithe. Léiríonn an fhianaise atá ar fáil go bhfuil feidhm ar fud na tíre agus ar fud earnálacha an gheilleagair ag fíorais agus gnéithe chóras na Síne mar a shonraítear thuas agus i gCuid I den Tuarascáil nuashonraithe. Is amhlaidh atá maidir leis an tuairisc ar na tosca táirgeachta mar a leagtar amach thuas agus i gCuid II den Tuarascáil nuashonraithe. |
|
(193) |
Meabhraíonn an Coimisiún go bhfuil gá le hionchuir áirithe chun an táirge lena mbaineann a tháirgeadh. Nuair a cheannaíonn táirgeoirí an táirge lena mbaineann na hionchuir sin nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go bhfuil na praghsanna a íocann siad (agus a dhéantar a thaifeadadh mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luaitear roimhe seo. Mar shampla, fostaíonn soláthróirí na n-ionchur lucht saothair a bhíonn faoi réir saobhadh. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht a bheidh faoi réir shaobhadh na hearnála airgeadais/leithdháileadh an chaipitil. Ina theannta sin, tá siad faoi réir an chórais pleanála is infheidhme maidir le gach leibhéal rialtais agus earnálacha. Tugadh tuairisc mhionsonraithe thuas ar an saobhadh sin. Chuir an Coimisiún in iúl go bhfuil an socrú rialála atá mar bhonn taca faoin saobhadh sin infheidhme go ginearálta, agus go bhfuil táirgeoirí aigéid ocsalaigh faoi réir na rialacha sin dála aon oibreoir eacnamaíoch eile sa tSín. Dá bhrí sin, tá tionchar díreach ag an saobhadh ar struchtúr costais an táirge lena mbaineann. |
|
(194) |
Dá bhrí sin, ní hamháin nach iomchuí na praghsanna díola intíre den táirge lena mbaineann lena n-úsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a) (a) den bhun-Rialachán, ach déantar difear freisin do na costais ionchuir uile (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, lucht saothair, etc.) toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil an rialtais difear dá bpraghasmhúnlú, mar a thuairiscítear i gCodanna I agus II den Tuarascáil nuashonraithe. |
|
(195) |
Go deimhin, tá na hidirghabhálacha rialtais a dtugtar tuairisc orthu i ndáil le leithdháileadh caipitil, talún, saothair, fuinnimh agus amhábhar, tá siad ann ar fud na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, nuair a chuirtear réimse tosca táirgeachta le chéile chun ionchur a tháirgeadh sa tSín, is ionchur é atá neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh atá maidir le hionchur leis an ionchur agus mar sin de. |
|
(196) |
Níl a mhalairt d’fhianaise ná d’argóint á cur ar aird ag an GOC ná ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú reatha. |
3.3.1.2.10. Conclúid
|
(197) |
San anailís a leagtar amach sa roinn seo, lena n-áirítear scrúdú ar an bhfianaise uile atá ar fáil a bhaineann le hidirghabháil na Síne ina geilleagar go ginearálta agus in earnáil an táirge lena mbaineann, léiríodh nach toradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad praghsanna ná costais an táirge lena mbaineann, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an tsaothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabháil shubstaintiúil an rialtais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán mar a léirítear leis an tionchar iarbhír nó leis an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí ábhartha a liostaítear ann. |
|
(198) |
Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin. Dá bhrí sin, ríomh an Coimisiún na luachanna sin ag úsáid praghsanna agus tagarmharcanna neamhshaofa iomchuí arna ndíorthú ó fhoinsí eile. |
3.3.1.2.11. Tír ionadaíoch
3.3.1.2.11.1. Barúlacha ginearálta
|
(199) |
Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:
|
|
(200) |
Sa Nóta, mhínigh an Coimisiún nach raibh an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír ard-mheánioncaim seachas an tSín. Dá bhrí sin, thug an Coimisiún le fios go n-úsáidfeadh sé aigéad citreach, táirge atá cosúil le haigéad ocsalach, chun tír ionadaíoch iomchuí a bhunú chun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm. |
|
(201) |
Tá saintréithe ceimiceacha comhchosúla ag aigéad ocsalach agus aigéad citreach. Go deimhin, tá siad comhdhéanta de na heilimintí orgánacha céanna agus, cé go bhfuil dhá ghrúpa carbocsaile in aigéad ocsalach, tá trí cinn in aigéad citreach. Thairis sin, i gcás raon mór úsáidí deiridh, tá an dá tháirge beagán idirmhalartaithe. Úsáidtear an dá cheann mar oibreáin ghlantacháin agus frithbhaictéaracha, i dtáirgeadh cógaisíochta agus antaibheathach, le haghaidh íonú miotail sa táirgeadh miotail agus mar chomhábhair i leasacháin talmhaíochta. Shuigh an Coimisiún go raibh táirgeadh aigéid chitrigh sa Cholóim, a aicmítear mar thír ard-mheánioncaim. |
|
(202) |
Mar a fhoráiltear sa Nóta, d’aimsigh an Coimisiún faisnéis airgeadais a bhí ar fáil go héasca le haghaidh Sucroal SA, lenar cumhdaíodh an bhliain airgeadais 2022. Thairis sin, d’fhéadfaí tagarmharcanna le haghaidh na bpríomhthosca táirgeachta, fuinnimh, gáis, uisce agus saothair a bhunú ar bhonn na faisnéise a fuarthas don Cholóim. |
|
(203) |
Iarradh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar oiriúnacht na Colóime mar thír ionadaíoch. |
|
(204) |
Níor thug aon pháirtí leasmhar aon bharúil maidir le roghnú na Colóime mar thír ionadaíoch. |
|
(205) |
Ar deireadh, i bhfianaise na heaspa comhair agus tar éis a shuí gur thír ionadaíoch iomchuí í an Cholóim, ar bhonn na ngnéithe thuasluaite uile, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. |
3.3.1.2.11.2. Conclúid
|
(206) |
I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Cholóim na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán chun go measfaí í mar thír ionadaíoch iomchuí. |
3.3.1.2.12. Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa a shuí
|
(207) |
Sa Nóta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta uile amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh. Luaigh an Coimisiún freisin, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé GTA agus an tagarmharc idirnáisiúnta mar a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh chun an costas neamhshaofa a shuí maidir le formhór an dá thoisc tháirgeachta, go háirithe ocsaigin agus aigéad nítreach. Ina theannta sin, luaigh an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé an fhaisnéis ó EIS (119) chun costais neamhshaofa saothair a shuí, agus ó tharaifí atá ar fáil go poiblí le haghaidh soláthróirí leictreachais (120), uisce (121) agus gáis (122) sa Cholóim. |
|
(208) |
Chuir an Coimisiún in iúl do na páirtithe leasmhara freisin gur measadh gur tomhaltáin iad dhá thoisc táirgeachta, mar gheall ar an tionchar íseal a bhí acu ar an gcostas táirgthe, arbh ionann iad agus níos lú ná 2 % de chostas táirgthe aigéid ocsalaigh. |
3.3.1.2.13. Costais agus tagarmharcanna neamhshaofa
Tosca táirgeachta
|
(209) |
I bhfianaise na faisnéise uile ar bhonn na hiarrata agus na faisnéise a chuir an t-iarratasóir isteach ina dhiaidh sin, sainaithníodh na tosca táirgeachta a leanas agus a gcuid foinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán: Tábla 1 — Tosca táirgeachta aigéid ocsalaigh
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Amhábhair
|
(210) |
Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar mar a dhéantar iad a sheachadadh ag geata táirgeora de chuid na tíre ionadaíche a shuí, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin leis. Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan an tSín a áireamh ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (125). Chinn an Coimisiún na hallmhairí ón tSín isteach sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid toisc go bhfuil saobhadh suntasach ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn nach mar an gcéanna an tionchar a imríonn an saobhadh céanna ar tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún gur imir an saobhadh céanna tionchar ar phraghsanna onnmhairiúcháin. Tar éis allmhairí ón tSín chuig an tír ionadaíoch a eisiamh, bhí méid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile ionadaíoch fós. |
|
(211) |
I gcás toisc tháirgeachta amháin (is é sin hiodrocsaíd photaisiam), shuigh an Coimisiún gur de thionscnamh na Síne sciar suntasach d’allmhairí an amhábhair sin isteach sa Cholóim. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir an praghas tagarmhairc bunaithe ar na hallmhairí sin a mheas mar phraghas iomchuí agus chuaigh an Coimisiún i muinín na bpraghsanna allmhairiúcháin sa Tuirc. Tugann an Coimisiún dá aire, d’ainneoin nach bhféadfaí an Tuirc – an tír ionadaíoch a mhol an t-iarratasóir – a mheas mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás seo mar gheall ar na fadhbanna a bhaineann le hinfhaighteacht na faisnéise airgeadais le déanaí agus an phríomh-amhábhair a luaitear thuas, measadh go raibh sí fós iontaofa mar fhoinse le haghaidh tagarmharc hiodrocsaíde potaisiam toisc go bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche aici atá cosúil leis an tSín agus go bhfuil táirgeadh aigéid chitrigh aici a bhfuil próiseas táirgthe aige atá cosúil leis an bpróiseas le haghaidh an táirge lena mbaineann. |
|
(212) |
Mar gheall ar mhéideanna ísle allmhairí ocsaigine isteach sa Cholóim, measadh nach raibh an praghas ionadaíoch. Sa Tuirc freisin, bhí méideanna na n-allmhairí ocsaigine íseal agus measadh nach raibh siad ionadaíoch freisin. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún i muinín mheánphraghas domhanda na n-allmhairí ocsaigine in 2022 mar a tuairiscíodh sa tuarascáil staidrimh atá ar fáil san iarraidh. (126) |
|
(213) |
Ina theannta sin, bhí méideanna allmhairí aigéid nítrigh íseal sa Cholóim. Níorbh fhéidir an Tuirc a mheas mar fhoinse iomchuí don tagarmharc seo ós rud é gur de thionscnamh na Síne sciar ard d’allmhairí aigéid nítrigh isteach sa Tuirc. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún i muinín an phraghais idirnáisiúnta ar aigéad nítreach in 2022 a bhí ar fáil san iarraidh (127). Sa Nóta, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas gur toisc tháirgeachta agus seachtháirge ó phróiseas táirgthe aigéid ocsalaigh é aigéad nítreach i bpróiseas táirgthe thionscal an Aontais, agus dá bhrí sin cuireadh an tagarmharc idirnáisiúnta céanna i bhfeidhm ar aigéad nítreach mar sheachtháirge. |
|
(214) |
Sna barúlacha a ghabhann leis an Nóta, chuir táirgeoir amháin de chuid an Aontais forchoimeádais in iúl maidir le praghas an tseachtháirge. Mhaígh sé nár cheart go mbeadh an praghas céanna ar aigéad nítreach a úsáidtear mar amhábhar agus a bheadh ar an aigéad a fhaightear mar sheachtháirge. Faightear an seachtháirge san fhoirm chaolaithe agus dá bhrí sin tá a phraghas níos ísle ná an t-amhábhar. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún praghas an aigéid nítrigh is infheidhme maidir leis an seachtháirge a choigeartú de réir an chóimheasa idir praghas an aigéid nítrigh chaolaithe a dhíoltar mar sheachtháirge agus praghas an aigéid nítrigh a úsáidtear mar amhábhar, de réir na sonraí a sholáthair táirgeoir an Aontais. Is ionann praghas an aigéid nítrigh chaolaithe agus 46 % de phraghas an aigéid nítrigh a úsáidtear mar amhábhar. Dá bhrí sin, rinneadh an tagarmharc le haghaidh seachtháirge a choigeartú go dtí leibhéal 1,30 CNY/kg. |
|
(215) |
Ag féachaint don chomhoibriú ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar ag táirgeoirí an Aontais, maidir le dhá thoisc táirgeachta, mar atá aigéad sulfarach agus sárocsaíd hidrigine, b’ionann na costais iarbhír arna dtabhú ag na táirgeoirí sin agus sciar diomaibhseach de chostais iomlána na n-amhábhar le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ós rud é nach raibh aon tionchar suntasach ag an luach a úsáideadh dóibh siúd ar na ríomhanna maidir leis an gcorrlach dumpála, gan beann ar an bhfoinse a úsáideadh, chinn an Coimisiún na costais sin a áireamh le tomhaltáin mar a mhínítear in aithris (208). |
|
(216) |
Ba cheart na costais iompair intíre freisin a chur leis na praghsanna allmhairiúcháin sin de ghnáth. Dá bhrí sin, agus an toradh in aithris (231) á chur san áireamh, mar aon leis an gcineál imscrúdaithe seo faoi chuimsiú an athbhreithnithe éaga, ina ndírítear ar a chinneadh ar leanadh den dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe nó an bhféadfadh sí tarlú arís, seachas méid beacht na dumpála a fháil amach, chinn an Coimisiún nach raibh gá le coigeartuithe maidir le hiompar intíre. Ní bheadh de thoradh ar choigeartuithe den sórt sin ach an gnáthluach a mhéadú agus an corrlach dumpála dá réir sin. |
Saothar
|
(217) |
D’úsáid an Coimisiún staidreamh EIS chun an pá sa Cholóim a chinneadh (128). Soláthraítear leo sin faisnéis maidir le pá míosúil fostaithe san earnáil monaraíochta agus meánuaireanta seachtainiúla a oibríodh sa Cholóim don tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(218) |
Sa ríomh ar an gcostas saothair sa Cholóim, chuir an Coimisiún ranníocaíocht 12 % leis an gciste pinsin agus cáin riosca ghairmiúil 2,436 % le haghaidh an riosca tríú grúpa bunaithe ar ghníomhaíocht na cuideachta lena mbaineann Sucroal SA (129). |
Leictreachas
|
(219) |
Maidir le leictreachas, d’úsáid an Coimisiún an praghas a bhí ar fáil go héasca ó Enel (130), an príomhsholáthróir leictreachais sa Cholóim. Soláthraíonn an fhoinse sin meánphraghas aonair leictreachais in aghaidh na míosa le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
Uisce
|
(220) |
D’úsáid an Coimisiún na praghsanna is infheidhme sa Cholóim mar a ghearrann an chuideachta atá freagrach as soláthar uisce, bailiú agus cóireáil séarachais in Bogotá, is é sin ACUEDUCTO (131) chun praghsanna uisce a chinneadh. Meastar gurb é 6,59 CNY/m3 an costas aonaid is infheidhme. |
Gás nádúrtha
|
(221) |
Maidir le gás nádúrtha, d’úsáid an Coimisiún an praghas a bhí ar fáil go héasca arna fhoilsiú ag Gases de Occidente (132), an soláthróir gáis sa réigiún ina bhfuil Sucroal SA lonnaithe. Meastar gurb ionann an costas aonaid is infheidhme agus 3,95 CNY/m3 (i.e. meán an chostais aonaid le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe). |
Forchostais mhonaraíochta, costais SGA, brabúis agus dímheas
|
(222) |
De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’. Ina theannta sin, ní mór luach le haghaidh na bhforchostas monaraíochta a shuí chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas. |
|
(223) |
Chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a shuí agus ós rud é go bhfuil comhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin in easnamh, bhain an Coimisiún úsáid as na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, ar bhonn na sonraí a sholáthair táirgeoir an Aontais, shuigh an Coimisiún cóimheas na bhforchostas monaraíochta leis na costais iomlána mhonaraíochta agus saothair. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm ansin ar luach neamhshaofa na gcostas monaraíochta chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a fháil, ag brath ar an tsamhail a táirgeadh. |
|
(224) |
Chun méid neamhshaofa agus réasúnta a shuí maidir le costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus le brabús, bhraith an Coimisiún ar shonraí airgeadais Sucroal SA in 2022, arna mbaint as bunachar sonraí Orbis (133). |
3.3.1.2.14. Ríomh an ghnáthluacha
|
(225) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
|
(226) |
Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. In éagmais chomhoibriú na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú maidir le húsáid gach toisce (ábhair agus saothar) chun aigéad ocsalach a tháirgeadh agus ar an bhfaisnéis fhíoraithe a sholáthair an t-iarratasóir. |
|
(227) |
Nuair a bhí na costais mhonaraíochta neamhshaofa suite, chuir an Coimisiún na forchostais mhonaraíochta, costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus an brabús leis na costais sin. Socraíodh na forchostais mhonaraíochta bunaithe ar shonraí a chuir an t-iarratasóir ar fáil. Cinneadh costais SGA agus an brabús bunaithe ar ráitis airgeadais Sucroal SA don bhliain 2022 arna mbaint as bunachar sonraí Orbis (134) (féach roinn 3.3.1.2.11). Chuir an Coimisiún na hítimí seo a leanas le costais neamhshaofa na monaraíochta:
|
|
(228) |
Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
3.3.1.3.
|
(229) |
In éagmais comhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín, cinneadh an praghas onnmhairiúcháin bunaithe ar shonraí CAL Eurostat arna gceartú de réir leibhéal an phraghais díreach ón monarcha. Dá bhrí sin, laghdaíodh an praghas CAL de réir an chostais iompair intíre, na láimhseála agus an lasta aigéin bunaithe ar an bhfianaise a soláthraíodh san iarraidh. |
3.3.1.4.
|
(230) |
Chuir an Coimisiún an gnáthluach ríofa a suíodh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, i gcomparáid leis an bpraghas onnmhairiúcháin ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha mar a shuitear thuas. |
3.3.1.5.
|
(231) |
Ar an mbonn sin, fuarthas go raibh an corrlach dumpála suntasach i ndáil leis an tír (59 %). Is é an chonclúid ar thángthas air dá bhrí sin gur leanadh den dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
4. AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN DUMPÁIL NÓ GO nDÉANFAR AN ATHUAIR Í
4.1. An India
|
(232) |
Sa bhreis ar an toradh lena bhfuarthas gur ann don dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rinne an Coimisiún imscrúdú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ar an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go ndéanfar an athuair i má dhéantar na bearta a aisghairm. Rinneadh anailís ar na heilimintí breise a leanas: (i) an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise san India, (ii) an gaol idir praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus an leibhéal praghsanna san Aontas agus (iii) tarraingteacht mhargadh an Aontais. |
4.1.1. Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise san India
|
(233) |
San athbhreithniú éaga roimhe seo, measadh gur thart ar 40 000 tona in aghaidh na bliana a bhí in acmhainneacht iomlán tháirgeoirí aigéid ocsalaigh na hIndia. Thairis sin, níor aimsigh an Coimisiún aon fhianaise gur dhún aon táirgeoir aitheanta Indiach aigéid ocsalaigh aon cheann dá acmhainneachtaí táirgeachta idir an dá linn. Bunaithe ar shonraí fíoraithe na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha, bhí úsáid acmhainneachta thart ar 78 % ag na táirgeoirí de chuid na hIndia. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh an acmhainneacht bhreise san India thart ar 8 500 tona, a raibh [86 % - 105 %] de thomhaltas iomlán saormhargaidh an Aontais i gceist leis le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
4.1.2. An gaol idir na praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus leibhéal na bpraghsanna san Aontas
|
(234) |
Bhí díolacháin onnmhairí suntasacha ag an dá chuideachta chomhoibritheacha Indiacha leis an gcuid eile den domhan le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(235) |
Léiríonn sonraí fíoraithe an dá tháirgeoir chomhoibríocha de chuid na hIndia, arna gcros-seiceáil le sonraí a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú agus leis na sonraí atá ar fáil in GTA, go bhfuil meánphraghas onnmhairiúcháin na hIndia chuig an Aontas 11 % níos airde ná an meánphraghas onnmhairiúcháin chuig an gcuid eile den domhan. Dá bhrí sin, ar bhonn praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha, bheadh an corrlach dumpála níos airde ná ar bhonn praghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontas. |
4.1.3. Tarraingteacht mhargadh an Aontais
|
(236) |
Cé gur margadh measartha beag d’aigéad ocsalach é an tAontas, tá sé fós tarraingteach do tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na hIndia. Go deimhin, mar a léirítear sna haithrisí thuas, tá meánphraghas an Aontais níos airde ná an chuid eile den domhan. Deimhnítear an tarraingteacht a thuilleadh toisc, in ainneoin leibhéal réasúnta ard na ndleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm, go leanann táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na hIndia de bheith ag onnmhairiú chuig margadh an Aontais. |
4.1.4. Conclúid
|
(237) |
Léiríodh san imscrúdú gur lean allmhairí na hIndia de bheith ag teacht isteach i margadh an Aontais ar phraghsanna dumpáilte le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(238) |
I bhfianaise na hacmhainneachta breise atá ar fáil san India, leibhéal praghsanna tháirgeoirí na hIndia ar thríú margaí i gcoitinne agus tarraingteacht mhargadh an Aontais i dtéarmaí praghsanna, is rídhócha, in éagmais beart, go n-úsáidfí cuid ar a laghad den acmhainneacht atá ar fáil san India chun aigéad ocsalach a tháirgeadh lena onnmhairiú chuig an Aontas agus/nó go ndéanfaí roinnt onnmhairí chuig tríú margaí a atreorú chuig an Aontas i bhfianaise na bpraghsanna níos airde ar mhargadh an Aontais. |
|
(239) |
Sa bhreis ar an méid thuas, shuigh an Coimisiún gur féidir leis an acmhainneacht bhreise san India amháin tomhaltas an Aontais a chumhdach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, nach mór, agus go bhfuil margadh an Aontais an-tarraingteach do tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na hIndia i bhfianaise a phraghsanna. |
|
(240) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, dá ligfí do na bearta dul in éag, gur dócha go n-onnmhaireodh cuideachtaí de chuid na hIndia chuig an Aontas i gcainníochtaí níos mó ná mar atá ann faoi láthair agus ar phraghsanna dumpáilte. Dá bhrí sin, má théann na bearta in éag, is dócha go leanfar den dumpáil nó, in aon chás, go dtarlóidh sí arís. |
4.2. an tSín
|
(241) |
Sa bhreis ar an toradh lena bhfuarthas gur ann don dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rinne an Coimisiún imscrúdú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ar an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go ndéanfar an athuair i má dhéantar na bearta a aisghairm. Rinneadh anailís ar na heilimintí breise a leanas: (i) an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín, (ii) an gaol idir praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus leibhéal na bpraghsanna san Aontas, (iii) tarraingteacht mhargadh an Aontais, agus (iv) an acmhainneacht ionsúcháin a d’fhéadfadh a bheith ag margaí tríú tíortha. |
|
(242) |
In éagmais chomhoibriú tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, rinneadh an anailís sin ar bhonn na bhfíoras is fearr a bhí ar fáil, is é sin ar bhonn na faisnéise a bhí san iarraidh ar athbhreithniú agus ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil go poiblí. |
4.2.1. An acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht breise sa tSín
|
(243) |
Is í an tSín an tír a tháirgeann an méid is mó aigéid ocsalaigh ar domhan, agus táirgeadh measta 416 500 tona aici in 2022, de réir na hiarrata (135). |
|
(244) |
San athbhreithniú éaga roimhe seo, fuarthas amach go raibh acmhainneacht bhliantúil chomhcheangailte thart ar [150 000-200 000] tona ag táirgeoirí de chuid na Síne. (136) Sa chás reatha, chuir an t-iarratasóir isteach san iarraidh gur ghannmheastachán a bhí san fhigiúr sin agus, de réir staidéar a choimisiúnaigh sé, go raibh an acmhainneacht táirgeachta iomlán d’aigéad ocsalach sa tSín in 2018 thart ar 450 000 tona in aghaidh na bliana, agus gur mhéadaigh sí go 595 000 tona in aghaidh na bliana in 2022, arb ionann é agus beagnach leath an tomhaltais domhanda, a mheastar a bheith cothrom le 1 215 000 tona in 2022, de réir foinsí poiblí (137). |
|
(245) |
Thuairiscigh an t-iarratasóir freisin, mar chuid den mhéadú foriomlán ar an acmhainneacht táirgeachta, gur mhéadaigh príomhtháirgeoirí na Síne ar an acmhainneacht freisin nó gur thug siad acmhainneacht nua isteach, rud a léiríonn go raibh siad in ann an acmhainneacht táirgeachta a mhéadú go han-tapa (138). |
|
(246) |
Bunaithe ar an iarraidh, b’ionann tomhaltas aigéid ocsalaigh sa mhargadh inmheánach sa tSín agus thart ar 250 000 tona in 2022 agus b’ionann onnmhairí iomlána na Síne agus thart ar 167 000 tona in 2022 (139). Níl aon allmhairí isteach sa tSín de thionscnamh an Aontais nó na hIndia, dá bhrí sin is táirgeoirí de chuid na Síne amháin a sholáthraíonn do mhargadh intíre na Síne. Dá bhrí sin, meastar gurb ionann acmhainneacht bhreise tháirgeoirí de chuid na Síne agus thart ar 180 000 tona, arb ionann é agus thart ar 30 % dá n-acmhainneacht iomlán in 2022 (140), agus [18-22] uair thomhaltas mhargadh saor an Aontais. |
|
(247) |
Ó thit trí cheathrú de thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe in 2022, mheas an Coimisiún go raibh na sonraí thuas infheidhme freisin maidir leis an gcéad ráithe de 2023. Go deimhin, de réir an staidéir a cuireadh i láthair san iarraidh, tá plean leanúnach ann chun acmhainneacht táirgeoirí de chuid na Síne a mhéadú, agus dá bhrí sin chomhfhreagródh sonraí 2022 do mheastachán coimeádach, toisc go bhféadfadh sé gur tháinig acmhainneacht bhreise ar líne sa chéad ráithe de 2023. |
|
(248) |
Bunaithe ar a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh go bhfuil acmhainneachtaí breise suntasacha ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, ar dócha go n-úsáidfí iad chun aigéad ocsalach a onnmhairiú chuig an Aontas ar phraghsanna dumpáilte dá ligfí do na bearta dul in éag. |
4.2.2. An gaol idir na praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus leibhéal na bpraghsanna san Aontas
|
(249) |
Chun anailís a dhéanamh ar iompraíocht dhóchúil tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne in éagmais na mbeart, scrúdaigh an Coimisiún an leibhéal praghsanna maidir le díolacháin onnmhairí na Síne chuig an gcuid eile den domhan. In éagmais comhair, d’úsáid an Coimisiún staidreamh Eurostat agus GTA. |
|
(250) |
Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí meánphraghas díola thionscal an Aontais ([1 478 - 1 817] EUR/tona) níos airde ná an meánphraghas onnmhairiúcháin ón tSín chuig tríú tíortha (gan an tAontas a áireamh, 868 EUR/tona). |
|
(251) |
Thairis sin, bhí praghas allmhairiúcháin na Síne chuig an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (1 262 EUR/tona) níos airde ná an meánphraghas onnmhairiúcháin ón tSín chuig na 10 margadh onnmhairiúcháin is mó dá cuid (889 EUR/tona). Dá bhrí sin, ar bhonn praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha, bheadh an corrlach dumpála níos airde ná ar bhonn praghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontas. |
|
(252) |
Gan dleachtanna frithdhumpála, d’fhéadfadh onnmhaireoirí na Síne onnmhairiú go héasca chuig an Aontas ar phraghsanna níos airde ná na praghsanna chuig margaí eile tríú tíortha, rud a fhágann gur rídhócha go dtiocfadh méadú ar mhéideanna onnmhairiúcháin ar phraghsanna dumpáilte dá ligfí do na bearta dul in éag. Mheallfaí táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne leis na praghsanna margaidh níos airde san Aontas, rud a d’fhágfadh go leanfaí den dumpáil. |
4.2.3. Tarraingteacht mhargadh an Aontais
|
(253) |
Cé gur margadh measartha beag d’aigéad ocsalach é an tAontas, tá sé fós tarraingteach do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne ó thaobh praghsanna de. Sa bhreis ar an dleacht frithdhumpála, tá allmhairí ón tSín isteach san Aontas faoi réir gnáthdhleacht allmhairiúcháin ad valorem 6,5 %. ach d’ainneoin sin tá siad fós i margadh an Aontais, mar a thuairiscítear in aithris (267). |
4.2.4. Cumas ionsúcháin féideartha margaí tríú tíortha
|
(254) |
Mar a léirítear thuas, tá táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne in ann soláthar do mhargaí tríú tíortha ar phraghsanna an-íseal. De réir an iarratasóra, anois is dócha go bhfuil na margaí sin sáithithe agus mar sin nach bhfuil siad in ann aon mhéid breise d’onnmhairí Síneacha a ionsú, mar a léirítear leis an athrú tapa ó mhargaí tíortha traidisiúnta a sainaithníodh san athbhreithniú éaga roimhe seo go tíortha nua ina bhfuil infheistíochtaí straitéiseacha déanta ag an tSín i dtionscadail íonaithe miotail tearc-chré amhail Maenmar, Peiriú agus an Cósta Eabhair. Is é tuairim an iarratasóra, áfach, nach féidir leis an éileamh sna tíortha sin fás ach chomh tapa agus a cheadaítear le hinfheistíocht ón tSín, rud nach dócha a bheith chomh tapa le méadú acmhainneachta nua sa tSín (141). |
|
(255) |
Thairis sin, de réir na hiarrata, ní dócha go dtiocfaidh méadú ar an bhfás ar an éileamh thar lear ar aigéad ocsalach na Síne. Os a choinne sin, is dóichí go dtiocfaidh meath tapa air má leanfaidh an tSín de shrianta onnmhairiúcháin a fhorchur ar mhiotail agus mianraí tearc-chré – ar ceann de na húsáidí a bhaintear as aigéad ocsalach é íonú na miotal agus na mianraí sin – i gcomhthéacs teannas trádála (142). |
|
(256) |
Dá bhrí sin, ar bhonn na hiarrata, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil ionsú féideartha acmhainneacht bhreise na Síne ag tríú tíortha teoranta. |
4.2.5. Conclúid
|
(257) |
I bhfianaise na hacmhainneachta breise suntasaí sa tSín agus an fhianaise maidir le tarraingteacht mhargadh an Aontais á cur san áireamh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, dá rachadh na bearta in éag, gur dócha go ngníomhódh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne an acmhainneacht bhreise agus go n-atreoróidís onnmhairí ó thríú tíortha i dtreo mhargadh an Aontais ar phraghsanna dumpáilte agus i méideanna suntasacha freisin. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur mhór an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil, go ndéanfaí an athuair í in aon chás, dá rachadh na bearta frithdhumpála ar allmhairí ón tSín in éag. |
5. DÍOBHÁIL
5.1. Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais
|
(258) |
Rinne dhá tháirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse faoi bhreathnú, is iad sin Oxaquim agus WeylChem. Is iad atá i gceist le ‘tionscal an Aontais’ de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán. Ag cur san áireamh nach bhfuarthas na sonraí a úsáideadh san anailís díobhála ach ó dhá tháirgeoir de chuid an Aontais, tugtar na figiúirí a bhunaítear ar bhonn na sonraí seo a chuirtear i láthair thíos i raonta chun rúndacht tháirgeoirí an Aontais a chosaint. |
|
(259) |
Suíodh táirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ag idir 16 000 agus 20 000 tona. Shuigh an Coimisiún táirgeacht an Aontais ar bhonn an fhreagra fhíoraithe ar an gceistneoir ó Oxaquim agus ar bhonn an fhreagra ar an gceistneoir a chuir WeylChem isteach. Mar a mhínítear in aithris (19), níorbh fhéidir leis an gCoimisiún an freagra ceistneora ó WeylChem a fhíorú. Mar sin féin, rinne an Coimisiún cros-seiceáil ar na sonraí a sholáthair WeylChem sa fhreagra ceistneora sin leis na sonraí comhfhreagracha a bhí ar fáil san iarraidh ar athbhreithniú agus fuair sé dearbhú réasúnta go bhféadfaí iad a úsáid chun táscairí díobhála a shuí a bheadh ábhartha do thionscal iomlán an Aontais, mar atá táirgeacht an Aontais, tomhaltas an Aontais agus táscairí maicreacnamaíocha. Suíodh na táscairí díobhála eile ar bhonn fhreagra fíoraithe Oxaquim ar an gceistneoir. |
|
(260) |
Rinne an dá tháirgeoir de chuid an Aontais ionadaíocht ar 100 % de tháirgeacht iomlán an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil. |
5.2. Tomhaltas an Aontais
|
(261) |
Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn freagraí ar an gceistneoir ó tháirgeoirí an Aontais agus sonraí allmhairiúcháin Eurostat. |
|
(262) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar thomhaltas an Aontais: Tábla 2 — Tomhaltas an Aontais (tonaí)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(263) |
Tháinig méadú 11 % ar thomhaltas saormhargaidh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. In 2020, bhí tomhaltas an Aontais íseal mar gheall ar an moilliú eacnamaíoch a tharla de bharr phaindéim COVID-19. In 2021 agus 2022, d’fhill sé ar an leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim, agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe tháinig laghdú air mar gheall ar mhéid díolachán níos ísle i dtionscal an Aontais mar thoradh ar fhadhbanna sealadacha le soláthar ceann de na príomh-amhábhair a úsáidtear chun aigéad ocsalach a tháirgeadh, rud a chuir isteach go sealadach ar an bpróiseas táirgthe. |
|
(264) |
D’úsáid ceann de tháirgeoirí an Aontais aigéad ocsalach go hinmheánach chun táirgí eile a mhonarú. Tháinig méadú 29 % ar an tomhaltas faoi chuing le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus treocht á leanúint a bhí cosúil le tomhaltas an tsaormhargaidh. |
5.3. Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann
5.3.1. Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann
|
(265) |
Shuigh an Coimisiún an méid allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat. Suíodh sciar margaidh na n-allmhairí ar bhonn na sonraí sin mar chéatadán de thomhaltas saormhargaidh an Aontais. |
|
(266) |
Allmhairí isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann: Tábla 3 — An méid allmhairí agus an sciar den mhargadh
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(267) |
Tháinig méadú ar mhéid na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ó 984 thona in 2020 go 1 565 thona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i.e. méadú 59 %. |
|
(268) |
Tháinig méadú ar mhéid na n-allmhairí ón tSín ó 771 thona in 2020 go 1 149 dtona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i.e. méadú 49 %. |
|
(269) |
Tháinig méadú ar mhéid na n-allmhairí ón India ó 213 thona in 2020 go 416 thona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i.e. méadú 95 %. |
|
(270) |
Le linn na tréimhse céanna, níor tháinig ach méadú 11 % ar thomhaltas saormhargaidh an Aontais. Mar thoradh air sin, mhéadaigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin ó na tíortha lena mbaineann a sciar den mhargadh ó 9,2 % go 12,4 % i gcás na Síne, ó 2,5 % go 4,5 % i gcás na hIndia agus ó 11,7 % go 16,9 % i gcás an dá thír lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
5.3.2. Praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus sladghearradh praghais
|
(271) |
Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat. Suíodh sladghearradh praghais na n-allmhairí ar bhonn freagraí fíoraithe ar an gceistneoir le haghaidh tháirgeoirí na hIndia agus ar bhonn shonraí allmhairiúcháin Eurostat le haghaidh na Síne toisc nár ann d’aon chomhoibriú ón tír sin. |
|
(272) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghas ualaithe na n-allmhairí isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann: Tábla 4 – Praghsanna allmhairiúcháin (EUR/tona)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(273) |
Tháinig méadú 60 % ar mheánphraghsanna allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(274) |
Tháinig méadú 30 % ar mheánphraghas na n-allmhairí ón India agus tháinig méadú 71 % ar mheánphraghas na n-allmhairí ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(275) |
I gcás na hIndia, chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe trí chomparáid a dhéanamh idir na nithe seo a leanas:
|
|
(276) |
I gcás na Síne, chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe trí chomparáid a dhéanamh idir meánphraghas díola tháirgeoir comhoibríoch an Aontais arna ghearr ar chustaiméirí neamhchomhlachaithe ar mhargadh an Aontais, arna choigeartú de réir an leibhéil díreach ón monarcha, agus meánphraghas na n-allmhairí ón tSín ar bhonn CAL. Mar gheall ar an neamh-chomhoibriú ón tSín, suíodh an praghas allmhairiúcháin ón tSín bunaithe ar shonraí Eurostat a sholáthraítear ar leibhéal CAL ag teorainn an Aontais. |
|
(277) |
Rinneadh na praghsanna CAL a choigeartú ansin do na costais iar-allmhairiúcháin, go háirithe gnáthdhleacht chustaim, costais riaracháin chustaim agus dleacht frithdhumpála. |
|
(278) |
Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas an táirgeora chomhoibríoch de chuid an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Léirigh sé meánchorrlach sladghearrtha ualaithe [5 - 25] % de réir allmhairí ón India agus corrlach sladghearrtha [4 - 10] % de réir allmhairí ón tSín ar mhargadh an Aontais. Ba é [6 – 12] % an corrlach sladghearrtha carntha de réir allmhairí ó na tíortha lena mbaineann. |
5.4. Allmhairí ó thríú tíortha seachas an India agus Daon-Phoblacht na Síne
|
(279) |
Is ón Téaváin go príomha a tháinig allmhairí aigéid ocsalaigh ó thríú tíortha seachas an India agus Daon-Phoblacht na Síne. |
|
(280) |
Is mar a leanas a forbraíodh méid iomlán na n-allmhairí isteach san Aontas chomh maith le sciar den mhargadh agus treochtaí praghais na n-allmhairí i gcás an táirge faoi athbhreithniú ó thríú tíortha eile: Tábla 5 — Allmhairí ó thríú tíortha
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(281) |
Tháinig laghdú 9 % ar allmhairí ón Téaváin le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig laghdú 0,3 pointe céatadáin ar sciar na Téaváine den mhargadh. |
|
(282) |
Tháinig méadú 50 % ar allmhairí ó thríú tíortha seachas na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig méadú ar a sciar de mhargadh an Aontais ó 2 % in 2020 go 2,7 % le linn na tréimhse céanna. |
|
(283) |
Tháinig méadú 75 % ar mheánphraghas allmhairí ó thríú tíortha seachas na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus bhí sé i bhfad níos airde ná meánphraghas thionscal an Aontais. |
5.5. Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais
5.5.1. Barúlacha ginearálta
|
(284) |
Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
5.5.2. Táscairí maicreacnamaíocha
5.5.2.1.
|
(285) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 6 — Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(286) |
Tháinig méadú 11 % ar an méid táirgeachta in 2021 i gcomparáid le 2020. In 2020, bhí an méid táirgeachta faoi bhun an ghnáthleibhéil mar gheall ar dhúnadh sealadach gléasra mar gheall ar na srianta a bhain le COVID. Dá bhrí sin, ní raibh sa mhéadú in 2021 ach filleadh ar an ngnáthleibhéal táirgeachta roimh COVID-19. In 2022 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tháinig laghdú ar mhéid na táirgeachta mar gheall ar fhadhbanna sealadacha a bhain le soláthar ceann de na príomh-amhábhair, rud a chuir isteach ar an bpróiseas táirgthe, mar a luaitear in aithris (263), agus mar gheall ar éileamh níos ísle ar aigéad ocsalach Eorpach, arbh iad na hallmhairí méadaithe agus níos saoire ón tSín agus ón India ba chúis leis. Ar an iomlán, tháinig laghdú 8 % ar an méid táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(287) |
Ós rud é nár tháinig athrú ar an acmhainneacht táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú, luainigh an úsáid acmhainneachta i gcomhréir le hathruithe ar an méid táirgeachta. |
5.5.2.2.
|
(288) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid díolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 7 — An méid díolachán agus an sciar den mhargadh
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(289) |
Tháinig forbairt ar mhéid na ndíolachán i gcomhréir leis an méid táirgeachta agus ní raibh aon ghluaiseacht stoic shuntasach ann (seachas in 2021). Dá bhrí sin, tháinig méadú ar mhéid na ndíolachán in 2021, a bhuí le téarnamh iar-Covid, agus ansin tháinig laghdú air mar gheall ar shuaitheadh táirgeachta de bharr fadhbanna sealadacha le soláthar ceann de na príomh-amhábhair, mar a luaitear in aithris (286). Ar an iomlán, le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú, tháinig méadú 3 % ar an méid díolachán. |
|
(290) |
Ós rud é gur tháinig méadú ar thomhaltas an Aontais ar ráta níos airde ná méid díolachán tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse céanna, is é sin 11 %, tháinig laghdú ar an sciar den mhargadh a bhí ag táirgeoirí an Aontais ó 86,3 % in 2020 go 80,4 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
5.5.2.3.
|
(291) |
Cé gur tháinig méadú 11 % ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, níor tháinig ach méadú 3 % ar mhéid díolachán thionscal an Aontais le linn na tréimhse céanna. Mar thoradh air sin, tháinig laghdú beagnach sé phointe céatadáin ar sciar thionscal an Aontais i margadh an Aontais. |
5.5.2.4.
|
(292) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar fhostaíocht agus táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 8 – Fostaíocht agus táirgiúlacht
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(293) |
D’fhan an fhostaíocht cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(294) |
Suíodh táirgiúlacht mar mhéid na táirgeachta roinnte ar fhostaíocht. Ós rud é gur fhan an fhostaíocht cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú, cinneadh treocht na táirgiúlachta de réir fhorbairt an mhéid táirgeachta. Dá bhrí sin, lean treocht na brabúsachta treocht an mhéid táirgeachta a mhínítear in aithris (286). |
5.5.2.5.
|
(295) |
Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, ba shubstaintiúil fós na corrlaigh dhumpála aonair a fuarthas le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha san India agus le haghaidh na Síne (féach aithrisí (47) agus (231) thuas). |
|
(296) |
Mar sin féin, d’ainneoin go raibh dumpáil fós ann i gcás na hIndia agus i gcás na Síne, léiríonn an anailís ar na táscairí díobhála go raibh tionchar dearfach ag na bearta atá i bhfeidhm ar thionscal an Aontais. |
5.5.3. Táscairí micreacnamaíocha
5.5.3.1.
|
(297) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe an táirgeora chomhoibríoch san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 9— Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas (EUR/tona)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(298) |
Tháinig méadú 88 % ar an meánphraghas díola aonaid san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tharla sé sin mar gheall ar an méadú 93 % ar chostas aonaid na táirgeachta le linn na tréimhse céanna. |
|
(299) |
Tháinig méadú ar chostas aonaid na táirgeachta mar gheall ar an méadú ar chostas na bpríomh-amhábhar (siúcra agus aigéad nítreach) chomh maith le costais fuinnimh agus iompair. |
5.5.3.2.
|
(300) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánchostais saothair an táirgeora fhíoraithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 10— Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí
|
||||||||||||||||||||||
|
(301) |
Idir 2020 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tháinig méadú 16 % ar na meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí mar gheall ar an mboilsciú. |
5.5.3.3.
|
(302) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar leibhéil stoic an táirgeora chomhoibríoch san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 11 Fardail
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(303) |
I bhfianaise chineál an táirge lena mbaineann, tá na stoic an-bheag. Ós rud é go dtagann meath tapa ar an táirge lena mbaineann, táirgeann na táirgeoirí earraí lena loingsiú beagnach láithreach. Dá bhrí sin, níl an táscaire sin an-fhóinteach chun tuairisc a thabhairt ar staid thionscal an Aontais. |
5.5.3.4.
|
(304) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar an infheistíochtaí a bhí ag an táirgeoir fíoraithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 12 Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(305) |
Shuigh an Coimisiún brabúsacht an táirgeora chomhoibríoch san Aontas tríd an brabús roimh cháin ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Luainigh an bhrabúsacht i gcomhréir leis an bhforbairt ar an bpraghas díola aonaid agus ar chostas aonaid na táirgeachta a shonraítear in aithrisí (298) agus (299). Idir 2020 agus 2022, tháinig méadú níos moille ar an bpraghas díola aonaid ná ar chostas aonaid na táirgeachta agus dá thoradh sin tháinig laghdú ar bhrabúsacht. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, lean an praghas díola aonaid de bheith ag fás, cé gur chobhsaigh costas aonaid na táirgeachta, agus dá bhrí sin tháinig feabhas ar an mbrabúsacht. Ar an iomlán, d’fhan táirgeoir comhoibríoch an Aontais brabúsach le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú. |
|
(306) |
Is ionann an glansreabhadh airgid agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Bhí an sreabhadh airgid cobhsaí in 2020 agus 2021 agus tháinig méadú air ina dhiaidh sin ionas go raibh sé 146 % níos airde le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ná in 2020. Tharla sé sin mar gheall ar an méadú ar dhímheas ó 2022 ar aghaidh. In 2020 agus 2021, d’aithin táirgeoir an Aontais méid dímheasa níos ísle ná mar a bheadh infheidhme de ghnáth mar gheall ar úsáid níos ísle a bhaint as sócmhainní seasta mar thoradh ar na srianta a bhaineann le COVID. Sna tréimhsí ina dhiaidh sin, chuir an chuideachta an méid dímheasa iomlán in áirithe. |
|
(307) |
Tháinig laghdú 26 % ar infheistíochtaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar sin féin, ós rud é go raibh dearbhluach na n-infheistíochtaí íseal, níl aon bhrí leis an treocht sin chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht airgeadais tháirgeoir an Aontais. |
|
(308) |
Is é an toradh ar infheistíochtaí brabús réamhchánach na ndíolachán le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas i gcéatadán de ghlanluach na sócmhainní de réir na leabhar a bhaineann le táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú. D’ainneoin brabús laghdaitheach, tháinig méadú 33 % ar an toradh ar infheistíochtaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar tháinig laghdú ar ghlanluach sócmhainní de réir na leabhar. |
5.6. Conclúid maidir le díobháil
|
(309) |
Tháinig méadú 59 % ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus mar gheall air sin mhéadaigh táirgeoirí de chuid na hIndia agus de chuid na Síne a sciar den mhargadh ó 11,7 % in 2020 go 16,9 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Rinne a bpraghsanna sladghearradh [4-25] % ar phraghsanna thionscal an Aontais. |
|
(310) |
Léirigh táscairí díobhála áirithe, amhail an méid táirgeachta agus an sciar den mhargadh, treocht dhiúltach. Tháinig laghdú 8 % ar an méid táirgeachta mar gheall ar fhadhbanna sealadacha le soláthar ceann de na hamhábhair. Tháinig laghdú beagnach sé phointe céatadáin ar an sciar den mhargadh ach d’fhan sé ag os cionn 80 %. |
|
(311) |
Bhí treocht na dtáscairí díobhála eile dearfach. Tháinig méadú 3 % ar mhéid díolachán thionscal an Aontais agus d’fhan an fhostaíocht cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ina theannta sin, tháinig méadú 88 % ar an meánphraghas díola san Aontas le linn na tréimhse céanna. Bhí sé sin beagán faoi bhun an mhéadaithe ar chostas aonaid na táirgeachta, ach bhí sé leordhóthanach chun brabúsacht a choinneáil ar bun le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú, cé go raibh an bhrabúsacht faoi bhun an spriocbhrabúis (8 %) i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tháinig feabhas suntasach ar an sreabhadh airgid, agus tháinig méadú 146 % air idir 2020 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tháinig feabhas ar an toradh ar infheistíochtaí freisin. |
|
(312) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(313) |
Ina a chuid barúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, d’áitigh Oxaquim go raibh na raonta sonraí a cuireadh ar fáil i roinnt táblaí sa Rialachán róchúng, go háirithe sna táblaí a bhaineann le feidhmíocht eacnamaíoch thionscal an Aontais, agus mhol sé innéacsú a úsáid in ionad raonta, agus é ag áitiú go léireodh innéacsanna an treocht gan an t-ord méide a thabhairt do gach luach. |
|
(314) |
Mheas an Coimisiún gur ghá ní hamháin an treocht a chur i láthair ach méid na dtáscairí díobhála freisin chun a áirithiú go mbeadh tuiscint cheart ag na páirtithe leasmhara ar an measúnú díobhála. Chuige sin, bhí ar an gCoimisiún innéacsanna agus raonta araon a úsáid. Shainigh an Coimisiún na raonta ar bhealach a chuireann ar a gcumas do na páirtithe leasmhara a réasúnaíocht a thuiscint, agus san am céanna tá siad leathan go leor chun faisnéis rúnda ghnó a chosaint. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
6. AN DÓCHÚLACHT GO nDÉANFAR AN DÍOBHÁIL AN ATHUAIR
|
(315) |
Ba é conclúid an Choimisiúin in aithris (312) nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, lena fháil amach an dócha go ndéanfar arís an díobháil arbh iad na hallmhairí dumpáilte ón India agus ón tSín ba chúis léi ar an gcéad dul síos, má ligtear do na bearta ina gcoinne dul as feidhm. |
|
(316) |
I ndáil leis sin, scrúdaigh an Coimisiún (i) an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise san India agus sa tSín, (ii) an gaol idir praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus leibhéal na bpraghsanna san Aontas, (iii) leibhéil praghsanna dhóchúla allmhairí ón India agus ón tSín in éagmais bearta frithdhumpála agus a dtionchar ar thionscal an Aontais, (iv) tarraingteacht mhargadh an Aontais agus (v) tionchar allmhairí na hIndia agus na Síne ar staid thionscal an Aontais dá ligfí do na bearta dul in éag. |
6.1. Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise san India agus i nDaon-Phoblacht na Síne
|
(317) |
Mar a mhínítear in aithris (244), ba é 595 000 tona acmhainneacht táirgeachta iomlán aigéid ocsalaigh sa tSín in 2022. Tar éis éileamh intíre agus onnmhairí iomlána a asbhaint, meastar go bhfuil thart ar 180 000 tona i gceist le hacmhainneacht shaor tháirgeoirí na Síne atá ar fáil do mhargadh an Aontais, méid atá [18 - 22] oiread níos mó ná tomhaltas saormhargaidh iomlán an Aontais (féach aithris (246)). |
|
(318) |
A mhéid a bhaineann leis an India, meastar gurb é 8 500 tona an acmhainneacht shaor atá ar fáil do mhargadh an Aontais mar a shonraítear in aithris (233), is é sin le rá [86 - 105] % de thomhaltas iomlán saormhargaidh an Aontais. |
|
(319) |
Dá bhrí sin, is féidir teacht ar an gconclúid go bhfuil acmhainneacht bhreise shuntasach sa tSín agus san India araon, acmhainneacht is féidir a úsáid chun onnmhairí chuig margadh an Aontais a mhéadú dá ligfí do na bearta atá i bhfeidhm dul in éag. |
6.2. An gaol idir na praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus leibhéal na bpraghsanna san Aontas
|
(320) |
Mar a mhínítear in aithrisí (250) agus (251), bhí an meánphraghas onnmhairiúcháin ón tSín chuig tríú tíortha (868 EUR/tona) i bhfad níos ísle ná a meánphraghas onnmhairiúcháin chuig an Aontas (1 262 EUR/tona) agus meánphraghas díola thionscal an Aontais ([1 478 - 1 817] EUR/tona) le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(321) |
A mhéid a bhaineann leis an India, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí an meánphraghas onnmhairiúcháin chuig an Aontas 11 % níos airde ná chuig an gcuid eile den domhan mar a shonraítear in aithris (235). |
|
(322) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go mbeadh dreasacht eacnamaíoch ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne agus na hIndia chun onnmhairí a aistriú ó thríú tíortha chuig an Aontas dá rachadh na bearta in éag. I gcásanna den sórt sin, bheidís in ann onnmhairiú go dtí an tAontas ar phraghsanna níos airde ná praghsanna a n-onnmhairí chuig margaí tríú tír, ach fós faoi bhun leibhéal praghsanna thionscal an Aontais. |
6.3. Leibhéil na bpraghsanna is dócha a bheidh ar allmhairí ón India agus ó Dhaon-Phoblacht na Síne in éagmais bearta frithdhumpála agus a dtionchar ar thionscal an Aontais
|
(323) |
Maidir le leibhéil praghsanna allmhairiúcháin, léirigh an t-imscrúdú, d’ainneoin na mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm, go raibh sladghearradh praghsanna thionscal an Aontais fós ann le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá n-aisghairfí na bearta atá i bhfeidhm agus ag glacadh leis go bhfanfadh praghsanna allmhairiúcháin ó na tíortha lena mbaineann agus praghas thionscal an Aontais mar a bhí le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, mhéadódh an corrlach sladghearrtha go [15 % - 40 %]. I gcás den sórt sin, chun leanúint de bheith iomaíoch, bheadh ar thionscal an Aontais a phraghsanna díolacháin a ísliú faoi bhun leibhéal na brabúsachta. |
6.4. Tarraingteacht mhargadh an Aontais
|
(324) |
Agus an anailís ar phraghsanna in aithrisí (320) go (323) á cur san áireamh, bheadh dreasacht ard ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne agus na hIndia a n-onnmhairí a atreorú chuig an Aontas áit a mbainfidís praghsanna níos airde amach agus sladghearradh suntasach fós á dhéanamh acu ar phraghas díola thionscal an Aontais. Ina theannta sin, bheidís in ann a n-acmhainneachtaí breise a úsáid chun cainníochtaí onnmhairiúcháin chuig margadh an Aontais a mhéadú. |
|
(325) |
Deimhnítear tarraingteacht mhargadh an Aontais a thuilleadh toisc, d’ainneoin leibhéal réasúnta ard na ndleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm agus a thagann sa bhreis ar an ngnáthdhleacht allmhairiúcháin 6,5 %, gur lean táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne agus na hIndia de bheith ag onnmhairiú chuig an Aontas agus gur mhéadaigh siad a sciar den mhargadh fiú. |
|
(326) |
Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid go bhfuil an acmhainneacht agus an dreasacht ag táirgeoirí onnmhairiúcháin san India agus sa tSín méid a n-onnmhairí chuig an Aontas a mhéadú go suntasach ar phraghsanna dumpáilte lena ndéantar sladghearradh ar phraghsanna thionscal an Aontais go suntasach, dá ligfí do na bearta dul in éag. |
6.5. Tionchar ar thionscal an Aontais
|
(327) |
Ní bheidh tionscal an Aontais, sa chás go gcoinneodh sé an leibhéal praghsanna reatha, in ann a mhéid díolachán agus a sciar den mhargadh a choinneáil in aghaidh na n-allmhairí dumpáilte ón tSín agus ón India. Is rídhócha, dá ligfí do na bearta dul in éag, go dtiocfadh méadú tapa ar an sciar den mhargadh atá ag táirgeoirí na Síne agus na hIndia. Bheadh sé sin chun dochair do thionscal an Aontais a bhfuil a phraghsanna níos airde. Dá gcaillfí méid na ndíolachán, laghdófaí an ráta úsáide acmhainneachta a thuilleadh agus, dá bhrí sin, thiocfadh méadú ar mheánchostas aonaid na táirgeachta. Laghdódh sé sin an bhrabúsacht, rud a d’fhágfadh tionscal an Aontais neamhbhrabúsach i bhfianaise a leibhéil ísil faoi láthair. |
|
(328) |
Dá gcinnfeadh tionscal an Aontais a phraghsanna a ísliú mar iarracht a mhéid díolachán agus a sciar den mhargadh a choinneáil, rachadh a staid airgeadais in olcas go tapa freisin. Níor mhór an laghdú ar phraghsanna a bheith suntasach chun praghsanna onnmhaireoirí na hIndia agus na Síne a mheaitseáil toisc, dá ligfí do na bearta dul in éag, go ndéanfaidís sladghearradh [15 % - 40 %] ar phraghsanna thionscal an Aontais (gan na dleachtanna frithdhumpála). D’fhágfadh laghdú suntasach den sórt sin ar phraghsanna go mbeadh tionscal an Aontais ag cailleadh airgid go mór, agus é á chur san áireamh go bhfuil a chorrlach brabúis ar leibhéal aon dhigit amháin. |
|
(329) |
Sa dá chás, bheadh tionchar diúltach ag dul in éag na mbeart ar thionscal an Aontais, rud a chuirfeadh lena staid airgeadais atá leochaileach cheana féin agus a chuirfeadh a inmharthanacht i mbaol ar deireadh. |
6.6. Conclúid
|
(330) |
Ar an mbonn sin, thángthas ar an gconclúid gur dócha go dtiocfadh méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte ón India agus ón tSín ar phraghsanna díobhálacha mar thoradh ar easpa na mbeart agus gur dócha go ndéanfar díobháil ábhartha an athuair. |
6.7. Leas an Aontais
|
(331) |
I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais ina iomláine dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála reatha ar bun. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla uile lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí agus na n-úsáideoirí. |
6.8. Leas thionscal an Aontais
|
(332) |
Léirigh an t-imscrúdú, cé nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais, go raibh iarmhairtí diúltacha áirithe aige ar allmhairí ón India agus ón tSín, amhail sciar den mhargadh a chailleadh, agus go raibh a staid airgeadais leochaileach agus laghdú brabúsachta á chur san áireamh. Dá n-aisghairfí na bearta in aghaidh na hIndia agus na Síne, is dócha go ndéanfar an díobháil an athuair toisc go mbeadh tionscal an Aontais neamhchosanta ar mhéideanna suntasacha allmhairí a chuirfeadh brú suntasach ar phraghsanna. Dá thoradh sin, is dócha go dtiocfadh meath suntasach ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais ar na cúiseanna a shonraítear in aithrisí (327) agus (328). Os a choinne sin, dá gcoinneofaí na bearta ar bun, thabharfaí níos mó cinnteachta don mhargadh, rud a chuirfeadh ar chumas thionscal an Aontais a staid eacnamaíoch a neartú agus ionchais maidir le hinmharthanacht fhadtéarmach a fheabhsú. |
|
(333) |
Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún go mbeadh sé chun leas thionscal an Aontais leanúint leis na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm. |
6.9. Allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a shampláil
|
(334) |
Chuathas i dteagmháil leis na hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe aitheanta uile tráth thionscnamh an imscrúdaithe. Ní bhfuair an Coimisiún comhoibriú ó aon allmhaireoir neamhchomhlachaithe le linn an imscrúdaithe. |
|
(335) |
Ar an mbonn sin, ní raibh aon chomhartha ann go mbeadh tionchar diúltach suntasach ar na hallmhaireoirí ag na bearta dá gcoinneofaí ar bun iad, tionchar ar mó é ná tionchar dearfach na mbeart ar thionscal an Aontais. |
6.10. Leas úsáideoirí
|
(336) |
Chuir Jervois Finland Oy (‘Jervois’), an t-aon úsáideoir amháin a chomhoibrigh san imscrúdú, i gcoinne leanúint leis na bearta frithdhumpála. |
|
(337) |
D'úsáid Jervois aigéad ocsalach mar amhábhar chun ceann dá tháirgí a tháirgeadh. Bhí thart ar [5-9] % de chostas iomlán táirgthe an táirge sin i gceist le haigéad ocsalach, rud a ghin thart ar [9-13] % de láimhdeachas iomlán na cuideachta dá réir. Dá bhrí sin, bhí tionchar an-teoranta ag costas aigéid ocsalaigh ar fheidhmíocht airgeadais fhoriomlán Jervois. |
|
(338) |
Ina theannta sin, d’úsáid Jervois aigéad ocsalach a allmhairíodh ó na tíortha lena mbaineann chun táirgí a dhíol sé lasmuigh den Aontas a mhonarú. Dá bhrí sin, bhí sé incháilithe allmhairiú a dhéanamh faoin gcóras próiseála isteach agus, dá bhrí sin, ní raibh sé incháilithe an dleacht frithdhumpála a íoc. Sa chás sin, ní bheadh aon éifeacht dhíreach ag na bearta atá i bhfeidhm ar staid airgeadais Jervois. |
|
(339) |
I bhfianaise a bhfuil thuas agus ag cur san áireamh nach bhfuair an Coimisiún barúlacha ó úsáideoirí eile, dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála ar bun, ní bheadh tionchar diúltach aige sin ar úsáideoirí an Aontais ar mó é ná tionchar dearfach na mbeart ar thionscal an Aontais. |
|
(340) |
Ina bharúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh Oxaquim maidir leis an ráiteas ón gCoimisiún in aithris (339) den Rialacháin nach bhfuair sé aon bharúil eile ó úsáideoirí an Aontais, seachas ó Jervois Finland Oy, nach raibh an méid sin ceart. Dar le Oxaquim, rinne roinnt úsáideoirí de chuid an Aontais uiríll chun tacú leis na bearta frithdhumpála a choinneáil i bhfeidhm. D’iarr Oxaquim ar an gCoimisiún líon na n-úsáideoirí sin de chuid an Aontais a lua mar aon lena dtacaíocht do na bearta a choinneáil i bhfeidhm. |
|
(341) |
Thug an Coimisiún dá aire go bhfuair sé barúlacha ó dhá dháileoir aigéid ocsalaigh. Chuir siad in iúl go dtacaíonn siad le síneadh a chur leis na bearta frithdhumpála ar allmhairí aigéid ocsalaigh ón tSín agus ón India. Ina theannta sin, fuair an Coimisiún barúlacha íogaire ó thrí pháirtí eile: dáileoir amháin, úsáideoir amháin agus trádálaí agus úsáideoir amháin. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe sin leagan neamhíogair a chur isteach maidir lena mbarúlacha, ach ní dhearna na páirtithe amhlaidh. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún a sheasamh a nochtadh sa Rialachán. |
6.11. An chonclúid maidir le leas an Aontais
|
(342) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon chúis láidir ann lena chinneadh nach raibh sé chun leasa an Aontais na bearta atá ann cheana ar allmhairí aigéid ocsalaigh de thionscnamh na hIndia agus na Síne a choinneáil ar bun. |
7. BEARTA FRITHDHUMPÁLA
|
(343) |
Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir le leanúint den dumpáil, atarlú na díobhála agus leas an Aontais, ba cheart na bearta frithdhumpála ar aigéad ocsalach ón India agus ón tSín a choinneáil ar bun. |
|
(344) |
Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a chur ar fáil d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Ba cheart allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’. |
|
(345) |
Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim. |
|
(346) |
Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtrátaí aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin. |
|
(347) |
Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, is infheidhme go heisiach iad maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann é arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo siúd a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithdhumpála aonair. |
|
(348) |
Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfí na dleachtrátaí frithdhumpála aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (143). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(349) |
Tugadh fógra do gach páirtí leasmhar faoi na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a beartaíodh a mholadh go gcoinneofaí na bearta atá ann cheana ar bun. Tugadh tréimhse dóibh freisin chun uiríll a dhéanamh tar éis an nochta sin. |
|
(350) |
Ina mbarúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh Oxaquim go raibh aigéad ocsalach arna ndéanamh ag táirgeoirí áirithe de chuid na Síne á allmhairiú isteach i margadh an Aontais tríd an gcuideachta Yuanping, agus leas á bhaint as dleachtráta aonair níos ísle na cuideachta sin. D’iarr Oxaquim ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar dhleachtráta aonair Yuanping a tharraingt siar ar an mbonn nach fíortháirgeoir aigéid ocsalaigh í an chuideachta sin a thuilleadh. |
|
(351) |
Thug an Coimisiún dá aire, i gcomhthéacs athbhreithniú éaga, nach féidir bearta a fhoirceannadh i gcás cuideachta aonair amháin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don bharúil sin. |
|
(352) |
I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (144), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí. |
|
(353) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid ocsalaigh, bídís i bhfoirm dhéhiodráite (uimhir CUS 0028635-1 agus uimhir CAS 6153-56-6) nó i bhfoirm ainhidriúil (uimhir CUS 0021238-4 agus uimhir CAS 144-62-7) nó ná bídís, bídís i dtuaslagán uiscí nó ná bídís, atá faoi láthair faoi chód AC ex 2917 11 00 (cód TARIC 2917 11 00 91) agus ar de thionscnamh na hIndia agus Dhaon-Phoblacht na Síne iad.
2. Is mar a leanas a bheidh an dleachtráta frithdhumpála cinntitheach is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Tír thionscnaimh |
Cuideachta |
Dleacht frithdhumpála |
Cód breise TARIC |
|
An India |
Punjab Chemicals and Crop Protection Limited |
22,8 % |
B230 |
|
Star Oxochem Pvt Ltd |
31,5 % |
B270 |
|
|
Gach allmhaire eile de thionscnamh na hIndia |
43,6 % |
B999 |
|
|
Daon-Phoblacht na Síne |
Shandong Fengyuan Chemicals Stock Co., Ltd; Shandong Fengyuan Uranus Advanced Material Co., Ltd |
37,7 % |
B231 |
|
Yuanping Changyuan Chemicals Co., Ltd |
14,6 % |
B232 |
|
|
Na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne |
52,2 % |
B999 |
3. Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a shonraítear le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid) (an táirge faoi athbhreithniú) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é sa [tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.
4. Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 325/2012 ón gComhairle an 12 Aibreán 2012 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí aigéid ocsalaigh de thionscnamh na hIndia agus Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 106, 18.4.2012, lch. 1).
(3) Breithiúnas an 20 Bealtaine 2015, Yuanping Changyuan Chemicals v an Chomhairle, T-310/12, ECLI:AE:T:2015:295.
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2081 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2016 lena n-ath-fhorchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid ocsalaigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna dtáirgeadh ag Yuanping Changyuan Chemicals Co. Ltd (IO L 321, 29.11.2016, lch. 48).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/931 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2018 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid ocsalaigh de thionscnamh na hIndia agus Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 165, 2.7.2018, lch. 13).
(6) IO C 379, 3.10.2022, lch. 11.
(7) IO C 230, 30.6.2023, lch. 12.
(8) https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2668
(9) Meastachán bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthair an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin a bhí ag comhoibriú san imscrúdú, ar shuíomh gréasáin ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin nár chomhoibrigh leis an imscrúdú, agus in imscrúdú an athbhreithnithe éaga roimhe seo.
(10) Comhtharaif Chustaim. Is é 6,5 % an gnáthráta dleachta le haghaidh 2917 11 00 – aigéad ocsalach, a shalainn agus a eistir. Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1821 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2016 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 294, 28.10.2016, lch. 1) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1925 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 282, 31.10.2017, lch. 1).
(11) Tugadh scéim MEIS isteach in 2015 chun teacht in ionad scéimeanna a bhí ann roimhe seo: https://www.dgft.gov.in/CP/?opt=meis
(12) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, (SWD (2017) 483 final/2).
(13) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/607 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid chitrigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna leathnú chun allmhairí aigéid chitrigh a chuirtear chun bealaigh ón Malaeisia a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 129, 15.4.2021, lch. 73) (‘Athbhreithniú éaga, aigéad citreach ó Dhaon-Phoblacht na Síne’), aithris (101).
(14) Tá faisnéis faoi fhóirdheontais ar fáil ar shuíomh gréasáin Aireacht Talmhaíochta na Síne: http://www.moa.gov.cn/gk/zcfg/qnhnzc/201904/t20190416_6179338.htm
(15) Fógra 2017/627 ón gCoimisiún um Fhorbairt agus Athchóiriú Náisiúnta lena n-aisghairtear ‘Fógra NDRC maidir le Cúrsaí a bhaineann le Bainistiú Tionscadal Domhainphróiseála Arbhair’, atá ar fáil ag: https://www.ndrc.gov.cn/fggz/cyfz/zcyfz/201704/t20170417_1149901.html
(16) Athbhreithniú éaga, aigéad citreach ó Dhaon-Phoblacht na Síne, aithris (101).
(17) 14ú Plean Cúig Bliana, Airteagal XXIII, ‘Borradh a chur faoi Cháilíocht, Sochair agus Iomaíochas na Talmhaíochta’, lch. 54.
(18) EDT, Athbhreithniú Beartais Trádála - an tSín, Tuarascáil ón Rúnaíocht (‘WTO TPR China’), WT/TPR/S/415 (15.9.2021), Mír 4.10, lch. 124, le fáil tríd an nasc a leanas: https://www.wto.org/english/tratop_e/tpr_e/s415_e.pdf
(19) EDT TPR China, mír 4.12, lch. 125.
(20) Tuarascáil Ghníomhaireachta Nuachta, ‘ Chinese vice premier underlines stable corn, rice production ’ [Táirgeacht cobhsaí arbhair agus ríse á chur i dtábhacht ag Leas-Phríomhfheidhmeannach na Síne], an 2 Aibreán 2022, inrochtana tríd: https://english.news.cn/20220402/6654f6332c0b49488ab133489bb84cc6/c.html
(21) EDT TPR China, mír 4.6, lch. 123.
(22) EDT TPR China, mír 4.9, lch. 123.
(23) EDT TPR China, nóta 60 thuas, 4.20, lch. 127. Leithdháileann NDRC agus MOFCOM an cuóta agus eisíonn MOFCOM an ceadúnas.
(24) Meabhrán ó Roinn Tráchtála na Stát Aontaithe/Údarás Trádála Idirnáisiúnta (‘Meabhrán ITA NME’) dar dáta an 26 Deireadh Fómhair 2017, dar teideal China’s Status as a Non-Market Economy [Stádas na Síne mar Gheilleagar Neamh-mhargaidh] (A-570-053), lch. 149, https://enforcement.trade.gov/download/prc-nme-status/prc-nme-review-final-103017.pdf
(25) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1336 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí alcól polaivinile áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, (IO L 315, 29.9.2020, lch. 1 ) (‘Imscrúdú Tosaigh PVA ón tSín’), aithris (139).
(26) http://spc.sinopec.com/spc/en/investor/com_notice/Documents/20220429/doc_20220429_563439419677.pdf
(27) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, 20 Nollaig 2017, (SWD (2017) 483 final/2), lch. 406.
(28) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/116 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí potaisiam aicéasuilféime de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 19, 28.1.2022 lch. 22) (‘Athbhreithniú éaga, potaisiam aicéasuilféime ó Dhaon-Phoblacht na Síne’), aithris (98).
(29) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, 20 Nollaig 2017, (SWD (2017) 483 final/2), lch. 219.
(30) Meabhrán ITA NME, lch. 164.
(31) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1924 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cioglamáite sóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise iad tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 264 11.10.2022, lch. 12) (‘Athbhreithniú éaga, cioglamáit sóidiam ó Dhaon-Phoblacht na Síne’), aithris (63).
(32) Imscrúdú Tosaigh PVA ón tSín, aithris (150).
(33) Rialtas na Síne, 13ú Plean Cúig Bliana um Fhorbairt Gáis Nádúrtha, le fáil ag: https://policy.asiapacificenergy.org/node/3044
(34) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, 20 Nollaig 2017, (SWD (2017) 483 final/2), lch. 219, fonóta 757.
(35) Meabhrán ITA NME, lch. 163.
(36) http://www.fengyuanhuaxue.com/en/
(37) Athbhreithniú éaga, cioglamáit sóidiam ó Dhaon-Phoblacht na Síne, aithris (47), fonóta 20.
(38) Imscrúdú tosaigh, PVA ó Dhaon-Phoblacht na Síne, aithris (140).
(39) Féach https://www.futuremarketinsights.com/reports/oxalic-acid-market
(40) Féach https://www.fengyuanhuaxue.com/portal/about#honor
(41) Féach https://www.uschina.org/sites/default/files/2013%20HNTE%20Backgrounder.pdf
(42) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2001 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aspairtéime de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 274, 24.10.2022, lch. 24) (‘Athbhreithniú éaga, aspairtéim ó Dhaon-Phoblacht na Síne’), aithris (100).
(43) Athbhreithniú éaga, Aspairtéim ó Dhaon-Phoblacht na Síne, aithris (100).
(44) Athbhreithniú éaga, Potaisiam Aicéasuilféime ó Dhaon-Phoblacht na Síne, aithris (103).
(45) Athbhreithniú éaga, Cioglamáit Sóidiam ó Dhaon-Phoblacht na Síne, aithris (69) agus Athbhreithniú éaga, Aspairtéim ó Dhaon-Phoblacht na Síne, aithris (105).
(46) CBIRC, Plean gníomhaíochta trí bliana chun rialachas corparáideach na hearnála baincéireachta agus árachais a fheabhsú (2020- 2022), arna eisiúint an 28 Lúnasa 2020, ar fáil tríd an nasc a leanas: http://www.cbirc.gov.cn/cn/view/pages/ItemDetail.html?docId=925393&itemId=928
(47) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 10 Aibreán 2024, (SWD (2024) 91 final).
(48) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 2, lch. 7.
(49) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 2, lgh. 7-8.
(50) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 2, lch. 10, 18.
(51) Ar fáil ag: http://www.npc.gov.cn/zgrdw/englishnpc/Constitution/node_2825.htm (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(52) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 2, lgh. 29-30.
(53) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 4, lch. 57, 92.
(54) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 6, lgh. 149-150.
(55) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 6, lgh. 153-171.
(56) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 7, lgh. 204-205.
(57) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 8, lgh. 207-208, 242-243.
(58) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 2, lgh. 19-24, Caibidil 4, lch. 69, lgh. 99-100, Caibidil 5, lgh. 130-131.
(59) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 5, lgh. 120-131.
(60) Airteagal 33 de Bhunreacht Pháirtí Cumannach na Síne, Airteagal 19 de Dhlí Cuideachtaí na Síne. Féach an Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 3, lgh. 47-50.
(61) Féach Tuarascáil Bhliantúil 2023 na cuideachta, lch. 58, le fáil ag: https://static.sse.com.cn/disclosure/listedinfo/announcement/c/new/2024-03-30/600426_20240330_6FMX.pdf (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(62) Féach Tuarascáil Bhliantúil 2023 Danhua Technology, lgh. 21 agus 48, atá le fáil ar: http://file.finance.sina.com.cn/211.154.219.97:9494/MRGG/CNSESH_STOCK/2023/2023-4/2023-04-21/9019783.PDF (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(63) Féach https://www.sohu.com/a/434414645_100011043 (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(64) Féach tuarascáil bhliantúil 2023 na cuideachta, lch. 94, le fáil ag: http://file.finance.sina.com.cn/211.154.219.97:9494/MRGG/CNSESZ_STOCK/2024/2024-4/2024-04-27/10123345.PDF (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(65) Féach https://www.fengyuanhuaxue.com/portal/news/detail.html?id=8&type=1 (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(66) Féach http://www.moa.gov.cn/gk/cwgk_1/nybt/202206/t20220610_6402146.htm, mír 20 (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(67) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 13, lch. 466.
(68) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 2, lgh. 24-27.
(69) Féach tuilleadh: http://www.cfia.org.cn/ (arna rochtain an 22 Bealtaine 2024).
(70) Cairt Chumann Tionscail Bithchoipthe na Síne. Ar fáil ag: http://www.cfia.org.cn/site/term/5.html (arna rochtain an 22 Bealtaine 2024).
(71) Ibid.
(72) Féach tuilleadh: http://www.cciepa.org.cn/ (arna rochtain an 22 Bealtaine 2024).
(73) Féach http://www.cciepa.org.cn/page.htm?id=1002 (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(74) Féach thuas, fonóta 60.
(75) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 5, lgh. 124-125.
(76) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 3, lch. 40.
(77) Féach mar shampla: Blanchette J – Xi’s Gamble: The Race to Consolidate Power and Stave off Disaster [Xi ag dul sa seans: An Rás chun Cumhacht a Chomhdhlúthú agus chun Tubaiste a Chosc]; Foreign Affairs, eag. 100, uimh. 4, Iúil/Lúnasa 2021, lgh. 10-19.
(78) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 3, lch. 41.
(79) Le fáil ag: https://www.reuters.com/article/us-china-congress-companies-idUSKCN1B40JU (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(80) Na Treoirlínte ó Oifig Ghinearálta Choiste Lárnach Pháirtí Cumannach na Síne maidir le dlús a chur le hobair an Fhronta Aontaithe san earnáil phríobháideach don ré nua: www.gov.cn/zhengce/2020-09/15/content_5543685.htm (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(81) Financial Times (2020) - Dearbhaíonn Páirtí Cumannach na Síne níos mó smachta ar fhiontar príobháideach: https://on.ft.com/3mYxP4j (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(82) Féach http://file.finance.sina.com.cn/211.154.219.97:9494/MRGG/CNSESZ_STOCK/2023/2023-10/2023-10-28/9608338.PDF (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(83) Féach http://file.finance.sina.com.cn/211.154.219.97:9494/MRGG/CNSESH_STOCK/2023/2023-11/2023-11-16/9644604.PDF (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(84) Féach http://www.hualuholdings.com/news/800.html (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(85) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 14, Ranna 14.1 go 14.3.
(86) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 4, lgh. 56-57, 99-100.
(87) Http://www.moa.gov.cn/gk/cwgk_1/nybt/202206/t20220610_6402146.htm,, míreanna 6 agus 15 (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(88) Féach https://www.gov.cn/zhengce/content/2022-02/11/content_5673082.htm (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(89) Ibid., Roinn II.1.
(90) Ibid., Roinn IV, Bosca 3.
(91) Féach Fógra maidir le 15 roinn lena n-áirítear an Aireacht Talmhaíochta agus Gnóthaí Tuaithe maidir le roinnt beartas agus beart chun forbairt ardcháilíochta dianphróiseála táirgí talmhaíochta a chur chun cinn (moa.gov.cn) (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(92) Féach https://www.miit.gov.cn/zwgk/zcwj/wjfb/yj/art/2022/art_4ef438217a4548cb98c2d7f4f091d72e.html – An chéad roinn, Ceanglais Ghinearálta (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(93) Ibid. – An dara roinn, Feabhas a chur ar leibhéal na nuálaíochta agus na forbartha.
(94) Ibid.
(95) Ibid, Roinn 11.
(96) Féach http://lvsefazhan.cn/index.php/guozijianguan/408.html (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(97) Ibid., Roinn IV.3.
(98) Féach http://www.moa.gov.cn/xw/qg/202206/t20220614_6402372.htm (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(99) Féach https://www.sohu.com/a/756699103_121769698 (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(100) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 6, lgh. 171-179.
(101) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 9, lgh. 260-261.
(102) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 9, lgh. 257-260.
(103) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 9, lgh. 252-254.
(104) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 13, lgh. 360-361, 364-370.
(105) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 13, lch. 366.
(106) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 13, lgh. 370-373.
(107) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 6, lgh. 137-140.
(108) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 6, lgh. 146-149.
(109) Féach https://www.miit.gov.cn/zwgk/zcwj/wjfb/yj/art/2022/art_4ef438217a4548cb98c2d7f4f091d72e.html – An tOchtú roinn, Coimircí eagraíochtúla a neartú (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(110) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 6, lch. 149.
(111) Féach doiciméad beartais oifigiúil Choimisiún Rialála Baincéireachta agus Árachais na Síne an 28 Lúnasa 2020: Plean gníomhaíochta trí bliana chun rialachas corparáideach na hearnála baincéireachta agus árachais a fheabhsú (2020-2022): http://www.cbirc.gov.cn/cn/view/pages/ItemDetail.html?docId=925393&itemId=928 (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024). Tugtar treoir sa Phlean ‘ tuilleadh cur chun feidhme a dhéanamh ar an spiorad atá cuimsithe i bpríomhóráid an Ard-Rúnaí Xi Jinping maidir le hathchóiriú ar rialachas corparáideach na hearnála airgeadais a chur chun cinn’. Thairis sin, is é is aidhm do Roinn II den Phlean comhtháthú orgánach cheannaireacht an Pháirtí sa rialachas corparáideach a chur chun cinn: ‘ déanfaimid comhtháthú cheannaireacht an Pháirtí sa rialachas corparáideach níos córasaí agus níos caighdeánaithe agus é bunaithe níos mó ar nósanna imeachta [...] Ní mór saincheisteanna móra oibríochtúla agus bainistíochta a bheith pléite ag Coiste an Pháirtí sula ndéanfaidh an Bord Stiúrthóirí nó an bhainistíocht shinsearach cinneadh i ndáil leo ’.
(112) Féach Fógra CBIRC maidir leis an modh meastóireachta ar fheidhmíocht na mbanc tráchtála, a eisíodh an 15 Nollaig 2020: http://jrs.mof.gov.cn/gongzuotongzhi/202101/t20210104_3638904.htm (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(113) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 6, lgh. 157-158.
(114) Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 6, lgh. 150-152, 156-160, 165-171.
(115) ECFE (2019), Suirbhéanna Eacnamaíocha ECFE: An tSín 2019, Foilsitheoireacht ECFE, Páras, lch. 29, le fáil ag: https://doi.org/10.1787/eco_surveys-chn-2019-en (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(116) Féach http://www.gov.cn/xinwen/2020-04/20/content_5504241.htm (arna rochtain an 13 Bealtaine 2024).
(117) Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Tíortha Ard-Mheánioncam, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income
(118) Mura bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír lena mbaineann leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil, féadfar táirgeadh táirge in aicme agus/nó in earnáil ghinearálta chéanna an táirge faoi athbhreithniú a bhreithniú.
(119) https://ilostat.ilo.org/data/
(121) https://www.acueducto.com.co
(123) http://www.gtis.com/gta/secure/default.cfm
(124) (2)Iarscríbhinn 21J a ghabhann leis an iarraidh
(*1) Cód an tráchtearra sa Tuirc
(125) Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33). Meastar le hAirteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh.
(126) Iarscríbhinn 21J a ghabhann leis an iarraidh.
(127) Iarscríbhinn 21J a ghabhann leis an iarraidh.
(128) https://ilostat.ilo.org/
(129) https://safetya.co/normatividad/decreto-768-de-2022/
(130) https://www.enel.com.co/en/people/energy-rates.html
(131) https://www.acueducto.com.co
(133) http://orbis4.bvdinfo.com/
(134) http://orbis4.bvdinfo.com/
(135) Bunaíodh an meastachán sin ar an acmhainneacht táirgeachta agus ar an acmhainneacht bhreise a tuairiscíodh i staidéar a choimisiúnaigh an t-iarratasóir.
(136) Aithris (60) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/931 ón gCoimisiún.
(137) https://www.chemanalyst.com/industry-report/oxalic-acid-market-2969
(138) Áiríodh faisnéis maidir le leathnú na hacmhainneachta sa staidéar a choimisiúnaigh an t-iarratasóir.
(139) Ba é bunachar sonraí IHS foinse na n-onnmhairí iomlána, ach rinneadh meastachán ar thomhaltas intíre ar bhonn na hacmhainneachta táirgeachta a tuairiscíodh sa staidéar a choimisiúnaigh an t-iarratasóir agus ar bhonn na sonraí onnmhairiúcháin ó IHS.
(140) Rinneadh acmhainneacht bhreise a mheas ar bhonn an staidéir a choimisiúnaigh an t-iarratasóir.
(141) Iarraidh, mír 219.
(142) Iarraidh, mír 221. Féach, mar shampla, na srianta onnmhairiúcháin ar ghailliam agus ar ghearmáiniam a forchuireadh ón 1 Lúnasa 2023 agus na rialuithe onnmhairiúcháin ar ghraifít atá i bhfeidhm ón 1 Nollaig 2023.
(143) An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi 170, 1040 An Bhruiséil, an Bheilg.
(144) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2211/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)