This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1922
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/1922 of 12 July 2024 setting out the template for the collection by the Member States of the data and the information referred to in Article 6(5), points (a) to (d), of Regulation (EU) 2023/1230 of the European Parliament and of the Council
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1922 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2024 lena leagtar amach an teimpléad lena mbaileoidh na Ballstáit na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(5), pointí (a) go (d), de Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1922 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2024 lena leagtar amach an teimpléad lena mbaileoidh na Ballstáit na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(5), pointí (a) go (d), de Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2024/4804
IO L, 2024/1922, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1922/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1922 |
15.7.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1922 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Iúil 2024
lena leagtar amach an teimpléad lena mbaileoidh na Ballstáit na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(5), pointí (a) go (d), de Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 maidir le hinnealra agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 73/361/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 6(10) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Faoi Rialachán (AE) 2023/1230, tá an Coimisiún le foráil a dhéanamh maidir le teimpléad caighdeánaithe lena mbaileoidh na Ballstáit na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(5), pointí (a) go (d), den Rialachán, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(9). Áirithítear le teimpléad caighdeánaithe den sórt sin coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le sonraí agus faisnéis a bhailiú chun catagóir innealra nó táirgí gaolmhara a chur le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin nó chun catagóir innealra nó táirgí gaolmhara a tharraingt siar ón Iarscríbhinn sin. |
|
(2) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, teimpléad a leagan amach a bheidh le húsáid ag na Ballstáit chun na sonraí sin agus an fhaisnéis sin a bhailiú. Chun na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú, sa teimpléad caighdeánaithe teorannaítear na sonraí agus an fhaisnéis atá le soláthar don mhéid a bhfuil fíorghá leis, go háirithe trína cheangal nach dtabharfar ach na sonraí sonracha agus an fhaisnéis shonrach i ndáil le hinnealra sonrach nó táirgí gaolmhara sonracha agus chun críocha sonracha Airteagal 6(10), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2023/1230, ós rud é nach ndéantar an fhaisnéis shonrach sin agus na sonraí sonracha sin chun na gcríoch sonrach sin a cheangal le haon reachtaíocht eile de chuid an Aontais. |
|
(3) |
Rinne an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn obair ullmhúcháin an teimpléid a leagtar síos sa Rialachán seo agus chuaigh sé i gcomhairle leis an ngrúpa saineolaithe ábhartha freisin. |
|
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 48(1) de Rialachán (AE) 2023/1230, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Úsáidfidh na Ballstáit an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo chun na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(5), pointí (a) go (d), de Rialachán (AE) 2023/1230 a bhailiú.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 165, 29.6.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/988/oj.
IARSCRÍBHINN
Teimpléad lena mbaileoidh na Ballstáit na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(5), pointí (a) go (d), de Rialachán (AE) 2023/1230 (‘an Rialachán’)
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1922/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)