Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1717

Rialachán (AE) 2024/1717 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha

PE/40/2024/REV/1

IO L, 2024/1717, 20.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1717/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1717/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1717

20.6.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1717 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meitheamh 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointí (b) agus (e), agus Airteagal 79(2), pointe (c), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 3(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), cuimsíonn an tAontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais, gan rialú ag teorainneacha inmheánacha, ina n-áirithítear saorghluaiseacht daoine i dteannta le bearta iomchuí maidir le rialú ag teorainneacha seachtracha, tearmann agus inimirce, maille leis an gcoireacht a chosc agus a chomhrac.

(2)

Ar cheann de na príomhnithe atá bainte amach ag an Aontas tá cruthú limistéir ina n-áirithítear saorghluaiseacht daoine thar theorainneacha inmheánacha. Is den tábhacht go mbeadh gnáthfheidhmiú agus neartú limistéir den sórt sin, atá bunaithe ar iontaoibh agus ar dhlúthpháirtíocht, ina chuspóir coiteann ag an Aontas agus ag na Ballstáit ar chomhaontaigh a bheith páirteach ann. I ndáil leis sin, ba cheart athbhunú sealadach rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a bheith eisceachtúil agus níor cheart é a úsáid ach amháin mar rogha dheiridh, i gcás inarb iomchuí, faoi réir comhairliúcháin agus comhar idir na Ballstáit lena mbaineann agus an Coimisiún mar chaomhnóir na gConarthaí.

(3)

Le Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Cód Teorainneacha Schengen’) (4) leagtar síos rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine chuig an limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha (‘Limistéar Schengen’) agus ón limistéar sin, agus idir na Ballstát atá rannpháirteach i Limistéar Schengen freisin.

(4)

Le blianta beaga anuas, tá limistéar Schengen buailte ag dúshláin nach bhfacthas a leithéid cheana, arbh iad na cineálacha dúshlán iad nach raibh teoranta do chríoch aon Bhallstát amháin. Chuir na dúshláin sin in iúl gur freagracht chomhroinnte é caomhnú an bheartais phoiblí agus na slándála poiblí i limistéar Schengen, rud a éilíonn gníomhaíocht chomhpháirteach chomhordaithe idir na Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais. Chuir siad i dtábhacht freisin na bearnaí sna rialacha atá ann faoi láthair lena rialaítear feidhmiú limistéar Schengen ag na teorainneacha seachtracha agus na teorainneacha inmheánacha araon, agus an gá atá ann le creat atá níos láidre agus níos tréine a chruthú trínar féidir freagairt níos éifeachtaí a dhéanamh ar na dúshláin atá roimh limistéar Schengen chun iontaoibh fhrithpháirteach agus dlúthpháirtíocht fhrithpháirteach a neartú agus chun a áirithiú nach ndéanfar aon rialuithe ar dhaoine, is cuma cén náisiúntacht atá acu, agus teorainneacha inmheánacha á dtrasnú acu agus, ag an am céanna, a chur ar chumas na mBallstát freagairt éifeachtach a thabhairt ar na dúshláin atá rompu.

(5)

Ní hamháin go dtéann rialú teorann ag teorainneacha seachtracha chun leasa an Bhallstáit a gcuirtear i gcrích ag a theorainneacha seachtracha é, ach téann sé chun leasa na mBallstát go léir a chuir deireadh le rialú ag teorainneacha inmheánacha, agus chun leasa an Aontais ina iomláine. Ceanglaítear ar na Ballstáit ardchaighdeáin a áirithiú maidir le bainistiú a dteorainneacha seachtracha, lena n-áirítear trí chomhar feabhsaithe idir gardaí teorann, póilíní, údaráis chustaim agus údaráis ábhartha eile. Soláthraíonn an tAontas tacaíocht ghníomhach trí thacaíocht mhaoiniúcháin a sholáthar ó ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus trí bhainistiú Shásra Meastóireachta agus Faireacháin Schengen a bunaíodh le Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle (5). Na rialacha is infheidhme maidir leis na teorainneacha seachtracha, is gá iad a threisiú chun gur fearr is féidir freagairt ar dhúshláin nua atá tagtha chun cinn le déanaí ag na teorainneacha seachtracha.

(6)

Tá bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) bunaithe ar an tsamhail rialaithe rochtana ceithre chiseal. Is cuid lárnach den bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip é an rialú ag teorainneacha, lena n-áirítear bearta chun trasnuithe dlisteanacha teorann a éascú. Chun an choireacht trasteorann ag na teorainneacha seachtracha a chosc agus a bhrath, go háirithe smuigleáil imirceach, gáinneáil ar dhaoine, agus an sceimhlitheoireacht, ba cheart do na Ballstáit, in éineacht leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/1896, bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme, bunaithe ar an tsamhail rialaithe rochtana ceithre chiseal.

(7)

Tá sé léirithe ag paindéim COVID-19 gur féidir le baol don tsláinte phoiblí rialacha aonfhoirmeacha a éileamh maidir le srianta taistil ar náisiúnaigh tríú tír taisteal isteach san Aontas. Má ghlactar bearta neamhsheasmhacha éagsúla ag na teorainneacha seachtracha chun aghaidh a thabhairt ar bhaol den sórt sin, is rud é sin a bhfuil drochéifeacht aige ar fheidhmiú limistéar Schengen ina iomláine agus laghdaítear dá réir an intuarthacht le haghaidh taistealaithe tríú tír agus teagmhálacha pearsanta le tríú tíortha. Chun limistéar Schengen a ullmhú do dhúshláin a bheidh ann amach anseo ar scála atá inchomparáide le paindéim COVID-19, ba cheart sásra nua a bhunú lena bhféadfaí bearta comhordaithe a ghlacadh agus deireadh a chur leo, go tráthúil, ar leibhéal an Aontais. Ba cheart an sásra nua ag an teorainn sheachtrach a chur i bhfeidhm i gcás éigeandáil sláinte poiblí ar mórscála lena mbaineann baol tromchúiseach trasteorann don tsláinte, arna aithint ag an gCoimisiún ar leibhéal an Aontais gan dochar do Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus faisnéis ó údaráis náisiúnta inniúla á cur san áireamh.

(8)

I gcás éigeandáil sláinte poiblí ar mórscála, ba cheart foráil a dhéanamh leis an sásra maidir le glacadh rialacháin cur chun feidhme lena leagtar amach srianta sealadacha ar thaisteal, lena n-áirítear srianta ar dhul isteach agus íos-srianta sealadacha a bhaineann leis an tsláinte, agus na coinníollacha chun deireadh a chur leo. I bhfianaise íogaireacht pholaitiúil na srianta sin a bhaineann leis an gceart chun dul isteach ar chríoch na mBallstát, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle chun rialachán cur chun feidhme den sórt sin (‘an Rialachán cur chun feidhme’) a ghlacadh, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún.

(9)

Go tábhachtach, i gcomhréir leis na hoibleagáidí is infheidhme faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí idirnáisiúnta, saoránaigh den Aontas, agus náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cearta soghluaisteachta acu atá coibhéiseacha leis na cearta atá ag saoránaigh den Aontas, faoi chomhaontuithe idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus na tríú tíortha sin, ar an taobh eile, ba cheart cead a bheith acu i gcónaí teacht isteach san Aontas. Ba cheart cead a bheith i gcónaí ag cónaitheoirí san Aontas filleadh ar an Aontas, agus go háirithe ar an mBallstát ina bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil. Ba cheart a leagan síos leis an Rialachán cur chun feidhme íos-srianta sealadacha a bhaineann leis an tsláinte a bhféadfadh na daoine sin a bheith faoina réir. A mhéid a bhaineann le náisiúnaithe tríú tír a chónaíonn go dleathach in Éirinn, ba cheart do na Ballstáit, ar bhonn cómhalartach, ligean do na cónaitheoirí sin filleadh ar Éirinn trí idirthuras a dhéanamh trí chríoch na mBallstát. Iarrtar ar Éirinn a beartas náisiúnta a ailíniú leis na srianta ar thaisteal chuig an Aontas Eorpach. Na heilimintí uile is gá chun a áirithiú go mbeidh na srianta ar thaisteal éifeachtach, spriocdhírithe, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach leis an staid eipidéimeolaíoch atá ag athrú de réir a chéile, ba cheart na heilimintí sin uile a bheith sa Rialachán cur chun feidhme. Ba cheart a shainaithint leis, i gcás ina gceanglaítear sin le cineál na héigeandála sláinte poiblí ar mórscála, na catagóirí daoine a dhéanann taisteal riachtanach a liostaítear in Iarscríbhinn XI, Cuid B, atá le bheith díolmhaithe ó shrianta ar dhul isteach agus ba cheart a leagan síos leis na coinníollacha síos faoinar cheart é a bheith indéanta, ar bhonn eisceachtúil, srianta taistil a fhorchur ar na taistealaithe sin. Sa bhreis air sin, nó mar mhalairt air sin, ba cheart a chinneadh sa Rialachán cur chun feidhme aon limistéir gheografacha nó tríú tíortha ónar cheart é a bheith indéanta taisteal a chur faoi réir bearta sonracha agus ba cheart a bhunú leis nós imeachta chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an staid agus ar na srianta taistil, bunaithe ar mhodheolaíocht oibiachtúil agus ar chritéir oibiachtúla is infheidhme maidir leis an nós imeachta sin, lena n-áirítear, go háirithe, an staid eipidéimeolaíoch. D’fhéadfaí a shonrú sa Rialachán cur chun feidhme na coinníollacha faoina bhféadfaí an taisteal a cheadú, amhail tástáil, coraintín, féin-leithlisiú nó aon bheart iomchuí eile, amhail ceanglas foirm aimsithe paisinéirí a líonadh isteach nó uirlis rianaithe teagmhála eile a úsáid, agus ag féachaint, go háirithe, d’aon chóras de chuid an Aontais a forbraíodh chun taisteal faoi choinníollacha sábháilte a éascú, amhail córais deimhniúcháin dhigitigh. I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfaí sásra a bhunú faoin Rialachán cur chun feidhme freisin lena gceadófaí bearta breise a dhéanamh i gcás ina rachadh an staid eipidéimeolaíoch chun donais go mór i limistéar geografach amháin nó níos mó.

(10)

Tá éifeachtacht na srianta ar thaisteal chuig an Aontas bunaithe ar rialacha aonfhoirmeacha a chur i bhfeidhm maidir le tríú tíortha agus náisiúnaigh tríú tíortha. Trí rialacha aonfhoirmeacha a chur i bhfeidhm trí bhíthin an Rialacháin cur chun feidhme, ba cheart cosaint na sláinte poiblí a áirithiú agus, ar an gcaoi sin, feidhmiú an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha a chaomhnú. D’fhéadfadh na Ballstáit srianta sealadacha sláinte níos déine mar aon le srianta gaolmhara eile a ghlacadh seachas iad siúd a leagtar síos sa Rialachán cur chun feidhme ar choinníoll nach mbeadh tionchar díréireach diúltach ag srianta den sórt sin ar fheidhmiú an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha. Ina theannta sin, d’fhéadfadh na Ballstáit srianta ar thaisteal a ghlacadh in éagmais Rialachán cur chun feidhme. Ba cheart a chur san áireamh sa Rialachán cur chun feidhme staid shonrach na dTíortha nó na gCríoch Thar Lear dá dtagraítear in Airteagal 355(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann leis.

(11)

Maidir le hidirthuras a dhéanamh laistigh den Aontas i gcás shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh, agus i gcás catagóirí áirithe de thaistealaithe riachtanacha, níor cheart é a bheith faoi réir srianta sealadacha a bhaineann leis an tsláinte ar thaisteal chuig a gceann scríbe deiridh. Aon srianta sealadacha a bhaineann leis an tsláinte atá le cur i bhfeidhm, ba cheart iad a chur i bhfeidhm ar theacht go ceann scríbe deiridh dóibh.

(12)

Is gá freisin na rialacha agus na coimircí i ndlí an Aontais a threisiú ionas gur féidir leis na Ballstát gníomhú go tapa chun staideanna ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh a chomhrac. Ba cheart ionstraimiú den sórt sin a thuiscint de réir bhrí Airteagal 1(4), pointe (b), an chéad abairt, de Rialachán (AE) 2024/1359 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) . Sna cásanna ina mbíonn gníomhaithe naimhdeacha nach gníomhaithe stáit iad páirteach sa choireacht eagraithe, go háirithe i smuigleáil imirceach, níor cheart a mheas gur ionstraimiú imirceach é sin nuair nach aidhm dó an tAontas nó Ballstát a dhíchobhsú. Thairis sin, níor cheart cabhair dhaonnúil a mheas mar ionstraimiú imirceach nuair nach aidhm dóibh an tAontas nó Ballstát a dhíchobhsú.

(13)

Maidir leis an gCipir, foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 866/2004 ón gComhairle (9) do rialacha sonracha a bhfuil feidhm acu maidir leis an líne idir na limistéir i bPoblacht na Cipire ina bhfeidhmíonn Rialtas Phoblacht na Cipire rialú éifeachtach agus na limistéir sin nach bhfeidhmíonn sé rialú éifeachtach iontu. Cé nach teorainn sheachtrach í an líne sin, meastar gurb ionann staid ina spreagann nó ina n-éascaíonn tríú tír nó gníomhaí naimhdeach nach gníomhaí stáit é gluaiseacht náisiúnach tríú tír leis an líne sin a thrasnú agus ionstraimiú.

(14)

Go háirithe, i gcás ionstraimithe, i gcás inar gá, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann a bheith in ann trácht teorann a theorannú don íosmhéid trí phointí trasnaithe teorann áirithe a dhúnadh ar bhonn sealadach, agus fíor-rochtain éifeachtach ar nósanna imeachta cosanta idirnáisiúnta á ráthú san am céanna. Ba cheart a chur san áireamh in aon chinneadh den sórt sin an bhfuil sé aitheanta ag an gComhairle go bhfuil an tAontas nó ceann amháin nó níos mó dá Bhallstát ag déileáil le staid ina bhfuil ionstraimiú imirceach á dhéanamh. Thairis sin, ba cheart a chur san áireamh go hiomlán in aon srian den sórt sin, cearta shaoránaigh an Aontais, náisiúnaigh tríú tír ar tairbhithe iad den cheart chun saorghluaiseachta de bhun comhaontú idirnáisiúnta, agus náisiúnaigh tríú tír ar cónaithe fadtéarmacha iad faoin dlí náisiúnta nó faoi dhlí an Aontais nó a bhfuil víosaí fadtéarmacha ina seilbh acu, mar aon le baill teaghlaigh na ndaoine sin faoi seach. Ba cheart srianta den sórt sin a chur i bhfeidhm ar bhealach lena n-áirithítear go n-urramaítear oibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an non-refoulement.

(15)

Tugann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta cúnamh do na Ballstáit ó thaobh gnéithe oibríochtúla de bhainistiú na dteorainneacha seachtracha de a chur chun feidhme, lena n-áirítear malartú faisnéise, trealamh, fothú acmhainneachta agus oiliúint a sholáthar do ghardaí teorann náisiúnta, faisnéis spriocdhírithe agus anailís riosca, imscaradh bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh, chomh maith le cúnamh in oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine atá i nguais ar muir, ar oibríochtaí iad a sheoltar agus a dhéantar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Le sainordú nua na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, cuirtear roinnt mhaith deiseanna ar fáil do na Ballstáit cúnamh a fháil ina gcuid cúraimí rialaithe ag teorainneacha, lena n-áirítear, inter alia, maidir le scagadh agus in oibríochtaí um fhilleadh.

(16)

D’fhéadfaí teicneolaíochtaí nua-aimseartha amhail ladrainn agus braiteoirí gluaisne, chomh maith le haonaid shoghluaiste, agus, i gcás inarb iomchuí, gach cineál bonneagair dho-aistrithe agus shoghluaiste, a áireamh ar mhodhanna teicniúla chun cosc a chur ar thrasnuithe neamhúdaraithe na teorann. Ní mór úsáid modhanna teicniúla den sórt sin, go háirithe teicneolaíochtaí atá in ann sonraí pearsanta a bhailiú, a bheith bunaithe ar an dlí náisiúnta agus ní mór í a fheidhmiú i gcomhréir le forálacha sa dlí náisiúnta atá sainithe go soiléir.

(17)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Rialachán (AE) 2016/399 a fhorlíonadh i ndáil le catagóirí breise daoine a dhéanann taisteal riachtanach a chur le hIarscríbhinn XI, Cuid B, agus i dtaca le bearta breise i ndáil le faireachas a rialú, lena n-áirítear íoschaighdeáin choiteanna a fhorbairt don fhaireachas ar theorainneacha. Leis na híoschaighdeáin choiteanna sin, ba cheart a chur san áireamh na cineálacha teorainneacha, i.e. teorainneacha talún, mara nó aeir, na leibhéil tionchair a shanntar do gach cuid den teorainn sheachtrach i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus tosca ábhartha eile, amhail saintréithe geografacha. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(18)

I limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha, ba cheart daoine a bheith in ann, is Cuma cén náisiúntacht atá acu, gluaiseacht faoi shaoirse agus faoi shlándáil idir na Ballstáit. I dtaca leis sin, ba cheart a shoiléiriú nach ndéanann an toirmeasc ar rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha difear d’inniúlacht na mBallstát seiceálacha a dhéanamh ar a gcríoch lena n-áirítear ina limistéir teorann chun críoch eile seachas rialú ag teorainneacha. Ba cheart a shoiléiriú, go háirithe, go leanfaidh údaráis náisiúnta inniúla, lena n-áirítear údaráis sláinte nó údaráis forfheidhmithe dlí, de bheith i dteideal, i bprionsabal, cumhachtaí poiblí a fheidhmiú faoin dlí náisiúnta ar choinníoll nach bhfuil éifeacht na gcumhachtaí sin coibhéiseach le seiceálacha teorann.

(19)

Cé go mbaineann seiceálacha a bhfuil éifeacht choibhéiseach leo freisin leis an toirmeasc ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha, d’fhéadfadh sé nach measfaí seiceálacha a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát a bheith coibhéiseach le seiceálacha teorann i gcás nach bhfuil rialú ag teorainneacha mar chuspóir acu, i gcás ina bhfuil siad bunaithe ar fhaisnéis ghinearálta phóilíneachta agus ar thaithí nó ar fhaisnéis sláinte poiblí maidir le baol a d’fhéadfadh a bheith ann don tslándáil phoiblí nó don bheartas poiblí, i gcás ina bhfuil sé mar aidhm leo go háirithe coireacht trasteorann a chomhrac, an inimirce neamhdhleathach a laghdú nó leathadh galair thógálaigh a mbaineann baol eipidéime leis a shrianadh, arna shainaithint ag an Lárionad Eorpach um Rialú Galar, i gcás ina ndéantar iad a cheapadh agus a fhorghníomhú ar bhealach atá éagsúil go soiléir ó sheiceálacha córasacha ar dhaoine ag na teorainneacha, agus i gcás ina ndéantar iad ag moil iompair, amhail calafoirt, stáisiúin traenach nó bus agus aerfoirt mar aon le críochfoirt lasta nó go díreach ar bord seirbhísí iompair paisinéirí, agus i gcás ina bhfuil siad bunaithe ar mheasúnú riosca.

(20)

Maidir le hinimirce neamhdhleathach agus coireacht trasteorann a bhaineann leis a laghdú, amhail gáinneáil ar dhaoine, smuigleáil imirceach agus calaois doiciméad agus cineálacha eile coireachta trasteorann, d’fhéadfaí a chuimsiú sna bearta sin lena bhféadfar céannacht, náisiúntacht agus stádas cónaithe daoine a fhíorú ar choinníoll gur fíoruithe neamhchórasacha iad na fíoruithe sin agus go ndéantar iad ar bhonn measúnú riosca.

(21)

D’fhéadfadh úsáid na dteicneolaíochtaí nua-aimseartha chun faireachán a dhéanamh ar shreabha tráchta, go háirithe ar mhótarbhealaí agus ar bhóithre tábhachtacha eile arna gcinneadh ag na Ballstáit, a bheith ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar bhaol don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach. Níor cheart a thuiscint leis an toirmeasc ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha go gcuirtear cosc ar fheidhmiú dleathach na bpóilíní nó cumhachtaí poiblí eile maidir le seiceálacha a dhéanamh i limistéir teorann inmheánaí. Áirítear leis sin seiceálacha arb é atá i gceist leo úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí faireacháin agus faireachais a úsáidtear go ginearálta sa chríoch nó atá bunaithe ar mheasúnú riosca chun an tslándáil inmheánach a chosaint.

(22)

Ionas go mbeidh na teicneolaíochtaí sin éifeachtach, ba cheart é a bheith indéanta luasteorainneacha comhréireacha a chur i bhfeidhm ag pointí trasnaithe bóthair.

(23)

Agus a gcumhachtaí póilíneachta nó cumhachtaí poiblí eile á bhfeidhmiú ag údaráis inniúla na mBallstát ar a gcríoch, go háirithe ina limistéir teorann, tá sé tábhachtach nach mbíonn tionchar díréireach ag feidhmiú na gcumhachtaí sin ar an sreabhadh tráchta rianúil ag pointí trasnaithe bóthair ag teorainneacha inmheánacha, go háirithe, tionchar as a dtiocfaidh tréimhsí feithimh iomarcacha. De mheon an idirphlé agus an chomhair, tá sé tábhachtach go gcuirfeadh na Ballstáit an Ballstát comharsanach ar an eolas faoina gcuid gníomhaíochtaí, go háirithe nuair a mheastar go mbeidh tionchar níos suntasaí ag an ngníomhaíocht ar an trácht trasteorann.

(24)

Leis an toirmeasc ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha, níor cheart srian a chur le seiceálacha a dhéanamh, seiceálacha dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ní dhéanann siad difear do na rialacha is infheidhme maidir le seiceálacha a dhéanamh ar shonraí paisinéirí i mbunachair sonraí ábhartha roimh a dteacht.

(25)

Na seiceálacha a dhéanfaidh na Ballstáit agus iad ag feidhmiú a n-inniúlachtaí náisiúnta, is gá a áirithiú go mbeidh na seiceálacha sin comhsheasmhach go hiomlán le limistéar atá saor ó rialú ag teorainneacha inmheánacha. I gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, na seiceálacha a dhéanann na Ballstáit ag a limistéir teorann, dá mhéad atá na léirithe go bhfuil éifeacht choibhéiseach ag na seiceálacha sin leis an rialú ag teorainneacha, ag féachaint do chuspóir na seiceálacha sin, a raon feidhme críochach agus na difríochtaí a d’fhéadfadh a bheith eatarthu agus na seiceálacha a dhéantar ar an gcuid eile de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann, is ea is mó an gá atá ann le rialacha agus teorannacha dochta mionsonraithe lena leagtar síos na coinníollacha faoina bhféadfaidh na Ballstáit a gcumhachtaí póilíneachta a fheidhmiú i limistéar teorann.

(26)

Chun feidhmiú limistéar Schengen a neartú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann bearta breise a ghlacadh chun dul i ngleic le gluaiseachtaí neamhrialta idir na Ballstáit. I gcás ina ngabhann údaráis forfheidhmithe dlí de chuid Ballstáit náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil aon cheart fanachta acu i limistéir teorann le linn seiceálacha arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla faoi chuimsiú creat comhair dhéthaobhaigh, lena bhféadfaí a áireamh, go háirithe, patróil chomhpháirteacha póilíní, ba cheart na húdaráis sin a bheith in ann na náisiúnaigh tríú tír a aistriú chuig an mBallstát ónar tháinig siad isteach sa Bhallstát aistritheach. Ba cheart a cheangal ar an mBallstát as ar tháinig na náisiúnaigh tríú tír go díreach glacadh leis na náisiúnaigh tríú tír a gabhadh.

(27)

Níor cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta aistrithe maidir le náisiúnaigh tríú tír a bhfuil ceadanna cónaithe fadtéarmacha de chuid an Aontais ina seilbh acu agus baill dá dteaghlaigh i gcomhréir le Treoir 2003/109/CE ón gComhairle (12), náisiúnaigh tríú tír ar baill teaghlaigh de shaoránaigh an Aontais iad a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosaí fadfhanachta bailí ina seilbh acu agus a mbaill teaghlaigh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa gearrfhanachta bailí acu, náisiúnaigh tríú tíortha atá i dteideal taisteal gan víosa laistigh de limistéar Schengen ar feadh tréimhse 90 lá in aon tréimhse 180 lá, a mhéid nach ndeachaigh siad thar an tréimhse 90 lá sin, iarratasóirí, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (13), de Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus maidir le tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (4), de Rialachán (AE) 2024/1347 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Maidir le hiarratasóirí a ghabhtar faoi chuimsiú an chomhair dhéthaobhaigh, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) .

(28)

An nós imeachta trínar cheart Ballstát a bheith in ann náisiúnaigh tríú tír a gabhadh nach bhfuil aon cheart fanachta acu a aistriú go tapa chuig Ballstát as ar tháinig an duine go díreach, ba cheart é a bheith faoi réir coimircí agus é á dhéanamh agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha agus do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe a chumhdaítear in Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), chun próifíliú ciníoch a chosc. Ba cheart é a bheith indéanta ag na húdaráis fíorú a dhéanamh ar fhaisnéis ábhartha atá ar fáil láithreach do na húdaráis maidir le gluaiseachtaí na ndaoine lena mbaineann. D’fhéadfaí a áireamh ar fhaisnéis den sórt sin eilimintí oibiachtúla lena gceadófaí do na húdaráis a chinneadh gur thaistil an duine ó Bhallstát eile le déanaí, amhail seilbh doiciméad, lena n-áirítear admhálacha nó sonraisc, lena bhfianaítear taisteal ó Bhallstát eile le déanaí. Ba cheart cinneadh réasúnaithe i scríbhinn a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an nós imeachta aistrithe. Cé gur cheart an cinneadh a bheith in-fhorghníomhaithe láithreach, ba cheart leigheas éifeachtach a chur ar fáil don náisiúnach tríú tír chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh aistrithe nó athbhreithniú air a lorg. Níor cheart éifeacht fionraíochta a bheith ag an leigheas sin.

(29)

Tá an nós imeachta aistrithe dá bhforáiltear faoin Rialachán seo roghnach agus ní dhéanann sé difear don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh i gcomhréir le comhaontuithe déthaobhacha nó socruithe déthaobhacha dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) (‘an Treoir um Fhilleadh’), i gcás ina mbraitear na daoine sin lasmuigh de limistéir teorann.

(30)

Agus úsáid á baint acu as an nós imeachta aistrithe dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit socruithe praiticiúla a bhunú faoina gcreataí comhair dhéthaobhaigh, lena n-áirítear d’fhonn, mar riail ghinearálta, úsáid an nós imeachta aistrithe sin a sheachaint, go háirithe maidir leis na codanna de na teorainneacha inmheánacha ina ndearnadh rialú a athbhunú ar bhonn sealadach nó a fhadú ar bhonn sealadach.

(31)

I gcás ina dtugann iompróir chuig an teorainn náisiúnach tríú tír atá faoi réir cinneadh aistrithe, tá an t-údarás inniúil in ann, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, socruithe a dhéanamh leis an iompróir ionas go n-aistreofar an náisiúnach tríú tír gan mhoill chuig an mBallstát is faighteoir.

(32)

I gcomhthéacs cuairteanna gan réamhfhógra de bhun Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2022/922, is den tábhacht go dtabharfadh an Coimisiún aird ar leith ar chur chun feidhme an nós imeachta aistrithe.

(33)

I limistéar inar féidir le daoine gluaiseacht faoi shaoirse, gan teorainneacha inmheánacha, atá ar cheann de phríomhéachtaí an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) CAE, ba cheart gur eisceacht i gcónaí rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú agus níor cheart é a úsáid ach amháin mar rogha dheiridh. Tá eisceachtaí ar phrionsabal na saorghluaiseachta daoine agus maoluithe uaidh le léirmhíniú go docht. Ionas nach ndéanfar dochar don phrionsabal féin nach mbeidh aon rialú ag teorainneacha inmheánacha, mar atá chumhdaítear in Airteagal 3(2) CAE agus arna athdhearbhú in Airteagal 67(2) CFAE, ba cheart gur ar feadh tréimhsí atá sainithe go soiléir a dhéanfaí rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú i ngeall ar an mbaol céanna i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(34)

I gcásanna eisceachtúla, d’fhéadfadh sé gur ghá go nglacfadh na Ballstáit bearta ag na teorainneacha inmheánacha, mar rogha dheiridh, chun aghaidh a thabhairt ar bhaol do limistéar Schengen. Toisc go dtéann athbhunú sealadach rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha i bhfeidhm ar shaorghluaiseacht daoine, ba cheart aon chinneadh chun rialú teorann den sórt sin a athbhunú a dhéanamh i gcomhréir le critéir arna gcomhaontú go comhchoiteann agus ba cheart an cinneadh sin a chur in iúl don Choimisiún, don Pharlaimint agus don Chomhairle nó a bheith molta ag institiúid de chuid an Aontais. Tá inniúlacht i gcónaí ag na Ballstáit chun a chinneadh an bhfuil gá le rialú ag teorainneacha a athbhunú nó a fhadú ar bhonn sealadach. Faoi na rialacha atá ann faoi láthair, déantar foráil maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú i gcás ina dtagann baol tromchúiseach don tslándáil inmheánach nó don bheartas poiblí chun cinn in aon Bhallstát amháin ar feadh tréimhse teoranta ama. Go háirithe, d’fhéadfadh sceimhlitheoireacht agus coireacht eagraithe, éigeandálaí sláinte poiblí ar mórscála nó imeachtaí idirnáisiúnta ar mórscála nó ardphróifíle amhail imeachtaí spóirt, trádála nó polaitiúla a bheith ina mbaol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach.

(35)

Thairis sin, d’fhéadfadh baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach a bheith mar thoradh ar ghluaiseachtaí neamhúdaraithe tobanna ar mórscála náisiúnach tríú tír idir na Ballstáit, i gcás ina gcruthaítear leis sin staid ina gcuirtear brú suntasach ar acmhainní foriomlána agus ar acmhainneachtaí na n-údarás inniúil dea-ullmhaithe agus ar dócha go gcuirfidh sé feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mbaol, agus i gcás ina meastar nach leor na modhanna eile dá bhforáiltear faoin Rialachán seo chun aghaidh a thabhairt ar na hinsreafaí agus ar na gluaiseachtaí sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann brath ar thuarascálacha oibiachtúla cainníochtaithe maidir le gluaiseachtaí neamhúdaraithe nuair a bhíonn siad ar fáil, go háirithe, nuair a tháirgeann gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais iad ar bhonn rialta i gcomhréir lena sainorduithe féin.

(36)

Le paindéim COVID-19 léiríodh an gá le sásra uile-Aontais a mbeadh feidhm aige maidir le cásanna, laistigh de limistéar Schengen, ina ndéanann éigeandáil sláinte poiblí ar mórscála difear do roinnt Ballstát ag an am céanna, rud a chuireann dea-fheidhmiú limistéar Schengen i mbaol. Leis an sásra cosanta nua le haghaidh limistéar Schengen, ba cheart réitigh chomhordaithe a cheadú chun cosaint a thabhairt do leasanna na ndaoine atá i dteideal leas a bhaint as an limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha, trí éifeachtacht na mbeart a dhéantar a uasmhéadú agus a bhfo-éifeachtaí diúltacha a íoslaghdú san am céanna.

(37)

Leis an sásra cosanta nua do limistéar Schengen, ba cheart don Chomhairle a bheith in ann cinneadh a ghlacadh, ar thogra ón gCoimisiún, lena n-údaraítear rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach nó a fhadú ar bhonn sealadach, i gcás ina bhfuil éigeandáil sláinte poiblí ar mórscála aitheanta ar leibhéal an Aontais. Ós rud é go bhfuil cinneadh den sórt sin íogair ó thaobh na polaitíochta de, cinneadh lena rialaítear an fhéidearthacht atá ag na Ballstáit rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú i gcúinsí áirithe, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle chun cinneadh a ghlacadh, ag gníomhú di ar bhonn togra ón gCoimisiún. Ba cheart aon bhearta maolaitheacha iomchuí a áireamh sa chinneadh sin.

(38)

Bunú sásra cosanta nua le haghaidh limistéar Schengen, níor cheart don mhéid sin difear a dhéanamh do cheart na mBallstát dul i muinín beart aontaobhach roimh ré i gcomhréir leis an Rialachán seo, má éilíonn an staid sin. Mar sin féin, nuair a ghlacfar é, ba cheart beart an Aontais a bheith ina bhunús aonair chun freagairt chomhordaithe a thabhairt ar an mbaol sainaitheanta.

(39)

Chun comhlíonadh phrionsabal na comhréireachta a áirithiú, ba cheart cinneadh na Comhairle a ghlacadh ar feadh tréimhse teoranta suas le sé mhí, tréimhse a fhéadfar a fhadú faoi réir athbhreithniú rialta ar bhonn togra ón gCoimisiún, fad a mhairfidh an éigeandáil sláinte poiblí ar mórscála. Ba cheart a áireamh sa chinneadh tosaigh measúnú ar an tionchar a mheastar a bheidh ag na bearta a glacadh, lena n-áirítear na fo-éifeachtaí díobhálacha a bhaineann leo, d’fhonn a chinneadh an bhfuil bonn cirt le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha nó an bhféadfaí bearta nach bhfuil chomh sriantach a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach ina n-áit. I gcinntí a dhéanfar ina dhiaidh sin, ba cheart éabhlóid an bhaoil don tsláinte phoiblí a chur san áireamh. Ba cheart do na Ballstáit Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas láithreach maidir le hathbhunú rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha i gcomhréir leis an gcinneadh ón gComhairle.

(40)

Má athbhunaítear rialú teorann ag na teorainneacha inmheánacha, bíodh sin ar bhonn cinntí aontaobhacha de chuid na mBallstát nó ar leibhéal an Aontais, tá impleachtaí tromchúiseacha aige sin d’fheidhmiú limistéar Schengen agus don cheart chun saorghluaiseachta. Chun a áirithiú nach ndéanfar aon chinneadh rialú teorann a athbhunú ach amháin nuair is gá, mar rogha dheiridh, ba cheart an cinneadh maidir le rialú ag teorainneacha a athbhunú nó a fhadú ar bhonn sealadach a bheith bunaithe ar chritéir choiteanna, agus ba cheart é a bheith fíor-riachtanach agus comhréireach.

(41)

I gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is gá go ndéanfaí aon mhaolú ó phrionsabal bunúsach shaorghluaiseacht daoine a léiriú go docht agus glactar leis, le coincheap an bheartais phoiblí, gurb ann d’fhíorbhaol láithreach atá tromchúiseach go leor lena ndéantar difear do leasanna bunúsacha na sochaí.

(42)

Ar an gcéad dul síos, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar a oiriúnaí atá rialú teorann sealadach ag teorainneacha inmheánacha, ag féachaint do chineál an bhaoil thromchúisigh a sainaithníodh, agus a oiriúnaí atá na bearta malartacha chun na cuspóirí céanna a shaothrú le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha, amhail seiceálacha comhréireacha a dhéantar i bhfeidhmiú cumhachtaí póilíneachta nó cumhachtaí poiblí eile nó trí chineálacha comhair póilíneachta dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear an fhéidearthacht an nós imeachta aistrithe nó comhbhearta maidir le srianta sealadacha ar thaisteal a úsáid. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar an tionchar is dócha a bheidh ag rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ar ghluaiseacht daoine laistigh den limistéar gan rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha agus ar fheidhmiú na réigiún trasteorann, agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar sin. Ba cheart an measúnú sin a bheith mar chuid den fhógra a cheanglaítear ar na Ballstáit a tharchur chuig an gCoimisiún, chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle. I gcás ina ndéantar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú le haghaidh imeachtaí intuartha thar thréimhse thosaigh 6 mhí, ba cheart don Bhallstát measúnú riosca a dhéanamh freisin. Ba cheart a áireamh sa mheasúnú riosca sin mionsonraí maidir le scála agus éabhlóid réamh-mheasta an bhaoil thromchúisigh arna shainaithint, faisnéis maidir leis an bhfad a mheastar a mhairfidh an baol tromchúiseach sin agus cé na codanna de na teorainneacha inmheánacha a ndéantar difear dóibh, faisnéis maidir le bearta comhordúcháin le Ballstáit eile a mbeidh tionchar ag na bearta sin orthu agus na bearta atá glactha ag an mBallstát lena mbaineann agus a bhfuil sé ar intinn aige an baol tromchúiseach arna shainaithint a mhaolú, d’fhonn deireadh a chur le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha chun prionsabal na saorghluaiseachta a choinneáil.

(43)

Chun iarmhairtí díobhálacha a thagann as athbhunú rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a theorannú, ba cheart bearta maolaitheacha a bheith ag gabháil le haon chinneadh maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú. Ba cheart a chuimsiú leis na bearta sin, bearta a áiritheoidh oibriú rianúil idirthurais earraí agus pearsanra iompair agus maraithe trí ‘lánaí glasa’ a bhunú. Sa bhreis air sin, agus chun aird a thabhairt ar an ngá atá ann gluaiseacht daoine a áirithiú a bhféadfadh a ngníomhaíochtaí a bheith riachtanach chun an slabhra soláthair a chaomhnú nó chun seirbhísí riachtanacha a sholáthar, féadfaidh na Ballstáit na treoirlínte atá ann cheana maidir le hoibrithe trasteorann a chur i bhfeidhm freisin, treoirlínte a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Márta 2020 dar teideal Guidelines concerning the exercise of the free movement of workers during COVID-19 outbreak [Treoirlínte maidir le saorghluaiseacht oibrithe a fheidhmiú le linn ráig COVID-19]. Ba cheart a chur san áireamh sna rialacha maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, dá bhrí sin, na treoirlínte agus na moltaí a glacadh le linn phaindéim COVID-19 mar líontán sábhála láidir don Mhargadh Aonair, chun a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm iad mar bhearta maolaithe le linn athbhunú rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha. Ba cheart, go háirithe, bearta a shainaithint d’fhonn feidhmiú leanúnach an Mhargaidh Aonair a áirithiú agus d’fhonn leasanna na réigiún trasteorann agus ‘na gcomhchathracha’ a chosaint, lena n-áirítear, mar shampla, údaruithe nó maoluithe do chónaitheoirí na réigiún trasteorann.

(44)

An fógra atá le tabhairt ag na Ballstáit, ba cheart é a bheith cinntitheach agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar agus na gcoinníollacha a bhaineann le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach. Chun a áirithiú go ndéantar faireachán cuí ar rialú teorann a athbhunaíodh ag teorainneacha inmheánacha, agus chun cáilíocht na faisnéise a fhaigheann sé a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléad a bhunú chun fógra a thabhairt faoi rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú. Níor cheart a cheangal ar na Ballstáit an fhaisnéis ar fad a sholáthar i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo ar fhorais slándála poiblí, á tabhairt san áireamh rúndacht imscrúduithe leanúnacha. Ba cheart do na Ballstáit a bheith i dteideal rúnaicmiú a dhéanamh ar an bhfaisnéis uile nó ar chodanna den fhaisnéis a chuirtear ar fáil san fhógra, gan dochar d’fheidhmiú na mbealaí iomchuí slána.

(45)

Chun a áirithiú nach mbeidh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ina rogha dheiridh ach amháin a fhad is gá agus ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar riachtanas agus comhréireacht an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha chun aghaidh a thabhairt ar bhaol intuartha agus chun a chur ar chumas an Choimisiúin a mheas gur beart eisceachtúil é an rialú sin, ba cheart do na Ballstáit measúnú riosca a ullmhú a bheidh le cur faoi bhráid an Choimisiúin i gcás ina ndéantar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú thar thréimhse thosaigh 6 mhí, mar fhreagairt ar bhaol intuartha. Ní mór do na Ballstáit a mhíniú, go háirithe, scála agus éabhlóid an bhaoil thromchúisigh arna shainaithint, lena n-áirítear a fhad a mheastar a mhairfidh an baol tromchúiseach sainaitheanta agus cé na codanna de na teorainneacha inmheánacha a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh, cén fáth nach réiteoidh bearta malartacha an bhaoil arna shainaithint, chomh maith lena mbearta comhordúcháin leis na Ballstáit eile a bhfuil tionchar ag na bearta sin orthu nó ar dócha go mbeidh tionchar ag rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha orthu.

(46)

Ba cheart don Choimisiún a bheith i dteideal faisnéis bhreise a iarraidh ar bhonn an fhógra a fhaightear, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an measúnú riosca nó na bearta comhair agus comhordúcháin leis na Ballstáit a ndéanann an fadú atá beartaithe ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha difear dóibh. I gcás nach gcomhlíonann an fógra na híoscheanglais, ba cheart don Choimisiún an fógra a phlé leis an mBallstát lena mbaineann agus faisnéis bhreise a iarraidh air, sin nó a iarraidh ar an mBallstát sin a fhógra tosaigh a chomhlánú.

(47)

Uair sa bhliain ar a laghad, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhpháirt maidir le feidhmiú an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha (‘tuarascáil ar Staid Schengen’). Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann an tuarascáil sin a phlé ar leithligh freisin le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle. Ba cheart a áireamh sa tuarascáil liosta de na cinntí go léir a rinneadh chun rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú le linn na bliana ábhartha chomh maith leis na gníomhaíochtaí a rinne an Coimisiún maidir le rialú teorann a athbhunaíodh ag teorainneacha inmheánacha. Ba cheart aird ar leith a thabhairt sa tuarascáil ar an rialú teorann ag teorainneacha a bhí i bhfeidhm ar feadh tréimhse níos faide ná 12 mhí. Ba cheart a áireamh ann freisin measúnú ar riachtanas agus comhréireacht athbhunú agus fhadú an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha sa tréimhse arna cumhdach leis an tuarascáil sin, chomh maith le faisnéis faoi na treochtaí laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha maidir le gluaiseachtaí neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír, agus faisnéis atá ar fáil ó ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus anailís sonraí ó chórais faisnéise ábhartha á gcur san áireamh. Ba cheart a chumhdach freisin sa tuarascáil ar staid Schengen na hoibleagáidí tuairiscithe a eascraíonn as Airteagal 20 de Shásra Meastóireachta agus Faireacháin Schengen.

(48)

Ba cheart an tuarascáil atá le soláthar de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2022/922 a bheith ag gabháil leis an tuarascáil ar Staid Schengen.

(49)

Leis an sásra um rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach i gcásanna práinneacha nó chun aghaidh a thabhairt ar bhaol intuartha, ba cheart a fhoráil sa sásra sin maidir leis an bhféidearthacht a thabhairt don Choimisiún comhairliúcháin a eagrú idir na Ballstáit. Ba cheart don Choimisiún comhairliúchán a eagrú i gcás ina n-iarrann Ballstát a ndéantar difear dó go díreach amhlaidh. Ba cheart do ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais a bheith rannpháirteach sa phróiseas sin chun a gcuid saineolais a roinnt, i gcás inarb iomchuí. Ba cheart breathnú i gcomhairliúcháin den sórt sin ar an bhféidearthacht bearta malartacha a chur i bhfeidhm, agus, más gá, ar shocruithe praiticiúla chun rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a dhéanamh agus fad na socruithe sin. I gcás inar eisigh an Coimisiún nó Ballstát tuairim a léiríonn imní maidir le hathbhunú rialaithe ag teorainneacha, ba cheart comhairliúcháin den sórt sin a bheith éigeantach.

(50)

Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag an gCoimisiún agus na Ballstáit fós aon údar imní a chur in iúl a mhéid a bhaineann le riachtanas agus comhréireacht cinnidh ó Bhallstát chun rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar chúis práinne nó chun aghaidh a thabhairt ar bhaol intuartha. I gcás ina ndéantar rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú agus a fhadú i gcás baol intuartha le haghaidh tréimhsí níos faide ná 12 mhí le chéile, ba cheart don Choimisiún tuairim a eisiúint lena ndéantar measúnú ar riachtanas agus comhréireacht rialaithe teorann den sórt sin ag teorainneacha inmheánacha. I gcás ina measann Ballstát go bhfuil mórchás eisceachtúil ann a thugann údar leis an ngá leanúnach atá le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ar feadh tréimhse is faide ná 2 bhliain, ba cheart coimircí breise a leagan síos ó thaobh measúnú riosca de. Ba cheart a bheith ar áireamh san fhógra a thugann an Ballstát lena mbaineann na bearta atá beartaithe aige a ghlacadh, i gcomhar le Ballstáit eile i gcás inarb iomchuí, rud a fhágann gur féidir aghaidh a thabhairt ar an mbaol agus gur féidir na modhanna, na gníomhaíochtaí, na coinníollacha agus an amlíne a mheastar a chur i láthair d’fhonn deireadh a chur leis an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a luaithe agus is féidir chun prionsabal na saorghluaiseachta a choinneáil. I gcás den sórt sin, ba cheart don Choimisiún tuairim nua a eisiúint. Ní dochar tuairim den sórt sin do na bearta forfheidhmiúcháin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí um shárú, ar cheart go mbeadh an Coimisiún ina ról mar chaomhnóir na gConarthaí, in ann iad a dhéanamh tráth ar bith in aghaidh aon Bhallstáit toisc nach gcomhlíonann sé a chuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais. I gcás ina n-eisítear tuairim, ba cheart don Choimisiún comhairliúcháin a thionscnamh leis na Ballstáit lena mbaineann. Cé nach gá go mbeadh baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach i mBallstát sa limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha teoranta ó thaobh ama de, chun prionsabal na saorghluaiseachta a choinneáil, is gá teorainn a chur le huastréimhse an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha bunaithe ar an mbaol tromchúiseach céanna, teorainn nár cheart di dul thar 2 bhliain. I gcúinsí eisceachtúla agus faoi choinníollacha áirithe, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú ar feadh dhá thréimhse eile 6 mhí. In aon chás, níor cheart rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha atá bunaithe ar an mbaol tromchúiseach céanna dul thar 3 bliana san iomlán.

(51)

Chun go bhféadfar an anailís ex post a dhéanamh ar an gcinneadh maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach, ba cheart é a bheith mar oibleagáid ar na Ballstáit fós tuarascáil maidir le hathbhunú an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin a luaithe a chuireann siad deireadh leis an rialú teorann sin. I gcás ina gcoinnítear na rialuithe ar feadh tréimhsí fada ama, ba cheart tuarascáil eile den sórt sin a thíolacadh tar éis 12 mhí, agus 12 mhí ina dhiaidh sin arís má choimeádtar rialuithe ar bun ar bhonn eisceachtúil. Ba cheart a leagan amach sa tuarascáil, go háirithe, an measúnú tosaigh agus an measúnú leantach ar an ngá atá le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha agus ar urramú na gcritéar maidir leis an rialú teorann sin a athbhunú. Ba cheart don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléad a bhunú le haghaidh tuarascálacha den sórt sin agus ba cheart dó an teimpleád a chur ar fáil ar líne.

(52)

Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, níl na Ballstáit le hidirdhealú a dhéanamh in aghaidh daoine ar fhorais a bhaineann le gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.

(53)

Ba cheart do na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa Rialachán seo na rialacha maidir le cosaint sonraí faoi dhlí an Aontais a urramú go hiomlán sna gníomhaíochtaí uile a dhéanann siad faoin Rialachán seo, lena n-áirítear agus úsáid á baint acu as a gcumhachtaí chun seiceálacha a dhéanamh. Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) nó ag Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis náisiúnta inniúla chun críocha an Rialacháin seo, de réir a raon feidhme faoi seach.

(54)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon feidhmiú limistéar Schengen a neartú, a ghnóthú go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina n-aonar, toisc gur gá leasú a dhéanamh ar na comhrialacha arna mbunú ar leibhéal an Aontais, agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(55)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(56)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (20); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(57)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (21), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (22).

(58)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (23), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (24).

(59)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (25), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (26).

(60)

Ní dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE.

(61)

Leis an Rialachán seo, urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe leis an gCairt.

(62)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/399 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 12:

‘12.

ciallaíonn “faireachas ar theorainneacha” an faireachas a dhéantar ar theorainneacha idir pointí trasnaithe teorann agus an faireachas a dhéantar ar phointí trasnaithe teorann lasmuigh d’uaireanta oscailte seasta, lena n-áirítear bearta coisctheacha, chun trasnuithe teorann neamhúdaraithe nó daoine ag teacht timpeall ar sheiceálacha teorann a chosc agus a bhrath, chun rannchuidiú le feasacht ar dhálaí a ardú, chun coireacht trasteorann a chomhrac agus chun bearta a dhéanamh i gcoinne daoine a thrasnaigh an teorainn go neamhdhleathach;’

;

(b)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘27.

ciallaíonn “éigeandáil sláinte poiblí ar mórscála” éigeandáil sláinte poiblí, a aithníonn an Coimisiún ar leibhéal an Aontais, agus faisnéis ó údaráis náisiúnta inniúla á cur san áireamh, i gcás ina bhféadfadh iarmhairtí mórscála a bheith ag baol tromchúiseach trasteorann don tsláinte maidir le feidhmiú an chirt chun saorghluaiseachta.

28.

ciallaíonn “taisteal riachtanach” taisteal a dhéanann duine atá díolmhaithe ó shrianta ar dhul isteach de bhun Airteagal 21a(4) nó (5), i ndáil le feidhm nó gá riachtanach, agus aon oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme de chuid an Aontais agus na mBallstát á gcur san áireamh;

29.

ciallaíonn “taisteal neamhriachtanach” taisteal seachas taisteal riachtanach;

30.

ciallaíonn “moil iompair” aerfoirt, calafoirt farraige nó abhann, stáisiúin traenach nó bus agus críochfoirt lasta.’

;

(2)

in Airteagal 5, cuirtear an fhomhír seo a leanas le mír 3:

‘Féadfaidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanann líon mór imirceach iarracht a dteorainneacha seachtracha a thrasnú ar bhealach neamhúdaraithe, en masse agus forneart á úsáid, na bearta is gá a dhéanamh chun an tslándáil, an dlí agus an t-ord a chaomhnú.’

;

(3)

in Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4.   Féadfaidh na Ballstáit, go háirithe i staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh dá dtagraítear in Airteagal 1(4), pointe (b), an chéad abairt, de Rialachán (AE) 2024/1359 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), pointí trasnaithe teorann sonracha a dhúnadh go sealadach, nó srian a chur lena n-uaireanta oscailte, mar a fhógraítear de bhun mhír 1, an dara fomhír, den Airteagal seo, i gcás ina n-éilítear sin leis na himthosca.

Aon bhearta de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo agus mhír 3, an dara fomhír, den Airteagal seo, cuirfear chun feidhme iad ar bhealach comhréireach agus ar bhealach lena gcuirtear san áireamh go hiomlán cearta na ndaoine seo a leanas:

(a)

daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais;

(b)

náisiúnaigh tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad faoi Threoir 2003/109/CE ón gComhairle (*2), daoine a bhfuil a gceart chun cónaithe acu ó ionstraimí eile de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta nó daoine a bhfuil víosaí fadfhanachta náisiúnta acu, mar aon le baill teaghlaigh na ndaoine sin faoi seach; agus

(c)

náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu.

(*1)  Rialachán (AE) 2024/1359 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéimeanna agus force majeure i réimse na himirce agus an tearmainn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1147 (IO L, 2024/1359, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1359/oj.)."

(*2)  Treoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad (IO L 16, 23.1.2004, lch. 44.).’;"

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

‘Airteagal 13

Faireachas ar theorainneacha

1.   Is é an príomhchuspóir atá leis an bhfaireachas ar theorainneacha trasnuithe teorann neamhúdaraithe a chosc nó a bhrath, rannchuidiú le feasacht ar dhálaí a ardú, an choireacht trasteorann a chomhrac agus bearta a dhéanamh i gcoinne daoine a thrasnaigh an teorainn go neamhdhleathach. Is é a bheidh sé i gceist leis freisin anailísí riosca a dhéanamh. Gan dochar d’Airteagail 3 agus 4, déanfar duine a thrasnaigh teorainn go neamhrialta agus nach bhfuil aon cheart aige nó aici fanacht ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann a ghabháil agus a chur faoi réir nósanna imeachta lena n-urramaítear Treoir 2008/115/CE.

2.   Bainfidh na gardaí teorann úsáid as na hacmhainní uile is gá, lena n-áirítear aonaid dho-aistrithe nó shoghluaiste, chun faireachas ar theorainneacha a dhéanamh. Déanfar faireachas ar theorainneacha ar bhealach lena gcuirfear cosc ar dhaoine trasnuithe teorann neamhúdaraithe a dhéanamh idir pointí trasnaithe teorann nó dul timpeall ar na seiceálacha atá ag na pointí trasnaithe teorann, agus a dhéanfar daoine a dhíspreagadh déanamh amhlaidh, agus déanfar é agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 4 á gcomhlíonadh go hiomlán.

3.   Gardaí teorann a ndéanfar a líon agus modhanna a oiriúnú do na rioscaí atá ann agus don bhaol atá ann nó do rioscaí a thuartar agus do bhaol a thuartar, is iadsan a dhéanfaidh an faireachas idir pointí trasnaithe teorann. Bainfidh sé úsáid as léargas ar dhálaí, chun gur fearr a bheifear in ann laghdú a dhéanamh ar líon na n-imirceach a fhaigheann bás ag na teorainneacha seachtracha, feadh na dteorainneacha sin nó gar dóibh. Beidh athruithe minice agus tobanna ar thréimhsí faireachais agus ar mhodhanna nó teicnící eile i gceist leis, chun trasnuithe teorann neamhúdaraithe a chosc nó a bhrath ar bhealach éifeachtach.

4.   Aonaid dho-aistrithe nó shoghluaiste a dhéanann a gcúraimí trí phatról a dhéanamh nó bheith suite in áiteanna a n-aithnítear iad a bheith leochaileach nó a cheaptar iad a bheith amhlaidh, is iadsan a dhéanfaidh an faireachas. Is é is aidhm d’fhaireachas den sórt sin trasnuithe teorann neamhúdaraithe a chosc nó daoine aonair a ghabháil i dtaca le trasnú neamhúdaraithe na teorann seachtraí. Féadfar faireachas a dhéanamh freisin trí úsáid a bhaint as modhanna teicniúla, lena n-áirítear modhanna leictreonacha, trealamh, córais faireachais agus, i gcás inarb iomchuí, gach cineál bonneagair dho-aistrithe agus shoghluaiste.

5.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 den Rialachán seo maidir le bearta breise lena rialaítear faireachas, lena n-áirítear íoschaighdeáin choiteanna a fhorbairt le haghaidh faireachas ar theorainneacha. Leis na híoschaighdeáin choiteanna sin, cuirfear san áireamh na cineálacha teorainneacha, i.e. teorainneacha talún, mara nó aeir, na leibhéil tionchair a shanntar do gach cuid den teorainn sheachtrach i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) agus tosca ábhartha eile, amhail saintréithe geografacha.

(*3)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).’;"

(5)

athainmnítear Caibidil V mar a leanas: ‘Bearta sonracha a bhaineann leis na teorainneacha seachtracha’;

(6)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 21a

Srianta sealadacha ar thaisteal chuig an Aontas

1.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le héigeandálaí sláinte poiblí mórscála.

2.   Féadfaidh an Chomhairle, ar bhonn togra ón gCoimisiún, rialachán cur chun feidhme a ghlacadh lena bhforáiltear do shrianta sealadacha ar thaisteal chuig na Ballstáit atá le cur i bhfeidhm ag na teorainneacha seachtracha.

Féadfar a áireamh i srianta sealadacha ar thaisteal srianta ar dhul isteach sna Ballstáit agus srianta sealadacha a bhaineann leis an tsláinte atá riachtanach chun an tsláinte phoiblí a chosaint sa limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha. Féadfar a áireamh sna srianta sealadacha sin a bhaineann leis an tsláinte tástáil, coraintín agus féin-leithlisiú.

Beidh na srianta sealadacha ar thaisteal chuig an Aontas comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. I gcás ina nglacann Ballstát srianta níos déine ná iad siúd a leagtar síos sa ghníomh cur chun feidhme, ní bheidh tionchar diúltach ag na srianta sin ar fheidhmiú an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha. Le srianta sealadacha a bhaineann leis an tsláinte a chuirtear ar dhaoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais, comhlíonfar Treoir 2004/38/CE i gcónaí.

3.   Beidh na catagóirí daoine seo a leanas díolmhaithe ó na srianta ar dhul isteach, gan beann ar chuspóir a dtaistil:

(a)

daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais;

(b)

náisiúnaigh tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad faoi Threoir 2003/109/CE, daoine a bhfuil a gceart chun cónaithe acu ó ionstraimí eile de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta, lena n-áirítear tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta nó daoine a bhfuil víosaí fadfhanachta náisiúnta acu, mar aon le baill teaghlaigh na ndaoine sin faoi seach.

4.   Beidh catagóirí daoine a liostaítear in Iarscríbhinn XI, Cuid A, díolmhaithe ó shrianta ar dul isteach.

5.   Beidh aon chatagóir daoine a liostaítear in Iarscríbhinn XI, Cuid B, díolmhaithe ó shrianta ar dhul isteach i gcás ina n-áirítear an catagóir sin sa Rialachán cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2.

6.   Leis an rialachán cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, déanfar an méid seo a leanas, i gcás inarb iomchuí:

(a)

i gcás inar gá de bharr chineál na héigeandála sláinte poiblí ar mórscála, na catagóirí daoine a shainaithint atá i mbun taisteal riachtanach a liostaítear in Iarscríbhinn XI, Cuid B, atá le díolmhú ó shrianta ar dhul isteach;

(b)

cinneadh a dhéanamh maidir le haon limistéir gheografacha nó aon tríú tír óna bhféadfaidh taisteal a bheith faoi réir srianta nó díolúintí ó shrianta, agus nós imeachta a bhunú chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar staid limistéar nó tíortha den sórt sin agus ar na srianta ar thaisteal a forchuirtear ar bhonn modheolaíocht oibiachtúil agus critéir oibiachtúla, lena n-áirítear, go háirithe, an staid eipidéimeolaíoch;

(c)

na coinníollacha a leagan síos faoina bhféadfar srian a chur le taisteal neamhriachtanach nó é a dhíolmhú ó shrianta, lena n-áirítear cruthúnas atá le taispeáint chun tacú leis an díolúine agus na coinníollacha a bhaineann le fad agus cineál na tréimhse fanachta sna limistéir nó sna tíortha dá dtagraítear i bpointe (b);

(d)

tagairt a dhéanamh d’íos-srianta sealadacha a bhaineann leis an tsláinte a bhféadfar daoine dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) agus (b), a bheith faoina réir;

(e)

de mhaolú ar mhíreanna 4 agus 5, na coinníollacha a leagan síos faoina bhféadfar srianta taistil a fhorchur ar dhaoine atá i mbun taisteal riachtanach.

7.   Ní dhéanfar srianta ar dhul isteach sna Ballstáit do dhaoine atá i mbun taisteal riachtanach a fhorchur ach amháin go heisceachtúil, ar feadh tréimhse atá teoranta go docht, go dtí go mbeidh faisnéis leordhóthanach faoi na héigeandálaí sláinte poiblí ar mórscála dá dtagraítear i mír 1 ar fáil agus go dtí go ndéanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, srianta malartacha a bhaineann leis an tsláinte a shainaithint agus a ghlacadh, ar srianta iad atá riachtanach chun an tsláinte phoiblí a chosaint agus atá le cur i bhfeidhm maidir leis na daoine sin.’

;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

‘Airteagal 23

Seiceálacha laistigh den chríoch

Ní dhéanfaidh éagmais rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha difear d’aon cheann acu seo a leanas:

(a)

feidhmiú cumhachtaí póilíneachta ná cumhachtaí poiblí eile ag údaráis inniúla na mBallstát ar a gcríoch, lena n-áirítear ina limistéir teorann inmheánaí, mar a thugtar dóibh faoin dlí náisiúnta, sa mhéid nach bhfuil éifeacht choibhéiseach ag feidhmiú na gcumhachtaí sin agus atá ag seiceálacha teorann. Féadfar a áireamh i bhfeidhmiú cumhachtaí den sórt sin, i gcás inarb iomchuí, úsáid teicneolaíochtaí faireacháin agus faireachais a úsáidtear go ginearálta ar an gcríoch chun aghaidh a thabhairt ar bhaol don tslándáil phoiblí nó don bheartas poiblí. Ní mheasfar, go háirithe, go bhfuil feidhmiú a gcumhachtaí ag údaráis inniúla coibhéiseach le feidhmiú seiceálacha teorann nuair a chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas leis na bearta:

(i)

ní rialú ag teorainneacha is cuspóir leo;

(ii)

tá siad bunaithe ar fhaisnéis ghinearálta phóilíneachta nó, i gcás ina bhfuil sé mar aidhm leo leathadh galar tógálach a shrianadh, ar fhaisnéis sláinte poiblí, agus ar thaithí na n-údarás inniúil maidir le baol a d’fhéadfadh a bheith ann don tslándáil phoiblí nó don bheartas poiblí agus tá sé d’aidhm acu, go háirithe, an méid seo a leanas a dhéanamh:

an choireacht trasteorann a chomhrac;

an inimirce neamhdhleathach a laghdú; nó

leathadh galair thógálaigh a mbaineann baol eipidéime leis a shrianadh, arna shainaithint ag an Lárionad Eorpach um Rialú Galar;

(iii)

ceaptar agus déantar iad ar bhealach ar léir é a bheith éagsúil le seiceálacha córasacha ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar iad ag moil iompair nó go díreach ar bord seirbhísí iompair paisinéirí agus ar choinníoll go bhfuil siad bunaithe ar mheasúnú riosca;

(b)

an fhéidearthacht atá ag údaráis inniúla Ballstáit nó ag iompróirí seiceálacha slándála a dhéanamh ar dhaoine ag moil iompair i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar choinníoll go ndéantar seiceálacha den sórt sin freisin ar dhaoine atá ag taisteal laistigh de Bhallstát;

(c)

an fhéidearthacht atá ag Ballstát foráil a dhéanamh le dlí maidir le hoibleagáid páipéir agus doiciméid a shealbhú nó a iompar;

(d)

an fhéidearthacht atá ag Ballstát foráil a dhéanamh le dlí maidir le hoibleagáid ar náisiúnaigh tríú tír a láithreacht ar a chríoch a thuairisciú agus oibleagáid ar bhainisteoirí bunaíochtaí a sholáthraíonn cóiríocht a áirithiú go ndéanann náisiúnaigh tríú tíortha foirmeacha clárúcháin a chomhlánú agus a shíniú, cé is moite de chéilí tionlacain nó mionaoisigh tionlacain nó comhaltaí de ghrúpaí taistil, de bhun fhorálacha Airteagail 22 agus 45, faoi seach, den Choinbhinsiúin lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme (“Coinbhinsiún Schengen”).’

;

(8)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 23a

Nós imeachta maidir le daoine a ghabhtar i limistéir teorann inmheánaí a aistriú

1.   Gan dochar d’Airteagal 22, leagtar síos san Airteagal seo an nós imeachta maidir le náisiúnach tríú tír a ghabhtar i limistéir teorann dá dtagraítear in Airteagal 23 a aistriú, i gcásanna ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gabhtar an náisiúnach tríú tír le linn seiceálacha lena bhfuil baint ag údaráis inniúla an dá Bhallstát faoi chuimsiú an chomhair dhéthaobhaigh, lena bhféadfar patróil chomhpháirteacha phóilíneachta a áireamh, go háirithe, ar choinníoll go gcomhaontaíonn na Ballstáit nós imeachta den sórt sin a úsáid faoi chuimsiú an chomhair dhéthaobhaigh sin; agus

(b)

tá tásca soiléire ann gur tháinig an náisiúnach tríú tír go díreach ón mBallstát eile, agus i gcás ina suitear nach bhfuil aon cheart ag an náisiúnach tríú tír fanacht ar chríoch an Bhallstáit inar tháinig sé nó sí, ar bhonn faisnéis atá ar fáil láithreach do na húdaráis ghabhála, lena n-áirítear ráitis ón duine lena mbaineann, doiciméid chéannachta, doiciméid taistil nó doiciméid eile a aimsíodh ar an duine sin nó torthaí na gcuardach a rinneadh i mbunachair sonraí náisiúnta ábhartha agus i mbunachair sonraí ábhartha de chuid an Aontais.

Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 maidir le hiarratasóirí, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe(13), de Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), ná maidir le tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (4), de Rialachán (AE) 2024/1374 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5).

Agus náisiúnach tríú tír a thoimhdíonn an Ballstát aistritheach a bheith ina mhionaoiseach nó ina mionaoiseach á aistriú nó á haistriú aige, cuirfidh an Ballstát aistritheach sin an Ballstát is faighteoir ar an eolas faoin toimhde sin agus áiritheoidh an dá Bhallstát go ndéanfar gach beart ar chun leas an linbh agus i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta faoi seach.

2.   De mhaolú ar Airteagal 6(1) de Threoir 2008/115/CE, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, a chinneadh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a aistriú láithreach chuig an mBallstát ónar tháinig an duine isteach, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn XII.

3.   Beidh an ceart ar achomharc ag náisiúnaigh tríú tír a ghabhtar i limistéir teorann agus a aistrítear faoin nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo. Déanfar achomhairc i gcoinne an chinnidh aistrithe i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit aistrithigh. Tabharfar leigheas éifeachtach do na náisiúnaigh tríú tír sin i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt. Ina theannta sin, tabharfaidh an Ballstát aistritheach léiriú i scríbhinn dóibh ar phointí teagmhála atá in ann faisnéis a thabhairt faoi ionadaithe atá inniúil chun gníomhú ar a son i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus tabharfar an fhaisnéis sin dóibh i dteanga a thuigeann siad nó a cheaptar le réasún go dtuigfidh siad. Má dhéantar achomharc, ní bheidh éifeacht fionraíochta aige sin.

4.   I gcás ina gcuireann Ballstát aistritheach an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2 i bhfeidhm, beidh sé de cheangal ar an mBallstát is faighteoir gach beart is gá a dhéanamh chun an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a ghlacadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn XII. Beidh feidhm ag forálacha ábhartha uile Threoir 2008/115/CE sa Bhallstát is faighteoir.

5.   Saineoidh na Ballstáit socruithe praiticiúla faoina gcreataí comhair dhéthaobhaigh, lena n-áirítear d’fhonn, mar riail ghinearálta, úsáid an nós imeachta dá dtagraítear san Airteagal seo a sheachaint, go háirithe maidir leis na codanna de na teorainneacha inmheánacha ina ndearnadh rialú ag teorainneacha a athbhunú nó a fhadú.

6.   Ní dochar an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo do na comhaontuithe déthaobhacha nó do na socruithe déthaobhacha atá ann cheana dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Threoir 2008/115/CE.

7.   Ón 11 Iúil 2025 agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin na sonraí arna dtaifeadadh i gcomhréir le Iarscríbhinn XII, Cuid A, pointe 4.

(*4)  Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE (IO L, 2024/1348, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1348/oj)."

(*5)  Rialachán (AE) 2024/1374 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a dheonaítear, lena leasaítear Treoir 2003/109/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/1347, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1348/oj).’;"

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre d’Airteagal 24:

‘Bainfidh na Ballstáit na bacainní ar fad atá ar shreabhadh éasca tráchta ag pointí trasnaithe bóthair ag teorainneacha inmheánacha, go háirithe aon luasteorainn nach bhfuil bunaithe go heisiach ar cheisteanna slándála bóthair nó nach bhfuil gá leo chun na teicneolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 23, pointe (a), a úsáid.’

;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

‘Airteagal 25

Creat ginearálta le haghaidh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú ar bhonn sealadach

1.   I gcás, sa limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha, ina bhfuil baol tromchúiseach ann don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach i mBallstát, féadfaidh an Ballstát sin rialú ag teorainneacha a athbhunú ar bhonn eisceachtúil ag a theorainneacha inmheánacha uile nó ag codanna sonracha díobh.

Féadfar a mheas gur as na nithe seo a leanas, go háirithe, a thagann baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach:

(a)

teagmhais nó baol sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear baol a bhaineann leis an gcoireacht eagraithe thromchúiseach;

(b)

éigeandálaí sláinte poiblí ar mórscála;

(c)

staid eisceachtúil arb é a príomhthréith gluaiseachtaí neamhúdaraithe mórscála tobanna náisiúnach tríú tír idir na Ballstáit, lena gcuirtear brú suntasach ar acmhainní foriomlána agus acmhainneachtaí údarás inniúil atá dea-ullmhaithe agus ar dócha go gcuirfidh sí feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mbaol, mar a léirítear le hanailís faisnéise agus leis na sonraí uile atá ar fáil, lena n-áirítear ó ghníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais;

(d)

imeachtaí idirnáisiúnta mórscála nó ardphróifíle.

2.   I ngach cás, ní dhéanfar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ach mar rogha dheiridh. Ní rachaidh raon feidhme ná fad athbhunú sealadach an rialaithe ag teorainneacha thar a bhfuil riachtanach chun freagairt a thabhairt ar an mbaol tromchúiseach a sainaithníodh.

Ní fhéadfar rialú ag teorainneacha a athbhunú ná a fhadú ach amháin de bhun Airteagail 25a agus 28 i gcás ina bhfuil sé suite ag Ballstát go bhfuil beart den sórt sin riachtanach agus comhréireach, agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 26(1) á gcur san áireamh, agus, i gcás ina ndéantar rialú den sórt sin a fhadú, an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 26(2) á chur san áireamh freisin. Féadfar rialú ag teorainneacha a athbhunú freisin i gcomhréir le hAirteagal 29, agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 30 á gcur san áireamh.

3.   I gcás inarb ann don bhaol tromchúiseach céanna fós, féadfar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú i gcomhréir le hAirteagal 25a nó 29, nó, i gcás ina mbaineann an baol le héigeandálaí sláinte poiblí ar mórscála, le hAirteagal 28.

Measfar gurb ann don bhaol tromchúiseach céanna fós i gcás ina bhfuil an bonn cirt atá curtha chun cinn ag an mBallstát maidir le rialú ag teorainneacha bunaithe a fhadú bunaithe ar na forais chéanna leis na forais a bhí ina mbonn cirt leis an rialú ag teorainneacha a athbhunú ar dtús.’

;

(11)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 25a

Nós imeachta maidir le cásanna ina n-éilítear gníomhaíocht i ngeall ar imeachtaí neamh-intuartha nó intuartha

1.   I gcás nach féidir baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach i mBallstát a thuar agus ina n-éilítear gníomhaíocht láithreach dá barr, féadfaidh an Ballstát, ar bhonn eisceachtúil, rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú láithreach.

2.   An tráth céanna le rialú teorann ag teorainneacha a athbhunú faoi mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh an Ballstát fógra do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi athbhunú an rialaithe ag teorainneacha, i gcomhréir le hAirteagal 27(1).

3.   I gcás ina n-athbhunaíonn Ballstát rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha faoi mhír 1, leanfaidh an rialú teorann de bheith i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach faide ná mí amháin. Má mhaireann an baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach níos faide ná an tréimhse sin, féadfaidh an Ballstát an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú ar feadh tréimhsí breise, suas le huastréimhse nach faide ná 3 mhí.

4.   I gcás inar féidir baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach i mBallstát a thuar, tabharfaidh an Ballstát fógra do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 27(1), 4 seachtaine ar a dhéanaí roimh athbhunú an rialaithe ag teorainneacha atá beartaithe, nó a luaithe is féidir i gcás ina bhfuil an Ballstát eolach faoi na himthosca is cúis leis an ngá le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú níos lú ná 4 seachtaine roimh an athbhunú atá beartaithe.

5.   I gcás ina bhfuil feidhm ag mír 4 den Airteagal sin, agus gan dochar do mhír 6, féadfar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar feadh tréimhse suas le 6 mhí. I gcás inarb ann don baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach fós tar éis na tréimhse sin, féadfaidh an Ballstát an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú ar feadh tréimhsí in-athnuaite suas le 6 mhí. Cuirfear aon fhadú in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 27 agus laistigh de na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. Faoi réir mhír 6 den Airteagal seo, ní rachaidh uasfhad an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha thar 2 bhliain.

6.   I gcás ina measann Ballstát go bhfuil mórchás eisceachtúil i gceist maidir le baol tromchúiseach leanúnach atá mar bhonn cirt leis an ngá leanúnach le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha de bhreis ar an uastréimhse dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoin rún atá aige rialú ag teorainneacha inmheánacha a fhadú go ceann tréimhse bhreise suas le 6 mhí. Tabharfar an fógra sin ar a dhéanaí 4 seachtaine roimh an bhfadú atá beartaithe agus áireofar inti, agus an tuairim ón gCoimisiún arna heisiúint de bhun Airteagal 27a(3) á cur san áireamh, measúnú riosca i gcomhréir le hAirteagal 26(2):

(a)

lena dtugtar bunús leis an mbaol leanúnach don bheartas poiblí agus don tslándáil inmheánach;

(b)

lena dtugtar bunús leis go meastar, nó go bhfuarthas go raibh, bearta malartacha chun an baol a leigheas neamhéifeachtach tráth an fhógra;

(c)

lena gcuirtear i láthair na bearta maolaitheacha a mheastar a bheith ag gabháil leis an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha;

(d)

lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cur i láthair ar na modhanna, na gníomhaíochtaí, na coinníollacha agus an amlíne a mheastar d’fhonn deireadh a chur leis an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha.

Laistigh de 3 mhí tar éis an fhógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír, eiseoidh an Coimisiún tuairim nua maidir le riachtanas agus comhréireacht fhadú an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha. Tar éis dó an fógra sin a fháil, féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, tús a chur le próiseas comhairliúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 27(1), nó déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don Bhallstát a ndéantar difear dó go díreach, tús a chur le próiseas den sórt sin, i gcomhréir le hAirteagal 27a(1).

I gcás ina ndearbhaítear, i mórchás eisceachtúil, go bhfuil gá leanúnach le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha mar thoradh ar an nós imeachta dá dtagraítear sa mhír seo, ach nach leor an tréimhse bhreise 6 mhí dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun a áirithiú go mbeidh bearta malartacha éifeachtacha ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol leanúnach, féadfaidh Ballstát cinneadh a dhéanamh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú go ceann tréimhse bhreise deiridh suas le 6 mhí, i gcomhréir leis an measúnú riosca dá dtagraítear sa dara fomhír. I gcás ina gcinneann Ballstát é sin a dhéanamh, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún gan mhoill faoin rún atá aige rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú. Glacfaidh an Coimisiún gan mhoill moladh maidir le comhoiriúnacht fadaithe deiridh den sórt sin leis na Conarthaí, go háirithe le prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta. Sainaithneofar sa mholadh sin freisin, i gcás inarb iomchuí i gcomhar le Ballstáit eile, na bearta cúitimh éifeachtacha atá le cur chun feidhme.’

;

(12)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:

‘Airteagal 26

Critéir maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú agus a fhadú ar bhonn sealadach

1.   Chun a shuí an bhfuil sé riachtanach agus comhréireach rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú i gcomhréir le hAirteagal 25(2), déanfaidh Ballstát measúnú ar na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

a oiriúnaí atá sé rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, ag féachaint do chineál an bhaoil thromchúisigh a sainaithníodh agus go háirithe, an dócha go réiteoidh athbhunú rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha an baol don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach ar bhealach leormhaith agus i dtaobh an bhféadfaí na cuspóirí a shaothraítear le hathbhunú den sórt sin a bhaint amach tríd an méid a leanas:

(i)

úsáid beart malartach amhail seiceálacha comhréireacha a dhéantar i gcomhthéacs seiceálacha laistigh den chríoch dá dtagraítear in Airteagal 23, pointe (a);

(ii)

úsáid an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 23a;

(iii)

cineálacha eile comhair póilíneachta dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais;

(iv)

comhbhearta maidir le srianta sealadacha ar thaisteal chuig na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 21a(2);

(b)

an tionchar is dócha a bheidh ag beart den sórt sin ar an méid seo a leanas:

(i)

gluaiseacht daoine laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha; agus

(ii)

feidhmiú na réigiún trasteorann, agus na naisc láidre shóisialta agus eacnamaíocha eatarthu á gcur san áireamh.

2.   I gcás ina bhfuil rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha i bhfeidhm le 6 mhí i gcomhréir le hAirteagal 25a(5), déanfaidh an Ballstát lena mbaineann measúnú riosca, agus áireofar leis freisin, sa bhreis ar na heilimintí atá in Airteagal 27, míreanna 2 agus 3, athmheasúnú ar na critéir a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo.

3.   I gcás ina ndearnadh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú, áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann go mbeidh bearta iomchuí ag gabháil leis lena maolaítear an tionchar atá ag athbhunú rialaithe ag teorainneacha ar dhaoine agus ar iompar earraí, agus aird ar leith á tabhairt ar na naisc láidre shóisialta agus eacnamaíocha idir réigiúin trasteorann, agus ar dhaoine atá i mbun taisteal riachtanach.’

;

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

‘Airteagal 27

Fógra a thabhairt maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú ar bhonn sealadach agus measúnú riosca

1.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas sna fógraí a thugann na Ballstáit maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú:

(a)

na cúiseanna atá leis an athbhunú nó leis an bhfadú, lena n-áirítear na sonraí ábhartha ar fad ina dtugtar tuairisc mhionsonraithe ar na himeachtaí is cúis le baol tromchúiseach dá mbeartas poiblí nó dá shlándáil inmheánach;

(b)

raon feidhme an athbhunaithe nó an fhadaithe atá beartaithe, lena sonraítear an chuid nó na codanna de na teorainneacha inmheánacha a bhfuil an rialú teorann ag teorainneacha le hathbhunú nó le fadú;

(c)

ainmneacha na bpointí trasnaithe atá údaraithe;

(d)

dáta agus fad an athbhunaithe nó an fhadaithe atá beartaithe;

(e)

an measúnú ar an riachtanas agus ar an gcomhréireacht dá dtagraítear in Airteagal 26(1) agus, i gcás fadaithe, in Airteagal 26(2);

(f)

i gcás inarb iomchuí, na bearta atá le déanamh ag Ballstáit eile.

Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó fógra a thíolacadh le chéile.

Tíolacfaidh na Ballstáit an fógra trí úsáid a bhaint as teimpléad atá le bunú ag an gCoimisiún de bhun mhír 6.

2.   I gcás ina bhfuil rialú ag teorainneacha i bhfeidhm le 6 mhí i gcomhréir le hAirteagal 25a(5), áireofar measúnú riosca in aon fhógra ina dhiaidh sin maidir le rialú den sórt sin a fhadú. Cuirfear i láthair sa mheasúnú riosca scála agus éabhlóid réamh-mheasta an bhaoil thromchúisigh sainaitheanta, go háirithe an fad a mheastar a mhairfidh an baol tromchúiseach sainaitheanta agus cé na codanna de na teorainneacha inmheánacha a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh, mar aon le faisnéis maidir le bearta comhordúcháin leis na Ballstáit eile a bhfuil tionchar ag bearta den sórt sin orthu nó ar dócha go mbeidh tionchar ag an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha orthu.

3.   I gcás ina ndéanann na Ballstáit rialú ag teorainneacha a athbhunú nó a fhadú mar gheall ar chás dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (c), áireofar freisin sa mheasúnú a cheanglaítear le mír 1, pointe (e), den Airteagal seo measúnú riosca agus faisnéis faoi na gluaiseachtaí tobanna neamhúdaraithe ar mórscála, lena n-áirítear aon fhaisnéis a fhaightear ó ghníomhaíochtaí ábhartha an Aontais i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach agus ó anailís sonraí ó chórais faisnéise ábhartha.

4.   Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann, arna iarraidh sin, don Choimisiún aon fhaisnéis bhreise, lena n-áirítear faoi na bearta comhordúcháin leis na Ballstáit a ndéanann an fadú atá beartaithe ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha difear dóibh mar aon leis an bhfaisnéis bhreise is gá chun measúnú a dhéanamh ar úsáid fhéideartha na mbeart dá dtagraítear in Airteagail 23 agus 23a.

5.   Ní cheanglófar ar na Ballstáit an fhaisnéis ar fad dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo a sholáthar i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo ar fhorais slándála poiblí, á tabhairt san áireamh rúndacht imscrúduithe leanúnacha. Ballstáit a thugann fógra faoi mhír 1 nó 2, féadfaidh siad a chinneadh, más gá sin agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an fhaisnéis a tugadh fógra fúithi a aicmiú ina iomláine, nó codanna di a aicmiú, go háirithe na measúnuithe riosca. Le haicmiú sin, ní fhágfar nach mbeidh Ballstáit eile a ndéanann athbhunú sealadach rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha difear dóibh in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis trí bhealaí iomchuí slána. Le haicmiú den sórt sin, ní fhágfar nach mbeidh na Ballstáit in ann faisnéis ar fáil do Pharlaimint na hEorpa. Ní áireofar na measúnuithe riosca dá dtagraítear i mír 2 i dtarchur agus láimhseáil na faisnéise agus na ndoiciméad arna dtarchur chuig Parlaimint na hEorpa faoin Airteagal seo agus comhlíonfar, leis an tarchur agus láimhseáil sin, na rialacha a bhaineann le faisnéis rúnaicmithe a chur ar aghaidh agus a láimhseáil.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun an teimpléad dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 1 den Airteagal seo a bhunú agus cuirfidh sé an teimpléad ar fáil ar líne. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(2).’

;

(14)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 27a

Comhairliúchán leis na Ballstáit agus tuairim ón gCoimisiún

1.   Tar éis fógraí a fháil, ar fógraí iad arna dtíolacadh faoi Airteagal 27(1), féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, próiseas comhairliúcháin a bhunú, nó, arna iarraidh sin do Bhallstát a ndéanann rialú teorann ag teorainneacha difear dó go díreach, bunóidh sé próiseas comhairliúcháin, lena n-áirítear cruinnithe comhpháirteacha idir an Ballstát a bhfuil sé beartaithe aige rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú, agus na Ballstáit eile, go háirithe iad siúd a ndéanann bearta den sórt sin difear dóibh go díreach, agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais.

Is é an cuspóir a bheidh ag an gcomhairliúchán scrúdú a dhéanamh ar an mbaol don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach, ar riachtanas agus comhréireacht an athbhunaithe atá beartaithe maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha, á chur san áireamh a oiriúnaí atá bearta malartacha, agus, má tá rialú ag teorainneacha athbhunaithe cheana féin, ar thionchar an mhéid sin, chomh maith leis na bealaí chun cur chun feidhme an chomhair fhrithpháirtigh idir na Ballstáit a áirithiú i ndáil le hathbhunú an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha.

An Ballstát a bhfuil sé beartaithe aige rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú, cuirfidh sé san áireamh torthaí chomhairliúcháin den sórt sin nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh aige an ndéanfar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú agus nuair a bheidh an rialú teorann ag an teorainn inmheánach á dhéanamh aige.

2.   Tar éis fógraí a fháil, ar fógraí iad arna dtíolacadh i ndáil le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú, déanfaidh an Coimisiún, nó féadfaidh aon Bhallstát eile, gan dochar d’Airteagal 72 CFAE, tuairim a eisiúint, más rud é, bunaithe ar an bhfaisnéis atá san fhógra agus sa mheasúnú riosca, i gcás inarb iomchuí, nó ar aon fhaisnéis bhreise, go bhfuil imní orthu maidir le riachtanas nó comhréireacht athbhunú nó fhadú an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha atá beartaithe.

3.   Tar éis fógraí a fháil arna dtíolacadh i ndáil le rialú teorann ag an teorainn inmheánach a fhadú faoi Airteagal 25a(4) arb é is toradh air go leantar den rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ar feadh 12 mhí ar an iomlán, eiseoidh an Coimisiún tuairim maidir le riachtanas agus comhréireacht rialaithe den sórt sin ag teorainneacha.

Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sa tuairim ón gCoimisiún:

(a)

measúnú i dtaobh an gcomhlíonann athbhunú nó fadú an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta;

(b)

measúnú i dtaobh an ndearnadh iniúchadh leordhóthanach ar bhearta malartacha chun an baol tromchúiseach a leigheas.

I gcás ina ndéantar measúnú ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú agus ina meastar go gcomhlíontar leis prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, beidh moltaí sa tuairim, i gcás inarb iomchuí, maidir le feabhas a chur ar an gcomhar idir na Ballstáit chun tionchar an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a theorannú agus chun cuidiú leis an mbaol leanúnach a laghdú.

4.   I gcás ina n-eisítear tuairim dá dtagraítear i mír 2 nó 3, déanfaidh an Coimisiún próiseas comhairliúcháin a bunú, i gcomhréir le mír 1, chun an tuairim a phlé leis na Ballstáit.’

;

(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28:

‘Airteagal 28

Sásra sonrach i gcás ina gcuireann éigeandáil sláinte poiblí ar mórscála feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mbaol

1.   I gcás ina suíonn an Coimisiún gurb ann d’éigeandáil sláinte poiblí ar mórscála lena ndéantar difear do roinnt Ballstát, agus feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha á chur i mbaol, féadfaidh sé togra a chur faoi bhráid na Comhairle cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena n-údaraítear do na Ballstáit rialú ag teorainneacha a athbhunú, lena n-áirítear aon bhearta iomchuí maolúcháin atá le bunú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, i gcás nach leor na bearta atá ar fáil dá dtagraítear in Airteagail 21a agus 23 chun aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil sláinte poiblí ar mórscála. Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún togra den sórt sin a chur faoi bhráid na Comhairle.

2.   Cumhdófar leis an gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1 tréimhse suas le 6 mhí agus féadfar é a athnuachan, ar thogra ón gCoimisiún, ar feadh tréimhsí breise suas le 6 mhí fad a mhairfidh an éigeandáil sláinte poiblí ar mórscála, agus an t-athbhreithniú dá dtagraítear i mír 4 á chur san áireamh.

3.   I gcás ina ndéanann na Ballstáit rialú ag teorainneacha a athbhunú nó a fhadú mar thoradh ar an éigeandáil sláinte poiblí ar mórscála dá dtagraítear i mír 1, beidh an rialú teorainn sin, ón tráth a thiocfaidh an cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm, bunaithe ar an gcinneadh sin.

4.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú rialta ar éabhlóid na héigeandála sláinte poiblí ar mórscála dá dtagraítear i mír 1 agus ar thionchar na mbeart arna nglacadh i gcomhréir leis an gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear sa mhír sin, d’fhonn measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil bonn cirt fós leis na bearta sin agus, mura bhfuil, d’fhonn a mholadh go gcuirfear deireadh leis an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a luaithe is féidir.

5.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le rialú ag teorainneacha a athbhunú i gcomhréir leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1.

6.   Féadfaidh na Ballstáit bearta eile a dhéanamh, dá dtagraítear in Airteagal 23, chun raon feidhme an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a theorannú. Cuirfidh an Coimisiún na bearta sin san áireamh san athbhreithniú dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.’

;

(16)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

‘Airteagal 33

Tuarascáil ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú

1.   Laistigh de 4 seachtaine ón uair a chuirfear deireadh le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha, cuirfidh na Ballstáit a rinne rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú agus, i gcás inarb infheidhme, maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú.

2.   Gan dochar do mhír 1, i gcás ina ndéantar rialú ag teorainneacha a fhadú dá dtagraítear in Airteagal 25a(5), tíolacfaidh an Ballstát lena mbaineann tuarascáil tráth a rachaidh 12 mhí in éag agus 12 mhí ina dhiaidh sin má choinnítear ar bun rialú ag teorainneacha ar bhonn eisceachtúil.

3.   Leagfar amach sa tuarascáil, go háirithe, an measúnú tosaigh agus an measúnú leantach ar riachtanas agus comhréireacht an rialaithe ag teorainneacha, comhlíonadh na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 26, feidhmiú na seiceálacha, an comhar praiticiúil le Ballstáit chomharsanachta, an tionchar a bheidh dá bharr sin ar shaorghluaiseacht daoine go háirithe sna réigiúin trasteorann, éifeachtacht athbhunú an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha, lena n-áirítear measúnú ex post ar riachtanas agus comhréireacht athbhunú an rialaithe ag teorainneacha.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun formáid aonfhoirmeach do thuarascáil den sórt sin a bhunú agus cuirfidh sé ar fáil ar líne í. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(2).

5.   Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir leis an measúnú ex post sin ar rialú teorann a athbhunú ar bhonn sealadach ag teorainn inmheánach amháin nó níos mó nó ar chodanna díobh.

6.   Uair sa bhliain ar a laghad, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhpháirt maidir le feidhmiú an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha (“an tuarascáil ar Staid Schengen”). Chomh maith leis sin, féadfaidh an Coimisiún an tuarascáil ar Staid Schengen a phlé ar leithligh le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle. Áireofar sa tuarascáil liosta de na cinntí go léir a rinneadh chun rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú le linn na bliana ábhartha, chomh maith leis na gníomhaíochtaí a rinne an Coimisiún maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú. Tabharfar aird ar leith sa tuarascáil ar rialú ag teorainneacha a bhí i bhfeidhm ar feadh tréimhse níos faide ná 12 mhí. Áireofar inti freisin measúnú ar riachtanas agus comhréireacht athbhunú agus fhadú an rialaithe ag teorainneacha sa tréimhse arna cumhdach leis an tuarascáil sin, chomh maith le faisnéis faoi na treochtaí laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha maidir le gluaiseachtaí neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír, agus faisnéis atá ar fáil ó ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus anailís sonraí ó chórais faisnéise ábhartha á gcur san áireamh.’

;

(17)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 36:

‘Airteagal 36

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

1.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 maidir le leasuithe ar Iarscríbhinní III, IV agus VIII.

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chatagóirí daoine atá i mbun taisteal riachtanach a chur le hIarscríbhinn XI, Cuid B.

3.   Más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, maidir le cineál na héigeandála sláinte poiblí ar mórscála, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 37a maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 2 den Airteagail seo.’

;

(18)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 37a

Nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 37(5). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.’

;

(19)

in Airteagal 39(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(h)

na limistéir a mheastar a bheith ina réigiúin trasteorann agus aon athruithe ábhartha orthu.’

;

(20)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 42b

Fógra a thabhairt faoi réigiúin trasteorann

Faoin 11 Eanáir 2025, cinnfidh gach Ballstát a bhfuil comhtheorainneacha inmheánacha acu, i ndlúthchomhar lena chéile, na limistéir dá gcríoch a mheastar a bheith ina réigiúin trasteorann, agus na naisc láidre shóisialta agus eacnamaíocha atá eatarthu á gcur san áireamh, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas freisin maidir le haon athruithe ábhartha orthu.’

;

(21)

cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo isteach mar Iarscríbhinní XI agus XII a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/399.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MICHEL


(1)   IO C 323, 26.8.2022, lch. 69.

(2)   IO C 498, 30.12.2022, lch. 114.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Bealtaine 2024.

(4)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2022 maidir le bunú agus oibriú sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 (IO L 160, 15.6.2022, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí trasteorann tromchúiseacha ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (IO L 314, 6.12.2022, lch. 26).

(8)  Rialachán (AE) 2024/1359 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar aghaidh ar chásanna géarchéime agus ar chásanna force majeure i réimse na himirce agus an tearmainn, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1147(IO L, 2024/1359, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1359/oj).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 866/2004 ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le córas faoi Airteagal 2 de Phrótacal 10 a ghabhann leis an Ionstraim Aontachais (IO L 161, 30.4.2004, lch. 128).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear rialacha i gcomhair faireachais ar na teorainneacha farraige seachtracha i gcomhthéacs comhair oibríochtúil arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO L 189, 27.6.2014, lch. 93).

(11)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(12)  Treoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad (IO L 16, 23.1.2004, lch. 44.).

(13)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(14)  Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE (IO L, 2024/1348, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1348/oj).

(15)  Rialachán (AE) 2024/1347 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a dheonaítear, lena leasaítear Treoir 2003/109/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/1347, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1347/oj).

(16)  Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (IO L, 2024/1351, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1351/oj).

(17)  Treoir 2008/115/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

(18)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(19)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89,).

(20)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2002/192/oj)

(21)   IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(22)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(23)   IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(24)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/146/oj)

(25)   IO L 160, 18.6.2011, lch. 21

(26)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN XI

Taisteal riachtanach

CUID A

Catagóirí na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 21a(4):

1.

gairmithe cúraim sláinte, taighdeoirí sláinte agus gairmithe cúraim sláinte scothaosta;

2.

oibrithe teorann;

3.

pearsanra iompair;

4.

taidhleoirí, baill foirne eagraíochtaí idirnáisiúnta agus daoine ar cuireadh ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a bhfuil gá leo a bheith ann go fisiciúil chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích ar mhaithe le feidhmiú ceart na n-eagraíochtaí sin, pearsanra míleata agus oibrithe cabhrach daonnúla agus pearsanta cosanta sibhialta le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh;

5.

paisinéirí idirthurais;

6.

paisinéirí atá ag taisteal ar chúiseanna práinneacha teaghlaigh;

7.

maraithe;

8.

daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu nó ar gá dóibh dul isteach ar chúiseanna daonnúla eile.

CUID B

Catagóirí na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 21a(5):

1.

leanaí atá in oideachas agus cúram luath-óige agus daltaí san oideachas i dtír chomharsanachta agus a gcaomhnóirí a thionlacann iad, a thrasnaíonn an teorainn chun oideachas den sórt sin a fháil, chomh maith le mic léinn nó daoine atá ag taisteal chun críoch oideachais;

2.

oibrithe séasúracha, lena n-áirítear oibrithe táirgthe bia;

3.

daoine atá ag taisteal ar chúiseanna láidre cúraim ainmhithe nó le haghaidh bearta atá riachtanach don talmhaíocht agus don fhoraoiseacht i gcásanna aonair;

4.

oibrithe ardoilte chomh maith le príomhfhoireann agus foireann eolaíoch a bhfuil gá lena bhfostaíocht ó thaobh na heacnamaíochta, na sochaí agus na slándála de agus nach féidir a gcuid oibre a chur ar atráth nó a dhéanamh thar lear;

5.

pearsanra na n-údarás poiblí don chosaint, don bheartas poiblí, don tsláinte phoiblí agus don tslándáil náisiúnta – i.e. foireann na bpóilíní, na bpóilíní teorann, ranna na hinimirce, na sláinte poiblí, na cosanta sibhialta etc. nó ionadaithe na n-údarás forfheidhmithe dlí, má bhaineann an taisteal le dualgais oifigiúla a chomhlíonadh, lena n-áirítear pearsanra atá freagrach as bonneagar criticiúil a oibriú agus a chothabháil;

6.

iascairí agus daoine a dhéanann obair nó a sholáthraíonn seirbhísí ar longa nó ar ardáin mianadóireachta agus druileála amach ón gcósta, bunaithe ar chaidreamh fostaíochta seachas conradh fostaíochta muirí;

7.

daoine a thagann isteach sa Bhallstát chun seirbhísí leighis riachtanacha a fháil, lena n-áirítear daoine atá i bhfeithiclí éigeandála;

8.

céilí (céilí pósta, páirtnéir sibhialta, comhchónaitheoir) agus leanaí taistealaí riachtanaigh, lena n-áirítear náisiúnaigh tríú tír atá ag taisteal chun críoch aontachta teaghlaigh;

9.

náisiúnaigh tríú tír a thaistealaíonn chun freagairt do thoghairm ó údarás breithiúnach;

10.

daoine a bhfuil Cárta Preasa Idirnáisiúnta arna eisiúint ag Cónaidhm Idirnáisiúnta na nIriseoirí ina seilbh acu;

11.

daoine atá spleách ar chúram atá ag taisteal chuig a gcúramóirí.

IARSCRÍBHINN XII

CUID A

Nós imeachta maidir le daoine a ghabhtar i limistéir teorann inmheánaí a aistriú

1.

Cinntí aistrithe de bhun Airteagal 23a(2), eiseofar iad trí bhíthin foirm chaighdeánach, mar a leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn seo, arna líonadh isteach ag an údarás inniúil náisiúnta. Gabhfaidh éifeacht leo láithreach.

2.

Tabharfar an fhoirm chaighdeánach agus í líonta isteach don náisiúnach tríú tír lena mbaineann, agus aithneoidh sé nó sí go bhfuair sé nó sí an cinneadh aistrithe tríd an bhfoirm a shíniú agus tabharfar cóip den fhoirm shínithe dó nó di.

I gcás ina ndiúltaíonn an náisiúnach tríú tír an fhoirm chaighdeánach a shíniú, luafaidh an t-údarás inniúil an diúltú sin ar an bhfoirm faoin roinn dar teideal ‘nótaí’.

3.

Déanfaidh na húdaráis náisiúnta a eisíonn cinneadh aistrithe na sonraí a thaifeadadh ar an bhfoirm chaighdeánach a leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn seo.

4.

Déanfaidh na húdaráis náisiúnta a eisíonn cinneadh aistrithe an Coimisiún a chur ar an eolas gach bliain faoi líon na ndaoine a aistrítear chuig Ballstáit eile, agus sonróidh siad an Ballstát nó na Ballstáit chuig ar aistríodh na daoine, na forais lena chinneadh nach raibh aon cheart ag na daoine sin fanacht sa Bhallstát agus, i gcás ina bhfuil fáil uirthi, náisiúntacht na náisiúnach tríú tír a gabhadh.

5.

Beidh an ceart ar achomharc ag náisiúnaigh tríú tír a ghabhtar i limistéir teorann agus a aistrítear faoin nós imeachta seo. Déanfar achomhairc i gcoinne an chinneadh aistrithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Tabharfar leigheas éifeachtach do na náisiúnaigh tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt. Chomh maith leis sin, tabharfar léiriú i scríbhinn don náisiúnach tríú tír faoi na pointí teagmhála ar féidir leo faisnéis a sholáthar maidir le hionadaithe atá inniúil chun gníomhú ar son an náisiúnaigh tríú tír i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus tabharfar an léiriú sin dó nó di i dteanga a thuigeann sé nó sí nó i dteanga a cheaptar le réasún go dtuigfidh sé nó di. Má dhéantar achomharc den sórt sin a thaisceadh, ní bheidh éifeacht fionraíochta aige sin.

6.

Áiritheoidh na húdaráis inniúla náisiúnta go ndéanfar an náisiúnach tríú tír atá faoi réir cinneadh aistrithe a aistriú, faoi chuimsiú an chomhair dhéthaobhaigh dá dtagraítear in Airteagal 23a, mír 1, pointe (a), chuig údaráis inniúla an Bhallstáit is faighteoir. Déanfar an t-aistriú láithreach agus laistigh de 24 uair an chloig ar a dhéanaí. Ina dhiaidh sin, ní féidir an nós imeachta aistrithe a dhéanamh agus beidh feidhm ag forálacha ábhartha Threoir 2008/115/CE i gcás inarb iomchuí. Oibreoidh údaráis inniúla náisiúnta an Bhallstáit is faighteoir i gcomhar le húdaráis inniúla náisiúnta an Bhallstáit aistrithigh chuige sin.

CUID B

Foirm chaighdeánach chun daoine a ghabhtar i limistéir teorann inmheánaí a aistriú

Image 1


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1717/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top