This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1311
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/1311 of 3 May 2024 entering a name in the register of geographical indications for spirit drinks (Trenčianska borovička JUNIPERUS / Trenčianska borovička JUNIPERIERS – TRENČÍN DISTILLERY)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1311 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2024 lena gcláraítear ainm i gclár na dtásc geografach um dheochanna biotáilleacha (Trenčianska borovička JUNIPERUS/Trenčianska borovička JUNIPERIERS – TRENČÍN DISTILLERY)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1311 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2024 lena gcláraítear ainm i gclár na dtásc geografach um dheochanna biotáilleacha (Trenčianska borovička JUNIPERUS/Trenčianska borovička JUNIPERIERS – TRENČÍN DISTILLERY)
C/2024/2778
IO L, 2024/1311, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1311/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1311 |
8.5.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1311 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Bealtaine 2024
lena gcláraítear ainm i gclár na dtásc geografach um dheochanna biotáilleacha (‘Trenčianska borovička “JUNIPERUS”/Trenčianska borovička “JUNIPERIERS” – TRENČÍN DISTILLERY’)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 30(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2019/787, rinneadh an t-iarratas a chuir an tSlóvaic isteach ar chlárú an ainm ‘Trenčianska borovička “JUNIPERUS”/Trenčianska borovička “JUNIPERIERS” – TRENČÍN DISTILLERY’ a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
|
(2) |
Ní bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra, i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2019/787. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an t-ainm ‘Trenčianska borovička “JUNIPERUS”/Trenčianska borovička “JUNIPERIERS” – TRENČÍN DISTILLERY’ a chlárú ina thásc geografach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an tásc geografach ‘Trenčianska borovička “JUNIPERUS”/Trenčianska borovička “JUNIPERIERS” – TRENČÍN DISTILLERY’ a iontráil sa chlár. I gcomhréir le hAirteagal 30(4) de Rialachán (AE) 2019/787, an chosaint dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2019/787, deonaítear leis an Rialachán seo í don tásc geografach ‘Trenčianska borovička “JUNIPERUS”/Trenčianska borovička “JUNIPERIERS” – TRENČÍN DISTILLERY’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Bealtaine 2024.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 130, 17.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/787/oj
(2) IO C, C/2023/1632, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1632/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1311/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)