Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1106

    Rialachán (AE) 2024/1106 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1227/2011 agus (AE) 2019/942 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar chosaint an Aontais ar chúbláil margaidh sa mhargadh mórdhíola fuinnimh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    PE/103/2023/REV/1

    IO L, 2024/1106, 17.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1106/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1106/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1106

    17.4.2024

    RIALACHÁN (AE) 2024/1106 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 11 Aibreán 2024

    lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1227/2011 agus (AE) 2019/942 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar chosaint an Aontais ar chúbláil margaidh sa mhargadh mórdhíola fuinnimh

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Teastaíonn sláine agus trédhearcacht na margaí mórdhíola fuinnimh chun iomaíocht oscailte chóir a áirithiú sna margaí inmheánacha leictreachais agus gáis agus chun cothrom iomaíochta a áirithiú do rannpháirtithe margaidh. Le Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bunaítear creat cuimsitheach chun an cuspóir sin a bhaint amach. Chun muinín an phobail as margaí mórdhíola fuinnimh feidhmiúla a fheabhsú agus chun an tAontas a chosaint go héifeachtach ar iarrachtaí ar dhrochúsáid margaidh, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 a leasú chun tuilleadh trédhearcachta a áirithiú agus acmhainneacht faireacháin a mhéadú, a chuireann, ar an gcaoi sin, le cobhsú praghsanna fuinnimh agus cosaint tomhaltóirí, chomh maith lena áirithiú go ndéanfar imscrúdú agus forfheidhmiú níos éifeachtaí ar chásanna féideartha de dhrochúsáid trasteorann an mhargaidh, agus aghaidh á tabhairt ar na heasnaimh a shainaithnítear sa chreat atá ann faoi láthair.

    (2)

    Tá an tábhacht a bhaineann le hionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar mhargaí mórdhíola fuinnimh, lena n-áirítear díorthaigh fuinnimh, ag dul i méid. Mar gheall ar an idirghaol idir margaí airgeadais agus margaí mórdhíola fuinnimh a bheith ag éirí níos dlúithe, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 a ailíniú níos fearr le reachtaíocht an Aontais maidir le margaí airgeadais, amhail Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), lena n-áirítear é sin a dhéanamh maidir leis na sainmhínithe ar chúbláil margaidh agus ar fhaisnéis cos istigh. Ba cheart, dá bhrí sin, an sainmhíniú ar chúbláil margaidh i Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 a leasú chun go mbeidh sé i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014. Chuige sin, ba cheart an sainmhíniú ar chúbláil margaidh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 a leasú ní hamháin chun aon idirbheart a dhéantar a chumhdach, nó chun aon ordú chun trádáil a dhéanamh a eisítear, a mhodhnaítear nó a tharraingítear siar a chumhdach, ach chun aon iompraíocht eile a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh a chumhdach freisin, ar iompraíocht í lena ndéantar, nó ar dóigh dó nó di, comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir leis an soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu, lena ndéanann, nó ar dóigh dó nó di, trí ghníomhaíocht duine, nó trí ghníomhaíocht daoine i gcomhar le chéile, a shocrú go mbeadh an praghas atá ar tháirge mórdhíola fuinnimh amháin nó níos mó ar leibhéal saorga, nó lena n-úsáidtear seift shamhailteach nó aon chineál eile meabhlaireachta nó saorgachta, ar ní é lena ndéantar, nó ar dóigh dó nó di, comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir leis an soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu. I ndáil leis sin, ag féachaint don ailíniú le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, ba cheart, sa choincheap faoina gcuimsítear aon iompraíocht eile a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh, gníomhaíochtaí éagsúla a áireamh, amhail stuáil luachana, péinteáil na téipe nó cruthú praghasghluaiseachta, ach níor cheart don iompraíocht a bheith teoranta don mhéid sin.

    (3)

    Ba cheart an sainmhíniú ar fhaisnéis cos istigh a leasú freisin chun go mbeidh sé i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014. Nuair a bhaineann faisnéis cos istigh le próiseas a tharlaíonn ina chéimeanna, go háirithe, d’fhéadfadh faisnéis cos istigh a bheith i gceist le gach céim den phróiseas chomh maith leis an bpróiseas foriomlán. D’fhéadfadh gurbh ionann céim idirmheánach i bpróiseas fadtréimhseach inti féin agus sraith imthosca áirithe nó teagmhas áirithe atá ann nó a bhfuil ionchas réalaíoch ann go dtiocfadh ann dóibh nó go dtarlóidís, ar bhonn measúnú foriomlán ar na tosca atá ann cheana ag an am ábhartha. Mar sin féin, níor cheart an méid sin a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn go gcaithfear méid éifeacht na sraithe imthosca sin nó an teagmhais sin ar phraghsanna na dtáirgí mórdhíola fuinnimh lena mbaineann a chur san áireamh. Maidir le céim idirmheánach i bpróiseas fadtréimhseach, ba cheart a mheas gur faisnéis cos istigh í má chomhlíonann sí, aisti féin, na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le faisnéis cos istigh.

    (4)

    Ní dochar an Rialachán seo do Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), (AE) Uimh. 596/2014 agus (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) ná do Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) chomh maith le cur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais maidir leis na cleachtais a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

    (5)

    Maidir le faisnéis a chomhroinnt idir na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis airgeadais inniúla na mBallstát, is gné lárnach é den chomhar i ndáil le sáruithe féideartha ar an Rialachán seo agus de bhrath sáruithe féideartha ar an Rialachán seo, ar sáruithe iad a bhaineann leis na margaí mórdhíola fuinnimh agus na margaí airgeadais araon. I bhfianaise an mhalartaithe faisnéise idir údaráis inniúla de bhun Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta faisnéis ábhartha a fhaigheann siad a chomhroinnt le húdaráis airgeadais inniúla na mBallstát agus leis na húdaráis náisiúnta iomaíochta.

    (6)

    I gcás nach bhfuil faisnéis a chomhroinntear le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (‘an Ghníomhaireacht’) íogair ó thaobh na tráchtála nó na slándála de, nó nach bhfuil an fhaisnéis sin íogair a thuilleadh, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann an fhaisnéis sin a chur ar fáil do rannpháirtithe margaidh agus don phobal i gcoitinne ar bhealach inrochtana d’fhonn rannchuidiú le heolas feabhsaithe ar na margaí mórdhíola fuinnimh. Ba cheart a áireamh leis sin an fhéidearthacht don Ghníomhaireacht faisnéis chomhiomlánaithe maidir le hionaid mhargaidh eagraithe, ardáin faisnéise cos istigh (IIPanna) agus sásraí tuairiscithe cláraithe a fhoilsiú i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí ar mhaithe le feabhas a chur ar thrédhearcacht na margaí mórdhíola fuinnimh agus ar choinníoll nach ndéanfaidh sé saobhadh ar an iomaíocht sna margaí fuinnimh sin.

    (7)

    I gcás nach bhfuil faisnéis a chomhroinntear leis an nGníomhaireacht íogair ó thaobh na tráchtála de, nó nach bhfuil sí íogair a thuilleadh, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann a bunachar sonraí trádála, atá neamhíogair ó thaobh na tráchtála de, a chur ar fáil chun críoch eolaíoch, faoi réir ceanglais rúndachta, d’fhonn rannchuidiú le heolas feabhsaithe ar na margaí mórdhíola fuinnimh. Beartaítear leis sin cabhrú le muinín a chothú as margaí mórdhíola fuinnimh agus an fhorbairt ar eolas ar fheidhmiú na margaí sin a chothú. Ba cheart don Ghníomhaireacht rialacha a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí faoin tslí a bhfuil sé beartaithe aici an fhaisnéis a chur ar fáil chun críoch eolaíoch agus trédhearcachta ar mhodh cóir agus trédhearcach.

    (8)

    Chun tuilleadh feabhais a chur ar thrédhearcacht an mhargaidh i margaí mórdhíola fuinnimh an Aontais agus chun rannchuidiú le comhstraitéis sonraí fuinnimh an Aontais, ba cheart don Ghníomhaireacht lárionad tagartha digiteach a fhorbairt agus a chothabháil ina bhfuil faisnéis maidir le sonraí mhargaí mórdhíola fuinnimh an Aontais (‘an Lárionad Tagartha’). Ba cheart don Ghníomhaireacht codanna den fhaisnéis a bhailíonn sí de bhun an Rialacháin seo a chur ar fáil go poiblí, ar bhealach so-úsáidte, lena n-áirítear faisnéis maidir le trádáil conarthaí mórdhíola fuinnimh thar an gcuntar, comhaontuithe ceannaigh cumhachta agus conarthaí difríochta. Ba cheart aon sonraí a chuirtear ar fáil go poiblí trí bhíthin an Lárionaid Tagartha faisnéise a bheith faoi réir an Rialacháin seo agus an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí.

    (9)

    Ionaid mhargaidh eagraithe a dhéanann gníomhaíochtaí a bhaineann le trádáil táirgí mórdhíola fuinnimh ar ionstraimí airgeadais iad mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (15), de Threoir 2014/65/AE, ba cheart iad a údarú go cuí de bhun cheanglais na Treorach sin.

    (10)

    Tháinig forbairt mhór ar úsáid na teicneolaíochta trádála le 10 mbliana anuas agus tá níos mó úsáide á baint aisti ar na margaí mórdhíola fuinnimh. Úsáideann go leor rannpháirtithe margaidh trádáil algartamach agus teicnící algartamacha ardmhinicíochta le gan ach idirghabháil dhaonna fhíorbheag nó gan aon idirghabháil dhaonna. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a eascraíonn as na cleachtais sin i Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.

    (11)

    Tá comhlíonadh na n-oibleagáidí tuairiscithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 agus cáilíocht na sonraí a fhaigheann an Ghníomhaireacht ríthábhachtach chun a áirithiú go ndéantar faireachán éifeachtach ar sháruithe féideartha agus go ndéantar sáruithe féideartha a bhrath go héifeachtach d’fhonn a áirithiú cuspóir an Rialacháin sin a bhaint amach. Bíonn éifeacht dhiúltach ag neamhréireachtaí maidir le cáilíocht, formáidiú, iontaofacht agus costas sonraí trádála ar thrédhearcacht, cosaint tomhaltóirí agus éifeachtúlacht an mhargaidh. Tá sé fíor-riachtanach go mbeidh an fhaisnéis a fhaigheann an Ghníomhaireacht cruinn agus iomlán chun go mbeidh sí in ann a cúraimí agus feidhmeanna a dhéanamh go héifeachtach.

    (12)

    Chun feabhas a chur ar fhaireachán na Gníomhaireachta ar mhargaí mórdhíola fuinnimh agus bailiú sonraí a dhéanamh níos iomláine, ní mór feabhas a chur ar an gcóras tuairiscithe atá ann faoi láthair. Ba cheart na sonraí a bhailítear a leathnú chun bearnaí a dhruidim i mbailiú sonraí agus ba cheart an méid a leanas a chuimsiú: margaí cúpláilte, margaí nua cothromúcháin, conarthaí margaí cothromúcháin, acmhainneacht tarchuir leithdháilte agus táirgí a d’fhéadfadh a bheith insoláthartha san Aontas. Ba cheart é a bheith de cheangal ar ionaid mhargaidh eagraithe sonraí a bhaineann leis an leabhar orduithe a chur ar fáil don Ghníomhaireacht nó, arna iarraidh sin, rochtain ar an leabhar orduithe a sholáthar don Ghníomhaireacht gan mhoill. Ba cheart soláthraithe leabhar orduithe a ainmniú freisin mar dhaoine a shocraíonn idirbhearta go gairmiúil faoi réir na hoibleagáide faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar sháruithe amhrasta ar an Rialachán seo.

    (13)

    Ba cheart oibleagáidí tuairiscithe na rannpháirtithe margaidh a íoslaghdú tríd an bhfaisnéis a cheanglaítear, nó codanna di, a bhailiú ó fhoinsí atá ann cheana, i gcás inar féidir. Níl rannpháirtithe margaidh in ann sonraí maidir le hionaid mhargaidh eagraithe a thaifeadadh nó a thuairisciú. Ba cheart, dá bhrí sin, do na hionaid mhargaidh eagraithe ábhartha nó do thríú páirtithe atá ag gníomhú thar a gceann sonraí maidir le hionaid mhargaidh eagraithe a chur ar fáil don Ghníomhaireacht.

    (14)

    Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, amhail malartú nó tarchur sonraí pearsanta idir údaráis náisiúnta ábhartha agus tuairisciú na n-údarás rialála náisiúnta, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus ba cheart aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanann an Ghníomhaireacht a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

    (15)

    Ba cheart ról tábhachtach a bheith ag IIPanna maidir le faisnéis cos istigh a nochtadh go héifeachtach. Ba cheart é a bheith éigeantach faisnéis cos istigh a nochtadh maidir le IIPanna tiomnaithe chun an fhaisnéis a dhéanamh inrochtana go héasca agus chun feabhas a chur ar thrédhearcacht. Féadfaidh rannpháirtithe margaidh leanúint d’úsáid a bhaint as bealaí eile, lena n-áirítear suíomhanna gréasáin rannpháirtithe margaidh, chun faisnéis cos istigh a nochtadh, fad a úsáidtear IIPanna lena nochtadh freisin. Chun muinín as IIPanna a áirithiú, ba cheart iad a údarú de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart do IIPanna, lena n-áirítear iad siúd arna gclárú ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún (10), na ceanglais maidir le húdarú a chomhlíonadh agus an dlí cosanta sonraí a chomhlíonadh. Ba cheart é a bheith de chumhacht ag an nGníomhaireacht an t-údarú sin a tharraingt siar i gcásanna áirithe, agus na coimircí nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14(6), (7) agus (8) de Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) á n-urramú an tráth céanna. Níor cheart tarraingt siar údaraithe cosc a chur ar eintiteas iarratas a dhéanamh ar údarú nua mar IIP leis an nGníomhaireacht. Ba cheart IIPanna arna gclárú ag an nGníomhaireacht de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 agus a áirítear ar liosta IIPanna na Gníomhaireachta a cheadú leanúint de bheith ag oibriú go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an nGníomhaireacht maidir le húdarú de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart sásraí a bheith i bhfeidhm ag IIPanna lenar féidir tuarascálacha maidir le faisnéis cos istigh a sheiceáil go tapa agus go héifeachtach. Maidir le sásraí den sórt sin a fhorbairt, féadfaidh IIPanna ról a thabhairt do rannpháirtithe margaidh.

    (16)

    Chun tuairisciú sonraí chuig an nGníomhaireacht a chuíchóiriú agus a dhéanamh níos éifeachtaí, ba cheart an fhaisnéis a sholáthar trí shásraí tuairiscithe cláraithe agus ba cheart don Ghníomhaireacht oibriú na sásraí tuairiscithe cláraithe a údarú de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart do shásraí tuairiscithe cláraithe, lena n-áirítear iad siúd arna gclárú ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme(AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún, na ceanglais maidir le húdarú a chomhlíonadh agus an dlí cosanta sonraí a chomhlíonadh. Ba cheart don Ghníomhaireacht clár a choinneáil de na sásraí tuairiscithe cláraithe atá údaraithe aici. Ba cheart é a bheith de chumhacht ag an nGníomhaireacht an t-údarú sin a tharraingt siar i gcásanna áirithe, agus na coimircí nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14(6), (7) agus (8) de Rialachán (AE) 2019/942 á n-urramú an tráth céanna. Níor cheart tarraingt siar údaraithe cosc a chur ar eintiteas iarratas a dhéanamh ar údarú nua mar shásra tuairiscithe cláraithe leis an nGníomhaireacht. Maidir le sásraí tuairiscithe cláraithe arna gclárú ag an nGníomhaireacht de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 agus a áirítear ar liosta na Gníomhaireachta de shásraí tuairiscithe cláraithe, ba cheart iad a cheadú leanúint de bheith ag oibriú go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an nGníomhaireacht maidir le húdarú de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart sásraí a bheith i bhfeidhm ag sásraí tuairiscithe cláraithe lenar féidir tuarascálacha idirbheart a sheiceáil go héifeachtach. Maidir le sásraí den sórt sin a fhorbairt, féadfaidh sásraí tuairiscithe cláraithe ról a thabhairt do rannpháirtithe margaidh.

    (17)

    Chun faireachán a éascú chun trádáil fhéideartha ar bhonn faisnéis cos istigh a bhrath, ní mór bailiú na faisnéise cos istigh a ailíniú leis na próisis atá ann faoi láthair chun sonraí trádála a thuairisciú.

    (18)

    Ba cheart an oibleagáid a bheith ar dhaoine a shocraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta go gairmiúil tuairisciú a dhéanamh ar idirbhearta amhrasacha a sháraíonn forálacha Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 maidir le trádáil cos istigh agus cúbláil margaidh agus, chun feabhas a chur ar an bhféidearthacht sáruithe den sórt sin a fhorfheidhmiú, ba cheart an oibleagáid a bheith orthu freisin tuairisciú a dhéanamh ar orduithe amhrasacha agus sáruithe féideartha ar an oibleagáid faisnéis cos istigh a fhoilsiú. Meastar gur daoine a shocraíonn idirbhearta go gairmiúil iad soláthraithe rochtana leictreonaí dírí agus soláthraithe leabhar orduithe.

    (19)

    Le Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún (12), foráiltear gur féidir le tríú tír a bheith rannpháirteach i gcúpláil aonair lá roimh ré agus i gcúpláil aonair ionlae san Aontas in earnáil an leictreachais. Ós rud é go n-úsáideann oibreoirí cúplála margaidh algartam sonrach chun tairiscintí ceannaigh agus tairiscintí díola a mheaitseáil ar an mbealach is fearr, d’fhéadfadh, mar thoradh air sin, go ndéanfaí orduithe chun trádáil a dhéanamh i dtríú tír atá rannpháirteach i gcúpláil aonair lá roimh ré agus i gcúpláil aonair ionlae san Aontas ach, mar thoradh orthu sin, dhéanfaí conradh maidir le soláthar leictreachais agus seachadadh san Aontas. Maidir leis na horduithe sin chun trádáil a dhéanamh i dtríú tíortha atá rannpháirteach i gcúpláil aonair lá roimh ré agus i gcúpláil aonair ionlae san Aontas a bhféadfadh seachadadh san Aontas a bheith mar thoradh orthu, ba cheart iad a chumhdach leis an sainmhíniú ar tháirgí mórdhíola fuinnimh de bhun an Rialacháin seo.

    (20)

    Chun measúnú cruinn oibiachtúil iontaofa a fháil ar an bpraghas ar sheachadtaí gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) chuig an Aontas, ba cheart don Ghníomhaireacht na sonraí margaidh GNL uile a bhailiú a bhfuil gá leo chun measúnú laethúil ar phraghasanna GNL agus tagarmharc GNL a bhunú. Ba cheart measúnú ar phraghsanna GNL a dhéanamh agus tagarmharc GNL a bhunú ar bhonn gach idirbhirt a bhaineann le seachadtaí GNL san Aontas. Ba cheart an Ghníomhaireacht a chumhachtú chun na sonraí margaidh ábhartha a bhailiú ó na rannpháirtithe go léir atá gníomhach i seachadtaí GNL chuig an Aontas, ar cheart dóibh sonraí margaidh GNL a thuairisciú don Ghníomhaireacht chomh gar d’fhíor-am agus is féidir ó thaobh na teicneolaíochta de, tar éis idirbheart a chur i gcrích nó tar éis tairiscint cheannaigh nó tairiscint díola chun idirbheart a dhéanamh a phostú. Ba cheart an tacar sonraí is iomláine lena n-áirítear praghsanna idirbheart, praghsanna tairisceana ceannaigh agus praghsanna tairisceana díola ar sheachadtaí GNL chuig an Aontas a chuimsiú sa mheasúnú ón nGníomhaireacht ar phraghsanna GNL. Le foilsiú laethúil mheasúnaithe oibiachtúil sin ar phraghsanna GNL, agus an raon difríochta arna bhunú i gcomparáid le praghsanna tagartha eile ar an margadh i bhfoirm tagarmhairc GNL, réitítear an bealach do rannpháirtithe margaidh an measúnú a ghlacadh go deonach mar an praghas tagartha ina gconarthaí agus ina n-idirbhearta. Nuair a bhunófar é, d’fhéadfadh an measúnú ar phraghsanna GNL agus an tagarmharc GNL a bheith ina ráta tagartha le haghaidh conarthaí díorthach a úsáidtear chun an praghas ar GNL nó an difríocht sa phraghas idir an praghas GNL agus praghsanna gáis eile a fhálú.

    (21)

    D’fhéadfadh tarmligean cúraimí agus freagrachtaí a bheith ina ionstraim éifeachtach chun dúbailt cúraimí a laghdú agus comhar a chothú agus tá sé d’aidhm ag an tarmligean sin an t-ualach a fhorchuirtear ar rannpháirtithe margaidh a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart bunús dlí soiléir a sholáthar maidir leis an tarmligean sin. Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a bheith in ann cúraimí agus freagrachtaí a tharmligean chuig údarás rialála náisiúnta eile nó chuig an nGníomhaireacht, le toiliú a bheith faighte acu ó na toscairí roimh ré. Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a bheith in ann coinníollacha sonracha a thabhairt isteach agus raon feidhme an tarmligin a theorannú don mhéid is gá chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar rannpháirtithe nó ar ghrúpaí trasteorann sa mhargadh. Ba cheart na toscaireachtaí a rialú tríd an bprionsabal maidir le hinniúlacht a leithdháileadh ar an údarás is fearr atá in ann gníomhú ar an ábhar.

    (22)

    Ba cheart a áirithiú leis na rialacha maidir le comhlíonadh dhualgais na n-údarás rialála náisiúnta agus na Gníomhaireachta go seachnófar coinbhleachtaí leasa a mhéid is féidir.

    (23)

    Tá gá le creat aonfhoirmeach níos láidre chun cúbláil margaidh agus sáruithe eile ar Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 a chosc sna Ballstáit. Chun a áirithiú go gcuirfear fíneálacha riaracháin i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud na mBallstát as sáruithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, ba cheart an Rialachán sin a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le liosta d’fhíneálacha riaracháin agus de bhearta riaracháin eile ba cheart a bheith ar fáil do na húdaráis rialála náisiúnta agus maidir le liosta critéar chun leibhéal na bhfíneálacha riaracháin sin a chinneadh. Go háirithe, ba cheart méid na bhfíneálacha riaracháin is féidir a fhorchur i gcás sonrach a bheith in ann an t-uasleibhéal dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bhaint amach. Mar sin féin, leis an Rialachán seo, ní chuirtear teorainn le cumas na mBallstát foráil a dhéanamh d’fhíneálacha riaracháin níos ísle de réir an cháis. Ba cheart pionóis i leith sáruithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 a bheith comhréireach, éifeachtach agus athchomhairleach agus ba cheart dóibh cineál na sáruithe a léiriú, agus an prionsabal ne bis in idem á chur san áireamh. Agus fíneálacha riaracháin á nglacadh agus á bhfoilsiú, ba cheart cearta bunúsacha a urramú mar a leagtar síos i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Is codanna comhlántacha de chóras forfheidhmiúcháin éifeachtach iad fíneálacha riaracháin agus bearta riaracháin eile. Tá gá le cur chuige comhsheasmhach i measc na n-údarás rialála náisiúnta chun maoirseacht chomhchuibhithe a dhéanamh ar na margaí mórdhíola fuinnimh. Chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh, is gá na hacmhainní iomchuí a sholáthar do na húdaráis rialála náisiúnta.

    (24)

    I gcás ina bhfuil rannpháirtí margaidh, nach bhfuil cónaí air san Aontas nó nach bhfuil bunaithe ann, gníomhach san Aontas, ba cheart dó ionadaí a ainmniú san Aontas. Ba cheart an t-ionadaí a ainmniú go sainráite le sainordú i scríbhinn ón rannpháirtí margaidh lena n-údarófar an duine sin le gníomhú thar a cheann. Ba cheart na húdaráis rialála náisiúnta nó an Ghníomhaireacht a bheith in ann dul i dteagmháil leis an ionadaí maidir leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo.

    (25)

    Go dtí seo, is iad na Ballstáit a bhí freagrach as maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí faoi Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011. Tá méadú de réir a chéile ag teacht ar chineál trasteorann na hiompraíochta a bhaineann le drochúsáid margaidh, agus is minic a bhíonn tionchar aici ar roinnt Ballstát. Is féidir le gníomhaíocht forfheidhmiúcháin in aghaidh cásanna trasteorann de dhrochúsáid margaidh a bheith ina cúis le dúshláin dhlínsiúla a bhaineann le sainaithint an údaráis rialála náisiúnta arbh fhearr ab fhéidir an t-imscrúdú atá i gceist a dhéanamh.

    (26)

    Baineann dúshlán ar leith ó thaobh an fhorfheidhmiúcháin de freisin le cásanna de dhrochúsáid margaidh lena mbaineann an iliomad eilimintí trasteorann agus rannpháirtithe margaidh atá bunaithe i dtríú tíortha. Níl an creat maoirseachta atá ann faoi láthair oiriúnach do chomhtháthú margaidh ar an leibhéal is inmhianaithe. Ní ann do shásra chun na cinntí maoirseachta is fearr is féidir a áirithiú le haghaidh cásanna trasteorann, i gcás ina bhfuil gá le socruithe casta faoi láthair chun gníomhaíocht chomhpháirteach na n-údarás rialála náisiúnta agus na Gníomhaireachta a áirithiú agus i gcás ina bhfuil meascán córas maoirseachta ann, agus ní mór aghaidh a thabhairt ar an méid sin. Is gá córas éifeachtúil agus éifeachtach maoirseachta agus imscrúdúcháin a chur ar bun le haghaidh na gcásanna sin de dhrochúsáid margaidh, rud nach féidir, mar gheall ar a ghnéithe uile-Aontais, aghaidh a thabhairt air le gníomhaíocht na mBallstát amháin.

    (27)

    An t-imscrúdú ar sháruithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 lena mbaineann gné thrasteorann, ba cheart é a dhéanamh trí phróiseas aonfhoirmeach ar leibhéal an Aontais. Thairis sin, is fearr is féidir imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, ós rud é go leathnaíonn a dtionchar thar chríoch Ballstáit aonair. Tá gá le rannpháirtíocht na Gníomhaireachta, go háirithe i margadh mórdhíola fuinnimh níos comhtháite, mar gheall ar chastacht na gcásanna trasteorann agus ar an ngá atá le hacmhainní leordhóthanacha a áirithiú do na cásanna sin. Ó tháinig Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 i bhfeidhm, tá taithí nach beag faighte ag an nGníomhaireacht maidir le faireachán a dhéanamh ar na margaí mórdhíola fuinnimh san Aontas agus sonraí ábhartha fúthu a bhailiú chun a sláine agus a dtrédhearcacht a áirithiú. Ar bhonn na taithí sin, ba cheart an Ghníomhaireacht a chumhachtú le himscrúduithe a dhéanamh chun sáruithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 a chomhrac, lena n-áirítear trí oifigeach imscrúdúcháin neamhspleách a cheapadh laistigh den Ghníomhaireacht. Ba cheart don Ghníomhaireacht imscrúduithe mar sin a dhéanamh i gcomhar leis na húdaráis rialála náisiúnta agus leis na húdaráis ábhartha eile chun tacú lena ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus chun iad a chomhlánú, agus an prionsabal ne bis in idem á chur san áireamh. Thairis sin, i gcomhthéacs imscrúdú arna dhéanamh ag an nGníomhaireacht, i gcás inar gá, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha oibriú i gcomhar lena chéile chun cúnamh a thabhairt don Ghníomhaireacht. Agus a cumhachtaí á bhfeidhmiú aici, ba cheart an Ghníomhaireacht a bheith in ann tosaíocht a thabhairt, más gá, do na cásanna ag a bhfuil an tionchar trasteorann is suntasaí.

    (28)

    Chun na hoibleagáidí nua a shanntar di a chomhlíonadh, go háirithe na cinn sin a bhaineann le cumhachtaí imscrúdúcháin feabhsaithe i gcásanna trasteorann, ba cheart acmhainní leordhóthanacha a bheith ag an nGníomhaireacht, lena n-áirítear an pearsanra is gá.

    (29)

    Agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil gné thrasteorann ag baint le cás, is príomhchritéar é seachadadh táirgí mórdhíola fuinnimh i líon áirithe Ballstát. Ar chúiseanna teicniúla, áfach, bíonn cásanna ann nuair nach féidir suíomh geografach seachadta táirgí mórdhíola fuinnimh a shainaithint. Cuir i gcás, nuair a dhéantar seachadadh táirgí mórdhíola fuinnimh nó nuair a ghlactar leis go ndéantar é i gcrios tairisceana a chumhdaíonn críoch nó cuid de chríoch dhá Bhallstát ar a laghad sna margaí mórdhíola leictreachais ionlae agus lá roimh ré, ní féidir an áit bheacht seachadta laistigh den chrios sin a shainaithint. Tá feidhm aige sin freisin maidir le seachadadh táirgí mórdhíola fuinnimh a dhéantar nó a nglactar leis go ndéantar é i gcriosanna cothromúcháin gáis a chumhdaíonn críoch nó cuid de chríoch dhá Bhallstát ar a laghad. Chun a áirithiú go ngníomhóidh an Ghníomhaireacht i bhfíorchásanna trasteorann seachas cásanna lena mbaineann gné náisiúnta amháin, ba cheart seachadadh táirgí mórdhíola fuinnimh laistigh de chrios tairisceana nó de chrios cothromúcháin a chumhdaíonn críoch dhá Bhallstát ar a laghad a mheas mar sheachadadh i mBallstát amháin. Mar sin féin, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a gceart a choimeád freisin maidir lena iarraidh go mbeidh an Ghníomhaireacht rannpháirteach i gcásanna lena mbaineann gné thrasteorann de bhun an Rialacháin seo, chomh maith lena gceart agóid a dhéanamh de bhun an Rialacháin seo.

    (30)

    Ba cheart an Ghníomhaireacht a chumhachtú le himscrúduithe ar bith is gá a dhéanamh trí chigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, trí ráitis a ghlacadh, agus trí iarrataí ar fhaisnéis a eisiúint trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh, chuig na daoine atá faoi réir imscrúdaithe, i gcás ina bhfuil gné shoiléir thrasteorann ag baint le sáruithe amhrasta ar Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011. Chun éifeachtacht na gcigireachtaí ar an láthair a chosaint, ba cheart a bheith de chumhacht ag oifigigh na Gníomhaireachta agus ag daoine eile arna n-údarú nó arna gceapadh ag an nGníomhaireacht chun an chigireacht ar an láthair a dhéanamh dul isteach in áitreabh gnó ina bhféadfaí taifid ghnó a choinneáil agus áitreabh príobháideach stiúrthóirí, bainisteoirí nó ball foirne eile de chuid gnólachtaí lena mbaineann imscrúdú. Mar sin féin, ba cheart aon imscrúduithe ar áitreabh príobháideach le linn cigireachtaí ar an láthair a bheith faoi réir cinneadh réasúnaithe ón nGníomhaireacht agus faoi réir údarú roimh ré ó údarás breithiúnach náisiúnta.

    (31)

    Agus na cigireachtaí ar an láthair á ndéanamh aici agus iarrataí ar fhaisnéis á n-eisiúint aici chuig na daoine atá faoi réir imscrúdaithe, ba cheart don Ghníomhaireacht oibriú i ndlúthchomhar go gníomhach leis na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha, agus ba cheart dóibh an cúnamh is gá a thabhairt don Ghníomhaireacht, lena n-áirítear é sin a dhéanamh i gcás ina ndiúltaíonn duine géilleadh don chigireacht ar an láthair nó an fhaisnéis a iarradh a sholáthar. Thairis sin, le linn cigireacht ar an láthair, ba cheart é a bheith de cumhacht ag oifigigh na Gníomhaireachta agus ag daoine arna n-údarú nó arna gceapadh ag an nGníomhaireacht chun an chigireacht ar an láthair a dhéanamh séalaí a ghreamú d’áitreabh gnó ar feadh na tréimhse ama is gá chun an chigireacht ar an láthair a dhéanamh. Cé is moite de chásanna cuí-réasúnaithe, níor cheart séalaí a ghreamú ar feadh níos mó ná 72 uair an chloig. Thairis sin, ba cheart é a bheith de chumhacht ag na hoifigigh a bhfuil na cigireachtaí ar an láthair á ndéanamh acu aon fhaisnéis atá ábhartha d’ábhar agus do chuspóir na cigireachta ar an láthair a iarraidh.

    (32)

    Ba cheart é a bheith de chumhacht ag an nGníomhaireacht íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur chun a áirithiú go gcomhlíonfar na cinntí uaithi maidir le cigireachtaí ar an láthair agus iarrataí ar fhaisnéis arna nglacadh i gcomhthéacs imscrúdú trasteorann. Mar sin féin, níor cheart é a bheith de chumhacht ag an nGníomhaireacht fíneálacha a fhorchur. Ba cheart d’aon íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna bhforchur ag an nGníomhaireacht a bheith comhréireach, éifeachtach agus athchomhairleach agus ba cheart imscrúduithe trasteorann éifeachtúla a áirithiú leo. Tá sé tábhachtach go n-urramófar go hiomlán coimircí nós imeachta agus cearta bunúsacha na ndaoine atá faoi réir imscrúduithe na Gníomhaireachta. Ba cheart d’aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht a bheith comhréireach agus ba cheart próis chuí agus cearta cosanta an duine a áirithiú léi. Ba cheart rúndacht na faisnéise arna cur isteach ag na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe a choimirciú agus a mhalartú i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí an Aontais is infheidhme.

    (33)

    Ag deireadh gach imscrúdaithe, ba cheart don Ghníomhaireacht tuarascáil imscrúdúcháin a tharraingt suas lena n-áirítear na torthaí uaithi agus an fhianaise ar fad ar ar bunaíodh na torthaí sin. Ba cheart an tuarascáil imscrúdúcháin a chur chuig údaráis rialála náisiúnta na mBallstát lena mbaineann, agus ba cheart, dá réir sin, gan dochar dá n-inniúlacht eisiach chun a chinneadh ar tharla sárú, aon bhearta forfheidhmiúcháin is gá a dhéanamh, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, fíneálacha a fhorchur, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus an dlí náisiúnta. Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a ndícheall a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar obair leantach iomchuí ar na tuarascálacha imscrúdúcháin ón nGníomhaireacht.

    (34)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas go tráthrialta faoina gníomhaíochtaí maidir le himscrúduithe trasteorann. Chun na críche sin, ba cheart don Ghníomhaireacht achoimrí ar na tuarascálacha imscrúdúcháin uaithi a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar bhonn tráthrialta. Ba cheart na hachoimrí sin a chur isteach i bhfoirm chomhiomlánaithe agus anaithnidithe, agus ba cheart déileáil leo mar achoimrí rúnda, inter alia i bhfianaise an ghá atá le cuspóir na n-imscrúduithe trasteorann i dtrácht a chosaint, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

    (35)

    Ba cheart aon chinntí a ghlacann an Ghníomhaireacht faoin Rialachán seo a bheith faoi réir athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear cinntí lenar fhorchuir an Ghníomhaireacht íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Ní dochar an Rialachán seo d’inniúlacht na gcúirteanna náisiúnta nó na mbinsí náisiúnta athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí arna nglacadh ag na húdaráis náisiúnta inniúla de bhun an Rialacháin seo, amhail údaruithe ó údaráis bhreithiúnacha náisiúnta i gcomhthéacs cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht nó éilimh ar neamhrialtachtaí faoi rialacha náisiúnta maidir le híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorfheidhmiú.

    (36)

    Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear, go háirithe, leis an gCairt, go háirithe an ceart maidir le sonraí pearsanta a chosaint, an tsaoirse gnó a sheoladh, an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, agus an ceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna, agus ní mór é a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus leis na prionsabail sin.

    (37)

    Chun na mionsonraí is gá a leagan síos chun éifeachtacht an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an Rialachán seo a leasú trí na sainmhínithe ábhartha a ailíniú sna cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar mhaithe le comhleanúnachas a áirithiú le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais i réimsí na seirbhísí airgeadais agus an fhuinnimh agus trí na sainmhínithe sin a thabhairt cothrom le dáta chun forbairtí a dhéanfar amach anseo ar mhargaí mórdhíola fuinnimh a chur san áireamh, agus chun na críche sin amháin, agus i ndáil leis an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na modhanna ina bhfuil IIPanna agus sásraí tuairiscithe cláraithe lena gcuid oibleagáidí faoi seach a chomhlíonadh, na mionsonraí a bhaineann leis an bpróiseas chun údarú a tharraingt siar agus le próiseas an ionadaithe ordúil chomh maith leis na coimircí ábhartha nós imeachta a shonrú, agus trí thairseacha íosta a bhunú, agus sonraíochtaí náisiúnta á gcur san áireamh, chun teagmhais a shainaithint ar dócha go mbeadh tionchar suntasach acu ar phraghsanna na dtáirgí mórdhíola fuinnimh dá ndéanfaí iad a phoibliú. Agus tairseacha mar sin á mbunú, ba cheart don Choimisiún féachaint ar chomhleanúnachas a áirithiú le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais i réimsí na seirbhísí airgeadais agus an fhuinnimh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (14). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (38)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

    (39)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon cosaint an Aontais ar chúbláil margaidh ar an margadh mórdhíola fuinnimh a fheabhsú, a ghnóthú go leordhóthanach ag feidhmiú ina n-aonar ach, dá bhrí sin, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dtagairtí do Rialacháin (CE) Uimh. 713/2009 agus (CE) Uimh. 714/2009 agus do Threoir 2003/6/CE:

    (a)

    cuirtear tagairt do ‘Airteagal 22(5) de Rialachán (AE) 2019/942’ in ionad na tagartha do ‘Airteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. 713/2009’ in Airteagal 16(6);

    (b)

    cuirtear tagairtí do ‘Rialachán (AE) 2019/943’ in ionad na dtagairtí do ‘Rialachán (CE) Uimh. 714/2009’ in Airteagal 2, pointe (1), an dara fomhír, pointe (a), in Airteagal 4(5) agus (6), in Airteagal 6(2), pointe (d), agus in Airteagal 8(6), an dara fomhír;

    (c)

    cuirtear tagairt do ‘Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014’ in ionad na dtagairtí do ‘Airteagal 9 de Threoir 2003/6/CE’ in Airteagal 1(3), an chéad fhomhír, agus in Airteagal 16(2), an dara fomhír;

    (d)

    cuirtear tagairt do ‘Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014’ in ionad na tagartha do ‘Airteagal 11 de Threoir 2003/6/CE’ in Airteagal 2, pointe (9);

    (e)

    cuirtear tagairtí do ‘Rialachán (AE) Uimh. 596/2014’ agus do ‘Airteagal 2 den Rialachán sin’ faoi seach in ionad na dtagairtí do ‘Threoir 2003/6/CE’ agus do ‘Airteagal 9 den Treoir sin’ in Airteagal 16(3), pointe (b)’.

    (2)

    leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an trádáil i dtáirgí mórdhíola fuinnimh. Ní dochar é do chur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 (*1), (AE) Uimh. 596/2014 (*2) agus (AE) Uimh. 600/2014 (*3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí lena mbaineann ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (15), de Threoir 2014/65/AE ná do chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais maidir leis na cleachtais a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

    (*1)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1)."

    (*2)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid margaidh (an rialachán maidir le drochúsáid margaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1)."

    (*3)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84)."

    (*4)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).’;"

    (b)

    i mír 3, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

    ‘Malartóidh an Ghníomhaireacht, na húdaráis rialála náisiúnta, ÚEUM agus údaráis airgeadais inniúla na mBallstát faisnéis agus sonraí ábhartha go tráthrialta, agus go ráithiúil más féidir, maidir le sáruithe féideartha ar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo.’;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4.   Áiritheoidh Bord Riaracháin na Gníomhaireachta go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí a shanntar di de bhun an Rialacháin seo agus de bhun Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) agus go leithdháilfidh an Ghníomhaireacht na hacmhainní is gá, lena n-áirítear acmhainní daonna, chun na hoibleagáidí nua a shanntar di a chomhlíonadh.

    (*5)  Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 158, 14.6.2019, lch. 22).’;"

    (3)

    leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear pointe (1) mar a leanas

    (i)

    leasaítear an dara fomhír mar a leanas:

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    ‘(c)

    faisnéis a cheanglaítear a nochtadh i gcomhréir le forálacha dlíthiúla nó rialála ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir le rialacha margaidh agus i gcomhréir le conarthaí nó gnáis ar an margadh mórdhíola fuinnimh ábhartha, sa mhéid gur dóigh don fhaisnéis sin éifeacht shuntasach a bheith aici ar phraghsanna táirgí mórdhíola fuinnimh;’;

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    ‘(ca)

    faisnéis arna cur in iúl ag rannpháirtí margaidh, nó ag daoine eile atá ag gníomhú thar ceann an rannpháirtí margaidh, do sholáthraí seirbhíse a dhéanann trádáil thar ceann an rannpháirtí margaidh agus a bhaineann le horduithe an rannpháirtí margaidh atá ar feitheamh ó thaobh táirgí mórdhíola fuinnimh, ar de chineál beacht í agus a bhaineann go díreach nó go hindíreach le táirge mórdhíola fuinnimh amháin nó níos mó; agus’;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

    ‘Measfar gur de chineál beacht faisnéis má léirítear léi gurb ann do shraith imthosca nó go bhféadfaí coinne a bheith leis le réasún go dtiocfadh ann don tsraith imthosca sin, nó gurb ann do theagmhas a tharla nó go bhféadfaí coinne a bheith leis le réasún go dtarlódh sé, agus má tá an fhaisnéis sin sonrach go leor le go bhféadfar teacht ar chonclúid faoin éifeacht fhéideartha a bheadh ag an tsraith imthosca sin nó ag an teagmhas sin ar phraghsanna táirgí mórdhíola fuinnimh. Féadfar a mheas gur de chineál beacht faisnéis má bhaineann sí le próiseas fadtréimhseach, ar próiseas é lena bhfuil sé beartaithe imthosca nó teagmhas ar leith a thuismiú, nó a n-eascraíonn imthosca nó teagmhas ar leith as, lena n-áirítear imthosca nó teagmhas a bheidh ann amach anseo, agus má bhaineann sí freisin le céimeanna idirmheánacha an phróisis sin atá nasctha leis na himthosca sin nó an teagmhas sin a bheidh ann amach anseo a thuismiú nó a n-eascraíonn na himthosca sin nó an teagmhas sin astu.

    Measfar gur faisnéis cos istigh í céim idirmheánach i bpróiseas fadtréimhseach más rud é go gcomhlíonann sí, aisti féin, critéir na faisnéise cos istigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo.

    Chun críocha na chéad fhomhíre den phointe seo, measfar go bhfuil baint dhíreach nó indíreach ag faisnéis leis an táirge mórdhíola fuinnimh más rud é go bhféadfadh éifeacht a bheith aici ar éileamh, soláthar nó praghsanna táirge mórdhíola fuinnimh, nó ar ionchais éilimh, soláthair nó praghsanna táirge mórdhíola fuinnimh.

    Chun críocha na chéad fhomhíre den phointe seo, ciallaíonn faisnéis ar dhócha, dá gcuirfí ar fáil go poiblí í, go mbeadh tionchar nach beag aici ar phraghsanna na dtáirgí mórdhíola fuinnimh sin faisnéis ar dhócha go mbainfeadh rannpháirtí margaidh réasúnach úsáid aisti mar chuid den bhonn lena chinneadh nó lena cinneadh i ndáil le trádáil táirgí mórdhíola fuinnimh;’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

    ‘(2)

    ciallaíonn “cúbláil margaidh”:

    (a)

    aon idirbheart a dhéanamh, nó aon ordú chun trádáil a dhéanamh, a eisiúint, a mhodhnú nó a tharraingt siar nó gabháil d’aon iompraíocht eile a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh:

    (i)

    lena ndéantar, nó ar dóigh dó nó di, comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir leis an soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu;

    (ii)

    lena ndéantar, nó ar dóigh dó nó di, trí ghníomhaíocht duine, nó trí ghníomhaíocht daoine i gcomhar le chéile, an praghas atá ar tháirge mórdhíola fuinnimh amháin nó níos mó a shocrú ar leibhéal saorga, mura rud é go suíonn an duine a rinne an t-idirbheart nó a d’eisigh an t-ordú chun trádáil a dhéanamh go bhfuil cúiseanna dlisteanacha aige le déanamh amhlaidh agus go bhfuil idirbheart nó ordú chun trádáil den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir le cleachtais mhargaidh a nglactar leo ar an margadh mórdhíola fuinnimh lena mbaineann; nó

    (iii)

    lena n-úsáidtear seift shamhailteach nó aon chineál eile meabhlaireachta nó saorgachta, ar ní é lena ndéantar, nó ar dóigh dó, comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir leis an soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu;

    (b)

    faisnéis a scaipeadh trí na meáin, lena n-áirítear ar an idirlíon, nó trí mhodhanna ar bith eile, ar faisnéis í lena ndéantar, nó ar dóigh di, comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir leis an soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu, lena n-áirítear ráflaí agus scéala bréagach nó míthreorach a scaipeadh, i gcás ina raibh a fhios ag an duine a scaip í, nó inar cheart dó fios a bheith aige, gurbh fhaisnéis bhréagach nó mhíthreorach a bhí inti.

    Nuair a dhéantar faisnéis a scaipeadh chun críoch iriseoireachta nó léirithe ealaíne, déanfar measúnú ar an scaipeadh faisnéise sin agus na rialacha lena rialaítear saoirse an phreasa agus an tsaoirse tuairimí a nochtadh i meáin eile á gcur san áireamh, ach amháin más fíor an méid seo a leanas ina leith:

    (i)

    faigheann na daoine sin, go díreach nó go hindíreach, buntáiste nó brabúis as scaipeadh na faisnéise atá i dtrácht; nó

    (ii)

    déantar an nochtadh nó an scaipeadh le hintinn an margadh a chur ar míthreoir maidir leis an soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh orthu nó leis an bpraghas atá orthu;

    (c)

    faisnéis atá bréagach nó míthreorach a tharchur nó ionchur atá bréagach nó míthreorach a sholáthar i ndáil le tagarmharc i gcás ina raibh a fhios ag an duine a rinne an tarchur nó a sholáthair an t-ionchur, nó inar cheart dó fios a bheith aige, go raibh sí nó sé bréagach nó míthreorach, nó gabháil d’aon iompraíocht eile a mbíonn cúbláil ar ríomh tagarmhairc mar thoradh uirthi.

    Féadfaidh cúbláil margaidh iompar duine dhlítheanaigh a ainmniú, nó, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, iompar duine nádúrtha a ainmniú a ghlacann páirt sa chinneadh gníomhaíochtaí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh lena mbaineann.’;

    (c)

    leasaítear pointe (4) mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

    ‘(a)

    conarthaí maidir le soláthar leictreachais nó gáis nádúrtha, lena n-áirítear GNL, i gcás ina seachadtar san Aontas é, nó conarthaí maidir le soláthar leictreachais arb é an toradh a d’fhéadfadh a bheith orthu seachadadh san Aontas mar thoradh ar chúpláil aonair lá roimh ré agus cúpláil aonair ionlae;

    (b)

    díorthaigh a bhaineann le leictreachas nó gás nádúrtha a tháirgtear, a thrádáiltear nó a sheachadtar san Aontas, nó díorthaigh a bhaineann le leictreachas arb é an toradh a d’fhéadfadh a bheith orthu seachadadh san Aontas mar thoradh ar chúpláil aonair lá roimh ré agus cúpláil aonair ionlae;’;

    (ii)

    cuirtear na pointí seo a leanas leis:

    ‘(e)

    conarthaí a bhaineann le leictreachas nó gás nádúrtha a stóráil san Aontas;

    (f)

    díorthaigh a bhaineann le leictreachas nó gás nádúrtha a stóráil san Aontas;’;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (7):

    ‘(7)

    ciallaíonn “rannpháirtí margaidh” aon duine, lena n-áirítear oibreoirí córas tarchurtha, oibreoirí córas dáileacháin, oibreoirí córas stórála agus oibreoirí córas GNL, a dhéanann idirbhearta, lena n-áirítear orduithe chun trádáil a dhéanamh, i margadh mórdhíola fuinnimh amháin nó níos mó;’;

    (e)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    ‘(8a)

    “ciallaíonn ‘duine a shocraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta go gairmiúil’ duine a bhíonn ag gabháil go gairmiúil do ghlacadh agus tarchur orduithe le haghaidh táirgí mórdhíola fuinnimh nó d”fhorghníomhú idirbheart le haghaidh táirgí mórdhíola fuinnimh;’;

    (f)

    cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

    ‘(11a)

    ciallaíonn “oibreoir córas dáileacháin” oibreoir córas dáileacháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (6), de Threoir 2009/73/CE agus in Airteagal 2, pointe (29), de Threoir (AE) 2019/944;

    (11b)

    ciallaíonn “oibreoir córas stórála” oibreoir córas stórála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Threoir 2009/73/CE nó oibreoir “saoráide stórála fuinnimh” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (60), de Threoir (AE) 2019/944;

    (11c)

    ciallaíonn “oibreoir córas GNL” oibreoir córas GNL mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12), de Threoir 2009/73/CE;’;

    (g)

    cuirtear na pointí seo a leanas leis:

    ‘(16)

    ciallaíonn “sásra tuairiscithe cláraithe” duine dlítheanach atá údaraithe de bhun an Rialacháin seo chun mionsonraí idirbheart, lena n-áirítear orduithe chun trádáil a dhéanamh, agus sonraí bunúsacha a thuairisciú don Ghníomhaireacht, nó chun an tseirbhís a sholáthar arb é atá inti mionsonraí idirbheart den sórt sin a thuairisciú don Ghníomhaireacht, thar a cheann féin nó thar ceann rannpháirtithe margaidh;

    (17)

    ciallaíonn “ardán faisnéis cos istigh” nó “IIP” duine atá údaraithe de bhun an Rialacháin seo chun an tseirbhís a sholáthar arb é atá inti ardán a oibriú chun faisnéis cos istigh a nochtadh agus chun faisnéis nochta chos istigh a thuairisciú don Ghníomhaireacht thar ceann rannpháirtithe margaidh;

    (18)

    ciallaíonn “trádáil algartamach” trádáil, lena n-áirítear trádáil ardmhinicíochta, i dtáirgí mórdhíola fuinnimh i gcás ina gcinntear go huathoibríoch le halgartam ríomhaire paraiméadair aonair orduithe chun trádáil a dhéanamh, amhail cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar an t-ordú a thionscnamh, an t-uainiú, praghas nó méid an ordaithe nó conas an t-ordú a bhainistiú tar éis a thíolactha, agus idirghabháil dhaonna theoranta a dhéanamh nó gan idirghabháil dhaonna ar bith, ar trádáil í nach gcuimsítear léi aon chóras nach n-úsáidtear ach amháin chun orduithe a ródú chuig ionaid mhargaidh eagraithe amháin nó níos mó, nó chun orduithe a phróiseáil nach mbaineann aon chinneadh paraiméadar trádála leo nó chun orduithe a dheimhniú nó chun próiseáil iarthrádála a dhéanamh ar na hidirbhearta a forghníomhaíodh;

    (19)

    ciallaíonn “rochtain leictreonach dhíreach” socrú trína gceadaíonn comhalta, rannpháirtí nó cliant de chuid ionaid mhargaidh eagraithe do dhuine eile a chód trádála a úsáid ionas gur féidir leis an duine orduithe chun trádáil a dhéanamh a bhaineann le táirge mórdhíola fuinnimh a tharchur go leictreonach go díreach chuig an ionad margaidh eagraithe, lena n-áirítear socruithe a mbíonn i gceist leo go n-úsáideann duine bonneagar teicneolaíochta faisnéise an chomhalta, an rannpháirtí nó an chliaint, nó aon chóras cónaisc a sholáthraíonn an comhalta, an rannpháirtí nó an cliant, chun na horduithe chun trádáil a dhéanamh a tharchur (rochtain dhíreach ar an margadh) agus socruithe nach n-úsáideann duine bonneagar den sórt sin iontu (rochtain urraithe);

    (20)

    ciallaíonn “ionad margaidh eagraithe” ’ malartán fuinnimh, bróicéir fuinnimh, ardán acmhainneachta fuinnimh nó aon chóras nó saoráid eile ina mbíonn iliomad leasanna ceannaigh nó díola tríú páirtithe táirgí mórdhíola fuinnimh ag idirghníomhú ar bhealach a bhféadfadh idirbheart a bheith mar thoradh air;

    (21)

    ciallaíonn “leabhar orduithe” na mionsonraí uile maidir le horduithe táirgí mórdhíola fuinnimh a fhorghníomhaítear ar ionaid mhargaidh eagraithe, lena n-áirítear orduithe meaitseáilte agus orduithe neamh-mheaitseáilte chomh maith le horduithe arna nginiúint ag córas agus teagmhais saolré;

    (22)

    ciallaíonn “tagarmharc” innéacs mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe 3, de Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6), ar trí thagairt dó a chinntear an méid is iníoctha faoi tháirge mórdhíola fuinnimh, nó faoi chonradh a bhaineann le táirge mórdhíola fuinnimh, nó luach táirge mórdhíola fuinnimh;

    (23)

    ciallaíonn “trádáil GNL” tairiscintí ceannaigh, tairiscintí díola nó idirbhearta, lena n-áirítear iad siúd a dhéantar thar an gcuntar nó in ionad margaidh eagraithe, ach gan a bheith teoranta dóibh, chun GNL a cheannach nó a dhíol:

    (a)

    lena sonraítear seachadadh san Aontas;

    (b)

    a mbíonn seachadadh san Aontas mar thoradh orthu; nó

    (c)

    ina ndéanann contrapháirtí amháin GNL a athghású ag críochfort san Aontas;

    (24)

    ciallaíonn “sonraí margaidh GNL” taifid ar thairiscintí ceannaigh, ar thairiscintí díola nó ar idirbhearta maidir le trádáil GNL le faisnéis chomhfhreagrach;

    (25)

    ciallaíonn “rannpháirtí margaidh GNL” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, gan beann ar áit chorpraithe nó áit sainchónaithe an duine sin, a ghabhann do thrádáil GNL;

    (26)

    ciallaíonn “measúnú ar phraghsanna GNL” praghas tagartha laethúil le haghaidh trádáil GNL a chinneadh i gcomhréir le modheolaíocht arna bunú ag an nGníomhaireacht;

    (27)

    ciallaíonn “tagarmharc GNL” raon difríochta a chinneadh idir an measúnú laethúil ar phraghsanna GNL agus an praghas socraíochta don chonradh míosa tosaigh le haghaidh Thodhchaíochtaí Gáis TTF a bhunaíonn ICE Endex Markets B.V. ar bhonn laethúil.

    (*6)  Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).’;"

    (4)

    in Airteagal 3(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

    ‘Measfar freisin gur trádáil cos istigh í faisnéis cos istigh a úsáid chun ordú, nó aon ghníomhaíocht trádála eile a bhaineann le táirge mórdhíola fuinnimh lena mbaineann an fhaisnéis, a chealú nó a leasú i gcás ina ndearnadh an t-ordú sula raibh an fhaisnéis cos istigh ag an duine lena mbaineann.’;

    (5)

    leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

    ‘Nochtfaidh rannpháirtithe margaidh an fhaisnéis cos istigh trí IIPanna. Áiritheoidh na IIPanna go gcuirfear an fhaisnéis cos istigh ar fáil go poiblí ar bhealach a gcuireann ar a chumas don phobal rochtain phras a fháil ar an bhfaisnéis sin, lena n-áirítear trí shuíomh gréasáin nó trí chomhéadan feidhmchláir soiléir, agus chun gur féidir leis an bpobal measúnú iomlán, ceart agus tráthúil a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin.’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4.   Maidir le foilsiú faisnéise cos istigh, lena n-áirítear í a fhoilsiú i bhfoirm chomhiomlánaithe, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7) nó Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, agus i gcomhréir le treoirlínte agus cóid ghréasáin arna nglacadh de bhun na Rialachán sin, is nochtadh éifeachtach é, ach ní gá gur nochtadh tráthúil poiblí é de réir bhrí mhír 1 den Airteagal seo.’

    (*7)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).’;"

    ;

    (c)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    ‘4a.   Faoin 8 Bealtaine 2025, déanfaidh an Ghníomhaireacht ardán a fhorbairt agus a oibriú a bheidh ag fónamh mar phointe rochtana leictreonaí earnáilsonrach le haghaidh faisnéis cos istigh a nochtar de bhun mhír 1.’

    ;

    (6)

    cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 4a

    Ardáin faisnéis cos istigh a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu

    1.   Ní oibreoidh IIP go dtí go mbeidh measúnú déanta ag an nGníomhaireacht cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an IIP sin na ceanglais a leagtar amach i míreanna 3, 4 agus 5 agus go dtí go mbeidh a oibríocht údaraithe aici. Bunóidh an Ghníomhaireacht clár de IIPanna a bheidh údaraithe aici de bhun na míre seo. Beidh clár IIPanna ar fáil go poiblí agus beidh faisnéis ann maidir leis na seirbhísí a bhfuil an IIP údaraithe ina leith. Déanfaidh an Ghníomhaireacht athbhreithniú tráthrialta ar mhíreanna 3, 4 agus 5 a bheith á gcomhlíonadh ag IIPanna.

    2.   Ceadófar do IIPanna arna gclárú ag an nGníomhaireacht de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún (*8) agus a áirítear ar liosta IIPanna na Gníomhaireachta leanúint de bheith ag oibriú go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an nGníomhaireacht maidir le húdarú de bhun an Airteagail seo.

    3.   Beidh beartais agus socruithe leordhóthanacha i bhfeidhm ag IIP chun an fhaisnéis cos istigh mar a cheanglaítear faoi Airteagal 4(1) a chur ar fáil go poiblí chomh gar d’fhíor-am agus is féidir go teicniúil, ar bhonn réasúnach tráchtála. Cuirfear an fhaisnéis cos istigh ar fáil agus beidh rochtain éasca uirthi saor in aisce chun gach críche, lena n-áirítear trí shuíomh gréasáin nó trí chomhéadan feidhmchláir. Scaipfidh an IIP faisnéis den sórt sin go héifeachtúil agus go comhsheasmhach ar bhealach lena n-áiritheofar go mbeidh rochtain phras ar an bhfaisnéis cos istigh, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus ar bhealach lena n-éascaítear comhdhlúthú na faisnéise cos istigh le sonraí comhchosúla ó fhoinsí eile.

    4.   Áireofar san fhaisnéis cos istigh a chuireann IIP ar fáil go poiblí de bhun mhír 3 ar a laghad na mionsonraí seo a leanas, ag brath ar an gcineál faisnéise cos istigh:

    (a)

    aitheantas na teachtaireachta agus stádas an teagmhais;

    (b)

    dáta agus am an fhoilsithe agus dáta agus am thús agus dheireadh an teagmhais;

    (c)

    ainm agus aitheantas an rannpháirtí margaidh;

    (d)

    an crios tairisceana nó cothromúcháin lena mbaineann;

    (e)

    an cineál faisnéise, amhail neamh-infhaighteacht, réamhaisnéis agus úsáid iarbhír; agus

    (f)

    i gcás inarb infheidhme:

    (i)

    an cineál neamh-infhaighteachta agus an cineál teagmhais;

    (ii)

    an t-aonad tomhais;

    (iii)

    an acmhainneacht atá ar fáil, an acmhainneacht nach bhfuil ar fáil agus an acmhainneacht shuiteáilte nó an acmhainneacht theicniúil;

    (iv)

    i gcás nach bhfuil an acmhainneacht shuiteáilte nó theicniúil ar fáil, an chúis leis an neamh-infhaighteacht;

    (v)

    an cineál breosla;

    (vi)

    an tsócmhainn nó an t-aonad dá ndéantar difear agus a cód aitheantais nó a chód aitheantais.

    5.   Déanfaidh IIP socruithe riaracháin éifeachtacha a fheidhmiú agus a choinneáil ar bun arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa idir é agus a chuid cliant a chosc. Go háirithe, maidir le IIP ar ionad margaidh eagraithe nó rannpháirtí margaidh é freisin, is ar bhealach neamh-idirdhealaitheach a dhéanfaidh sé an fhaisnéis cos istigh ar fad a bhailítear a láimhseáil, agus déanfaidh sé socruithe iomchuí a fheidhmiú agus a choinneáil ar bun chun feidhmeanna éagsúla gnó a scaradh ó chéile.

    Beidh sásraí fónta slándála i bhfeidhm ag IIP arna ndearadh chun ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil na modhanna aistrithe faisnéis cos istigh, chun an riosca maidir le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú agus chun sceitheadh faisnéise cos istigh roimh an bhfoilsiú a chosc. Déanfaidh IIP acmhainní leordhóthanacha a choinneáil ar bun agus beidh saoráidí cúltaca aige chun a sheirbhísí a thairiscint agus a choinneáil ar bun.

    Beidh sásraí i bhfeidhm ag IIP lenar féidir tuarascálacha maidir le faisnéis cos istigh a sheiceáil go tapa agus go héifeachtach maidir lena n-iomláine, chun easnaimh agus earráidí soiléire a shainaithint, agus chun leagan ceartaithe de thuarascálacha den sórt sin a iarraidh.

    6.   I gcás ina bhfaigheann an Ghníomhaireacht gur sháraigh IIP aon cheann de na ceanglais a leagtar síos i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo, sular dtarraingeofar siar údarú de bhun mhír 7 den Airteagal seo, tabharfaidh sí na coimircí nós imeachta iomchuí don IIP, lena n-áirítear na coimircí sin dá dtagraítear in Airteagal 14(6), (7) agus (8) de Rialachán (AE) 2019/942.

    7.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht údarú IIP a tharraingt siar, trí bhíthin cinnidh, agus é a bhaint den chlár i gcás inar fíor an méid seo a leanas i leith an IIP:

    (a)

    ní bhaineann sé úsáid as an údarú laistigh de 12 mhí ón dáta a eisíodh an t-údarú, tréigeann sé an t-údarú go sainráite nó níor sholáthair sé seirbhísí ar bith i rith na 6 mhí roimhe sin;

    (b)

    fuair sé an t-údarú trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó ar aon mhodh neamhrialta eile;

    (c)

    ní chomhlíonann sé a thuilleadh na ceanglais maidir le húdarú a leagtar amach i míreanna 3, 4 agus 5;

    (d)

    níor thug sé an sárú chun críche; nó

    (e)

    sháraigh sé an Rialachán seo go tromchúiseach agus go córasach.

    I gcás cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, léireoidh an Ghníomhaireacht na leigheasanna dlí atá ar fáil de bhun Airteagail 28 agus 29 de Rialachán (AE) 2019/942.

    Cuirfidh IIP ar tharraing an Ghníomhaireacht siar a údarú na rannpháirtithe margaidh ábhartha ar fad ar an eolas agus áiritheoidh sé ionadú ordúil lena n-áirítear aistriú sonraí chuig IIPanna eile, arna roghnú ag rannpháirtithe margaidh, agus atreorú sreafaí tuairiscithe chuig IIPanna eile. Socróidh an Ghníomhaireacht tréimhse réasúnach 6 mhí ar a laghad chun ionadú ordúil den sórt sin a áirithiú. Le linn na tréimhse sin, áiritheoidh an IIP go leanfar de na seirbhísí a sholáthraíonn sé. Féadfaidh an Ghníomhaireacht tréimhse níos giorra a shocrú, áfach, más rud é go bhféadfadh oibriú leantach an IIP oibriú ordúil an chórais a chur i mbaol, ag féachaint do thromchúis na bhfíoras as ar eascair tarraingt siar an údaraithe.

    Déanfaidh an Ghníomhaireacht, gan moill mhíchuí, fógra a thabhairt don údarás rialála náisiúnta sa Bhallstát ina bhfuil an IIP bunaithe faoi aon chinneadh údarú IIP a tharraingt siar de bhun na chéad fhomhíre agus cuirfidh sí na rannpháirtithe margaidh ar an eolas faoi sin.

    8.   Faoin 8 Bealtaine 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 20 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a shonrú:

    (a)

    na modhanna trína bhfuil IIP leis an oibleagáid a chomhlíonadh maidir le faisnéis cos istigh a chur ar fáil go poiblí a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo;

    (b)

    inneachar agus aon mhionsonraí ábhartha breise den fhaisnéis cos istigh arna cur ar fáil go poiblí de bhun mhíreanna 3 agus 4 den Airteagal seo ar bhealach ina bhféadfar an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Airteagal seo a fhoilsiú;

    (c)

    na ceanglais eagraíochtúla shonracha maidir le mír 5 den Airteagal seo a chur chun feidhme;

    (d)

    na mionsonraí a bhaineann leis an bpróiseas chun údarú IIP a tharraingt siar dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo;

    (e)

    na coimircí nós imeachta dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo;

    (f)

    na mionsonraí a bhaineann le próiseas an ionadaithe ordúil dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo;

    (g)

    na socruithe mionsonraithe chun rannpháirtithe margaidh a chur ar an eolas faoi chinneadh údarú IIP a tharraingt siar.

    (*8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 maidir le sonraí a thuairisciú i dtaca le cur chun feidhme Airteagal 8(2) agus Airteagal 8(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 363, 18.12.2014, lch. 121).’;"

    (7)

    cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 5a

    Trádáil algartamach

    1.   Rannpháirtí margaidh a ghabhann do thrádáil algartamach, beidh córais éifeachtacha agus rialuithe riosca éifeachtacha i bhfeidhm aige atá oiriúnach don ghnó a oibríonn sé chun a áirithiú go bhfuil a chórais trádála athléimneach agus go bhfuil dóthain acmhainneachta acu, go bhfuil siad faoi réir tairseacha trádála iomchuí agus teorainneacha trádála iomchuí agus go gcuireann siad cosc ar sheoladh orduithe earráideacha chun trádáil a dhéanamh nó ar fheidhmiú eile a bhféadfadh margadh mí-ordúil a chruthú nó cur le margadh mí-ordúil. Beidh córais éifeachtacha agus rialuithe riosca éifeachtacha i bhfeidhm ag an rannpháirtí margaidh freisin chun a áirithiú go gcomhlíonann na córais trádála an Rialachán seo agus rialacha ionaid mhargaidh eagraithe lena bhfuil sé nasctha. Beidh socruithe éifeachtacha leanúnachais gnó i bhfeidhm ag an rannpháirtí margaidh chun déileáil le haon teip ina chórais trádála agus áiritheoidh sé go ndéanfar tástáil iomlán ar a chórais agus go ndéanfar faireachán ceart orthu chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar síos sa mhír seo leo.

    2.   Tabharfaidh rannpháirtí margaidh a ghabhann do thrádáil algartamach i mBallstát fógra faoi sin d’údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil sé cláraithe de bhun Airteagal 9(1) agus don Ghníomhaireacht.

    Féadfaidh údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an rannpháirtí margaidh cláraithe de bhun Airteagal 9(1) a cheangal ar an rannpháirtí margaidh a sholáthar, ar bhonn tráthrialta nó ad hoc, tuairisc ar chineál a straitéisí trádála algartamaí, mionsonraí na bparaiméadar trádála nó na dteorainneacha trádála a bhfuil an córas trádála faoina réir, na príomhrialuithe comhlíonta agus riosca atá i bhfeidhm lena áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo agus mionsonraí maidir le tástáil a chóras trádála.

    Socróidh an rannpháirtí margaidh go gcoinneofar taifid i ndáil leis na hábhair dá dtagraítear sa mhír seo ar feadh 5 bliana agus áiritheoidh sé go mbeidh na taifid sin leordhóthanach chun ligean d’údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an rannpháirtí margaidh cláraithe de bhun Airteagal 9(1) faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo.

    3.   Tabharfaidh rannpháirtí margaidh a sholáthraíonn rochtain dhíreach leictreonach ar ionad margaidh eagraithe fógra dá réir sin d’údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an rannpháirtí margaidh cláraithe de bhun Airteagal 9(1) agus don Ghníomhaireacht.

    Féadfaidh údarás rialála náisiúnta an Bhallstát ina bhfuil an rannpháirtí margaidh cláraithe de bhun Airteagal 9(1) a cheangal ar an rannpháirtí margaidh a sholáthar, ar bhonn tráthrialta nó ad hoc, tuairisc ar na córais agus na rialuithe riosca dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus fianaise gur cuireadh i bhfeidhm iad.

    Socróidh an rannpháirtí margaidh go gcoinneofar taifid i ndáil leis na hábhair dá dtagraítear sa mhír seo ar feadh 5 bliana agus áiritheoidh sé go mbeidh na taifid sin leordhóthanach chun ligean don údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an rannpháirtí margaidh cláraithe de bhun Airteagal 9(1) faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo.

    4.   Ní dochar an tAirteagal seo do na hoibleagáidí a leagtar síos i dTreoir 2014/65/AE.’

    ;

    (8)

    in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20:

    (a)

    chun an Rialachán seo a leasú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (i)

    na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2, pointí (1), (2), (3) agus (5), a ailíniú chun comhleanúnachas a áirithiú le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais i réimsí na seirbhísí airgeadais agus an fhuinnimh;

    (ii)

    nuashonrú a dhéanamh ar na sainmhínithe dá dtagraítear i bpointe (i) chun fhorbairtí amach anseo i margaí mórdhíola fuinnimh a chur san áireamh agus chun na críche sin amháin;

    (b)

    chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thairseacha íosta a bhunú, agus sainiúlachtaí náisiúnta á gcur san áireamh, chun teagmhais a shainaithint ar dóigh dóibh, dá gcuirfí ar fáil go poiblí iad, difear suntasach a dhéanamh do phraghsanna na dtáirgí mórdhíola fuinnimh.’

    ;

    (9)

    leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar ghníomhaíocht trádála i dtáirgí mórdhíola fuinnimh chun trádáil bunaithe ar fhaisnéis cos istigh agus cúbláil margaidh, nó iarrachtaí na rudaí sin a dhéanamh, a bhrath agus a chosc. Baileoidh sí na sonraí chun measúnú agus faireachán a dhéanamh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh dá bhforáiltear in Airteagal 8.’

    ;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, uair sa bhliain ar a laghad, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir lena cuid gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo agus maidir leis an mbealach a chuireann sí an Rialachán seo i bhfeidhm, agus cuirfidh sí an tuarascáil sin ar fáil go poiblí. Sa tuarascáil sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú, inter alia, ar oibriú agus trédhearcacht catagóirí éagsúla d’ionaid mhargaidh agus ar bhealaí trádála, agus féadfaidh sí moltaí a dhéanamh don Choimisiún i ndáil le rialacha margaidh, caighdeáin mhargaidh agus nósanna imeachta margaidh lena bhféadfaí feabhas a chur ar shláine an mhargaidh agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Féadfaidh sí meastóireacht a dhéanamh freisin i dtaobh an bhféadfaí cur le trédhearcacht fheabhsaithe sa mhargadh le haon cheanglais íosta i gcomhair margaí eagraithe. Féadfar an tuarascáil sin a chónascadh leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2019/942.’

    ;

    (10)

    cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 7a

    Cúraimí agus cumhachtaí na Gníomhaireachta maidir le measúnuithe ar phraghas GNL a dhéanamh agus maidir le tagarmharcanna GNL

    1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú laethúil ar phraghsanna GNL agus tagarmharc laethúil GNL a tháirgeadh agus a fhoilsiú. Chun críoch an mheasúnaithe ar phraghsanna GNL agus an tagarmhairc GNL, déanfaidh an Ghníomhaireacht sonraí margaidh GNL maidir le hidirbhearta a bhailiú agus a phróiseáil go córasach. I gcás inarb iomchuí, cuirfear san áireamh sa mheasúnú ar phraghsanna difríochtaí réigiúnacha agus dálaí margaidh.

    2.   De mhaolú ar Airteagal 3(4), pointe (b), den Rialachán seo, beidh feidhm maidir le rannpháirtithe margaidh GNL ag na hoibleagáidí agus na toirmisc atá ar na rannpháirtithe margaidh a leagtar síos sa Rialachán seo. Beidh feidhm maidir le rannpháirtithe margaidh GNL freisin ag na cumhachtaí a thugtar don Ghníomhaireacht faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014, lena n-áirítear na forálacha maidir le rúndacht.

    Airteagal 7b

    Measúnuithe ar phraghsanna GNL agus tagarmharcanna GNL a fhoilsiú

    1.   Foilseofar an measúnú ar phraghsanna GNL ar bhonn laethúil, agus tráth nach déanaí ná 18:00 CET i gcás an mheasúnaithe ar phraghsanna idirbhirt glan amach. De bhreis ar an measúnú ar phraghsanna GNL a fhoilsiú, foilseoidh an Ghníomhaireacht freisin, ar bhonn laethúil, an tagarmharc GNL tráth nach déanaí ná 19:00 CET nó a luaithe is féidir go teicniúil.

    2.   Chun críocha an Airteagail seo, féadfaidh an Ghníomhaireacht úsáid a bhaint as seirbhísí tríú páirtí.

    Airteagal 7c

    Sonraí margaidh GNL a sholáthar don Ghníomhaireacht

    1.   Déanfaidh rannpháirtithe margaidh GNL na sonraí margaidh GNL a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta go laethúil, saor in aisce, trí bhíthin na mbealaí tuairiscithe arna mbunú ag an nGníomhaireacht, i bhformáid chaighdeánaithe, trí phrótacal tarchurtha ardcháilíochta, agus chomh gar d’fhíor-am agus is féidir ó thaobh na teicneolaíochta de sula bhfoilseofar an measúnú laethúil ar phraghsanna GNL (18:00 CET).

    2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear an pointe ama faoina mbeidh sonraí margaidh GNL le tíolacadh roimh fhoilsiú an mheasúnaithe laethúil ar phraghsanna GNL dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2).

    3.   I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Ghníomhaireacht, tar éis di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, treoir a eisiúint i dtaca leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    mionsonraí na faisnéise atá le tuairisciú, sa bhreis ar mhionsonraí reatha na n-idirbheart intuairiscithe agus na sonraí bunúsacha faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014, lena n-áirítear tairiscintí ceannaigh agus tairiscintí díola; agus

    (b)

    an nós imeachta, an fhormáid chaighdeánach agus an fhormáid leictreonach, agus na ceanglais theicniúla agus eagraíochtúla a bhaineann le sonraí a thíolacadh atá le húsáid chun na sonraí margaidh GNL is gá a sholáthar.

    Airteagal 7d

    Cáilíocht na sonraí margaidh GNL

    1.   Áireofar na nithe seo a leanas i sonraí margaidh GNL:

    (a)

    na páirtithe sa chonradh, lena n-áirítear táscaire ceannaigh nó díola;

    (b)

    an páirtí a thuairiscíonn;

    (c)

    praghas an idirbhirt;

    (d)

    cainníochtaí an chonartha;

    (e)

    luach an chonartha;

    (f)

    tráth teachta an lasta GNL;

    (g)

    téarmaí an tseachadta;

    (h)

    na pointí seachadta;

    (i)

    an fhaisnéis stampa ama maidir leis na nithe seo a leanas uile:

    (i)

    an dáta agus an t-am a rinneadh an tairiscint cheannaigh nó an tairiscint díola;

    (ii)

    dáta agus am a rinneadh an t-idirbheart;

    (iii)

    dáta agus am tuairiscithe na tairisceana ceannaigh, na tairisceana díola nó an idirbhirt;

    (iv)

    an t-am a fuair an Ghníomhaireacht na sonraí margaidh GNL.

    2.   Déanfaidh rannpháirtithe margaidh GNL sonraí margaidh GNL a sholáthar don Ghníomhaireacht sna haonaid agus sna hairgeadraí seo a leanas:

    (a)

    tuairisceofar praghsanna aonaid idirbhirt, tairisceana ceannaigh agus tairisceana díola san airgeadra a shonraítear sa chonradh agus in EUR/MWh agus áireofar leo na rátaí comhshó agus malairte arna gcur i bhfeidhm, más infheidhme;

    (b)

    tuairisceofar cainníochtaí conartha sna haonaid a shonraítear a chonradh agus in MWh;

    (c)

    tuairisceofar tráthanna teachta i dtéarmaí dátaí seachadta arna sloinneadh i bhformáid AUL;

    (d)

    léireofar leis an bpointe seachadta aitheantóir bailí arna liostú ag an nGníomhaireacht amhail dá dtagraítear sa liosta de shaoráidí GNL atá faoi réir tuairisciú de bhun an Rialacháin seo agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún; déanfar an fhaisnéis stampa ama a thuairisciú i bhformáid AUL;

    (e)

    más ábhartha, déanfar foirmle an phraghais sa chonradh fadtéarmach óna ndíorthaítear an praghas a thuairisciú ina hiomláine.

    3.   Eiseoidh an Ghníomhaireacht treoir maidir leis na critéir faoinarb ionann aighnitheoir aonair agus cuid shuntasach de na sonraí margaidh GNL arna dtíolacadh laistigh de thréimhse thagartha áirithe agus maidir leis an gcaoi a dtabharfar aghaidh ar an gcás sin sa mheasúnú laethúil uaithi ar phraghsanna GNL agus ar thagarmharc GNL.

    Airteagal 7e

    Leanúnachas gnó

    Déanfaidh an Ghníomhaireacht athbhreithniú tráthrialta ar a measúnú uaithi ar phraghsanna tagartha GNL agus an mhodheolaíocht uaithi maidir leis an tagarmharc GNL, chomh maith leis an modheolaíocht a úsáidtear chun sonraí margaidh GNL a thuairisciú agus chun na measúnuithe uaithi ar phraghsanna GNL agus na tagarmharcanna GNL uaithi a fhoilsiú, agus déanfaidh sí iad a nuashonrú agus fhoilsiú go tráthrialta, agus tuairimí rannchuiditheoirí sonraí margaidh GNL á gcur san áireamh.’

    ;

    (11)

    leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Déanfaidh rannpháirtithe margaidh, nó duine nó eintiteas a liostaítear i mír 4, pointí (b) go (f)agus atá ag gníomhú thar a gceann, taifead ar idirbhearta sa mhargadh mórdhíola fuinnimh, lena n-áirítear orduithe chun trádáil a dhéanamh, a sholáthar don Ghníomhaireacht. Áireofar san fhaisnéis a thuairiscítear sainaithint bheacht na dtáirgí mórdhíola fuinnimh a ceannaíodh agus a díoladh, an praghas agus an chainníocht a comhaontaíodh, dátaí agus amanna an fhorghníomhaithe, na páirtithe san idirbheart agus tairbhithe idirmheánacha nó deiridh an idirbhirt agus aon fhaisnéis ábhartha eile. Cuirfidh rannpháirtithe margaidh san áireamh faisnéis faoina neamhchosaintí, arna mionsonrú de réir táirge, lena n-áirítear na hidirbhearta a tharlaíonn thar an gcuntar. Cé go bhfuil an fhreagracht fhoriomlán ar na rannpháirtithe margaidh, measfar an oibleagáid atá ar an rannpháirtí margaidh i dtrácht maidir le tuairisciú a bheith comhlíonta a luaithe a gheofar, ó dhuine nó eintiteas a liostaítear i mír 4, pointí (b) go (f), an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt. Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí shásraí tuairiscithe cláraithe.’

    ;

    (b)

    cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

    ‘1a.   Chun taifid ar idirbhearta ar an margadh mórdhíola fuinnimh a thuairisciú, lena n-áirítear orduithe chun trádáil a dhéanamh, arna ndéanamh, arna dtabhairt i gcrích nó arna bhforghníomhú in ionaid mhargaidh eagraithe, déanfaidh na hionaid mhargaidh eagraithe sin, nó tríú páirtithe thar a gceann, an méid seo a leanas:

    (a)

    sonraí a bhaineann leis an leabhar orduithe a chur ar fáil don Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014, agus ar an gcaoi sin oibleagáidí na rannpháirtithe margaidh de bhun mhír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh thar a gceann; nó

    (b)

    arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, rochtain a thabhairt don Ghníomhaireacht gan mhoill ar an leabhar orduithe ionas go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann faireachán a dhéanamh ar thrádáil ar an margadh mórdhíola fuinnimh.

    Faoin 8 Bealtaine 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na mionsonraí breise maidir le hoibriú na míre seo, lena n-áirítear na socruithe sonracha chun tuairisciú éifeachtach sonraí a áirithiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2).

    1b.   Déanfaidh rannpháirtithe margaidh GNL agus aon duine nó eintiteas eile a liostaítear i mír 4, pointí (b) go (f), den Airteagal seo agus atá ag gníomhú thar a gceann, taifead de shonraí margaidh GNL a sholáthar go córasach don Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014.’

    ;

    (c)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    ‘Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2). Cuirfear san áireamh leo córais tuairiscithe idirbheart atá ann cheana chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht trádála chun drochúsáid margaidh a bhrath.’;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘3.   Na daoine agus na heintitis dá dtagraítear i mír 4, pointí (a) go (d), den Airteagal seo a thuairiscigh idirbhearta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 nó Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní bheidh siad faoi réir oibleagáidí tuairiscithe dúbailte a bhaineann leis na hidirbhearta sin.

    Gan dochar don chéad fhomhír den mhír seo, féadfar, leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1a agus mír 2, a cheadú do mhargaí eagraithe agus do chórais meaitseála trádála nó do chórais tuairiscithe trádála taifid ar idirbhearta mórdhíola fuinnimh a sholáthar don Ghníomhaireacht.’

    ;

    (e)

    leasaítear mír 4 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

    ‘Chun críocha mhíreanna 1, 1a, agus 1b, déanfaidh siad seo a leanas faisnéis a sholáthar:’;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    (d)

    ionad margaidh eagraithe, córas meaitseála trádála nó duine eile a shocraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta go gairmiúil;’;

    (f)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    ‘5.   Déanfaidh rannpháirtithe margaidh faisnéis a sholáthar don Ghníomhaireacht agus do na húdaráis rialála náisiúnta a bhaineann le hacmhainneacht agus úsáid na saoráidí i gcomhair táirgeadh, stóráil, tomhaltas nó tarchur leictreachais nó gáis nádúrtha nó a bhaineann le hacmhainneacht agus úsáid saoráidí GNL, lena n-áirítear neamh-infhaighteacht phleanáilte nó neamhphleanáilte na saoráidí sin, agus faisnéis cos istigh a nochtar go poiblí de bhun Airteagal 4, chun faireachán a dhéanamh ar thrádáil i margaí mórdhíola fuinnimh. Déanfar na hoibleagáidí ar rannpháirtithe margaidh maidir le tuairisciú a íoslaghdú tríd an bhfaisnéis a cheanglaítear a thabhairt, nó codanna di, a bhailiú, i gcás inar féidir, ó fhoinsí atá ann cheana.’

    ;

    (12)

    leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    ‘1.   Maidir le rannpháirtithe margaidh a dhéanann idirbhearta a cheanglaítear a thuairisciú don Ghníomhaireacht de bhun Airteagal 8(1), cláróidh siad leis an údarás rialála náisiúnta sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe nó ina bhfuil cónaí orthu.

    Faoin 8 Samhain 2024, maidir le rannpháirtithe margaidh atá bunaithe nó a bhfuil cónaí orthu i dtríú tír agus a dhéanann idirbhearta a cheanglaítear a thuairisciú don Ghníomhaireacht de bhun Airteagal 8(1):

    (a)

    ainmneoidh siad ionadaí i mBallstát ina bhfuil na rannpháirtithe margaidh gníomhach ar na margaí mórdhíola fuinnimh, agus cláróidh siad le húdarás rialála náisiúnta an Bhallstáit sin. Ainmneofar an t-ionadaí le sainordú i scríbhinn agus údarófar an t-ionadaí gníomhú thar ceann na rannpháirtithe margaidh;

    (b)

    tabharfaidh siad sainordú dá n-ionadaí ainmnithe chun gur féidir leis na húdaráis rialála náisiúnta nó leis an nGníomhaireacht teagmháil a dhéanamh leo, sa bhreis ar na rannpháirtithe margaidh sin nó thar a gceann, maidir le gach saincheist is gá chun cinntí nó iarrataí ar fhaisnéis arna n-eisiúint i ndáil leis an Rialachán seo a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú;

    (c)

    tabharfaidh siad na cumhachtaí agus na modhanna is gá dá n-ionadaí ainmnithe chun a ráthú go mbeidh comhar éifeachtúil tráthúil aige leis na húdaráis rialála náisiúnta nó leis an nGníomhaireacht agus chun na cinntí agus na hiarrataí ar fhaisnéis ó na húdaráis rialála náisiúnta nó ón nGníomhaireacht arna n-eisiúint i ndáil leis an Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis arna hiarraidh; agus

    (d)

    tabharfaidh siad fógra d’údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an ionadaí ainmnithe nó ina bhfuil sé bunaithe agus don Ghníomhaireacht maidir le hainm, seoladh ríomhphoist, seoladh poist agus uimhir theileafóin an ionadaí ainmnithe sin.’;

    Ní dochar ainmniú an ionadaí do chaingne dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne an rannpháirtí margaidh é féin.’

    ;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘3.   Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta an fhaisnéis atá ina gcláir náisiúnta a tharchur chuig an nGníomhaireacht i bhformáid a chinnfidh an Ghníomhaireacht. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na húdaráis sin, an fhormáid sin a chinneadh agus a fhoilsiú. Ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn na húdaráis rialála náisiúnta, bunóidh an Ghníomhaireacht clár Eorpach de rannpháirtithe margaidh. Beidh rochtain ag údaráis rialála náisiúnta agus ag údaráis ábhartha eile ar an gclár sin. Faoi réir Airteagal 17, déanfaidh an Ghníomhaireacht an clár Eorpach de rannpháirtithe margaidh, nó sleachta as, a chur ar fáil go poiblí ar choinníoll nach nochtar faisnéis maidir le rannpháirtithe margaidh aonair, ar faisnéis í atá íogair ó thaobh na tráchtála de.’

    ;

    (13)

    cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 9a

    Údarú agus maoirseacht sásraí tuairiscithe cláraithe

    1.   Beidh oibriú sásra tuairiscithe chláraithe faoi réir údarú roimh ré ón nGníomhaireacht i gcomhréir leis an Airteagal seo.

    Údaróidh an Ghníomhaireacht páirtithe mar shásra tuairiscithe cláraithe sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    tá an sásra tuairiscithe cláraithe bunaithe san Aontas; agus

    (b)

    comhlíonann an sásra tuairiscithe cláraithe na ceanglais a leagtar síos i mír 3.

    Údaróidh an Ghníomhaireacht eintiteas chun oibriú mar shásra tuairiscithe cláraithe laistigh de thréimhse ama réasúnach agus, a mhéid is féidir, laistigh de 3 mhí ón iarratas iomlán a fháil. Beidh éifeacht leis an údarú agus beidh sé bailí ar chríoch an Aontais ina hiomláine, agus ceadófar leis don sásra tuairiscithe cláraithe na seirbhísí a bhfuil údarú faighte aige ina leith a sholáthar ar fud an Aontais.

    Sásraí tuairiscithe cláraithe arna gclárú ag an nGníomhaireacht de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 agus a áirítear ar liosta na Gníomhaireachta de shásraí tuairiscithe cláraithe, ceadófar dóibh leanúint de bheith ag oibriú go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an nGníomhaireacht maidir le húdarú de bhun an Airteagail seo.

    Comhlíonfaidh sásra tuairiscithe cláraithe na coinníollacha maidir le húdarú dá dtagraítear sa mhír seo agus i mír 3. Déanfaidh sásra tuairiscithe cláraithe údaraithe, gan moill mhíchuí, fógra a thabhairt don Ghníomhaireacht faoi aon athrú ábhartha ar na coinníollacha maidir le húdarú.

    Bunóidh an Ghníomhaireacht clár de shásra tuairiscithe cláraithe atá údaraithe aici de bhun na míre seo. Beidh an clár ar fáil go poiblí agus beidh faisnéis ann maidir leis na seirbhísí a bhfuil an sásra tuairiscithe cláraithe údaraithe ina leith. Tabharfar an clár cothrom le dáta go tráthrialta.

    2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht athbhreithniú tráthrialta ar an dóigh a mbíonn míreanna 1 agus 3 á gcomhlíonadh ag sásraí tuairiscithe cláraithe. Chun na críche sin, tuairisceoidh sásraí tuairiscithe cláraithe don Ghníomhaireacht maidir lena ngníomhaíochtaí ar bhonn bliantúil.

    3.   Beidh beartais agus socruithe leordhóthanacha i bhfeidhm ag sásraí tuairiscithe cláraithe chun a áirithiú go ndéanfar tuairisciú pras ar fhaisnéis de réir mar a cheanglaítear faoi Airteagal 8.

    Déanfaidh sásraí tuairiscithe cláraithe socruithe riaracháin éifeachtacha a fheidhmiú agus a choinneáil ar bun arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa idir é agus a gcuid cliant a chosc. Go háirithe, maidir le sásra tuairiscithe cláraithe ar ionad margaidh eagraithe nó rannpháirtí margaidh é freisin, is ar bhealach neamh-idirdhealaitheach a dhéanfaidh sé an fhaisnéis cos istigh ar fada bhailítear a láimhseáil, agus déanfaidh sé socruithe iomchuí a fheidhmiú agus a choinneáil ar bun chun feidhmeanna éagsúla gnó a scaradh ó chéile.

    Beidh sásraí fónta slándála i bhfeidhm ag sásraí tuairiscithe cláraithe chun coimircí a thabhairt maidir le slándáil agus fíordheimhniú na modhanna aistrithe faisnéise, chun an riosca maidir le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú agus chun sceitheadh faisnéise a chosc, agus rúndacht na sonraí á coinneáil ar bun i gcónaí. Déanfaidh sásraí tuairiscithe cláraithe acmhainní leordhóthanacha a choinneáil ar bun agus beidh saoráidí cúltaca acu chun a seirbhísí a thairiscint agus a choinneáil ar bun.

    Beidh sásraí i bhfeidhm ag sásraí tuairiscithe cláraithe lenar féidir tuarascálacha idirbheart a sheiceáil go héifeachtach maidir lena n-iomláine, easnaimh agus earráidí soiléire arna ndéanamh ag an rannpháirtí margaidh a shainaithint, agus, i gcás ina bhfuil earráid nó easnamh den sórt sin ann, mionsonraí faoin earráid nó easnamh a chur in iúl don rannpháirtí margaidh agus iarraidh a dhéanamh ar leagan ceartaithe de thuarascálacha den sórt sin a fháil.

    Beidh córais i bhfeidhm ag sásraí tuairiscithe cláraithe chun gur féidir leo earráidí nó easnaimh arna ndéanamh acu féin a bhrath agus chun gur féidir leo tuarascálacha idirbheart a cheartú agus a tharchur chuig an nGníomhaireacht nó tuarascálacha cearta iomlána a atarchur, chuig an nGníomhaireacht de réir mar a bheidh.

    4.   I gcás ina bhfaigheann an Ghníomhaireacht gur sháraigh sásra tuairiscithe cláraithe mír 1, 2 nó 3 den Airteagal seo, sula dtarraingeofar siar údarú de bhun mhír 5 den Airteagal seo, tabharfaidh sí na coimircí nós imeachta iomchuí don sásra tuairiscithe cláraithe, lena n-áirítear na coimircí sin dá dtagraítear in Airteagal 14(6), (7) agus (8) de Rialachán (AE) 2019/942.

    5.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht údarú sásra tuairiscithe chláraithe a tharraingt siar trí bhíthin cinnidh agus é a bhaint den chlár i gcás inar fíor an méid seo a leanas i leith an tsásra tuairiscithe chláraithe:

    (a)

    ní bhaineann sé úsáid as an údarú laistigh de 18 mí ón dáta a eisíodh an t-údarú, tréigeann sé an t-údarú go sainráite nó níor sholáthair sé seirbhísí ar bith i rith na 18 mí roimhe sin;

    (b)

    fuair sé an t-údarú trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó ar aon mhodh neamhrialta eile;

    (c)

    ní chomhlíonann sé a thuilleadh na ceanglais maidir le húdarú a leagtar amach i míreanna 1 agus 3; nó

    (d)

    sháraigh sé an Rialachán seo go tromchúiseach agus go córasach.

    I gcás cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, léireoidh an Ghníomhaireacht na leigheasanna dlí atá ar fáil de bhun Airteagail 28 agus 29 de Rialachán (AE) 2019/942.

    Cuirfidh sásra tuairiscithe cláraithe ar tharraing an Ghníomhaireacht siar a údarú na rannpháirtithe margaidh ábhartha ar fad ar an eolas agus áiritheoidh sé ionadú ordúil lena n-áirítear aistriú sonraí chuig sásraí tuairiscithe cláraithe eile, arna roghnú ag rannpháirtithe margaidh, agus atreorú sreafaí tuairiscithe chuig sásraí tuairiscithe cláraithe eile. Socróidh an Ghníomhaireacht tréimhse réasúnach 6 mhí ar a laghad chun ionadú ordúil den sórt sin a áirithiú. Le linn na tréimhse sin áiritheoidh an sásra tuairiscithe cláraithe go leanfar de na seirbhísí a sholáthraíonn sí. Féadfaidh an Ghníomhaireacht tréimhse níos giorra a sholáthar, áfach, más rud é go bhféadfadh oibriú leantach an tsásra tuairiscithe chláraithe oibriú ordúil an chórais a chur i mbaol, ag féachaint do thromchúis na bhfíoras as ar eascair tarraingt siar an údaraithe.

    Déanfaidh an Ghníomhaireacht, gan moill mhíchuí, fógra a thabhairt don údarás rialála náisiúnta sa Bhallstát ina bhfuil an sásra tuairiscithe cláraithe bunaithe faoi aon chinneadh údarú sásra tuairiscithe chláraithe a tharraingt siar de bhun na chéad fhomhíre agus cuirfidh sí na rannpháirtithe margaidh ar an eolas faoi sin.

    6.   Faoin 8 Bealtaine 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 20 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a shonrú:

    (a)

    na modhanna trína bhfuil sásra tuairiscithe cláraithe leis an oibleagáid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh;

    (b)

    na ceanglais eagraíochtúla shonracha chun míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a chur chun feidhme;

    (c)

    na mionsonraí a bhaineann leis an bpróiseas chun údarú sásra tuairiscithe chláraithe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a tharraingt siar;

    (d)

    na coimircí nós imeachta dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo;

    (e)

    na mionsonraí a bhaineann le próiseas an ionadaithe ordúil dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo;

    (f)

    na socruithe mionsonraithe chun rannpháirtithe margaidh a chur ar an eolas faoi chinneadh údarú sásra tuairiscithe chláraithe a tharraingt siar.’

    ;

    (14)

    in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

    ‘1.   Bunóidh an Ghníomhaireacht sásraí chun faisnéis a fhaigheann sí i gcomhréir le hAirteagal 7(1) agus le hAirteagal 8 a chomhroinnt leis an gCoimisiún, leis na húdaráis rialála náisiúnta, le húdaráis airgeadais inniúla na mBallstát, leis na húdaráis iomaíochta náisiúnta, le ÚEUM, le EUROFISC agus le húdaráis ábhartha eile ar leibhéal an Aontais. Sula mbunófar sásraí den sórt sin, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na húdaráis sin.

    Ní thabharfaidh an Ghníomhaireacht rochtain ar na sásraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ach amháin d’údaráis a bhfuil córais curtha ar bun acu trína gcumasaítear don Ghníomhaireacht na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 12(1) a chomhlíonadh.

    2.   Bunóidh na húdaráis rialála náisiúnta sásraí chun faisnéis a fhaigheann siad i gcomhréir le hAirteagal 7(2) agus le hAirteagal 8 a chomhroinnt le húdaráis airgeadais inniúla na mBallstát, leis na húdaráis iomaíochta náisiúnta, leis na húdaráis chánach náisiúnta agus le húdaráis ábhartha eile ar an leibhéal náisiúnta. Sula mbunófar sásraí den sórt sin, rachaidh an t-údarás rialála náisiúnta i gcomhairle leis an nGníomhaireacht agus leis na húdaráis sin maidir le sásraí den sórt sin, murar bunaíodh sásraí den sórt sin roimh an 7 Bealtaine 2024. Eiseoidh an Ghníomhaireacht, i gcás inarb iomchuí, treoirlínte neamhcheangailteacha chun éascaíocht a dhéanamh d’údaráis rialála náisiúnta agus sásraí den sórt sin á mbunú.

    Ní thabharfaidh údaráis rialála náisiúnta rochtain ar na sásraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ach amháin d’údaráis a bhfuil córais curtha ar bun acu trína gcumasaítear do na húdaráis rialála náisiúnta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 12(1) a chomhlíonadh.’

    ;

    (15)

    leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    ‘Déanfaidh an Coimisiún, údaráis rialála náisiúnta, údaráis airgeadais inniúla na mBallstát, údaráis chánach náisiúnta, EUROFISC, údaráis iomaíochta náisiúnta, ÚEUM agus údaráis ábhartha eile rúndacht, sláine agus cosaint na faisnéise a fhaigheann siad de bhun Airteagal 4(2), Airteagal 7(2), Airteagal 8(5) nó Airteagal 10 a áirithiú, déanfaidh siad bearta chun aon mhí-úsáid a dhéantar ar fhaisnéis den sórt sin a chosc, agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfar an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí.’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Faoin 8 Bealtaine 2025, forbróidh an Ghníomhaireacht lárionad tagartha ina bhfuil faisnéis maidir le sonraí mhargadh mórdhíola fuinnimh an Aontais (“an Lárionad Tagartha”). Faoi réir Airteagal 17, déanfaidh an Ghníomhaireacht, trí bhíthin an Lárionaid Tagartha codanna den fhaisnéis atá ina seilbh a chur ar fáil go poiblí, ar choinníoll nach ndéantar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de maidir le rannpháirtithe margaidh aonair, maidir le hidirbhearta aonair nó maidir le hionaid mhargaidh aonair a nochtadh agus nach féidir faisnéis den sórt sin a shainaithint ón bhfaisnéis a chuirtear ar fáil go poiblí. Féadfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis chomhiomlánaithe a chur ar fáil go poiblí freisin, trí bhíthin an Lárionaid Tagartha, maidir le hionaid mhargaidh eagraithe, IIPanna agus sásraí tuairiscithe cláraithe i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí, cé is moite d’fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de.

    Déanfaidh an Ghníomhaireacht a bunachar sonraí ar thrádáil nach bhfuil íogair ó thaobh na tráchtála de a chur ar fáil chun críoch eolaíoch, faoi réir ceanglais rúndachta.

    Déanfar faisnéis a fhoilsiú nó a chur ar fáil ar mhaithe le feabhas a chur ar thrédhearcacht na margaí mórdhíola fuinnimh agus ar choinníoll nach dóigh di aon saobhadh a chruthú san iomaíocht sna margaí fuinnimh sin.

    Déanfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis a scaipeadh ar bhealach cóir i gcomhréir le rialacha trédhearcacha a tharraingeoidh sí féin suas agus a chuirfidh sí féin ar fáil go poiblí.’

    ;

    (16)

    leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Áiritheoidh údaráis rialála náisiúnta go bhforfheidhmeofar agus go gcomhlíonfar na toirmisc a leagtar síos in Airteagail 3 agus 5 agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 4, 7c, 8, 9 agus 15.

    Beidh údaráis rialála náisiúnta inniúil chun imscrúdú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí go léir a dhéantar ar a margaí mórdhíola fuinnimh náisiúnta agus chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú, gan beann ar an áit a bhfuil an rannpháirtí margaidh a bhfuil na gníomhaíochtaí sin á ndéanamh aige cláraithe ná faoi oibleagáid a bheith cláraithe de bhun Airteagal 9(1).

    Áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil na cumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin is gá ag a údarás rialála náisiúnta chun na feidhmeanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a fheidhmiú. Feidhmeofar na cumhachtaí sin ar bhealach comhréireach.

    Féadfar na cumhachtaí sin a fheidhmiú:

    (a)

    go díreach;

    (b)

    i gcomhar le húdaráis eile;

    (c)

    trí iarratas a chur chuig na húdaráis bhreithiúnacha náisiúnta inniúla; nó

    (d)

    ar mholadh ón nGníomhaireacht.

    I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a gcumhachtaí imscrúdúcháin a fheidhmiú i gcomhar le hionaid mhargaidh eagraithe, le córais meaitseála trádála nó le daoine eile a shocraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta go gairmiúil dá dtagraítear in Airteagal 8(4), pointe (d).’

    ;

    (b)

    cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

    ‘3.   Chun sáruithe ar an Rialachán seo a chomhrac, chun tacú le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin na n-údarás rialála náisiúnta agus chun iad a chomhlánú, agus chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo ar fud an Aontais, féadfaidh an Ghníomhaireacht, i ndlúthchomhar gníomhach leis na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha, imscrúduithe a dhéanamh trí na cumhachtaí a thugtar di le hAirteagal 13a, 13b agus 13c, agus i gcomhréir leo, a fheidhmiú.

    4.   In am trátha sula bhfeidhmeoidh sí na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 3 laistigh de dhlínse Ballstáit ina ndéantar na gníomhaíochtaí a bhfuil drochamhras réasúnach ar an nGníomhaireacht ina leith go bhfuil an Rialachán seo á shárú acu, cuirfidh an Ghníomhaireacht an méid sin ar an eolas don údarás rialála náisiúnta agus d’údaráis eile lena mbaineann sa Bhallstát sin. Féadfaidh an Ghníomhaireacht a cumhachtaí a fheidhmiú sa dlínse sin, ach amháin má dhéanann an t-údarás rialála náisiúnta agóid ar na forais seo a leanas:

    (a)

    tá imscrúdú oscailte go foirmiúil nó á dhéanamh aici ar na fíorais chéanna; nó

    (b)

    tá imscrúdú déanta aici ar na fíorais chéanna agus chinn sí gurb ann nó nach ann do shárú.

    Féadfaidh an Ghníomhaireacht leanúint dá cumhachtaí a fheidhmiú sna dlínsí atá fágtha de chuid na n-údarás rialála náisiúnta sin nach bhfuil agóid déanta acu de bhun na chéad fhomhír, pointe (a). Ní fheidhmeoidh an Ghníomhaireacht a cuid cumhachtaí má rinneadh imscrúdú ar na fíorais chéanna cheana féin agus má thángthas ar an gconclúid gurb ann nó nach ann do shárú.

    Cuirfidh an t-údarás rialála náisiúnta an Ghníomhaireacht ar an eolas faoin agóid uaidh laistigh de 3 mhí tar éis dó a bheith curtha ar an eolas de bhun na chéad fhomhíre. I gcásanna den sórt sin, comhoibreoidh an t-údarás rialála náisiúnta leis an nGníomhaireacht, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    faisnéis agus torthaí is ábhartha don Ghníomhaireacht chun a cumhachtaí faoi mhír 3 a fheidhmiú i ndlínsí ábhartha eile lena mbaineann a chomhroinnt léi; agus

    (b)

    a bheith rannpháirteach, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, i ngrúpa imscrúdúcháin a bhunaítear de bhun Airteagal 16(4), pointe (c).

    Cuirfidh an Ghníomhaireacht an Coimisiún ar an eolas faoi bhunú an ghrúpa imscrúdúcháin agus, arna iarraidh sin do cheann de na húdaráis rialála náisiúnta lena mbaineann, féadfaidh an Ghníomhaireacht iarraidh ar an gCoimisiún a bheith rannpháirteach, mar bhreathnóir, sa ghrúpa imscrúdúcháin sin.

    5.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht a cumhachtaí a fheidhmiú chun a áirithiú go ndéanfar na toirmisc a leagtar amach in Airteagail 3 agus 5 a fhorfheidhmiú sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    tá nó bhí gníomhaíochtaí á ndéanamh ar tháirgí mórdhíola fuinnimh lena seachadadh in dhá Bhallstát ar a laghad;

    (b)

    ní dhéanann an t-údarás rialála náisiúnta inniúil, gan dochar do na maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 16(5), na bearta is gá a luaithe is féidir chun an iarraidh ón nGníomhaireacht de bhun Airteagal 16(4), pointe (b), a chomhlíonadh, i gcás inarb ann do thionchar trasteorann;

    (c)

    gan dochar do mhír 4, iarrann an t-údarás rialála náisiúnta ar an nGníomhaireacht a cumhachtaí a fheidhmiú maidir le gníomhaíochtaí a bhfuil tionchar trasteorann acu, fiú mura dtagann siad faoi raon feidhme phointe (a) nó (b) den mhír seo.

    6.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht a cumhachtaí a fheidhmiú chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 4 i gcás inar dócha go ndéanfaidh an fhaisnéis cos istigh ábhartha difear suntasach do phraghsanna táirgí mórdhíola fuinnimh lena seachadadh in dhá Bhallstát ar a laghad.

    7.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht a cumhachtaí a fheidhmiú chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 8 sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    déanann sárú amhrasta difear don fhaireachán, dá dtagraítear in Airteagal 7, a dhéanann an Ghníomhaireacht ar ghníomhaíocht trádála i dtáirgí mórdhíola fuinnimh in dhá Bhallstát ar a laghad; nó

    (b)

    déanann sárú amhrasta difear do cháilíocht na comhroinnte faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 10 in dhá Bhallstát ar a laghad.

    8.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht a cumhachtaí a fheidhmiú chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 15 i gcás ina bhfuil idirbhearta á socrú nó á bhforghníomhú go gairmiúil ag na daoine dá dtagraítear san Airteagal sin maidir le táirgí mórdhíola fuinnimh lena seachadadh in dhá Bhallstát ar a laghad.

    9.   Agus a cumhachtaí á bhfeidhmiú aici de bhun mhíreanna 5 go 8, féadfaidh an Ghníomhaireacht tosaíocht a thabhairt do na cásanna ag a bhfuil an tionchar trasteorann is suntasaí. Chun na críche sin, bunóidh an Ghníomhaireacht na critéir chun na cásanna ag a bhfuil an tionchar trasteorann is suntasaí a shainaithint, tar éis di dul i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta agus i gcomhar leo.

    10.   Chun a shuíomh an bhfuil na coinníollacha maidir le feidhmiú chumhachtaí na Gníomhaireachta a leagtar amach i mír 5, pointí (a) agus (b), agus míreanna 6, 7 agus 8 á gcomhlíonadh, measfar gur seachadadh in aon Bhallstát amháin seachadadh táirgí mórdhíola fuinnimh laistigh de chrios tairisceana nó laistigh de chrios cothromúcháin a chuimsíonn críoch dhá Bhallstát ar a laghad.

    Ní dochar an mhír seo don fhéidearthacht atá ag údarás rialála náisiúnta lena mbaineann iarraidh a thíolacadh de bhun mhír 5, pointe (c), nó agóid a dhéanamh de bhun mhír 4.

    11.   Tar éis don Ghníomhaireacht na gníomhaíochtaí a rinne sí chun a cumhachtaí a fheidhmiú de bhun mhíreanna 5 go 8 a thabhairt chun críche, déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil imscrúdúcháin a tharraingt suas ina leagtar amach na torthaí ón nGníomhaireacht. Áireofar sa tuarascáil imscrúdúcháin freisin an fhianaise uile ar ar bunaíodh na torthaí. Má mheasann an Ghníomhaireacht sa tuarascáil imscrúdúcháin gur sáraíodh an Rialachán seo, cuirfidh sí údaráis rialála náisiúnta na mBallstát lena mbaineann ar an eolas dá réir agus éileoidh sí go ndéanfaidh siad na bearta is gá, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 18. Sa tuarascáil imscrúdúcháin, féadfaidh an Ghníomhaireacht freisin bearta leantacha áirithe a mholadh do na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha, agus, i gcás inar gá, an Coimisiún a chur ar an eolas. Laistigh de 3 mhí tar éis an tuarascáil imscrúdúcháin a fháil, cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha in iúl don Ghníomhaireacht agus, i gcás inar gá, don Choimisiún cé na bearta a mheasann siad is gá a dhéanamh.

    12.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, ar bhonn tráthrialta agus i gcás ar bith uair sa bhliain ar a laghad, achoimrí de na tuarascálacha atá tarraingthe suas aici, i bhfoirm chomhiomlánaithe agus anaithnidithe, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déileálfar le achoimrí den sórt sin agus lena n-inneachar mar achoimrí rúnda.’

    ;

    (17)

    cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 13a

    Cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Ghníomhaireacht

    1.   Ullmhóidh agus déanfaidh an Ghníomhaireacht cigireachtaí ar an láthair i ndlúthchomhar agus i gcomhordú le húdaráis ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann.

    2.   Chun a hoibleagáidí mar a leagtar síos in Airteagal 13(5) go (8) a chomhlíonadh, féadfaidh an Ghníomhaireacht gach cigireacht ar an láthair is gá a dhéanamh ar áitreabh na ndaoine atá faoi réir an imscrúdaithe ina bhféadfaí taifid ghnó a bheith á gcoinneáil. I gcás inar gá ar mhaithe leis an gcigireacht ar an láthair a dhéanamh go cuí agus go héifeachtúil, féadfaidh an Ghníomhaireacht an chigireacht sin a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré do na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe.

    3.   A mhéid is gá le haghaidh na cigireachta ar an láthair, tabharfar de chumhacht d’oifigigh na Gníomhaireachta agus do dhaoine arna n-údarú nó arna gceapadh ag an nGníomhaireacht chun an chigireacht sin a dhéanamh, maidir leis na daoine atá faoi réir cinneadh arna ghlacadh ag an nGníomhaireacht de bhun mhír 6, an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    dul isteach in áitreabh ábhartha na ndaoine sin;

    (b)

    scrúdú a dhéanamh ar na leabhair agus ar na taifid eile a bhaineann lena ngnó, gan beann ar an meán ar a stóráiltear iad;

    (c)

    cóipeanna de leabhair den sórt sin nó de thaifid den sórt sin nó sleachta astu a thógáil nó a fháil i bhfoirm ar bith;

    (d)

    aon áitreabh gnó agus leabhair nó taifid a shéalú don tréimhse agus a mhéid atá riachtanach le haghaidh na cigireachta;

    (e)

    a iarraidh ar aon ionadaí nó ar aon bhall foirne de chuid na ndaoine sin mínithe a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir na cigireachta ar an láthair agus na freagraí a thaifeadadh.

    Cé is moite de chásanna cuí-réasúnaithe, ní ghreamófar na séalaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d), ar feadh tréimhse is faide ná 72 uair an chloig.

    4.   Má tá drochamhras réasúnach ann go bhfuil taifid ghnó a bhaineann le hábhar cigireachta ar an láthair, a d’fhéadfadh a bheith ábhartha chun sárú ar an Rialachán seo a chruthú, á gcoinneáil in áitreabh príobháideach stiúrthóirí, bainisteoirí nó ball foirne eile de chuid gnólachtaí lena mbaineann imscrúdú, féadfaidh an Ghníomhaireacht, trí chinneadh, cigireacht ar an láthair a dhéanamh in áitreabh príobháideach den sórt sin. I gcásanna den sórt sin, luafar freisin sa chinneadh dá dtagraítear i mír 6 na cúiseanna a thug ar an nGníomhaireacht teacht ar an tátal go bhfuil drochamhras réasúnach ann.

    5.   Oifigigh na Gníomhaireachta agus daoine eile arna n-údarú nó arna gceapadh ag an nGníomhaireacht chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh, déanfaidh siad a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonraítear ábhar agus cuspóir na cigireachta ar an láthair.

    6.   Na daoine atá faoi réir imscrúdaithe, géillfidh siad do chigireachtaí ar an láthair arna n-ordú le cinneadh a ghlacfaidh an Ghníomhaireacht. Sa chinneadh, sonrófar ábhar agus cuspóir na cigireachta ar an láthair agus léireofar an dáta a mbeidh sí le tosú, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 13g i gcás nach ngéilleann an duine lena mbaineann don chigireacht ar an láthair i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, agus an ceart chun an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“an Chúirt Bhreithiúnais”) lena athbhreithniú. Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle le húdarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht ar an láthair le déanamh sula nglacfar cinneadh den sórt sin.

    7.   Arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, déanfaidh oifigigh údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, agus daoine arna n-údarú nó arna gceapadh ag údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit sin cúnamh gníomhach a thabhairt d’oifigigh na Gníomhaireachta agus do dhaoine arna n-údarú nó arna gceapadh ag an nGníomhaireacht. Chuige sin, beidh na cumhachtaí a leagtar amach san Airteagal seo acu. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis rialála náisiúnta bheith i láthair ag an gcigireacht ar an láthair freisin arna iarraidh sin dóibh.

    8.   I gcás ina bhfaigheann oifigigh na Gníomhaireachta agus daoine arna n-údarú nó arna gceapadh ag an nGníomhaireacht go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireacht ar an láthair a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, soláthróidh údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann an cúnamh is gá dóibh, nó d’údaráis rialála náisiúnta ábhartha eile, agus iarrfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin, ionas go mbeidh siad in ann a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.

    9.   Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i míreanna 7 agus 8, go gceanglaítear údarú a fháil ó údarás breithiúnach náisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, déanfaidh an Ghníomhaireacht iarratas ar údarú den sórt sin. Féadfaidh an Ghníomhaireacht iarratas a dhéanamh ar údarú den sórt sin freisin mar bheart réamhchúraim. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 4, ní dhéanfar cigireacht ar an láthair gan údarú a fháil roimh ré ó údarás breithiúnach náisiúnta.

    10.   I gcás ina ndéanann an Ghníomhaireacht iarratas ar údarú dá dtagraítear i mír 9, fíoróidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta an méid seo a leanas:

    (a)

    tá an cinneadh ón nGníomhaireacht barántúil; agus

    (b)

    tá aon bheart atá le déanamh comhréireach agus níl sé treallach ná iomarcach i bhfianaise ábhar na cigireachta ar an láthair.

    Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b),den mhír seo, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar an nGníomhaireacht mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag an nGníomhaireacht chun drochamhras a bheith uirthi go ndearnadh sárú dá dtagraítear in Airteagal 13(3), maidir le tromchúis an tsáraithe amhrasta agus maidir le cineál rannpháirtíocht an duine atá faoi réir an imscrúdaithe. De mhaolú ar Airteagail 28 agus 29 de Rialachán (AE) 2019/942, ní bheidh an cinneadh ón nGníomhaireacht faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais.

    Airteagal 13b

    Iarraidh ar fhaisnéis

    1.   Arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, soláthróidh aon duine di an fhaisnéis is gá chun oibleagáidí na Gníomhaireachta a leagtar síos in Airteagal 13(5) go(8) a chomhlíonadh. San iarraidh uaithi, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

    (a)

    tagairt a dhéanamh don Airteagal seo mar bhunús dlí leis an iarraidh;

    (b)

    cuspóir na hiarrata a lua;

    (c)

    sonrú a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis a éilítear, agus an fhormáid sonraí atá le húsáid;

    (d)

    teorainn ama a shocrú a bheidh comhréireach leis an iarraidh, ar lena linn atá an fhaisnéis le soláthar;

    (e)

    a chur in iúl don duine nach bhfuil an freagra ar an iarraidh ar fhaisnéis le bheith mícheart ná míthreorach.

    2.   Chun críche iarrataí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh an chumhacht ag an nGníomhaireacht cinntí a ghlacadh freisin. I gcinneadh den sórt sin, léireoidh an Ghníomhaireacht, de bhreis ar na heilimintí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo, oibleagáid an duine freagra a thabhairt ar an iarraidh, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 13g i gcás nach gcomhlíonann an duine lena mbaineann an iarraidh, agus an ceart chun an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

    De mhaolú ar Airteagail 28 agus 29 de Rialachán (AE) 2019/942, ní bheidh an cinneadh ón nGníomhaireacht faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais.

    3.   Soláthróidh na daoine a fhaigheann iarraidh ar fhaisnéis de bhun mhír 1 nó 2, nó a n-ionadaithe, an fhaisnéis a iarrtar. Beidh na daoine sin go hiomlán freagrach as a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear iomlán agus ceart agus nach bhfuil sí míthreorach.

    4.   I gcás ina bhfaigheann oifigigh na Gníomhaireachta, agus daoine arna n-údarú nó arna gceapadh ag an nGníomhaireacht, nach gcomhlíonann duine iarraidh ar fhaisnéis, déanfaidh údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, an cúnamh is gá a thabhairt don Ghníomhaireacht chun comhlíonadh na hoibleagáide a leagtar síos i mír 3 a áirithiú, lena n-áirítear trí fhíneálacha a fhorchur i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

    5.   I gcás ina bhfaigheann oifigigh na Gníomhaireachta, agus daoine arna n-údarú nó arna gceapadh ag an nGníomhaireacht, go ndiúltaíonn duine an fhaisnéis a iarradh a sholáthar, féadfaidh an Ghníomhaireacht teacht ar chonclúidí ar bhonn na faisnéise atá ar fáil.

    6.   Seolfaidh an Ghníomhaireacht, gan mhoill, cóip den iarraidh dá dtagraítear i mír 1 nó den chinneadh dá dtagraítear i mír 2 chuig údaráis rialála náisiúnta na mBallstát lena mbaineann.

    Airteagal 13c

    An chumhacht chun ráitis a ghlacadh

    1.   Chun na hoibleagáidí atá uirthi faoi Airteagal 13(5) go (8) a chomhlíonadh, féadfaidh an Ghníomhaireacht agallamh a chur ar aon duine a thoilíonn le dul faoi agallamh, agus ráitis a ghlacadh uathu, chun faisnéis a bhailiú a bhaineann le hábhar imscrúdaithe uaidh. Féadfaidh an Ghníomhaireacht na freagraí a thaifeadadh.

    2.   I gcás ina ndéantar agallamh de bhun mhír 1 in áitreabh an duine lena mbaineann, cuirfidh an Ghníomhaireacht údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ar ar a chríoch a dhéantar an t-agallamh ar an eolas faoi sin. Féadfaidh oifigigh údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit sin cúnamh a thabhairt d’oifigigh na Gníomhaireachta agus do dhaoine arna n-údarú nó arna gceapadh ag an nGníomhaireacht chun an t-agallamh a dhéanamh.

    Airteagal 13d

    Coimircí nós imeachta

    1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht cigireachtaí ar an láthair, iarrfaidh sí faisnéis agus glacfaidh sí ráitis agus lánurraim á tabhairt do choimircí nós imeachta na ndaoine atá faoi réir imscrúdaithe, lena n-áirítear:

    (a)

    an ceart gan ráitis fhéin-ionchoiritheacha a dhéanamh;

    (b)

    an ceart chun cúnamh a fháil ó dhuine dá rogha féin;

    (c)

    an ceart chun aon cheann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina ndéantar an chigireacht ar an láthair a úsáid;

    (d)

    an ceart chun barúil a thabhairt ar fhíorais a bhaineann leo sula nglacfar an tuarascáil imscrúdúcháin de bhun Airteagal 13(11,);

    (e)

    an ceart chun cóip den taifead den agallamh a fháil agus é a fhormheas nó barúlacha a chur leis.

    Beidh achoimre ar na fíorais a bhaineann leis an duine i dtrácht san áireamh sa chuireadh chun barúil a thabhairt ar fhíorais de bhun an chirt dá dtagraítear i bpointe (d) agus léireofar sa chuireadh sin teorainn ama leordhóthanach chun barúlacha a thíolacadh. I gcásanna cuí-réasúnaithe inar gá rúndacht na cigireachta ar an láthair nó imscrúdaithe riaracháin nó choiriúil atá ar siúl nó a bheidh ar siúl amach anseo arna dhéanamh ag údarás náisiúnta a chaomhnú, féadfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh a dhéanamh an cuireadh chun barúil a thabhairt a chur siar.

    2.   Lorgóidh an Ghníomhaireacht fianaise ar son agus i gcoinne na ndaoine atá faoi réir imscrúdaithe, agus déanfaidh sí cigireachtaí ar an láthair, iarrfaidh sí faisnéis agus glacfaidh sí ráitis go hoibiachtúil agus go neamhchlaonta agus i gcomhréir le prionsabal thoimhde na neamhchiontachta.

    3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht cigireachtaí ar an láthair, iarrfaidh sí faisnéis agus glacfaidh sí ráitis agus lánurraim á tabhairt don rúndacht is infheidhme agus do rialacha cosanta sonraí an Aontais.

    4.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 14(6) de Rialachán (AE) 2019/942 maidir le cinntí ón nGníomhaireacht arna nglacadh de bhun Airteagal 13a(6) nó Airteagal 13b(2).

    Airteagal 13e

    Cúnamh frithpháirteach

    Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais ábhartha a leagtar amach in Airteagail 13 go 13c, tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus an Ghníomhaireacht cúnamh dá chéile le linn imscrúdú.

    Airteagal 13f

    An t-oifigeach imscrúdúcháin

    1.   Chun a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 13(5) go (8) a chomhlíonadh, féadfaidh an Ghníomhaireacht, i gcás ina measann sí gurb iomchuí sin chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht an imscrúdaithe a áirithiú agus na hacmhainní inmheánacha atá ar fáil di á gcur san áireamh, oifigeach tiomnaithe imscrúdúcháin a cheapadh laistigh den Ghníomhaireacht chun an t-imscrúdú a stiúradh.

    2.   Chun a chúraimí nó a cúraimí a dhéanamh, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin na cumhachtaí atá ar fáil don Ghníomhaireacht a fheidhmiú, lena n-áirítear na cumhachtaí a leagtar amach in Airteagail 13a, 13b agus 13c, agus na coimircí nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 13d á n-urramú. Agus a chúraimí nó a cúraimí á ndéanamh aige nó aici, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar na doiciméid agus an fhaisnéis uile arna mbailiú ag an nGníomhaireacht agus a gníomhaíochtaí maoirseachta á ndéanamh aici atá ábhartha chun an t-imscrúdú a dhéanamh.

    Airteagal 13g

    Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

    1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, trí bhíthin cinnidh, íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur i leith duine atá faoi réir imscrúdaithe chun iallach a chur ar an duine sin:

    (a)

    géilleadh do chigireacht ar an láthair arna hordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 13a(6);

    (b)

    an fhaisnéis a iarrtar le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 13b(2) a sholáthar.

    2.   Déanfar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar bhonn laethúil go dtí go ndéanfaidh an duine lena mbaineann na cinntí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 13a(6) nó Airteagal 13b(2) a chomhlíonadh.

    3.   Beidh íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla éifeachtach comhréireach. Chuige sin, i gcás daoine dlítheanacha, 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Déanfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ríomh ón dáta a shonraítear sa chinneadh lena bhforchuirtear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.

    4.   Féadfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí ón bhfógra faoin gcinneadh ón nGníomhaireacht.

    5.   De mhaolú ar Airteagail 28 agus 29 de Rialachán (AE) 2019/942, ní bheidh an cinneadh ón nGníomhaireacht faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais.

    Airteagal 13h

    Coimircí nós imeachta i ndáil le cinntí maidir le híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

    1.   D’ainneoin Airteagal 14(6) de Rialachán (AE) 2019/942, sula ndéanfaidh sí aon chinneadh lena bhforchuirtear íocaíocht phionósach thréimhsiúil faoi Airteagal 13g den Rialachán seo, tabharfaidh an Ghníomhaireacht deis do na daoine a bhfuil sé ar intinn aici cinneadh den sórt sin a dhíriú chucu éisteacht a fháil maidir leis na torthaí ón nGníomhaireacht. Is ar na torthaí sin a raibh deis ag na daoine lena mbaineann a mbarúil a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh an Ghníomhaireacht a cinntí.

    2.   Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn an imscrúdaithe. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar na doiciméid sin i gcomhad na Gníomhaireachta atá ábhartha don chinneadh ón nGníomhaireacht an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur, faoi réir leas dlisteanach daoine eile agus a rúin ghnó á gcosaint acu. Ní chuimseofar faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha de chuid na Gníomhaireachta sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.

    Airteagal 13i

    Cineál, forfheidhmiú agus leithdháileadh na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

    1.   Is de chineál riaracháin a bheidh na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna bhforchur de bhun Airteagal 13g.

    2.   Beidh na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna bhforchur de bhun Airteagal 13g in-fhorfheidhmithe.

    Rialófar an forfheidhmiú leis na rialacha náisiúnta nós imeachta is infheidhme sna Ballstáit lena mbaineann.

    Beidh an t-ordú maidir lena fhorfheidhmiú i gceangal leis an gcinneadh ón nGníomhaireacht, gan d’fhoirmiúlacht ach fíorú ar bharántúlacht an chinnidh ón údarás náisiúnta a ainmneoidh rialtas gach Ballstáit chuige sin agus a chuirfidh sé i bhfios don Ghníomhaireacht agus don Chúirt Bhreithiúnais.

    Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí dá dtagraítear sa tríú fomhír curtha i gcrích ag an údarás náisiúnta ainmnithe, ar iarratas ón nGníomhaireacht, féadfaidh an Ghníomhaireacht dul ar aghaidh leis an bhforfheidhmiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an údaráis náisiúnta ainmnithe.

    Ní fhéadfar forfheidhmiú a fhionraí ach amháin trí bhreith ón gCúirt Bhreithiúnais. Beidh dlínse ag cúirteanna na mBallstát lena mbaineann, áfach, i dtaca le gearáin go bhfuil an forfheidhmiú á chur i gcrích ar dhóigh neamhrialta.

    3.   Déanfar méideanna na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh chuig buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 13j

    Athbhreithniú arna dhéanamh ag an gCúirt Bhreithiúnais

    Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ón nGníomhaireacht lena bhforchuirtear íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla. Féadfaidh sí an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a forchuireadh a neamhniú, a laghdú nó a mhéadú.’

    ;

    (18)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

    ‘Airteagal 15

    Oibleagáidí ar dhaoine a shocraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta go gairmiúil

    1.   Aon duine a shocraíonn idirbhearta i dtáirgí mórdhíola fuinnimh go gairmiúil ar a bhfuil drochamhras réasúnach go bhféadfadh ordú chun trádáil a dhéanamh nó idirbheart, lena n-áirítear aon chealú nó modhnú air, cibé acu a chuirtear ar ionad margaidh eagraithe é nó lasmuigh de, Airteagal 3, 4 nó 5 a shárú, tabharfaidh an duine sin fógra faoi sin don Ghníomhaireacht agus don údarás rialála náisiúnta ábhartha gan a thuilleadh moille agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná 4 seachtaine ón lá a thagann an duine sin ar an eolas faoin teagmhas amhrasach.

    2.   Aon duine a fhorghníomhaíonn idirbhearta go gairmiúil faoi Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 agus a fhorghníomhaíonn freisin idirbhearta i dtáirgí mórdhíola fuinnimh nach ionstraimí airgeadais iad, agus ar a bhfuil drochamhras réasúnach go bhféadfadh ordú chun trádáil a dhéanamh nó idirbheart, lena n-áirítear aon chealú nó modhnú air, cibé acu a chuirtear ar ionad margaidh eagraithe é nó lasmuigh de, Airteagal 3, 4 nó 5 den Rialachán seo a shárú, tabharfaidh an duine sin fógra faoi sin don Ghníomhaireacht agus don údarás rialála náisiúnta ábhartha gan a thuilleadh moille agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná 4 seachtaine ón lá a thagann an duine sin ar an eolas faoin teagmhas amhrasach.

    3.   Déanfaidh na daoine dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 socruithe, córais agus nósanna imeachta éifeachtacha a bhunú agus a choinneáil ar bun chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    sáruithe féideartha ar Airteagal 3, 4 nó 5 a shainaithint;

    (b)

    a ráthú nach mbeidh aon choinbhleacht leasa i gceist lena bhfostaithe a dhéanann gníomhaíochtaí faireachais chun críoch an Airteagail seo agus go ngníomhóidh siad ar bhealach neamhspleách;

    (c)

    orduithe agus idirbhearta amhrasacha a bhrath agus a thuairisciú.

    4.   Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, beidh daoine a shocraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta go gairmiúil faoi réir rialacha fógartha na mBallstát ina bhfuil an rannpháirtí margaidh ag a bhfuil baint leis an sárú féideartha cláraithe agus ina seachadtar an táirge mórdhíola fuinnimh. Díreofar fógra den sórt sin chuig údaráis rialála náisiúnta na mBallstát sin.

    5.   Faoin 8 Bealtaine 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na húdaráis rialála náisiúnta, tuarascáil a eisiúint agus a phoibliú ina mbeidh faisnéis chomhiomlánaithe i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí, cé is moite d’fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de, maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    na socruithe, na córais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3 agus a n-éifeachtacht;

    (b)

    an anailís a dhéanann na húdaráis rialála náisiúnta ar idirbhearta amhrasacha, freagairt na n-údarás rialála náisiúnta ar thuairisciú ar dhroch-cháilíocht agus ar chásanna nach ndearnadh tuairisciú ar idirbhearta amhrasacha agus gníomhaíochtaí gaolmhara na n-údarás rialála náisiúnta a mhéid a bhaineann le forfheidhmiú agus pionóis.’

    ;

    (19)

    leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    ‘Déanfaidh an Ghníomhaireacht, de réir mar is iomchuí, treoir neamhcheangailteach a fhoilsiú maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    cur i bhfeidhm na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2, lena n-áirítear maidir le liosta neamh-uileghabhálach a bhunú de na céimeanna idirmheánacha ábhartha i bpróiseas fadtréimhseach sna cásanna sin ina gcomhlíonann an fhaisnéis, aisti féin, na critéir a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (1); agus

    (b)

    táscairí agus samplaí neamh-uileghabhálacha d’iompraíocht mhargaidh a bhaineann le cúbláil margaidh, chomh maith le trádáil cos istigh dá dtagraítear in Airteagal 3.’;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:

    ‘Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta, údaráis airgeadais inniúla na mBallstát, údaráis iomaíochta náisiúnta agus údaráis chánach náisiúnta cineálacha iomchuí comhair a bhunú chun imscrúdú agus forfheidhmiú tráthúil éifeachtach éifeachtúil a áirithiú agus chun rannchuidiú le cur chuige comhleanúnach comhsheasmhach i leith imscrúdaithe, i leith imeachtaí breithiúnacha agus i leith fhorfheidhmiú an Rialacháin seo agus an dlí ábhartha airgeadais agus iomaíochta.’;

    (b)

    i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

    ‘Sula nglacfaidh siad cinneadh lena bhfaightear gur sáraíodh an Rialachán seo, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta an Ghníomhaireacht a chur ar an eolas agus achoimre ar an gcás agus ar an gcinneadh atá beartaithe a sholáthar di i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit lena mbaineann. Tar éis dó cinneadh a ghlacadh lena bhfaightear gur sáraíodh an Rialachán seo, soláthróidh an t-údarás rialála náisiúnta an cinneadh sin don Ghníomhaireacht, lena n-áirítear faisnéis maidir le dáta a ghlactha, ainm na ndaoine atá faoi réir pionós, an tAirteagal den Rialachán seo a sáraíodh agus an pionós a forchuireadh An tráth céanna, cuirfidh an t-údarás rialála náisiúnta in iúl don Ghníomhaireacht cén fhaisnéis atá nochta aige don phobal dá dtagraítear in Airteagal 18(6), agus cuirfidh sé an Ghníomhaireacht ar an eolas go pras faoi aon athruithe a dhéantar ar faisnéis den sórt sin ina dhiaidh sin. Coinneoidh an Ghníomhaireacht liosta poiblí ar bun d’fhaisnéis atá nochta ag na húdaráis rialála náisiúnta don phobal dá dtagraítear in Airteagal 18(6).’;

    (c)

    leasaítear mír 3 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    ‘(a)

    déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta tuarascálacha ar sháruithe a d’fhéadfadh a bheith déanta ar an Rialachán seo a phróiseáil gan moill mhíchuí agus, más féidir, laistigh de bhliain amháin tar éis na tuarascálacha sin a fháil, agus, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu chun drochamhras a bheith orthu go bhfuil gníomhaíochtaí á ndéanamh, nó déanta, ar mhargaí mórdhíola fuinnimh, arb ionann iad agus drochúsáid margaidh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 596/20142014 agus a dhéanann difear d’ionstraimí airgeadais atá faoi réir Airteagal 2 den Rialachán sin, cuirfidh siad údarás airgeadais inniúil a mBallstáit agus an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi sin; chun na gcríoch sin, féadfaidh údaráis rialála náisiúnta cineálacha iomchuí comhair a bhunú leis an údarás airgeadais inniúil ina mBallstát;’;

    (ii)

    cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    ‘(e)

    cuirfidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis rialála náisiúnta na húdaráis inniúla chánach náisiúnta agus EUROFISC ar an eolas i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu chun drochamhras a bheith orthu go bhfuil gníomhaíochtaí á ndéanamh, nó déanta, ar an margadh mórdhíola fuinnimh ar dócha gur calaois chánach iad.’;

    (20)

    cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 16a

    Cúraimí agus freagrachtaí a tharmligean

    1.   Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta, le toiliú an toscaire, cúraimí agus freagrachtaí a tharmligean chuig an nGníomhaireacht nó chuig údarás rialála náisiúnta eile faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo. Féadfaidh na Ballstáit socruithe sonracha a leagan amach maidir le tarmligean freagrachtaí atá le comhlíonadh sula ndéanfaidh a n-údaráis rialála náisiúnta comhaontuithe tarmligin agus féadfaidh siad raon feidhme an tarmligin a theorannú do na nithe is gá chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar rannpháirtithe margaidh nó ar ghrúpaí.

    Féadfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt d’údaráis rialála náisiúnta trí threoir neamhcheangailteach a eisiúint nó trí dhea-chleachtais a mhalartú maidir le cúraimí agus freagrachtaí a tharmligean idir údaráis rialála náisiúnta inniúla.

    2.   Is é a leanfaidh as tarmligean na gcúraimí agus na bhfreagrachtaí go n-ath-leithdháilfear na hinniúlachtaí a leagtar síos sa Rialachán seo. Is le dlí na mBallstát ina bhfuil an toscaire lonnaithe a rialófar an nós imeachta, an forfheidhmiú agus an t-athbhreithniú riaracháin agus breithiúnach a bhaineann leis na freagrachtaí tarmligthe.

    3.   Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta fógra don Ghníomhaireacht faoi aon chomhaontuithe maidir le tarmligean a bheartaíonn siad a dhéanamh. Déanfaidh siad na comhaontuithe sin mí amháin, ar a luaithe, tar éis dóibh an Ghníomhaireacht a chur ar an eolas.

    4.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht tuairim ar chomhaontú tarmligin atá beartaithe ar tugadh fógra ina leith de bhun mhír 3 a eisiúint laistigh d’aon mhí amháin ón bhfógra a fháil.

    5.   Chun a áirithiú go gcuirfear na páirtithe go léir lena mbaineann ar an eolas go hiomchuí, déanfaidh an Ghníomhaireacht aon chomhaontú tarmligin arna thabhairt i gcrích ag na húdaráis rialála náisiúnta a fhoilsiú trí mheán iomchuí.

    Airteagal 16b

    Treoirlínte agus moltaí

    1.   D’fhonn cleachtais mhaoirseachta atá comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a bhunú laistigh den Aontas, agus chun a áirithiú go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm ar bhealach coiteann, aonfhoirmeach agus comhsheasmhach, eiseoidh an Ghníomhaireacht treoirlínte agus moltaí a dhíreofar chuig na húdaráis rialála náisiúnta uile nó ar na rannpháirtithe margaidh uile agus eiseoidh sí moltaí chuig údarás rialála náisiúnta amháin nó níos mó nó chuig rannpháirtí margaidh amháin nó níos mó maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 3 go 5a, 8, 9 agus 9a agus Airteagal 10(1).

    2.   Rachaidh an Ghníomhaireacht, laistigh de thréimhse ama leormhaith agus réalaíoch, i mbun comhairliúcháin phoiblí iomchuí leis na rannpháirtithe margaidh ábhartha maidir leis na treoirlínte agus na moltaí a eisíonn sí agus déanfaidh sí anailís ar na costais agus na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le treoirlínte agus moltaí den sórt sin a eisiúint. Beidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin comhréireach maidir le raon feidhme, cineál agus tionchar na dtreoirlínte nó na moltaí.

    3.   Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus na rannpháirtithe margaidh aird chuí ar na treoirlínte agus na moltaí sin.

    4.   Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta an Ghníomhaireacht a chur ar an eolas ar bhonn tráthrialta faoi chur chun feidhme na dtreoirlínte nó na moltaí a dhírítear chucu.

    5.   Má cheanglaítear amhlaidh le treoirlíne nó le moladh, tabharfaidh na rannpháirtithe margaidh fógra don Ghníomhaireacht maidir le cur chun feidhme na treoirlíne sonraí nó an mholta shonraigh. Arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, tabharfaidh na rannpháirtithe margaidh le fios an bunús atá le fógra den sórt sin ar bhealach soiléir agus mionsonraithe.

    6.   Laistigh de 12 mhí tar éis treoirlínte nó moltaí a eisiúint de bhun mhír 1, féadfaidh an Ghníomhaireacht dul i mbun comhairliúcháin, lena n-áirítear le húdaráis rialála náisiúnta nó rannpháirtithe margaidh, chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht agus éifeachtacht na dtreoirlínte nó na moltaí sin.

    7.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (k), de Rialachán (AE) 2019/942 na treoirlínte agus na moltaí atá eisithe aici.’

    ;

    (21)

    in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘3.   Ní fhéadfar faisnéis rúnda a fhaigheann na daoine dá dtagraítear i mír 2, agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu, a nochtadh d’aon duine eile ná d’aon údarás eile, seachas i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán nach féidir rannpháirtí margaidh aonair a shainaithint inti, gan dochar do chásanna a chumhdaítear leis an dlí coiriúil, le forálacha eile an Rialacháin seo nó le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais.’

    ;

    (22)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 18 agus 19:

    ‘Airteagal 18

    Pionóis

    1.   Déanfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach, lena léirítear cineál, fad agus tromchúis an tsáraithe, an damáiste a rinneadh do thomhaltóirí agus na gnóthachain ionchasacha ó thrádáil ar bhonn faisnéis cos istigh agus ar bhonn cúbláil margaidh.

    Gan dochar d’aon phionós coiriúil agus gan dochar do chumhachtaí maoirseachta na n-údarás rialála náisiúnta faoi Airteagal 13, déanfaidh na Ballstáit foráil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis rialála náisiúnta fíneálacha riaracháin iomchuí agus bearta riaracháin eile a ghlacadh i ndáil leis na sáruithe ar an Rialachán seo dá dtagraítear in Airteagal 13(1).

    Tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht faoi na forálacha sin, agus tabharfaidh siad fógra dóibh gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear do na forálacha sin.

    2.   I gcás nach bhforáiltear i gcóras dlí an Bhallstáit d’fhíneálacha riaracháin, féadfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm sa chaoi is go ndéanfaidh an t-údarás inniúil an nós imeacht fíneála a thionscnamh agus go ndéanfaidh na cúirteanna náisiúnta inniúla an fhíneáil a fhorchur, agus é á áirithiú acu go mbeidh na leigheasanna dlí sin éifeachtach agus go mbeidh éifeacht choibhéiseach acu ar na fíneálacha riaracháin a fhorchuireann na húdaráis mhaoirseachta. Ar aon chaoi, beidh na fíneálacha a fhorchuirtear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit sin fógra don Choimisiún faoi fhorálacha a ndlíthe féin a ghlacann siad de bhun na mire seo faoin 8 Bealtaine 2026 ar a dhéanaí, agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus faoi réir an phrionsabail ne bis in idem, go mbeidh sé de chumhacht ag na húdaráis rialála náisiúnta na fíneálacha riaracháin seo a leanas ar a laghad agus bearta riaracháin eile a fhorchur maidir le sáruithe ar an Rialachán seo:

    (a)

    a cheangal go gcuirfí deireadh leis an sárú;

    (b)

    aisíoc na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar na sáruithe a ordú, a mhéid agus is féidir iad sin a chinneadh;

    (c)

    foláirimh phoiblí nó fógraí poiblí a eisiúint;

    (d)

    íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur;

    (e)

    fíneálacha riaracháin a fhorchur.

    4.   Maidir le daoine nádúrtha, is mar a leanas a bheidh na fíneálacha riaracháin uasta dá dtagraítear i mír 3, pointe (e):

    (a)

    ar a laghad EUR 5 000 000 i gcás sáruithe ar Airteagail 3 agus 5;

    (b)

    ar a laghad EUR 1 000 000 i gcás sáruithe ar Airteagail 4 agus 15;

    (c)

    ar a laghad EUR 500 000 i gcás sáruithe ar Airteagail 8 agus 9.

    D’ainneoin mhír 3, pointe (e), ní bheidh méid na fíneála níos mó ná 20 % d’ioncam bliantúil an duine nádúrtha lena mbaineann sa bhliain féilire roimhe sin. I gcás inar bhain an duine nádúrtha lena mbaineann tairbhe airgeadais as an sárú go díreach nó go hindíreach, beidh méid na fíneála riaracháin cothrom leis an tairbhe sin ar a laghad.

    5.   Maidir le daoine dlítheanacha, is mar a leanas a bheidh na fíneálacha riaracháin uasta dá dtagraítear i mír 3, pointe (e):

    (a)

    ar laghad 15 % den láimhdeachas bliantúil iomlán sa bhliain ghnó roimhe sin i gcás sáruithe ar Airteagail 3 agus 5;

    (b)

    ar a laghad 2 % den láimhdeachas bliantúil iomlán sa bhliain ghnó roimhe sin i gcás sáruithe ar Airteagail 4 agus 15;

    (c)

    ar a laghad 1 % den láimhdeachas bliantúil iomlán sa bhliain ghnó roimhe sin i gcás sáruithe ar Airteagail 8 agus 9.

    D’ainneoin mhír 3, pointe (e), ní rachaidh méid na fíneála riaracháin thar 20 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin. I gcás inar bhain an duine dlítheanach lena mbaineann tairbhe airgeadais as an sárú go díreach nó go hindíreach, beidh méid na fíneála riaracháin cothrom leis an tairbhe sin ar a laghad.

    6.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta bearta nó pionóis a fhorchuirtear mar gheall ar shárú ar an Rialachán seo a nochtadh don phobal, mura rud é go mbeadh an nochtadh sin ina chúis le damáiste míréireach do na páirtithe atá i gceist.

    7.   Áiritheoidh na Ballstáit, agus cinneadh á dhéanamh acu faoi chineál agus leibhéal na bhfíneálacha riaracháin agus na mbeart riaracháin eile, go gcuirfidh údaráis rialála náisiúnta gach cúinse ábhartha san áireamh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí:

    (a)

    tromchúis agus fad an tsáraithe;

    (b)

    leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

    (c)

    láidreacht airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, arna léiriú, mar shampla, le láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh nó le hioncam bliantúil an duine nádúrtha;

    (d)

    tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú nó tábhacht na gcaillteanas a sheachain an duine sin, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

    (e)

    leibhéal comhoibrithe an duine atá freagrach as an sárú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain an duine sin a áirithiú;

    (f)

    sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;

    (g)

    bearta a dhéanann an duine atá freagrach as an sárú chun a áirithiú nach dtarlóidh an sárú sin arís; agus

    (h)

    dúbailt imeachtaí coiriúla agus riaracháin agus fíneálacha i leith an tsáraithe chéanna i gcoinne an duine atá freagrach as an sárú.

    8.   I bhfeidhmiú a gcumhachtaí fíneálacha riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur faoi mhír 1, an dara fomhír, den Airteagal seo, oibreoidh na húdaráis rialála náisiúnta i ndlúthchomhar chun a áirithiú go mbeidh feidhmiú a gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin, agus na fíneálacha riaracháin a fhorchuireann siad agus na bearta riaracháin eile a dhéanann siad, éifeachtach agus iomchuí faoin Rialachán seo. Comhordóidh siad a ngníomhaíochtaí, i gcomhréir le hAirteagal 16(2), chun dúbailt agus forluí a sheachaint nuair a bhíonn a gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin á bhfeidhmiú acu agus nuair a bhíonn fíneálacha riaracháin á bhforchur acu i leith cásanna trasteorann.

    9.   Faoin 8 Bealtaine 2027 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéantar measúnú an ndéantar foráil maidir le pionóis as sáruithe ar an Rialachán seo agus an gcuirtear i bhfeidhm go comhsheasmhach iad ar fud na mBallstát.

    Airteagal 19

    Caidreamh idirnáisiúnta

    A mhéid is gá chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, agus gan dochar d’inniúlachtaí faoi seach na mBallstát agus institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, lena n-áirítear an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, féadfaidh an Ghníomhaireacht teagmhálacha a fhorbairt agus socruithe riaracháin a dhéanamh le húdaráis mhaoirseachta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus leis na córais riaracháin de chuid tríú tíortha, go háirithe iad sin a bhfuil tionchar acu ar mhargadh mórdhíola fuinnimh an Aontais, chun comhchuibhiú an chreata rialála a chur chun cinn. Leis na socruithe sin, ní chruthófar oibleagáidí dlíthiúla i dtaca leis an Aontas agus lena Bhallstáit, ná ní choiscfear ar na Ballstáit agus a gcuid údarás inniúil socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha a thabhairt i gcrích leis na húdaráis mhaoirseachta sin, leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin agus leis na córais riaracháin de chuid tríú tíortha. Féadfaidh baint a bheith ag na socruithe sin le gnéithe leasa choitinn, amhail modheolaíochtaí chun sonraí a bhailiú, anailís agus measúnú a dhéanamh ar shonraí nó ar fhaisnéis eile, agus réimsí eile saineolais.’

    ;

    (23)

    leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

    ‘2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointí (a) agus (b), a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 28 Nollaig 2011. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4a(8), Airteagal 6(1), pointe (c), agus Airteagal 9a(6) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 7 Bealtaine 2024.

    Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta.

    Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4a(8), Airteagal 6(1), agus Airteagal 9a(6) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.’

    ;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    ‘5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4a(8), Airteagal 6(1) nó Airteagal 9a(6) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’

    ;

    (24)

    cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 21a

    Tuairisciú agus athbhreithniú

    1.   Faoin 1 Meitheamh 2027, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe a mhéid a bhaineann lena thionchar ar iompraíocht an mhargaidh, ar rannpháirtithe margaidh, ar leachtacht, ar cheanglais tuairiscithe, lena n-áirítear ar shonraí margaidh GNL, agus ar leibhéal an ualaigh riaracháin ar rannpháirtithe margaidh, lena n-áirítear na bacainní ar iontráil a d’fhéadfadh a bheith ann do rannpháirtithe nua margaidh, mar aon le feidhmíocht na Gníomhaireachta i ndáil lena cuspóirí, a sainordú agus a cúraimí. Ar bhonn na measúnuithe sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í gan moill mhíchuí. Beidh tograí reachtacha ag gabháil leis na tuarascálacha sin, i gcás inarb iomchuí.

    2.   Faoin 1 Meitheamh 2025, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtacht na bpionós coiriúil arna dtabhairt isteach ag na Ballstáit i leith cásanna intinneacha agus tromchúiseacha de dhrochúsáid margaidh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh an Aontais agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Féadfar bearta iomchuí a mholadh sa tuarascáil, agus féadfar tíolacadh togra reachtaigh a áireamh ar na bearta sin.’.

    Airteagal 2

    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/942

    Leasaítear Rialachán (AE) 2019/942 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 6, scriostar mír 8.

    (2)

    leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    ‘(c)

    imscrúduithe a shaothrú agus a chomhordú de bhun Airteagal 13 go 13c agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.’;

    (b)

    cuirtear na pointí seo a leanas leis:

    ‘(d)

    ardáin faisnéise cos istigh agus sásraí tuairiscithe cláraithe a údarú, agus maoirseacht a dhéanamh orthu, de bhun Airteagail 4a agus 9a de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011;

    (e)

    an chumhacht a bheith aige íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 13g de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.’;

    (3)

    in Airteagal 32, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Beidh táillí dlite do ACER as faisnéis arna tuairisciú ag rannpháirtithe margaidh, nó ag daoine nó eintitis a thuairiscíonn thar a cheann, de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 a bhailiú, a láimhseáil, a phróiseáil agus a anailísiú agus as faisnéis cos istigh a nochtadh de bhun Airteagail 4 agus 4a den Rialachán sin. Íocfaidh sásraí tuairiscithe cláraithe agus ardáin faisnéise cos istigh na táillí. Féadfaidh ioncaim ó na táillí sin costais ACER a chumhdach freisin as na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin a fheidhmiú de bhun Airteagail 13 go 13c agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.’.

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    2.   De mhaolú ar mhír 1, beidh feidhm ag na dátaí cur i bhfeidhm seo a leanas:

    (a)

    beidh feidhm ag Airteagal 1, pointí (6) agus (13), maidir le hAirteagal 4a(1) go (7) agus Airteagal 9a(1) go (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, ón dáta a thiocfaidh na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na bpointí sin i bhfeidhm;

    (b)

    beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (10), maidir le hAirteagail 7a go 7e de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, ón 1 Eanáir 2025;

    (c)

    beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (18), a mhéid a bhaineann le hAirteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, ón 8 Samhain 2024.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Aibreán 2024.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    H. LAHBIB


    (1)   IO C 293, 18.8.2023, lch. 138.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Feabhra 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Márta 2024.

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 326, 8.12.2011, lch. 1).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid margaidh (an rialachán maidir le drochúsáid margaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

    (6)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

    (7)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

    (8)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (9)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 maidir le sonraí a thuairisciú i dtaca le cur chun feidhme Airteagal 8(2) agus Airteagal 8(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 363, 18.12.2014, lch. 121).

    (11)  Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 158, 14.6.2019, lch. 22).

    (12)  Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2015 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú (IO L 197, 25.7.2015, lch. 24).

    (13)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

    (14)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

    (15)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1106/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top