This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1053
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/1053 of 2 April 2024 entering a name in the register of protected designations of origin and protected geographical indications (Wędzone jabłko sechlońskie (PGI))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1053 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2024 lena gcláraítear ainm i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint (Wędzone jabłko sechlońskie (TGFC))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1053 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2024 lena gcláraítear ainm i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint (Wędzone jabłko sechlońskie (TGFC))
C/2024/2267
IO L, 2024/1053, 9.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1053/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1053 |
9.4.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1053 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Aibreán 2024
lena gcláraítear ainm i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint (‘Wędzone jabłko sechlońskie’ (TGFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Pholainn ar chlárú an ainm ‘Wędzone jabłko sechlońskie’ a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
(2) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra i gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm ‘Wędzone jabłko sechlońskie’ a chlárú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá an t-ainm ‘Wędzone jabłko sechlońskie’ (TGFC) cláraithe leis seo i gclár na n-ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografacha faoi chosaint.
Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír, sainítear táirge d’Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte a liostaítear in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Aibreán 2024.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1151/oj.
(2) IO C, C/2023/1382, 11.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1382/oj.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/668/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1053/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)