This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R0783
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/783 of 27 February 2024 entering a name in the register of protected designations of origin and protected geographical indications (Gotlandslins (PDO))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/783 ón gCoimisiún an 27 Feabhra 2024 lena gcláraítear ainm sa chlár um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Gotlandslins (ATFC))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/783 ón gCoimisiún an 27 Feabhra 2024 lena gcláraítear ainm sa chlár um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Gotlandslins (ATFC))
C/2024/1392
IO L, 2024/783, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/783/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/783 |
5.3.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/783 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Feabhra 2024
lena gcláraítear ainm sa chlár um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (‘Gotlandslins’ (ATFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an tSualainn ar chlárú an ainm ‘Gotlandslins’ a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
|
(2) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm ‘Gotlandslins’ a chlárú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá an t-ainm ‘Gotlandslins’ (ATFC) cláraithe anois.
Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír, sainítear táirge de chuid Aicme 1.6. — Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte, faoi mar a liostaítear in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Feabhra 2024.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1151/oj.
(2) IO C, 2023/795, 8.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/795/oj.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/668/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/783/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)