Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0204

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/204 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le forálacha sonracha maidir le tuairisciú neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED)

C/2023/8458

IO L, 2024/204, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/204/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/204/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/204

29.2.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/204 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Nollaig 2023

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le forálacha sonracha maidir le tuairisciú neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 23(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm don Rialachán seo an fhoráil a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointe (e) agus sa dara fomhír d’Airteagal 23(1) de Rialachán (AE) 2021/691 a fhorlíonadh, ar foráil í a bhaineann leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit neamhrialtachtaí a bhaineann le CED a thuairisciú don Choimisiún. Chun é a chur ar a chumas don Choimisiún a fhreagrachtaí a chomhlíonadh maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, go háirithe anailís riosca a dhéanamh, córais a fhorbairt chun rioscaí a shainaithint ar bhealach níos éifeachtaí agus tuarascálacha a tháirgeadh chun críoch cúraimí den sórt sin, is gá na critéir a leagan amach chun na cásanna de neamhrialtachtaí nach mór do na Ballstáit a thuairisciú don Choimisiún a chinneadh agus chun na sonraí atá le soláthar a shonrú.

(2)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar an mbealach céanna, gan beann ar na cistí atá i gceist agus ar na cuspóirí dár bunaíodh na cistí sin. Chuige sin, le hAirteagal 23(6) de Rialachán (AE) 2021/691 cumhachtaítear an Coimisiún rialacha a ghlacadh chun forlíonadh a dhéanamh ar na forálacha maidir leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit neamhrialtachtaí a bhaineann le maoiniú CED a thuairisciú. Ba cheart do na rialacha sin a bheith coibhéiseach leis na rialacha mionsonraithe maidir le tuairisciú neamhrialtachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn XII, Roinn 1, a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/205 ón gCoimisiún (3).

(3)

Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na gceanglas tuairiscithe a chumasú ar fud na mBallstát, is gá an téarma ‘calaois amhrasta’ a shainiú, agus an sainmhíniú ar chalaois agus cionta coiriúla eile in Airteagal 3(2), pointí (a) agus (b), agus in Airteagal 4(1), (2) agus (3) de Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) á chur san áireamh, agus i gcás na mBallstát nach bhfuil faoi cheangal ag an Treoir sin, in Airteagal 1(1), pointe (a), den Choinbhinsiún arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (5).

(4)

Ar an gcaoi chéanna, ba cheart an téarma ‘cinneadh príomha riaracháin nó breithiúnach’ a shainiú chun a áirithiú go gcuirfear na hoibleagáidí tuairiscithe chun feidhme go héifeachtach agus go comhsheasmhach.

(5)

Is gá a shoiléiriú maidir leis an abairt ‘oibreoir eacnamaíoch’ chun nóisean na ‘neamhrialtachta’ a chur i bhfeidhm de réir bhrí Airteagal 3(4) de Rialachán (AE) 2021/691, gur cheart go gciallódh sí aon duine nádúrtha nó dlítheanach, nó aon eintiteas eile a ghlacann páirt i gcur chun feidhme cúnaimh ón gCiste, cé is moite de Bhallstát a fheidhmíonn a shainchumais mar údarás poiblí de réir bhrí Airteagal 2, pointe (30), de Rialachán (AE) 2021/1060.

(6)

Sonraítear i Rialachán (AE) 2021/1060 an tairseach tuairiscithe nach gá neamhrialtachtaí a thuairisciú don Choimisiún faoina bun, agus cásanna nach bhfuil gá le tuairisciú ina leith. Chun cothromaíocht a bhaint amach idir an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit agus an leas coiteann maidir le sonraí cruinne a sholáthar le haghaidh anailíse i gcomhrac an Aontais in aghaidh na calaoise, is iomchuí na tairseacha tuairiscithe agus na maoluithe maidir le tuairisciú ar neamhrialtachtaí faoin Rialachán Tarmligthe seo a ailíniú leis na tairseacha agus leis na maoluithe faoi Rialachán (AE) 2021/1060.

(7)

Chun comhsheasmhacht an tuairiscithe a áirithiú is gá critéir a leagan síos chun a chinneadh cad iad na cásanna neamhrialtachta atá le tuairisciú ar dtús agus cad iad na sonraí atá le cur ar fáil i dtuarascálacha tosaigh den sórt sin.

(8)

Chun a áirithiú go bhfuil na sonraí a chuirtear ar fáil don Choimisiún cruinn, tá gá le tuairisciú leantach. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, faisnéis cothrom le dáta a sholáthar don Choimisiún maidir le haon dul chun cinn mór sna nósanna imeachta nó sna himeachtaí riaracháin agus dlíthiúla a bhaineann le gach tuarascáil tosaigh.

(9)

I gcás inar gá sonraí pearsanta a phróiseáil, chun críoch an Rialacháin seo, is i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta ba cheart é sin a dhéanamh. I bhfianaise Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit, i ndáil leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil de bhun an Rialacháin seo, cosc a chur ar aon nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta nó ar aon rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin. Thairis sin, ba cheart na críocha a shonrú leis an Rialachán sin a bhféadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit na sonraí sin a phróiseáil lena n-aghaidh. Aon úsáid bhreise a bhaintear as sin, tá sé gan dochar d’Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2016/679.

(10)

Ba cheart na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit neamhrialtachtaí a thuairisciú don Choimisiún tríd an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachta (CBNR) faoi Rialachán (AE) 2021/691 a chur i bhfeidhm gan dochar dá n-oibleagáidí de bhun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (9).

(11)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir leis an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725.

(12)

Ós rud é go bhféadfadh neamhrialtachtaí intuairiscithe a bheith ann cheana féin agus go bhfuil sé chun leasa an Aontais aghaidh a thabhairt ar neamhrialtachtaí den sórt sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo a luaithe is féidir. Dá bhrí sin, ba cheart dó teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Sa Rialachán seo, leagtar amach na critéir chun na cásanna neamhrialtachta atá le tuairisciú ag na Ballstáit agus na sonraí atá le cur ar fáil sa chomhthéacs sin a chinneadh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/691. Ina theannta sin, chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘calaois amhrasta’ neamhrialtacht is cúis le himeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a thionscnamh ar an leibhéal náisiúnta chun a shuí go bhfuil iompraíocht d’aon ghnó ann, go háirithe calaois nó cionta coiriúla eile, dá dtagraítear, faoi seach, in Airteagal 3(2), pointí (a) agus (b), agus in Airteagal 4(1), (2) agus (3), de Threoir (AE) 2017/1371 agus, i gcás na mBallstát nach bhfuil faoi cheangal ag an Treoir sin, in Airteagal 1(1), pointe (a), den Choinbhinsiún arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint;

(b)

ciallaíonn ‘cinneadh príomha riaracháin nó breithiúnach’ céad mheasúnú i scríbhinn ag údarás inniúil, bíodh sé ina údarás riaracháin nó breithiúnach, a chinn, ar bhonn fíricí sonracha, go mb’fhéidir go ndearnadh neamhrialtacht, gan beann ar an bhféidearthacht go gcaithfí an cinneadh sin a athbhreithniú nó a tharraingt siar ina dhiaidh sin mar thoradh ar fhorbairtí le linn an nós imeachta riaracháin nó bhreithiúnaigh.

Airteagal 3

Tuairisciú

1.   Déanfaidh na Ballstáit neamhrialtachtaí arbh ábhar do chinneadh príomha riaracháin nó breithiúnach a thuairisciú don Choimisiún.

2.   De mhaolú ar mhír 1, ní thuairisceoidh na Ballstáit na nithe seo a leanas don Choimisiún:

(a)

neamhrialtachtaí lena ngabhann ranníocaíocht faoi bhun EUR 10 000 ón gCiste; ní bheidh feidhm ag an maolú seo maidir le neamhrialtachtaí atá idirnasctha agus lena ngabhann ranníocaíocht iomlán os cionn EUR 10 000 ón gCiste, fiú nuair nach dtéann aon neamhrialtacht aonair thar an uasteorainn sin aisti féin;

(b)

cásanna nach mbeidh sa neamhrialtacht ach mainneachtain beart a chur i gcrích, go hiomlán nó go páirteach, ar beart é a dtacaíonn CED leis de bharr fhéimheacht neamhchalaoiseach an oibreora eacnamaíoch a bhfuil baint aige le cur chun feidhme CED;

(c)

cásanna ina ndéanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch a bhfuil baint aige le cur chun feidhme CED aird an údaráis bainistíochta nó údaráis inniúil eile a tharraingt orthu go deonach agus sula mbraithfidh ceachtar de na húdaráis iad, bíodh sin roimh an ranníocaíocht phoiblí a íoc nó ina dhiaidh sin;

(d)

cásanna a bhraitheann agus a cheartaíonn an t-údarás bainistíochta nó údarás inniúil eile, sula gcuirtear san áireamh iad sa ráiteas ar chaiteachas arna chur faoi bhráid an Choimisiúin in éineacht leis an tuarascáil dheireanach maidir le cur chun feidhme na ranníocaíochta airgeadais.

Ní bheidh feidhm ag na maoluithe i bpointí (c) agus (d) den fhomhír roimhe seo maidir leis na cásanna neamhrialtachta dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (a).

3.   Sa tuarascáil tosaigh maidir leis na neamhrialtachtaí, soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

aitheantóirí an cháis CED (uimhir an chomhchóid céannachta (CCI) agus teideal an cháis), an beart agus an oibríocht lena mbaineann;

(b)

céannacht na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha lena mbaineann, nó iad araon, nó aon eintitis eile a bhfuil ról aige maidir leis an neamhrialtacht a dhéanamh agus a ról, seachas i gcás nach mbaineann an fhaisnéis sin le hábhar chun neamhrialtachtaí a chomhrac, i bhfianaise chineál na neamhrialtachta lena mbaineann;

(c)

uimhir aitheantais náisiúnta na ndaoine lena mbaineann;

(d)

uimhir CBL na ndaoine lena mbaineann;

(e)

an réigiún nó an limistéar ina ndearnadh an oibríocht, arna shainaithint agus úsáid á baint as faisnéis iomchuí amhail an leibhéal NUTS (aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh);

(f)

an fhoráil nó na forálacha, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, a sáraíodh;

(g)

dáta agus foinse na chéad faisnéise as a n-eascraíonn an t-amhras go ndearnadh neamhrialtacht;

(h)

na cleachtais (modi operandi) a úsáidtear chun an neamhrialtacht a dhéanamh;

(i)

i gcás inarb iomchuí, cé acu atá nó nach bhfuil calaois amhrasta ann mar thoradh ar an gcleachtas;

(j)

an bealach ar aimsíodh an neamhrialtacht;

(k)

cás-uimhir OLAF (an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise), i gcás inarb infheidhme;

(l)

i gcás inarb iomchuí, na Ballstáit lena mbaineann;

(m)

an tréimhse a ndearnadh an neamhrialtacht lena linn, nó an dáta a rinneadh an neamhrialtacht;

(n)

an dáta ar ar suíodh an cinneadh príomha riaracháin nó breithiúnach maidir leis an neamhrialtacht;

(o)

méid iomlán an chaiteachais, arna shloinneadh i dtéarmaí ranníocaíocht an Aontais agus an chómhaoinithe náisiúnta, lena n-áirítear ranníocaíochtaí príobháideacha, más ann dóibh;

(p)

an méid a ndéanann an neamhrialtacht difear dó arna shloinneadh i dtéarmaí ranníocaíocht an Aontais agus an chómhaoinithe náisiúnta, lena n-áirítear ranníocaíochtaí príobháideacha, más ann dóibh;

(q)

i gcásanna calaoise amhrasta, agus i gcás nár íocadh ranníocaíocht phoiblí leis an oibreoir eacnamaíoch a bhfuil baint aige le cur chun feidhme CED, an méid a d’íocfaí go míchuí mura sainaithníodh an neamhrialtacht, arna shloinneadh i dtéarmaí ranníocaíocht an Aontais agus an chómhaoinithe náisiúnta, lena n-áirítear ranníocaíochtaí príobháideacha, más ann dóibh;

(r)

cineál an chaiteachais neamhrialta.

4.   I gcás ina ndéantar foráil i bhforálacha náisiúnta maidir le rúndacht na n-imscrúduithe, beidh tuairisciú na faisnéise faoi réir údarú an bhinse, na cúirte nó an chomhlachta inniúil eile i gcomhréir le rialacha náisiúnta.

5.   I gcás, maidir le cuid den fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3, go háirithe faisnéis a bhaineann leis na cleachtais arna n-úsáid chun an neamhrialtacht a dhéanamh agus an bealach ina bhfuarthas amach faoin neamhrialtacht, nach bhfuil sí ar fáil nó i gcás inar gá í a cheartú nó a chomhlánú, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis a bhí ar iarraidh nó an fhaisnéis cheart ar fáil don Choimisiún i dtuarascálacha leantacha maidir le neamhrialtachtaí.

6.   Coimeádfaidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi thionscnamh, cur i gcrích nó tréigean aon nós imeachta nó imeachta chun bearta riaracháin, pionóis riaracháin nó pionóis choiriúla a fhorchur, maidir leis na neamhrialtachtaí a thuairiscítear, agus maidir le toradh na nósanna imeachta nó na n-imeachtaí sin. Maidir le neamhrialtachtaí ar forchuireadh pionóis ina leith, tabharfaidh na Ballstáit na nithe seo a leanas le fios freisin:

(a)

cé acu de chineál riaracháin nó coiriúil atá na pionóis, agus mionsonraí na bpionós;

(b)

cé acu a eascraíonn na pionóis as sárú ar dhlí an Aontais nó as sárú ar an dlí náisiúnta;

(c)

cé acu a suíodh nó nár suíodh calaois a bheith ann.

7.   Ar iarraidh i scríbhinn ón gCoimisiún, soláthróidh na Ballstáit faisnéis i ndáil le neamhrialtacht shonrach nó grúpa neamhrialtachtaí.

Airteagal 4

Úsáid agus próiseáil faisnéise tuairiscithe

1.   Féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Rialachán seo a úsáid chun anailís riosca a dhéanamh, trí úsáid a bhaint as tacaíocht teicneolaíochta faisnéise, agus féadfaidh sé, ar bhonn na faisnéise a fhaightear, tuarascálacha a tháirgeadh agus córais a fhorbairt chun rioscaí a shainaithint ar bhealach níos éifeachtaí.

2.   Beidh faisnéis arna soláthar faoin Rialachán seo faoi réir rúndacht ghairmiúil agus cosnófar í ar an mbealach céanna a chosnófaí í le reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit a chuir ar fáil í agus leis na forálacha ábhartha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais. Glacfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún gach réamhchúram is gá chun a áirithiú go bhfanfaidh an fhaisnéis faoi rún.

3.   Ní nochtfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, go háirithe, do dhaoine seachas na daoine sin sna Ballstáit nó in institiúidí, gníomhaireachtaí, oifigí agus comhlachtaí de chuid an Aontais nach mór dóibh rochtain a bheith acu uirthi mar gheall ar na dualgais atá orthu, ach amháin má tá a thoiliú sainráite tugtha ag an mBallstát a chuir ar fáil í.

4.   Ní úsáidfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 chun aon chríoch eile seachas chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ach amháin má tá a thoiliú sainráite tugtha ag an mBallstát a chuir ar fáil í.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.

(2)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/205 an 18 Nollaig 2023 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le forálacha sonracha maidir le tuairisciú neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/1971 ón gCoimisiún (IO L, 2024/205, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/205/oj).

(4)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(5)   IO C 316, 27.11.1995, lch. 49.

(6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(8)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’), (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/204/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top