EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024O1210
Guideline (EU) 2024/1210 of the European Central Bank of 16 April 2024 amending Guideline (EU) 2019/671 on domestic asset and liability management operations by the national central banks (ECB/2019/7) (ECB/2024/12)
Treoirlíne (AE) 2024/1210 ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2019/671 maidir le hoibríochtaí bainistíochta sócmhainní agus dliteanais intíre ag na bainc cheannais náisiúnta (BCE/2019/7) (BCE/2024/12)
Treoirlíne (AE) 2024/1210 ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2019/671 maidir le hoibríochtaí bainistíochta sócmhainní agus dliteanais intíre ag na bainc cheannais náisiúnta (BCE/2019/7) (BCE/2024/12)
ECB/2024/12
IO L, 2024/1210, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2024/1210/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1210 |
3.5.2024 |
TREOIRLÍNE (AE) 2024/1210 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 16 Aibreán 2024
lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2019/671 maidir le hoibríochtaí bainistíochta sócmhainní agus dliteanais intíre ag na bainc cheannais náisiúnta (BCE/2019/7) (BCE/2024/12)
Tá Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc d’Airteagal 127(2) de,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagail 12.1 agus 14.3 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rinne an Chomhairle Rialaithe athbhreithniú ar an luach saothair a chuirtear i bhfeidhm ar na taiscí i mbainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu (‘BCNanna anseo feasta’) agus ar an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) nach mbaineann le cur chun feidhme an bheartais airgeadaíochta (‘taiscí beartais neamhairgeadaíochta’). Ba é aidhm an athbhreithnithe cur isteach a d’fhéadfadh a bheith á dhéanamh ar thaiscí den sórt sin leis an mbeartas airgeadaíochta aonair a sheachaint, agus comhlíonadh phrionsabal an gheilleagair margaidh oscailte agus comhsheasmhacht i láimhseáil taiscí comhchosúla laistigh den Eurochóras á áirithiú ag an am céanna. |
(2) |
Tar éis an athbhreithnithe, chinn an Chomhairle Rialaithe go bhfuil gá le trédhearcacht níos fearr maidir le luach saothair taiscí neamhairgeadaíochta. Leagtar amach na rátaí luacha saothair is infheidhme maidir leis na taiscí sin i roinnt gníomhartha dlíthiúla éagsúla. Chun trédhearcacht a fheabhsú, chomh maith le comhsheasmhacht ar fud na ngníomhartha dlíthiúla gaolmhara, is iomchuí rátaí luacha saothair a leagan amach ar bhealach cuimsitheach in aon ghníomh dlí amháin chun cumarsáid na rátaí luacha saothair a éascú agus chun gur féidir na rátaí sin a choigeartú amach anseo. |
(3) |
Dá réir sin, ba cheart tagairtí do na forálacha ábhartha den ghníomh dlí aonair lena leagtar amach an luach saothair is infheidhme maidir le taiscí beartais neamhairgeadaíochta a chur in ionad na rialacha maidir le luach saothair a leagtar amach i dTreoirlíne (AE) 2019/671 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2019/7) (1), Cinneadh (AE)2024/1209 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2024/11) (2). |
(4) |
Ina theannta sin, tá sainmhínithe áirithe atá i dTreoirlíne (AE) 2019/671 (BCE/2019/7) iomarcach anois agus ba cheart iad a scriosadh. |
(5) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá dáta chur i bhfeidhm an Treoirlíne seo a ailíniú le dáta chur i bhfeidhm Chinneadh (AE) 2024/1209 (BCE/2024/11). Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Nollaig 2024. |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoirlíne (AE) 2019/671 (BCE/2019/7) a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIRLÍNE SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear Treoirlíne (AE) 2019/671 (BCE/2019/7) mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: ‘Airteagal 4 Teorainneacha ar thaiscí nach mbaineann leis an mbeartas airgeadaíochta a íoc Beidh luach saothair taiscí rialtais, lena n-áirítear taiscí rialtais a bhaineann le clár coigeartaithe, chomh maith le taiscí beartais neamhairgeadaíochta eile a thagann faoi raon feidhme na Treoirlíne seo faoi réir na rialacha sonracha a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE) 2024/1209 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2024/11) (*1). (*1) Cinneadh (AE) 2024/1209 ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Aibreán 2024 maidir le híocaíocht taiscí beartais neamhairgeadaíochta a shealbhaítear i mbainc cheannais náisiúnta agus sa Bhanc Ceannais Eorpach (BCE/2024/11) (IO L, 2024/1209, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1209/oj).’." |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme
1. Tiocfaidh an Treoirlíne seo i bhfeidhm an lá a thabharfar fógra do na BCNanna.
2. Comhlíonfaidh na BCNanna an Treoirlíne seo ón 1 Nollaig 2024.
Airteagal 3
Seolaithe
Dírítear an Treoirlíne seo chuig na BCNanna.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 16 Aibreán 2024.
Do Chomhairle Rialaithe an BCE
Uachtarán an BCE
Christine LAGARDE
(1) Treoirlíne (AE) 2019/671 ón mBanc Ceannais Eorpach an 9 Aibreán 2019 maidir le hoibríochtaí bainistíochta sócmhainní agus dliteanas intíre ag na bainc cheannais náisiúnta (BCE/2019/7) (IO L 113, 29.4.2019, lch. 11).
(2) Cinneadh (AE) 2024/1209 ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Aibreán 2024 maidir le híocaíocht taiscí beartais neamhairgeadaíochta a shealbhaítear i mbainc cheannais náisiúnta agus sa Bhanc Ceannais Eorpach (BCE/2024/11) (IO L, 2024/1209, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1209/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2024/1210/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)