This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024L3237
Directive (EU) 2024/3237 of the European Parliament and of the Council of 19 December 2024 amending Directive (EU) 2015/413 facilitating cross-border exchange of information on road-safety-related traffic offences (Text with EEA relevance)
Treoir (AE) 2024/3237 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/413 lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Treoir (AE) 2024/3237 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/413 lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
PE/77/2024/REV/1
IO L, 2024/3237, 30.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/3237/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3237 |
30.12.2024 |
TREOIR (AE) 2024/3237 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Nollaig 2024
lena leasaítear Treoir (AE) 2015/413 lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1), pointe (c), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir (AE) 2015/413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre agus ar an gcaoi sin laghdaítear saoirse ó phionós ciontóirí neamhchónaitheacha. Cuireann imscrúdú éifeachtach trasteorann cionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre agus forfheidhmiú smachtbhannaí feabhas ar shábháilteacht ar bhóithre toisc go spreagann sé tiománaithe neamhchónaitheacha níos lú cionta a dhéanamh agus tiomáint ar bhealach níos sábháilte. |
|
(2) |
Ach eolas a bheith ag saoránaigh an Aontais a mhéid a bhaineann leis na rialacha tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre atá i bhfeidhm, na smachtbhannaí is infheidhme sna Ballstáit éagsúla agus an dóchúlacht ard smachtbhanna dosheachanta a fháil, cuirfear sábháilteacht ar bhóithre chun cinn agus laghdófar líon na gcionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre agus na nguaiseacha tráchta ar bhóithre. |
|
(3) |
Is léir ó thaithí na n-údarás forfheidhmiúcháin a bhfuil baint acu le himscrúdú a dhéanamh ar chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre go dteipeann ar fhoclaíocht reatha Threoir (AE) 2015/413 imscrúdú éifeachtach a éascú ar chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre arna ndéanamh ag tiománaithe neamhchónaitheacha agus go dteipeann uirthi maidir le forfheidhmiú pionós airgeadais a mhéid is inmhianaithe. Dá dheasca sin, bíonn tiománaithe neamhchónaitheacha saor ó phionós a bheag nó a mhór agus bíonn tionchar diúltach aige ar shábháilteacht ar bhóithre san Aontas. Ina theannta sin, ní urramaítear i gcónaí cearta bunúsacha agus cearta nós imeachta tiománaithe neamhchónaitheacha i gcomhthéacs imscrúduithe trasteorann, go háirithe mar gheall ar easpa trédhearcachta i socrú mhéid na bpionós airgeadais agus sna nósanna imeachta achomhairc. Dá bhrí sin, is é is aidhm don Treoir seo feabhas a chur ar éifeachtacht an imscrúdaithe ar chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre arna ndéanamh le feithiclí atá cláraithe i mBallstát seachas an Ballstát ina ndearnadh an cion (‘Ballstát an chiona’). Leis sin, chabhrófaí le sprioc an Aontais líon na marbh ó gach modh iompair a laghdú trí é a ísliú go gar do nialas faoi 2050 agus dhéanfaí cearta bunúsacha agus cearta nós imeachta tiománaithe neamhchónaitheacha a threisiú. |
|
(4) |
I gCreat Beartais an Aontais um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021-2030 – na chéad chéimeanna eile i dtreo ‘Fís Nialais’ an 19 Meitheamh 2019, d’athdhearbhaigh an Coimisiún go bhfuil sé tiomanta don sprioc uaillmhianach básanna agus gortuithe tromchúiseacha ar bhóithre an Aontais a laghdú go gar do nialas faoi 2050 (‘Fís Nialais’), agus don sprioc mheántéarmach líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha a laghdú 50 % faoi 2030, sprioc a socraíodh ar dtús i nDearbhú Vaileite maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre a ghlac Airí Iompair Bhallstáit an Aontais an 29 Márta 2017. Chun na spriocanna sin a bhaint amach, d’fhógair an Coimisiún, sa Teachtaireacht uaidh an 9 Nollaig 2020, dar teideal Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future [Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a sheoladh ar bhealach a leasa don todhchaí], go raibh rún aige athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir (AE) 2015/413. |
|
(5) |
Ba cheart raon feidhme Threoir (AE) 2015/413 a leathnú chun cionta tráchta eile a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a chuimsiú chun cóir chomhionann do thiománaithe a áirithiú. I bhfianaise an bhunúis dlí ar ar glacadh Treoir (AE) 2015/413, eadhon Airteagal 91(1), pointe (c), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), leis na cionta breise atá le cur leis an Treoir sin, ba cheart nasc díreach a léiriú leis an tsábháilteacht ar bhóithre trí aghaidh a thabhairt ar iompraíocht chontúirteach agus mheargánta a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo d’úsáideoirí bóithre. Le leathnú raon feidhme Threoir (AE) 2015/413, ba cheart a an dul chun cinn teicniúil maidir le brath uathoibríoch cionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a léiriú freisin. |
|
(6) |
Déantar cionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a aicmiú mar chionta riaracháin nó cionta coiriúla faoin dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, ag brath ar na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme, d’fhéadfadh imeachtaí arna dtionscnamh ag údaráis riaracháin nó bhreithiúnacha os comhair cúirteanna a bhfuil dlínse acu in ábhair riaracháin nó choiriúla a bheith mar thoradh ar chionta den sórt sin. I bhformhór na gcásanna, déanann na Ballstáit cionta tráchta den sórt sin a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a shaothrú le linn ollphróiseála, ach, i gcásanna ina gceanglaítear faoi dhlí Bhallstát an chiona go ndéanfar an tiománaí a shainaithint go beacht mar réamhchoinníoll chun an smachtbhanna ábhartha a fhorchur, ní féidir Ordú Imscrúdaithe Eorpach a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus/ná a eisiúint. I bhformhór na gcásanna, ní chomhlíontar na coinníollacha chun Ordú Imscrúdaithe Eorpach a eisiúint mar a leagtar amach in Airteagal 6 de Threoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle iad (4), agus dá bhrí sin ní féidir an Treoir sin a chur i bhfeidhm, go háirithe i gcásanna ina ndéantar na cionta a rangú mar chionta riaracháin. Sa chomhthéacs sin, ionas go mbeidh údaráis náisiúnta Bhallstát an chiona in ann ciontóirí a shainaithint leis an leibhéal cinnteachta a cheanglaítear faoina ndlí náisiúnta, ba cheart nós imeachta éifeachtach a bheith ar fáil dóibh chun cúnamh frithpháirteach a iarraidh ar údaráis náisiúnta ábhartha an Bhallstáit ina bhfuil an fheithicil lena ndearnadh an cion cláraithe (‘Ballstát an chlárúcháin’) nó ar Bhallstát cónaithe an duine lena mbaineann. Ba cheart an nós imeachta sin a bheith bunaithe ar bhearta dea-shainithe nach ndéanann difear tromchúiseach do chearta na ndaoine lena mbaineann. Mar sin féin, ba cheart an méid sin a bheith gan dochar do chásanna ina meastar, i gcásanna aonair, go bhfuil na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2014/41/AE á gcomhlíonadh, agus sa chás sin ba cheart do na Ballstáit sin atá faoi cheangal ag an Treoir sin na nósanna imeachta a leagtar síos sa Treoir sin a chur i bhfeidhm. Ba cheart a mheabhrú go ndéantar comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, atá bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ar bhreithiúnais agus ar chinntí breithiúnacha, a rialáil le creat dlíthiúil sonrach de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, is gá nach mbainfidh cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2015/413 arna leasú leis an Treoir seo an bonn de chearta agus d’oibleagáidí na mBallstát a eascraíonn as dlí infheidhme eile de chuid an Aontais in ábhair choiriúla, agus go háirithe na cearta agus na hoibleagáidí sin a leagtar síos i gCinneadh Réime 2005/214/CGB ón gComhairle (5), a mhéid a bhaineann le haitheantas frithpháirteach pionós airgeadais, agus i dTreoir 2014/41/AE a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta i ndáil le bailiú faisnéise, agus in Airteagal 5 den Choinbhinsiún arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (6) a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta maidir le doiciméid nós imeachta a sheoladh agus a sheirbheáil. Ina theannta sin, na himeachtaí coiriúla lena n-éilítear ráthaíochtaí sonracha do na daoine lena mbaineann, na coimircí nós imeachta do na daoine faoi dhrochamhras agus do na daoine cúisithe, a chumhdaítear i dTreoracha 2010/64/AE (7), 2012/13/AE (8), 2013/48/AE (9), (AE) 2016/343 (10), (AE) 2016/800 (11) agus (AE) 2016/1919 (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, níor cheart tionchar a bheith ag cur chun feidhme Threoir (AE) 2015/413 orthu. |
|
(7) |
Ba cheart freagrachtaí agus inniúlachtaí na bpointí teagmhála náisiúnta a shainiú chun a áirithiú go gcomhoibreoidh siad go rianúil leis na húdaráis inniúla eile ar fad a bhfuil baint acu le himscrúdú na gcionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre agus a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2015/413 arna leasú leis an Treoir seo. Ba cheart pointí teagmhála náisiúnta a bheith ar fáil i gcónaí d’údaráis inniúla den sórt sin agus a n-iarrataí a fhreagairt gan moill mhíchuí. Ba cheart an cás a bheith amhlaidh gan beann ar chineál an chiona nó ar stádas dlíthiúil an údaráis inniúil, agus go háirithe gan beann ar inniúlacht náisiúnta nó fhonáisiúnta nó áitiúil a bheith ag an údarás inniúil. |
|
(8) |
Is léir go bhfuil bunghnéithe an chórais malartaithe trasteorann faisnéise a bunaíodh le Treoir (AE) 2015/413 éifeachtach. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh feabhsuithe agus coigeartuithe chun saincheisteanna a eascraíonn as easpa sonraí, sonraí earráideacha nó sonraí míchruinne a leigheas. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáidí breise a fhorchur ar na Ballstáit maidir leis an ngá atá le sonraí áirithe sna bunachair sonraí ábhartha a choinneáil ar fáil agus cothrom le dáta chun éifeachtacht an mhalartaithe faisnéise a mhéadú. |
|
(9) |
Tá roinnt Ballstát anois ag tabhairt aghaidh ar fheiniméan ina bhfuil cionta tromchúiseacha tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre á ndéanamh i gcarranna a thógtar ar cíos i mBallstáit eile. Ní ghearrtar pionós ar thiománaithe carranna den sórt sin a thógtar ar cíos agus a dhéanann cion tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre toisc gur féidir leo sochar a bhaint as na difríochtaí i rialacha éagsúla na mBallstát, agus as na heasnaimh atá ann a mhéid a bhaineann le malartú faisnéise agus cúnamh frithpháirteach. |
|
(10) |
Ba cheart cead a bheith ag pointe teagmhála náisiúnta Bhallstát an chiona cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh i gcláir feithiclí chun sonraí a aisghabháil maidir le húsáideoirí deiridh feithiclí i gcás ina bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil cheana féin. Ina theannta sin, ba cheart tréimhse coinneála sonraí a bhunú a mhéid a bhaineann le céannacht shealbhóirí, úinéirí agus úsáideoirí deiridh na bhfeithiclí a bhí ann roimhe sin chun an fhaisnéis iomchuí atá de dhíth orthu don imscrúdú a sholáthar do na húdaráis. |
|
(11) |
D’fhéadfadh sé nach mbeadh an duine lena mbaineann eolach ar chóras dlí Bhallstát an chiona ná nach labhródh an duine sin a theanga oifigiúil ná a theangacha oifigiúla, agus dá bhrí sin, ba cheart cosaint níos fearr a thabhairt do chearta bunúsacha agus cearta nós imeachta na ndaoine lena mbaineann. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart íoscheanglais éigeantacha maidir le hábhar an fhógra maidir le cion tráchta a bhunú agus níor cheart an teimpléad atá ann faoi láthair don litir faisnéise, nach bhfuil inti ach faisnéis bhunúsach, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2015/413, a úsáid a thuilleadh. |
|
(12) |
Ar a laghad, ba cheart úsáid a bhaint as foclaíocht san fhógra maidir le cion tráchta atá sothuigthe dóibh siúd nach bhfuil oiliúint dhlíthiúil orthu agus ba cheart a áireamh san fhógra faisnéis mhionsonraithe maidir le haicmiú dlíthiúil agus iarmhairtí dlíthiúla an chiona tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre, á chur san áireamh go háirithe gur féidir leis na smachtbhannaí i leith na gcionta a chumhdaítear faoi raon feidhme Threoir (AE) 2015/413 arna leasú leis an Treoir seo a bheith de chineál neamhairgid, amhail srianta a chuirtear ar cheart tiomána an chiontóra. Ba cheart tacú leis na cearta cosanta freisin trí fhaisnéis mhionsonraithe a chur ar fáil maidir le cá háit, cá huair agus conas na cearta sin a fheidhmiú i mBallstát an chiona. I ndáil leis sin, ba cheart dóthain ama a thabhairt do neamhchónaithigh leigheas a lorg, trí achomharc a iarraidh mar shampla. Ba cheart tuairisc ar nósanna imeachta in absentia a sholáthar freisin i gcás inarb infheidhme, ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh sé beartaithe ag an duine lena mbaineann filleadh ar Bhallstát an chiona chun páirt a ghlacadh sna himeachtaí. Ba cheart roghanna íocaíochta agus bealaí chun méid na smachtbhannaí a mhaolú a bheith intuigthe go héasca freisin chun comhar deonach a dhreasú. Ar deireadh, ós rud é gur cheart an fógra maidir le cion tráchta a bheith ar an gcéad doiciméad a fhaigheann an duine lena mbaineann, ba cheart an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 13 de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) a bheith ann, ar cheart a áireamh inti, de bhun Airteagal 13(2), pointe (d), den Treoir sin, faisnéis faoin bhfoinse óna dtagann na sonraí pearsanta, agus an fhaisnéis a shonraítear in Airteagail 13 agus 14 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar san fhógra maidir le cion tráchta go díreach nó trí thagairt a dhéanamh don áit ina gcuirtear ar fáil í. Caithfidh na Ballstáit cuidiú le húsáideoirí bóithre barántúlacht na bhfógraí maidir le cion tráchta agus na ndoiciméad iardain a fhíorú. Chun na críche sin, caithfidh na Ballstáit teimpléid a roinnt lena chéile agus leis an gCoimisiún, trí mhodhanna slána, is é sin teimpléid na bhfógraí maidir le cion tráchta agus teimpléid na ndoiciméad iardain arna n-eisiúint ag a n-údaráis inniúla agus a úsáidtear i gcásanna trasteorann. Caithfidh na Ballstáit a chéile a chur ar an eolas freisin faoi na húdaráis inniúla a bhfuil sé de cheart acu na fógraí maidir le cion tráchta agus na doiciméid iardain sin a eisiúint. |
|
(13) |
I gcás ina ndéantar tiománaí neamhchónaitheach a sheiceáil ar an láthair ag seiceáil cois bóthair, agus ina dtionscnaítear imeachtaí leantacha mar thoradh air sin i ndáil le cion tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre, ba cheart fógra maidir le cion tráchta a sheoladh chuig an tiománaí neamhchónaitheach. I gcás seiceálacha ar an láthair i ndáil le cion tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre arna dhéanamh ag an tiománaí neamhchónaitheach agus i gcás ina ndearna an t-údarás inniúil an smachtbhanna a bhaineann leis an gcion a rinneadh a fhorfheidhmiú trí iallach a chur ar an tiománaí neamhchónaitheach an fhíneáil a íoc ar an láthair, níor cheart ach eilimintí riachtanacha áirithe d’fhógra maidir le cion tráchta a sholáthar don tiománaí ar an láthair. |
|
(14) |
Chun a áirithiú gurb é an duine lena mbaineann an duine a fhaigheann an fógra maidir le cion tráchta agus aon doiciméid iardain, agus chun rannpháirtíocht earráideach tríú páirtithe nach mbaineann leis a sheachaint, ba cheart don Treoir seo rialacha i ndáil le seirbheáil an fhógra maidir le cion tráchta agus na ndoiciméad iardain a leagan síos. |
|
(15) |
Ba cheart an fógra maidir le cion tráchta agus aon doiciméid iardain riachtanacha a sheoladh i dteanga dhoiciméad clárúcháin na feithicle. Sna cásanna sin ina bhfuil fógra maidir le cion tráchta agus doiciméid iardain á seoladh amach i dteanga nach dtuigeann an duine lena mbaineann, ba cheart cead a bheith ag an duine sin lena mbaineann a iarraidh na doiciméid iardain a fháil i dteanga oifigiúil amháin eile de chuid institiúidí an Aontais is rogha leis seachas teanga dhoiciméad clárúcháin na feithicle. Ba cheart d’údarás inniúil Bhallstát an chiona an iarraidh sin a dheonú. |
|
(16) |
Ba cheart athbhreithniú dlíthiúil éifeachtach a chur ar fáil sna cásanna nuair nach gcomhlíonann údaráis inniúla Bhallstát an chiona na caighdeáin teanga agus na rialacha maidir le seirbheáil doiciméad a leagtar síos sa Treoir seo agus ina ndlíthe náisiúnta féin. |
|
(17) |
I gcásanna nach féidir an duine lena mbaineann a shainaithint leis an leibhéal cinnteachta a cheanglaítear faoi dhlí Bhallstát an chiona bunaithe ar an bhfaisnéis a fuarthas ó chlár na bhfeithiclí, ba cheart do na Ballstáit oibriú le chéile chun céannacht an duine lena mbaineann a fhionnadh. Chuige sin, ba cheart nós imeachta um chúnamh frithpháirteach a thabhairt isteach a mbeadh sé mar aidhm leis an duine lena mbaineann a shainaithint, trí iarraidh ar dhearbhú, ar bhonn faisnéis atá i seilbh údarás inniúil Bhallstát an chiona cheana féin, nó trí iarraidh ar údaráis inniúla ábhartha Bhallstát an chlárúcháin nó an Bhallstáit cónaithe fiosrúchán spriocdhírithe a dhéanamh. |
|
(18) |
Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát úsáid a bhaint as foirm chaighdeánach leictreonach don iarraidh agus don fhreagairt ar chúnamh frithpháirteach, chun an fhaisnéis bhreise arna hiarraidh ag údarás inniúil Bhallstát an chiona a sholáthar, faisnéis is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint. Ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as a bpointí teagmhála náisiúnta chun go bhféadfaí na hiarrataí amach ar chúnamh frithpháirteach agus na freagraí isteach orthu araon a aistriú go slán agus go héifeachtúil. Ba cheart an fhaisnéis a iarrtar a bhailiú gan aon mhoill mhíchuí agus in aon chás laistigh de na teorainneacha ama dá dtagraítear sa Treoir seo. Agus an fhaisnéis á bailiú agus an iarraidh ar chúnamh á freagairt, cuirfidh Ballstát an chlárúcháin nó an Ballstát cónaithe a fuair an iarraidh san áireamh go gcaithfear fógra a thabhairt don duine lena mbaineann in am trátha agus go gcaithfidh Ballstát an chiona a rinne an iarraidh a bheith in ann na bearta is gá a dhéanamh in am trátha, agus reachtanna na dtréimhsí a leagtar amach i ndlí náisiúnta Bhallstát an chiona go háirithe á gcur san áireamh. |
|
(19) |
Ba cheart d’údarás inniúil Bhallstát an chlárúcháin nó an Bhallstáit cónaithe na forais a shainaithint go sonrach ar ar a mbonn is féidir leis diúltú cúnamh frithpháirteach a sholáthar chun an duine lena mbaineann a shainaithint. Ba cheart, go háirithe, coimircí a thabhairt isteach ionas nach nochtfar céannacht daoine faoi chosaint, amhail finnéithe faoi chosaint, agus cúnamh frithpháirteach á sholáthar. |
|
(20) |
Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit na nósanna imeachta náisiúnta céanna a úsáid agus a d’úsáidfidís dá mba rud é gur dhuine dá gcónaitheoirí féin a rinne an cion tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre chun an duine lena mbaineann nach cónaitheoir dá gcuid é a shainaithint. Ba cheart deimhneacht dhlíthiúil a threisiú a mhéid a bhaineann le hinfheidhmeacht beart sonrach arna nglacadh faoi nósanna imeachta den sórt sin, eadhon maidir le doiciméid lena gceanglaítear dearbhú nó séanadh maidir le déanamh an chiona nó lena bhforchuirtear oibleagáidí ar dhaoine lena mbaineann comhoibriú chun an duine faoi dhliteanas a shainaithint. Ós rud é gur cheart na héifeachtaí dlíthiúla céanna a bheith ag na bearta sin ar na daoine lena mbaineann agus atá acu i gcásanna intíre, ba cheart na caighdeáin chéanna maidir le cearta bunúsacha agus cearta nós imeachta a bheith ag na daoine sin freisin. |
|
(21) |
I gcás ina bhforáiltear go sainráite i ndlí an Aontais nó i ndlí náisiúnta do rochtain ar fhaisnéis ó bhunachair sonraí náisiúnta eile nó ó bhunachair sonraí eile de chuid an Aontais nó faisnéis uathu a mhalartú chun críocha Threoir (AE) 2015/413, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit faisnéis a mhalartú trí úsáid a bhaint as bunachair sonraí den sórt sin, agus cearta bunúsacha na ndaoine neamhchónaitheoirí lena mbaineann á n-urramú ag an am céanna. |
|
(22) |
I gcás nach féidir doiciméid a sheachadadh leis an bpost, trí sheachadadh cláraithe, trí phost cláraithe nó trí mhodhanna leictreonacha ar comhionann a luach, ba cheart cead a bheith ag údarás inniúil Bhallstát an chiona brath ar údarás inniúil Bhallstát an chlárúcháin nó an Bhallstáit cónaithe na doiciméid agus na cumarsáidí a sheirbheáil ar an duine lena mbaineann faoina dhlí náisiúnta féin lena rialaítear seirbheáil doiciméad. Ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as a bpointí teagmhála náisiúnta chun go bhféadfaí an iarraidh amach ar dhoiciméid nós imeachta a sheachadadh agus an freagra isteach uirthi araon a aistriú go slán agus go héifeachtúil. |
|
(23) |
Is gá a thabhairt chun suntais go bhfuil fadhb nach beag ann maidir le neamh-fhorfheidhmiú cionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre arna ndéanamh ag neamhchónaitheoirí agus go bhféadfadh sé nach leor na leasuithe ar Airteagal 1 de Chinneadh Réime 2005/214/CGB ón gComhairle, lena leagtar síos an sainmhíniú ar chinneadh, chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin ar bhealach éifeachtach. |
|
(24) |
Ós rud é nach bhfuil Cinneadh Réime 2005/214/CGB curtha in oiriúint d’ollphróiseáil cionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre, a gcáilítear smachtbhannaí beaga airgid ina leith go minic, mar smachtbhannaí riaracháin, agus chun cóir chomhionann do thiománaithe cónaitheacha agus neamhchónaitheacha a áirithiú, ba cheart forálacha sonracha a bhunú sa Treoir seo lena chur ar chumas na mBallstát cinntí riaracháin i ndáil le fíneálacha tráchta bóthair a fhorfheidhmiú thar theorainneacha agus cúnamh frithpháirteach a chur ar fáil chun na críche sin. Ní chuirfear bac leis sin ar chur i bhfeidhm Chinneadh Réime 2005/214/CGB. |
|
(25) |
Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, athbhreithniú ar réitigh maidir le rochtain trasteorann leictreonach ar chláir cionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre, arna mbainistiú ag na húdaráis náisiúnta d’fhonn measúnú a dhéanamh ar bhealaí chun feabhas a chur ar an rochtain atá ag saoránaigh ar na fógraí maidir le cion tráchta agus ar na doiciméid iardain a sheoltar chucu. |
|
(26) |
Maidir leis an iarraidh ar shonraí clárúcháin feithicle agus malartú na n-eilimintí sonraí a nochtadh i gcásanna trasteorann, ba cheart í a dhéanamh trí chóras leictreonach aonair. Dá bhrí sin, ag tógáil ar an gcreat teicniúil atá ann cheana, níor cheart cuardach uathoibrithe a dhéanamh ar shonraí clárúcháin feithicle faoi Threoir (AE) 2015/413 ach amháin trí fheidhmchlár bogearraí an Chórais Eorpaigh Faisnéise maidir le Feithiclí agus Ceadúnais Tiomána (EUCARIS), atá ar ardchaighdeán slándála, agus trí leaganacha leasaithe den fheidhmchlár bogearraí sin, a úsáid. Leis an bhfeidhmchlár bogearraí sin, ba cheart a bheith in ann sonraí sonracha clárúcháin feithicle a mhalartú go gasta, go costéifeachtach, go slán agus go hiontaofa idir na Ballstáit, agus, dá bhrí sin, éifeachtúlacht an imscrúdaithe ar chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a mhéadú. Níor cheart do na Ballstáit faisnéis a mhalartú ar bhealaí eile, nach mbeadh chomh cost-éifeachtúil agus nach bhféadfaí cosaint na sonraí arna dtarchur a áirithiú leo. Agus sonraí clárúcháin feithicle á malartú, d’fhéadfadh údaráis inniúla iarrataí neamhghnácha a fháil a chuirfeadh amhras orthu go bhfuil mí-úsáid á baint as an bpróiseas malartaithe faisnéise agus a d’fhéadfadh a cheangal ar na húdaráis inniúla sin bearta iomchuí a dhéanamh. D’fhéadfadh iarrataí neamhghnácha den sórt sin a bheith neamhghnách go háirithe ó thaobh a minicíochta nó a n-inneachair de nó a bheith tobann nó gan a bheith bainteach ach le cionta ar leith. Ba cheart do na Ballstáit EUCARIS a úsáid go sonrach chun cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh ar shonraí clárúcháin feithicle agus chun cúnamh frithpháirteach a sholáthar chun an duine lena mbaineann a shainaithint, chun cúnamh frithpháirteach a sholáthar chun an fógra maidir le cion tráchta agus doiciméid iardain a sheirbheáil agus chun cúnamh frithpháirteach a sholáthar le linn gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a dhéanamh. |
|
(27) |
Chun cosc a chur ar chleachtais mhí-úsáideacha a tháinig chun cinn le linn chur chun feidhme Threoir (AE) 2015/413 agus chun cearta bunúsacha na saoránach lena mbaineann na himeachtaí trasteorann a bhunaítear leis an Treoir sin arna leasú leis an Treoir seo a choimirciú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh a n-údaráis inniúla agus a bpointí teagmhála náisiúnta atá i gceannas ar chur chun feidhme Threoir (AE) 2015/413 arna leasú leis an Treoir seo na hoibleagáidí a shanntar dóibh a chomhlíonadh go hiomlán gan na heintitis dhlítheanacha atá faoi úinéireacht phríobháideach nó faoi bhainistiú príobháideach a chumhachtú leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme na Treorach seo. Go háirithe, leis an gceart go ndéanfar sonraí pearsanta na ndaoine lena mbaineann a chosaint, leis an gceart chun dea-riaracháin, leis an gceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, leis an gceart chun toimhde na neamhchiontachta agus cearta cosanta, chomh maith le feidhmiú cuí an tsásra malartaithe faisnéise trasteorann a bhunaítear le Treoir (AE) 2015/413 ceanglaítear go bhfuil na húdaráis inniúla náisiúnta ainmnithe agus na pointí teagmhála náisiúnta, agus siadsan amháin, le bheith in ann nósanna imeachta a thionscnamh, a sheoladh agus a fhorfheidhmiú a bhaineann le cionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre. Tá an méid sin gan dochar don fhéidearthacht atá ag údaráis inniúla brath ar na seirbhísí tacaíochta teicniúla arna soláthar ag eintitis dhlítheanacha atá faoi úinéireacht phríobháideach nó faoi bhainistiú príobháideach, amhail seirbhísí poist, tógáil nó cothabháil radar, agus anailís a bheith á déanamh ag saotharlanna príobháideacha ar úsáid drugaí nó alcóil. Le hidirthréimhse 2 bhliain, cheadófaí do na Ballstáit, a bhí ag dul ar iontaoibh na n-eintiteas dlítheanach atá faoi úinéireacht phríobháideach nó faoi bhainistiú príobháideach agus an Treoir seo á cur chun feidhme, a áirithiú go bhfuil a n-údaráis inniúla lánoibríochtúil agus in ann na nósanna imeachta a bhaineann le malartú trasteorann a bhainistiú agus lánurraim á tabhairt do na rialacha a leagtar amach i dTreoir (AE) 2015/413 arna leasú leis an Treoir seo. |
|
(28) |
Ba cheart raon feidhme na faisnéise a thuairiscíonn na Ballstáit don Choimisiún a leathnú chun go n-áireofaí inti gnéithe a bhfuil dlúthbhaint acu leis an gcuspóir sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus chun go n-áireofaí inti faisnéis maidir le líon na gcionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre arna ndéanamh ag tiománaithe feithiclí atá cláraithe i dtríú tír agus arna mbrath ag údarás inniúil Ballstáit. Is é is aidhm don leathnú sin é a chur ar a chumas don Choimisiún anailís a dhéanamh ar staid na himeartha sna Ballstáit agus tionscnaimh a mholadh ar bhonn fónta fíorasach. Chun an t-ualach riaracháin breise ar údaráis na mBallstát a fhritháireamh agus chun tuairisciú a ailíniú le féilire meastóireachta an Choimisiúin, ba cheart síneadh a chur leis an tréimhse tuairiscithe. Ba cheart idirthréimhse a dheonú ionas go bhféadfaidh deireadh a bheith leis an tréimhse tuairiscithe leanúnach 2 bhliain gan uaim. |
|
(29) |
Chun na cuspóirí a leagtar amach i gCreat Beartais an Aontais um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021-2030 – Na chéad chéimeanna eile i dtreo ‘Fís Nialais’ a bhaint amach, d’fhéadfaí an cheist maidir le conas aghaidh a thabhairt ar chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre arna ndéanamh ag tiománaithe feithiclí atá cláraithe i dtríú tír a mheas. Chuige sin, ní mór féachaint ar bhealaí éagsúla chun feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an malartú faisnéise maidir le cionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre idir na Ballstáit agus tríú tíortha, ar choinníoll go dtugtar cosaint choibhéiseach do na daoine lena mbaineann agus go n-urramaítear na rialacha maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha. Is gá féachaint freisin ar réitigh dhigiteacha thiomnaithe. Bheadh sé sin gan dochar do cheart na mBallstát comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha a thabhairt i gcrích le tríú tíortha maidir le comhar chun cionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a fhorfheidhmiú. |
|
(30) |
Leis an Treoir seo, níor cheart bac a chur ar na Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha eatarthu a thabhairt i gcrích agus a chur i bhfeidhm, a mhéid a sháródh comhaontuithe den sórt sin na nósanna imeachta a leagtar amach sa Treoir seo agus a mhéid a chuideoidís leis na nósanna imeachta sin a shimpliú nó a éascú. |
|
(31) |
Ós rud é gur sonraí pearsanta iad sonraí a bhaineann leis an duine lena mbaineann a shainaithint de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 agus Threoir (AE) 2016/680, agus gur leasaíodh go suntasach creat dlíthiúil an Aontais maidir le sonraí pearsanta a láimhseáil ó glacadh Treoir (AE) 2015/413, ba cheart na forálacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta a ailíniú leis an gcreat dlíthiúil nua. |
|
(32) |
De bhun Airteagal 62(6) de Threoir (AE) 2016/680, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar ghníomhartha dlíthiúla eile arna nglacadh ag an Aontas lena rialaítear sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag údaráis inniúla chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 1(1) den Treoir sin, chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leis na gníomhartha sin a ailíniú leis an Treoir sin agus chun na tograí is gá a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, chun na gníomhartha sin a leasú chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú maidir le sonraí pearsanta a chosaint faoi raon feidhme na Treorach sin. Mar thoradh ar an athbhreithniú sin, a tíolacadh i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2020 dar teideal Way forward on aligning the former third pillar acquis with data protection rules [an bealach chun cinn i ndáil le acquis an iar-thríú colún a ailíniú le rialacha cosanta sonraí], sainaithníodh Treoir (AE) 2015/413 mar cheann de na gníomhartha eile sin ba ghá a leasú. Dá bhrí sin, ba cheart a shoiléiriú sa Treoir seo gur cheart próiseáil sonraí pearsanta a bheith i gcomhréir freisin le Treoir (AE) 2016/680, i gcás ina dtagann an phróiseáil faoina raon feidhme ábhartha agus pearsanta. |
|
(33) |
Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoi Threoir (AE) 2015/413, ba cheart di Rialachán (AE) 2016/679, Treoir (AE) 2016/680 agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) a chomhlíonadh i gcás ina dtagann an phróiseáil sin faoina raon feidhme ábhartha agus pearsanta faoi seach. |
|
(34) |
Leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/413, i gcomhréir le hAirteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointe (e), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 8 de Threoir (AE) 2016/680, an bunús dlí le haghaidh na ngníomhaíochtaí próiseála is gá chun céannacht an duine lena mbaineann a shuí agus chun an fógra maidir le cion tráchta agus na doiciméid iardain a sheachadadh don duine lena mbaineann. I gcomhréir leis na rialacha céanna, leagtar síos leis an Treoir seo an bunús dlí d’oibleagáid na mBallstát sonraí pearsanta a phróiseáil chun cúnamh frithpháirteach a thabhairt dá chéile chun na daoine lena mbaineann a shainaithint. |
|
(35) |
I roinnt Ballstát, is i líonra freastalaithe (‘néal’) a stóráiltear sonraí pearsanta daoine neamhchónaitheacha lena mbaineann. Gan dochar do na rialacha maidir le sárú ar shonraí pearsanta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 agus i dTreoir (AE) 2016/680, agus maidir le sárú ar shonraí pearsanta agus teagmhais slándála a leagtar síos i dTreoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh siad a chéile ar an eolas faoi theagmhais chibearshlándála a bhaineann leis na sonraí sin. |
|
(36) |
Ba cheart don Choimisiún tacaíocht airgeadais chomhréireach a chur ar fáil do thionscnaimh lena bhfeabhsaítear an comhar trasteorann i bhforfheidhmiú rialacha tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre san Aontas. Is féidir tacaíocht den sórt sin a chur ar fáil freisin le haghaidh feachtais faisnéise ar fud an Aontais maidir le difríochtaí sa dlí náisiúnta, agus béim ar leith á leagan ar thíortha comharsanacha. |
|
(37) |
Ba cheart tairseach ar líne (‘Tairseach CBE’) a bhunú chun faisnéis chuimsitheach maidir leis na rialacha tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre atá i bhfeidhm sna Ballstáit a sholáthar d’úsáideoirí bóithre san Aontas. Caithfidh faisnéis den sórt sin a bheith intuigthe agus inrochtana. Ba cheart a chumhdach leis an bhfaisnéis sin faisnéis faoi leigheasanna dlí, faoi aon chearta a thugtar do na daoine lena mbaineann faoi Threoir (AE) 2015/413 arna leasú leis an Treoir seo, lena n-áirítear roghanna teanga, faisnéis faoi na rialacha cosanta sonraí agus faoi na smachtbhannaí is infheidhme, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, na hiarmhairtí neamhairgeadais is infheidhme, agus na scéimeanna agus na modhanna atá ar fáil chun fíneálacha a fhorchuirtear i leith cionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a íoc. Tagraíonn iarmhairtí neamhairgeadais do chórais pointí pionóis nó don fhíoras go bhféadfadh dícháiliú chun tiomána a bheith mar thoradh air sin agus cion tráchta ar leith a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre á dhéanamh, trí bhíthin ceadúnas tiomána an duine lena mbaineann a tharraingt siar go sealadach nó go buan. |
|
(38) |
Ba cheart do na Ballstáit féachaint lena áirithiú go n-úsáidfear an t-ioncam a ghintear ó phionóis airgeadais do chionta tráchta a bhaineann leis an tsábháilteacht ar bhóithre, arna bhforfheidhmiú faoi Threoir (AE) 2015/413 arna leasú leis an Treoir seo, chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus chun trédhearcacht a áirithiú maidir le bearta sábháilteachta ar bhóithre. |
|
(39) |
Chun dul chun cinn teicniúil ábhartha nó athruithe ar ghníomhartha dlí ábhartha an Aontais a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo a thabhairt cothrom le dáta trína leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (17). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(40) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Treoir (AE) 2015/413 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na nósanna imeachta, an t-ábhar agus na sonraíochtaí teicniúla a bhunú, lena n-áirítear bearta cibearshlándála, le haghaidh cuardaigh uathoibrithe atá le déanamh i ndáil le himscrúdú na gcionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre, ábhar na foirme leictreonaí caighdeánaí don iarraidh agus modh tarchurtha na faisnéise a bhaineann leis an iarraidh ar chúnamh frithpháirteach chun an duine lena mbaineann a shainaithint, ábhar na bhfoirmeacha leictreonacha chun cúnamh frithpháirteach a iarraidh chun an fógra maidir le cion tráchta agus na doiciméid iardain a sheirbheáil agus chun an Tairseach CBE a úsáid agus a chothabháil. Ba cheart na réitigh theicniúla a ailíniú leis an gCreat Eorpach Idir-inoibritheachta agus leis na réitigh ábhartha um Eoraip Idir-inoibritheach dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). Mar sin féin, go dtí go mbeidh na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún infheidhme, ba cheart bearta idirthréimhseacha maidir le malartú uathoibrithe sonraí clárúcháin feithicle bunaithe ar an gcóras leictreonach atá ann cheana a bheith i bhfeidhm chun malartuithe sonraí gan uaim a ráthú. |
|
(41) |
Is gá do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil sásraí leordhóthanacha agus éifeachtacha i bhfeidhm chun pionóis airgeadais a fhorfheidhmiú nó a aisghabháil. |
|
(42) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon ardleibhéal cosanta a áirithiú do gach úsáideoir bóithre san Aontas agus cóir chomhionann do dhaoine lena mbaineann trí nósanna imeachta um chúnamh frithpháirteach idir na Ballstáit a chuíchóiriú in imscrúdú trasteorann ar chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre agus trí chosaint ceart bunúsach daoine neamhchónaitheacha lena mbaineann a neartú i gcás ina ndéantar na cionta sin le feithicil atá cláraithe i mBallstát eile seachas an Ballstát inar tharla an cion, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na Treorach seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(43) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 24 Aibreán 2023. |
|
(44) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoir (AE) 2015/413 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Treoir (AE) 2015/413 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal na treorach: ‘Treoir (AE) 2015/413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise agus cúnamh frithpháirteach maidir le cionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre’ ; |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: ‘Airteagal 1 Cuspóir Is é is aidhm don Treoir seo ardleibhéal cosanta a áirithiú do gach úsáideoir bóithre san Aontas trí mhalartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a éascú agus trí fhorfheidhmiú smachtbhannaí a éascú, i gcás ina ndéantar na cionta sin le feithicil atá cláraithe i mBallstát seachas an Ballstát ina ndearnadh an cion.’ |
|
(3) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(4) |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
|
(5) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 3a Pointí teagmhála náisiúnta 1. Ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta amháin nó níos mó le haghaidh an mhéid seo a leanas:
Déanfar cumhachtaí na bpointí teagmhála náisiúnta a rialú leis an dlí infheidhme de chuid an Bhallstáit lena mbaineann. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh a bpointí teagmhála náisiúnta faoi seach le chéile chun a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis uile is gá a chomhroinnt in am trátha, agus go gcomhlíonfar na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(2) agus Airteagal 5c(7) agus (8).’ |
|
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: ‘Airteagal 4 Nósanna imeachta maidir le malartú SCF agus cúnamh frithpháirteach idir na Ballstáit 1. Chun imscrúdú a dhéanamh ar chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a liostaítear in Airteagal 2(1) agus a braitheadh ar chríoch Bhallstát an chiona, tabharfaidh Ballstát an chlárúcháin rochtain do phointí teagmhála náisiúnta Bhallstát an chiona ar na SCF náisiúnta seo a leanas, mar aon leis an gcumhacht cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh orthu:
Is iad na heilimintí sonraí a leagtar amach san Iarscríbhinn na heilimintí sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), a bhfuil gá leo chun cuardach a dhéanamh. 2. Áiritheoidh Ballstát an chiona nach mbeidh rochtain ach ag a údaráis inniúla ar SCF trína phointí teagmhála náisiúnta. Agus cuardach á dhéanamh i bhfoirm iarraidh amach, úsáidfidh údarás inniúil Bhallstát an chiona uimhir chlárúcháin iomlán na feithicle. Áiritheoidh údarás inniúil Bhallstát an chiona go n-áireofar i ngach iarraidh amach ainm an údaráis inniúil a bhfuil an iarraidh á déanamh aige, ainm úsáideora an duine atá ag déileáil leis an iarraidh agus cás-uimhir na hiarrata. 3. Chun a shuí an le feithicil a rinneadh cion tráchta ábhartha a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre, féadfaidh údarás inniúil Bhallstát an chiona rochtain a iarraidh ar dtús, trína phointe teagmhála náisiúnta, ar na sonraí teicniúla a bhaineann le feithiclí a liostaítear i Roinn 2, Codanna I agus II, den Iarscríbhinn, agus ar na sonraí teicniúla sin amháin. I gcás ina suitear go ndearnadh cion tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre le feithicil, féadfaidh údarás inniúil Bhallstát an chiona rochtain ar na sonraí pearsanta a iarraidh ina dhiaidh sin, trína phointe teagmhála náisiúnta maidir leis an duine lena mbaineann a liostaítear i Roinn 2, Cuid I agus Codanna III go VI, den Iarscríbhinn. 4. Bainfidh Ballstát an chiona úsáid as na sonraí a fhaightear san imscrúdú ar na cionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a liostaítear in Airteagal 2(1) chun céannacht an duine a shuí atá faoi dhliteanas pearsanta i leith na gcionta tráchta sin a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre mar a shainítear i ndlí Bhallstát an chiona. 5. Áiritheoidh pointe teagmhála náisiúnta Bhallstát an chlárúcháin go bhfaighidh údaráis inniúla Bhallstát an chiona, agus rochtain á fáil acu ar SCF, teachtaireacht shonrach ina gcuirfear an méid seo a leanas in iúl dóibh, sna cásanna seo a leanas ar a laghad:
6. Áiritheoidh pointe teagmhála náisiúnta Bhallstát an chlárúcháin nach gcomhroinnfear ach na heilimintí sonraí pearsanta a bhaineann leis an gcion tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a rinneadh. 7. Maidir le cúnamh frithpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 5c, 5e nó 5f, áiritheoidh údaráis inniúla Bhallstát an chiona go n-áireofar i ngach iarraidh ar chúnamh frithpháirteach ainm an údaráis inniúil a bhfuil an iarraidh á déanamh aige, ainm úsáideora an duine atá ag déileáil leis an iarraidh agus cás-uimhir na hiarrata.’ |
|
(7) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 4a Cláir náisiúnta feithiclí 1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na heilimintí sonraí a liostaítear i Roinn 2, Codanna I go III agus Cuid V, den Iarscríbhinn, i gcás ina bhfuil siad ar fáil ina gcláir náisiúnta feithiclí, cothrom le dáta. 2. Coinneoidh na Ballstáit, chun críocha na Treorach seo, na heilimintí sonraí a liostaítear i Roinn 2, Codanna V agus VI, den Iarscríbhinn, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, sa chlár náisiúnta feithiclí ar feadh 12 mhí ar a laghad tar éis aon mhodhnú ar shealbhóir, úinéir nó úsáideoir deiridh na feithicle, agus ní choinneofar iad níos faide ná mar is gá, mar a shainítear i ndlí na mBallstát.’ |
|
(8) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: ‘Airteagal 5 Fógra maidir le cion tráchta 1. Cinnfidh údarás inniúil Bhallstát an chiona cé acu a thionscnóidh nó nach dtionscnóidh sé imeachtaí leantacha i ndáil le cionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a liostaítear in Airteagal 2(1). I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil Bhallstát an chiona imeachtaí den sórt sin a thionscnamh, eiseoidh an t-údarás inniúil sin, laistigh den teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 5a(2), fógra maidir le cion tráchta lena gcuirfear an duine lena mbaineann ar an eolas faoin gcion tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre agus, i gcás inarb iomchuí, faoin gcinneadh imeachtaí leantacha a thionscnamh. Féadfar an fógra maidir le cion tráchta a úsáid chun críocha eile seachas na críocha sin a leagtar amach sa dara fomhír, ar críocha iad atá riachtanach le haghaidh forfheidhmiú, amhail iarraidh ar chéannacht agus seoladh an duine atá faoi dhliteanas i leith an chiona tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a nochtadh, fiosrúchán maidir le cibé acu a admhaíonn nó a shéanann an duine lena mbaineann déanamh an chiona tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre nó iarraidh ar íocaíocht. 2. Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, san fhógra maidir le cion tráchta:
3. Áiritheoidh údarás inniúil Bhallstát an chiona go bhfaighidh tiománaí neamhchónaitheach fógra maidir le cion tráchta dá dtagraítear i mír 2, i gcás:
Seolfar an fógra maidir le cion tráchta chuig an tiománaí neamhchónaitheach, i gcomhréir le hAirteagal 5a(1) agus (2). 4. Áiritheoidh údarás inniúil Bhallstát an chiona, i gcás tiománaí neamhchónaitheach a seiceáladh ar an láthair i seiceáil cois bóthair agus ina bhfuil an smachtbhanna a bhaineann leis an gcion a rinneadh forfheidhmithe ag an údarás inniúil sin ar an láthair, go bhfaighidh an tiománaí neamhchónaitheach sin an méid seo a leanas ar a laghad:
Soláthrófar na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gceann amháin de theangacha oifigiúla Bhallstát an chiona nó in aon teanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais a mheasann údarás inniúil Bhallstát an chiona a bheith iomchuí. 5. Arna iarraidh sin don duine lena mbaineann, agus i gcomhréir le dlí Bhallstát an chiona, áiritheoidh údarás inniúil Bhallstát an chiona go dtabharfar rochtain ar an bhfaisnéis uile atá ina sheilbh a bhaineann le himscrúdú a dhéanamh ar chion tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a liostaítear in Airteagal 2(1). Féadfaidh údarás inniúil Bhallstát an chiona iarraidh den sórt sin a mheas mar iarraidh chun leigheas a lorg i leith an smachtbhanna a forchuireadh, agus sa chás sin cuirfidh sé an duine lena mbaineann ar an eolas ar bhealach soiléir agus beacht san fhógra maidir le cion tráchta gurb amhlaidh atá, agus cuirfidh sé an duine sin ar an eolas faoi na himpleachtaí dlíthiúla agus na himpleachtaí nós imeachta a bhaineann le hiarraidh den sórt sin. 6. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh tús na dteorainneacha ama do neamhchónaithigh maidir lena gcearta achomhairc a fheidhmiú nó maidir le smachtbhannaí a mhaolú, i gcomhréir le mír 2, pointí (e) agus (i) faoi seach, comhréireach chun feidhmiú éifeachtach ceart den sórt sin a áirithiú agus go gcomhfhreagróidh sé do dháta seolta nó fála an fhógra maidir le cion tráchta, tríd an bpost nó go leictreonach, nó don chinneadh oifigiúil maidir le dliteanas an duine lena mbaineann. (*12) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89)." (*13) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).’;" |
|
(9) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 5a An fógra maidir le cion tráchta agus doiciméid iardain a sheirbheáil 1. Seolfaidh údarás inniúil Bhallstát an chiona an fógra maidir le cion tráchta agus na doiciméid iardain chuig na daoine lena mbaineann tríd an bpost, trí sheachadadh cláraithe, tríd an bpost cláraithe nó modhanna leictreonacha ar comhionann a luach i gcomhréir le Caibidil III, Roinn 7, de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*14), i gcomhréir le dlí Bhallstát an chiona. 2. Eiseofar an fógra maidir le cion tráchta le haghaidh shealbhóir, úinéir nó úsáideoir deiridh na feithicle tráth nach déanaí ná 11 mhí tar éis an chiona tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre i gcás inar éirigh leis na cuardaigh uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus ina bhfuil céannacht agus seoladh shealbhóir, úinéir nó úsáideoir deiridh na feithicle suite ag údarás inniúil Bhallstát an chiona, leis an leibhéal cinnteachta a cheanglaítear faoina dhlí náisiúnta. I gcás nár éirigh leis na cuardaigh uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 4(1) nó i gcás nach raibh údarás inniúil Bhallstát an chiona in ann céannacht agus seoladh shealbhóir, úinéir nó úsáideoir deiridh na feithicle a shuí leis an leibhéal cinnteachta a cheanglaítear faoina dhlí náisiúnta, eiseofar an fógra maidir le cion tráchta tráth nach déanaí ná 5 mhí tar éis d’údarás inniúil Bhallstát an chiona an fhaisnéis sin a shuí. 3. Moltar do na Ballstáit cead a thabhairt do dhaoine lena mbaineann nascadh go cianda le himeachtaí cúirte trí nasc físe. Airteagal 5b Aistriúchán ar an bhfógra maidir le cion tráchta agus ar dhoiciméid iardain riachtanacha 1. I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil Bhallstát an chiona imeachtaí leantacha a thionscnamh i ndáil leis na cionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a liostaítear in Airteagal 2(1), eiseoidh sé an fógra maidir le cion tráchta agus aon doiciméid iardain riachtanacha i dteanga dhoiciméad clárúcháin na feithicle. Chun críocha an Airteagail seo, cinnfidh údaráis inniúla Bhallstát an chiona an bhfuil doiciméad iardain riachtanach. Mar sin féin, cuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh gur gá don duine lena mbaineann na líomhaintí a thuiscint agus a bheidh in ann na cearta cosanta a fheidhmiú go hiomlán. Áirítear leis sin, go háirithe, an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis an gcion, cineál an chiona a rinneadh, an smachtbhanna a forchuireadh, na leigheasanna dlí atá ar fáil i gcoinne an chinnidh sin, an teorainn ama a leagtar síos chun na críche sin agus sainaitheantas an chomhlachta nach mór an t-achomharc a thaisceadh os a chomhair. 2. In aon chás ar leith, cinnfidh údaráis inniúla Bhallstát an chiona an bhfuil aon doiciméad eile riachtanach. 3. Ní bheidh aon cheanglas ann go n-aistreofaí codanna doiciméad bunriachtanach nach bhfuil ábhartha chun a chur ar chumas na ndaoine lena mbaineann eolas a bheith acu ar an gcás ina n-aghaidh. Cinnfidh na húdaráis inniúla an bhfuil na codanna sin ábhartha chun na gcríoch sin agus na heilimintí dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, á gcur san áireamh. 4. Arna iarraidh sin don duine lena mbaineann, ceadóidh údarás inniúil Bhallstát an chiona don duine sin na doiciméid iardain a fháil i dteanga oifigiúil bhreise amháin eile de chuid institiúidí an Aontais nach teanga dhoiciméad clárúcháin na feithicle í. 5. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cáilíocht aistriúcháin an fhógra maidir le cion tráchta agus na ndoiciméad iardain ar a laghad den cháilíocht a cheanglaítear faoi Airteagal 3(9) de Threoir 2010/64/AE. 6. Áiritheoidh Ballstát an chiona go ndéanfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann, arna iarraidh sin don duine lena mbaineann, athbhreithniú éifeachtach tapa ar fhógra maidir le cion tráchta agus ar dhoiciméad iardain arna seirbheáil ar an duine sin, ar an bhforas nach gcomhlíonann an fógra maidir le cion tráchta agus an doiciméad iardain an tAirteagal seo, Airteagal 5, Airteagal 5a ná 5e. Airteagal 5c Cúnamh frithpháirteach chun an duine lena mbaineann a shainaithint 1. Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh frithpháirteach dá chéile, tar éis d’údaráis inniúla Bhallstát an chiona gach modh eile atá ar fáil dóibh a ídiú, go háirithe tar éis dóibh cuardach uathoibrithe i gcomhréir le hAirteagal 4(1) a dhéanamh agus tar éis dóibh dul i gcomhairle le bunachair sonraí eile a cheadaítear go sainráite dul i gcomhairle leo i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta, agus nach bhfuil siad fós in ann an duine lena mbaineann a shainaithint leis an leibhéal cinnteachta a cheanglaítear faoina ndlí náisiúnta chun na himeachtaí leantacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a thionscnamh nó a reáchtáil. 2. Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh frithpháirteach dá chéile faoin Airteagal seo. Mar sin féin, má chinntear, tar éis measúnú a dhéanamh ar imthosca cásanna aonair, go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6 de Threoir 2014/41/AE á gcomhlíonadh, ní fhéadfaidh na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Treoir sin an Treoir sin a chur i bhfeidhm ach amháin eatarthu féin. 3. Déanfaidh údarás inniúil Bhallstát an chiona cinneadh i dtaobh cúnamh frithpháirteach a iarraidh chun an fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 5 a fháil. Ní fhéadfaidh ach údarás inniúil Bhallstát an chiona an iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a thionscnamh, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin. Úsáidfidh údarás inniúil Bhallstát an chiona na sonraí a fhaightear ó chúnamh frithpháirteach chun céannacht an duine a shuí atá faoi dhliteanas pearsanta i leith an chiona tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a liostaítear in Airteagal 2(1), ar cion é a rinneadh ar chríoch Bhallstát an chiona. 4. I gcás ina gcinneann údarás inniúil Bhallstát an chiona cúnamh frithpháirteach a iarraidh i gcomhréir le mír 1, seolfaidh sé iarraidh atá struchtúrtha go leictreonach trína phointe teagmhála náisiúnta chuig pointe teagmhála náisiúnta Bhallstát an chlárúcháin nó an Bhallstáit cónaithe. 5. Féadfaidh údarás inniúil Bhallstát an chiona a iarraidh ar Bhallstát an chlárúcháin nó ar an mBallstát cónaithe an méid seo a leanas a dhéanamh:
6. Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh san iarraidh atá struchtúrtha go leictreonach:
7. Ach amháin má chinneann siad ceann de na forais don diúltú a liostaítear i mír 8 a agairt nó mura féidir an fhaisnéis a iarradh a bhailiú, baileoidh údaráis inniúla Bhallstát an chlárúcháin nó an Bhallstáit cónaithe an fhaisnéis a iarrtar dá dtagraítear i mír 5, gan aon mhoill mhíchuí. Gan aon mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 2 mhí ón lá a bhailíonn údarás inniúil Bhallstát an chlárúcháin nó an Bhallstáit cónaithe an fhaisnéis a iarrtar, freagróidh sé an iarraidh go leictreonach trína phointe teagmhála náisiúnta. Comhlíonfaidh údarás inniúil Bhallstát an chlárúcháin nó an Bhallstáit cónaithe na foirmiúlachtaí agus na nósanna imeachta arna n-iarraidh go sainráite ag údarás inniúil Bhallstát an chiona, agus an fhaisnéis a iarrtar á bailiú aige, a mhéid nach bhfuil siad ar neamhréir lena reachtaíocht náisiúnta. 8. Féadfaidh údarás inniúil Bhallstát an chlárúcháin nó an Bhallstáit cónaithe diúltú an fhaisnéis bhreise a iarrtar dá dtagraítear i mír 5 a sholáthar. Ní dhéanfaidh sé amhlaidh ach amháin i gceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:
Tráth nach déanaí ná 2 mhí ón lá a chinnfidh údarás inniúil Bhallstát an chlárúcháin nó an Bhallstáit cónaithe foras diúltaithe a chur i bhfeidhm nó a shuífidh sé nach féidir an fhaisnéis a iarradh a bhailiú, cuirfidh sé Ballstát an chiona ar an eolas faoin méid sin trína phointe teagmhála náisiúnta. Féadfaidh údarás inniúil Bhallstát an chlárúcháin nó an Bhallstáit cónaithe a chinneadh gan a shonrú cén foras lena dhiúltú a chuirfidh sé i bhfeidhm sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (c), (d) agus (f). Airteagal 5d Bearta náisiúnta lena n-éascaítear sainaithint an duine faoi dhliteanas 1. Féadfaidh na Ballstáit aon bheart a dhéanamh, maidir le cionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a liostaítear in Airteagal 2(1), a leagtar amach ina ndlí náisiúnta chun an duine atá faoi dhliteanas i leith an chiona tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (“duine faoi dhliteanas”) a shainaithint go rathúil, amhail bearta a bhaineann leis an oibleagáid ar shealbhóir, úinéir nó úsáideoir deiridh feithicle comhoibriú chun an duine atá faoi dhliteanas a shainaithint, ar choinníoll go n-urramaítear cearta bunúsacha agus cearta nós imeachta faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta. 2. Féadfaidh na húdaráis inniúla, go háirithe:
Airteagal 5e Cúnamh frithpháirteach maidir leis an bhfógra maidir le cion tráchta agus na doiciméid iardain a sheirbheáil 1. Féadfaidh údarás inniúil Bhallstát an chiona an fógra maidir le cion tráchta nó na doiciméid iardain a sheoladh chuig na daoine lena mbaineann trí údaráis inniúla Bhallstát an chlárúcháin nó an Bhallstáit cónaithe, sna cásanna seo a leanas:
Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát an chiona agus Bhallstát an chlárúcháin nó an Bhallstáit cónaithe cumarsáid le chéile trína bpointí teagmhála náisiúnta faoi seach. 2. Áiritheoidh Ballstát an chlárúcháin nó an Ballstát cónaithe go ndéanfar an fógra maidir le cion tráchta agus na doiciméid iardain atá le seirbheáil i gcomhréir le mír 1 a sheirbheáil i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, nó i gcás ina bhfuil údar cuí leis, ar mhodh ar leith arna iarraidh sin ag Ballstát an chiona, seachas i gcás ina bhfuil modh den sórt sin ar neamhréir lena dhlí náisiúnta. 3. Áiritheoidh Ballstát an chlárúcháin nó an Ballstát cónaithe go gcuirfidh a údarás inniúil freagra struchtúrtha leictreonach ar fáil, lena n-áirítear:
Measfar gur cruthúnas ar sheirbheáil an doiciméid é an freagra gur éirigh leis an seachadadh. Airteagal 5f Cúnamh frithpháirteach i ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin 1. Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh forfheidhmiúcháin dá chéile i gcás nach n-íocfar fíneáil tráchta bóthair a forchuireadh as cion tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a liostaítear in Airteagal 2(1) a dhéanamh. 2. Tar éis don duine lena mbaineann an fógra maidir le cion tráchta a fháil agus i gcás nach n-íocfar fíneáil tráchta bóthair arna forchur ag údarás inniúil Bhallstát an chiona, féadfaidh an t-údarás inniúil sin a iarraidh ar údarás inniúil Bhallstát an chlárúcháin nó an Bhallstáit cónaithe cuidiú chun cinntí riaracháin maidir le fíneálacha tráchta bóthair i ndáil le cionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a liostaítear in Airteagal 2(1) a fhorfheidhmiú. 3. Ní dhéanfar an iarraidh dá dtagraítear i mír 2 ach amháin má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
4. Seolfaidh údarás inniúil Bhallstát an chiona an iarraidh, dá dtagraítear i mír 2, trína phointe teagmhála náisiúnta, chuig Ballstát an chlárúcháin nó chuig an mBallstát cónaithe i bhfoirm atá struchtúrtha go leictreonach. 5. Más féidir leis an duine lena mbaineann a léiriú go ndearnadh an íocaíocht ar an bhfíneáil tráchta bóthair, tabharfaidh údarás inniúil Bhallstát an chlárúcháin nó an Bhallstáit cónaithe fógra go pras d’údarás inniúil Bhallstát an chiona ina leith sin. 6. Aithneoidh údaráis inniúla Bhallstát an chlárúcháin nó an Bhallstáit cónaithe an cinneadh riaracháin maidir le fíneáil tráchta bóthair a seoladh de bhun an Airteagail seo gan aon fhoirmiúlacht bhreise a bheith ag teastáil agus déanfaidh siad láithreach gach beart is gá chun é a fhorfheidhmiú ach amháin má chinneann an t-údarás inniúil sin ceann de na forais le neamhaitheantas nó le neamh-fhorfheidhmiú dá bhforáiltear i mír 8 a agairt. 7. Rialófar forfheidhmiú an chinnidh maidir le fíneáil tráchta bóthair leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme i mBallstát an chlárúcháin nó sa Bhallstát cónaithe. 8. Féadfaidh údarás inniúil Bhallstát an chlárúcháin nó an Bhallstáit cónaithe diúltú aitheantas a thabhairt don chinneadh riaracháin maidir le fíneáil tráchta bóthair agus diúltú an cinneadh sin a fhorfheidhmiú. Ní dhéanfaidh sé amhlaidh ach amháin má shuíonn sé go bhfuil aon cheann de na cásanna seo a leanas i gceist:
Má dhiúltaítear d’iarraidh, tabharfaidh údarás inniúil Bhallstát an chlárúcháin nó an Bhallstáit cónaithe fógra d’údarás inniúil Bhallstát an chiona, ina luafar na cúiseanna leis an diúltú. 9. Maidir leis an tsuim airgid a fhaightear ó fhorfheidhmiú an chinnidh i ndáil le fíneáil tráchta bóthair, fabhrófar í chuig Ballstát an chlárúcháin nó chuig an mBallstát cónaithe mura gcomhaontófar a mhalairt idir Ballstát an chiona agus Ballstát an chlárúcháin nó an Ballstát cónaithe. Fabhrófar an t-airgead in airgeadra Bhallstát an chlárúcháin nó an Bhallstáit cónaithe, cibé acu de na Ballstáit sin a fuair an iarraidh. 10. Ní chuirfear bac le míreanna 1 go 9 den Airteagal seo ar chur i bhfeidhm Chinneadh Réime 2005/214/CGB, comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha ná socruithe idir na Ballstáit a mhéid ar cuidiú iad comhaontuithe den sórt sin nó socruithe den sórt sin chun na nósanna imeachta a bhaineann le pionóis airgeadais, a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, a fhorfheidhmiú a shimpliú nó a éascú a thuilleadh. Airteagal 5g Sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú SCF agus cúnamh frithpháirteach 1. Úsáidfidh na Ballstáit feidhmchlár bogearraí saincheaptha agus ar ardchaighdeán slándála an Chórais Eorpaigh Faisnéise maidir le Feithiclí agus Ceadúnais Tiomána (EUCARIS) i leagan atá cothrom le dáta chun faisnéis a mhalartú nó cúnamh frithpháirteach a phróiseáil, i gcomhréir le hAirteagal 3a(1). Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar sonraí a phróiseáil ar bhealach slán, costéifeachtach, gasta agus iontaofa, agus go ndéanfar an phróiseáil sin trí mhodhanna idir-inoibritheacha laistigh de struchtúr díláraithe. 2. Déanfar faisnéis a mhalartófar trí EUCARIS a tharchur i bhfoirm chriptithe. 3. Faoin 20 Eanáir 2026, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na nósanna imeachta, sonraíochtaí ábhair agus sonraíochtaí bogearraí teicniúla, lena n-áirítear bearta cibearshlándála le haghaidh na n-iarrataí agus na bhfreagairtí arna struchtúrú go leictreonach a bhaineann le hAirteagal 3a(1), pointe (a), agus modhanna tarchurtha na faisnéise chun cúnamh frithpháirteach a phróiseáil, lena n-áirítear úsáid a bhaint as teimpléid aonfhoirmeacha, agus nósanna imeachta mar a leagtar amach in Airteagail 4, 5c, 5e agus 5f, a bhunú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10a(2). 4. Agus na gníomhartha cur chun feidhme á mbunú aige, cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas san áireamh:
5. Go dtí go mbeidh na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo infheidhme, déanfar na cuardaigh uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Treoir seo i gcomhréir leis na nósanna imeachta a thuairiscítear i gCaibidil 3, pointí 2 agus 3, den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2008/616/CGB (*15) ón gComhairle, arna gcur i bhfeidhm go comhpháirteach leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo. 6. I gcás gach Ballstáit, is air féin a bheidh na costais a thiocfaidh as riarachán, úsáid, cothabháil agus nuashonruithe EUCARIS agus a leaganacha leasaithe. Airteagal 5h Eintitis dhlítheanacha phríobháideacha 1. Faoin 20 Iúil 2029, áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh a n-údaráis inniúla eintitis dhlítheanacha atá faoi úinéireacht phríobháideach nó faoi bhainistiú príobháideach a bhfuil pearsantacht dhlítheanach ar leith acu a chumhachtú chun aon ghníomhaíochtaí a dhéanamh a bhaineann le cur i bhfeidhm na Treorach seo. 2. Sa tréimhse ama go dtí an dáta dá dtagraítear i mír 1 (“an idirthréimhse”), áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh ach údaráis inniúla nósanna imeachta a thionscnamh agus a chur i gcrích a bhaineann le cionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a liostaítear in Airteagal 2(1), amhail nósanna imeachta a bhaineann le malartú faisnéise, forfheidhmiú, nó aon chineál cúnaimh fhrithpháirtigh faoin Treoir seo. (*14) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73)." (*15) Cinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le chur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 12).’;" |
|
(10) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: ‘Airteagal 6 Tuairisciú agus faireachán 1. Faoin 20 Eanáir 2029, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil chuig an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo. Beidh sonraí agus staitisticí sa tuarascáil a chomhfhreagraíonn do gach bliain féilire den tréimhse tuairiscithe. 2. Léireofar sa tuarascáil líon na gcuardach uathoibrithe a rinne Ballstát an chiona i gcomhréir le hAirteagal 4(1) agus a díríodh chuig pointe teagmhála náisiúnta Bhallstát an chlárúcháin, tar éis cionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a liostaítear in Airteagal 2(1) a rinneadh ar a chríoch, mar aon le cineál na gcionta ar seoladh iarrataí ina leith agus líon struchtúrtha na n-iarrataí ar theip orthu de réir an tsóirt teipe. Féadfaidh an fhaisnéis sin a bheith bunaithe ar na sonraí a sholáthraítear trí EUCARIS. Áireofar sa tuarascáil freisin tuairisc ar an staid ar an leibhéal náisiúnta i ndáil leis an obair leantach atá déanta ar chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre agus aon fhadhbanna gaolmhara a bhí ag na Ballstáit ina dtaobh. Sonrófar an méid seo a leanas ar a laghad sa tuairisc:
3. Leis an tuarascáil léireofar freisin líon agus cineál na gcionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a liostaítear in Airteagal 2(1) arna ndéanamh ag tiománaithe le feithicil atá cláraithe i dtríú tír. 4. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na tuarascálacha arna seoladh ag na Ballstáit agus cuirfidh sé an coiste dá dtagraítear in Airteagal 10a(1) ar an eolas faoina bhfuil iontu tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dó na tuarascálacha a fháil ó na Ballstáit uile.’ |
|
(11) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7: ‘Airteagal 7 Oibleagáidí breise Beidh sé de cheart ag eintitis dhlítheanacha ina gcáilíocht mar shealbhóirí, úinéirí nó úsáideoirí deiridh feithiclí atá faoi réir mhalartú sonraí na Treorach seo faisnéis a fháil maidir le próiseáil a gcuid sonraí. Cuirfidh na Ballstáit a chéile ar an eolas maidir le teagmhais chibearshlándála, a dtugtar fógra fúthu de bhun Airteagal 23 de Threoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*16), i gcás ina mbaineann na teagmhais le sonraí a stóráiltear i néalta fíorúla nó fisiciúla nó i seirbhísí néal-óstála. (*16) Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).’ " |
|
(12) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 7a Tacaíocht airgeadais do chomhar trasteorann Cuirfidh an Coimisiún tacaíocht airgeadais ar fáil do thionscnaimh lena rannchuidítear le comhar trasteorann i bhforfheidhmiú rialacha tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre san Aontas, go háirithe malartú dea-chleachtas, cur i bhfeidhm modheolaíochtaí agus teicnící forfheidhmiúcháin cliste sna Ballstáit, méadú ar fhothú acmhainneachta na n-údarás forfheidhmiúcháin. Féadfar tacaíocht airgeadais a chur ar fáil freisin d’fheachtais múscailte feasachta maidir le forfheidhmiú trasteorann rialacha tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre agus feachtais faisnéise ar fud an Aontais maidir le difríochtaí sa reachtaíocht náisiúnta.’ |
|
(13) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: ‘Airteagal 8 Tairseach faisnéise maidir le cionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (Tairseach CBE) 1. Déanfaidh an Coimisiún tairseach ar líne maidir le cionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (“Tairseach CBE”) a bhunú agus a choinneáil a bheidh ar fáil i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais agus a bheidh dírithe ar fhaisnéis a chomhroinnt le húsáideoirí bóithre maidir leis na rialacha sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo atá i bhfeidhm sna Ballstáit, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leis, conas comhlíonadh na rialacha seo a áirithiú. Áireofar leis an Tairseach CBE faisnéis faoi leigheasanna dlí, faoi aon chearta a thugtar do na daoine lena mbaineann faoin Treoir seo, lena n-áirítear roghanna teanga, faisnéis faoi na rialacha cosanta sonraí agus faoi na smachtbhannaí is infheidhme, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, na hiarmhairtí neamhairgeadais is infheidhme, agus na scéimeanna agus na modhanna atá ar fáil chun fíneálacha arna bhforchur i leith cionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a íoc. 2. Beidh Tairseach CBE comhoiriúnach leis an gcomhéadan a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*17) agus le tairseacha nó ardáin eile a bhfuil cuspóir comhchosúil acu, amhail an Tairseach Eorpach don r-Cheartas. 3. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis atá cothrom le dáta ar fáil don Choimisiún, chun críocha an Airteagail seo. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear nasc chuig an tairseach ar fáil ar shuíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil. (*17) Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).’;" |
|
(14) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 8a Comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha idir na Ballstáit Leis an Treoir seo, ní chuirfear bac ar chur i bhfeidhm comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha idir na Ballstáit a mhéid atá ceanglais bhreise i gcomhaontuithe den sórt sin nó i socruithe den sórt sin anuas ar na ceanglais a fhorchuirtear leis an Treoir seo agus a mhéid a chuidíonn siad leis na nósanna imeachta a leagtar amach anseo a shimpliú nó a éascú a thuilleadh.’ |
|
(15) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9: ‘Airteagal 9 Gníomhartha tarmligthe Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 chun an Iarscríbhinn a leasú trí í a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise dul chun cinn theicniúil nó i gcás ina gceanglaítear sin le gníomhartha dlí an Aontais atá ábhartha go díreach maidir leis an Iarscríbhinn a thabhairt cothrom le dáta.’ |
|
(16) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 10a An nós imeachta coiste 1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*18). 2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Airteagal 10b Tuairisciú ón gCoimisiún Faoin 20 Iúil 2030 agus ina dhiaidh sin, gach 18 mí tar éis na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a fháil, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo ag na Ballstáit. Airteagal 10c Tuairisciú idirthréimhseach Faoin 6 Bealtaine 2026, seolfaidh na Ballstáit tuarascáil chuimsitheach chuig an gCoimisiún i gcomhréir leis an dara agus an tríú fomhír den Airteagal seo. Léireofar sa tuarascáil chuimsitheach líon na gcuardach uathoibrithe a rinne Ballstát an chiona, líon na gcuardach a díríodh chuig pointí teagmhála náisiúnta Bhallstáit an chlárúcháin, tar éis cionta a rinneadh ar a chríoch, mar aon le cineál na gcionta ar seoladh iarrataí ina leith agus líon na n-iarrataí ar theip orthu. Áireofar freisin sa tuarascáil chuimsitheach tuairisc ar an staid ar an leibhéal náisiúnta i ndáil leis an obair leantach maidir le cionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre, agus í bunaithe ar chionmhaireacht cionta den sórt sin arna leanúint le fógraí maidir le cionta tráchta. (*18) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).’;" |
|
(17) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11: ‘Airteagal 11 Athbhreithniú Faoin 20 Iúil 2030, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo ag na Ballstáit. Beidh togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ag gabháil leis an tuarascáil, más iomchuí, chun athbhreithniú breise a dhéanamh ar an Treoir seo maidir le cionta eile a áireamh, a mhéid a léirítear le sonraí na mBallstát a n-éifeachtaí dearfacha agus inchainníochtaithe ar shábháilteacht ar bhóithre.’ |
|
(18) |
cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn I; |
|
(19) |
scriostar Iarscríbhinn II. |
Airteagal 2
Trasuí
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 20 Iúil 2027. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Cinnfidh na Ballstáit an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) IO C 228, 29.6.2023, lch. 154.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 16 Nollaig 2024.
(3) Treoir (AE) 2015/413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (IO L 68, 13.3.2015, lch. 9).
(4) Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla (IO L 130, 1.5.2014, lch. 1).
(5) Cinneadh Réime 2005/214/CGB ón gComhairle an 24 Feabhra 2005 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar phionóis airgeadais (IO L 76, 22.3.2005, lch. 16).
(6) IO C 197, 12.7.2000, lch. 3.
(7) Treoir 2010/64/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gceart chun ateangaireachta agus chun aistriúcháin in imeachtaí coiriúla (IO L 280, 26.10.2010, lch. 1).
(8) Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart chun faisnéise in imeachtaí coiriúla (IO L 142, 1.6.2012, lch. 1).
(9) Treoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart rochtana ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí a bhaineann leis an mbarántas gabhála Eorpach, agus leis an gceart go gcuirfí tríú páirtí ar an eolas tráth caillte na saoirse agus chun cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta le linn don tsaoirse a bheith caillte (IO L 294, 6.11.2013, lch. 1).
(10) Treoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le neartú ar ghnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart chun bheith i láthair le linn na trialach in imeachtaí coiriúla (IO L 65, 11.3.2016, lch. 1).
(11) Treoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir leis na coimircí nós imeachta do leanaí atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla (IO L 132, 21.5.2016, lch. 1).
(12) Treoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlí do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus do dhaoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, (IO L 297, 4.11.2016, lch. 1).
(13) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle, (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(14) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(15) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(16) Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).
(17) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(18) Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach) (OI L, L/2024/903, 22.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/903/oj).
(19) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
IARSCRÍBHINN
Eilimintí sonraí is gá chun an cuardach dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (3) a dhéanamh
1. Eilimintí sonraí an chuardaigh tionscnaimh (iarraidh amach)
|
Mír |
M (1) |
Nótaí |
|
Ballstát an chlárúcháin |
M |
Suaitheantas (2) Bhallstát clárúcháin na feithicle |
|
Uimhir chlárúcháin |
M |
Uimhir chlárúcháin iomlán na feithicle |
|
Sonraí a bhaineann leis an gcion agus/nó leis an tseiceáil feithicle |
|
|
|
Suíomh an chiona nó na seiceála feithicle |
M |
Seoladh nó marcáil ciliméadair bóthair ná háite ar tharla an cion nó an tseiceáil feithicle ann |
|
Ballstát an chiona agus/nó na seiceála feithicle |
M |
Suaitheantas (2) Bhallstát an chiona |
|
Údarás inniúil |
M |
Ainm an údaráis inniúil atá i gceannas ar na sonraí a iarraidh nó atá i bhfeighil na n-imeachtaí |
|
Ainm úsáideora |
M |
Ainm úsáideora an duine atá i gceannas ar na sonraí a iarraidh nó atá i bhfeighil na n-imeachtaí |
|
Cás-uimhir |
M |
Cás-uimhir arna soláthar ag an údarás inniúil atá i gceannas ar na himeachtaí a dhéanann iarraidh |
|
Dáta tagartha an chiona agus/nó na seiceála feithicle |
M |
|
|
Am tagartha an chiona agus/nó na seiceála feithicle |
M |
|
|
Cuspóir an chuardaigh |
M |
Cód lena léirítear an cineál ciona tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre mar a liostaítear in Airteagal 2(1) 1. = Tiomáint ar róluas 2. = Tiomáint faoi thionchar an óil 3. = Mainneachtain crios sábhála a úsáid 4. = Mainneachtain stopadh ag solas tráchta dearg 5. = Úsáid lána thoirmiscthe 10. = Tiomáint faoi thionchar drugaí 11. = Mainneachtain clogad sábháilteachta a chaitheamh 12. = Úsáid neamhdhleathach a bhaint as fón póca nó aon ghléas cumarsáide eile le linn tiomána 14. = Mainneachtain spás sábháilte a fhágáil taobh thiar den fheithicil atá chun tosaigh 15. = Scoitheadh contúirteach 16. = Páirceáil chontúirteach nó stopadh contúirteach 17. = Líne amháin nach bhfuil briseadh inti nó níos mó a thrasnú 18. = Tiomáint sa treo mícheart 19. = Mainneachtain urraim a thabhairt do na rialacha maidir le conairí éigeandála a chruthú agus a úsáid nó maidir le slí a ghéilleadh d’fheithiclí seirbhíse éigeandála 20. = Feithicil ró-ualaithe a úsáid 33. = Mainneachtain urraim a thabhairt do na rialacha maidir le srianta rochtana ar fheithiclí 34. = Buille is teitheadh 35. = Mainneachtain urraim a thabhairt do na rialacha ag crosaire comhréidh iarnróid |
2. Eilimintí sonraí arna soláthar mar thoradh ar an gcuardach tionscnaimh arna dhéanamh de bhun Airteagal 4(1) agus (3)
Cuid I. Sonraí a bhaineann le feithiclí a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 4(1) agus (3)
|
Mír |
M/O (4) |
Nótaí (5) |
|
Uimhir chlárúcháin |
M |
(Cód A) Uimhir chlárúcháin iomlán na feithicle |
|
Uimhir fonnaidh/Uimhir aitheantais feithicle (3) |
M |
(Cód E) Uimhir fonnaidh iomlán/uimhir aitheantais feithicle na feithicle |
|
Ballstát an chlárúcháin |
M |
Suaitheantas (6) Bhallstát clárúcháin na feithicle |
|
Déanamh |
M |
(Cód D.1) Déanamh na feithicle e.g. Ford, Opel, Renault |
|
Tuairisc(í) tráchtála ar an bhfeithicil |
M |
(Cód D.3) Tuairisc tráchtála ar an bhfeithicil e.g. Focus, Astra, Megane |
|
Cód catagóire AE |
M |
(Cód J) e.g. N1, M2, N2, L, T |
|
Dáta an chéad chlárúcháin |
M |
(Cód B) Dáta chéad chlárú na feithicle |
|
An dáta clárúcháin dheireanaigh |
M |
(Cód I) Dáta chlárú deireanach na feithicle |
|
Teanga |
M |
Teanga dhoiciméad clárúcháin na feithicle |
|
Fiosrúcháin roimhe seo |
O |
Dátaí na bhfiosrúchán roimhe seo maidir leis an bhfeithicil |
Cuid II. Sonraí a bhaineann le feithiclí a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 4(1) agus (3)
|
Mír |
M/O (7) |
Nótaí (8) |
|
An uasmhais ualaithe atá ceadaithe ar bhonn teicniúil, seachas i gcás gluaisrothar |
M |
(Cód F.1) |
|
An uasmhais ualaithe atá ceadaithe i gcás feithicle atá i seirbhís i mBallstát an chlárúcháin |
M |
(Cód F.2) |
|
An uasmhais ualaithe atá ceadaithe i gcás na feithicle iomláine atá i seirbhís i mBallstát an chlárúcháin |
M |
(Cód F.3) |
|
Mais na feithicle atá i seirbhís agus an cabhalra san áireamh mar aon le feiste cúplála i gcás feithicle tarraingthe atá i seirbhís ó aon chatagóir seachas M1 |
M |
(Cód G) |
|
An líon acastóirí |
M |
(Cód L) |
|
Rothfhad (in mm) |
M |
(Cód M) |
|
I gcás feithiclí a bhfuil mais iomlán os cionn 3 500 kg acu, dáileadh na huasmhaise iomláine atá ceadaithe ar bhonn teicniúil idir na hacastóirí: |
M |
|
|
acastóir 1 (kg) |
(Cód N.1) |
|
|
acastóir 2 (kg), i gcás inarb iomchuí |
(Cód N.2) |
|
|
acastóir 3 (kg), i gcás inarb iomchuí |
(Cód N.3) |
|
|
acastóir 4 (kg), i gcás inarb iomchuí |
(Cód N.4) |
|
|
acastóir 5 (kg), i gcás inarb iomchuí |
(Cód N.5) |
|
|
Uasmhais intarraingthe an leantóra atá ceadaithe ar bhonn teicniúil: |
M |
|
|
le coscáin (kg) |
(Cód O.1) |
|
|
gan choscáin (kg) |
(Cód O.2) |
|
|
Inneall: |
O |
|
|
Cineál breosla nó an fhoinse chumhachta |
|
(Cód P.3) |
|
Cineál EURO |
O |
(Cód V.9) |
Cuid III. Sonraí a bhaineann le sealbhóirí agus úinéirí na bhfeithiclí
|
Mír |
M/O (9) |
Nótaí (10) |
|
Sonraí a bhaineann le sealbhóirí na feithicle |
|
(Cód C.1) Baineann na sonraí le sealbhóir an deimhnithe clárúcháin shonraigh |
|
Sloinne nó ainm an ghnó |
M |
(Cód C.1.1) Úsáidfear réimsí ar leithligh le haghaidh an tsloinne nó ainm an ghnó, inmhíreanna agus teideal arna gcur in iúl i bhformáid inphriontáilte |
|
Céadainm |
M |
(Cód C.1.2) Úsáidfear réimsí ar leithligh le haghaidh céadainm/céadainmneacha agus inisealacha arna gcur in iúl i bhformáid inphriontáilte |
|
Seoladh |
M |
(Cód C.1.3) Úsáidfear réimsí ar leithligh le haghaidh na sráide, uimhir an tí agus an fhorthí, an chóid poist, na háite cónaithe, na tíre cónaithe, etc., agus cuirfear an seoladh in iúl i bhformáid inphriontáilte |
|
Modhanna leictreonacha cumarsáide |
O |
Seoladh ríomhphoist le haghaidh ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 5a(1) |
|
Inscne |
O |
Fireann, baineann. |
|
Dáta breithe |
M |
|
|
Eintiteas dlítheanach |
M |
Duine nádúrtha nó dlítheanach |
|
Áit bhreithe |
O |
|
|
Uimhir aitheantais |
M |
Aitheantóir lena sainaithnítear go huathúil an duine nó an chuideachta |
|
Sonraí a bhaineann le húinéirí na feithicle |
|
(Cód C.2) Baineann na sonraí le húinéir na feithicle |
|
Sloinne nó ainm an ghnó |
M |
(Cód C.2.1) Úsáidfear réimsí ar leithligh le haghaidh an tsloinne nó ainm an ghnó, inmhíreanna agus teideal arna gcur in iúl i bhformáid inphriontáilte |
|
Céadainm |
M |
(Cód C.2.2) Úsáidfear réimsí ar leithligh le haghaidh céadainm/céadainmneacha agus inisealacha arna gcur in iúl i bhformáid inphriontáilte |
|
Seoladh |
M |
(Cód C.2.3) |
|
Modhanna leictreonacha cumarsáide |
O |
Seoladh ríomhphoist le haghaidh ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 5a(1) |
|
Inscne |
O |
Fireann, baineann |
|
Dáta breithe |
M |
|
|
Eintiteas dlítheanach |
M |
Duine nádúrtha nó dlítheanach |
|
Áit bhreithe |
O |
|
|
Uimhir aitheantais |
M |
Aitheantóir lena sainaithnítear go huathúil an duine nó an chuideachta |
Cuid IV. Sonraí a bhaineann le húsáideoirí deiridh na bhfeithiclí
|
Mír |
M/O (11) |
Nótaí |
|
Sonraí a bhaineann le húsáideoirí deiridh na feithicle |
|
Baineann na sonraí le húsáideoir deiridh na feithicle |
|
Sloinne nó ainm an ghnó |
M |
Úsáidfear réimsí ar leithligh le haghaidh an tsloinne nó ainm an ghnó, inmhíreanna agus teideal arna gcur in iúl i bhformáid inphriontáilte |
|
Céadainm |
M |
Úsáidfear réimsí ar leithligh le haghaidh céadainm/céadainmneacha agus inisealacha arna gcur in iúl i bhformáid inphriontáilte |
|
Seoladh |
M |
Úsáidfear réimsí ar leithligh le haghaidh na sráide, uimhir an tí agus an fhorthí, an chóid poist, na háite cónaithe, na tíre cónaithe, etc., agus cuirfear an seoladh in iúl i bhformáid inphriontáilte |
|
Modhanna leictreonacha cumarsáide |
O |
Seoladh ríomhphoist le haghaidh ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 5a(1) |
|
Inscne |
O |
Fireann, baineann |
|
Dáta breithe |
M |
|
|
Eintiteas dlítheanach |
M |
Duine nádúrtha nó dlítheanach |
|
Áit bhreithe |
O |
|
|
Uimhir aitheantais |
M |
Aitheantóir lena sainaithnítear go huathúil an duine nó an chuideachta |
Cuid V. Sonraí, tráth a rinneadh an cion tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre, a bhaineann le sealbhóir agus úinéir na feithicle roimhe sin atá faoi réir an chuardaigh tionscnaimh i Roinn 1 den Iarscríbhinn seo, i gcomhréir le hAirteagal 4a(2)
|
Mír |
M/O (12) |
Nótaí (13) |
|
Sonraí a bhaineann le sealbhóirí na feithicle roimhe seo |
|
(Cód C.1) Baineann na sonraí le sealbhóir an deimhnithe clárúcháin shonraigh |
|
Sloinne nó ainm an ghnó |
M |
(Cód C.1.1) Úsáidfear réimsí ar leithligh le haghaidh an tsloinne nó ainm an ghnó, inmhíreanna agus teideal arna gcur in iúl i bhformáid inphriontáilte |
|
Céadainm |
M |
(Cód C.1.2) Úsáidfear réimsí ar leithligh le haghaidh céadainm/céadainmneacha agus inisealacha arna gcur in iúl i bhformáid inphriontáilte |
|
Seoladh |
M |
(Cód C.1.3) Úsáidfear réimsí ar leithligh le haghaidh na sráide, uimhir an tí agus an fhorthí, an chóid poist, na háite cónaithe, na tíre cónaithe, etc., agus cuirfear an seoladh in iúl i bhformáid inphriontáilte |
|
Modhanna leictreonacha cumarsáide |
O |
Seoladh ríomhphoist le haghaidh ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 5a(1) |
|
Inscne |
O |
Fireann, baineann |
|
Dáta breithe |
M |
|
|
Eintiteas dlítheanach |
M |
Duine nádúrtha nó dlítheanach |
|
Áit bhreithe |
O |
|
|
Uimhir aitheantais |
M |
Aitheantóir lena sainaithnítear go huathúil an duine nó an chuideachta |
|
Sonraí a bhaineann le húinéirí na feithicle roimhe seo |
|
(Cód C.2) Baineann na sonraí le húinéir na feithicle roimhe seo. |
|
Sloinne nó ainm an ghnó |
M |
(Cód C.2.1) Úsáidfear réimsí ar leithligh le haghaidh an tsloinne nó ainm an ghnó, inmhíreanna agus teideal arna gcur in iúl i bhformáid inphriontáilte |
|
Céadainm |
M |
(Cód C.2.2) Úsáidfear réimsí ar leithligh le haghaidh céadainm/céadainmneacha agus inisealacha arna gcur in iúl i bhformáid inphriontáilte |
|
Seoladh |
M |
(Cód C.2.3) |
|
Modhanna leictreonacha cumarsáide |
O |
Seoladh ríomhphoist le haghaidh ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 5a(1) |
|
Inscne |
O |
Fireann, baineann |
|
Dáta breithe |
M |
|
|
Eintiteas dlítheanach |
M |
Duine nádúrtha nó dlítheanach |
|
Áit bhreithe |
O |
|
|
Uimhir aitheantais |
M |
Aitheantóir lena sainaithnítear go huathúil an duine nó an chuideachta |
Cuid VI. Sonraí, tráth a rinneadh an cion, a bhaineann le húsáideoir deiridh na feithicle roimhe sin atá faoi réir an chuardaigh tionscnaimh i Roinn 1 den Iarscríbhinn seo, i gcomhréir le hAirteagal 4a(2)
|
Mír |
M/O (14) |
Nótaí |
|
Sonraí a bhaineann le húsáideoirí deiridh na feithicle roimhe seo |
|
Baineann na sonraí le húsáideoir deiridh na feithicle roimhe seo |
|
Sloinne nó ainm an ghnó |
M |
Úsáidfear réimsí ar leithligh le haghaidh an tsloinne nó ainm an ghnó, inmhíreanna agus teideal arna gcur in iúl i bhformáid inphriontáilte |
|
Céadainm |
M |
Úsáidfear réimsí ar leithligh le haghaidh céadainm/céadainmneacha agus inisealacha arna gcur in iúl i bhformáid inphriontáilte |
|
Seoladh |
M |
Úsáidfear réimsí ar leithligh le haghaidh na sráide, uimhir an tí agus an fhorthí, an chóid poist, na háite cónaithe, na tíre cónaithe, etc., agus cuirfear an seoladh in iúl i bhformáid inphriontáilte |
|
Modhanna leictreonacha cumarsáide |
O |
Seoladh ríomhphoist le haghaidh ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 5a(1) |
|
Inscne |
O |
Fireann, baineann |
|
Dáta breithe |
M |
|
|
Eintiteas dlítheanach |
M |
Duine nádúrtha nó dlítheanach |
|
Áit bhreithe |
O |
|
|
Uimhir aitheantais |
M |
Aitheantóir lena sainaithnítear go huathúil an duine nó an chuideachta |
(1) M = cur in iúl éigeantach na heiliminte sonraí.
(2) Suaitheantas i gcomhréir le hAirteagal 37 den Choinbhinsiún maidir le trácht ar bhóithre, a rinneadh i Vín an 8 Samhain 1968, nó an cód de Bhallstát EUCARIS.
(3) uimhir aitheantais na feithicle
(4) M = Cur in iúl éigeantach na heiliminte sonraí i gcás ina bhfuil sí ar fáil in aon chlár náisiúnta de chuid Ballstáit, O = Cur in iúl roghnach na heiliminte sonraí.
(5) Comhchuibhítear na cóid i gcomhréir le hIarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 1999/37/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 maidir leis na doiciméid chlárúcháin le haghaidh feithiclí (IO L 138, 1.6.1999, lch. 57).
(6) Suaitheantas i gcomhréir le hAirteagal 37 den Choinbhinsiún maidir le trácht ar bhóithre, a rinneadh i Vín an 8 Samhain 1968, nó an cód de Bhallstát EUCARIS.
(7) M = Cur in iúl éigeantach na heiliminte sonraí i gcás ina bhfuil sí ar fáil in aon chlár náisiúnta de chuid Ballstáit, O = Cur in iúl roghnach na heiliminte sonraí.
(8) Comhchuibhítear na cóid i gcomhréir le hIarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 1999/37/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 maidir leis na doiciméid chlárúcháin le haghaidh feithiclí (IO L 138, 1.6.1999, lch. 57).
(9) M = Cur in iúl éigeantach na heiliminte sonraí i gcás ina bhfuil sí ar fáil in aon chlár náisiúnta de chuid Ballstáit, O = Cur in iúl roghnach na heiliminte sonraí.
(10) Comhchuibhítear na cóid i gcomhréir le hIarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 1999/37/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 maidir leis na doiciméid chlárúcháin le haghaidh feithiclí (IO L 138, 1.6.1999, lch. 57).
(11) M = Cur in iúl éigeantach na heiliminte sonraí i gcás ina bhfuil sí ar fáil in aon chlár náisiúnta de chuid Ballstáit, O = Cur in iúl roghnach na heiliminte sonraí.
(12) M = Cur in iúl éigeantach na heiliminte sonraí i gcás ina bhfuil sí ar fáil in aon chlár náisiúnta de chuid Ballstáit, O = Cur in iúl roghnach na heiliminte sonraí.
(13) Comhchuibhítear na cóid i gcomhréir le hIarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 1999/37/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 maidir leis na doiciméid chlárúcháin le haghaidh feithiclí (IO L 138, 1.6.1999, lch. 57).
(14) M = Cur in iúl éigeantach na heiliminte sonraí i gcás ina bhfuil sí ar fáil in aon chlár náisiúnta de chuid Ballstáit, O = Cur in iúl roghnach na heiliminte sonraí.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/3237/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)