Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024L1711

    Treoir (AE) 2024/1711 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leasaítear Treoracha (AE) 2018/2001 agus (AE) 2019/944 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais san Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    PE/2/2024/REV/1

    IO L, 2024/1711, 26.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1711/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1711/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1711

    26.6.2024

    TREOIR (AE) 2024/1711 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 13 Meitheamh 2024

    lena leasaítear Treoracha (AE) 2018/2001 agus (AE) 2019/944 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais san Aontas

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá tugtha faoi deara go bhfuil praghsanna an-ard agus luaineacht sna margaí leictreachais ó bhí mí Mheán Fómhair 2021 ann. Mar a leag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) amach ina measúnú deiridh ar dhearadh mhargadh mórdhíola leictreachais an Aontais i mí Aibreáin 2022, is toradh é an méid sin a bhaineann go príomha leis an bpraghas ard gáis, a úsáidtear mar ionchur chun leictreachas a ghiniúint.

    (2)

    Mar thoradh ar an ngéarú ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar Páirtí Conarthach de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh (4) í, agus leis na smachtbhannaí idirnáisiúnta gaolmhara ó bhí mí Feabhra 2022 ann, bhí géarchéim gáis ann, cuireadh isteach ar na margaí fuinnimh domhanda, chuaigh an fhadhb a bhaineann le praghsanna arda gáis in olcas, agus imríodh tionchair mhóra iarmhartacha ar phraghsanna leictreachais. Tá cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ina chúis le héiginnteacht maidir le soláthar tráchtearraí eile freisin, amhail gual crua agus amhola, ar tráchtearraí iad a úsáideann suiteálacha giniúna cumhachta. Mar thoradh ar an éiginnteacht sin, tá méadú breise substaintiúil tagtha ar an luaineacht i bpraghsanna leictreachais. Cuireadh leis an méadú ar phraghsanna leictreachais de bharr nach raibh an fháil chéanna ar roinnt imoibreoirí núicléacha agus de bharr an aschuir ísil hidreachumhachta.

    (3)

    Mar fhreagairt ar an staid sin, mhol an Coimisiún, sa Teachtaireacht uaidh an 13 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal Tackling rising energy prices: a toolbox for action and support [Dul i ngleic le hardú sna praghsanna fuinnimh: bosca uirlisí le haghaidh gníomhaíochta agus tacaíochta], bosca uirlisí de bhearta a fhéadfaidh an tAontas agus a Bhallstáit a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar láithreach atá ag praghsanna arda fuinnimh ar chustaiméirí teaghlaigh agus ar ghnólachtaí, lena n-áirítear tacaíocht ioncaim, buntáistí cánach, coigilteas fuinnimh agus bearta stórála agus chun athléimneacht in aghaidh suaitheadh praghsanna amach anseo a neartú. Sa teachtaireacht uaidh an 8 Márta 2022 dar teideal REPowerEU: Joint European Action for more affordable, secure and sustainable energy [REPowerEU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe], leag an Coimisiún amach sraith beart breise chun an bosca uirlisí a neartú agus chun freagairt ar phraghsanna fuinnimh atá ag ardú. An 23 Márta 2022, bhunaigh an Coimisiún creat sealadach maidir le Státchabhair freisin chun fóirdheontais áirithe a cheadú chun tionchar na bpraghsanna arda fuinnimh a mhaolú.

    (4)

    Sa teachtaireacht uaidh an 18 Bealtaine 2022 chur an Coimisiúin a Phlean ‘REPowerEU’ in iúl lenar tugadh isteach bearta breise lena ndírítear ar choigilteas fuinnimh, éagsúlú soláthairtí fuinnimh, sprioc maidir le níos mó éifeachtúlacht fuinnimh agus rolladh amach luathaithe an fhuinnimh in-athnuaite arb é is aidhm dó spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú, lena n-áirítear togra chun sprioc 2030 an Aontais maidir le holltomhaltas deiridh fuinnimh in-athnuaite a mhéadú go 45 %. Thairis sin, sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 dar teideal Communication on Short-Term Energy Market Interventions and Long-Term Improvements to the Electricity Market Design – a course for action [Teachtaireacht maidir le hIdirghabhálacha Gearrthéarmacha sa Mhargadh Fuinnimh agus Feabhsuithe Fadtéarmacha ar Dhearadh an Mhargaidh Leictreachais – plean gníomhaíochta], anuas ar bhearta gearrthéarmacha breise a leagan amach chun dul i ngleic le praghsanna arda fuinnimh, sainaithníodh réimsí ina bhféadfaí feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais agus fógraíodh an rún chun measúnú a dhéanamh ar na réimsí sin d’fhonn an creat reachtach a athrú.

    (5)

    Chun aghaidh a thabhairt go práinneach ar ghéarchéim na bpraghsanna fuinnimh agus ar ábhair imní slándála agus chun dul i ngleic leis na harduithe praghsanna ar son na saoránach, ghlac an tAontas roinnt gníomhartha dlí, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), lena mbunaítear córas láidir stórála gáis, agus Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle (6), lena bhforáiltear do bhearta éifeachtacha maidir le laghdú ar éileamh ar ghás agus ar leictreachas, Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle (7), lena mbunaítear córais teorannaithe praghsanna chun brabúis amhantair a sheachaint i margaí an gháis agus an leictreachais araon, agus Rialachán (AE) 2022/2577 ón gComhairle (8), lena mbunaítear bearta chun dlús a chur leis na nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh suiteálacha fuinnimh in-athnuaite.

    (6)

    Le margadh fuinnimh dea-chomhtháite a chuireann le Rialacháin (AE) 2018/1999 (9), (AE) 2019/942 (10) agus (AE) 2019/943 (11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoracha (AE) 2018/2001 (12), (AE) 2018/2002 (13) agus (AE) 2019/944 (14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ar a dtugtar go coitianta, i dteannta a chéile, an pacáiste ‘Fuinneamh glan do gach Eorpach’ a glacadh in 2018 agus in 2019, cuirtear ar chumas an Aontais leas a bhaint as na tairbhí eacnamaíocha a bhaineann le margadh aonair fuinnimh i ngach uile chás agus áirithítear slándáil an tsoláthair agus cothaítear an próiseas dícharbónúcháin chun cuspóir an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach. Leis an idirnascacht trasteorann, áirithítear freisin go n-oibreoidh na córais cumhachta ar bhealach níos sábháilte, níos iontaofa agus níos éifeachtúla agus go mbeidh athléimneacht níos fearr ann i gcás turraingí gearrthéarmacha praghsanna.

    (7)

    Chun an margadh inmheánach fuinnimh a neartú agus cuspóirí an aistrithe aeráide agus fuinnimh a bhaint amach, ní mór uasghrádú suntasach a dhéanamh ar ghréasán leictreachais an Aontais chun déileáil leis na méaduithe iomadúla ar acmhainneacht giniúna fuinnimh in-athnuaite, agus inathraitheacht atá spleách ar an aimsir sna méideanna giniúna agus patrúin sreafa leictreachais ar fud an Aontais, agus a bheith in ann aghaidh a thabhairt ar éileamh nua, amhail, feithiclí leictreacha agus teaschaidéil. Tá infheistíocht in eangacha, laistigh de theorainneacha agus trasna teorainneacha, ríthábhachtach d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh leictreachais, lena n-áirítear slándáil an tsoláthair. Ní mór an infheistíocht sin a dhéanamh chun fuinneamh in-athnuaite agus éileamh a chomhtháthú i gcomhthéacs ina bhfuil siad suite níos faide ó chéile ná mar a bhí san am a chuaigh thart agus, ar deireadh, chun spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart d’aon athchóiriú ar mhargadh leictreachais an Aontais cur le gréasán leictreachais Eorpach níos comhtháite, d’fhonn a áirithiú go mbainfidh gach Ballstát leibhéal idirnascachta leictreachais amach i gcomhréir leis an sprioc idirnasctha leictreachais do 2030 de 15 % ar a laghad de bhun Airteagal 4, pointe (d)(1), de Rialachán (AE) 2018/1999, go n-úsáidfear an acmhainneacht idirnasctha sin a mhéid is féidir le haghaidh trádáil trasteorann agus go ndéanfar bonneagar gréasáin leictreachais agus nascachta an Aontais a thógáil nó a uasghrádú, amhail tionscadail leasa choitinn an Aontais arna mbunú de bhun Rialachán (AE) 2022/869 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Ba cheart nascacht leordhóthanach a sholáthar do shaoránaigh agus do ghnóthais uile an Aontais toisc go bhféadfadh sin deiseanna móra a chruthú dóibh maidir lena bheith rannpháirteach san aistriú fuinnimh agus i gclaochlú digiteach an Aontais. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena n-aithnítear na srianta sonracha atá orthu agus lena bhforáiltear do bhearta sonracha a ghlacadh ina leith.

    (8)

    Le dearadh an mhargaidh leictreachais atá ann faoi láthair, inter alia, cuidíodh le teacht chun cinn táirgí, seirbhísí agus beart nua agus nuálach maidir le margaí leictreachais miondíola, lena dtacaítear leis an éifeachtúlacht fuinnimh agus le glacadh an fhuinnimh in-athnuaite agus lena bhfeabhsaítear roghanna chun cuidiú le tomhaltóirí a mbillí fuinnimh a laghdú lena n-áirítear trí shuiteálacha giniúna mionscála agus trí sheirbhísí atá ag teacht chun cinn chun freagairt don éileamh a sholáthar. Is príomheilimint de na margaí agus de na córais leictreachais san Aontas amach anseo é tógáil ar acmhainneacht dhigitiú an chórais fuinnimh agus an acmhainneacht sin a thapú, amhail rannpháirtíocht ghníomhach tomhaltóirí. An tráth céanna, is gá roghanna tomhaltóirí a urramú agus é a chur ar a gcumas na dtomhaltóirí tairbhiú de thairiscintí éagsúla conarthacha, agus chustaiméirí teaghlaigh a chosaint ar phraghsanna arda le linn géarchéim fuinnimh. Beartaítear comhtháthú an chórais fuinnimh mar phleanáil agus oibriú an chórais fuinnimh ina iomláine, ar fud an iliomad iompróirí fuinnimh, bonneagar, agus earnálacha tomhaltais, trí naisc níos láidre a chruthú eatarthu, i sineirge le chéile agus le tacaíocht ón digitiú, agus é mar chuspóir leis sin fuinneamh slán, inacmhainne, iontaofa agus inbhuanaithe a sholáthar.

    (9)

    I gcomhthéacs na géarchéime fuinnimh, léirigh dearadh an mhargaidh leictreachais atá ann faoi láthair go bhfuil roinnt easnamh agus iarmhairtí neamhthuartha ann a bhaineann leis an tionchar a bhíonn ag praghsanna arda luaineacha breoslaí iontaise ar mhargaí leictreachais gearrthéarmacha, rud a fhágann nach bhfuil cosaint ag teaghlaigh agus gnóthais ar mhéaduithe suntasacha ar phraghsanna agus ar na héifeachtaí a fheictear mar gheall orthu ina mbillí leictreachais.

    (10)

    Is é imscaradh níos tapúla fuinnimh in-athnuaite agus teicneolaíochtaí solúbtha glana an bealach is inbhuanaithe agus is costéifeachtaí chun an t-éileamh ar bhreoslaí iontaise le haghaidh giniúint leictreachais a laghdú go struchtúrach agus chun tomhaltas díreach leictreachais a chumasú tríd an éileamh ar fhuinneamh a leictriú agus trí chomhtháthú an chórais fuinnimh. Mar gheall ar a gcostais oibriúcháin ísle, is féidir le foinsí in-athnuaite tionchar dearfach a bheith acu ar phraghsanna leictreachais ar fud an Aontais agus tomhaltas breoslaí iontaise a laghdú.

    (11)

    Leis na hathruithe ar dhearadh an mhargaidh leictreachais, ba cheart a áirithiú go dtabharfaí do na tomhaltóirí, lena n-áirítear na tomhaltóirí is leochailí, na tairbhí a bhaineann leis an méadú ar imscaradh na cumhachta in-athnuaite, agus na tairbhí a bhaineann leis an aistriú fuinnimh ina iomláine, agus ar deireadh, go ndéanfaí iad a chosaint ar ghéarchéimeanna fuinnimh agus nach dtitfeadh níos mó custaiméirí teaghlaigh i sáinn na bochtaineachta fuinnimh. Leis na hathruithe sin, ba cheart an tionchar atá ag praghsanna arda breoslaí iontaise, go háirithe praghsanna gáis, ar phraghsanna leictreachais a mhaolú, agus é mar aidhm a chur ar chumas custaiméirí teaghlaigh agus gnóthas tairbhe a bhaint as fuinneamh inacmhainne slán ó fhoinsí inbhuanaithe in-athnuaite agus ísealcharbóin san fhadtéarma, chomh maith leis an ról atá ag réitigh atá tíosach ar fhuinneamh maidir le costais fhoriomlána fuinnimh a laghdú, rud a d’fhéadfadh an gá atá le méadú ar an eangach chumhachta agus ar an acmhainneacht ghiniúna a laghdú.

    (12)

    Is é is aidhm don athchóiriú ar dhearadh an mhargaidh leictreachais praghsanna leictreachais inacmhainne agus iomaíocha a bhaint amach do gach tomhaltóir. Mar sin, ba cheart don athchóiriú sin dul chun tairbhe ní hamháin do chustaiméirí teaghlaigh ach d’iomaíochas thionscail an Aontais chomh maith tríd an infheistíocht i dteicneolaíocht ghlan a éascú nach mór dóibh a dhéanamh chun go n-éireoidh leo ar a gconairí aistrithe i dtreo aeráidneodrachta a éascú. Ní mór bonn láidir monaraíochta teicneolaíochta glaine a bheith faoin aistriú fuinnimh san Aontas. Leis na hathchóirithe sin, tacófar le leictriú inacmhainne an tionscail agus le seasamh an Aontais mar cheannaire domhanda i dtéarmaí taighde agus nuálaíochta i dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain.

    (13)

    Is minic a bhíonn moill ar na nósanna imeachta maidir le nascadh leis an eangach i gcás suiteálacha nua giniúna agus éilimh, go háirithe gléasraí fuinnimh in-athnuaite. Ar cheann de na cúiseanna leis na moilleanna sin, tá an easpa acmhainneachta eangaí atá ar fáil ag an suíomh a roghnaíonn an t-infheisteoir, rud a fhágann gur gá síntí nó treisithe eangaí a dhéanamh chun na suiteálacha a nascadh leis an gcóras ar bhealach sábháilte. Le ceanglas nua ar oibreoirí córais leictreachais, ar an leibhéal tarchurtha agus ar an leibhéal dáileacháin araon, faisnéis maidir leis an acmhainneacht atá ar fáil le haghaidh naisc nua ina limistéir oibriúcháin a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta, is fusa a bheadh sé ag infheisteoirí teacht ar fhaisnéis maidir le hacmhainneacht na heangaí atá ar fáil laistigh den chóras agus ar an gcaoi sin chuirfí dlús leis an gcinnteoireacht, agus chuirfeadh sin dlús leis an imscaradh is gá a dhéanamh ar fhuinneamh in-athnuaite. Ba cheart d’oibreoirí córais dáileacháin an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, gach ráithe ar a laghad. Cé gur cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh gan an ceanglas sin a chur i bhfeidhm maidir le gnóthais leictreachais a fhreastalaíonn ar níos lú ná 100 000 custaiméir nasctha nó a fhreastalaíonn ar chórais bheaga scoite, ba cheart dóibh a mholadh do na gnóthais sin an fhaisnéis sin a sholáthar d’úsáideoirí córais uair sa bhliain agus ba cheart dóibh comhar idir oibreoirí córais dáileacháin a chur chun cinn chun na críche sin. Ba cheart d’oibreoirí córas dáileacháin na critéir a úsáidtear chun na hacmhainneachtaí eangaí atá ar fáil a chinneadh a fhoilsiú freisin, amhail na hacmhainní éilimh agus giniúna atá ann cheana, na toimhdí a dhéantar chun measúnú a dhéanamh an bhféadfaí úsáideoirí breise córais a chomhtháthú a thuilleadh, an fhaisnéis ábhartha maidir le ciorrú fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ann, agus an choinne atá le forbairtí ábhartha gréasáin a bheidh ann amach anseo.

    (14)

    Thairis sin, chun dul i ngleic le fadhb na n-agaí fada freagra maidir le hiarrataí ar nascadh leis an eangach, ba cheart d’oibreoirí córais dáileacháin faisnéis shoiléir thrédhearcach a sholáthar d’úsáideoirí córais maidir le stádas agus láimhseáil a n-iarrataí ar nasc. Ba cheart d’oibreoirí córais dáileacháin an fhaisnéis sin a sholáthar laistigh de thréimhse trí mhí ó dháta tíolactha na hiarrata agus í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, uair sa ráithe ar a laghad.

    (15)

    I limistéir ina bhfuil acmhainneacht theoranta gréasáin ag eangacha leictreachais nó nach bhfuil acmhainneacht ghréasáin ar bith acu, ba cheart d’úsáideoirí gréasáin atá ag iarraidh nascadh leis an eangach a bheith in ann tairbhe a bhaint as comhaontú nasctha neamhdhaingean solúbtha a bhunú. Leis an gcomhaontú nasctha sin, mar shampla, chuirfí stóráil fuinnimh san áireamh nó chuirfí teorainn leis na hamanna inar féidir le gléasra cumhachta giniúna leictreachas a instealladh san eangach nó leis an acmhainneacht is féidir a onnmhairiú, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí é a nascadh go páirteach. Ba cheart d’oibreoirí córais an deis a thabhairt naisc sholúbtha a bhunú sna limistéir sin. Ba cheart don údarás rialála nó údarás inniúil eile, i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, creataí a fhorbairt d’oibreoirí córais chun naisc sholúbtha den sórt sin a bhunú, lena n-áiritheofar go dtabharfar tosaíocht do threisithe gréasáin lena soláthraítear na réitigh struchtúracha, go ndaingneofar comhaontuithe nasctha a luaithe a bheidh na gréasáin réidh, go gcumasófar naisc sholúbtha mar réiteach buan ar limistéir nach bhfuil an treisiú gréasáin éifeachtúil iontu agus, a mhéid is féidir, go mbeidh siad in ann infheictheacht a thabhairt do na húsáideoirí gréasáin atá ag iarraidh nascadh leis an eangach maidir le leibhéil an chiorraithe a bhfuiltear ag súil leo faoin gcomhaontú nasctha sholúbtha.

    (16)

    Le linn na géarchéime fuinnimh, bhí tomhaltóirí neamhchosanta ar phraghsanna mórdhíola fuinnimh a bhí an-luaineach agus ní raibh ach deiseanna teoranta acu páirt a ghlacadh sa mhargadh fuinnimh. Dá réir sin, bhí deacrachtaí airgeadais ag roinnt mhaith custaiméirí teaghlaigh agus ní raibh siad in ann a mbillí a íoc. Is iad na custaiméirí leochaileacha agus na custaiméirí a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh is mó a buaileadh, ach bhí custaiméirí teaghlaigh meánioncaim neamhchosanta ar na deacrachtaí sin freisin. D’fhéadfadh tionchar diúltach freisin a bheith ag praghsanna arda fuinnimh ar shláinte, dea-bhail agus cáilíocht fhoriomlán saoil na dtomhaltóirí. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, cearta agus cosaint tomhaltóirí a fheabhsú, rud a ligfidh do thomhaltóirí tairbhiú den aistriú fuinnimh, a mbillí leictreachais a dhíchúpláil ó ghluaiseachtaí praghsanna gearrthéarmacha ar mhargaí fuinnimh agus an riosca idir soláthróirí agus tomhaltóirí a athchothromú.

    (17)

    Ba cheart rochtain a bheith ag tomhaltóirí ar raon leathan tairiscintí ionas gur féidir leo conradh a roghnú de réir a riachtanas. Mar sin féin, laghdaigh soláthróirí a dtairiscintí, d’éirigh conarthaí soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe tearc, agus tá an rogha tairiscintí teoranta. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag tomhaltóirí i gcónaí conradh soláthar leictreachais inacmhainne ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe a roghnú agus níor cheart do sholáthróirí a bheith in ann, go haontaobhach, na téarmaí agus na coinníollacha sa chonradh sin a mhodhnú ná an conradh a fhoirceannadh sula dtiocfaidh sé in aibíocht. Beidh conarthaí praghsála dinimiciúla fós bunriachtanach agus beifear fós in ann cabhrú le tomhaltóirí a mbillí fuinnimh a laghdú trí dhul i bhfód méadaitheach na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann soláthróirí a fhreastalaíonn ar bhreis agus 200 000 custaiméir deiridh nach dtairgeann ach conarthaí praghsála dinimiciúla a dhíolmhú ón oibleagáid conarthaí soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe a thairiscint, ar choinníoll nach mbeidh tionchar diúltach ag an díolmhú sin ar iomaíocht agus go gcoinneoidh sé rogha leordhóthanach maidir le conarthaí soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe.

    (18)

    I gcás nach n-áirithíonn soláthróirí go bhfuil a bpunann leictreachais fálaithe go leordhóthanach, d’fhéadfaidís a bheith i mbaol airgeadais de dheasca athruithe ar phraghsanna mórdhíola leictreachais agus d’fhéadfadh sé go gclisfidís dá dtoradh, agus go gcuirfí na costais ar aghaidh chuig tomhaltóirí agus úsáideoirí gréasáin eile. Dá bhrí sin, ba cheart soláthróirí a bheith fálaithe go hiomchuí agus conarthaí soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe á dtairiscint acu. Ba cheart rochtain na soláthróirí ar a nginiúint féin agus ar a gcaipitliú féin chomh maith lena neamhchosaint ar athruithe ar phraghsanna margaidh mórdhíola, méid an tsoláthróra nó struchtúr an mhargaidh a chur san áireamh i straitéis iomchuí fálaithe. Is féidir a áirithiú go mbeidh straitéisí iomchuí fálaithe ann trí bhíthin rialacha ginearálta a ndéantar maoirseacht orthu gan athbhreithniú sonrach a dhéanamh ar shuíomhanna ná ar straitéisí soláthróirí aonair. D’fhéadfaí tástálacha struis agus ceanglais tuairiscithe ar sholáthróirí a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar straitéisí fálaithe soláthróirí.

    (19)

    Ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann rogha a dhéanamh maidir leis an soláthróir a thairgeann an praghas agus an tseirbhís is fearr a oireann dá riachtanais dóibh. A bhuí leis an dul chun cinn a rinneadh i dteicneolaíocht méadraithe agus fomhéadraithe, agus i dteicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide freisin, is féidir anois, go teicniúil, iliomad soláthróirí a bheith ann le haghaidh áitreabh aonair. Ba cheart do chustaiméirí a bheith in ann soláthróir ar leith a roghnú, go háirithe i gcás leictreachas chuig fearais chumhachta amhail teaschaidéil nó feithiclí leictreacha a bhfuil tomhaltas an-ard acu nó a bhfuil sé de chumas acu freisin a dtomhaltas leictreachais a aistriú go huathoibríoch mar fhreagairt ar chomharthaí praghais. Chun na críche sin, ba cheart cead a bheith ag custaiméirí níos mó ná pointe méadraithe agus billeála amháin a chumhdach leis an bpointe nasctha aonair dá n-áitreabh, ionas go bhféadfaí fearais éagsúla a mhéadrú agus a sholáthar ar leithligh. Ba cheart idirdhealú soiléir a bheidh déanta idir pointí méadraithe agus ba cheart dóibh na rialacha teicniúla is infheidhme a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit na rialacha maidir le leithdháileadh na gcostas gaolmhar a chinneadh. Is féidir le córais méadraithe chliste airithe níos mó ná pointe méadraithe amháin a chumhdach go díreach, agus dá bhrí sin, cuireann siad ar chumas custaiméirí níos mó ná conradh soláthair leictreachais nó comhaontú comhroinnte fuinnimh amháin a bheith acu an tráth céanna. Níor cheart an fhreagracht as cothromú a bheith ar sholáthróirí ach maidir leis na pointí méadraithe agus billeála dá soláthraíonn siad. Thairis sin, trí úsáid réiteach tomhais tiomnaithe a chumasú, atá ceangailte d’fhearais nó atá leabaithe iontu, fearais ina bhfuil ualaí solúbtha inrialaithe, is féidir le custaiméirí deiridh páirt a ghlacadh i scéimeanna eile um fhreagairt don éileamh atá bunaithe ar dhreasachtaí lena soláthraítear seirbhísí solúbthachta ar an margadh leictreachais agus d’oibreoirí córais tarchurtha agus d’oibreoirí córais dáileacháin. Ar an iomlán, ba cheart na socruithe sin a bheith comhoiriúnach le comhroinnt fuinnimh agus rannchuidiú leis an méadú ar ghlacadh na freagartha don éileamh agus le cumhachtú tomhaltóirí ionas go mbeidh tuilleadh smachta ag custaiméirí ar a n-úsáid fuinnimh agus ar a mbillí, agus solúbthacht bhreise á soláthar don chóras leictreachais chun déileáil le luaineachtaí éilimh agus soláthair.

    (20)

    Mar gheall ar chastacht mhéadaitheach na dtairiscintí fuinnimh agus na gcleachtas margaíochta éagsúil, is minic a bhíonn deacrachtaí ag tomhaltóirí na himpleachtaí a bhaineann le tairiscintí soláthróirí nó leis an gconradh a shíníonn siad a thuiscint go hiomlán. Go háirithe, is minic a bhíonn easpa soiléireachta ann maidir leis an gcaoi a socraítear an praghas, maidir leis na coinníollacha chun conradh a athnuachan, maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann le conradh a fhoirceannadh nó maidir leis na cúiseanna leis na téarmaí agus na coinníollacha a athrú ag an soláthróir. Dá bhrí sin, ba cheart do sholáthróirí nó do rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú an fhaisnéis ríthábhachtach maidir le tairiscintí fuinnimh a sholáthar do thomhaltóirí ar bhealach atá gonta agus sothuigthe sula dtugtar i gcrích conradh nó sula gcuirtear síneadh le conartha.

    (21)

    Chun leanúnachas an tsoláthair a áirithiú do thomhaltóirí go háirithe i gcásanna ina gcliseann an soláthróir, ba cheart do na Ballstáit córas sholáthróir na dála deiridh a bheith i bhfeidhm acu. Ba cheart a bheith in ann soláthróir na dála deiridh a cheapadh sula dteipfidh ar an soláthróir nó tráth a theipeann air. Féadfar déileáil le soláthróir na dála deiridh sin mar sholáthraí seirbhíse uilíche. D’fhéadfadh soláthróir na dála deiridh a bheith ina rannóg díolacháin i ngnóthas atá comhtháite go hingearach, a dhéanann feidhmeanna dáileacháin freisin, ar choinníoll go gcomhlíonann sé ceanglais Threoir (AE) 2019/944 maidir le díchuachadh. Ní thugtar le tuiscint leis sin, áfach, go bhfuil oibleagáid ar na Ballstáit soláthar a dhéanamh ar phraghas íosta socraithe áirithe. I gcás ina gcuirfidh Ballstát oibleagáid ar sholáthróir na dála deiridh leictreachas a sholáthar do chustaiméir nach bhfaigheann tairiscintí margadhbhunaithe, beidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2019/944, agus ní fhéadfaidh baint a bheith ag an oibleagáid sin le praghas rialáilte ach amháin a mhéid atá an custaiméir sin i dteideal tairbhe a bhaint as praghsanna rialáilte. Agus measúnú á dhéanamh acu an bhfuil tairiscintí a fhaigheann custaiméirí neamhtheaghlaigh bunaithe ar an margadh, ba cheart do na Ballstáit na himthosca aonair tráchtála agus teicniúla a chur san áireamh. Más rud é, roimh an 16 Iúil 2024 go bhfuil soláthróir na dála deiridh ceaptha ag Ballstát cheana féin trí nós imeachta cothrom trédhearcach neamh-idirdhealaitheach, ní gá nós imeachta nua a reáchtáil chun soláthróir na dála deiridh a cheapadh.

    (22)

    Le comhroinnt fuinnimh, is féidir athléimneacht a chruthú in aghaidh éifeachtaí phraghsanna arda luaineacha an mhargaidh mórdhíola ar bhillí fuinnimh na dtomhaltóirí, cumhachtaítear do ghrúpa níos leithne tomhaltóirí nach bhfuil an rogha eile acu a bheith ina gcustaiméir gníomhach mar gheall ar shrianta airgeadais nó spásúla, amhail custaiméirí atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh agus custaiméirí leochaileacha, agus mar thoradh air sin tagann méadú ar ghlacadh an fhuinnimh in-athnuaite trí infheistíocht breise caipitil phríobháidigh a shlógadh agus trí chonairí luacha saothair a éagsúlú. Le comhtháthú na gcomharthaí praghais agus na saoráidí stórála iomchuí, is féidir le comhroinnt leictreachais cuidiú leis an dúshraith a leagan síos chun cuidiú le leas a bhaint as acmhainneacht solúbthachta na dtomhaltóirí beaga. Comhlánaítear leis na forálacha a leagtar síos sa Treoir seo maidir le comhroinnt fuinnimh na forálacha a bhaineann le féintomhaltas a leagtar síos in Airteagal 21 de Threoir (AE) 2018/2001 agus in Airteagal 15 de Threoir (AE) 2019/944, go háirithe maidir le féintomhaltas comhchoiteann.

    (23)

    Custaiméirí gníomhacha a bhfuil saoráidí stórála nó giniúna faoina n-úinéireacht nó a bhfuil saoráidí stórála nó giniúna acu ar léas nó ar cíos, ba cheart an ceart a bheith acu chun rótháirgeadh a chomhroinnt ar phraghas nó saor in aisce agus tomhaltóirí eile a chumhachtú chun bheith ina gcustaiméirí gníomhacha, nó chun an fuinneamh in-athnuaite arna ghiniúint nó arna stóráil ag saoráidí atá ar léas, ar cíos nó faoi úinéireacht chomhpháirteach agus ina bhfuil suas le 6 MW d’acmhainneacht a chomhroinnt go díreach nó trí eagraí tríú páirtí. I gcás custaiméirí a bhíonn rannpháirteach i scéimeanna comhroinnte fuinnimh ar mó ná fiontair bheaga agus mheánmhéide iad, ba cheart uasmhéid de 6 MW a bheith i dtoilleadh suiteáilte na saoráide giniúna a bhaineann leis an scéim comhroinnte fuinnimh agus ba cheart an chomhroinnt fuinnimh a dhéanamh laistigh de limistéar geografach áitiúil nó teoranta, arna shainiú ag na Ballstáit. Is féidir aon íocaíocht i leith comhroinnt rótháirgthe ar phraghas a shocrú go díreach idir custaiméirí gníomhacha nó a uathoibriú trí ardán trádála idir piaraí. Bunaítear socruithe comhroinnte fuinnimh ar chomhaontú conarthach príobháideach idir custaiméirí gníomhacha nó eagraítear iad trí eintiteas dlíthiúil. Eintiteas dlíthiúil a ionchorpraíonn na critéir maidir le comhphobal fuinnimh in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe(16), de Threoir (AE) 2018/2001 nó pobal fuinnimh saoránach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir (AE) 2019/944, d’fhéadfaidís leictreachas a ghintear ó shaoráidí atá faoina n-úinéireacht iomlán a chomhroinnt lena gcomhaltaí. Leis an gcreat cosanta agus cumhachtaithe le haghaidh comhroinnt fuinnimh, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thomhaltóirí atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh agus ar thomhaltóirí leochaileacha.

    (24)

    Le comhroinnt fuinnimh, cuirtear i bhfeidhm tomhaltas comhchoiteann an leictreachais fhéinghinte nó stóráilte arna instealladh isteach san eangach phoiblí ag níos mó ná custaiméir gníomhach amháin a bhíonn ag gníomhú go comhpháirteach. Ba cheart do na Ballstáit an bonneagar iomchuí teicneolaíochta faisnéise a chur i bhfeidhm chun gur féidir meaitseáil riaracháin a dhéanamh laistigh de thréimhse áirithe thomhaltas méadraithe iomlán an chustaiméara le fuinneamh in-athnuaite féinghinte nó stóráilte a asbhaintear ón tomhaltas iomlán chun comhpháirt fuinnimh an bhille fuinnimh arna heisiúint ag an soláthróir a ríomh agus ar an gcaoi sin bille an chustaiméara a laghdú. Ba cheart aschur na saoráidí sin a dháileadh i measc lódphróifílí comhiomlánaithe na dtomhaltóirí bunaithe ar mhodhanna ríofa statacha, athraitheacha nó dinimiciúla, modhanna ar féidir leis na custaiméirí gníomhacha iad a réamhshainiú nó a chomhaontú. Tá custaiméirí gníomhacha a bhíonn ag gabháil do chomhroinnt fuinnimh freagrach ó thaobh airgeadais de as na míchothromaíochtaí arb iad is cúis leo, gan dochar don deis atá ag custaiméirí gníomhacha a bhfreagrachtaí cothromúcháin a tharmligean chuig rannpháirtithe eile sa mhargadh. Tá feidhm ag cearta agus oibleagáidí uile na dtomhaltóirí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/944 maidir le custaiméirí deiridh a bhfuil baint acu le scéimeanna comhroinnte fuinnimh. Mar sin féin, níor cheart ceangal a bheith ar theaghlaigh a bhfuil acmhainneacht suiteáilte suas le 10,8 kW acu i gcás theaghlaigh aonair agus suas le 50 kW i gcás bloic ilárasán oibleagáidí soláthróra a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na tairseacha sin a choigeartú chun imthosca náisiúnta a léiriú, suas le 30 kW i gcás custaiméirí teaghlaigh aonair agus go dtí idir 40 kW agus 100 kW i gcás bloic ilárasán.

    (25)

    D’fhéadfadh mionchórais gréine inluchtaithe, in éineacht le córais agus teicneolaíochtaí eile, rannchuidiú le glacadh méadaithe an fhuinnimh in-athnuaite agus le rannpháirtíocht na saoránach san aistriú fuinnimh. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann tabhairt isteach na gcóras sin a chur chun cinn chun an t-ualach riaracháin agus teicniúil a laghdú. Ba cheart do na húdaráis rialála a bheith in ann na taraifí gréasáin a shocrú le haghaidh instealladh leictreachais a thagann ó mhionchórais gréine inluchtaithe nó an mhodheolaíocht a bhunú chun na taraifí sin a ríomh. Ag brath ar an staid i mBallstát, d’fhéadfadh na taraifí a bheith an-íseal nó fiú nialasach, ach costléiritheach, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach an tráth céanna.

    (26)

    Ba cheart cosaint leordhóthanach a thabhairt do chustaiméirí leochaileacha agus do chustaiméirí a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh ar dhíscor leictreachais agus, chomh maith leis sin, níor cheart iallach a chur orthu díscor a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar custaiméirí leochaileacha agus custaiméirí a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh a chosaint go hiomlán ar dhíscor leictreachais, trí na bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear toirmeasc ar dhíscor nó gníomhaíochtaí coibhéiseacha eile. Tá iliomad uirlisí agus dea-chleachtas ar fáil do na Ballstáit lena n-áirítear toirmisc ar dhíscor ó thús deireadh na bliana nó ar feadh séasúir, cosc fiachais agus réitigh inbhuanaithe chun tacú le custaiméirí agus iad ag íoc a mbillí fuinnimh, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin. Is fíor-riachtanach i gcónaí ról na soláthróirí agus na n-údarás náisiúnta ábhartha uile chun bearta iomchuí a shainaithint, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, ar cheart iad a chur ar fáil do chustaiméirí leochaileacha agus do chustaiméirí a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh chun a n-úsáid fuinnimh agus a gcostais a bhainistiú, agus ba cheart do sholáthróirí agus do na húdaráis náisiúnta ábhartha dlúthchomhar a dhéanamh le húdaráis slándála sóisialta.

    (27)

    Tá sé de cheart ag tomhaltóirí úsáid a bhaint as nósanna imeachta um ghearán arna mbainistiú ag a soláthróirí chomh maith le nósanna imeachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, ionas go bhforfheidhmeofar a gcearta go héifeachtach agus nach mbeidh siad faoi mhíbhuntáiste i gcás easaontais le soláthróirí, go háirithe maidir le billí nó an méid atá dlite. I gcás ina n-úsáidfidh custaiméirí na nósanna imeachta sin, níor cheart do sholáthróirí conarthaí a fhoirceannadh ar bhonn na bhfíoras atá fós faoi dhíospóid. Ba cheart do sholáthróirí agus do chustaiméirí leanúint dá gcearta conarthacha agus dá n-oibleagáidí conarthacha a chomhlíonadh, go háirithe chun leictreachas a sholáthar agus chun íoc as an leictreachas sin agus níor cheart nósanna imeachta um ghearán a bheith mar fhoras le mí-úsáid a ligfeadh do chustaiméirí gan a n-oibleagáidí conarthacha a chomhlíonadh, lena n-áirítear a mbillí a íoc. Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a chur i bhfeidhm chun a áirithiú nach n-úsáidfear na nósanna imeachta um ghearán nó um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt sin ar bhealach saofa.

    (28)

    I bprionsabal, is é a bheadh sna hidirghabhálacha poiblí i socrú praghsanna maidir le soláthar leictreachais beart saofa margaidh. Dá bhrí sin, níor cheart na hidirghabhálacha sin a dhéanamh ach i gcás inarb iomchuí agus mar oibleagáidí seirbhíse poiblí agus ba cheart iad a bheith faoi réir coinníollacha sonracha. Faoin Treoir seo, is féidir praghsanna rialáilte a bheith ann do chustaiméirí leochaileacha agus do chustaiméirí a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, lena n-áirítear praghsanna faoi bhun na gcostas, agus, mar bheart aistrithe, do chustaiméirí teaghlaigh agus do mhicrifhiontair gan beann ar ghéarchéim praghsanna leictreachais a bheith ann. Le linn géarchéim praghsanna leictreachais den sórt sin, nuair a thiocfadh méadú suntasach ar phraghsanna mórdhíola agus miondíola leictreachais, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit cur i bhfeidhm praghsanna rialáilte a shíneadh, ar bhonn sealadach, chuig fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide freisin. I gcás custaiméirí teaghlaigh agus fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide araon, ba cheart cead sealadach, go heisceachtúil, a bheith ag na Ballstáit praghsanna rialáilte a shocrú faoi bhun na gcostas fad nach gcruthófar leis sin saobhadh idir soláthróirí agus a chúiteofar soláthróirí as na costais a bhaineann le soláthar a dhéanamh faoi bhun na gcostas le linn géarchéim praghsanna leictreachais. Is gá a áirithiú, áfach, go an bhfuil an rialáil praghsanna sin spriocdhírithe agus nach gcruthaítear dreasachtaí léi chun tomhaltas a mhéadú. Dá bhrí sin, ba cheart an síneadh eisceachtúil sealadach sin leis an rialáil praghsanna a theorannú do 80 % de thomhaltas airmheánach teaghlaigh le haghaidh custaiméirí teaghlaigh, agus do 70 % de thomhaltas na bliana roimhe sin le haghaidh fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide. Ba cheart don Chomhairle a bheith in ann, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, géarchéim praghsanna leictreachais réigiúnach nó uile-Aontais a dhearbhú. Ba cheart an measúnú cé acu is nó nach ann don ghéarchéim praghsanna leictreachais sin a bheith bunaithe ar chomparáid le praghsanna tráth ghnáthoibríochta an mhargaidh agus, dá bhrí sin, ba cheart tionchar géarchéimeanna praghsanna leictreachais roimhe sin, arna bhfógairt de bhun na Treorach seo, a eisiamh. Le cinneadh cur chun feidhme den sórt sin, ba cheart tréimhse bhailíochta an dearbhuithe sin maidir le géarchéim praghsanna leictreachais a shonrú freisin, ar lena linn a bheidh feidhm ag an síneadh sealadach le praghsanna rialáilte. Níor cheart an tréimhse sin a bheith níos faide ná aon bhliain amháin. I gcás ina leantar de choinníollacha le haghaidh an dearbhaithe sin maidir le géarchéim praghsanna leictreachais a chomhlíonadh, ba cheart don Chomhairle a bheith in ann, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, síneadh a chur le tréimhse bhailíochta an chinnidh cur chun feidhme. Tá bonn cirt le cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle, i bhfianaise na n-impleachtaí cothrománacha suntasacha atá ann do na Ballstáit a bhaineann le cinneadh lena ndearbhaítear géarchéim praghsanna leictreachais agus, ar an gcaoi sin, tús a chur leis na féidearthachtaí leathnaithe d’idirghabhálacha poiblí maidir le socrú praghsanna do sholáthar leictreachais. Tá impleachtaí den sórt sin suntasach ó thaobh líon na gcustaiméirí lena mbaineann agus ó thaobh thábhacht chatagóirí na gcustaiméirí sin. Agus cumhachtaí cur chun feidhme á dtabhairt don Chomhairle, cuirtear san áireamh go leordhóthanach freisin cineál polaitiúil cinnidh den sórt sin lena ndearbhaítear géarchéim praghsanna leictreachais, lena n-éilítear cothromaíocht íogair idir gnéithe éagsúla beartais atá lárnach do chinneadh na mBallstát socrú praghsanna fuinnimh a chur chun feidhme. I gcás custaiméirí leochaileacha agus custaiméirí leochaileacha a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, d’fhéadfadh an rialáil praghsanna a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm 100 % den phraghas a chumhdach i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir (AE) 2019/944. In aon chás, le dearbhú gur ann do ghéarchéim praghsanna leictreachais réigiúnach nó uile-Aontais, ba cheart cothrom iomaíochta a áirithiú ar fud na mBallstát uile a ndéanann an cinneadh difear dóibh ionas nach ndéanfar an margadh inmheánach a shaobhadh go míchuí.

    (29)

    Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann tacaíocht a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE, le haghaidh costais leictreachais bhreise ar chustaiméirí tionsclaíocha tráth géarchéime leictreachais agus tráth méaduithe thar a bheith ard ar phraghsanna.

    (30)

    Ós rud é nach bhfuil an Eastóin, an Laitvia ná an Liotuáin sioncrónaithe go fóill le córas leictreachais an Aontais, tá dúshláin an-sonrach rompu agus margaí cothromúcháin agus soláthar margadhbhunaithe seirbhísí coimhdeacha á n-eagrú acu. Agus an sioncronú ar siúl, ceann de na réamhriachtanais chriticiúla le haghaidh oibriú an chórais shioncrónaigh chobhsaí is ea infhaighteacht leordhóthanach cúltacaí acmhainneachta don chothromú le haghaidh rialáil minicíochta. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil siad ag brath ar limistéar sioncrónach na Rúise le haghaidh bainistiú minicíochta, ní raibh na Stáit Baltacha fós in ann margadh cothromúcháin feidhmiúil dá gcuid féin a fhorbairt. De dheasca chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá méadú suntasach tagtha ar an riosca do shlándáil an tsoláthair mar thoradh ar easpa margaí cothromúcháin dílse. Dá bhrí sin, ba cheart an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin a dhíolmhú ó cheanglais forálacha áirithe d’Airteagal 40(4) agus Airteagal 54(2) de Threoir (AE) 2019/944 a mhéid is gá sin chun slándáil an chórais a áirithiú ar feadh idirthréimhse. Ba cheart deireadh a chur de réir a chéile leis na hidirthréimhsí don Eastóin, don Laitvia agus don Liotuáin a luaithe is féidir tar éis an tsioncrónaithe, agus ba cheart iad a úsáid chun na hionstraimí iomchuí margaidh a fhorbairt lena dtairgtear cúlchistí cothromúcháin gearrthéarmacha agus seirbhísí coimhdeacha fíor-riachtanacha eile, agus ba cheart iad a theorannú don am is gá don phróiseas sin.

    (31)

    Ós rud é nach bhfuil córas tarchurtha na Cipire nasctha le córas aon Bhallstáit eile, tá dúshláin an-sonrach roimh an gCipir maidir le margaí cothromúcháin agus soláthar margadhbhunaithe seirbhísí coimhdeacha a eagrú. Dá bhrí sin ba cheart an Chipir a dhíolmhú ó cheanglais Airteagal 40(4) agus Airteagal 54(2) de Threoir (AE) 2019/944 a mhéid is gá sin chun slándáil an chórais a áirithiú ar feadh idirthréimhse, eadhon go dtí go mbeidh córas tarchurtha na Cipire nasctha le córas aon Bhallstáit eile trí idirnascairí.

    (32)

    Bunaítear leis an Treoir seo bunús dlí chun sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfar na prionsabail agus na hoibleagáidí uile a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear maidir le híoslaghdú sonraí. I gcás inar féidir cuspóir na Treorach seo a bhaint amach gan sonraí pearsanta a phróiseáil, ba cheart do rialaitheoirí sonraí brath ar shonraí anaithnidithe agus comhiomlánaithe.

    (33)

    Sa mhéid gurb é Státchabhair atá in aon cheann de na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo, tá na forálacha a bhaineann leis na bearta sin gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 CFAE. Tá an Coimisiún inniúil chun measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na Státchabhrach leis an margadh inmheánach.

    (34)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2018/2001 agus Treoir (AE) 2019/944 a leasú dá réir.

    (35)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon dearadh an mhargaidh leictreachais chomhtháite a fheabhsú, go háirithe chun praghsanna leictreachais atá ró-ard a chosc, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasú ar Threoir (AE) 2018/2001

    I dTreoir (AE) 2018/2001, Airteagal 4(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    Chuige sin, maidir le scéimeanna tacaíochta dírí praghais, is mar phréimh mhargaidh a dheonófar an tacaíocht sin, a d’fhéadfadh a bheith, inter alia, ar scála aistritheach nó ina préimh shocair.

    Ní bheidh feidhm ag an dara fomhír den mhír seo maidir le tacaíocht do leictreachas ó na foinsí in-athnuaite a liostaítear in Airteagal 19d(4) de Rialachán (AE) 2019/943, a bhfuil feidhm ag Airteagal 19d(1) den Rialachán sin maidir leis.

    Airteagal 2

    Leasuithe ar Threoir (AE) 2019/944

    Leasaítear Treoir (AE) 2019/944 mar a leanas:

    (1)

    leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (8):

    ‘(8)

    ciallaíonn “custaiméir gníomhach” custaiméir deiridh, nó grúpa custaiméirí deiridh, a ghníomhaíonn go comhpháirteach agus a ídíonn nó a stórálann leictreachas a ghintear laistigh dá áitreabh atá suite laistigh de theorainneacha cúnga nó leictreachas féinghinte nó comhroinnte laistigh d’áitreabh eile nó a dhíolann leictreachas féinghinte nó a ghlacann páirt i scéimeanna solúbthachta nó éifeachtúlachta fuinnimh, ar choinníoll nach iad na gníomhaíochtaí sin a phríomhghníomhaíocht tráchtála ná a phríomhghníomhaíocht ghairmiúil;’

    ;

    (b)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    ‘(10a)

    ciallaíonn “comhroinnt fuinnimh” féintomhaltas fuinnimh in-athnuaite ag custaiméirí gníomhacha:

    (a)

    a ghintear nó a stóráiltear lasmuigh den láthair nó ar láithreáin eatarthu trí shaoráid ar leo í, atá ar léas acu, nó atá ar cíos go hiomlán nó go páirteach acu; nó

    (b)

    ar chucu a d’aistrigh custaiméir gníomhach eile an ceart sin saor in aisce nó ar phraghas.’

    ;

    (c)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    ‘(15a)

    ciallaíonn “conradh soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe” conradh soláthair leictreachais idir soláthróir agus custaiméir deiridh lena ráthaítear nach n-athraítear na téarmaí agus coinníollacha conarthacha, lena n-áirítear an praghas, le linn thréimhse an chonartha, ach d’fhéadfadh, ar phraghas socraithe, gné sholúbtha a bheith san áireamh leis, mar shampla le hathruithe praghsanna buaice agus seachbhuaice, i gcás nach féidir athruithe ar an mbille a leanfaidh as a bheith mar thoradh ach amháin ar ghnéithe nach iad na soláthróirí a chinneann iad, amhail cáin agus tobhaigh;’

    ;

    (d)

    cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

    ‘(24a)

    ciallaíonn “soláthróir na dála deiridh” soláthróir atá ainmnithe chun an soláthar leictreachais a ghlacadh ar láimh do chustaiméirí de chuid soláthróra atá scortha d’oibriú;

    (24b)

    ciallaíonn “bochtaineacht fuinnimh” bochtaineacht fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (52), de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

    (24c)

    ciallaíonn “comhaontú nasctha sholúbtha” tacar coinníollacha comhaontaithe maidir le hacmhainneacht leictreachais a nascadh leis an eangach lena n-áirítear coinníollacha chun an t-instealladh i ngréasán tarchurtha nó dáileacháin agus an tarraingt siar leictreachais uaidh a theorannú agus a rialú;

    (*1)  Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1).’;"

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (31):

    ‘(31)

    ciallaíonn “fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite” nó “fuinneamh in-athnuaite” fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite nó fuinneamh in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2018/2001;’

    ;

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

    ‘Airteagal 4

    Saor-rogha soláthróra

    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na custaiméirí uile in ann leictreachas a cheannach óna rogha soláthróra. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gach custaiméir saor chun níos mó ná conradh soláthair leictreachais amháin nó comhaontú comhroinnte fuinnimh amháin a bheith acu an tráth céanna, agus chun na críche sin go mbeidh custaiméirí i dteideal níos mó ná pointe méadraithe agus billeála amháin a bheith cumhdaithe ag an bpointe nasctha aonair dá n-áitreabh. I gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, féadfar córais mhéadraithe chliste arna n-imscaradh i gcomhréir le hAirteagal 19 a úsáid chun ligean do chustaiméirí níos mó ná conradh soláthair leictreachais amháin nó níos mó ná comhaontú comhroinnte fuinnimh amháin a bheith acu an tráth céanna.’

    ;

    (3)

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 6a

    Comhaontuithe nasctha sholúbtha

    1.   Forbróidh an t-údarás rialála nó údarás inniúil eile i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, creat d’oibreoirí córais tarchurtha agus d’oibreoirí córais dáileacháin lenar féidir leo comhaontuithe nasctha sholúbtha a bhunú i limistéir ina bhfuil teorainn le hinfhaighteacht acmhainneachta gréasáin le haghaidh naisc nua nó nach bhfuil aon infhaighteacht acmhainneachta gréasáin ann, ar creat é arna fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 31(3) agus Airteagal 50(4a), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2019/943. Áiritheofar an méid seo a leanas leis an gcreat sin:

    (a)

    mar riail ghinearálta, ní chuirfidh naisc sholúbtha moill ar atreisithe gréasáin sna limistéir shainaitheanta;

    (b)

    cinnteofar an tiontú ó chomhaontuithe nasctha sholúbtha go comhaontuithe nasctha dhaingin a luaithe a fhorbrófar an gréasán ar bhonn critéir bhunaithe; agus

    (c)

    i gcás na limistéar ina measfaidh an t-údarás rialála, nó údarás inniúil eile i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, nach é forbairt an ghréasáin an réiteach is éifeachtúla, is féidir, i gcás inarb ábhartha, comhaontuithe nasctha sholúbtha a dhéanamh mar réiteach buan, lena n-áirítear le haghaidh na stórála fuinnimh.

    2.   Féadfar a áirithiú leis an gcreat dá dtagraítear i mír 1 go sonrófar an méid seo a leanas ar a laghad sna comhaontuithe nasctha sholúbtha:

    (a)

    an t-uasmhéid leictreachais is féidir a instealladh nó a tharraingt siar chuig an eangach agus uaithi, chomh maith leis an méid solúbtha breise d’acmhainneacht insteallta agus tarraingthe siar is féidir a nascadh agus a dhifreáil le bloic ama i rith na bliana;

    (b)

    na muirir ghréasáin is infheidhme maidir leis na hacmhainneachtaí insteallta agus tarraingthe siar daingne agus solúbtha araon;

    (c)

    fad comhaontaithe an chomhaontaithe nasctha sholúbtha agus an dáta a meastar a dheonófar nasc leis an acmhainneacht dhaingean iomlán a iarradh.

    Beidh ar an úsáideoir córais a nascann trí nasc solúbtha eangaí, beidh air córas rialaithe cumhachta a shuiteáil arna dheimhniú ag deimhnitheoir údaraithe.’

    ;

    (4)

    leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    ‘Teidlíocht ar chonradh soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe agus ar chonradh leictreachais praghsála dinimiciúla;’

    ;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfágfaidh an creat rialála náisiúnta go mbeidh sé ar chumas soláthróirí conarthaí soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe agus conarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla a thairiscint. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le custaiméirí deiridh a bhfuil méadar cliste suiteáilte acu a iarraidh conradh leictreachais praghsála dinimiciúla a thabhairt i gcrích agus gur féidir le gach custaiméir deiridh a iarraidh conradh soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe a thabhairt i gcrích, ar conradh é a mhairfidh aon bhliain amháin ar a laghad le soláthróir amháin ar a laghad agus le gach soláthróir a bhfuil níos mó ná 200 000 custaiméir deiridh aige.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit soláthróir a bhfuil níos mó ná 200 000 custaiméir deiridh aige a dhíolmhú ón oibleagáid conarthaí soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe a thairiscint sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    ní thairgeann an soláthróir ach conarthaí praghsála dinimiciúla;

    (b)

    nach mbíonn tionchar diúltach ag an díolúine ar iomaíocht; agus

    (c)

    gur ann fós do rogha leordhóthanach do chustaiméirí deiridh maidir le conarthaí soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe.

    Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh soláthróirí téarmaí agus coinníollacha conarthaí soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe a mhodhnú go haontaobhach agus nach ndéanfaidh siad conarthaí den sórt sin a fhoirceannadh sula dtiocfaidh siad in aibíocht.’

    ;

    (c)

    cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

    ‘1a.   Sula ndéanfar aon chonradh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt i gcrích nó síneadh a chur leis, déanfar achoimre ar na príomhthéarmaí agus na príomhchoinníollacha conarthacha a thabhairt do chustaiméirí deiridh ar shlí fheiceálach agus i bhfriotal a bheidh soiléir agus gonta. Leagfar amach san achoimre sin na cearta dá dtagraítear in Airteagal 10(3) agus (4) agus áireofar inti an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

    (a)

    an praghas iomlán agus a mhiondealú;

    (b)

    míniú cé acu atá an praghas socraithe, athraitheach nó dinimiciúil;

    (c)

    seoladh ríomhphoist an tsoláthróra agus sonraí beolíne tacaíochta do thomhaltóirí; agus

    (d)

    i gcás inarb ábhartha, faisnéis faoi íocaíochtaí aonuaire, promóisin, seirbhísí breise agus lascainí.

    Tabharfaidh an Coimisiún treoraíocht ina leith sin.

    1b.   Áiritheoidh na Ballstáit nach n-eisiafar custaiméirí deiridh a bhfuil conarthaí soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe acu ó pháirt a ghlacadh, i gcás ina gcinnfidh siad déanamh amhlaidh, sa fhreagairt don éileamh agus i gcomhroinnt fuinnimh agus ó rannchuidiú go gníomhach le riachtanais solúbthachta córais leictreachais náisiúnta a bhaint amach.’

    ;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na soláthróirí na custaiméirí deiridh go hiomlán ar an eolas faoi na deiseanna, na costais agus na rioscaí a bhaineann leis na cineálacha conarthaí soláthair leictreachais faoi seach, agus go mbeidh soláthróirí faoi cheangal faisnéis a thabhairt do na custaiméirí deiridh dá réir, lena n-áirítear i ndáil leis an ngá go mbeadh méadar leictreachais leormhaith suiteáilte. Déanfaidh údaráis rialála an méid seo a leanas:

    (a)

    faireachán ar fhorbairtí sa mhargadh agus déanfaidh siad measúnú ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le táirgí agus seirbhísí nua agus tabharfaidh siad aghaidh ar chleachtais éagóracha;

    (b)

    bearta iomchuí i gcás ina sainaithneofar táillí foirceannta neamh-inghlactha i gcomhréir le hAirteagal 12(3).’

    ;

    (5)

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 15a

    An ceart chun comhroinnt fuinnimh

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag gach teaghlach, gach fiontar beag agus gach fiontar meánmhéide, gach comhlacht poiblí agus, i gcás ina gcinnfidh Ballstát amhlaidh, catagóirí eile de chustaiméirí deiridh, a bheith rannpháirteach i gcomhroinnt fuinnimh mar chustaiméirí gníomhacha ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, laistigh den chrios tairisceana céanna nó laistigh de limistéar geografach níos teoranta, de réir mar a chinnfidh an Ballstát sin.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh custaiméirí gníomhacha i dteideal fuinneamh in-athnuaite a chomhroinnt eatarthu féin bunaithe ar chomhaontuithe príobháideacha nó trí eintiteas dlíthiúil. Ní bheidh i gceist le rannpháirtíocht i gcomhroinnt fuinnimh príomhghníomhaíocht tráchtála ná ghairmiúil na gcustaiméirí gníomhacha a bhíonn ag gabháil do chomhroinnt fuinnimh.

    3.   Féadfaidh custaiméirí gníomhacha tríú páirtí a cheapadh mar eagraí comhroinnte fuinnimh chun na gcríoch seo a leanas:

    (a)

    cumarsáid a dhéanamh faoi na socruithe comhroinnte fuinnimh le heintitis ábhartha eile, amhail soláthróirí agus oibreoirí gréasáin, lena n-áirítear maidir le gnéithe a bhaineann leis na taraifí agus na muirir, na cánacha nó na tobhaigh is infheidhme;

    (b)

    tacaíocht a sholáthar maidir le bainistiú agus cothromú ualaí solúbtha taobh thiar den mhéadar agus maidir le saoráidí giniúna agus stórála fuinnimh in-athnuaite dáilte atá mar chuid den socrú ábhartha comhroinnte fuinnimh;

    (c)

    conradh a dhéanamh le custaiméirí gníomhacha a bhíonn rannpháirteach i gcomhroinnt fuinnimh, agus iad a bhilleáil;

    (d)

    suiteáil agus oibriú na saoráide giniúna nó stórála fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear méadrú agus cothabháil.

    Féadfaidh eagraí comhroinnte fuinnimh nó tríú páirtí eile saoráid stórála nó saoráide giniúna fuinnimh in-athnuaite suas le 6 MW a bheith faoina úinéireacht nó faoina bhainistiú, gan a mheas gur custaiméir gníomhach é, ach amháin i gcás ina mbeidh sé ar cheann de na custaiméirí gníomhacha atá rannpháirteach sa tionscadal comhroinnte fuinnimh. Soláthróidh an t-eagraí comhroinnte fuinnimh seirbhísí neamh-idirdhealaitheacha agus praghsanna trédhearcacha, taraifí trédhearcacha agus téarmaí seirbhísí trédhearcacha. Maidir leis gcéad fhomhír, pointe (c) den mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 10, 12 agus 18. Leagfaidh na Ballstáit síos an creat rialála chun an mhír seo a chur i bhfeidhm.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas maidir leis na custaiméirí gníomhacha atá rannpháirteach i gcomhroinnt fuinnimh:

    (a)

    go bhfuil siad i dteideal an leictreachas comhroinnte a instealladh san eangach a asbhaint óna dtomhaltas méadraithe iomlán laistigh d’eatramh ama nach faide ná an tréimhse réitigh éagothroime agus gan dochar do chánacha, tobhaigh agus muirir ghréasáin neamh-idirdhealaitheacha agus chostas-léiritheacha is infheidhme;

    (b)

    go mbainfidh siad tairbhe as cearta agus oibleagáidí tomhaltóirí uile mar chustaiméirí deiridh faoin Treoir seo;

    (c)

    nach gceanglaítear orthu oibleagáidí soláthróra a chomhlíonadh i gcás ina gcomhroinntear fuinneamh in-athnuaite idir teaghlaigh ag a bhfuil acmhainneacht shuiteáilte suas le 10,8 kW i gcás teaghlaigh aonair agus suas le 50 kW i gcás bloic ilárasán;

    (d)

    go mbeidh rochtain acu ar theimpléid dheonacha ina bhfuil téarmaí agus coinníollacha cothroma agus trédhearcacha le haghaidh comhaontuithe comhroinnte fuinnimh;

    (e)

    i gcás ina mbeidh coinbhleacht ann mar thoradh ar chomhaontú comhroinnte fuinnimh, beidh rochtain acu ar réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt le rannpháirtithe eile sa chomhaontú comhroinnte fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 26;

    (f)

    nach bhfuil siad faoi réir iompraíochta inar chaith rannpháirtithe sa mhargadh, ná a bpáirtithe atá freagrach as cothromú, go héagórach agus go hidirdhealaitheach leo;

    (g)

    go gcuirfear ar an eolas iad go bhféadfaí athruithe a dhéanamh ar chriosanna tairisceana i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/943 agus go bhfuil srian ar an gceart chun comhroinnt fuinnimh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo;

    (h)

    fógra a thabhairt maidir le socruithe comhroinnte fuinnimh do na hoibreoirí córais agus do na rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh, lena n-áirítear na soláthróirí ábhartha, go díreach nó trí eagraí comhroinnte fuinnimh.

    Féadfaidh na Ballstáit na tairseacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), a oiriúnú i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    i gcás teaghlaigh aonair, is féidir an tairseach a mhéadú go dtí suas le 30 kW;

    (b)

    i gcás bloic ilárasán, is féidir an tairseach a mhéadú go dtí suas le 100 kW nó, i gcás imthosca sonracha a bhfuil údar cuí leo de bharr meánmhéid laghdaithe bloic ilárasán, a laghdú go dtí an t-íosmhéid 40 kW.

    5.   I gcás inar mó ná fiontair bheaga agus mheánmhéide na catagóirí eile de chustaiméirí deiridh atá rannpháirteach i scéimeanna comhroinnte fuinnimh, beidh feidhm ag na coinníollacha breise seo a leanas:

    (a)

    6 MW ar a mhéad a bheidh i méid acmhainneacht shuiteáilte na saoráide giniúna a bhaineann leis an scéim comhroinnte fuinnimh;

    (b)

    déanfar an chomhroinnt fuinnimh laistigh de limistéar geografach áitiúil nó teoranta, mar atá sainithe ag an mBallstát lena mbaineann.

    6.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córais tarchurtha nó oibreoirí córais dáileacháin ábhartha nó comhlachtaí ainmnithe eile an méid seo a leanas:

    (a)

    sonraí méadraithe a bhaineann leis an leictreachas comhroinnte a bhailiú, a bhailíochtú agus a chur in iúl do chustaiméirí deiridh ábhartha agus rannpháirtithe sa mhargadh agus faireachán a dhéanamh ar na sonraí sin, gach mí ar a laghad, agus i gcomhréir le hAirteagal 23, agus chun na críche sin, na córais TF iomchuí a chur i bhfeidhm;

    (b)

    pointe teagmhála ábhartha a sholáthar chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (i)

    socruithe comhroinnte fuinnimh a chlárú;

    (ii)

    faisnéis phraiticiúil a chur ar fáil maidir le comhroinnt fuinnimh;

    (iii)

    faisnéis a fháil faoi phointí méadraithe ábhartha, athruithe ar shuíomh agus rannpháirtíocht; agus

    (iv)

    i gcás inarb infheidhme, bailíochtú a dhéanamh ar mhodhanna ríofa ar bhealach soiléir, trédhearcach agus tráthúil.

    7.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí agus neamh-idirdhealaitheacha chun a áirithiú gur féidir le custaiméirí leochaileacha agus custaiméirí a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh rochtain a fháil ar scéimeanna comhroinnte fuinnimh. Féadfar bearta tacaíochta airgeadais nó cuóta leithdháilte táirgeachta a áireamh ar na bearta sin.

    8.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh tionscadail comhroinnte fuinnimh ar le húdaráis phoiblí iad an leictreachas comhroinnte a chur ar fáil do chustaiméirí nó shaoránaigh atá leochaileacha nó bocht ó thaobh fuinnimh de. Agus an méid sin á dhéanamh acu, déanfaidh na Ballstáit a ndícheall lena chur chun cinn gurb ionann an méid fuinnimh inrochtana sin agus 10 % ar a laghad ar an meán den fhuinneamh comhroinnte.

    9.   Féadfaidh na Ballstáit tabhairt isteach, i bhfoirgnimh agus ar fhoirgnimh, mionchórais gréine inluchtaithe ag a bhfuil acmhainneacht suas le 800 W a chur chun cinn.

    10.   Soláthróidh an Coimisiún treoir do na Ballstáit gan an t-ualach riaracháin a mhéadú chun cur chuige caighdeánaithe a éascú maidir le comhroinnt fuinnimh a bhunú agus cothrom iomaíochta a áirithiú do phobail fuinnimh in-athnuaite agus do phobail fuinnimh saoránach.

    11.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar do cheart na gcustaiméirí soláthróir a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 4 agus do na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le húdarú soláthróirí.’

    ;

    (6)

    cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

    ‘Airteagal 18a

    Bainistiú riosca an tsoláthróra

    1.   Áiritheoidh na húdaráis rialála, nó i gcás ina mbeidh údarás inniúil neamhspleách malartach ainmnithe ag Ballstát chun na críche sin, an t-údarás inniúil ainmnithe sin, agus méid an tsoláthróra nó struchtúr an mhargaidh á gcur san áireamh agus lena n-áirítear, más ábhartha, trí thástálacha struis a dhéanamh, go ndéanfaidh soláthróirí an méid seo a leanas:

    (a)

    go mbeidh straitéisí fálaithe iomchuí i bhfeidhm ag soláthróirí agus go gcuirfidh siad chun feidhme iad chun an riosca go dtiocfaidh athruithe ar an soláthar leictreachais mórdhíola a theorannú d’inmharthanacht eacnamaíoch a gconarthaí le custaiméirí, agus an tráth céanna leachtacht agus comharthaí praghais ó mhargaí gearrthéarmacha a choinneáil ar bun;

    (b)

    go ndéanfaidh soláthróirí leictreachais gach beart réasúnach chun teorainn a chur leis an riosca go gclisfear ar an soláthar.

    2.   D’fhéadfadh úsáid comhaontuithe ceannacháin cumhachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (77), de Rialachán (AE) 2019/943 nó ionstraimí iomchuí eile, amhail réamhchonarthaí, a bheith san áireamh i straitéisí fálaithe an tsoláthróra. I gcás ina bhfuil margaí le haghaidh comhaontuithe ceannaigh cumhachta ann atá forbartha go leordhóthanach agus inar féidir le hiomaíocht éifeachtach a bheith ann, féadfaidh na Ballstáit a cheangal go gcumhdófar sciar de neamhchosaint riosca soláthróirí ar athruithe ar phraghsanna leictreachais mórdhíola trí úsáid a bhaint as comhaontuithe ceannaigh cumhachta le haghaidh leictreachas arna ghiniúint ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh atá cothrom le fad a neamhchosanta ar riosca ar thaobh an tomhaltóra, faoi réir dlí iomaíochta an Aontais a chomhlíonadh.

    3.   Féachfaidh na Ballstáit le hinrochtaineacht táirgí fálaithe a áirithiú do phobail fuinnimh saoránach agus do chomhphobail fuinnimh in-athnuaite agus dálaí cumasúcháin a bhunú chun na críche sin.’

    ;

    (7)

    in Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ag gach custaiméir teaghlaigh agus, i gcás ina measann na Ballstáit gurb iomchuí é, ag fiontair bheaga, seirbhís uilíoch, eadhon an ceart chun soláthar leictreachais a fháil atá de cháilíocht shonraithe laistigh dá gcríoch ar phraghsanna iomaíocha atá éasca agus soiléir le cur i gcomparáid le chéile, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Chun soláthar na seirbhíse uilíche a áirithiú, cuirfidh na Ballstáit d’oibleagáid ar na hoibreoirí córais dáileacháin custaiméirí a nascadh lena ngréasáin faoi théarmaí, coinníollacha agus taraifí a shocraítear i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 59(7). Leis an Treoir seo, ní chuirfear cosc ar na Ballstáit a suíomh margaidh a láidriú do chustaiméirí teaghlaigh agus do chustaiméirí neamhtheaghlaigh beaga agus meánmhéide trí na deiseanna tiomsaithe dheonaigh ionadaíochta don aicme sin custaiméirí a chur chun cinn.’

    ;

    (8)

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 27a

    Soláthróir na dála deiridh

    1.   I gcás nach bhfuil córas maidir le soláthróirí na dála deiridh curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit cheana féin, tabharfaidh siad an córas sin isteach chun leanúnachas an tsoláthair a áirithiú do chustaiméirí teaghlaigh ar a laghad. Ceapfar soláthróirí na rogha deiridh trí nós imeachta cothrom, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.

    2.   Custaiméirí deiridh a aistrítear chuig soláthróirí na dála deiridh, leanfaidh siad de thairbhe a bhaint as a gcearta uile mar chustaiméirí, mar a leagtar síos sa Treoir seo.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh soláthróirí na dála deiridh a dtéarmaí agus a gcoinníollacha in iúl gan mhoill do chustaiméirí aistrithe agus go n-áiritheoidh siad leanúnachas rianúil na seirbhíse do na custaiméirí sin ar feadh na tréimhse is gá chun soláthróir nua a aimsiú, agus 6 mhí ar a laghad.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar faisnéis agus spreagadh do na custaiméirí deiridh aistriú chuig tairiscint mhargadhbhunaithe.

    5.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar sholáthróir rogha deiridh leictreachas a sholáthar do chustaiméirí teaghlaigh agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide nach bhfaigheann tairiscintí margadhbhunaithe. Sna cásanna sin, beidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5.’

    ;

    (9)

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 28a

    Cosaint ar dhíscor

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar custaiméirí leochaileacha agus custaiméirí a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh a chosaint go hiomlán ar dhíscor leictreachais, trí na bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear toirmeasc ar dhíscor nó gníomhaíochtaí coibhéiseacha eile. Déanfaidh na Ballstáit an chosaint sin a sholáthar mar chuid dá mbeartas maidir le custaiméirí leochaileacha de bhun Airteagal 28(1) agus gan dochar do na bearta a leagtar amach in Airteagal 10(11).

    Agus fógra á thabhairt don Choimisiún maidir le lena mbearta trasuite i dtaca leis an Treoir seo acu, míneoidh na Ballstáit an gaol idir an chéad fhomhír agus codanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh soláthróirí conarthaí a fhoirceannadh agus nach ndíscorfaidh siad custaiméirí ar na forais ar a bhfuil gearán curtha isteach acu i gcomhréir le hAirteagal 10(9) nó atá faoi réir sásra um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt i gcomhréir le hAirteagal 26. Ní dhéanfaidh an gearán sin ná úsáid an tsásra sin difear do chearta ná d’oibleagáidí conarthacha na bpáirtithe. Féadfaidh na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun mí-úsáid próisis a sheachaint.

    3.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí dá dtagraítear i mír 1 chun a chur ar chumas custaiméirí díscor a sheachaint, lena bhféadfaí an méid seo a leanas a áireamh:

    (a)

    cóid dheonacha a chur chun cinn do sholáthróirí agus do chustaiméirí maidir le cásanna custaiméirí atá i riaráistí a chosc agus a bhainistiú; féadfaidh baint a bheith ag na socruithe sin leis an tacaíocht do chustaiméirí chun a n-úsáid fuinnimh agus a gcostais fuinnimh a bhainistiú, lena n-áirítear rabhadh a thabhairt maidir le mórmheaduithe neamhghnácha arda fuinnimh nó úsáid ard neamhghnách le linn shéasúr an gheimhridh agus an tsamhraidh, pleananna íocaíochta solúbtha iomchuí, bearta comhairle fiachais, léamha féinmhéadraithe, agus cumarsáid fheabhsaithe le custaiméirí agus gníomhaireachtaí tacaíochta a chur ar fáil;

    (b)

    oideachas agus feasacht na gcustaiméirí maidir lena gcearta i ndáil le bainistiú fiachais a chur chun cinn;

    (c)

    rochtain ar mhaoiniú, dearbháin nó fóirdheontais chun tacú le billí a íoc;

    (d)

    a mholadh agus a éascú go léifí méadair gach trí mhí, nó i gcás inarb ábhartha le haghaidh tréimhsí billeála níos giorra, i gcás ina gcuirtear i bhfeidhm córas ina léann an custaiméir deiridh féin an méadar go tráthrialta chun oibleagáidí phointí 2(a) agus (b) d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh i ndáil le minicíocht na billeála agus soláthar na faisnéise billeála.’

    ;

    (10)

    in Airteagal 31, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

    ‘2.   Ar aon chor, ní dhéanfaidh an t-oibreoir córais dáileacháin idirdhealú idir úsáideoirí córais nó idir aicmí d’úsáideoirí córais, lena n-áirítear pobail fuinnimh in-athnuaite agus pobail fuinnimh saoránach, go háirithe chun tairbhe a ghnóthas gaolmhar.

    3.   Soláthróidh oibreoirí córais dáileacháin d’úsáideoirí an chórais an fhaisnéis a theastaíonn uathu chun rochtain éifeachtúil a fháil ar an gcóras agus úsáid éifeachtúil a bhaint as. Go háirithe, foilseoidh na hoibreoirí córais dáileacháin, ar bhealach trédhearcach, faisnéis shoiléir maidir leis an acmhainneacht atá ar fáil le haghaidh naisc nua ina limistéir oibríochta a bhfuil gráinneacht spásúil ard acu, agus slándáil phoiblí agus rúndacht sonraí á n-urramú acu, lena n-áirítear an acmhainneacht faoi iarraidh ar nasc agus an fhéidearthacht nasc solúbtha a bheith ann i limistéir phlódaithe. Áireofar san fhoilsiú sin faisnéis maidir leis na critéir chun an acmhainneacht atá ar fáil le haghaidh naisc nua a ríomh. Tabharfaidh oibreoirí córais dáileacháin an fhaisnéis sin cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, gach ráithe ar a laghad.

    Soláthróidh oibreoirí córais dáileacháin, ar bhealach trédhearcach, faisnéis shoiléir d’úsáideoirí an chórais freisin maidir le stádas agus láimhseáil a n-iarrataí ar nasc. Soláthróidh siad an fhaisnéis sin laistigh de thrí mhí ón iarraidh a thíolacadh. I gcás nach ndéantar an nasc a iarradh a dheonú nó a dhiúltú go buan, déanfaidh na hoibreoirí córais dáileacháin an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, agus, gach ráithe ar a laghad.

    3a.   Tabharfaidh oibreoirí córais dáileacháin an rogha d’úsáideoirí córais nasc leis an eangach a iarraidh agus doiciméid ábhartha a thíolacadh i bhfoirm dhigiteach amháin.

    3b.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan mír 3 a chur i bhfeidhm maidir le gnóthais leictreachais chomhtháite a fhreastalaíonn ar níos lú ná 100 000 custaiméir nasctha, nó a fhreastalaíonn ar chórais bheaga scoite. Féadfaidh na Ballstáit tairseach níos ísle ná tairseach 100 000 custaiméir nasctha a chur i bhfeidhm.

    Spreagfaidh na Ballstáit gnóthais leictreachais chomhtháite a fhreastalaíonn ar níos lú ná 100 000 custaiméir nasctha chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a sholáthar d’úsáideoirí córais uair sa bhliain agus comhar a chur chun cinn idir oibreoirí córais dáileacháin chun na críche sin.’

    ;

    (11)

    in Airteagal 33, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Gan dochar do Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), soláthróidh na Ballstáit an creat rialála is gá chun go n-éascófar pointí athluchtaithe atá inrochtana go poiblí agus pointí athluchtaithe príobháideacha, a bhfuil feidhmiúlachtaí luchtaithe chliste agus feidhmiúlachtaí luchtaithe dhéthreoch acu i gcomhréir le hAirteagal 20a de Threoir (AE) 2018/2001, a nascadh leis na gréasáin dáileacháin. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh na hoibreoirí córais dáileacháin ar bhonn neamh-idirdhealaitheach le haon ghnóthas ar leis pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha nó a dhéanann pointí athluchtaithe den sórt sin a fhorbairt, a oibriú nó a bhainistiú, lena n-áirítear maidir leis an nasc leis an eangach.

    (*2)  Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).’;"

    (12)

    leasaítear Airteagal 59 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    ‘(c)

    i ndlúthchomhar leis na húdaráis rialála eile, a áirithiú go gcomhlíonann an t-ardán aonair um leithdháileadh arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún (*3), ENTSO don Leictreachas agus eintiteas AE do OCDanna a n-oibleagáidí faoin Treoir seo, Rialachán (AE) 2019/943, na cóid ghréasáin agus na treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagail 59, 60 agus 61 de Rialachán (AE) 2019/943, agus dlí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le saincheisteanna trasteorann, chomh maith le cinntí ACER, agus neamhchomhlíonadh an ardáin aonair um leithdháileadh, ENTSO don Leictreachas agus eintiteas AE do OCDanna maidir lena n-oibleagáidí faoi seach a shainaithint go comhpháirteach; i gcás nach mbeidh na húdaráis rialála in ann teacht ar chomhaontú laistigh de thréimhse ceithre mhí tar éis tús a chur le comhairliúcháin chun neamhchomhlíonadh a shainaithint go comhpháirteach, déanfar an t-ábhar a tharchur chuig ACER le haghaidh cinnidh, de bhun Airteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942;

    (*3)  Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2016 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh todhchaíochta acmhainneachta (IO L 259, 27.9.2016, lch. 42).’;"

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (z):

    ‘(z)

    faireachán a dhéanamh ar dheireadh a chur le bacainní agus srianta gan údar ar fhorbairt thomhaltas leictreachais fhéinghinte nó comhroinnte fuinnimh, ar fhorbairt comhphobal fuinnimh in-athnuaite agus pobal fuinnimh saoránach, lena n-áirítear bacainní agus srianta lena gcuirtear cosc ar ghiniúint sholúbtha dháilte fuinnimh a nascadh laistigh de thréimhse réasúnta i gcomhréir le hAirteagal 58, pointe (d).’

    ;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4.   An t-údarás rialála atá suite sa Bhallstát ina bhfuil a shuíomh ag an ardán aonair um leithdháileadh, ag ENTSO don Leictreachas nó ag eintiteas AE do OCDanna, beidh de chumhacht aige pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar na heintitis sin i gcás nach gcomhlíonann siad a n-oibleagáidí faoin Treoir seo, faoi Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi aon chinneadh ábhartha ón údarás rialála nó ó ACER atá ceangailteach ó thaobh dlí, nó moladh a dhéanamh go ngearrfadh cúirt inniúil pionóis den sórt sin orthu.’

    ;

    (13)

    in Airteagal 66, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

    ‘6.   De mhaolú ar Airteagal 40(4), beidh na hoibreoirí córais tarchurtha san Eastóin, sa Laitvia agus sa Liotuáin in ann brath ar sheirbhísí comhardúcháin arna soláthar ag soláthraithe stórála leictreachais intíre, ag gnóthais a bhaineann le hoibreoirí córais tarchurtha, agus ag saoráidí eile atá faoi úinéireacht oibreoirí córais tarchurtha.

    De mhaolú ar Airteagal 54(2), féadfaidh an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin cead a thabhairt dá n-oibreoirí córais tarchurtha agus do na gnóthais a bhaineann le hoibreoirí córais tarchurtha úinéireacht a bheith acu ar a saoráidí stórála fuinnimh agus iad a fhorbairt, a bhainistiú agus a oibriú gan nós imeachta tairisceana atá oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a leanúint agus féadfaidh siad cead a thabhairt do na saoráidí stórála fuinnimh sin leictreachas a cheannach nó a dhíol sna margaí cothromúcháin.

    Beidh feidhm ag na maoluithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír suas le 3 bliana tar éis don Eastóin, don Laitvia agus don Liotuáin dul isteach i Limistéar Sioncrónach Mhór-Roinn na hEorpa. I gcás inar gá sin chun slándáil an tsoláthair a chaomhnú, féadfaidh an Coimisiún síneadh nach faide ná 5 bliana a chur leis an tréimhse tosaigh 3 bliana.

    7.   De mhaolú ar Airteagal 40(4) agus ar Airteagal 54(2), féadfaidh an Chipir cead a thabhairt dá hoibreoir córais tarchurtha úinéireacht a bheith aige ar shaoráidí stórála fuinnimh agus iad a fhorbairt, a bhainistiú agus a oibriú gan nós imeachta tairisceana atá oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a leanúint.

    Beidh feidhm ag an maolú dá dtagraítear sa chéad fhomhír go dtí go mbeidh an córas tarchurtha sa Chipir nasctha le córais tarchurtha Ballstát eile trí idirnasc.’

    ;

    (14)

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 66a

    Rochtain ar fhuinneamh inacmhainne le linn géarchéim praghsanna leictreachais

    1.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, a dhearbhú go bhfuil géarchéim praghsanna leictreachais réigiúnach nó uile-Aontais ann, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    meánphraghsanna an-ard i margaí mórdhíola leictreachais dhá uair go leith ar a laghad an meánphraghas sna 5 bliana roimhe sin, agus 180 EUR/MWh ar a laghad, praghas a mheastar a bheidh ann fós ar feadh 6 mhí ar a laghad; ní chuirfear san áireamh i ríomh an mheánphraghais le linn na 5 bliana roimhe sin na tréimhsí sin inar dearbhaíodh géarchéim praghsanna leictreachais réigiúnach nó uile-Aontais;

    (b)

    méaduithe géara de thart ar 70 % ar a laghad ar phraghsanna miondíola leictreachais, praghsanna a mheastar a bheidh ann fós go ceann 3 mhí ar a laghad.

    2.   Sonrófar sa chinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 tréimhse bhailíochta dar fad uasta bliain amháin. Féadfar an tréimhse sin a shíneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i mír 8 ar feadh tréimhsí comhleanúnacha suas le haon bhliain amháin.

    3.   Áiritheofar leis an dearbhú gur ann do ghéarchéim praghsanna leictreachais réigiúnach nó uile-Aontais de bhun mhír 1 go mbeidh iomaíocht agus trádáil chothrom ar fud na mBallstát uile a ndéanfaidh an cinneadh cur chun feidhme sin difear dóibh ionas nach ndéanfar an margadh inmheánach a shaobhadh go míchuí.

    4.   I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, tíolacfaidh an Coimisiún togra chun géarchéim praghsanna leictreachais réigiúnacha nó uile-Aontais a dhearbhú, lena n-áireofar an tréimhse bhailíochta atá beartaithe don chinneadh cur chun feidhme.

    5.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, togra ón gCoimisiún arna thíolacadh de bhun mhír 4 nó 8 a leasú.

    6.   I gcás ina nglacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme de bhun mhír 1, féadfaidh na Ballstáit, ar feadh ré bhailíocht an chinnidh sin, idirghabhálacha poiblí spriocdhírithe sealadacha i socrú praghsanna a chur i bhfeidhm chun leictreachas a sholáthar d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Maidir leis na hidirghabhálacha poiblí sin:

    (a)

    beidh siad teoranta do 70 % ar a mhéid de thomhaltas an tairbhí le linn thréimhse chéanna na bliana roimhe sin agus coinneoidh siad dreasacht chun an t-éileamh a laghdú;

    (b)

    comhlíonfaidh siad na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(4) agus (7);

    (c)

    i gcás inarb ábhartha, comhlíonfaidh siad na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7 den Airteagal seo;

    (d)

    beidh siad deartha chun aon ilroinnt dhiúltach ar an margadh inmheánach a íoslaghdú.

    7.   I gcás ina nglacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme de bhun mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit, ar feadh thréimhse bhailíocht an chinnidh sin, de mhaolú ar Airteagal 5(7), pointe (c), agus idirghabhálacha poiblí spriocdhírithe á gcur i bhfeidhm acu i socrú na bpraghsanna do sholáthar an leictreachais de bhun Airteagal 5(6) nó mhír 6 den Airteagal seo, praghas don soláthar leictreachais atá faoi bhun an chostais a shocrú go heisceachtúil agus go sealadach ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    ní bhaineann an praghas atá socraithe do chustaiméirí teaghlaigh ach le 80 % ar a mhéad de thomhaltas airmheánach teaghlaigh agus coinníonn sé dreasacht chun an t-éileamh a laghdú;

    (b)

    ní dhéantar aon idirdhealú idir soláthróirí;

    (c)

    cúitítear soláthróirí as soláthar faoi bhun costais ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach;

    (d)

    tá gach soláthróir i dteideal tairiscintí a sholáthar ar phraghas an tsoláthair leictreachais atá faoi bhun an chostais ar an mbonn céanna;

    (e)

    ní dhéanann na bearta atá beartaithe saobhadh ar an margadh inmheánach leictreachais.

    8.   In am trátha roimh dhul in éag na tréimhse bailíochta a shonraítear de bhun mhír 2, déanfaidh an Coimisiún measúnú le féachaint an bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 fós á gcomhlíonadh. Má mheasann an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh i gcónaí, cuirfidh sé togra faoi bhráid na Comhairle chun síneadh a chur le tréimhse bhailíochta cinnidh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 1. I gcás ina gcinnfidh an Chomhairle síneadh a chur leis an tréimhse bhailíochta, beidh feidhm ag míreanna 6 agus 7 le linn na tréimhse sínte sin.

    Déanfaidh an Coimisiún measúnú agus faireachán leanúnach ar an tionchar a eascraíonn as aon bhearta arna nglacadh faoin Airteagal seo agus foilseoidh sé torthaí na measúnuithe sin ar bhonn tráthrialta.’

    ;

    (15)

    in Airteagal 69, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Faoin 31 Nollaig 2025, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme na Treorach seo agus déanfaidh sé tuarascáil ina leith sin a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Más iomchuí, tíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach in éineacht leis an tuarascáil nó tar éis dó an tuarascáil a thíolacadh.

    San athbhreithniú ón gCoimisiún, déanfar measúnú, go háirithe, ar an gcáilíocht seirbhíse a thairgtear do na custaiméirí deiridh agus ar cé acu atá nó nach bhfuil custaiméirí, go háirithe custaiméirí leochaileacha agus custaiméirí a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, á gcosaint go leordhóthanach faoin Treoir seo.’.

    Airteagal 3

    Trasuí

    1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 17 Eanáir 2025.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 2, pointí (2) agus (5), a chomhlíonadh faoin 17 Iúil 2026.

    Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

    Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

    Airteagal 4

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 5

    Seolaithe

    Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

    Arna déanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2024.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    H. LAHBIB


    (1)   IO C 293, 18.8.2023, lch. 112.

    (2)   IO C, C/2023/253, 26.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/253/oj.

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Bealtaine 2024.

    (4)   IO L 198, 22.7.2006, lch. 18.

    (5)  Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis (IO L 173, 30.6.2022, lch. 17).

    (6)  Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás (IO L 206, 8.8.2022, lch. 1).

    (7)  Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh (IO L 261 I, 7.10.2022, lch. 1).

    (8)  Rialachán (AE) 2022/2577 ón gComhairle an 22 Nollaig 2022 lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite (IO L 335, 29.12.2022, lch. 36).

    (9)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

    (10)  Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 158, 14.6.2019, lch. 22).

    (11)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).

    (12)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

    (13)  Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 328, 21.12.2018, lch. 210).

    (14)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

    (15)  Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45).

    (16)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1711/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top