Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024H1238

    Moladh (AE) 2024/1238 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2024 maidir le córais chomhtháite cosanta leanaí a fhorbairt agus a neartú ar mhaithe le leas an linbh

    C/2024/2680

    IO L, 2024/1238, 14.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/1238/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/1238/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1238

    14.5.2024

    MOLADH (AE) 2024/1238 ÓN gCOIMISIÚN

    an 23 Aibreán 2024

    maidir le córais chomhtháite cosanta leanaí a fhorbairt agus a neartú ar mhaithe le leas an linbh

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is é is príomhchuspóir de chuid an Aontais é leanaí a chosaint ar gach cineál foréigin. Bunaítear le hAirteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (‘CAE’) an cuspóir atá ag an Aontas Eorpach an cosaint ar chearta an linbh a chur chun cinn. Tá an ceart bunúsach sin ar cheann de na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe de bhun Airteagal 2 CAE. I gcomhréir le hAirteagal 24 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), foráiltear leis an gceart sin go mbeidh ag leanaí an ceart chun cibé cosaint agus cúram is gá ar mhaithe lena ndea-bhail, agus i ngach gníomh a bhaineann le leanaí, bíodh sin á ghlacadh ag údaráis phoiblí nó ag institiúidí príobháideacha, ní mór leas an linbh a bheith ar na dálaí is tábhachtaí atá le cur san áireamh. Ní hamháin gur cheart foráil a dhéanamh maidir le cosaint den sórt sin laistigh den Aontas, ach ba cheart foráil a dhéanamh freisin maidir le caidreamh an Aontais leis an domhan mór i gcomhréir le hAirteagal 3(5) CAE.

    (2)

    Tá cosaint leanaí ar cheann de phríomhchuspóirí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (‘Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe’) (1), an Choinbhinsiúin Eorpaigh chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (ECHR) (2), chomh maith le hionstraimí dlí idirnáisiúnta eile (3) agus ionstraimí nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí ar leibhéal na Náisiún Aontaithe (4) agus ar leibhéal Chomhairle na hEorpa (5).

    (3)

    Tá sé ríthábhachtach cearta an linbh a chaomhnú agus a chomhlíonadh i Straitéis an Aontais um chearta an linbh (an Straitéis) (6). Sa Straitéis, gheall an Coimisiún ‘tionscnamh a chur i láthair a bheidh dírithe ar thacú le córais chomhtháite cosanta leanaí a fhorbairt agus a neartú’ mar phríomhsprIOC insoláthartha chun dul i ngleic le gach cineál foréigin in aghaidh leanaí agus chun cosaint leanaí a áirithiú.

    (4)

    Ina Rún 2021 maidir le cearta an linbh (7), leag Parlaimint na hEorpa an tábhacht atá le córais chomhtháite náisiúnta agus thrasnáisiúnta cosanta leanaí a fhorbairt agus a neartú, ar córais iad a bhfuil acmhainní, scéimeanna cur chun feidhme agus faireacháin acu. Sna Conclúidí ón gComhairle i ndáil le Straitéis an Aontais um Chearta an Linbh i mí an Mheithimh 2022, iarradh ar na Ballstáit freisin cur chuige comhtháite (comhordaithe agus ildisciplíneach) a ghlacadh maidir le cosaint leanaí (8). Chuir Coiste na Réigiún béim freisin ar an tábhacht atá leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chumhachtú i gcórais chomhtháite cosanta leanaí, sa tuairim uaidh (9).

    (5)

    Léiríonn an comhairliúchán le níos mó ná 1 000 leanaí faoi Ardán Rannpháirtíochta Leanaí nua an Aontais (10) maidir lena riachtanais chosanta nach féidir a bheith cinnte go fóill go ndéantar leanaí a chosaint i gcónaí (11). Cuireann an Moladh seo le comhairliúchán poiblí oscailte agus glao ar fhianaise freisin. Rinne Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (‘FRA’) mapáil freisin ar chórais náisiúnta cosanta leanaí san Aontas (12) agus ar a bhfeidhmiú, arna iarraidh sin don Choimisiún. Leagtar amach príomhthorthaí sa Doiciméad Inmheánach Oibre fianaise-bhunaithe a ghabhann leis an Moladh seo.

    (6)

    Léiríonn toradh tábhachtach go bhfuil córais náisiúnta cosanta leanaí éagsúil. Déantar na córais sin a dhearadh i gcomhréir le riachtanais shonracha, le hacmhainní leithdháilte, agus le tosca sonracha cultúrtha, sóisialta agus stairiúla, agus le leibhéil éagsúla díláraithe. Baineann na dúshláin chomhroinnte, áfach, le beartais choisc neamhleora agus le córais luath-shainaitheantais, cuir i gcás, agus is é atá i gceist leo chomh maith tacaíocht thráthúil chuimsitheach atá de dhíth (lena n-áirítear tacaíocht shíceasóisialta), go háirithe ar leanaí a bhfuil riachtanais chosanta comhtharlaithe rompu, agus faireachán. Is minic nach leor córais chomhordúcháin chun freagairtí éifeachtacha ildisciplíneacha a áirithiú ar fud na n-aireachtaí nó ar fud sraitheanna éagsúla inniúlachtaí. Is dúshlán é freisin acmhainní daonna agus airgeadais a bheith ar fáil agus á gcomhordú. Bunaithe air sin, is léir go bhfuil gá le córais níos éifeachtúla agus níos comhtháite chun leanaí a chosaint.

    (7)

    Chun cultúr neamhfhulaingthe ar fhoréigean in aghaidh leanaí a chur chun cinn, ní mór an bhearna idir caighdeáin idirnáisiúnta, gealltanais pholaitiúla agus gníomhaíocht a dhúnadh agus na gníomhaithe ábhartha uile a shlógadh ar fud na sochaí (13). Ba cheart aon chineál foréigin a bheith i gceist leis sin a chiallaíonn gach cineál foréigin fhisiciúil nó intinne, gortú nó mí-úsáid, faillí nó caitheamh faillí, drochíde nó teacht i dtír, lena n-áirítear mí-úsáid ghnéasach, go fisiciúil, ar líne, nó sa saol fíorúil (‘foréigean in aghaidh leanaí’). Áirítear ar an bhforéigean sin, mar atá, foréigean teaghlaigh, gáinneáil ar dhaoine, mí-úsáid ghnéasach, foréigean inscnebhunaithe, lena n-áirítear ciorrú ball giniúna ban agus pósadh leanaí, chomh maith le gach cineál bulaíochta agus pionós corpartha. I bhfianaise an mhéid sin, is é is príomhaidhm don Mholadh seo forbairt córas comhtháite cosanta leanaí a chothú sna Ballstáit agus a bhfeidhmiú a neartú, agus cosaint leanaí a chur chun cinn mar thosaíocht de chuid an Aontais ina ghníomhaíocht sheachtrach.

    (8)

    Chun freagairt níos fearr do thuairimí agus do riachtanais leanaí ar gné lárnach den Moladh seo é, ba cheart do na córais náisiúnta cosanta leanaí a bheith sonrach don chomhthéacs, dírithe ar an leanbh agus ba cheart iad a chur chun feidhme ar an leibhéal rialachais is iomchuí. Ba cheart do na Ballstáit comhar agus comhordú trasearnálach a éascú idir gníomhaithe príobháideacha, údaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta agus institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais, chun rochtain chomhionann ar sheirbhísí cosanta leanaí a áirithiú. Ba cheart tús áite a thabhairt do leas an linbh, agus éisteacht le tuairimí na leanaí an tráth céanna. Le cur chuige comhtháite, ba cheart cosc, luathrabhadh, tuairisciú, tacaíocht agus faireachán trasearnála a nascadh le chéile freisin.

    (9)

    Tá freagrachtaí sonracha ag gníomhaithe éagsúla, ar fud leibhéil éagsúla inniúlachta agus earnálacha, maidir le cosaint leanaí. Is ríthábhachtach róil atá sainithe go soiléir agus dlúthchomhordú idir na gníomhaithe ábhartha uile, go háirithe údaráis phoiblí (ar gach leibhéal, de réir a n-inniúlachtaí), gníomhaithe príobháideacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Cumhdaíonn gairmithe agus gníomhaithe ábhartha earnálacha éagsúla, amhail oideachas agus oiliúint (múinteoirí, oideachasóirí, seirbhísí tacaíochta ar gach leibhéal, lena n-áirítear oideachas agus cúram na luath-óige), earnálacha sóisialta (e.g. oibrithe sóisialta, soláthraithe seirbhíse, cúramóirí cúraim chónaithe agus altrama), sláinte (lena n-áirítear meabhairshláinte), ceartas agus forfheidhmiú an dlí (e.g. dlíodóirí, breithiúna, póilíní, gairmithe atá ag obair in saoráidí iata nó leath-iata), tearmann agus imirce, cosaint taidhleoireachta agus chonsalach, cúrsaí digiteacha, spórt, fóillíocht, na meáin nó an cultúr, airgeadas, gnó agus comhshaol, chomh maith le ceannairí traidisiúnta agus reiligiúnacha. Tá ról lárnach ag teaghlaigh agus ag pobail i gcosaint leanaí, chomh maith le leanaí iad féin.

    (10)

    Leis an raon leathan uirlisí atá ar fáil do na Ballstáit, lena n-áirítear ar leibhéal an Aontais (reachtaíocht, beartais agus cistiú), is féidir cuidiú le córais cosanta leanaí a dhéanamh níos comhtháite agus níos láidre. Dá réir sin, cuireann an Moladh seo leis an acquis ábhartha de chuid an Aontais a bhaineann le cearta an linbh chomh maith le gníomhaíochtaí neamhcheangailteacha a rinneadh sa réimse sin (14). Is é is aidhm dó cur chuige iomlánaíoch agus trasearnálach a thabhairt isteach maidir le cosaint leanaí, agus an reachtaíocht agus an ghníomhaíocht atá ann cheana a thabhairt le chéile chun go n-oibreoidh córais cosanta leanaí ar bhealach níos comhtháite, dírithe ar leanaí.

    (11)

    Is uirlis thábhachtach é an comhionannas agus an cuimsiú a chur chun cinn inár sochaithe chun foréigean a chosc. Leanaí a bhfuil saintréithe acu a bhaineann le cúiseanna idirdhealaithe, is mó an seans go ndéanfar bulaíocht orthusan ná go ndéanfar ar leanaí eile í. Mar shampla, tá baol níos mó ann go mbeidh leanaí faoi mhíchumas ina n-íospartaigh foréigin agus mí-úsáide ina dtimpeallacht bhaile agus in institiúidí araon (15). 5 bliana roimh shuirbhé 2019 rinneadh ionsaí fisiciúil nó gnéasach ar 11 % de leanaí LADTI idir 15 agus 17 mbliana d’aois mar gheall air gur daoine LADTI iad (16). Na leanaí a fheiceann gníomhartha ciníochais agus a dhéanann cinsireacht orthu féin maidir lena bhféiniúlacht, is mó an seans go mbuailfidh fadhbanna sochmhothúchánacha iadsan ná go mbuailfidh fadhbanna dá leithéid leanaí nach bhfeiceann gníomhartha ciníochais ná nach ndéanann cinsireacht orthu féin maidir lena bhféiniúlacht. Is fíor sin go háirithe i gcás leanaí Romacha, a mbíonn orthu dul i ngleic go minic le hidirdhealú, frithghiofógachas agus eisiamh socheacnamaíoch ina saol laethúil (17). Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeidh córais chomhtháite cosanta leanaí cuimsitheach, lena n-áiritheofar go gcaithfear go cothrom le gach leanbh i gcónaí agus gan idirdhealú i gcomhréir le cúig straitéis comhionannais an Choimisiúin (18), le Straitéis an Aontais maidir leis an bhFrithsheimíteachas a Chomhrac agus Saol na nGiúdach a Chothú (19) agus leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le Lánpháirtiú agus Cuimsiú (20). Is é is aidhm don Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le ‘ní ghlacfar leis an bhfuath’ dlús a chur le hiarrachtaí an Aontais fuath de gach cineál a chomhrac (21).

    (12)

    Is gnéithe bunaitheacha iad an mheabhairshláinte agus an tacaíocht shíceolaíoch ag aon chéim de chosaint leanaí. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte (22), dírítear ar mheabhairshláinte leanaí a neartú. Aithníonn an Coimisiún gur céim chinntitheach í an óige don mheabhairshláinte ar feadh an tsaoil. I gcur chuige uilescoile i leith na folláine, tá an mheabhairshláinte agus teanga neamhfhoréigneach ríthábhachtach chun bulaíocht a chosc, lena n-áirítear cibearbhulaíocht, agus foréigean, i gcomhar le gairmithe meabhairshláinte agus teaghlaigh. Cuirtear an méid sin i dtábhacht go háirithe le Sainghrúpa an Choimisiúin maidir le timpeallachtaí foghlama tacúla le haghaidh grúpaí atá i mbaol tearcghnóthachtála agus chun tacú leis an bhfolláine ar scoil (23), rud a rannchuidíonn le baint amach an Limistéir Eorpaigh Oideachais faoi 2025 (24). Tacaíonn an obair sin le cur chun feidhme Mholadh ón gComhairle an 28 Samhain 2022 maidir le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile (25).

    (13)

    Ceann de na príomhchinntithigh a bhaineann le heisiamh sóisialta leanaí is ea an rochtain mhíchothrom ar phríomhsheirbhísí. Tá siad bunriachtanach d’fholláine leanaí agus d’fhorbairt a gcuid scileanna sóisialta, cognaíocha agus mothúchánacha. Luaitear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta (26), i bprionsabal 11, go bhfuil an ceart ag leanaí oideachas agus cúram luath-óige inacmhainne ar ardcháilíocht a fháil; an ceart chun cosaint a fháil ar an mbochtaineacht agus, chomh maith leis sin, an ceart a bheith ag leanaí ó chúlra faoi mhíbhuntáiste chun bearta sonracha a fháil ar mhaithe le comhdheiseanna a fheabhsú. Ina theannta sin, leis an Moladh ón gComhairle (AE) 2021/1004 (27) maidir le Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, iarrtar ar na Ballstáit eisiamh sóisialta a chosc agus a chomhrac trí rochtain éifeachtach a ráthú do leanaí atá i ngátar ar shraith príomhsheirbhísí, amhail oideachas, cúram sláinte agus tithíocht. Baineann sé sin go sonrach le leanaí ó chúlraí teaghlaigh forbhásacha, foréigneacha agus drochídeacha. Le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, leis an gclár Ráthaíocht Eorpach do Leanaí agus leis an Straitéis Eorpach um Chúram (28), cuirtear creat beartais cuimsitheach de chuid an Aontais i láthair chun rochtain ar sheirbhísí bunúsacha a áirithiú do leanaí atá i staideanna leochaileacha nó ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. Leis an Moladh ón gComhairle maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige (29), tacaítear freisin leis na Ballstáit ina n-iarrachtaí feabhas a chur ar rochtain ar oideachas agus ar chúram na luath-óige agus ar cháilíocht an oideachais agus an chúraim sin. Meabhraíodh i Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 (30) go bhfuil aon trian de na daoine óga san Eoraip i mbaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta agus bíonn tionchar aige sin ar theachtadh a gceart sóisialta. Bíonn go leor acu fós ag dul i ngleic le hilchineálacha idirdhealaithe, agus bíonn orthu déileáil le claontacht agus coireanna fuatha. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí agus ar oibriú chun comhdheiseanna a áirithiú do na glúine is óige san Eoraip, lena n-áirítear na daoine is imeallaithe agus is eisiata.

    (14)

    Tá mí-úsáid leanaí agus teacht i dtír gnéasach ina gcoireanna atá ag síorathrú agus atá ag dul i méid san Aontas. Léirítear sa Mholadh seo a thábhachtaí atá tiomantas an Aontais leanaí a chosaint ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí, ar líne agus as líne araon. I Straitéis an Aontais Eorpaigh chun mí-úsáid ghnéasach leanaí (31) a chomhrac ar bhonn níos éifeachtaí léirítear dearcadh iomlánaíoch maidir leis an gcoir sin, lena mbaintear úsáid as na huirlisí ábhartha uile atá ar fáil ar leibhéal an Aontais, idir uirlisí reachtacha agus neamhreachtacha, chun na coireanna sin a chosc agus a chomhrac agus chun cúnamh a thabhairt d’íospartaigh, agus leas a bhaint as na páirtithe leasmhara ábhartha uile idir údaráis phoiblí agus an earnáil phríobháideach. Mar chuid den Straitéis sin, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac (32), lena gcuirfí oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse ar líne cosc a chur ar scaipeadh ábhair mí-úsáide gnéasaí leanaí agus ar ghrúmaeireacht leanaí. Déantar foráil sa Treoir maidir le Mí-úsáid Ghnéasach Leanaí (33) do shainmhínithe ar chionta coiriúla agus ar smachtbhannaí i réimse na mí-úsáide gnéasaí leanaí agus an teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus leagtar amach sa Treoir oibleagáidí do na Ballstáit maidir leis na coireanna sin a chosc agus maidir le cúnamh agus tacaíocht d’íospartaigh. Mar chuid den Straitéis, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir seo (34).

    (15)

    Ní mór leanaí a chosaint i dtimpeallachtaí fisiciúla agus digiteacha araon ar rioscaí amhail an bhulaíocht (an chibearbhulaíocht) agus an ciapadh. Cuirtear an méid sin i dtábhacht go sonrach sna conclúidí ón gComhairle maidir le cumhachtú digiteach chun cearta bunúsacha a chosaint agus a fhorfheidhmiú sa ré dhigiteach (35) agus maidir le tacú leis an bhfolláine san oideachas digiteach (36). Is é is aidhm don Straitéis Eorpach i ndáil le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí Plus (BIK+) (37) a áirithiú go ndéanfar leanaí a chosaint, a urramú agus a chumhachtú ar líne le linn na deacáide digití nua, agus is príomhábhar imní é mionaoisigh a chosaint sa chreat reachtach agus beartais, mar shampla an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (38), an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (39), an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc (40) agus tionscnamh an Aontais maidir le Gréasán 4.0 agus an domhan fíorúil (41). Faoi scáth BIK+, leanann an Coimisiún den chomhrac i gcoinne na cibearbhulaíochta, go sonrach trí obair líonra cómhaoinithe an Aontais le haghaidh Ionaid d’Idirlíon Níos Sábháilte (SICanna) a chuireann línte cabhracha ar fáil, chomh maith le hoiliúint agus acmhainní atá le húsáid sna suíomhanna oideachais foirmiúla agus neamhfhoirmiúla.

    (16)

    Ba cheart a chur san áireamh i gcórais cheartais náisiúnta na mBallstát riachtanais leanaí mar íospartaigh, amhrastaigh, cúisithe nó ciontaithe, finnéithe nó mar pháirtithe eile in imeachtaí dlíthiúla, chun feidhmiú éifeachtach a gceart a éascú. Sa Treoir maidir le Cearta Íospartach (42), sa Treoir maidir le Coimircí Nós Imeachta do leanaí atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla, (43) agus i Straitéis an Aontais um chearta íospartach (2020-2025) (44), leagtar amach go sainráite cearta agus coimircí sonracha do leanaí a chumhdaítear ar an gcaoi sin nó dírítear go sainráite ar na cearta agus na coimircí sin a chur chun cinn. Cur chuige ilghníomhaireachta spriocdhírithe comhtháite chun tacú le híospartaigh ar leanaí iad agus chun iad a chosaint, lena ngabhann seirbhísí atá oiriúnach ó thaobh aoise de, tá gá leis sin i gcás íospartaigh na coireachta. Ba cheart cur chuige ildisciplíneach a ghlacadh do leanaí atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, go háirithe chun measúnú aonair a dhéanamh ar imthosca, ar riachtanais agus ar leochaileachtaí sonracha an linbh. Léirítear sa Mholadh seo freisin a thábhachtaí atá an Rialachán maidir le Cothabháil (45) agus Rialachán IIb na Bruiséile (46), trí chomhar breithiúnach trasteorann a neartú laistigh den Aontas in ábhair shibhialta a bhaineann le leanaí. Tá ról ag Údaráis Lárnacha arna n-ainmniú faoi Rialachán IIb na Bruiséile maidir le cúnamh a chur ar fáil i gcásanna cosanta leanaí trasteorann. Ina theannta sin, bíonn leanaí thíos leis an ngáinneáil ar dhaoine le haghaidh gach cineál dúshaothraithe (47). Meastar go bhfuil íospartaigh leanaí gáinneála an-leochaileach faoin Treoir maidir le Frithgháinneáil (48) agus tugtar fócas sonrach orthu i Straitéis an Aontais in aghaidh na gáinneála ar dhaoine (2021-2025). Tá ról ag na línte cabhrach do leanaí (116 111), beolínte leanaí ar iarraidh (116 000) agus línte cabhrach náisiúnta (leanbh) agus beolínte náisiúnta eile i gcórais cosanta leanaí.

    (17)

    Chun cearta na leanbh-imirceach a chosaint, lena n-áirítear leanaí neamhthionlactha atá ar lorg cosaint idirnáisiúnta, ní mór iarrachtaí leanúnacha a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní. Is bagairt laethúil é an foréigean do leanaí atá ag bogadh, go háirithe iad siúd a thaistealaíonn gan tionlacan nó atá scartha óna dteaghlaigh (49). Tá leochaileachta ar leith ag baint le ar imircigh agus dídeanaithe iad agus tá cosaint shonrach agus iomchuí ag teastáil ina leith, mar a cuireadh i bhfios go láidir sa Teachtaireacht maidir le leanbh-imircigh a chosaint (50). Is amhlaidh is measa leochaileacht leanaí nuair is leanaí neamhthionlactha nó scartha iad. Tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá gealltanas iomlán tugtha ag an gCoimisiún go dtacóidh sé leis na Ballstáit leanaí a easáitíodh ón Úcráin go críoch an Aontais a chosaint (51). Áirítear leis sin tacú le beolínte agus línte cabhrach do leanaí atá ar iarraidh, chomh maith le cuidiú lena áirithiú go gcuimseofar iad i gcórais náisiúnta oideachais agus treoir a chur ar fáil do na Ballstáit chun cuidiú lena áirithiú go nascfar leanaí easáitithe le córais náisiúnta cosanta leanaí (52).

    (18)

    Tabharfar isteach leis an gComhaontú maidir le hImirce agus Tearmann, atá le glacadh go críochnaitheach ag an gComhairle (53), coimircí agus oibleagáidí breise maidir le cosaint leanaí nach mór a chur i ngníomh san sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm. Tá leas an linbh fós lárnach ar fud acquis Tearmainn an Aontais, áit nach mór tús áite a thabhairt dó. Ní mór do na Ballstáit aon fhoráil speisialta a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó leanaí atá ar lorg tearmainn tar éis dóibh an teorainn a thrasnú a shainaithint agus freastal uirthi, agus leanúnachas agus cobhsaíocht an chúraim á gcur san áireamh. Leis an gComhaontú, giorraítear na spriocdhátaí chun ionadaithe leanaí a cheapadh agus treisítear na caighdeáin a bhaineann lena n-oiliúint, lena gcáilíocht agus lena maoirseacht, agus cumhdaítear leis freisin an gá atá le tuairimí leanaí a chur san áireamh agus faisnéis atá fabhrach do leanaí a chur ar fáil. Giorraítear leis na sprioc-amanna a bhaineann le rochtain gach linbh ar oideachas agus cuirtear leis an rochtain atá ag leanaí ar chúram sláinte ionas go bhfaighidh siad an cineál céanna cúraim sláinte agus a chuirtear ar fáil dá náisiúnaigh féin ar mionaoisigh iad. Áirítear leis ráthaíochtaí níos láidre do mhionaoisigh i ndáil le coinneáil, agus sonraítear ann, de ghnáth, nár cheart leanaí a choinneáil. Mar a chuirtear i dtábhacht sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Lánpháirtiú agus Cuimsiú (54), is gné riachtanach eile é an t-aistriú chuig tacaíocht aosachta nach mór a chur san áireamh sa chóras cosanta leanaí, chun an t-aistriú is fearr agus is inbhuanaithe a áirithiú.

    (19)

    Déanann an tAontas foráil maidir le neart deiseanna cistithe chun rannchuidiú le leanaí a chosaint ar gach cineál foréigin. Tá cistí an Aontais ar fáil chun tacú le forbairt agus neartú córas comhtháite cosanta leanaí sna Ballstáit agus le bearta breise ábhartha. Chun gur fusa dul i ngleic le cláir éagsúla, tá tairseach aonair curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún le haghaidh chistí an Aontais agus cuireann sé ar chumas úsáideoirí deiseanna cistithe ábhartha a aimsiú (55). Tá sé d’oibleagáid ar thairbhithe chistiú an Aontais luachanna, prionsabail, an dlí is infheidhme agus forálacha conarthacha an Aontais a urramú agus an cistiú sin á chur chun feidhme acu. Tá bearta curtha chun feidhme ag an gCoimisiún chun tacú le comhlíonadh agus chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe a d’fhéadfadh a bheith ann. Thairis sin, i gcás chistí an Aontais a chumhdaítear le Rialachán na bhForálacha Coiteanna (56), ceanglaítear ar na Ballstáit na coinníollacha cumasúcháin cothrománacha chomh le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD) a chomhlíonadh. Dá réir sin, ceanglaítear ar na Ballstáit córais éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfuil na cláir a fhaigheann tacaíocht ó na cistí sin de chuid an Aontais agus a gcur chun feidhme i gcomhréir leis an gCairt agus le UNCRPD.

    (20)

    Cuireann an Coimisiún tacaíocht airgeadais thiomnaithe ar fáil freisin chun foréigean in aghaidh leanaí, foréigean inscnebhunaithe in aghaidh cailíní, agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, agus chun íospartaigh an fhoréigin sin a chosaint, faoin tsraith Daphne den Chlár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (‘CERV’) (57). Cuireann an tsraith Comhionannais, Ceart agus Comhionannais Inscne den Chlár CERV tuilleadh deiseanna cistiúcháin ar fáil chun cearta leanaí agus rannpháirtíocht leanaí a chur chun cinn, agus chun an t-idirdhealú a bhíonn roimh ghrúpaí áirithe leanaí a chomhrac. Tacaíonn an clár um Cheartas (58) freisin le leanaí a chosaint le deiseanna cistiúcháin, go háirithe i réimse an cheartais a thacaíonn le leanaí.

    (21)

    Cuireann an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (59) saineolas teicniúil saincheaptha ar fáil ar a éileamh sin chun athchóirithe struchtúracha a cheapadh agus a chur chun feidhme sna Ballstáit. Áirítear leis sin na réimsí seo a leanas: oideachas, seirbhísí sóisialta, bainistiú imirce agus teorainneacha, sláinte agus ceartas, mar shampla tacú le cur chun feidhme thithe Leanaí (Barnahus (60)). Ina theannta sin, tá córais chomhtháite cosanta leanaí mar chuid de thionscnamh suaitheanta tacaíochta teicniúla 2024 maidir leis an Daonlathas agus an Smacht Reachta a Neartú (61). Le hathchóirithe trasearnála is féidir i ngleic le bochtaineacht agus le heisiamh sóisialta leanaí faoin tionscnamh suaitheanta maidir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a chur chun feidhme, agus an deis á cur ar fáil an tráth céanna tacaíocht theicniúil ilnáisiúnta a chur ar fáil.

    (22)

    Le roinnt cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais féadfar aghaidh a thabhairt ar ábhair imní shonracha eile a bhaineann le cosaint leanaí agus folláine leanaí. Leis sin féadfar aghaidh a thabhairt go sonrach ar mheabhairshláinte leanaí, ar vacsaíniú leanaí agus ar chosc agus ar chúram ailse leanaí faoin gclár EU4Health (62). Cumhdaítear bochtaineacht leanaí agus eisiamh sóisialta faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (63); gáinneáil ar leanaí agus mí-úsáid ghnéasach leanaí faoin gCiste Slándála Inmheánaí (64); tearmann, lánpháirtiú nó tacaíocht a bhaineann le filleadh lena ndírítear ar leanaí neamh-AE, faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (65); rochtain ar sheirbhísí neamhscartha san oideachas, tithíocht, cúram sláinte agus cúram sóisialta leanaí faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (66). Féadfar aghaidh a thabhairt freisin ar athchóirithe, ar infheistíochtaí agus ar bheartais don chéad ghlúin eile de leanaí agus den óige, amhail oideachas agus scileanna, faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (67). Déanann an tAontas cómhaoiniú ar Ionaid d’Idirlíon Níos Sábháilte sna Ballstáit chun gníomhaíochtaí agus acmhainní múscailte feasachta a chur ar fáil maidir le sábháilteacht leanaí ar líne. Tugtar tacaíocht freisin do leanaí, do chúramóirí agus d’oideoirí le seirbhísí comhairleoireachta agus tuairiscithe trí línte cabhracha leanaí agus beolínte chun ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a thuairisciú. Tacaíonn clár réime an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht, Fís Eorpach (68), le tionscadail éagsúla atá nasctha le cosaint leanaí i réimsí téamacha taighde, lena n-áirítear maidir le teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus foréigean teaghlaigh agus gnéasach a chosc.

    (23)

    Léirítear tiomantas an Aontais do chosaint leanaí ina ghníomhaíocht sheachtrach freisin. In 2022, bhí thart ar 468 milliún leanbh (níos mó ná leanbh amháin as seisear) ina gcónaí i limistéar coinbhleachta. Bhí 160 milliún leanbh (9,6 % de leanaí ar fud an domhain) ina n-íospartaigh saothair leanaí (69). Gach 10 nóiméad, áit éigin ar domhan, faigheann cailín sna déaga bás mar thoradh ar fhoréigean (70). Gníomhaíocht an Aontais chun seasamh le cearta an linbh agus cosaint leanaí ar fud an domhain, tá sí bunaithe ar an gcaoi a gcothaíonn agus a dtreisíonn an tAontas a bhunchlocha daonlathacha agus bunúsacha laistigh den Aontas. Is é is aidhm don Phlean Gníomhaíochta don Óige (71) i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais rannpháirtíocht fhóinteach leanaí agus na hóige agus cumhachtú i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais a chur chun cinn. Is é is aidhm do Phlean Gníomhaíochta III (72) maidir le hInscne gach cineál foréigin inscnebhunaithe a chomhrac. Tá cosaint leanaí ar cheann de phríomhchuspóirí Threoirlínte an Aontais maidir le Cearta an Linbh a Chur Chun Cinn agus a Chosaint agus Threoirlínte an Aontais maidir le Leanaí agus Coinbhleacht Armtha (73). Le Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas (2020-2024) (74), iarrtar ar thíortha comhpháirtíochta, mar shampla, córais cosanta leanaí a thógáil agus a neartú agus beartas neamhfhulaingthe a ghlacadh in aghaidh saothar leanaí; leis an Rialachán atá beartaithe maidir le toirmeasc a chur ar tháirgí a dhéantar le saothar éigeantais ar mhargadh an Aontais, rannchuideofar leis an sprIOC sin a bhaint amach. Léiríodh an tiomantas sin freisin sa Teachtaireacht maidir le hObair Chuibhiúil (75) lena dtacófar leis an gcomhrac in aghaidh saothar leanaí.

    (24)

    Tá géarghá le leanaí a chosaint ar an athrú aeráide agus ar ghuaiseacha comhshaoil, arb ann dóibh ar chríoch an Aontais agus ar fud an domhain araon. Is mó i bhfad an seans go ndéanfar díobháil thromchúiseach do leanaí ná do dhaoine fásta, lena n-áirítear iarmhairtí do-athraithe agus iarmhairtí ar feadh an tsaoil agus bás, mar gheall ar dhíghrádú comhshaoil (76), athrú ar an aeráid, an truailliú agus cailliúint bithéagsúlachta. Is amhlaidh is mó an riosca go ndéanfar sáruithe tromchúiseacha ar chearta leanaí i gcoinbhleacht armtha mar gheall ar easáitiú, gorta agus foréigean méadaithe (77). Ní mór aghaidh a thabhairt ar thionchair dhifreáilte an athraithe aeráide agus dhíghrádú an chomhshaoil ar mhná, ar leanaí agus ar ghrúpaí leochaileacha (78). I dTreoirlínte 2023 maidir le Straitéisí agus Pleananna Oiriúnaithe na mBallstát (79), cuirtear leanaí i dtábhacht i measc páirtithe leasmhara ar mó an dóchúlacht go mbeidh tionchar ag an athrú aeráide orthu, agus ar gá iad a áireamh sa phróiseas oiriúnaithe don athrú aeráide freisin. Agus gníomhaíocht á déanamh chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, ba cheart do pháirtithe a n-oibleagáidí faoi seach maidir le cearta an duine, lena n-áirítear cearta an linbh, a urramú, a chur chun cinn agus a mheas (80). Leis an gcreat maidir leis an sprIOC dhomhanda maidir le hoiriúnú mar a glacadh ag COP28 é (81), spreagtar na páirtithe chun cothromas idirghlúine agus ceartas sóisialta a áirithiú, agus grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear leanaí, á gcur san áireamh. Éilítear leis sin freisin rannpháirtíocht ghníomhach leanaí a áirithiú sa chinnteoireacht maidir le hábhair chriticiúla a dhéanann difear do chosaint a gceart. Tá peirspictíocht leanaí agus daoine óga mar chuid de ghníomhaíochtaí an Chomhshocraithe Aeráide Eorpaigh (82), agus go háirithe an líonra d’Ambasadóirí agus Comhpháirtithe an Chomhshocraithe Aeráide.

    (25)

    Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Moladh seo. Moltar do thíortha is iarrthóirí, d’iarrthóirí ionchasacha ar aontachas don Aontas, agus do thíortha bheartas comharsanachta an Aontais an Moladh seo a leanúint freisin.

    TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

    Ábhar

    1.

    Ba cheart do na Ballstáit bearta éifeachtacha, iomchuí agus comhréireacha a dhéanamh chun córais chomhtháite cosanta leanaí a fhorbairt agus a neartú a thuilleadh d’fhonn leanaí a chosaint ar aon chineál foréigin, is é sin gach cineál foréigin fhisiciúil nó intinne, gortú nó mí-úsáid, faillí nó cóireáil fhaillíoch, drochíde nó teacht i dtír, lena n-áirítear mí-úsáid ghnéasach, go fisiciúil, ar líne, nó i ndomhan fíorúil (‘foréigean in aghaidh leanaí’).

    2.

    Ba cheart do na Ballstáit cur chuige níos comhtháite a ghlacadh i gcomhréir le leas an linbh. Is ionann leanbh agus aon duine faoi bhun 18 mbliana d’aois (83).

    Leanaí a chur i gcroílár na gcóras cosanta

    Leanaí a urramú mar shealbhóirí ceart, éisteacht lena dtuairimí agus iad a chur ar an eolas ar bhealach a thacaíonn le leanaí, agus feasacht a ardú

    3.

    Ba cheart do na Ballstáit tús áite a thabhairt i gcónaí do leas an linbh, lena n-áirithítear go ndéantar leanaí a aithint, a urramú agus a chosaint mar shealbhóirí ceart, le cearta doshannta chun cosanta.

    4.

    Ba cheart do na Ballstáit córais a thabhairt isteach ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil lena gcuirfear ar chumas leanaí a dtuairimí a chur in iúl gan bhac maidir le hábhair a bhaineann leo ar bhealach fóinteach, cuimsitheach, inrochtana agus sábháilte. Sna hábhair sin, ba cheart do na Ballstáit leanaí a chumhachtú, trí thuairimí leanaí a chur san áireamh i gcomhréir lena n-aois agus lena n-aibíocht, agus trí rannpháirtíocht leanaí a áirithiú go háirithe i bhforbairt, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar straitéisí, beartais, cláir agus seirbhísí maidir le cosaint leanaí.

    5.

    Ba cheart do na Ballstáit feasacht a mhúscailt go gníomhach maidir le cearta agus riachtanais leanaí, maidir le cumhachtú leanaí, agus maidir le bearta coisctheacha agus cosanta. Ba cheart a áireamh leis na bearta sin deiseanna chun cásanna neamhshábháilte a thuairisciú agus chun tacaíocht a fháil, lena n-áirítear tacaíocht shíceolaíoch, agus faisnéis maidir le rioscaí sonracha a bhaineann le haon chineál foréigin in aghaidh leanaí, lena n-áirítear mí-úsáid ghnéasach leanaí. Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a sholáthar don phobal, lena n-áirítear leanaí, a dtuismitheoirí agus a gcúramóirí, d’aon duine fásta a bhíonn i dteagmháil le leanaí ar fud na n-earnálacha agus do na páirtithe leasmhara ábhartha uile.

    6.

    Ba cheart do na Ballstáit úsáid teanga inrochtana atá fabhrach do leanaí a spreagadh agus a chur chun cinn, lena n-áirítear ar scoil, trí pháirtithe leasmhara, i bhfeachtais na meán, lena n-áirítear na meáin shóisialta. Ba cheart an teanga sin a chur in oiriúint d’aois, d’aibíocht agus do riachtanais na leanaí atá i gceist.

    Córais chuimsitheacha maidir le cosaint leanaí a áirithiú

    7.

    Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcaitear le leanaí i gcónaí gan aon idirdhealú agus ar bhealach a chosnaíonn a ndínit. Ba cheart cóireáil den sórt sin a bheith oiriúnach dá n-aois, dá n-aibíocht agus dá leibhéal tuisceana, agus ba cheart a bpearsantacht uathúil, a leasanna agus aon riachtanais speisialta a d’fhéadfadh a bheith acu a chur san áireamh. Ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir le gach leanbh, ina n-éagsúlacht uile, na cearta rochtana céanna a bheith acu ar fud a gcríoch uile, i gceantair uirbeacha, thuaithe agus iargúlta nó sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, agus tairbhe a bhaint as an gcosaint sin, ar bhonn comhionann. Faoi Airteagal 21 den Chairt, toirmeascfar aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach.

    8.

    Ba cheart do na Ballstáit tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil do ghrúpaí sonracha leanaí, amhail leanaí atá i ngátar, dóibh siúd atá faoi mhíbhuntáiste sonrach, agus dóibh siúd atá i mbaol idirdhealaithe nó a bhfuil rioscaí sonracha foréigin ag bagairt orthu, chun seirbhísí agus cúram a chur ar fáil do leanaí ar bhealach íogair, sin seirbhísí agus cúram atá inrochtana agus ar ardcháilíocht. Ba cheart do na Ballstáit aird a thabhairt go háirithe ar na moltaí a leagtar amach sa Ráthaíocht Eorpach do Leanaí agus ar na pleananna gníomhaíochta náisiúnta arna nglacadh sa chomhthéacs sin, lena n-áirítear trí acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh.

    9.

    Moltar do na Ballstáit bearta ábhartha a bhaineann le leanaí a chur chun feidhme, lena n-áirítear tríd an idirdhealú in aghaidh leanaí a chomhrac agus trína gcosaint a áirithiú, faoi chuimsiú na bpleananna gníomhaíochta náisiúnta, na ngníomhaíochtaí agus na straitéisí arna nglacadh i gcomhthéacs Straitéisí Comhionannais an Choimisiúin, Straitéis an Aontais maidir leis an bhFrithsheimíteachas a Chomhrac agus Saol na nGiúdach a Chothú agus an Phlean Gníomhaíochta maidir le Lánpháirtiú agus Cuimsiú.

    Freagairt do riachtanais sábháilteachta leanaí sna timpeallachtaí fisiciúla agus digiteacha araon

    10.

    Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil agus go mbraitheann leanaí sábháilte i ngach spás fisiciúil, go háirithe ar scoil, lena n-áirítear in oideachas agus cúram na luath-óige, nó le linn gníomhaíochtaí iarscoile, gníomhaíochtaí cultúrtha agus spóirt, agus i spásanna poiblí chomh maith.

    11.

    Iarrtar ar na Ballstáit feasacht a mhúscailt maidir leis an tábhacht a bhaineann le na cearta bunúsacha a chosaint, lena n-áirítear príobháideachas agus sonraí pearsanta, sa réimse digiteach, agus faisnéis a scaipeadh maidir leis an tacaíocht atá ar fáil d’íospartaigh foréigin, íospartaigh ar leanaí iad, sa timpeallacht dhigiteach. Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh lena áirithiú go bhfuil leanaí sábháilte agus go mothaíonn siad sábháilte ar spásanna ar líne, lena n-áirítear trí bhearta chun feabhas a chur ar litearthacht dhigiteach agus ar úsáid shábháilte teicneolaíochtaí digiteacha i measc leanaí trí úsáid a bhaint as teanga inrochtana atá saincheaptha dá n-aois, dá n-aibíocht agus dá riachtanais, chun a áirithiú go mbeidh leanaí in ann a bheith faoi rath sa timpeallacht dhigiteach. Ba cheart é sin a bheith faoi réir ardú feasachta agus oiliúna i leith teaghlach, cúramóirí agus ar scoil, ag tosú ag aois óg, le tacaíocht ó shaineolaithe ábhartha, amhail na hIonaid d’Idirlíon Níos Sábháilte.

    12.

    Moltar do na Ballstáit leanúint de chomhordú a dhéanamh leis an gCoimisiún chun cosaint, cumhachtú digiteach agus sábháilteacht leanaí ar líne a mhéadú, go háirithe i gcur chun feidhme na Straitéise Eorpaí i ndáil le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí Plus agus trí fhorfheidhmiú éifeachtach an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha a áirithiú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt do thionscnaimh múscailte feasachta a bhaineann le dúshláin nua maidir le sábháilteacht agus folláine leanaí a eascraíonn as an intleacht shaorga, an saol fíorúil, ró-nochtadh d’ábhar digiteach, bagairtí digiteacha (amhail fuathchaint, cibearbhulaíocht, ciapadh, mí-úsáid ghnéasach leanaí, grúmaeireacht, agus ábhar foréigneach), nó margaíocht ionsaitheach, lena n-áirítear trí choimircí maidir le cosaint leanaí trí dhearadh.

    Sláine agus meabhairshláinte leanaí a chosaint

    13.

    Moltar do na Ballstáit gach beart reachtach, riaracháin, sóisialta agus oideachais is iomchuí a dhéanamh chun sláine coirp agus meabhrach leanaí a chosaint. Ba cheart an méid seo a leanas a dhéanamh leis na bearta sin:

    (a)

    sláine, forbairt agus folláine iomlán fhisiciúil agus mheabhrach an linbh a chosaint, i dtimpeallachtaí fisiciúla agus digiteacha araon, agus aird chuí á tabhairt ar leochaileachtaí an linbh, ar na riachtanais speisialta a d’fhéadfadh a bheith aige agus ar na rioscaí idirdhealaithe a d’fhéadfadh a bheith ann;

    (b)

    leanaí a chosaint ar thionchar míchuí leasanna tráchtála, amhail cearrbhachas (digiteach), margaíocht ionsaitheach, alcól, tobac agus tomhaltas bia míshláintiúil, agus an tráth céanna leanaí a chosc agus a chosaint ar rioscaí andúile.

    14.

    Ba cheart do na Ballstáit leanaí a shainaithint mar spriocghrúpa tosaíochta ina straitéisí náisiúnta meabhairshláinte, agus tacaíocht chuimsitheach á soláthar acu, lena n-áirítear neamhoird mheabhairshláinte agus tacaíocht shíceolaíoch a chosc, chun timpeallacht a chruthú ina mothaíonn leanaí sábháilte agus ina n-éistfear lena n-ábhair imní.

    15.

    Ba cheart do na Ballstáit feasacht a mhúscailt maidir leis an tsláinte, lena n-áirítear saincheisteanna meabhairshláinte agus vacsaíniú leanaí. Moltar do na Ballstáit cur chun feidhme clár inrochtana um chur chun cinn na sláinte agus um ghalair a chosc a éascú, ar cláir iad lena ndírítear ar leanaí, agus cúram leighis, tacaíocht shíceasóisialta agus cúnamh oideachais tráthúil agus iomchuí a ráthú do leanaí a bhfuil diagnóis ailse rompu. Ba cheart dóibh rochtain éifeachtach na leanaí ar chothú sláintiúil agus ar ghníomhaíocht choirp ar bhonn tráthrialta a ráthú freisin. Ba cheart leanaí a bhfuil andúil acu a áireamh sna cláir sin freisin.

    16.

    Ba cheart do na Ballstáit acmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha a chur ar fáil don tacaíocht sláinte ábhartha, lena n-áirítear rochtain ar thacaíocht shíceolaíoch ó chéim luath i saol leanaí. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na cistí de chuid an Aontais atá ar fáil.

    17.

    Moltar do na Ballstáit gach beart reachtaíochta, riaracháin, sóisialta agus oideachais iomchuí a dhéanamh chun bulaíocht a chosc agus leanaí a chosaint ar bhulaíocht, lena n-áirítear cibearbhulaíocht, trí phleananna cuimsitheacha frithbhulaíochta. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na bearta sin, agus aird chuí á tabhairt ar aois agus ar leochaileachtaí leanaí, an foréigean, an chlaontacht agus an t-idirdhealú a chomhrac agus comhbhá agus timpeallacht chosanta dhearfach shábháilte a chothú sa scoil agus timpeall uirthi, i ngníomhaíochtaí fóillíochta agus i ngníomhaíochtaí digiteacha. Ba cheart do mhúinteoirí agus d’oideoirí, d’údaráis oideachais, do ghairmithe cúraim sláinte (lena n-áirítear meabhairshláinte), do mhic léinn agus do theaghlaigh a bheith rannpháirteach i bhforbairt na mbeart sin. Leis na bearta sin, ba cheart cosc agus sainaithint luath a áirithiú, agus treoirlínte soiléire, oiliúint agus uirlisí praiticiúla a chur ar fáil d’íospartaigh, daoine atá ar an láthair, amhail múinteoirí, foireann scoile, cóitseálaithe, mic léinn, tuismitheoirí, chomh maith le déantóirí na bulaíochta maidir le conas déileáil leis an mbulaíocht agus conas í a shárú. Ba cheart a áireamh leis na bearta sin freisin faisnéis a sholáthar maidir le conas tuairisciú agus idirghabháil a dhéanamh i gcásanna bulaíochta, conas cuidiú agus tacaíocht a lorg agus conas iompar maslach agus tocsaineach a aisiompú.

    Creat ginearálta na gcóras comhtháite cosanta leanaí

    Creat comhsheasmhach dlíthiúil agus beartais a bhunú agus a chur chun feidhme go héifeachtach

    18.

    Iarrtar ar na Ballstáit córais chomhtháite cosanta leanaí a fhorbairt agus a neartú a thuilleadh, bunaithe ar chreat cuimsitheach náisiúnta dlí agus beartais, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    pleananna náisiúnta a fhorbairt chun foréigean in aghaidh leanaí a chomhrac agus cosaint na bpleananna sin a áirithiú;

    (b)

    oibleagáidí a bhunú do na gníomhaithe ábhartha uile sna hearnálacha ábhartha, amhail sláinte, oideachas agus oiliúint, cosaint shóisialta, ceartas, forfheidhmiú an dlí, imirce agus tearmann, digiteach, spórt, fóillíocht, cultúr, na meáin, airgeadas, gnó agus an comhshaol, chun cearta an linbh a urramú, a chosaint agus a chomhlíonadh go hiomlán, lena n-áirítear agus bearta coisc, tuairiscithe agus cosanta á gcur chun feidhme agus tacaíocht éifeachtach ag freagairt do riachtanais leanaí;

    (c)

    a áirithiú ar gach leibhéal go ndéanfar reachtaíocht náisiúnta agus reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint leanaí a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme go héifeachtach;

    (d)

    measúnú a dhéanamh ar thograí nua reachtaíochta agus ar thograí beartais eile maidir leis an tionchar atá acu ar chosaint leanaí ó dhearcadh gearrthéarmach agus fadtéarmach araon.

    Struchtúir agus córais chomhordúcháin a bhunú

    19.

    Ag freagairt do riachtanais leanaí, ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun comhordú agus comhar na n-aireachtaí agus na n-earnálacha ábhartha uile a neartú, agus ar fud na leibhéal éagsúil inniúlachta, ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta agus i gcásanna trasteorann. Ba cheart a bheith i gceist leis an gcomhar agus leis an gcomhordú sin foréigean in aghaidh leanaí a chosc, cosaint leanaí a áirithiú, agus córais náisiúnta cosanta leanaí a dhéanamh níos comhtháite.

    20.

    Ba cheart do na Ballstáit cur chuige idirdhisciplíneach maidir le cosaint leanaí a chur chun cinn ina mbeadh na gníomhaithe uile i réimse na cosanta leanaí rannpháirteach, lena n-áirítear gníomhaithe príobháideacha, údaráis phoiblí, an tsochaí shibhialta, teaghlaigh, cúramóirí agus leanaí iad féin, agus tacaíocht á tabhairt an tráth céanna do theaghlaigh mar phríomhchúramóirí.

    21.

    Ba cheart do na Ballstáit soiléiriú a thabhairt, go háirithe, ar roinnt na ról agus na bhfreagrachtaí idir na seirbhísí poiblí agus gairmithe atá ag obair ar chosaint leanaí, agus a gcomhordú agus a gcomhar ildisciplíneach á n-áirithiú an tráth céanna. Ba cheart do na Ballstáit rannpháirtíocht na hearnála príobháidí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur chun cinn a ndéantar rialáil agus faireachán iomchuí uirthi, go háirithe trí dheimhniú, creidiúnú, clárú, agus grinnfhiosrúchán tráthrialta a dhéanamh ar shaoráidí, institiúidí agus ar ghairmithe a sholáthraíonn cúram agus seirbhísí do leanaí.

    22.

    Moltar do na Ballstáit freisin comhlacht a bhunú nó a ainmniú a mbeidh na freagrachtaí comhair agus comhordúcháin sin de chúram air, agus aird chuí á tabhairt ar na struchtúir agus ar na córais náisiúnta agus réigiúnacha atá ann cheana.

    Comhordú a chothú le gníomhaithe réigiúnacha agus áitiúla

    23.

    I bhfianaise ról tábhachtach na n-údarás réigiúnach agus áitiúil maidir le leanaí a chosaint ar fhoréigean, ba cheart a thuiscint le gach moladh atá dírithe ar na Ballstáit sa Mholadh seo go n-áirítear leo údaráis réigiúnacha agus áitiúla i gcás ina dtagann an t-ábhar faoina bhfreagrachtaí faoi seach.

    24.

    Ba cheart comhordú éifeachtach idir údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a áirithiú, lena n-áirítear trí thaithí agus dea-chleachtais a mhalartú.

    25.

    De réir mar is ábhartha, ba cheart do na húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha tacaíocht leordhóthanach a sholáthar do chláir áitiúla chun leanaí a chosaint, go háirithe maidir le maoiniú, oiliúint, áitreabh iomchuí agus inrochtana, coimirciú agus prótacail leanaí, múscailt feasachta, agus tacaíocht agus faireachán comhtháite, a mbeidh na hearnálacha áitiúla ábhartha uile, na páirtithe leasmhara agus na leanaí iad féin rannpháirteach iontu, agus tacú le hidirghabhálacha áitiúla i dtimpeallacht agus i bpobal an linbh.

    Acmhainní daonna agus airgeadais a neartú

    26.

    Ba cheart do na Ballstáit cistiú sonrach a thiomnú chun a áirithiú go bhfuil na hacmhainní daonna agus airgeadais a leithdháiltear ar sheirbhísí cosanta leanaí leordhóthanach chun córas comhtháite éifeachtúil cosanta leanaí a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil agus ar fud earnálacha. Agus leithdháileadh acmhainní den sórt sin á áirithiú acu, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as uirlisí faireacháin córasacha le haghaidh costála agus buiséadú atá dírithe ar leanaí, lena n-áirítear tríd an úsáid is fearr a bhaint as na cistí de chuid an Aontais atá ar fáil.

    27.

    Ba cheart do na Ballstáit leithdháileadh leordhóthanach acmhainní agus coinníollacha leordhóthanacha a áirithiú chun tarraingteacht post a áirithiú, go háirithe trí phleanáil don lucht saothair, forbairt agus tacaíocht a sholáthar, lena n-áirítear tacaíocht mheabhairshláinte do ghairmithe a bhíonn ag obair le leanaí.

    28.

    Ba cheart do na Ballstáit cultúr a chothú maidir le cearta an linbh agus leis an bhfreagracht atá ar gach gairmí agus duine fásta a bhíonn i dteagmháil le leanaí. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar phrótacail agus caighdeáin ghairmiúla a fhorbairt go córasach maidir le nósanna imeachta cosanta leanaí agus coimircí cosanta leanaí, agus é mar aidhm leis sin a áirithiú go mbeidh beartais láidre maidir le cosaint leanaí agus córais tuairiscithe i bhfeidhm ag gach eagraíocht atá ag obair do leanaí agus le leanaí.

    29.

    Ba cheart do na Ballstáit creataí cáilíochta a chur chun cinn do ghairmithe cosanta leanaí agus do dhaoine fásta a bhíonn i dteagmháil le leanaí, agus é mar chuspóir acu a áirithiú go ndéanfar grinnfhiosrúchán agus earcú ar ghairmithe agus cleachtóirí a oibríonn do leanaí agus le leanaí, ar gach leibhéal, le dícheall cuí.

    30.

    Ba cheart do na Ballstáit oideachas, oiliúint agus treoir shonrach ildisciplíneach, atá bunaithe ar chuimsiú, a chur ar fáil do ghairmithe cosanta leanaí maidir le hinniúlachtaí sonracha a bhaineann le cearta leanaí agus caighdeáin cosanta leanaí. Ba cheart a áireamh leis sin oideachas, oiliúint agus treoir maidir le comharthaí luatha foréigin in aghaidh leanaí a chosc, a bhrath agus freagairt éifeachtach a thabhairt orthu agus maidir le síceolaíocht leanaí agus cumarsáid i dteanga atá oiriúnach dá aois, agus aird ar leith á tabhairt ar leochaileachtaí leanaí. Ba cheart oiliúint a chur ar fáil freisin i dtaca le prótacail chomhordúcháin agus chomhair i ndáil le cosaint leanaí, lena n-áirítear nósanna imeachta agus léiriú ar róil agus freagrachtaí gairmithe agus údarás. Moltar do na Ballstáit úsáid a bhaint as cistiú faoi chláir de chuid an Aontais atá ar fáil chun uas-sciliú agus athsciliú a dhéanamh agus chun inniúlachtaí gairmiúla gairmithe cosanta leanaí a fhorbairt go leanúnach.

    Sonraí a bhailiú ar bhealach níos cuimsithí, córais faireacháin agus meastóireachta a neartú

    31.

    Ba cheart do na Ballstáit modheolaíochtaí sonracha bainistíochta sonraí a fhorbairt d’fhonn feabhas a chur ar chreataí faireacháin agus meastóireachta a gcóras cosanta leanaí.

    32.

    Agus lánurraim á tabhairt don reachtaíocht maidir le cosaint sonraí pearsanta, ba cheart do na Ballstáit bailiú staitisticí ábhartha dí-chomhiomlánaithe oifigiúil agus sonraí eile a eagrú (ó fhoinsí riaracháin, chomh maith le suirbhéanna agus cineálacha eile taighde cáilíochtúil agus cainníochtúil) maidir le foréigean in aghaidh leanaí agus cosaint leanaí. Ba cheart do na Ballstáit iarrachtaí sonracha a dhéanamh freisin chun anailís ar threochtaí a fhorbairt a thuilleadh trí shonraí a bhailiú ar bhonn tréimhsiúil chun go bhféadfar anailís chomparáideach a dhéanamh in am ar fhoréigean in aghaidh leanaí agus ar éifeachtúlacht na gcóras cosanta leanaí agus chun bailiú sonraí maidir le leanaí atá ar iarraidh san Aontas a neartú.

    33.

    Iarrtar ar na Ballstáit freisin córais faireacháin agus meastóireachta a fhorbairt i gcomhréir le hinniúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha, lena n-áirítear táscairí maidir le cearta agus folláine leanaí. Ba cheart faireachán agus meastóireacht den sórt sin a áirithiú go ndéantar faireachán neamhspleách ar chórais cosanta leanaí. D’fhéadfaí é sin a áirithiú go sonrach trí institiúid náisiúnta neamhspleách um chearta leanaí nó ombudsman do leanaí a bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu.

    34.

    Ba cheart do na Ballstáit taighde a dhéanamh ar fhoréigean in aghaidh leanaí agus ar chórais chomhtháite cosanta leanaí. Chun go mbeidh na sonraí atá ar fáil sonrach do leanaí, ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag an taighde freisin rannpháirtíocht dhíreach leanaí, leis na coimircí nós imeachta agus na bearta cosanta sonraí is gá, chomh maith le faisnéis, modhanna agus uirlisí atá oiriúnach agus inrochtana do leanaí a bheith i bhfeidhm. Ba cheart an dara ceann acu sin a bheith íogair do chéim forbartha leanaí agus dá n-éagsúlacht chultúrtha agus teanga, chomh maith le bheith inrochtana do leanaí faoi mhíchumas, agus d’aoiseanna agus cúlraí éagsúla. Ba cheart anailís a dhéanamh ar thorthaí taighde trí lionsa leanbhláraithe, ag tabhairt tús áite do pheirspictíochtaí agus eispéiris leanaí maidir le torthaí a léirmhíniú, a áirithiú go gcloistear guthanna agus riachtanais leanaí agus go bhfuil siad lárnach sa phróiseas taighde agus ina thorthaí.

    Leanúnachas seirbhísí cuimsitheacha comhordaithe chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais leanaí

    An gá atá le gach cineál foréigin in aghaidh leanaí a chosc go réamhghníomhach agus go córasach

    35.

    Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le bearta leordhóthanacha coisctheacha agus luathaitheanta, luathrabhaidh agus luathtacaíochta mar chuid dá gcórais chomhtháite cosanta leanaí chun foréigean in aghaidh leanaí a chosc.

    36.

    Iarrtar ar na Ballstáit timpeallacht shábháilte chuimsitheach a chothú san oideachas, lena n-áirítear oideachas agus cúram na luath-óige, agus san oiliúint, agus an t-idirdhealú a chomhrac agus freagairt do leochaileachtaí sonracha an tráth céanna. Ba cheart do na Ballstáit, i measc nithe eile, feasacht leanaí a ardú maidir lena gcearta agus lena seirbhísí tacaíochta, oiliúint a chur ar ghairmithe maidir le luathchomharthaí foréigin agus prótacal, faireachán agus tacaíocht a thabhairt do mheabhairshláinte agus d’fholláine leanaí agus múinteoirí, a áirithiú go bhfuil coimircí agus prótacail ábhartha maidir le cosaint leanaí i bhfeidhm; agus comhordú a dhéanamh ar iarracht idir earnálacha oideachais agus earnálacha eile chun tacaíocht iomlán a chur ar fáil do theaghlaigh agus do leanaí atá thíos le cúinsí lasmuigh den scoil.

    37.

    Moltar do na Ballstáit pionós corpartha in aghaidh leanaí a thoirmeasc i ngach suíomh, agus seirbhísí tacaíochta comhtháite a neartú do leanaí agus dá dteaghlaigh. Ba cheart do na Ballstáit an chosaint shóisialta agus an tacaíocht shóisialta is gá a sholáthar do theaghlaigh chun forbairt agus folláine leanaí a áirithiú, lena n-áirítear trí phionós den sórt sin a chosc go héifeachtach agus idirghabháil luath a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit tacaíocht tuismitheora agus teaghlaigh a sholáthar freisin, lena soláthrófar na dálaí is gá chun scaradh teaghlaigh a chosc, ar mhaithe le leas an linbh.

    Tuairisciú agus tarchur cásanna foréigin in aghaidh leanaí a áirithiú

    38.

    Ba cheart do na Ballstáit córais tuairiscithe agus gearán atá sábháilte, rúnda, fabhrach do leanaí agus dea-phoiblithe a chur i bhfeidhm lena n-urramaítear cearta an linbh, go háirithe an ceart chun príobháideachais, lena n-áirítear trí línte cabhrach 24/7, beolínte agus seirbhísí ar líne. Ba cheart na córais sin a bheith inrochtana, ba cheart teanga atá oiriúnach ó thaobh aoise de a úsáid, agus ba cheart iad a chur in oiriúint do riachtanais shonracha na leanaí. Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear leanaí ar an eolas go maith faoina gcearta na córais tuairiscithe sin a úsáid.

    39.

    Moltar do na Ballstáit rialacha a shainiú go soiléir maidir le cásanna foréigin in aghaidh leanaí a thuairisciú. I gcás ina mbaineann an foréigean le sealbhóir freagrachta tuismitheora, nó nuair a d’fhéadfadh aon choinbhleacht leasa eile a bheith ann idir an t-íospartach linbh agus sealbhóir na freagrachta tuismitheora, ba cheart do na Ballstáit leas an linbh a chur san áireamh agus a áirithiú nach mbeidh aon ghníomh lena gceanglaítear toiliú coinníollach ar thoiliú shealbhóir na freagrachta tuismitheora.

    40.

    Ba cheart a cheangal ar ghairmithe, go háirithe gairmithe a oibríonn i ndlúth-theagmháil le leanaí sna hearnálacha cosanta leanaí, oideachais, cúraim leanaí agus cúraim sláinte, tuairisciú do na húdaráis inniúla má tá foras réasúnach acu lena chreidiúint go ndearnadh cion inphionóis nó gur dócha go ndéanfar cion inphionóis, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

    41.

    Ba cheart córais gearán a bheith ar fáil do gach leanbh, dá sealbhóirí freagrachta tuismitheora nó d’aosach iomchuí eile a dhéanann ionadaíocht ar a leasanna, agus do thríú daoine chun foréigean in aghaidh leanaí a thuairisciú.

    42.

    Ba cheart do na Ballstáit córais cuimsitheacha ildisciplíneacha tarchuir a bhunú le haghaidh gearáin a bhaineann le foréigean in aghaidh leanaí, lena gcumhdaítear earnálacha ábhartha uile lena n-áirítear earnálacha na sláinte (an mheabhairshláinte san áireamh), na cosanta sóisialta, an oideachais, an cheartais, agus fhorfheidhmiú an dlí.

    43.

    Ba cheart acmhainní leordhóthanacha a bheith ag na córais gearán, tuairiscithe agus tarchuir sin agus ba cheart iad a chomhordú go maith laistigh de chóras comhtháite cosanta leanaí, chun aon mhoill mhíchuí sa tacaíocht a sholáthraítear a sheachaint.

    Contanam seirbhísí tacaíochta ilearnála a sholáthar i gcásanna foréigin in aghaidh leanaí

    44.

    Ba cheart do na Ballstáit bainistíocht cásanna comhtháite a áirithiú le tacaíocht atá oiriúnach ó thaobh aoise de agus iomlánaíoch amhail cúram leighis, tacaíocht mhothúchánach, shíceolaíoch agus oideachasúil agus aon tacaíocht iomchuí eile a cheanglaítear le himthosca aonair an linbh. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le duine fásta iomchuí a cheapadh i dteagmháil leis an leanbh chun idirchaidreamh a dhéanamh le daoine teagmhála na n-údarás inniúil.

    45.

    Ba cheart do na Ballstáit comhordú ábhartha le seirbhísí sóisialta a áirithiú chun cúnamh agus tacaíocht a chur ar fáil d’íospartaigh ar leanaí iad, dá dteaghlach agus do chúramóirí eile a luaithe a bheidh léiriú réasúnach ar fhoréigean ag na húdaráis inniúla. Ba cheart cláir tacaíochta speisialta agus luath-idirghabhála a chur ar bun freisin do leanaí a rinne cionta coiriúla nó atá i mbaol cionta coiriúla a dhéanamh ar chúiseanna a bhfuil baint shoiléir acu lena dteaghlach nó lena staid mhaireachtála.

    Dí-institiúidiú agus an t-aistriú i dtreo cúram agus seirbhísí ardcháilíochta teaghlaigh agus pobalbhunaithe agus aird chuí á tabhairt ar leas an linbh

    46.

    Ba cheart do na Ballstáit gach beart a dhéanamh chun a áirithiú go dtabharfar tosaíocht do chúram le haghaidh leanaí atá bunaithe ar an teaghlach agus ar an bpobal, agus leas an linbh á chur san áireamh mar phríomhthosaíocht, tar éis aird chuí a thabhairt ar riachtanais agus ar mhianta gach linbh, agus leanaí á gcur faoi chúram malartach. Níor cheart an bhochtaineacht a bheith ar an aon chúis amháin le leanaí a chur faoi chúram malartach.

    47.

    Ba cheart do na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí cáilíochta neamhchónaithe teaghlaigh agus pobalbhunaithe, lena n-áirítear tithíocht inrochtana, chun tacú le leanaí faoi mhíchumas agus lena dteaghlaigh a luaithe is féidir chun socrúchán leanaí faoi mhíchumas in institiúidí a chosc agus chun tacú lena gcuimsiú iomlán agus lena rannpháirtíocht sa phobal.

    48.

    Ba cheart do na Ballstáit straitéisí agus cláir náisiúnta a chur chun cinn chun dlús a chur le dí-institiúidiú agus leis an aistriú i dtreo seirbhísí ardcháilíochta teaghlaigh agus pobalbhunaithe do leanaí nach bhfuil cúram tuismitheora acu agus do leanaí faoi mhíchumas, ar mhaithe le leas an linbh. Ba cheart do na Ballstáit dea-chleachtais maidir le dí-institiúidiú leanaí faoi mhíchumas a ghlacadh agus a úsáid, chun an t-aistriú ó chúram institiúideach go seirbhísí a sholáthraíonn tacaíocht sa phobal a neartú.

    49.

    Chun an t-aistriú chuig dí-institiúidiú chun leas leanaí a áirithiú, iarrtar ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar shaincheist easpa na dteaghlach altrama, go háirithe i gcás leanaí i staideanna neamhbhuana nó leanaí a bhfuil riachtanais chasta acu nó d’fhonn siblíní a choinneáil le chéile. Ba cheart acmhainní iomchuí a leithdháileadh go háirithe chun seirbhísí tacaíochta ábhartha do chúram pobalbhunaithe nó teaghlachbhunaithe a áirithiú. Ba cheart grinnfhiosrúchán agus faireachán ábhartha a áirithiú freisin agus ba cheart gach iarracht a dhéanamh chun socrúcháin iomadúla leanaí nach gcónaíonn lena dteaghlach tionscnaimh a sheachaint. Ba cheart na cleachtais is fearr ó thaobh trasdula agus ath-lánpháirtithe sa teaghlach tionscnaimh a chur san áireamh. Ba cheart óstáil leanaí a bhfuil cúram teaghlaigh bainte díobh in áiteanna neamhleora (amhail óstáin nó seomraí ospidéil) a sheachaint, ach amháin mar aistriú éigeandála ar feadh an ama is giorra is féidir, agus ba cheart coimircí cosanta ábhartha a bheith i bhfeidhm.

    50.

    Ba cheart do na Ballstáit cláir chuimsitheacha tacaíochta agus ullmhúcháin a chur ar fáil freisin chun cúnamh a thabhairt do leanaí agus do dhaoine fásta óga, lena n-áirítear leanaí agus daoine fásta óga faoi mhíchumas agus leanaí imirceacha neamhthionlactha, i bpróiseas an aistrithe amach as an gcóras cúraim malartaigh nó as an gcóras ceartais leanaí nó ag aon suíomhanna iata nó leath-iata eile chuig maireachtáil neamhspleách agus chuig cuimsiú iomlán sa phobal. Moltar do na Ballstáit a áirithiú go bhforbróidh córais náisiúnta cosanta leanaí pleananna sonracha chun gáinneáil ar dhaoine a chosc, lena n-áirítear gáinneáil ar leanaí in institiúidí cónaithe nó institiúidí de chineál iata atá i mbun a n-aistrithe.

    I dtreo ceartas a thacaíonn le leanaí níos mó agus níos mó

    51.

    Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh in inniúlacht a gcórais ceartais náisiúnta aghaidh a thabhairt ar riachtanais leanaí agus feidhmiú éifeachtach a gceart a éascú. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit, faoi réir na rialacha is infheidhme faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais, féachaint leis an méid seo a leanas a áirithiú:

    (a)

    imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le leanaí a chur in oiriúint dá n-aois, dá riachtanais agus dá leochaileachtaí;

    (b)

    measúnú aonair a dhéanamh ar leanaí agus tacaíocht dóibh roimh na himeachtaí dlíthiúla, lena linn agus ina ndiaidh, de réir mar is iomchuí agus de réir mar is gá bunaithe ar imthosca aonair an cháis, i gcomhréir lena riachtanais shonracha, agus aois, aibíocht agus tuairimí á gcur san áireamh;

    (c)

    go bhféadfaidh leanaí tairbhiú de bhearta cosanta speisialta le linn imeachtaí coiriúla, lena n-áirítear úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí cumarsáide agus as uirlisí teicniúla eile chun fianaise a thabhairt nó a ghlacadh, i bhfianaise a leochaileachta ar leith, agus measúnú ar a gcuid riachtanas á chur san áireamh;

    (d)

    go bhfaigheann leanaí faisnéis a mhéid a bhaineann le rochtain a fháil ar cheartas, gnéithe ginearálta de sheoladh imeachtaí dlíthiúla a bhaineann leo agus a gcearta i gcomhthéacs na n-imeachtaí sin i dteanga a bhfuil rochtain éasca uirthi agus atá fabhrach do leanaí, agus aon riachtanas speisialta á gcur san áireamh;

    (e)

    go dtabharfar éisteacht do leanaí in imeachtaí dlíthiúla maidir le gach ábhar a dhéanann difear dóibh, rud a thabharfaidh fíordheis éifeachtach dóibh a dtuairimí a chur in iúl, go díreach nó trí ionadaí; gur cheart a dtuairimí a chur san áireamh maidir le hábhair a bhaineann leo i gcomhréir lena n-aois, lena n-aibíocht agus lena n-íospairt thánaisteach de bharr éisteachtaí iomadúla agus gur cheart scrúduithe a sheachaint;

    (f)

    go mbeidh rochtain ag leanaí ar chúnamh dlí, lena gcuimsítear cúnamh dlí atá saor in aisce agus éifeachtach i bhfoirm comhairleoireacht dhlíthiúil agus ionadaíocht dhlíthiúil, ag gach céim d’imeachtaí dlíthiúla;

    (g)

    go mbeidh rochtain ag leanaí ar sheirbhísí ateangaireachta agus aistriúcháin saor in aisce, ag gach céim d’imeachtaí dlíthiúla;

    (h)

    go mbeidh rochtain ag leanaí i gcásanna trasteorann ar fhíschomhdháil nó ar theicneolaíocht chianchumarsáide eile chun páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus chun fianaise a ghlacadh;

    (i)

    go mbeidh leanaí á thionlacan ag a sealbhóir freagrachta tuismitheora, nó ag duine fásta iomchuí eile le linn na n-imeachtaí dlíthiúla;

    (j)

    go gcosnófar príobháideachas agus sonraí pearsanta leanaí a bhfuil baint acu le himeachtaí dlíthiúla;

    (k)

    go mbainfear úsáid i gcónaí as cailleadh saoirse leanaí, agus go háirithe as leanaí imirceacha, mar rogha dheiridh, a bheidh teoranta don tréimhse iomchuí ama is giorra agus a ndéanfar eolas de le measúnú aonair ar an leanbh agus go mbeidh bearta malartacha leordhóthanacha ar fáil;

    (l)

    go gcothófar cosc ar atitimeachas trí chláir leordhóthanacha coisc agus athshlánaithe a fhorbairt do dhaoine a ciontaíodh i gcoir arb ionann é agus foréigean in aghaidh leanaí;

    (m)

    go mbeidh roghanna malartacha ar imeachtaí dlíthiúla amhail seirbhísí ceartais aisiríoch, idirghabháil, atreorú (ó ionchúiseamh coiriúil) agus réiteach malartach díospóide ar fáil aon uair a d’fhéadfadh siad sin freastal ar leas an linbh, ach gan roghanna eile den sórt sin a chuirfeadh bac ar rochtain an linbh ar an gceartas trí imeachtaí dlíthiúla.

    52.

    Ba cheart do na Ballstáit creat comhchoiteann a bhunú le haghaidh comhair agus comhordaithe idir gairmithe atá ag obair le leanaí nó ar son leanaí in imeachtaí dlíthiúla nó idirghabhálacha a bhaineann le leanaí nó a dhéanann difear do leanaí.

    53.

    Ba cheart do na Ballstáit cistiú sonrach a thiomnú chun foráil a dhéanamh maidir le cur chuige spriocdhírithe, ilghníomhaireachta maidir le comhar agus comhordú chun tacú le leanaí atá i dteagmháil leis an gcóras ceartais, go háirithe íospartaigh na coireachta, lena n-áirítear trí thithe leanaí a bhunú i gcomhréir le samhail Theach na leanaí (Barnahus) nó le haon samhail choibhéiseach eile atá fabhrach do chearta an linbh. Ba cheart do na Ballstáit an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na cistí atá ar fáil agus as an tacaíocht theicniúil atá ar fáil ar leibhéal an Aontais.

    54.

    Ba cheart do na Ballstáit feabhas a chur ar an gcomhar i gcásanna cosanta leanaí a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, lena n-áirítear trí chúnamh a thabhairt d’Údaráis Lárnacha na mBallstát ábhartha arna n-ainmniú faoi Rialachán (AE) 2019/1111 ón gComhairle (84), amhail trí dhlús a chur le hiarrachtaí coisctheacha, trí dhea-chleachtais a chomhroinnt i measc na mBallstát, go háirithe i gcomhthéacs an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair shibhialta agus thráchtála, agus trí chomhar trasnáisiúnta idir na gníomhaithe a thacaíonn le leanaí a éascú agus a neartú.

    Bearta sonracha chun leanbh-imircigh a chosaint

    55.

    Agus an Comhshocrú nua maidir le hImirce agus Tearmann agus na hathchóirithe bainteacha ar a gcórais ghlactha á gcur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cosaint leanaí lárnach agus go gcuirfear leas an linbh san áireamh ar bhonn leanúnach. Áirítear leis sin nósanna imeachta soiléire agus luatha le haghaidh measúnuithe ar mhaithe le leas aonair leanaí agus go n-áiritheofar go dtabharfar tosaíocht do na himeachtaí agus do na córais ghlactha ábhartha uile a oiriúnú de réir aois, riachtanais agus leochaileachtaí leanaí, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta. Ba cheart a áireamh le córais chomhtháite bainistíochta cásanna na sineirgí iarrachta agus faisnéise is gá idir gníomhaithe agus institiúidí stáit, lena n-áirítear seirbhísí náisiúnta cosanta leanaí chomh maith leis an tsochaí shibhialta, agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus go spreagfaí a rannpháirtíocht i bpróisis tacaíochta oibríochtúla agus faireacháin, go háirithe ag teorainneacha. Ba cheart iarrachtaí ar leith a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag leanaí ar sheirbhísí agus eagraíochtaí tiomnaithe in áiteanna iargúlta.

    56.

    Mar chuid riachtanach de chórais chomhtháite cosanta leanaí do leanaí neamhthionlactha, ba cheart do na Ballstáit iarrachtaí ar leith a dhéanamh chun córais chaomhnóireachta do na leanaí sin a leathnú agus a neartú, lena n-áirítear trí ainmniú tapa caomhnóirí nó ionadaithe dlíthiúla leordhóthanacha a áirithiú agus trí rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí an Líonra Eorpaigh um Chaomhnóireacht, trí dhea-chleachtas a shainaithint agus trí shaineolas a chomhroinnt. Ba cheart do na Ballstáit tacaíocht éifeachtach a áirithiú freisin don aistriú chuig aosacht gach linbh neamhthionlactha.

    57.

    Moltar do na Ballstáit córais náisiúnta chomhtháite cosanta leanaí a thógáil atá réidh chun aghaidh a thabhairt ar éagsúlacht chás na leanbh- imirceach (leanaí neamhthionlactha, íospartaigh gáinneála, leanaí atá ag iarraidh cosaint idirnáisiúnta nó athaontú lena dteaghlach agus leanaí atá ag lánpháirtiú sa phobal áitiúil agus rochtain a fháil ar na seirbhísí ginearálta). Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear dóthain acmhainní ar fáil do chórais cosanta leanaí agus go gcuirfear oiliúint leordhóthanach ar a bhfoireann chun freagairt do na dúshláin shonracha atá os comhair na leanaí sin, agus go mbeidh beartais inmheánacha maidir le cosaint leanaí i bhfeidhm ag eagraíochtaí atá i dteagmháil dhíreach le leanaí. Ba cheart daoine a bhíonn i dteagmháil le leanaí a chur ar an eolas agus oiliúint a chur orthu go háirithe maidir le cumarsáid idirchultúrtha agus gnéithe a bhaineann leis an meabhairshláinte. Moltar do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear faisnéis ábhartha ar fáil do gach leanbh maidir lena gcearta agus maidir le nósanna imeachta, ar bhealach iomchuí lena dtacaítear le leanaí agus le haois agus le comhthéacs.

    58.

    Ba cheart do na Ballstáit rannpháirtíocht leanbh-imirceach agus leanaí ó chúlra imirceach san oideachas, lena n-áirítear san oideachas agus sa chúram luath-óige a mhéadú agus a áirithiú an tráth céanna go mbeidh na cláir sin curtha in oiriúint chun freastal ar leanaí atá éagsúil ó thaobh cultúir agus teanga de. Ba cheart bearta comhlántacha a chothú freisin chun a áirithiú go gcoinneoidh leanaí easáitithe naisc lena dtír thionscnaimh.

    Cosaint leanaí mar thosaíocht dhomhanda de chuid an Aontais

    Cur chuige comhtháite maidir le cosaint leanaí a neartú sa ghníomhaíocht sheachtrach

    59.

    Ba cheart do na Ballstáit cearta an linbh a chosaint ina ngníomhaíocht sheachtrach, lena n-áirítear taidhleoireacht eachtrach, comhar um fhorbairt agus gníomhaíocht dhaonnúil mar a bhunaítear in ionstraimí idirnáisiúnta um chearta an duine agus um an dlí daonnúil agus aird ar leith á tabhairt ar an gceart maireachtáil gan fhoréigean agus ar an gceart chun cosanta.

    60.

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go rannchuidíonn a ngníomhaíocht sheachtrach leis an gcomhrac i gcoinne gach cineál foréigin in aghaidh leanaí, amhail foréigean teaghlaigh, gáinneáil ar dhaoine, mí-úsáid ghnéasach, foréigean inscnebhunaithe, lena n-áirítear ciorrú ball giniúna ban agus pósadh leanaí, chomh maith le gach cineál bulaíochta agus pionós coirp. Iarrtar ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar chur chuige comhtháite maidir le cosaint leanaí, lena n-áirítear cosaint shóisialta, i ngníomhaíocht tacaíochta seachtraí.

    61.

    Ba cheart do na Ballstáit tionchar láithreach agus fadtéarmach na coinbhleachta armtha ar leanaí a mhaolú, tosaíocht a thabhairt do chosaint na leanaí sin i limistéir choinbhleachta, na sé shárú thromchúiseacha in aghaidh leanaí a chosc agus freagairt do na sáruithe sin, comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil ag gach páirtí sa choinbhleacht a chur chun cinn, cuidiú le hathshlánú agus ath-lánpháirtiú leanaí a raibh baint acu roimhe sin le fórsaí armtha agus grúpaí armtha agus a bhfilleadh agus a n-aisdúichiú a éascú (85).

    62.

    Ba cheart do na Ballstáit a bhfreagairt ar riachtanais shonracha agus leochaileachtaí leanaí a ndéanann coinbhleacht armtha difear dóibh a neartú agus tacú le córais chomhtháite cosanta sóisialta pobalbhunaithe atá freagrúil ó thaobh aoise agus inscne de i dtíortha atá thíos le coinbhleacht chun cuidiú le sárú ar chearta an linbh a chosc, a mhaolú, a théarnamh agus freagairt a thabhairt air.

    63.

    Ba cheart do na Ballstáit tacú le bearta éifeachtacha chun cuntasacht a áirithiú i leith sáruithe tromchúiseacha ar leanaí i gcoinbhleachtaí armtha.

    Saothar leanaí a dhíothú

    64.

    Ba cheart do na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí deireadh iomlán a chur le saothar leanaí, go háirithe trí chosc a chur ar úsáid saothair leanaí laistigh de shlabhraí soláthair cuideachtaí atá ag feidhmiú laistigh den Aontas. Iarrtar ar na Ballstáit freisin saothar leanaí a chosc agus aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna is bun leo, lena n-áirítear trí chur chuige comhtháite maidir le cosaint shóisialta leanaí agus teaghlach i ngníomhaíocht tacaíochta seachtraí.

    65.

    Ba cheart do na Ballstáit tacú le hiarrachtaí comhair idirnáisiúnta, ní hamháin trí bheartas neamhfhulaingthe a ghlacadh i leith saothar leanaí ach freisin trí obair chuibhiúil a fhíorú do dhaoine fásta agus don aos óg os cionn na haoise íosta don obair, chun rochtain uilíoch ar chosaint shóisialta a bhaint amach, chun tacú le cearta bunúsacha ag an obair, agus trí idirphlé sóisialta a chur chun cinn.

    Leanaí a chosaint ar thionchar an athraithe aeráide agus guaiseacha comhshaoil ar a gcearta

    66.

    Iarrtar ar na Ballstáit páirt a thabhairt do leanaí agus an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí um chearta leanaí, a chumhachtú sa chinnteoireacht a bhaineann leis an athrú aeráide. Iarrtar ar na Ballstáit a áirithiú gur féidir le leanaí a dtuairimí a chur in iúl gan bhac agus gur cheart tuairimí den sórt sin a chur san áireamh agus bearta gaolmhara á gceapadh agus á gcur chun feidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le próisis oiriúnaithe don athrú aeráide.

    67.

    Moltar do na Ballstáit an tionchar a bhíonn ag guaiseacha comhshaoil agus díobháil do chearta an linbh a chosc agus a leigheas, agus cur chuige atá cosantach do leanaí agus atá íogair do leanaí a chur san áireamh ina bpleananna maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide. Ba cheart réitigh shonracha do leanaí a leabú chun tionchair ghearrthéarmacha agus fhadtéarmacha an athraithe aeráide ar chearta leanaí a laghdú, lena n-áirítear trí chur chuige atá bunaithe ar chearta an linbh a ghlacadh i leith imirce agus easáitiú de bharr an athraithe aeráide.

    Na deiseanna a ghabhann le gníomhaíocht tacaíochta an Aontais atá ann cheana a thapú

    68.

    Ba cheart do na Ballstáit páirtithe leasmhara agus gairmithe a bhfuil baint acu le córais cosanta leanaí a úsáid agus a spreagadh chun tairbhe a bhaint as an raon leathan uirlisí atá ar fáil dóibh ar leibhéal an Aontais, amhail an reachtaíocht, beartas, oiliúint agus cumarsáid agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta, malartú dea-chleachtas, cleachtaí mapála agus tuairiscithe ar dhul chun cinn, agus tacaíocht airgeadais agus theicniúil, chun a gcórais cosanta leanaí a fhorbairt agus a neartú a thuilleadh agus chun iad a chur ag obair ar bhealach comhtháite ar mhaithe le leas an linbh.

    69.

    Iarrtar ar na Ballstáit cur chuige comhordaithe a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta, macrairéigiúnach, réigiúnach agus áitiúil i gclársceidealú agus i gcur chun feidhme chistí an Aontais, cur chuige ina mbeidh údaráis áitiúla agus réigiúnacha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí a oibríonn le leanaí agus ar a son, agus comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha páirteach i gcláir atá le maoiniú ó chistí an Aontais a ullmhú, a athbhreithniú, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu.

    70.

    Moltar do na Ballstáit Ardán Rannpháirtíochta Leanaí an Aontais a úsáid agus a chur chun cinn, ardán atá ceaptha go sonrach chun guthanna leanaí a mhéadú agus córais rannpháirtíochta leanaí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais a thabhairt le chéile.

    71.

    Moltar do na Ballstáit dea-chleachtais agus fianaise a ghintear maidir le samhlacha d’imeascadh seirbhíse cosanta leanaí a chomhroinnt go gníomhach agus rannchuidiú le hobair Líonra an Aontais Eorpaigh um Chearta an Linbh. Ba cheart go n-éascódh an rannchuidiú sin idirphlé agus foghlaim fhrithpháirteach i measc na mBallstát.

    72.

    Ba cheart do na Ballstáit tacú le húsáid uirlisí, amhail uirlisí féinfhaireacháin, chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht a gcreataí faireacháin agus meastóireachta ar chosaint leanaí agus ar na córais sonraí atá ann cheana agus, i gcás inar gá, tacú le forbairt agus cur chun feidhme pleananna gníomhaíochta chun feabhas a chur ar infhaighteacht, cáilíocht agus inchomparáideacht a sonraí a bhaineann le cosaint leanaí.

    73.

    Iarrtar ar na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as an gcomhar agus as an gcomhordú atá ann cheana idir na páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear na comhpháirtithe idirnáisiúnta, amhail An Chomhairle Eorpach, an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair agus na Náisiúin Aontaithe, agus an tsochaí shibhialta, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil.

    74.

    Iarrtar ar na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as an tacaíocht a sholáthraíonn Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha chun an Moladh seo a chur chun feidhme, agus i réimsí ábhartha eile de Straitéis an Aontais um Chearta an Linbh, go háirithe maidir le cúnamh teicniúil agus tacaíocht mhodheolaíoch, mar shampla maidir le cleachtaí bailithe sonraí a cheapadh agus a chur chun feidhme.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 23 Aibreán 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Dubravka ŠUICA

    Leas-Uachtarán


    (1)  Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, 1989; chomh maith le Prótacal Roghnach na Náisiún Aontaithe a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Chearta an Linbh maidir le Díol Leanaí, Striapachas Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí, 2000; Prótacal Roghnach na Náisiún Aontaithe a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Chearta an Linbh maidir le leanaí a rannpháirtiú i gcoinbhleachtaí armtha, 2000; agus Prótacal Roghnach na Náisiún Aontaithe a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Chearta an Linbh maidir le Nós Imeachta Cumarsáide, 2011.

    (2)  Féach freisin na Prótacail a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin, mar a léirmhínítear iad le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, chomh maith le Coinbhinsiúin Chomhairle na hEorpa a bhaineann go sonrach le leanaí, amhail an Coinbhinsiún maidir le Leanaí a Chosaint ar Theacht i dTír Gnéasach agus ar Mhí-Úsáid Ghnéasach, 2007; agus an Coinbhinsiún um Theagmháil maidir le Leanaí, 2003.

    (3)  Féach, go háirithe, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (‘UNCRPD’), 2006; Comhdháil na Háige um ionstraimí an Dlí Idirnáisiúnta Phríobháidigh, amhail an Coinbhinsiún ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí, 1980; An Coinbhinsiún um Chosaint Leanaí agus um Chomhar i leith Uchtála idir Tíortha, 1993; an Coinbhinsiún maidir le Dlínse, an Dlí is Infheidhme, Aitheantas, Forghníomhú agus Comhar i dtaca le Freagracht Tuismitheoirí agus le Bearta chun Leanaí a Chosaint, 1996; an Coinbhinsiún maidir le hAisghabháil Idirnáisiúnta Tacaíocht Leanaí agus Cineálacha eile de Chothabháil Teaghlaigh, 2007; an Prótacal ar an Dlí is infheidhme maidir le hOibleagáidí Cothabhála, 2007; chomh maith le Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair Uimh. 182 maidir leis na cineálacha is measa saothair leanaí a thoirmeasc agus beart a dhéanamh láithreach chun deireadh a chur leo, 1999.

    (4)  Féach, go háirithe, Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, Barúlacha Ginearálta ar an gCoinbhinsiún um Chearta an Linbh; Coiste na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, Barúlacha Ginearálta Uimh. 4 maidir le hAirteagal 24 – an ceart chun oideachais chuimsithigh, 2016, agus Uimh. 5, maidir le maireachtáil go neamhspleách agus a bheith rannpháirteach sa phobal, 2017; Treoirlínte maidir le dí-institiúidiú, lena n-áirítear i gcásanna éigeandála, 2022; Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, Treoirlínte maidir le Cúram Malartach Leanaí, 2010; agus Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, 2015.

    (5)  Féach, go háirithe, na hionstraimí a ghlac Coiste na nAirí: na Treoirlínte maidir le ceartas lena dtacaítear le leanaí, 2010; Moladh maidir le córais tuairiscithe ar fhoréigean in aghaidh leanaí a neartú, CA/Mol(2023)8; Moladh maidir le rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga faoi bhun 18 mbliana d’aois, CA/Mol(2012)2; Moladh maidir le caomhnóireacht éifeachtach do leanaí neamhthionlactha agus scartha i gcomhthéacs na himirce, CA/Mol(2019)11; Moladh maidir le prionsabail chearta an duine agus treoirlínte maidir le measúnú aoise i gcomhthéacs na himirce, CA/Mol(2022)22; Moladh maidir le treoirlínte chun cearta an linbh sa timpeallacht dhigiteach a urramú, a chosaint agus a chomhlíonadh, CA/Mol(2018)7; Moladh maidir le cearta leanaí agus seirbhísí sóisialta lena dtacaítear le leanaí agus le teaghlaigh, CA/Mol(2011)12; Treoirlínte maidir le cúram sláinte lena dtacaítear le leanaí, 2011; Moladh maidir le cearta an linbh atá ina gcónaí in institiúidí cónaithe, CA/Mol(2005)5; agus Straitéis Chomhairle na hEorpa um Chearta an Linbh (2022-2027).

    (6)  Straitéis an Aontais um chearta an linbh (COM(2021) 142 final).

    (7)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2021 maidir le cearta an linbh i bhfianaise Straitéis an Aontais um chearta an linbh (2021/2523(RSP)).

    (8)  Conclúidí ón gComhairle an 9 Meitheamh 2022 maidir le Straitéis an Aontais um chearta an linbh (10024/22).

    (9)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir leis ‘na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a neartú maidir le córais chomhtháite cosanta leanaí’ a glacadh ag seisiún iomlánach an 17-18 Aibreán 2024. Féach: Bileog Eolais faoin Tuairim (europa.eu).

    (10)  Féach: Ardán Rannpháirtíochta Leanaí an Aontais Eorpaigh | An tAontas Eorpach (europa.eu).

    (11)  Féach: Cosaint leanaí — córais chomhtháthaithe (europa.eu).

    (12)  Féach: Mapping Child Protection Systems in the EU [Córais Cosanta Leanaí san Aontas Eorpach a Mhapáil] – Nuashonrú 2023 | Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (europa.eu).

    (13)  Féach: High Time to End Violence against Children [Is Mithid Deireadh a chur le Foréigean in aghaidh Leanaí] | Ionadaí Speisialta Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe maidir le Foréigean ina aghaidh Leanaí.

    (14)  San Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo, déantar foráil maidir le forbhreathnú neamh-uileghabhálach ar ghníomhartha dlí ábhartha an Aontais, ar dhoiciméid bheartais agus ar dheiseanna cistithe.

    (15)  Mar a aithnítear sa Straitéis maidir le Cearta Daoine atá faoi Mhíchumas 2021-2030 (COM(2021) 101 final) agus bunaithe ar anailís arna déanamh ag FRA, féach: Violence against children with disabilities: legislation, policies and programmes in the EU | [Foréigean in aghaidh leanaí faoi mhíchumas: reachtaíocht, beartais agus cláir san Aontas Eorpach] | Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (europa.eu).

    (16)  Féach Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA), A long way to go for LGBTI equality [Bealach fada romhainn chun comhionannas LGBTI a bhaint amach] , 2020; An Taiscéalaí Sonraí ó Shuirbhé LADTI FRA.

    (17)  Tuarascáil ar an meastóireacht ar chreat an Aontais do Straitéisí Náisiúnta suas go dtí 2020 maidir le Lánpháirtiú na Romach, COM(2018) 785 final.

    (18)  Teachtaireacht maidir leis an Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025 (COM(2020) 152 final); Teachtaireacht maidir le creat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach (COM(2020) 620 final); Moladh ón gComhairle maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach (IO C 93, 19.3.2021, lch. 1); Teachtaireacht maidir le Straitéis Comhionannais LGBTIQ 2020-2025 (COM(2020) 698 final); Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas (COM(2021) 101 final); agus Teachtaireacht maidir le Plean Frithchiníochais an Aontais 2020-2025 (COM(2020) 565 final).

    (19)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis an Aontais maidir leis an bhFrithsheimíteachas a Chomhrac agus Saol na nGiúdach a Chothú (2021-2030) (COM(2021) 615 final).

    (20)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um Imeascadh agus Cuimsiú 2021-2027 (COM(2020) 758 final).

    (21)  Teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle‘ No place for hate ’ [Ní ghlactar leis an bhfuath]: a Europe united against hatred [Eoraip aontaithe i gcoinne an fhuatha], JOIN/2023/51 final, an 6 Nollaig 2023.

    (22)  Teachtaireacht maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte (COM(2023) 298 final).

    (23)  Féach: Grúpa Saineolaithe an Choimisiúin maidir le folláine i scoileanna.

    (24)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025 (COM(2020)625 final).

    (25)  Moladh ón gComhairle an 28 Samhain 2022 maidir le Conairí i dTreo na Rathúlachta Scoile agus a chuirtear in ionad an Mholta ón gComhairle an 28 Meitheamh 2011 maidir le beartais chun luathfhágáil scoile a laghdú (IO C 469, 9.12.2022, lch. 1).

    (26)  Forógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (IO C 428, 13.12.2017, lch. 10).

    (27)  Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (IO L 223, 22.6.2021, lch. 14).

    (28)  Teachtaireacht maidir le straitéis cúraim na hEorpa (COM(2022) 440 final).

    (29)  Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige: spriocanna Barcelona do 2030 (IO C 484, 20.12.2022, lch. 1).

    (30)  Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige: Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 (IO C 456, 18.12.2018, lch. 1).

    (31)  Straitéis an Aontais maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí (COM(2020) 607 final).

    (32)  Togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí (An tAcht Sonraí), (COM/2022/209 final).

    (33)  Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (an Treoir maidir le Mí-Úsáid Ghnéasach Leanaí) ( IO L 335, 17.12.2011, lch. 1).

    (34)  Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (athmhúnlú) (COM(2024) 60 final)

    (35)  Conclúidí ón gComhairle maidir le cumhachtú digiteach chun cearta bunúsacha a chosaint agus a fhorfheidhmiú sa ré dhigiteach, 14309/23, 20 Deireadh Fómhair 2023.

    (36)  Conclúidí ón gComhairle maidir le tacú leis an folláine san oideachas digiteach, 14982/22, 28 Samhain 2022.

    (37)  Teachtaireacht maidir le Deacáid Dhigiteach do leanaí agus don óige: an straitéis Eorpach nua maidir le hidirlíon níos fearr do leanaí (BIK+) (COM(2022) 212 final).

    (38)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) ( IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).

    (39)  Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh ( IO L 303, 28.11.2018, lch. 69).

    (40)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (41)  Teachtaireacht maidir le tionscnamh de chuid an Aontais maidir le Gréasán 4.0 agus domhain fhíorúla: tús maith sa chéad aistriú teicneolaíoch eile (COM(2023) 442 final).

    (42)  Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle ( IO L 315, 14.11.2012, lch. 57).

    (43)  Treoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coimircí nós imeachta do leanaí a bhfuil dhrochamhras fúthu nó a bhfuil cúis curtha ina leith in imeachtaí coiriúla ( IO L 132, 21.5.2016, lch. 1).

    (44)  Straitéis an Aontais um chearta íospartach (2020-2025) (COM(2020) 258 final).

    (45)  Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus comhar in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála ( IO L 7, 10.1.2009, lch. 1).

    (46)  Rialachán (AE) 2019/1111 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2019 maidir le dlínse, cinntí a aithint agus a fhorfheidhmiú cinntí in ábhair maidir le pósadh agus in ábhair maidir le freagracht tuismitheora, agus maidir le fuadach idirnáisiúnta leanaí ( IO L 178, 2.7.2019, lch. 1).

    (47)  In 2022, ba leanaí iad 15 % de na híospartaigh a cláraíodh laistigh den Aontas. Féach: Gáinneáil a dhéanamh ar íospartaigh san Eoraip, méadú 10 %, agus sciar na náisiúnach den Aontas i measc na n-íospartach méadaithe go 59 % — An Coimisiún Eorpach (europa.eu).

    (48)  Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle ( IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).

    (49)  Oifig Ionadaí Speisialta an Ardrúnaí maidir le Foréigean in aghaidh Leanaí agus Universidad Iberoamericana, Violence against children on the move From a continuum of violence to a continuum of protection [Foréigean in aghaidh leanaí ag bogadh ó chontanam foréigin go contanam cosanta], 2020.

    (50)  Teachtaireacht maidir le leanbh-imircigh ar leanaí iad a chosaint (COM(2017) 211 final).

    (51)  Féach: Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le ‘Cosaint shealadach dóibh siúd atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine: bliain ar aghaidh’, COM(2023) 140 final.

    (52)  Féach: Fleeing Ukraine: protection for children [Ag teitheadh ón Úcráin: cosaint do leanaí] - An Coimisiún Eorpach (europa.eu).

    (53)   Féach:Ráiteas ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh: An Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann (europa.eu)

    (54)  Plean Gníomhaíochta maidir le Lánpháirtiú agus Cuimsiú 2021-2027 (COM(2020) 758 final).

    (55)  Féach: Maoiniú & tairiscintí (europa.eu).

    (56)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí ( IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

    (57)  Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle ( IO L 156, 5.5.2021, lch. 1).

    (58)  Rialachán (AE) 2021/693 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Cheartas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 ( IO L 156, 5.5.2021, lch. 21).

    (59)  Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil ( IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).

    (60)  Féach: Barnahus.

    (61)  Féach: Tionscnamh Suaitheanta TSI 2024 — An Daonlathas agus an Smacht Reachta a threisiú — An Coimisiún Eorpach (europa.eu).

    (62)  Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (‘Clár EU4Health’) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 ( IO L 107, 26.3.2021, lch. 1).

    (63)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ( IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).

    (64)  Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí ( IO L 251, 15.7.2021, lch. 94).

    (65)  Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht ( IO L 251, 15.7.2021, lch. 1).

    (66)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe ( IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).

    (67)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ( IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

    (68)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 ( IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

    (69)  An Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair agus Unicef, Child Labour, Global Estimates 2020, Trends and the road forward , 2021 [Dúshaothrú leanaí, Meastacháin Dhomhanda 2020, Treochtaí agus an bóthar chun tosaigh, 2021].

    (70)  Unicef, A Statistical Snapshot of Violence against Adolescent Girls [Roghbhlúire Staitistiúil ar Fhoréigean in aghaidh Cailíní sna Déaga], 2014.

    (71)  Plean Gníomhaíochta don Óige (YAP) i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais 2022-2027 Rannpháirtíocht fhóinteach agus cumhachtú na hóige a chur chun cinn i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe, comhionannas agus síocháin (JOIN(2022) 53 final).

    (72)  Plean Gníomhaíochta Inscne an Aontais Eorpaigh (GAP) III – Clár oibre uaillmhianach don chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais, JOIN(2020) 17 final).

    (73)   Treoirlínte an Aontais maidir le leanaí i gcoinbhleacht armtha, arna nuashonrú in 2008.

    (74)  Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024 (JOIN(2020) 5 final).

    (75)  Teachtaireacht maidir le hobair chuibhiúil ar fud an domhain le haghaidh aistriú cóir domhanda agus téarnamh inbhuanaithe (COM(2022) 66 final).

    (76)  Tuarascáil ó Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le saincheist na n-oibleagáidí maidir le cearta an duine a bhaineann le timpeallacht shábháilte, ghlan, shláintiúil agus inbhuanaithe a theachtadh, A/HRC/37/58, 2018, míreanna 57 agus 58.

    (77)  Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, Barúil Ghinearálta Uimh. 26 maidir le cearta an linbh agus an comhshaol le béim ar leith ar an athrú aeráide, 2023

    (78)  Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le haghaidh a thabhairt ar thionchar an athraithe aeráide agus dhíghrádú an chomhshaoil (JOIN(2023)19 final).

    (79)  Treoirlínte Fógra ón gCoimisiún maidir le straitéisí agus pleananna oiriúnaithe na mBallstát ( IO C 264, 27.7.2023, lch. 1).

    (80)  Seasamh oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir le caibidlíocht COP28 san áireamh sna Conclúidí ón gComhairle maidir leis na hullmhúcháin don 28ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe (COP28) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), Dubai, an 17 Deireadh Fómhair 2023.

    (81)  UNFCCC, SprIOC dhomhanda maidir le hoiriúnú.

    (82)  Féach: An Comhshocrú Aeráide Eorpach - An tAontas Eorpach (europa.eu).

    (83)  Mar a shainmhínítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an linbh.

    (84)  Rialachán (AE) 2019/1111 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2019 maidir le dlínse, aithint agus forfheidhmiú cinntí in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora, agus maidir le fuadach idirnáisiúnta leanaí ( IO L 178, 2.7.2019).

    (85)  Agus Treoirlínte an Aontais maidir le Leanaí agus Coinbhleacht Armtha á gcur san áireamh.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/1238/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top