Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D3155

Cinneadh (CBES) 2024/3155 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 10 Nollaig 2024 lena gcuirtear síneadh le sainordú an Chinn Misin ar Mhisean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia (EUMM Georgia) (EUMM Georgia/2/2024)

ST/15432/2024/INIT

IO L, 2024/3155, 12.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3155/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 14/12/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3155/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3155

12.12.2024

CINNEADH (CBES) 2024/3155 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 10 Nollaig 2024

lena gcuirtear síneadh le sainordú an Chinn Misin ar Mhisean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia (EUMM Georgia) (EUMM Georgia/2/2024)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus Airteagal 38, an tríú mír, de,

Ag féachaint do Chinneadh 2010/452/CBES ón gComhairle an 12 Lúnasa 2010 maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia (1), EUMM Georgia, agus go háirithe Airteagal 10(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Chinneadh 2010/452/CBES, údaraítear an Coiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 38, an tríú mír, den Chonradh, na cinntí ábhartha a dhéanamh chun rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach Mhisean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia (EUMM Georgia) a fheidhmiú, lena n-áirítear an cinneadh Ceann Misin a cheapadh.

(2)

An 26 Márta 2024, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2024/1032 (2), lena gceaptar Bettina BOUGHANI ina Ceann Misin ar EUMM Georgia ón 1 Aibreán 2024 go dtí an 14 Nollaig 2024.

(3)

An 2 Nollaig 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/2988 (3), lena gcuirtear síneadh le sainordú EUMM Georgia go dtí an 14 Nollaig 2026.

(4)

An 28 Deireadh Fómhair 2024, mhol Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála go gcuirfí síneadh le sainordú Bettina BOUGHANI mar Cheann Misin ar EUCAP Georgia ón 15 Nollaig 2024 go dtí an 14 Nollaig 2025.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, cuirtear síneadh le sainordú Bettina BOUGHANI mar Cheann Mhisean ar Mhisean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia (EUMM Georgia) ón 15 Nollaig 2024 go dtí an 14 Nollaig 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Nollaig 2024.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

An tUachtarán

D. PRONK


(1)   IO L 213, 13.8.2010, lch. 43.

(2)  Cinneadh (CBES) 2024/1032 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 26 Márta 2024 maidir le Ceann Misin ar Mhisean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia a cheapadh (EUMM Georgia) (EUMM GEORGIA/1/2024) (IO L, 2024/1032, 2.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1032/oj)

(3)  Cinneadh (CBES) 2024/2988 ón gComhairle an 2 Nollaig 2024 lena leasaítear Cinneadh 2010/452/CBES maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM Georgia (IO L, 2024/2988, 3.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2988/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3155/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top