Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D3080

Cinneadh (AE) 2024/3080 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2024 lena mbunaítear Rialacha Nós Imeachta an Choimisiúin agus lena leasaítear Cinneadh C(2000) 3614

C/2024/10000

IO L, 2024/3080, 5.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3080/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 05/12/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3080/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3080

5.12.2024

CINNEADH (AE) 2024/3080 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Nollaig 2024

lena mbunaítear Rialacha Nós Imeachta an Choimisiúin agus lena leasaítear Cinneadh C(2000) 3614

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 17 de,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 249 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh an 29 Samhain 2000 lena mbunaítear Rialacha Nós Imeachta (1) an Choimisiúin, rinneadh é a leasú roinnt uaireanta. Rinneadh príomhathbhreithniú in 2010 (2) lenar ghlac an Coimisiún Cinneadh a raibh Airteagail uile na Rialacha Nós Imeachta i gceangal leis. Téann an leasú teoranta deireanach siar go 2020 (3). Dá bhrí sin, is gá, ar mhaithe le soiléireacht, forálacha Airteagail Chinneadh 2000 agus na leasuithe comhleanúnacha agus iarscríbhinní áirithe a ghabhann leis a ionadú.

(2)

Chun a n-inrochtaineacht agus a n-inléiteacht a fheabhsú, ba cheart Airteagail na Rialacha Nós Imeachta C(2000) 3614 a chumasc leis na Rialacha lena dtugtar éifeacht dóibh (4) in aon doiciméad amháin.

(3)

Is gá athbhreithniú substaintiúil a dhéanamh ar roinnt Airteagal de Rialacha Nós Imeachta C(2000) 3614 chun éabhlóid na slí ina bhfeidhmíonn an Coimisiún a chur san áireamh.

(4)

Is é prionsabal na coláisteachta a rialaíonn feidhmiú an Choimisiúin. Eascraíonn sé as Airteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus tá sé bunaithe ar rannpháirtíocht chomhionann Chomhaltaí an Choimisiúin i nglacadh na gcinntí. Ciallaíonn prionsabal na coláisteachta, go háirithe, gur cheart cinntí a bheith ina n-ábhar plé chomhchoitinn agus gur cheart freagracht pholaitiúil chomhchoiteann a bheith ar Chomhaltaí uile an Choláiste as na cinntí uile arna nglacadh.

(5)

Tá feidhmiú an Choimisiúin agus a sheirbhísí bunaithe freisin ar phrionsabal an dea-rialachais, lena mbaineann, go háirithe, sainmhíniú soiléir ar róil agus ar fhreagrachtaí, chomh maith le hinrianaitheacht na gcinntí arna ndéanamh ag an gCoimisiún.

(6)

I gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 15(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart forálacha a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheith san Iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta (5).

(7)

Chun inléiteacht agus lúfaireacht a áirithiú, níl sna Rialacha Nós Imeachta seo a thuilleadh, mar iarscríbhinní, (i) an Cód um Dhea-Iompar Riaracháin d’fhoireann an Choimisiúin Eorpaigh ina gcaidreamh leis an bpobal, (ii) forálacha an Choimisiúin lena mbunaítear Córas Ginearálta Mear-Rabhaidh ARGUS agus (iii) na rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail.

(8)

Go dtí go gcuirfear cinntí uathrialacha comhfhreagracha in ionad na n-iarscríbhinní sin, ba cheart iad a bheith infheidhme go sealadach chun aon fholús dlíthiúil a sheachaint. Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh C(2000) 3614 a leasú trína fhorálacha eile seachas na hiarscríbhinní sin atá fágtha a scriosadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an gCinneadh seo na rialacha lena rialaítear feidhmiú an Choimisiúin Eorpaigh.

Caibidil II

An Coimisiún

Airteagal 2

Comhghleacaíocht

1.   Gníomhóidh an Coimisiún mar Choláiste, de bhun na Rialacha Nós Imeachta seo. Tá an Coláiste comhdhéanta den Uachtarán agus de Chomhaltaí eile an Choimisiúin.

2.   Staonfaidh Comhaltaí an Choimisiúin ó aon iompar ar dóigh dó prionsabal na coláisteachta a chur i mbaol, go feadh aon mhéid.

3.   Beidh Comhaltaí uile an Choimisiúin rannpháirteach ar comhchéim sa phróiseas cinnteoireachta agus beidh freagracht chomhchoiteann orthu as na cinntí a dhéanfar.

4.   Urramóidh gach Comhalta den Choimisiún na seasaimh arna nglacadh ag an gCoimisiún, cuirfidh sé chun cinn iad agus tacóidh sé leo, go háirithe ag céimeanna éagsúla den phróiseas reachtach.

5.   Aon seasamh atá éagsúil leis an seasamh a ghlac an Coimisiún ar dtús, ní mór é a fhormheas go coláisteach sula gcuirfidh ionadaithe an Choimisiúin faoi bhráid institiúidí nó chomhlachtaí eile an Aontais Eorpaigh é, agus faoi bhráid na mBallstát, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó réigiúnacha agus tríú páirtithe eile chomh maith.

Airteagal 3

Uachtarán

1.   Leagfaidh an tUachtarán síos na treoirlínte polaitiúla a bhfeidhmeoidh an Coimisiún a laistigh díbh. Stiúrfaidh an tUachtarán obair an Choimisiúin agus déanfaidh sé ionadaíocht air.

2.   Déanfaidh an tUachtarán eagrú inmheánach an Choimisiúin a chinneadh chun a áirithiú go ngníomhaíonn sé go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus mar chomhlacht coláisteach (6).

3.   Déanfaidh an tUachtarán freagrachtaí a struchtúrú agus a dháileadh ar Chomhaltaí an Choimisiúin, gan dochar d'Airteagal 18(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Féadfaidh an tUachtarán na freagrachtaí sin a athdháileadh i rith théarma oifige an Choimisiúin (7).

Ag tús a théarma oifige, cuirfidh an tUachtarán litreacha misin chuig Comhaltaí an Choimisiúin ina leagfar amach na dualgais atá orthu agus na coinníollacha a ghabhann lena gcomhlíonadh sna réimsí gníomhaíochta a shanntar dóibh.

4.   Ceapfaidh an tUachtarán Leas-Uachtaráin, seachas Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, as measc Chomhaltaí an Choimisiúin (8).

5.   Glacfaidh an tUachtarán cinneadh ar ord tosaíochta Chomhaltaí uile an Choimisiúin. Maidir le Comhaltaí an Choimisiúin seachas na Leas-Uachtaráin, beidh an t-ordú sin bunaithe ar a sinsearacht sa Choimisiún nó, i gcás sinsearachta comhionainne, ar a n-aois.

6.   Féadfaidh an tUachtarán a chinneadh tráth ar bith grúpaí de Chomhaltaí an Choimisiúin a chur ar bun. Cinnfear le cinneadh an Uachtaráin sainordú, comhdhéanamh, ré agus modhanna oibre an ghrúpa, agus ceapfar an Comhalta nó na Comhaltaí a dhéanfaidh obair an ghrúpa a stiúradh.

7.   Más rud é nach féidir le Comhaltaí an Choimisiúin a ndualgais a chomhlíonadh, ceapfaidh an tUachtarán ionadaithe as measc Chomhaltaí eile an Choimisiúin agus glacfaidh sé na forálacha lena gcuirtear an cinneadh sin chun feidhme.

8.   Éireoidh Comhalta den Choimisiún as oifig arna iarraidh sin don Uachtarán (9).

9.   Áiritheoidh an tUachtarán go gcuirfear an Cód Iompair i bhfeidhm go cuí maidir le Comhaltaí an Choimisiúin (10).

Airteagal 4

Comhalta den Choimisiún

1.   Comhlíonfaidh Comhaltaí an Choimisiúin a gcuid dualgas go hiomlán neamhspleách, faoi údarás an Uachtaráin. Ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad le treoracha ó aon rialtas ná institiúid, comhlacht, oifig ná eintiteas eile (11). Caithfidh siad iad féin go hiomlán i gcomhlíonadh a ndualgas ar mhaithe le leas an Aontais.

2.   Glacfaidh gach Comhalta den Choimisiún freagracht as gníomhaíocht sa réimse gníomhaíochta a shanntar dó, gan dochar do phrionsabal choláisteacht an Choimisiúin.

3.   Gníomhóidh Comhaltaí an Choimisiúin i gcomhréir leis na caighdeáin ghairmiúla agus eiticiúla is airde agus go háirithe i gcomhréir leis an gCód Iompair do Chomhaltaí an Choimisiúin.

4.   Beidh comh-aireacht ag Comhaltaí an Choimisiúin a chabhróidh leo a ndualgais a chomhlíonadh. Is trí chinneadh ón Uachtarán a leagfar síos na rialacha lena rialaítear comhdhéanamh agus oibriú na gcomh-aireachta.

Airteagal 5

Tosaíochtaí, clár oibre agus buiséad

1.   Bunóidh an Coimisiún a thosaíochtaí i gcomhréir leis na treoirlínte polaitiúla arna leagan síos ag an Uachtarán. Léireoidh sé na tosaíochtaí sin ina chlár oibre agus i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a ghlacfaidh sé gach bliain.

2.   Gach bliain déanfaidh an tUachtarán breithniú ar an mbliain reatha agus leagfaidh sé amach tosaíochtaí an Choimisiúin don todhchaí san aitheasc ar Staid an Aontais chuig Parlaimint na hEorpa (12).

3.   Chun cur chun feidhme na dtosaíochtaí sin a shoiléiriú agus a eagrú, cuirfidh an Coimisiún i gceangal lena chlár oibre liosta de na príomhthionscnaimh a bhfuil sé beartaithe aige a ghlacadh le linn na bliana i dtrácht. Féadfaidh an Coimisiún a chlár oibre a thabhairt cothrom le dáta i rith na bliana.

4.   Ar thionscnamh an Uachtaráin, cuirfidh an Coimisiún díospóireachtaí treoraíochta ar siúl chun a línte beartais a shoiléiriú agus chun aon ábhair atá íogair ó thaobh na polaitíochta de agus/nó ábhair thábhachtacha nó forbairtí polaitiúla ginearálta a phlé.

5.   Leagfaidh an tUachtarán amach na socruithe chun clársceidealú thionscnaimh an Choimisiúin a bhailíochtú.

Caibidil III

Nósanna imeachta cinnteoireachta

Airteagal 6

Cineálacha nós imeachta cinnteoireachta

1.   Glacfaidh an Coimisiún tionscnaimh i gceann de na foirmeacha dlíthiúla dá bhforáiltear in Airteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó aon tionscnamh eile a thagann faoina shainchúram (‘gníomhartha’):

(a)

trí nós imeachta ó bhéal, ag cruinnithe an Choimisiúin, i gcomhréir le roinn 1 den Chaibidil seo;

(b)

le nós imeachta i scríbhinn i gcomhréir le hAirteagal 2 de na Rialacha Nós Imeachta seo;

(c)

le nós imeachta cumhachtaithe i gcomhréir le roinn 3 den Chaibidil seo;

(d)

le nós imeachta tarmligin i gcomhréir le roinn 4 den Chaibidil seo;

2.   Déanfar aon dréachtghníomh a ghlacfaidh an Coimisiún faoi cheann de na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach roimh ré sa chóras faisnéise arna bhunú chun na críche sin, mura gcinnfidh an tArdrúnaí a mhalairt go sainráite.

Roinn 1

Cruinnithe an Choimisiúin agus an nós imeachta ó bhéal

Airteagal 7

Cruinnithe an Choimisiúin

1.   Is é an tUachtarán a thionólfaidh cruinnithe an Choimisiúin.

2.   Tiocfaidh an Coimisiún le chéile, mar riail ghinearálta, uair sa tseachtain (‘gnáthchruinnithe’). Tiocfaidh sé le chéile freisin aon uair a mheasann an tUachtarán go bhfuil gá leis (cruinnithe ‘urghnácha’).

3.   In imthosca eisceachtúla, más rud é nach féidir le roinnt de Chomhaltaí an Choimisiúin, nó leo go léir, freastal ar chruinniú den Choimisiún ar an láthair, féadfaidh an tUachtarán cuireadh a thabhairt dóibh a bheith rannpháirteach trí bhíthin córais teileachumarsáide lena bhféadfar iad a shainaithint agus go mbeidh siad rannpháirteach go héifeachtach.

4.   Féadfar gníomhartha a ghlacadh trí nós imeachta ó bhéal ag gnáthchruinnithe nó ag cruinnithe urghnácha. Na rialacha maidir leis na cruinnithe sin a eagrú agus a reáchtáil, chomh maith leis na rialacha nós imeachta, leagtar amach iad in Airteagail 8 go 16.

5.   Ar thionscnamh an Uachtaráin, féadfaidh an Coimisiún díospóireachtaí treoraíochta, seimineáir, cruinnithe neamhfhoirmiúla nó cruinnithe oibre ar ábhair shonracha a reáchtáil freisin.

Airteagal 8

An clár oibre a shocrú

1.   Socróidh an tUachtarán clár oibre gach gnáthchruinnithe urghnácha den Choimisiún.

2.   Chun pleanáil obair an Choimisiúin a éascú agus chun straitéis cumarsáide an Choimisiúin a chur san áireamh, bunóidh an tArdrúnaí, faoi údarás an Uachtaráin, liosta de na míreanna a bhfuil sé beartaithe iad a chur san áireamh ar chlár oibre chruinnithe an Choimisiúin.

3.   De bhreis ar na míreanna athfhillteacha a chuirtear go huathoibríoch ar chlár oibre gach cruinnithe den Choimisiún, amhail miontuairiscí a fhormheas, caidreamh idirinstitiúideach, gníomhaíocht sheachtrach a chomhordú nó ábhair riaracháin agus bhuiséadacha, déanfar na hábhair agus na dréachtghníomhartha atá íogair ó thaobh na polaitíochta de agus/nó atá tábhachtach, go háirithe iad siúd atá nasctha le tosaíochtaí an Choimisiúin, a áireamh ar an gclár oibre go ginearálta.

4.   Chun feidhmiú éifeachtach coláisteachta a ráthú, déanfar aon mhíreanna a áirítear ar chlár oibre chruinniú an Choimisiúin a thabhairt anonn go dtí cruinniú níos déanaí más rud é:

(a)

nach gcuirfear na doiciméid ábhartha ar fáil do Chomhaltaí an Choimisiúin laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 11(3), mura gcinnfidh an tUachtarán a mhalairt;

(b)

i gceann amháin (nó níos mó) de na leaganacha teanga a cheanglaítear le hAirteagal 41(1), tá pointe (b) in easnamh, ach amháin má chinneann an tUachtarán formheas ‘i bprionsabal’ a iarraidh ar an gCoimisiún, agus cumhachtú ad hoc ag gabháil leis chun an dréachtghníomh a ghlacadh a luaithe a bheidh an leagan/na leaganacha teanga ar fáil.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, ar thogra ón Uachtarán, ábhar nach bhfuil ar an gclár oibre a phlé.

Airteagal 9

Coinníollacha maidir le míreanna a áireamh ar an gclár oibre

1.   Gan dochar do mhír 4, beidh an fhaisnéis seo a leanas ar fáil nuair a dhéanfar aon iarraidh dréachtghníomh dá dtagraítear in Airteagal 8(3) a áireamh ar an gclár oibre:

(a)

teideal an dréachtghnímh agus tuairisc ghairid ar a chuspóir;

(b)

na cúiseanna lena chur i láthair agus lena uainiú;

(c)

an nasc atá aige leis na treoirlínte polaitiúla arna leagan síos ag an Uachtarán agus leis na tosaíochtaí arna leagan síos ag an gCoimisiún agus le clár oibre an Choimisiúin agus lena straitéis chumarsáide;

(d)

staid ullmhúcháin an chomhaid, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le rialáil níos fearr agus an comhairliúchán idirsheirbhíse;

(e)

comhaontú sainráite Chomhalta an Choimisiúin atá freagrach as an mbuiséad má tá impleachtaí buiséadacha suntasacha ag an togra.

2.   Tá feidhm ag na socruithe a leagtar amach i mír 1 freisin maidir le hiarrataí ar dhréachtghníomhartha a bhfuil feidhm ghinearálta leo agus a chuirtear isteach le bheith á gcur san áireamh faoi ábhair ilghnéitheacha riaracháin agus bhuiséadacha ar an gclár oibre.

3.   Beidh feidhm ag Airteagail 29, 36 agus 41 maidir le hiarrataí ar dhréachtghníomhartha arna gcuirtear isteach le bheith á gcur san áireamh faoi nósanna imeachta cumhachtaithe agus tarmligin ar an gclár oibre.

4.   Mura gcinnfidh an tUachtarán a mhalairt, ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

plépháipéir arna n-iarraidh ag an Uachtarán chun díospóireachtaí treoraíochta a struchtúrú;

(b)

nótaí faisnéise ó Chomhaltaí den Choimisiún a fhéadfaidh an Coimisiún a chur ar an eolas gonta faoi ábhair atá faoina bhfreagracht, gan iarraidh air seasamh a ghlacadh, ar seasamh é nach ndéanann ach a n-údair a ghealladh agus a bhfuil a n-áireamh ar an gclár oibre údaraithe go sonrach ag an Uachtarán.

5.   Aon iarraidh chun mír a chur ar chlár oibre cruinnithe den Choimisiún, ní mór do Chomhalta amháin (nó níos mó) den Choimisiún í a chur faoi bhráid an Uachtaráin naoi lá oibre ar a laghad roimh an gcruinniú den Choimisiún i dtrácht. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an tUachtarán glacadh le hiarraidh dhéanach go gcuirfí mír ar an gclár oibre. Cuirfear an tArdrúnaí ar an eolas faoi aon iarraidh ar mhír a bheith curtha san áireamh ar an gclár oibre.

Airteagal 10

Míreanna ar an gclár oibre a ullmhú

1.   Déanfar míreanna a áirítear ar chlár oibre gnáthchruinnithe nó cruinnithe urghnácha den Choimisiún a ullmhú ag cruinniú seachtainiúil na gCeann Comh-Aireachta faoi chathaoirleacht an Ard-Rúnaí.

2.   Eagrófar cruinnithe speisialta de chomhaltaí na comh-aireachta, ar thionscnamh an Uachtaráin, chun réamhphlé a dhéanamh ar ábhair shonracha nó ar chomhaid shonracha. Is comhalta de chomh-aireacht an Uachtaráin a bheidh ina chathaoirleach ar na cruinnithe sin. Tionólfar iad de ghnáth an tseachtain roimh chruinniú an Choimisiúin.

3.   Scrúdóidh an Grúpa um Chaidreamh Idirinstitiúideach (13) na seasaimh a ghlacfaidh an Coimisiún in ábhair idirinstitiúideacha, go háirithe comhaid atá ar feitheamh os comhair Pharlaimint na hEorpa agus/nó na Comhairle.

4.   Scrúdóidh an Grúpa um Chomhordú Seachtrach (14) na seasaimh a ghlacfaidh an Coimisiún i réimse an chaidrimh sheachtraigh agus áiritheoidh sé comhsheasmhacht idir gnéithe seachtracha agus gnéithe inmheánacha obair an Choimisiúin.

5.   I bprionsabal, ní fhéadfar aon ábhar ar thángthas ar chomhaontú ina leith ag ceann de na cruinnithe ullmhúcháin a luaitear i míreanna 1 go 4 a athoscailt níos déanaí.

6.   Má thagtar ar chomhaontú maidir le mír ar an gclár oibre ag cruinniú seachtainiúil de na Cinn Chomh-Aireachta agus má choimeádtar an mhír sin ar an gclár oibre, féadfar an gníomh atá i gceist a ghlacadh gan díospóireacht le linn chruinniú an Choimisiúin.

7.   Má thagtar ar chomhaontú ag cruinniú seachtainiúil na gCeann Comh-Aireachta nó ag cruinniú an Choimisiúin, féadfar an gníomh a ghlacadh, ar thogra ón Uachtarán, tríd an nós imeachta i scríbhinn a thabhairt chun críche, de bhun Airteagal 22.

8.   I ngach ceann de na cruinnithe ullmhúcháin dá dtagraítear i míreanna 1 go 4, labhróidh comhaltaí na comh-aireachta thar ceann an Chomhalta den Choimisiún a ndéanann siad ionadaíocht air ar bhonn sainordú soiléir.

Airteagal 11

An clár oibre agus doiciméid eile a chur ar fáil

1.   Cuirfidh an tArdrúnaí dréachtchlár oibre ar fáil do Chomhaltaí an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an lá oibre roimh chruinniú seachtainiúil na gCeann Comh-Aireachta.

2.   Ar a dhéanaí an lá roimh ghnáthchruinnithe nó cruinnithe urghnácha an Choimisiúin, cuirfidh an tArdrúnaí an clár oibre, mar atá socraithe ag an Uachtarán, ar fáil do Chomhaltaí an Choimisiúin. Déanfar an clár oibre a chur ar fáil go poiblí i gcomhréir le hAirteagal 63(1).

3.   Cuirfidh an tArdrúnaí dréachtchlár oibre ar fáil do Chomhaltaí an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an lá oibre roimh chruinniú seachtainiúil na gCeann Comh-Aireachta.

Mura ndeonóidh an tUachtarán maolú ar bhonn iarraidh chuí-réasúnaithe i scríbhinn, ní mór na doiciméid a bheartaítear a phlé ag cruinniú speisialta de chomhaltaí na comh-aireachta a chur ar fáil do Chomhaltaí an Choimisiúin 48 n-uaire an chloig ar a laghad roimh an gcruinniú. I gcás doiciméad an-fhada, féadfaidh an tArdrúnaí, i gcomhaontú leis an Uachtarán, níos mó ama a cheadú.

Cuirfear na doiciméid ar fáil faoi réir an nós imeachta um ghlacadh a bheith tionscanta ag an Ardrúnaí tar éis dó comhaontú an Chomhalta den Choimisiún atá freagrach agus, i gcás inarb infheidhme, comhaontú Chomhaltaí an Choimisiúin atá freagrach go comhpháirteach nó comhlachaithe a fhíorú.

Airteagal 12

Córam agus freastal na gComhaltaí ar chruinnithe den Choimisiún

1.   Beidh líon na gcomhaltaí ar gá don Choimisiún cinntí bailí a ghlacadh ag a ghnáthchruinnithe agus ag a chruinnithe urghnácha cothrom le tromlach a chomhaltaí.

2.   In imthosca eisceachtúla, más rud é nach féidir le roinnt de Chomhaltaí an Choimisiúin, nó leo go léir, freastal ar chruinniú den Choimisiún ar an láthair, féadfaidh an tUachtarán cuireadh a thabhairt dóibh a bheith rannpháirteach trí bhíthin córais teileachumarsáide lena bhféadfar iad a shainaithint agus go mbeidh siad rannpháirteach go héifeachtach. Measfar ansin iad a bheith i láthair chun críocha an chóraim.

3.   I gcomhréir le prionsabal na coláisteachta, freastalóidh comhaltaí an Choimisiúin ar gach gnáthchruinniú agus ar gach cruinniú urghnách den Choimisiún ina n-iomláine.

4.   Féadfaidh an tUachtarán Comhalta den Choimisiún a scaoileadh ón oibleagáid freastal ar ghnáthchruinniú nó ar chruinniú urghnách den Choimisiún, má tá údar cuí leis i ngeall ar imthosca dosháraithe, cuir i gcás oibleagáidí maidir le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais Eorpaigh nó oibleagáidí a bhaineann le hionadaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh. D’fhonn an t-údarú sin a fháil, díreoidh an Comhalta den Choimisiún lena mbaineann iarraidh chuí-réasúnaithe i scríbhinn chuig an Uachtarán in am trátha.

5.   Ní féidir duine eile a chur in ionad Comhaltaí atá as láthair.

Airteagal 13

Cinnteoireacht

1.   Glacfar cinntí an Choimisiúin ar thogra ó Chomhalta amháin nó níos mó dá chuid. Glacfar iad trí thromlach a Chomhaltaí.

2.   Nuair a bheidh cinneadh le vótáil air, ar thionscnamh an Uachtaráin nó arna iarraidh sin do chomhalta amháin nó níos mó de Chomhaltaí an Choimisiúin, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)

féadfaidh baint a bheith ag vótáil ar dhréachtghníomh, de rogha an Uachtaráin, leis na nithe seo a leanas: (i) an dréachtghníomh bunaidh, nó (ii) dréachtghníomh leasaithe arna chur isteach ag Comhalta nó Comhaltaí an Choimisiúin atá freagrach nó ag an Uachtarán;

(b)

sula rachaidh sé ar aghaidh chuig vótáil, suífidh an tUachtarán gurb ann don chóram is gá, mar a leagtar síos in Airteagal 12(1);

(c)

beidh vóta amháin ag gach Comhalta den Choimisiún agus ní fhéadfar an vóta sin a tharmligean;

(d)

glacfar an dréachtghníomh má tá líon na vótaí i bhfabhar an ghnímh cothrom le tromlach a Chomhaltaí nó más mó ná sin é;

(e)

déanfar toradh na vótála, arna dhearbhú ag an Uachtarán, agus an fhaisnéis go léir a bhaineann léi, a thaifeadadh i miontuairiscí chruinniú an Choimisiúin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 16(3); is amhlaidh a bheidh maidir le haon ráitis (amhail mínithe ar an vótáil) a iarrann Comhaltaí an Choimisiúin a thaifeadadh;

(f)

in imthosca eisceachtúla áirithe, féadfaidh an tUachtarán a chinneadh ballóid rúnda a reáchtáil.

Airteagal 14

Rúndacht chruinnithe an Choimisiúin

1.   Ní cruinnithe poiblí a bheidh i gcruinnithe an Choimisiúin.

2.   Cosnófar an plé sna cruinnithe le prionsabal na rúndachta.

Airteagal 15

Freastal ar chruinnithe an Choimisiúin

1.   Cinnfidh an tUachtarán cé na daoine a gceadaítear dóibh freastal ar phléití an Choimisiúin ag a ghnáthchruinnithe nó ag a chruinnithe urghnácha.

2.   Mura gcinnfidh an tUachtarán a mhalairt, féadfaidh na daoine seo a leanas freastal ar chruinnithe an Choimisiúin: an tArdrúnaí, Ceann Oifige Comh-Aireachta an Uachtaráin, Ard-Stiúrthóir na Seirbhíse Dlí, Ard-Stiúrthóir Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, Ceann Sheirbhís Urlabhraí an Choimisiúin agus Stiúrthóir Stiúrthóireacht na hArdrúnaíochta atá freagrach as Cinnteoireacht agus as Coláisteacht.

Féadfar ionadaí a chur in ionad aon duine de na daoine sin nach bhfuil in ann freastal air.

3.   Féadfaidh an tUachtarán a chinneadh cuireadh a thabhairt d’aon duine eile ar mhír ar leith ar an gclár oibre.

4.   Féadfaidh an tUachtarán, as a stuaim féin nó ar iarratas ó Chomhalta den Choimisiún, srian a chur le comhaltaí d’fhoireann an Choimisiúin agus le daoine eile a bheith i láthair ag cruinniú ar fad nó i gcuid de.

5.   Tabharfaidh an tArdrúnaí cúnamh don Uachtarán chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha a leagtar amach i míreanna 1 go 4.

Airteagal 16

Miontuairiscí chruinnithe an Choimisiúin

1.   Déanfaidh an tArdrúnaí miontuairiscí na ngnáthchruinnithe agus na gcruinnithe urghnácha uile den Choimisiún a tharraingt suas.

2.   Tabharfar cuntas sna gnáth-mhiontuairiscí ar an tslí gur seoladh an cruinniú, ar na pléití agus ar ghlacadh na ngníomhartha, ar faisnéis í atá le cur ar fáil don phobal.

3.   Féadfaidh miontuairiscí speisialta a bheith ag gabháil leis na gnáth-mhiontuairiscí, ina dtaifeadfar na pléití agus na gníomhartha nach gcumhdaítear le mír 2, na vótaí a glacadh agus na ráitis a iarrann Comhaltaí an Choimisiúin a thaifeadadh sna miontuairiscí. Déanfar na miontuairiscí speisialta a aicmiú.

4.   Cuirfear na dréacht-mhiontuairiscí faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas ag cruinniú ina dhiaidh sin. Déanfar na miontuairiscí arna bhformheas a fhíordheimhniú le síniú an Uachtaráin agus le síniú an Ard-Rúnaí.

5.   Cuirfear na gnáth-mhiontuairiscí ar fáil go poiblí a luaithe a bheidh siad formheasta ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 63(2).

Roinn 2

An nós imeachta i scríbhinn

Airteagal 17

Cinntí arna ndéanamh le nós imeachta i scríbhinn

1.   Glacfar cinntí an Choimisiúin le nós imeachta i scríbhinn ar thogra ó Chomhalta amháin nó níos mó dá chuid.

2.   Maidir le dréachtghníomh a cuireadh ar chlár oibre chruinniú an Choimisiúin den chéad uair lena ghlacadh trí nós imeachta ó bhéal, féadfar é a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn ar thogra ón Uachtarán.

3.   Féadfaidh aon Chomhalta den Choimisiún iarraidh réasúnaithe a chur chuig an Uachtarán á iarraidh go ndéanfaí an dréachtghníomh arna thíolacadh lena ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn a lua ag cruinniú den Choimisiún nó a chur ar chlár oibre cruinnithe den Choimisiún. Cuirfear an tArdrúnaí ar an eolas faoi iarrataí den sórt sin.

4.   Déanfar na dréachtghníomhartha go léir atá le glacadh trí nós imeachta i scríbhinn a chur ar fáil do Chomhaltaí an Choimisiúin, lena sonrófar dáta éaga an nós imeachta i scríbhinn.

5.   Le linn nós imeachta i scríbhinn, i gcomhréir le hAirteagail 24 go 28 agus le hAirteagal 41, féadfar an dréachtghníomh bunaidh, an teorainn ama nó aon ghné eile den nós imeachta a leasú. Féadfar an nós imeachta i scríbhinn a chur ar fionraí nó a thréigean freisin.

6.   Beidh an gníomh arna ghlacadh ar dhul in éag don teorainn ama, ar choinníoll go gcomhlíonann an dréachtghníomh na coinníollacha riachtanacha substainte agus foirme go léir.

7.   Áiritheoidh an tArdrúnaí go n-oibreoidh an nós imeachta i scríbhinn go rianúil agus suífidh sé go bhfuil sé curtha i gcrích.

Airteagal 18

Nós imeachta i scríbhinn a thionscnamh

1.   Beidh an tArdrúnaí freagrach as nósanna imeachta i scríbhinn a thionscnamh. Chuige sin, fíoróidh an tArdrúnaí gur comhlíonadh na coinníollacha substainte agus foirme is gá, lena n-áirítear comhaontú an Chomhalta fhreagraigh nó na gComhaltaí freagracha den Choimisiún, an Comhalta nó na Comhaltaí comhfhreagracha nó comhlachaithe a d’fhéadfadh a bheith ann agus, i gcás inar gá, comhaontú an Uachtaráin.

2.   Gan dochar do na forálacha in Airteagal 22, tá gá le tuairim dhearfach ón tSeirbhís Dlí sula dtionscnófar nós imeachta i scríbhinn, agus a barúlacha, más ann dóibh, a tugadh i ndáil lena misean mar a thuairiscítear in Airteagal 53(2) á gcur san áireamh, chomh maith le tuairim dhearfach ó na seirbhísí eile a ndeachthas i gcomhairle leo. Féadfaidh tuairimí na Seirbhíse Dlí agus na seirbhísí eile a ndeachthas i gcomhairle leo a bheith sainráite nó intuigthe.

Airteagal 19

Teorainneacha ama le haghaidh nós imeachta i scríbhinn

1.   Socróidh an tArdrúnaí na dátaí éaga le haghaidh nósanna imeachta i scríbhinn.

2.   Ní bheidh an teorainn ama le haghaidh gnáthnós imeachta i scríbhinn níos giorra ná cúig lá oibre ón dáta a cuireadh an dréachtghníomh ar fáil do Chomhaltaí an Choimisiúin.

3.   Féadfaidh an tArdrúnaí teorainn ama níos giorra a shocrú, áfach, mar a fhoráiltear in Airteagail 20, 21 agus 22.

4.   Féadfaidh an tArdrúnaí an dáta éaga tosaigh a chur siar le linn an nós imeachta:

(a)

arna iarraidh sin don Chomhalta den Choimisiún atá freagrach, nó

(b)

ar thionscnamh an Ardrúnaí, go háirithe mura gcomhlíonann an dréachtghníomh na coinníollacha riachtanacha substainte nó foirme go léir.

5.   Féadfaidh an tArdrúnaí an dáta éaga tosaigh a thabhairt ar aghaidh freisin le linn an nós imeachta, arna iarraidh sin don Chomhalta den Choimisiún atá freagrach nó ar thionscnamh an Ard-Rúnaí más gá sin de bharr imthosca speisialta. Más rud é go n-athraítear cineál an nós imeachta i scríbhinn tríd an dáta éaga a thabhairt ar aghaidh, beidh gá le comhaontú roimh ré ón Uachtarán.

6.   Cuirfidh an tArdrúnaí Comhaltaí an Choimisiúin ar an eolas faoi aon athrú ar an dáta éaga.

Airteagal 20

Nós imeachta brostaithe i scríbhinn

1.   Féadfaidh an Comhalta den Choimisiún atá freagrach as dréachtghníomh nós imeachta brostaithe i scríbhinn a iarraidh. Tabharfar údar cuí leis an iarraidh de bharr imthosca gan choinne agus/nó imthosca eisceachtúla. Níor cheart é a úsáid mar mhodh chun moill riaracháin a chúiteamh.

2.   Féadfaidh an tUachtarán a údarú don Ardrúnaí an teorainn ama íosta a shocrú ag trí lá oibre ón dáta a cuireadh an dréachtghníomh ar fáil do Chomhaltaí an Choimisiúin.

Airteagal 21

Nós imeachta brostaithe i scríbhinn

1.   Féadfaidh an Comhalta den Choimisiún atá freagrach as dréachtghníomh nós imeachta brostaithe i scríbhinn a iarraidh. Beidh údar iomchuí leis an iarraidh. Níor cheart é a úsáid mar mhodh chun moill riaracháin a chúiteamh.

2.   Féadfaidh an tUachtarán a údarú don Ardrúnaí an teorainn ama íosta a shocrú ag trí lá oibre ón dáta a cuireadh an dréachtghníomh ar fáil do Chomhaltaí an Choimisiúin chun go beifí in ann gníomh práinneach a ghlacadh.

3.   Úsáidtear an nós imeachta práinneach i scríbhinn go huathoibríoch chun an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le comhsheasamh ón gComhairle arna ghlacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach a ghlacadh.

Airteagal 22

Nós imeachta críochnaithe i scríbhinn

1.   Ar thogra ón Uachtarán, aon dréachtghníomh a chuirfear ar chlár oibre ghnáthchruinniú nó chruinniú urghnách an Choimisiúin lena ghlacadh trí nós imeachta ó bhéal, féadfar é a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn a thabhairt chun críche má thagtar ar chomhaontú ina leith ag cruinniú seachtainiúil na gCeann Comh-Aireachta agus má fhaightear tuairim dhearfach ina leith ón tSeirbhís Dlí, nó má thagtar ar chomhaontú ina leith ag cruinniú an Choimisiúin.

I gcás ina dtagtar ar chomhaontú maidir leis an dréachtghníomh ag cruinniú an Choimisiúin, féadfar tús a chur leis an nós imeachta i scríbhinn a thabhairt chun críche fiú in éagmais tuairim dhearfach ón tSeirbhís Dlí agus ó na seirbhísí eile a ndeachthas i gcomhairle leo.

2.   Féadfar an teorainn ama chun an nós imeachta i scríbhinn a thabhairt chun críche a shocrú ag níos lú ná cúig lá oibre. Ní mór an dáta éaga a bheith tar éis an chruinnithe den Choimisiún ar cuireadh an dréachtghníomh ar an gclár oibre ina leith ar dtús, agus roimh an gcéad chruinniú eile den Choimisiún.

3.   Cuirfear an dréachtghníomh ar liosta na nósanna imeachta i scríbhinn atá íogair ó thaobh na polaitíochta de agus/nó atá tábhachtach, mar a luaitear in Airteagal 28.

Airteagal 23

Nós imeachta i scríbhinn i réimse an chomhordaithe agus an fhaireachais ar bheartais eacnamaíocha agus bhuiséadacha na mBallstát, go háirithe sa limistéar euro

1.   Arna iarraidh sin don Chomhalta den Choimisiún atá freagrach as an dréachtghníomh, féadfaidh an tUachtarán a údarú go dtionscnófar nós imeachta i scríbhinn i réimse an chomhordaithe agus an fhaireachais ar bheartais eacnamaíocha agus bhuiséadacha na mBallstát, go háirithe sa limistéar euro.

2.   Gan dochar d’Airteagal 25, déanfaidh aon Chomhalta den Choimisiún ar mian leis an nós imeachta sin a chur ar fionraí iarraidh réasúnaithe a chur chuig an Uachtarán tar éis measúnú neamhchlaonta oibiachtúil a dhéanamh ar struchtúr, ar réasúnú nó ar thoradh an dréachtghnímh atá beartaithe.

3.   Más rud é, tar éis scrúdú a dhéanamh ar an iarraidh, go measann an tUachtarán nach bhfuil bunús maith leis na cúiseanna a tugadh, féadfaidh sé nó sí diúltú an fhionraí a cheadú agus féadfaidh sé nó sí a chinneadh go leanfar den nós imeachta i scríbhinn.

Sa chás sin, iarrfaidh an tArdrúnaí seasamh Chomhaltaí eile an Choimisiúin chun a áirithiú, de réir analaí, go n-urramófar an córam dá dtagraítear in Airteagal 250 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

4.   Ag deireadh na teorann ama atá leagtha síos, déanfaidh an Coimisiún an gníomh a ghlacadh, más gá é a fhadú faoin am is gá don Uachtarán an iarraidh ar fhionraí a scrúdú agus don Ardrúnaí seasamh na gcomhaltaí eile a bhailiú.

5.   Ina theannta sin, féadfaidh an tUachtarán an dréachtghníomh a chur san áireamh ar chlár oibre chruinnithe eile den Choimisiún d’fhonn í a ghlacadh.

Airteagal 24

Nós imeachta i scríbhinn a thionscnamh

1.   Féadfaidh an Comhalta den Choimisiún atá freagrach as an dréachtghníomh, ar a thionscnamh féin nó ar a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag Comhalta eile, an dréachtghníomh bunaidh a leasú. Féadfaidh Comhalta an Choimisiúin a iarraidh ar an Ard-Rúnaí freisin an teorainn ama a leasú i gcomhréir le hAirteagal 19(4) agus (5) nó aon ghné eile den nós imeachta atá ar siúl faoi láthair.

2.   Cuirfidh an tArdrúnaí Comhaltaí an Choimisiúin ar an eolas faoi na leasuithe agus, más infheidhme, cuirfidh sé dréachtghníomh leasaithe ar fáil agus, más gá, beidh teorainn ama nua ag gabháil leis.

Airteagal 25

Nós imeachta i scríbhinn a chur ar fionraí

1.   Gan dochar d’Airteagal 23, féadfaidh aon Chomhalta den Choimisiún iarraidh réasúnaithe a sheoladh chuig an Ardrúnaí chun nós imeachta leanúnach i scríbhinn a chur ar fionraí. Cuirfidh an tArdrúnaí an nós imeachta ar fionraí agus cuirfidh sé Comhaltaí an Choimisiúin ar an eolas faoi.

2.   Féadfaidh an tArdrúnaí an nós imeachta a chur ar fionraí ar a thionscnamh féin freisin má chinneann an tArdrúnaí nach gcomhlíonann an dréachtghníomh na coinníollacha riachtanacha substainte nó foirme go léir. Cuirfidh an tArdrúnaí an nós imeachta ar fionraí agus cuirfidh sé Comhaltaí an Choimisiúin ar an eolas faoi.

Airteagal 26

Nós imeachta i scríbhinn a athoscailt tar éis fionraí

1.   Déanfaidh an tArdrúnaí nós imeachta i scríbhinn a athoscailt más rud é:

(a)

seolann an Comhalta nó na Comhaltaí den Choimisiún a d’iarr an fhionraí iarraidh chuig an Ardrúnaí go gcuirfí deireadh leis an bhfionraí;

(b)

gur comhlíonadh coinníollacha na substainte agus na foirme.

2.   Cuirfidh an tArdrúnaí Comhaltaí an Choimisiúin ar an eolas agus, más infheidhme, cuirfidh sé dréachtghníomh leasaithe ar fáil dóibh. Socróidh an tArdrúnaí teorainn ama nua más gá.

Airteagal 27

Éirí as nós imeachta i scríbhinn

1.   Éireofar as nós imeachta i scríbhinn:

(a)

arna iarraidh sin don Chomhalta nó do Chomhaltaí den Choimisiún atá freagrach, nó

(b)

ar thionscnamh an Ard-Rúnaí nuair atá údar cuí leis de bharr choinníollacha na substainte nó na foirme;

(c)

nuair a ghlacfaidh an tUachtarán leis, arna iarraidh sin do Chomhalta den Choimisiún, go gcuirfear an dréachtghníomh ar an gclár oibre do chruinniú den Choimisiún d’fhonn é a ghlacadh trí nós imeachta ó bhéal, i gcomhréir le hAirteagal 17(3).

2.   Cuirfidh an tArdrúnaí in iúl do Chomhaltaí an Choimisiúin go bhfuil deireadh curtha leis an nós imeachta i scríbhinn ar bhonn mhír 1(a) nó 1(b).

Airteagal 28

Faisnéis faoi nósanna imeachta i scríbhinn

1.   Tarraingeofar aird an Choimisiúin, ag an gcruinniú is gaire dó, ar dhréachtghníomhartha atá íogair ó thaobh na polaitíochta de agus/nó atá tábhachtach agus atá á nglacadh trí nós imeachta i scríbhinn agus ar dhréachtghníomhartha atá le glacadh tríd an nós imeachta i scríbhinn a thabhairt chun críche.

2.   Agus moltaí an Uachtaráin agus na bhFeisirí atá freagrach á gcur san áireamh, cuirfidh an tArdrúnaí liosta de na dréachtghníomhartha sin ar fáil do chruinniú seachtainiúil na gCeann Comh-Aireachta.

3.   Féadfar an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta go dtí an cruinniú den Choimisiún ag a gcuirfear na dréachtghníomhartha i dtrácht ar a shúile don Choimisiún.

Roinn 3

Nós imeachta cumhachtaithe

Airteagal 29

Cumhachtú ginearálta a dheonú

1.   Féadfaidh an Coimisiún cumhachtú ginearálta a dheonú do cheann amháin nó níos mó dá Chomhaltaí chun gníomhartha bainistíochta nó riaracháin de chineál rialta agus athfhillteach a ghlacadh thar a cheann agus faoina fhreagracht.

2.   Beidh an Comhalta cumhachtaithe den Choimisiún cuntasach don Choimisiún chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha agus na rialacha maidir leis an gcumhachtú ginearálta a fheidhmiú.

3.   Cuirfidh an tUachtarán an dréachtchinneadh chun cumhachtú ginearálta a dheonú faoi bhráid an Choimisiúin. Gheofar comhaontú Chomhalta nó Chomhaltaí an Choimisiúin lena mbaineann roimh ré. Déanfar an cinneadh lena ndeonaítear an cumhachtú ginearálta a ghlacadh trí nós imeachta ó bhéal nó, i gcás inarb iomchuí, trí nós imeachta i scríbhinn a thabhairt chun críche.

4.   Coimeádann an Coimisiún an ceart na cumhachtaí a thug sé a fheidhmiú é féin. Féadfaidh sé treoracha a thabhairt freisin do Chomhalta/Chomhaltaí an Choimisiúin agus an cumhachtú ginearálta á fheidhmiú aige/acu.

5.   Beidh forálacha mhír 1 agus mhír 2 gan dochar do na rialacha maidir le tarmligean i ndáil le cúrsaí airgeadais, arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Rialachán Airgeadais) (15), agus do na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin agus don údarás a chumhachtaítear chun conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích (16).

Airteagal 30

Rialacha maidir le cumhachtú ginearálta a dheonú

1.   Sonrófar an méid seo a leanas i gcinneadh chun cumhachtú ginearálta a dheonú:

(a)

an Comhalta nó na Comhaltaí den Choimisiún dá ndeonaítear an cumhachtú ginearálta;

(b)

ábhar beacht agus raon feidhme an chumhachtaithe ghinearálta agus na coinníollacha lena fheidhmiú;

(c)

bonn cirt soiléir maidir leis an bhfáth ar féidir na bearta atá le déanamh ag Comhalta/Comhaltaí cumhachtaithe an Choimisiúin a mheas mar ghníomhartha bainistíochta nó riaracháin;

(d)

na rialacha maidir leis an gcumhachtú ginearálta a fheidhmiú, go háirithe maidir le comhairliúchán idirsheirbhíse.

2.   Cuirfidh an tUachtarán an dréachtchinneadh chun cumhachtú ginearálta a dheonú faoi bhráid an Ardrúnaí. Déanfaidh an tArdrúnaí an comhairliúchán idirsheirbhíse ansin agus déanfaidh sé na bearta iomchuí chun go nglacfaidh an Coimisiún an cinneadh.

Airteagal 31

Coinníollacha agus rialacha maidir le cumhachtú ginearálta a fheidhmiú

1.   Sula bhfeidhmeoidh sé cumhachtú ginearálta, ní mór don Chomhalta cumhachtaithe den Choimisiún a chinneadh, ar a thionscnamh féin nó ar bhonn anailíse ón tseirbhís atá freagrach, ar cheart, ar fhorais measúnaithe pholaitiúil nó imthosca eile, an gníomh a ghlacadh trí nós imeachta ó bhéal nó i scríbhinn. Má bhíonn aon amhras ann, rachaidh an Comhalta cumhachtaithe den Choimisiún i gcomhairle leis an Uachtarán.

2.   Beidh gá le tuairim dhearfach ón tSeirbhís Dlí sula dtionscnófar nós imeachta i scríbhinn, agus a barúlacha, más ann dóibh, a tugadh i ndáil lena misean mar a thuairiscítear in Airteagal 53(2) á gcur san áireamh, chomh maith le tuairim dhearfach ó na seirbhísí eile a ndeachthas i gcomhairle leo. Féadfaidh tuairimí na Seirbhíse Dlí agus na seirbhísí eile a ndeachthas i gcomhairle leo a bheith sainráite nó intuigthe.

3.   Sula bhfeidhmeofar an cumhachtú ginearálta, iarrfaidh an tseirbhís atá freagrach comhaontú Chomhalta/Chomhaltaí cumhachtaithe an Choimisiúin agus, más infheidhme, aon Chomhaltaí comhlachaithe den Choimisiún.

4.   Fíoróidh an Ardrúnaíocht gur comhlíonadh na coinníollacha substainte agus foirme is gá sula gcuirfear an dréachtghníomh faoi bhráid Chomhalta cumhachtaithe an Choimisiúin lena ghlacadh.

5.   Glacfaidh an Comhalta cumhachtaithe den Choimisiún an gníomh agus deimhneoidh sé gur comhlíonadh na coinníollacha agus na rialacha lena rialaítear na gníomhartha atá á nglacadh.

6.   Beidh an gníomh arna ghlacadh a luaithe a dhéanfar síniú – lámhscríofa nó leictreonach – Chomhalta cumhachtaithe an Choimisiúin, arna ghreamú chun críocha a ghlactha, a thaifeadadh sa chóras faisnéise arna sholáthar chun na críche sin.

7.   Má chuirtear cosc ar Chomhaltaí cumhachtaithe an Choimisiúin an cumhachtú ginearálta a tugadh dóibh a fheidhmiú, féadfaidh Comhalta eile den Choimisiún é a fheidhmiú.

Airteagal 32

Cumhachtú ginearálta a fho-tharmligean

1.   Féadfaidh an Comhalta den Choimisiún ar deonaíodh cumhachtú ginearálta dó a chumhachtaí tarmligthe uile nó cuid díobh a fho-tharmligean chuig Ard-Stiúrthóir nó Ceann Seirbhíse, mura rud é go bhfuil toirmeasc sainráite air sin sa chinneadh maidir le cumhachtú ginearálta. Féadfaidh Comhalta an Choimisiúin an fo-tharmligean a chúlghairm tráth ar bith. Tabharfaidh an tseirbhís atá freagrach fógra don Ardrúnaíocht faoin gcinneadh fo-tharmligean nó cúlghairm a dhéanamh.

2.   Gníomhaíonn an tArd-Stiúrthóir nó an Ceann Seirbhíse faoi údarás an Chomhalta den Choimisiún dár deonaíodh an cumhachtú. Beidh an Comhalta cumhachtaithe den Choimisiún cuntasach i gcónaí don Choimisiún chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha agus na rialacha maidir leis an gcumhachtú ginearálta a fheidhmiú.

3.   Saineofar leis an gcinneadh chun ábhar agus raon feidhme na gcumhachtaí fo-tharmligthe a fho-tharmligean, nach rachaidh in aon chás thar an méid a shonraítear sa chinneadh ginearálta maidir le cumhachtú.

4.   Ní féidir cumhachtaí fo-tharmligthe a tharmligean a thuilleadh, ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 33.

5.   Glacfaidh an tArd-Stiúrthóir nó an Ceann Seirbhíse an dréachtghníomh agus deimhneoidh sé gur comhlíonadh na coinníollacha agus na rialacha lena rialaítear na gníomhartha atá á nglacadh.

6.   Beidh an gníomh arna ghlacadh a luaithe a dhéanfar síniú – lámhscríofa nó leictreonach – an tArd-Stiúrthóir nó an Ceann Seirbhíse, arna ghreamú chun críocha a ghlactha, a thaifeadadh sa chóras faisnéise arna sholáthar chun na críche sin.

Airteagal 33

Fotharmligean i gcás cinntí aonair lena ndéantar deontais agus conarthaí a dhámhachtain

1.   Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir nó an Ceann Seirbhíse dár deonaíodh cumhachtaí trí fho-tharmligean faoi Airteagal 32 cinneadh áirithe maidir le tionscadail a roghnú agus cinntí aonair áirithe lena ndéantar deontais agus conarthaí soláthair phoiblí a dhámhachtain a fho-tharmligean chuig Leas-Ard-Stiúrthóir, Stiúrthóir nó, i gcomhaontú leis an gComhalta den Choimisiún atá freagrach, Ceann Aonaid.

2.   Gníomhaíonn an Leas-Ardstiúrthóir, an Stiúrthóir nó an Ceann Aonaid faoi údarás an Ard-Stiúrthóra nó an Chinn Seirbhíse a fuair na cumhachtaí fo-tharmligthe. Beidh an Comhalta cumhachtaithe den Choimisiún cuntasach i gcónaí don Choimisiún chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha agus na rialacha maidir leis an gcumhachtú ginearálta a fheidhmiú.

3.   Beidh feidhm ag fo-tharmligean maidir le cinntí áirithe a ghlacadh lena roghnaítear tionscadail agus maidir le cinntí aonair lena ndámhtar deontais agus conarthaí soláthair phoiblí i gcás ina bhforáiltear leis an mbunghníomh nach mór don Choimisiún cinneadh a ghlacadh as a stuaim féin nó tar éis dó dul i gcomhairle le coiste (17) agus go bhfuil tuairim fhabhrach tugtha ag an gcoiste. Ní bheidh na cinntí sin faoi réir comhairliúchán idirsheirbhíse.

4.   An Leas-Ardstiúrthóir, an Stiúrthóir nó an Ceann Aonaid dár deonaíodh cumhachtaí trí fho-tharmligean glacfaidh sé an dréachtghníomh agus deimhneoidh sé gur comhlíonadh na coinníollacha agus na rialacha lena rialaítear na gníomhartha atá á nglacadh.

5.   Beidh an gníomh arna ghlacadh a luaithe a dhéanfar síniú – lámhscríofa nó leictreonach – an duine a ghlac na cumhachtaithe fo-tharmligthe, arna ghreamú chun críocha a ghlactha, a thaifeadadh sa chóras faisnéise arna sholáthar chun na críche sin.

Airteagal 34

Clár na gcumhachtuithe ginearálta

Coimeádfaidh an Ardrúnaíocht clár de na cumhachtuithe ginearálta nach mór a bheith inrochtana ar inlíon an Choimisiúin. Nuair a dhéanfar cumhachtú ginearálta a fho-tharmligean, déanfar é a thaifeadadh sa chlár.

Airteagal 35

Cumhachtú ad hoc

1.   Féadfaidh an Coimisiún cumhachtú ad hoc a dheonú, ar cumhachtú é a bheidh teoranta ó thaobh ama de, do chomhalta amháin nó níos mó dá chuid chun bearta sonracha aonuaire áirithe a ghlacadh, i gcomhaontú leis an Uachtarán, agus is é an Coimisiún a chinnfidh substaint na mbeart sin.

2.   Féadfar cumhachtuithe ad hoc a dheonú chun torthaí phléití an Choimisiúin a chur ar bhonn foirmiúil ag a chruinnithe, go háirithe trí ghníomh a thabhairt chun críche agus a ghlacadh, ar gníomh é a formheasadh i bprionsabal roimhe sin ag cruinniú den Choimisiún a luaithe a bheidh na leaganacha teanga uile is gá ar fáil, dá bhforáiltear in Airteagal 8(4), pointe (b).

3.   Tabharfar údar cuí le haon iarraidh ó Chomhalta den Choimisiún ar chumhachtú ad hoc agus cuirfear ar chlár oibre chruinniú an Choimisiúin í.

4.   Feidhmeofar cumhachtuithe ad hoc mutatis mutandis i gcomhréir leis na nósanna imeachta a thuairiscítear in Airteagal 31(2) go (6) agus i gcomhaontú i gcónaí leis an Uachtarán agus i ndlúthchomhar leis an Ardrúnaíocht.

5.   Ní fhéadfar cumhachtuithe ad hoc a fho-tharmligean.

Roinn 4

Nós imeachta tarmligin

Airteagal 36

Tarmligean díreach cumhachtaí a dheonú

1.   Féadfaidh an Coimisiún cumhachtú ginearálta a dheonú do cheann amháin nó níos mó dá Ardstiúrthóir nó dá Cheann Seirbhíse chun gníomhartha bainistíochta nó riaracháin de chineál rialta agus athfhillteach a ghlacadh thar a cheann agus faoina fhreagracht.

2.   Beidh an tArd-Stiúrthóir nó an Ceann Seirbhíse dár deonaíodh cumhachtaí tarmligthe cuntasach don Choimisiún as a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha agus na rialacha maidir le cumhachtaí a tharmligean go díreach.

3.   Cuirfidh an tUachtarán an dréachtchinneadh chun cumhachtú ginearálta a dheonú faoi bhráid an Choimisiúin. Gheofar comhaontú Chomhalta nó Chomhaltaí an Choimisiúin lena mbaineann roimh ré. Déanfar an cinneadh lena ndeonaítear an tarmligean díreach a ghlacadh trí nós imeachta ó bhéal nó, i gcás inarb iomchuí, trí nós imeachta i scríbhinn a thabhairt chun críche.

4.   Coimeádann an Coimisiún an ceart na cumhachtaí a thug sé a fheidhmiú é féin. Féadfaidh sé treoracha a thabhairt freisin don Ard-Stiúrthóir nó don Cheann Seirbhíse a fheidhmíonn an tarmligean díreach.

5.   Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 39, ní fhéadfar cumhachtaí a tarmligeadh go díreach chuig Ard-Stiúrthóir nó Ceann Seirbhíse a fho-tharmligean a thuilleadh.

6.   Beidh forálacha mhír 1 agus mhír 2 gan dochar do na rialacha maidir le tarmligean i ndáil le cúrsaí airgeadais, arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Rialachán Airgeadais), agus do na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin agus don údarás a chumhachtaítear chun conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích.

Airteagal 37

Rialacha maidir le tarmligean díreach a dheonú

1.   Sonrófar an méid seo a leanas i gcinneadh chun tarmligean díreach a dheonú:

(a)

an tArd-Stiúrthóir nó an Ceann Seirbhíse a dtarmligtear na cumhachtaí chuige go díreach;

(b)

ábhar beacht agus raon feidhme an tarmligean díreach agus na coinníollacha lena fheidhmiú;

(c)

bonn cirt soiléir maidir leis an bhfáth ar féidir na bearta atá le déanamh ag Ard-Stiúrthóir nó an Ceann Seirbhíse a dtarmligtear na cumhachtaí chuige a mheas mar ghníomhartha bainistíochta nó riaracháin;

(d)

na rialacha maidir leis an tarmligean díreach a fheidhmiú, go háirithe maidir le comhairliúchán idirsheirbhíse.

2.   Seolfaidh an tseirbhís iarrthach an réamh-dhréachtchinneadh lena ndeonaítear an tarmligean díreach chuig an Ardrúnaí. Déanfaidh an tArdrúnaí an comhairliúchán idirsheirbhíse ansin agus déanfaidh sé na bearta iomchuí chun go nglacfaidh an Coimisiún an cinneadh.

Airteagal 38

Coinníollacha agus rialacha maidir le tarmligean díreach a fheidhmiú

1.   Sula bhfeidhmeoidh sé tarmligean díreach, ní mór don Ard-Stiúrthóir nó don Cheann Seirbhíse a ndéantar na cumhachtaí a tharmligean chuige a chinneadh ar cheart, ar fhorais measúnaithe pholaitiúil nó imthosca eile, an gníomh a ghlacadh trí nós imeachta ó bhéal nó i scríbhinn. Má bhíonn aon amhras ann, rachaidh an tArd-Stiúrthóir nó an Ceann Seirbhíse i gcomhairle leis an gComhalta den Choimisiún ar sannadh an réimse gníomhaíochta dó.

2.   Beidh gá le tuairim dhearfach ón tSeirbhís Dlí, agus a barúlacha, más ann dóibh, a tugadh de bhua a cuid dualgas mar a thuairiscítear in Airteagal 53(2) iad á gcur san áireamh, chomh maith le tuairim dhearfach ó na seirbhísí eile a ndeachthas i gcomhairle leo, sula nglacfar gníomhartha trí tharmligean díreach. Féadfaidh tuairimí na Seirbhíse Dlí agus na seirbhísí eile a ndeachthas i gcomhairle leo a bheith sainráite nó intuigthe.

3.   Glacfaidh an tArd-Stiúrthóir nó an Ceann Seirbhíse a ndéantar na cumhachtaí a tharmligean chuige an dréachtghníomh agus deimhneoidh sé gur comhlíonadh na coinníollacha agus na rialacha lena rialaítear na gníomhartha atá á nglacadh.

4.   Beidh an gníomh arna ghlacadh a luaithe a dhéanfar síniú – lámhscríofa nó leictreonach – an tArd-Stiúrthóir nó an Ceann Seirbhíse, arna ghreamú chun críocha a ghlactha, a thaifeadadh sa chóras faisnéise arna sholáthar chun na críche sin.

5.   I gcás ina gcuirfear cosc ar an Ard-Stiúrthóir nó ar an gCeann Seirbhíse dár deonaíodh tarmligean díreach é a fheidhmiú, féadfaidh an t-oifigeach atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 52 é a fheidhmiú.

Airteagal 39

Fotharmligean i gcás cinntí aonair lena ndéantar deontais agus conarthaí a dhámhachtain

1.   Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir nó an Ceann Seirbhíse dár deonaíodh cumhachtaí tarmligthe faoi Airteagal 36 cinneadh a dhéanamh ar a sheal cinntí áirithe lena roghnaítear tionscadail agus cinntí aonair áirithe lena ndéantar deontais agus conarthaí soláthair phoiblí a dhámhachtain a fho-tharmligean chuig Leas-Ard-Stiúrthóir, Stiúrthóir nó, i gcomhaontú leis an gComhalta den Choimisiún atá freagrach, Ceann Aonaid.

2.   Gníomhaíonn an Leas-Ardstiúrthóir, an Stiúrthóir nó an Ceann Aonaid faoi údarás an Ard-Stiúrthóra nó an Chinn Seirbhíse a fuair na cumhachtaí fo-tharmligthe. Beidh an tArd-Stiúrthóir nó an Ceann Seirbhíse cuntasach i gcónaí don Choimisiún as a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha agus na rialacha maidir le cumhachtaí a tharmligean go díreach.

3.   Beidh feidhm ag fo-tharmligean maidir le cinntí áirithe a ghlacadh lena roghnaítear tionscadail agus maidir le cinntí aonair lena ndámhtar deontais agus conarthaí soláthair phoiblí i gcás ina bhforáiltear leis an mbunghníomh nach mór don Choimisiún cinneadh a ghlacadh as a stuaim féin nó tar éis dó dul i gcomhairle le coiste (18) agus go bhfuil tuairim fhabhrach tugtha ag an gcoiste. Ní bheidh na cinntí sin faoi réir comhairliúchán idirsheirbhíse.

4.   An Leas-Ardstiúrthóir, an Stiúrthóir nó an Ceann Aonaid dár deonaíodh cumhachtaí trí fho-tharmligean glacfaidh sé an dréachtghníomh agus deimhneoidh sé gur comhlíonadh na coinníollacha agus na rialacha lena rialaítear na gníomhartha atá á nglacadh.

5.   Beidh an gníomh arna ghlacadh a luaithe a dhéanfar síniú – lámhscríofa nó leictreonach – a Leas-Ardstiúrthóir, an Stiúrthóir nó an Ceann Aonaid, arna ghreamú chun críocha a ghlactha, a thaifeadadh sa chóras faisnéise arna sholáthar chun na críche sin.

Airteagal 40

Clár na dtoscaireachtaí díreacha

Coimeádfaidh an Ardrúnaíocht clár de na toscaireachtaí díreacha nach mór a bheith inrochtana ar inlíon an Choimisiúin.

Roinn 5

Forálacha a bhaineann leis na nósanna imeachta cinnteoireachta uile

Airteagal 41

Rialacha teanga do na nósanna imeachta cinnteoireachta

1.   Na dréachtghníomhartha uile atá le glacadh trí nós imeachta ó bhéal, trí nós imeachta i scríbhinn, trí chumhachtú ginearálta nó ad hoc a fheidhmiú, nó trí tharmligean díreach a fheidhmiú, ní mór iad a bheith ar fáil, de réir mar is iomchuí, sna háiteanna seo a leanas:

(a)

an teanga/na teangacha a shonraíonn an tUachtarán, agus riachtanais íosta Chomhaltaí an Choimisiúin á gcur san áireamh;

(b)

an teanga nó na teangacha is gá chun an gníomh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó chun fógra ina leith a thabhairt don seolaí nó do na seolaithe ionas go bhféadfaidh sé teacht i bhfeidhm nó éifeacht a bheith leis.

2.   Déanfar na dréachtghníomhartha go léir a bheidh le plé ag cruinniú den Choimisiún a chur ar fáil do Chomhaltaí an Choimisiúin sna teangacha a cheanglaítear faoi mhír 1.

3.   Déanfar na dréachtghníomhartha uile atá le glacadh trí nós imeachta i scríbhinn a chur ar fáil do Chomhaltaí an Choimisiúin, nuair a thionscnófar an nós imeachta, sa teanga nó sna teangacha is gá faoi mhír 1(a), agus, sula rachaidh an nós imeachta in éag, sa teanga nó sna teangacha is gá faoi mhír 1(b). Mura gcomhlíontar an coinníoll atá leagtha amach i mír 1(b), déanfaidh an tArdrúnaí an teorainn ama a fhadú nó an nós imeachta i scríbhinn a chur ar fionraí.

4.   I gcás ina ndéanfaidh an tSeirbhís Dlí athbhreithniú dlítheangeolaíoch ar dhréachtghníomh, beidh na leaganacha teanga riachtanacha go léir ar fáil in am trátha.

5.   I gcás dréachtghníomhartha atá le glacadh trí nós imeachta ó bhéal nó trí nós imeachta i scríbhinn, déanfaidh an tUachtarán measúnú ar aon staid shonrach agus/nó eisceachtúil nach féidir na leaganacha teanga a cheanglaítear faoi mhír 1(a) a chur ar fáil ar chúiseanna cuí-réasúnaithe. I gcás dréachtghníomhartha atá le glacadh trí nós imeachta ó bhéal, go háirithe, ag brath ar na himthosca, féadfaidh an tUachtarán a chinneadh an mhír lena mbaineann a thabhairt ar aghaidh chuig clár oibre cruinnithe níos déanaí.

6.   I gcás dréachtghníomhartha atá le glacadh trí chumhachtú ginearálta nó ad hoc a fheidhmiú nó trí tharmligean díreach a fheidhmiú, ní féidir an gníomh a ghlacadh go dtí go mbeidh an leagan/na leaganacha teanga dá dtagraítear i mír 1(b) ar fáil.

7.   I gcás ina bhfuil gníomh arna ghlacadh le tarchur go hoifigiúil chuig institiúidí eile an Aontais agus/nó le foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ní mór an téacs a bheith ar fáil sna teangacha oifigiúla uile.

Airteagal 42

Faisnéis a bhaineann le gníomhartha a glacadh

Tabharfaidh an Coimisiún dá aire na gníomhartha arna nglacadh trí nós imeachta i scríbhinn, tríd an nós imeachta cumhachtaithe agus tríd an nós imeachta tarmligin, a thaifeadfar i nótaí lae. Déanfar tagairt do na nótaí lae i miontuairiscí an chéad chruinnithe eile den Choimisiún.

Déanfar nóta achomair a tharraingt suas ag gach cruinniú den Choimisiún. Liostófar ann gníomhartha arna nglacadh go huathrialach ag an gCoimisiún trí nós imeachta ó bhéal. Tagróidh sé freisin do nótaí lae na ngníomhartha arna nglacadh trí nós imeachta i scríbhinn.

Airteagal 43

Fíordheimhniú na ngníomhartha a glacadh

1.   Gníomhartha neamhreachtacha a ghlacfaidh an Coimisiún go huathrialach, déanfar iad a fhíordheimhniú an tráth a ghlacfar iad nó ina dhiaidh sin agus, más gá, sula dtabharfar fógra dá seolaí nó dá seolaithe nó sula bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad.

2.   Déanfar na gníomhartha dá dtagraítear i mír 1 a fhíordheimhniú mar a leanas:

(a)

dóibh siúd a ghlactar tríd an nós imeachta ó bhéal:

(i)

le síniú lámhscríofa nó leictreonach an Ardrúnaí ar an nóta achomair a tarraingíodh suas le linn an chruinnithe den Choimisiún ag ar glacadh iad agus ina liostaítear na gníomhartha sin.

(ii)

nuair a bhaineann an tUachtarán úsáid as córais teileachumarsáide faoi na coinníollacha a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 12(2), agus nuair nach féidir an nóta achomair a shíniú mar gheall ar imthosca, féadfaidh comhaontú sainráite i scríbhinn ón Ardrúnaí ionad a shínithe a ghlacadh ar bhonn eisceachtúil agus déanfar é a chur i gceangal leis an nóta sin ina dhiaidh sin;

(b)

dóibh siúd arna nglacadh tríd an nós imeachta i scríbhinn, le síniú lámhscríofa nó leictreonach an Ardrúnaí ar an nóta lae dá dtagraítear in Airteagal 42 ina dtaifeadtar iad;

(c)

dóibh siúd a ghlactar trí nós imeachta cumhachtaithe, le síniú lámhscríofa nó leictreonach Chomhalta cumhachtaithe an Choimisiúin ar an leathán glactha agus an taifead air; déanfar na gníomhartha sin a thaifeadadh sa nóta lae comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 42;

(d)

dóibh siúd a ghlactar trí nós imeachta tarmligin (lena n-áirítear trí fho-tharmligean), trí shíniú lámhscríofa nó leictreonach an Ard-Stiúrthóra, an Leas-Ard-Stiúrthóra, an Stiúrthóra nó an Chinn Aonaid ar tarmligeadh cumhachtaí chuige nó ar fo-tharmligeadh cumhachtaí chuige ar an mbileog uchtála agus ar thaifead na gcumhachtaí sin; déanfar na gníomhartha sin a thaifeadadh sa nóta lae comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 42.

3.   Déanfar na gníomhartha dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear i bhformáid leictreonach i gcás inarb infheidhme, sa teanga bharántúil nó sna teangacha barántúla, a chur i gceangal leis na nótaí achoimre nó leis na nótaí lae dá dtagraítear thuas ar bhealach nach féidir iad a scaradh uathu.

Airteagal 44

Síniú na ngníomhartha a glacadh

1.   Gníomhartha neamhreachtacha a ghlacfaidh an Coimisiún trí nós imeachta ó bhéal agus trí nós imeachta i scríbhinn i bhfoirm rialachán, treoracha nó cinntí, nuair nach sonrófar iontu cé chuige a bhfuil siad dírithe, measfar iad a bheith sínithe ag Uachtarán an Choimisiúin de réir bhrí Airteagal 297(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nuair a ghreamóidh sé a shíniú den nóta achomair dá dtagraítear in Airteagal 42.

2.   I gcás ina mbaineann an tUachtarán úsáid as Airteagal 7(3) agus i gcás ina gcuireann na himthosca cosc ar shíniú an nóta achomair, féadfaidh a dtoiliú sainráite i scríbhinn ionad a sínithe a ghlacadh ar bhonn eisceachtúil agus déanfar é a chur i gceangal leis an nóta sin.

3.   Maidir le gníomhartha neamhreachtacha arna nglacadh ag an gCoimisiún trí nós imeachta ó bhéal nó trí nós imeachta i scríbhinn i bhfoirm cinntí, nuair a shonraíonn na cinntí sin cé chuige a bhfuil siad dírithe, measfar iad a bheith sínithe ag an gComhalta den Choimisiún ar sannadh an réimse gníomhaíochta dó nuair a ghreamaíonn an tArdrúnaí an síniú dá dtagraítear in Airteagal 43(2)(a) agus (b) faoi seach.

4.   Gníomhartha dá dtagraítear i mír 1 agus arna nglacadh tríd an nós imeachta i scríbhinn, ar gá iad a fhoilsiú chun go dtiocfaidh siad i bhfeidhm chomh práinneach sin nach féidir fanacht go síneofar an nóta achomair ag an gcéad chruinniú eile den Choimisiún, measfar iad a bheith sínithe ag an Uachtarán de réir bhrí Airteagal 297(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nuair a ghreamóidh an tArdrúnaí an síniú dá dtagraítear in Airteagal 43(2), pointe (b).

5.   Déanfar síniú na ngníomhartha arna nglacadh tríd an nós imeachta cumhachtaithe, tríd an nós imeachta tarmligin nó trí fho-tharmligean i gceann de na foirmeacha a leagtar síos in Airteagal 297(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean, de réir mar a bheidh, chuig Comhalta an Choimisiúin a dtugtar an chumhacht sin dó nó chuig an Ard-Stiúrthóir, chuig an Leas-Ard-Stiúrthóir, chuig an Stiúrthóir nó chuig an gCeann Aonaid ar tarmligeadh cumhachtaí chuige nó ar fo-tharmligeadh cumhachtaí chuige. Greamófar an síniú sin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 43(2), pointí (c) agus (d).

Caibidil IV

Seirbhísí an Choimisiúin agus Comhar Idirsheirbhíse

Roinn 1

Seirbhísí

Airteagal 45

Struchtúr agus ról na seirbhísí

1.   Bunóidh an Coimisiún struchtúr eagrúcháin a bheidh comhdhéanta de roinnt Ard-Stiúrthóireachtaí agus seirbhísí eile de chuid an Choimisiúin, chomh maith le hoifigí a bhfuil sainordú acu cúraimí riaracháin agus tacaíochta a dhéanamh (seirbhísí coibhéiseacha). Is aon seirbhís riaracháin amháin iad le chéile agus tá comhfhreagracht orthu as comhleanúnachas na mbeartas uile. I bprionsabal, roinnfear Ard-Stiúrthóireachtaí, seirbhísí eile agus seirbhísí coibhéiseacha ina stiúrthóireachtaí agus ina stiúrthóireachtaí ina n-aonaid.

2.   Is é an misean a bheidh ag na seirbhísí uile cuidiú leis an gCoimisiún a chúraimí a ullmhú agus a chomhlíonadh agus a thosaíochtaí a bhaint amach.

Airteagal 46

Eitic agus dea-iompraíocht riaracháin

Comhlíonfaidh foireann an Choimisiúin na rialacha gairmiúla agus eiticiúla is airde. Gníomhóidh siad i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne (19) agus sa Chód um Dhea-Iompar Riaracháin.

Airteagal 47

Feidhmeanna agus struchtúir shonracha a chruthú

1.   Chun cúraimí ar leith a chur i gcrích agus chun freastal ar riachtanais shonracha nach féidir le seirbhís arna bunú ag an gCoimisiún a láimhseáil ar an mbealach is fearr is féidir, féadfaidh an tUachtarán feidhmeanna nó struchtúir shonracha a chur ar bun, amhail tascfhórsaí a chomhthiomsaíonn saineolas ó sheirbhísí éagsúla.

2.   Cinnfidh an tUachtarán a sainordú, a gcomhdhéanamh, a bhfad, an Comhalta den Choimisiún atá freagrach, an leibhéal ar a mbunaítear feidhm cheann an struchtúir lena mbaineann agus ceangal riaracháin na feidhme nó an struchtúir shonraigh.

Féadfar téarmaí cur chun feidhme a leagan síos le cinneadh ón gCoimisiún, go háirithe maidir le hacmhainní agus feidhmiú na feidhme sonraí nó an struchtúir shonraigh lena mbaineann.

Airteagal 48

Leanúnachas gnó agus dualgas fuireachais

1.   Áiritheoidh Comhaltaí an Choimisiúin agus seirbhisí an Choimisiúin go ndéanann siad gach beart iomchuí chun leanúnachas seirbhíse a áirithiú, i gcomhréir leis na forálacha a ghlacann an Coimisiún nó an tUachtarán chun na críche sin.

2.   I gcás cur isteach ginearálta a dhéanann difear do sheirbhísí an Choimisiúin, féadfaidh an tUachtarán plean leanúnachais gnó an Choimisiúin a ghníomhachtú.

3.   I gcás cur isteach atá teoranta do sheirbhísí áirithe, féadfaidh na hArd-Stiúrthóirí nó na Cinn Seirbhíse lena mbaineann na pleananna leanúnachais gnó arna mbunú chun na críche sin a ghníomhachtú.

4.   Áiritheoidh Comhaltaí an Choimisiúin go mbeidh siad buan ag tráthanna áirithe den bhliain ionas go gcomhlíonfar feidhmeanna bunriachtanacha an Choimisiúin amhail comhordú inmheánach, cinnteoireacht, ionadaíocht agus cumarsáid.

5.   Ar an gcaoi chéanna, tacóidh foireann an Choimisiúin le socruithe maidir le fuireachas corparáideach i rith na bliana chun leanúnachas seirbhíse a áirithiú agus chun cúnamh gan bhriseadh a chur ar fáil don Choimisiún agus a chúraimí á n-ullmhú agus á gcomhlíonadh aige.

Airteagal 49

Bainistiú géarchéime

Ar bhonn cinneadh sonrach maidir le córas an Choimisiúin chun géarchéimeanna trasteorann (20) a bhainistiú, déanfaidh na seirbhísí faisnéis a chomhordú agus a mhalartú go tapa i gcás géarchéime nó teagmhais eisceachtúil nó neamh-intuartha a dhéanann difear do roinnt réimsí beartais, a bhfuil tionchar trasteorann acu nó a dhéanann difear d’fheidhmiú institiúidí an Aontais.

Airteagal 50

An tArdrúnaí

1.   Tabharfaidh an tArd-Rúnaí cúnamh don Uachtarán ionas go mbainfidh an Coimisiún na tosaíochtaí atá socraithe aige amach, i gcomhthéacs na dtreoirlínte polaitiúla a leagan an tUachtarán síos. Áiritheoidh an tArdrúnaí go bhfuil na dréachtghníomhartha comhsheasmhach leis na tosaíochtaí sin. Cuirfidh an tArdrúnaí an tUachtarán ar an eolas go tráthúil faoi aon dréachtghníomhartha ar gá aird ar leith an Uachtaráin a thabhairt orthu mar gheall ar a dtábhacht nó ar a n-inneachar.

2.   Tabharfaidh an tArd-Rúnaí cúnamh don Uachtarán chun na himeachtaí a ullmhú agus cruinnithe an Choimisiúin a stiúradh. Cabhróidh an tArdrúnaí freisin leis na Comhaltaí den Choimisiún a stiúrann obair na ngrúpaí Comhaltaí, dá dtagraítear in Airteagal 3(6), a gcruinnithe a ullmhú agus a sheoladh. Soláthróidh an tArdrúnaí rúnaíocht na ngrúpaí sin.

3.   Rannchuideoidh an tArdrúnaí le comhleanúnachas foriomlán beartais a áirithiú. Chuige sin, déanfaidh an tArdrúnaí cúraimí pleanála agus comhordúcháin roimh chinntí ón gCoimisiún agus ina ndiaidh, go háirithe trí chruinnithe idirsheirbhíse agus cruinnithe idir an comh-aireacht agus na seirbhísí lena mbaineann.

4.   Áiritheoidh an tArdrúnaí dea-fheidhmiú an phróisis cinnteoireachta. Go háirithe, déanfaidh an tArdrúnaí na bearta is gá chun a áirithiú go dtabharfar fógra faoi ghníomhartha an Choimisiúin dóibh siúd lena mbaineann agus/nó go bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad. Áiritheoidh an tArdrúnaí freisin go dtarchuirfear gníomhartha chuig institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh, agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

5.   Áiritheoidh an tArdrúnaí go bhfeidhmeoidh na hionstraimí comhordaithe laistigh den Choimisiún i gceart, agus tabharfaidh sé nó sí barúil, i gcás inar gá, ar aon ábhar a bhaineann le comhordú idirsheirbhíse.

6.   Faoi údarás an Uachtaráin, féadfaidh an tArdrúnaí bearta idirghabhála nó eadrána a dhéanamh i gcás easaontais idir seirbhísí.

7.   Cuideoidh an tArdrúnaí lena áirithiú go gcomhlíonfaidh an Coimisiún na forálacha maidir le rialáil níos fearr, ag brath go háirithe ar obair an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála.

8.   Cuideoidh an tArdrúnaí lena áirithiú go n-oibreoidh an Coimisiún go coláisteach. Áiritheoidh an tArdrúnaí go gcomhlíonfar na nósanna imeachta agus déanfaidh sé faireachán ar cháilíocht na ndréachtghníomhartha a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin.

9.   Cuideoidh an tArdrúnaí freisin lena áirithiú go gcomhlíonfaidh na dréachtghníomhartha oibleagáidí seachtracha agus gealltanais idirinstitiúideacha an Choimisiúin.

10.   Faoi údarás an Uachtaráin, áiritheoidh an tArdrúnaí go gcomhlíonann nótaí faisnéise na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 9(4)(b) sula gcuirfear ar fáil don Choimisiún iad, gan beann ar cé acu a cuireadh nó nár cuireadh ar an gclár oibre iad.

11.   Déanfaidh an tArdrúnaí comhleanúnachas foriomlán an chaidrimh oifigiúil le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais Eorpaigh, agus leis na parlaimintí náisiúnta, a chomhordú agus a áirithiú.

12.   Cuirfidh an tArdrúnaí an Coimisiún ar an eolas faoi staid na himeartha i nósanna imeachta inmheánacha agus idirinstitiúideacha.

Airteagal 51

Ard-Stiúrthóirí agus Cinn Seirbhíse

1.   Cabhróidh na hArd-Stiúrthóirí agus na Cinn Seirbhíse le hUachtarán agus le Comhaltaí eile an Choimisiúin ar faoina n-údarás atá siad in ann na tosaíochtaí arna leagan síos ag an gCoimisiún a bhaint amach, na beartais a cuireadh de chúram orthu a fhorbairt agus na beartais sin a chur chun feidhme go héifeachtach.

2.   Tabharfaidh na hArd-Stiúrthóirí agus na Cinn Seirbhíse comhairle do Chomhaltaí an Choimisiúin maidir leis na hábhair a bhfuil siad freagrach astu agus cuirfear de chúram orthu obair na seirbhísí atá faoina n-údarás a bhainistiú agus a eagrú ar bhealach fónta, i gcomhréir leis na rialacha agus na caighdeáin a bheidh leagtha síos ag an gCoimisiún d'fhonn a áirithiú inter alia gur féidir leis a oibleagáidí dlíthiúla agus airgeadais a chomhlíonadh.

3.   Déanfaidh na hArd-Stiúrthóirí agus na Cinn Seirbhíse struchtúir eagrúcháin a gcuid seirbhísí a mhúnlú ar bhonn na gcairteacha eagrúcháin arna nglacadh ag an gCoimisiún. Beidh siad freagrach as acmhainní daonna agus airgeadais a leithdháileadh laistigh dá seirbhísí.

4.   Beidh na hArd-Stiúrthóirí agus na Cinn Seirbhíse freagrach as an gcuid de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a leithdháiltear orthu i gcomhréir leis na rialacha airgeadais atá i bhfeidhm a chur chun feidhme.

5.   Déanfaidh na hArd-Stiúrthóirí agus na Cinn Seirbhíse pleananna bliantúla bainistíochta a tharraingt suas ina leagfar amach na torthaí atá le baint amach gach bliain agus ina sainaithneofar na modhanna ina ndéanfar sin chun rannchuidiú leis na cuspóirí a leagtar síos sa phlean straitéiseach ilbhliantúil a bhaint amach, i gcomhréir le tosaíochtaí an Choimisiúin.

Cuirfidh na hArd-Stiúrthóirí agus na Cinn Seirbhíse tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí ar fáil freisin ina ndéanfar cur síos ar an dul chun cinn a dhéantar gach bliain maidir leis na cuspóirí straitéiseacha a bhaint amach, agus ina ndeimhneofar dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart airgeadais a rinneadh faoina bhfreagracht.

Sainaithneoidh agus measúnóidh na hArdstiúrthóirí agus na Cinn Seirbhíse na rioscaí a bhaineann lena gcuspóirí a bhaint amach. Más gá, cuirfidh siad bearta iomchuí i bhfeidhm chun na rioscaí sin a theorannú.

6.   Déanfaidh na hArd-Stiúrthóirí agus na Cinn Seirbhíse freisin aon chúram eile tacaíochta, bainistíochta nó riaracháin nach dtagann faoi fhreagracht an Choláiste chun na seirbhísí a bhainistiú nó a riar ar bhonn laethúil d’fhonn cabhrú leis an gCoimisiún a mhisean a ullmhú agus a chur i gcrích agus a thosaíochtaí a chur chun feidhme.

Airteagal 52

Ionadaíocht a dhéanamh d’oifigigh uachtaracha

1.   I gcás ina gcuirtear cosc ar shealbhóir poist a fheidhmeanna a fheidhmiú, nó i gcás ina bhfuil an post folamh:

(a)

is é an t-oifigeach a bheidh ainmnithe ag an gCoimisiún a fheidhmeoidh feidhmeanna an Ard-Rúnaí, an Ard-Stiúrthóra nó an Chinn Seirbhíse;

(b)

is é an t-oifigeach a bheidh ainmnithe ag an Ard-Stiúrthóir nó ag an gCeann Seirbhíse a fheidhmeoidh feidhmeanna aon oifigigh uachtaraigh ordlathaigh eile.

2.   Murar ainmníodh aon ionadaí, feidhmeofar na feidhmeanna sin:

(a)

i gcás inar ionadaí a chuireann an post ordlathach atá i gceist ar fáil, an t-ionadaí sin;

(b)

i gcás ina mbeidh roinnt ionadaithe ag an bpost ordlathach atá i gceist, ag an ionadaí atá i láthair ar an ngrád is airde agus, i gcás comhghráid, ag an ionadaí is sinsearaí sa ghrád agus, i gcás comhshinsearachta, ag an duine is sine;

(c)

i gcás nach bhfuil aon phost mar ionadaí ann, nuair nach bhfuil an t-ionadaí i seilbh an oifigigh sin nó nuair a chuirtear cosc ar an ionadaí a chuid dualgas nó a cuid dualgas a fheidhmiú, an fo-oifigeach atá i láthair sa ghrúpa feidhme is airde grád agus, i gcás comhghráid, an fo-oifigeach is sinsearaí sa ghrád agus, i gcás comhshinsearachta, an duine is sine.

Airteagal 53

An tSeirbhís Dlí

1.   Cuirfidh an tSeirbhís Dlí comhairle dlí ar fáil don Choimisiún.

2.   Áiritheoidh an tSeirbhís Dlí go ndéanfar athbhreithniú neamhspleách oibiachtúil ar dhlíthiúlacht, ar chomhoiriúnacht le dlí an Aontais Eorpaigh a sheiceáil, lena n-áirítear an Chairt um Chearta Bunúsacha, agus an dlí idirnáisiúnta, ar na dréacht-tograí uile le haghaidh reachtaíochta, ar na dréachtghníomhartha uile atá le glacadh ag an gCoimisiún agus ar aon doiciméad eile a bhféadfadh impleachtaí dlíthiúla a bheith aige. Déanfaidh sé formhaoirseacht ar fhoirm na ngníomhartha agus cuirfidh sé athbhreithniú dlítheangeolaíoch ar fáil i gcás inarb infheidhme.

3.   Beidh inniúlacht eisiach ag an tSeirbhís Dlí ionadaíocht a dhéanamh ar an gCoimisiún os comhair na gcúirteanna agus na gcomhlachtaí eadrána uile.

Roinn 2

Comhar idirsheirbhíse

Airteagal 54

Comhordú agus comhairliúchán neamhfhoirmiúil idir seirbhísí

1.   Léiríonn comhordú idirsheirbhíse prionsabal na coláisteachta lena rialaítear próiseas cinnteoireachta an Choimisiúin. Rannchuidíonn sé le comhlíonadh na dtreoirlínte polaitiúla arna leagan síos ag an Uachtarán agus leis na tosaíochtaí arna leagan síos ag an gCoimisiún, agus áirithíonn sé comhsheasmhacht na ngníomhartha agus éifeachtacht ghníomhaíocht an Choimisiúin, i gcomhréir leis an mbeartas maidir le rialáil níos fearr.

2.   Déanfaidh an tseirbhís atá freagrach idirchaidreamh leis na seirbhísí lena mbaineann réimse gníomhaíochta nó cineál an dréachtghnímh. Oibreoidh siad, ón tús, i ndlúthchomhar agus ar bhealach comhordaithe agus an dréacht sin á ullmhú.

3.   Comhoibreoidh na seirbhísí freisin laistigh de ghrúpaí comhordaithe idirsheirbhíse nó struchtúir iomchuí eile a fhéadfaidh tograí tábhachtacha, casta nó trasghearrtha a ullmhú, lena n-áirítear chun na meastóireachtaí gaolmhara, na seiceálacha oiriúnachta, na comhairliúcháin phoiblí agus na measúnuithe tionchair a dhéanamh.

4.   Déanfar comhordú idirsheirbhíse roimh an gcomhairliúchán idirsheirbhíse foirmiúil dá dtagraítear in Airteagal 55 agus ina dhiaidh. Leanfaidh sé ar aghaidh tar éis don Choimisiún na gníomhartha a ghlacadh, go háirithe le linn an phróisis idirinstitiúidigh, agus nuair a bheidh reachtaíocht an Aontais á cur chun feidhme aige.

5.   Áiritheoidh an tseirbhís atá freagrach cáilíocht dhréachtú agus fhoirm na ndréachtghníomhartha nó na seasamh a scrúdaítear sa Ghrúpa um Chaidreamh Idirinstitiúideach agus sa Ghrúpa um Chomhordú Seachtrach.

6.   Gan dochar d’Airteagal 2(4), gheobhaidh na seirbhísí comhaontú na Seirbhíse Dlí, na hArdrúnaíochta, agus aon seirbhísí eile lena mbaineann sula dtíolacfaidh ionadaithe an Choimisiúin seasamh ón gCoimisiún, chomh maith le ‘neamhpháipéir’ agus aon fhoirm eile ranníocaíochta arna hullmhú ag seirbhís amháin nó níos mó de chuid an Choimisiúin, maidir le húdaráis náisiúnta, institiúidí de chuid an Aontais, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó tríú tíortha.

Airteagal 55

Comhairliúchán foirmiúil idirsheirbhíse

1.   I gcás ina bhfuil dul chun cinn leordhóthanach déanta maidir le dréachtghníomh, rachaidh an tseirbhís atá freagrach i gcomhairle go foirmiúil leis na seirbhísí a bhfuil leas dlisteanach acu mar gheall ar chineál, ábhar nó tionchar an dréachtghnímh.

2.   Beidh feidhm ag an nós imeachta comhairliúcháin foirmiúil idirsheirbhíse freisin maidir le doiciméid inmheánacha oibre de chuid an Choimisiúin.

3.   D’ainneoin na nósanna imeachta arna leagan síos ag an Uachtarán, ní mór do Chomhalta/Chomhaltaí an Choimisiúin lena mbaineann gach dréachtghníomh atá íogair ó thaobh na polaitíochta de agus/nó tábhachtach a chomhaontú, sula seolfar an comhairliúchán foirmiúil idirsheirbhíse.

Airteagal 56

Comhairliúchán leis an Ardrúnaíocht

1.   Ní mór dul i gcomhairle leis an Ardrúnaíocht maidir leis na dréachtghníomhartha uile atá le glacadh ag an gCoimisiún trí nós imeachta ó bhéal, cé is moite díobh siúd a thíolactar faoi ábhair ilghnéitheacha riaracháin agus bhuiséadacha a bhfuil raon feidhme aonair acu, agus maidir le dréachtghníomhartha, gan beann ar an gcineál nós imeachta cinnteoireachta a úsáidtear:

(a)

go bhfuil siad íogair ó thaobh na polaitíochta de agus/nó tábhachtach;

(b)

a bheith i gclár oibre bliantúil an Choimisiúin, lena n-áirítear dréachtghníomhartha a luaitear sna hiarscríbhinní a ghabhann leis;

(c)

Go bhfuil gnéithe institiúideacha bainteach leo;

(d)

go mbeidh siad faoi réir meastóireacht, seiceáil oiriúnachta, comhairliúchán poiblí nó measúnú tionchair.

2.   Ní mór dul i gcomhairle leis an Ardrúnaíocht maidir le gach seasamh a fhéadfaidh ceangal a chur ar an gCoimisiún i leith institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh, tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta nó réigiúnacha, agus maidir le gach comhthionscnamh ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

3.   Rachfar i gcomhairle leis an Ardrúnaíocht i dtaca le doiciméid inmheánacha oibre de chuid an Choimisiúin.

Airteagal 57

Comhairliúchán leis an tSeirbhís Dlí

1.   Rachfar i gcomhairle leis an tSeirbhís Dlí maidir le gach dréachtghníomh, doiciméid inmheánacha oibre de chuid an Choimisiúin agus gach doiciméad a bhféadfadh impleachtaí dlí a bheith aige.

2.   Mar sin féin, ní bheidh gá dul i gcomhairle leis an tSeirbhís Dlí chun dréachtghníomhartha de chineál athfhillteach a dhéanamh. Beidh gá le comhaontú foirmiúil roimh ré ón tSeirbhís Dlí maidir le díolúintí den sórt sin.

Airteagal 58

Comhairliúchán le seirbhísí eile

1.   Ní mór aon seirbhís a bhfuil leas dlisteanach aici a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 55(1).

2.   Beidh gá le comhairliúchán leis an Ard-Stiúrthóireacht atá freagrach as an mbuiséad le haghaidh na ndréachtghníomhartha nó na ndoiciméad uile a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an mbuiséad agus ar an airgeadas, lena n-áirítear dliteanais theagmhasacha, nó ar léirmhíniú agus ar chur i bhfeidhm rialacha ginearálta airgeadais an Aontais.

3.   Is gá dul i gcomhairle leis an Ard-Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna agus um Shlándáil i gcás gach dréachtghnímh nó doiciméid inmheánacha oibre de chuid an Choimisiúin a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an bhfoireann agus ar an riarachán.

Airteagal 59

Teorainneacha ama le haghaidh an chomhairliúcháin fhoirmiúil idirsheirbhíse

1.   Tabharfar deich lá oibre ar a laghad do na seirbhísí a ndeachthas i gcomhairle leo, ag tosú ón dáta a gcuirtear na doiciméid ar fáil, chun a dtuairimí a chur isteach, bíodh barúlacha ag gabháil leo nó ná bíodh.

2.   I gcásanna eisceachtúla, féadfar tréimhse bhreise a chomhaontú idir na seirbhísí lena mbaineann.

3.   Féadfaidh tuairimí dearfacha na Seirbhíse Dlí agus na seirbhísí eile a ndeachthas i gcomhairle leo a bheith sainráite nó intuigthe.

Más rud é nár fhreagair seirbhís a ndeachthas i gcomhairle léi laistigh den teorainn ama, measfar gur thug sí a tuairim dhearfach (comhaontú intuigthe).

4.   Féadfaidh an tseirbhís atá freagrach teorainn ama níos giorra a iarraidh faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 60 maidir le comhairliúcháin mheara, agus in Airteagal 61 maidir le comhairliúcháin shonracha idirsheirbhíse.

Airteagal 60

Comhairliúchán mear

1.   I gcásanna eisceachtúla, agus ar fhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an tseirbhís atá freagrach a iarraidh ar an Ardrúnaíocht comhairliúchán mear idirsheirbhíse a dhéanamh, lena bhféadfar an comhairliúchán a chur i gcrích laistigh de theorainn ama níos giorra ná an teorainn a thuairiscítear in Airteagal 59(1). Is féidir an comhairliúchán mear sin a dhéanamh le linn cruinnithe nó i scríbhinn.

Seolfaidh an tseirbhís atá freagrach a hiarraidh chuí-réasúnaithe chun úsáid a bhaint as an gcomhairliúchán mear chuig an Ardrúnaíocht, ina léireofar an fhormáid – trí chruinniú nó i scríbhinn – a mheasann sí is iomchuí. Níor cheart iarraidh den sórt sin a dhíriú ar aon mhoill riaracháin a chúiteamh. Cinnfidh an Ardrúnaíocht an bhfuil an mearchomhairliúchán iomchuí agus cuirfidh sí an tUachtarán ar an eolas faoi. Leanfaidh an comhaontú maidir leis na téacsanna arna dhéanamh ag an gComhalta freagrach nó na Comhaltaí freagracha roimh sheoladh an chomhairliúcháin, mar a leagtar amach in Airteagal 55(3), de bheith infheidhme.

I gcás ina measfaidh an Ardrúnaíocht go bhfuil údar cuí leis an iarraidh an comhairliúchán mear a úsáid, cinnfidh sí ar cheart é a dhéanamh i gcruinniú nó i scríbhinn.

2.   I gcás ina ndéanfar an comhairliúchán mear le linn cruinnithe, cuirfear na doiciméid ar fáil do na seirbhísí a ndeachthas i gcomhairle leo 48 uair an chloig ar a laghad roimh an gcruinniú (21) ach amháin má fhorálann an Ardrúnaíocht a mhalairt.

Cuirfidh na seirbhísí a ndeachthas i gcomhairle leo a dtuairimí in iúl le linn an chruinnithe nó i scríbhinn roimh an gcruinniú.

Is í an Ardrúnaíocht a bheidh ina cathaoirleach ar an gcruinniú agus déanfaidh sí taifead i miontuairiscí an chruinnithe ar thorthaí agus ar thuairimí na seirbhísí a ndeachthas i gcomhairle leo.

Is é deireadh an chruinnithe deireadh an chomhairliúcháin.

3.   Nuair a dhéanfar an comhairliúchán mear i scríbhinn, socrófar an teorainn ama do na seirbhísí a ndeachthas i gcomhairle leo chun a dtuairimí a chur isteach trí chomhaontú comhchoiteann idir an Ardrúnaíocht agus an tseirbhís atá freagrach agus ní fhéadfaidh sí a bheith níos lú ná 48 n-uair an chloig, mura bhforálann an Ardrúnaíocht a mhalairt.

Cuirfidh na seirbhísí a ndeachthas i gcomhairle leo a dtuairim in iúl i scríbhinn laistigh den tréimhse sin. I gcás ina mainníonn seirbhís a ndeachthas i gcomhairle léi freagra a thabhairt laistigh den teorainn ama shocraithe, measfar gurb ionann sin agus tuairim dhearfach (comhaontú intuigthe).

Airteagal 61

Comhairliúcháin idirsheirbhíse shonracha

1.   Maidir le comhairliúcháin de chineál athfhillteach, féadfaidh an Ardrúnaíocht, arna iarraidh sin don tseirbhís atá freagrach, cruthú cineáil comhairliúcháin idirsheirbhíse ar a dtugtar comhairliúchán ‘sonrach’ a údarú, ar comhairliúchán é a bhfuil na rialacha ina leith éagsúil, go háirithe i ndáil leis an teorainn ama agus na seirbhísí a ndeachthas i gcomhairle leo, le rialacha an chomhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55.

2.   A luaithe a údarófar comhairliúchán sonrach, beidh feidhm chórasach aige maidir le comhairliúcháin ar na dréachtghníomhartha uile a thagann faoina raon feidhme.

Airteagal 62

Toradh na gcomhairliúchán idirsheirbhíse

1.   A luaithe a bheidh an comhairliúchán idirsheirbhíse thart, déanfaidh an tseirbhís atá freagrach athbhreithniú ar an dréachtghníomh agus/nó ar an doiciméad inmheánach oibre, agus na barúlacha a fuarthas á gcur san áireamh.

2.   Cuirfidh an tseirbhís atá freagrach an dréachtghníomh athbhreithnithe agus/nó an doiciméad inmheánach oibre athbhreithnithe ar fáil do na seirbhísí a ndeachthas i gcomhairle leo, in am trátha. Cuirfidh sé ar an eolas iad faoi na cúiseanna atá le haon mhainneachtain a mbarúlacha a chur san áireamh, sula dtionscnófar an nós imeachta um ghlacadh.

3.   Beidh gá le tuairim dhearfach ón tSeirbhís Dlí, agus a barúlacha, más ann dóibh, a tugadh de bhua a cuid dualgas mar a thuairiscítear in Airteagal 53(2) á gcur san áireamh, chomh maith le tuairim dhearfach ó na seirbhísí eile a ndeachthas i gcomhairle leo, sula gcuirfear dréachtghníomh cur chun feidhme faoi bhráid ionadaithe na mBallstát i gcoistí a bunaíodh chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún.

Caibidil V

Trédhearcacht, cosaint sonraí agus slándáil

Airteagal 63

Trédhearcacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún na tograí reachtacha a chuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus/nó na Comhairle, a mbeidh na measúnuithe tionchair agus na tuairimí ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála ag gabháil leo, chomh maith le faisnéis maidir le grúpaí saineolaithe agus coistí, comhairliúcháin phoiblí agus tairbhithe chistí an Aontais, a chur ar fáil do shaoránaigh.

2.   Soláthróidh an Coimisiún ina chlár doiciméad cláir oibre chruinnithe an Choimisiúin, cláir oibre shealadacha na gcruinnithe atá le teacht, gnáthmhiontuairiscí formheasta chruinnithe an Choimisiúin agus na gníomhartha arna bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 64

An Clár Trédhearcachta

Chun trédhearcacht a chaidrimh le hionadaithe sainleasa a áirithiú, urramóidh an Coimisiún rialacha agus prionsabail an chláir trédhearcachta phoiblí a comhaontaíodh leis na hinstitiúidí eile (22) .

Airteagal 65

Rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid an Choimisiúin

1.   I gcomhréir le hAirteagal 15(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 42 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, tá ag gach saoránach den Aontas Eorpach agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát ceart rochtana ar dhoiciméid de chuid an Choimisiúin, gan beann ar an meán. Tá an rochtain sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 (23).

2.   Beidh feidhm ag rialacha mionsonraithe an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún arna nglacadh ar bhonn Airteagal 15(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, agus mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo.

Airteagal 66

Bainistiú doiciméad

1.   Déanfar bainistiú doiciméad ar bhealach éifeachtúil chun a chur ar chumas an Choimisiúin a ghníomhaíochtaí a rianú tráth ar bith chun a oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh, i measc nithe eile, go háirithe maidir le cosaint sonraí, rochtain phoiblí ar dhoiciméid agus slándáil faisnéise.

2.   Comhlíonfaidh seirbhísí an Choimisiúin na rialacha inmheánacha maidir le doiciméid a chlárú, a chomhdú, a stóráil agus a aistriú chuig an gCartlann Stairiúil.

Airteagal 67

Slándáil agus rúndacht

1.   Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, beidh oibleagáid ghinearálta ar Chomhaltaí an Choimisiúin agus ar fhoireann uile an Choimisiúin rúndacht na bpléití, na faisnéise agus na ndoiciméad a thagann ar a n-aire a urramú (24).

2.   Laistigh den Choimisiún, tabharfar leibhéil iomchuí chosanta do dhaoine, do shócmhainní agus d'fhaisnéis a bheidh i gcomhréir le rioscaí aitheanta (25). Tabharfar cosaint iomchuí freisin d’fhaisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh (26).

3.   Ní féidir ach le baill foirne a bhfuil imréiteach slándála faighte acu ó údaráis náisiúnta a dtíre tionscnaimh rochtain a fháil ar fhaisnéis rúnaicmithe ar an leibhéal CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó os a chionn sin.

Airteagal 68

Cosaint sonraí pearsanta

1.   Déanfaidh an Coimisiún sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) chomh maith le rialacha eile an Aontais Eorpaigh maidir le cosaint sonraí (28).

2.   Áiritheoidh Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin, ag gníomhú dó go neamhspleách, go gcuirfear rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí i bhfeidhm laistigh den Choimisiún.

Caibidil VI

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 69

Bearta breise

1.   Féadfaidh an Coimisiún cinntí inmheánacha a ghlacadh agus treoracha riaracháin a thabhairt do sheirbhísí chun na Rialacha Nós Imeachta seo a fhorlíonadh agus/nó chun forbairtí teicneolaíocha a chur san áireamh.

2.   Féadfaidh an tUachtarán aon chinneadh a ghlacadh a bhaineann le feidhmiú agus eagrúchán inmheánach an Choimisiúin, lena n-áirítear, ag tús a théarma oifige, modhanna oibre an Choimisiúin.

Airteagal 70

Leasuithe ar Chinneadh C(2000) 3614 ón gCoimisiún

Scriostar Airteagail 1 go 28 de Chinneadh C(2000) 3614 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2000 (29), an iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin ina bhfuil na rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa, an iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin lena leagtar síos an Cód um Dhea-Iompar Riaracháin d’fhoireann an Choimisiúin Eorpaigh ina gcaidreamh leis an bpobal agus na Rialacha lena dtugtar éifeacht do na Rialacha Nós Imeachta atá i gceangal le Cinneadh C(2010) 1200 final ón gCoimisiún (30).

Airteagal 71

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Nollaig 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  Rialacha Nós Imeachta C(2000) 3614 an 29 Samhain 2000 (IO L 308 an 8.12.2000, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/proc_rules/2000/3614/oj).

(2)  Cinneadh C(2010) 1200 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2010 lena leasaítear a Rialacha Nós Imeachta (IO L 55, 5.3.2010, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2010/138(1)/oj).

(3)  Cinneadh C(2020) 3000 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2020 lena leasaítear a Rialacha Nós Imeachta (IO L 127I, 22.4.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/555/oj).

(4)  Rialacha lena dtugtar éifeacht do na Rialacha Nós Imeachta, atá i gceangal le Cinneadh C(2010) 1200 final ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2010 lena leasaítear a Rialacha Nós Imeachta.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.05.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).

(6)  An Conradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 17(6) b).

(7)  An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Airteagal 248.

(8)  An Conradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 17(6)(c).

(9)  An Conradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 17(6).

(10)  Cinneadh C(2018) 700 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2018 maidir le Cód Iompair le haghaidh Chomhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh (OJ C 65, 21.2.2018, lch. 7).

(11)  An Conradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 17(3).

(12)  Creat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach, Iarscríbhinn IV, pointe 5 (IO L 304, 20.11.2010, lch. 47, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2010/1120/oj).

(13)  P(2024)5 an 1 Nollaig 2024, Teachtaireacht ón Uachtarán chuig an gCoimisiún, Modhanna Oibre an Choimisiúin Eorpaigh.

(14)  P(2024)5 an 1 Nollaig 2024, Teachtaireacht ón Uachtarán chuig an gCoimisiún, Modhanna Oibre an Choimisiúin Eorpaigh.

(15)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).

(16)  Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA) lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1962/31(1) agus Cinneadh C(2013) 3288 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2013 maidir le feidhmiú na gcumhachtaí arna dtabhairt leis na Rialacháin Foirne don údarás ceapacháin (AIPN) agus le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile don údarás atá cumhachtaithe chun conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích (AHCC).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).

(19)  Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA) lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1962/31(1)/oj).

(20)  Féach na rialacha lena mbunaítear Córas Mear-Rabhaidh Ginearálta ARGUS atá i gceangal le Cinneadh C(2000) 3614.

(21)  Ní chuimsíonn an tréimhse 48 uair seo laethanta saoire poiblí, an Satharn ná an Domhnach.

(22)  Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta éigeantach (OJ L 207, 11.6.2021, p. 1, ELI : http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2021/611/oj).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.05.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).

(24)  Féach Airteagal 339 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Airteagal 5(2) de Chinneadh C (2018) 700 maidir le Cód Iompair do Chomhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh agus Airteagal 17 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, is infheidhme de réir analaí maidir le seirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh.

(25)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.03.2015, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/443/oj).

(26)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.03.2015, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/444/oj).

(27)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, beidh feidhm aige maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú na Rialacha Nós Imeachta seo (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(28)  Ina measc, Cinneadh (AE) 2020/969 ón gCoimisiún an 3 Iúil 2020 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme a bhaineann leis an Oifigeach Cosanta Sonraí, srianta ar chearta ábhar sonraí agus cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/597/CE ón gCoimisiún (IO L 213, 6.7.2020, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/969/oj).

(29)  Rialacha Nós Imeachta an Choimisiúin (IO L 308, 8.12.2000, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/proc_rules/2000/3614/oj).

(30)  Cinneadh ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2010, lena leasaítear a Rialacha Nós Imeachta (IO L 55, 5.3.2010, lch. 60).


IARSCRÍBHINN

Rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Déanfaidh an Coimisiún a chinntí ar bhealach chomh hoscailte agus is féidir agus ar leibhéal chomh gar agus is féidir don saoránach, agus áiritheoidh sé go mbeidh a chuid imeachtaí trédhearcach. Cuireann sé sin ar chumas do shaoránaigh a bheith rannpháirteach agus ráthaíonn sé go bhfuil dlisteanacht ag an riarachán agus go bhfuil sé cuntasach do na saoránaigh, i gcomhréir le prionsabail dhaonlathacha an Aontais.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 15(3), an tríú fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 (1), tá gach institiúid de chuid an Aontais le forálacha sonracha maidir le rochtain ar a doiciméid a ullmhú ina Rialacha Nós Imeachta féin.

(3)

Tá córas digiteach curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún chun iarratais ar rochtain ar dhoiciméid a láimhseáil, an Rochtain Leictreonach ar Dhoiciméid de chuid an Choimisiúin Eorpaigh ‘EASE’, (dá ngairtear ‘EASE’ anseo feasta), atá ceaptha bainistiú iarratais ar rochtain a chuíchóiriú, agus béim á leagan aige ar an sprioc uileghabhálach doiciméid a chur ar fáil don phobal chomh forleathan agus is féidir.

Airteagal 1

An cuspóir agus an raon feidhme

Bainfidh saoránaigh an Aontais agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina gcónaí i mBallstát nó a bhfuil a n-oifig chláraithe i mBallstát leas as an gceart rochtana ar dhoiciméid de chuid an Choimisiúin faoi Airteagal 15(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Airteagal 42 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais agus faoi Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe seo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Chinnidh seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

Ciallaíonn ‘iarratasóir’ aon saoránach den Aontas agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cónaí air i mBallstát, nó a bhfuil a n-oifig chláraithe i mBallstát, a chuireann iarratas ar rochtain ar dhoiciméid isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

(2)

ciallaíonn ‘doiciméad’ doiciméad mar a shainítear in Airteagal 3(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 é;

(3)

ciallaíonn ‘doiciméad arna tharraingt suas ag an gCoimisiún’ doiciméad atá formheasta mar dhoiciméad atá réidh lena tharchur ag an duine a bhfuil sé de chumhacht aige freagracht a ghlacadh as a ábhar i gcomhréir leis na rialacha agus na rialacháin is infheidhme maidir leis an mbunphróiseas gnó. Ní gá gurb é an duine sin an duine a bhfuil sé de chúram praiticiúil air an t-ábhar a dhréachtú nó a chlóscríobh ach is é an duine nó an t-eintiteas riaracháin atá freagrach as an ábhar ina ionad sin i gcomhréir le ceanglais nós imeachta agus rialacha inmheánacha an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an bpróiseas gnó lena mbaineann.

(4)

ciallaíonn ‘doiciméad a fhaigheann an Coimisiún’ doiciméad a chuir an seoltóir (seachtrach) ar fáil d’aon ghnó chuig an gCoimisiún Eorpach.

(5)

ciallaíonn ‘doiciméad atá i seilbh an Choimisiúin’ :

(a)

aon doiciméad arna chlárú de bhun Airteagal 7 de Chinneadh 2021/2121 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2020 maidir le bainistíocht taifead agus cartlanna (2) (dá ngairtear ‘Cinneadh ón gCoimisiún 2021/2121’ anseo feasta); agus

(b)

aon doiciméad ar bith eile a chruthaítear i bhfeidhmchlár teicneolaíochta faisnéise a rialaigh an Coimisiún agus faoi úinéireacht an Choimisiúin agus a stóráiltear ar ghaireas corparáideach nó ar néalseirbhís chorparáideach, cé is moite de dhoiciméid a stóráiltear i bhfillteáin phearsanta le haghaidh úsáid phearsanta amháin lasmuigh de ghníomhaíocht ghairmiúil.

(6)

ciallaíonn ‘próiseas gnó’ sreabhadh oibre réamhshainithe ina bhfuil céimeanna atá sainithe go soiléir a eascraíonn as na ceanglais nós imeachta nó as na rialacha inmheánacha, agus tuairiscí ar an toradh ó gach céim.

Airteagal 3

Doiciméid atá inrochtana go díreach don phobal

1.   Tabharfaidh an Coimisiún rochtain dhíreach phoiblí ar thograí reachtacha ón tráth a ghlacfar iad. Beidh an measúnú tionchair agus an tuairim ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála ag gabháil leo.

2.   Soláthróidh an Coimisiún rochtain dhíreach phoiblí ar na doiciméid seo a leanas, inter alia, trína bhfoilsiú go tráthúil ar shuíomhanna gréasáin tiomnaithe:

(a)

cláir oibre do chruinnithe an Choimisiúin, agus cláir oibre shealadacha do na cruinnithe a bheidh ann amach anseo;

(b)

gnáthmhiontuairiscí faofa chruinnithe an Choimisiúin;

(c)

Aithisc ar Staid an Aontais: cláir oibre an Choimisiúin, tuarascálacha um Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach, Pleananna Straitéiseacha, Pleananna Bainistíochta, Suirbhé Bliantúil ar Ualach, na Tuairimí maidir leis an Ardán ‘Réidh don Todhchaí’ agus tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí;

(d)

Moltaí Tírshonracha an tSeimeastair Eorpaigh, treoirdhoiciméid do na Ballstáit agus Scórchlár a bhaineann leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;

(e)

cinntí a bhaineann leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh;

(f)

tuairimí réasúnaithe ó na Parlaimintí náisiúnta agus freagraí ón gCoimisiún maidir le comhlíonadh dréachtghnímh reachtaigh le prionsabal na coimhdeachta de bhun Airteagail 6 agus 7 de Phrótacal Uimh. 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

(g)

speansais mhisin chomhiomlánaithe Chomhaltaí an Choimisiúin

(h)

miontuairiscí ar chruinnithe a thionóladh idir Comhaltaí an Choimisiúin, a gcomhaltaí Comh-Aireachta, bainisteoirí an Choimisiúin le hionadaithe sainleasa.

Airteagal 4

Rialacha maidir le rochtain a sholáthar ar dhoiciméid atá inrochtana arna iarraidh sin

1.   Déanfar measúnú ar iarratais ar rochtain ar aon doiciméad nach dtagann faoi Airteagal 3 trí na heisceachtaí ar rochtain a leagtar amach in Airteagal 4(1) go (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.

2.   Tá toimhde ann go mbaineann rochtain ar na doiciméid seo a leanas, inter alia, an bonn de na leasanna a chosnaítear le hAirteagal 4(1) go (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001:

(a)

doiciméid atá mar chuid d’imeachtaí um réamhshárú agus um shárú leanúnach.

(b)

doiciméid atá mar chuid d’imeachtaí cúirte leanúnacha.

(c)

tuairimí ón tSeirbhís Dlí.

(d)

doiciméid atá mar chuid de chásanna Státchabhrach.

(e)

doiciméid atá mar chuid de chásanna iomaíochta (lena n-áirítear nósanna imeachta um rialú cumasc agus imscrúduithe cairtéil, chomh maith le doiciméid a sheolann údaráis iomaíochta náisiúnta chuig an gCoimisiún), cásanna cosanta trádála, cásanna fóirdheontais eachtracha, cásanna infheistíochta dírí coigríche, maoirseacht ar an margadh airgeadais agus cásanna réitigh, nósanna imeachta faoin nGníomh um Margaí Digiteacha (3) agus faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (4) agus nósanna imeachta riaracháin inchomparáide.

(f)

doiciméid atá mar chuid d’imeachtaí údaraithe riaracháin atá ar bun.

(g)

doiciméid ar cuid d’imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (‘OLAF’) iad;

(h)

tairiscintí agus iarratais ar dheontais arna gcur isteach ag tairgeoirí nó ag iarratasóirí deontais i nósanna imeachta soláthair phoiblí.

(i)

comórtais chun baill foirne a earcú.

(j)

doiciméid atá mar chuid d’imscrúduithe Oifig Imscrúdaithe agus Araíonachta an Choimisiúin; agus

(k)

doiciméid atá mar chuid de chomhad pearsanta na mball foirne.

Dá bhrí sin, ní dheonófar aon rochtain ar na doiciméid sin, mura rud é go léiríonn an t-iarratasóir leas sáraitheach poiblí maidir le rochtain a sholáthar, leas lenar bhain tábhacht ba mhó ná na leasanna a chosnaítear le hAirteagal 4(2) go 4(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

Beidh imeachtaí ar siúl go dtí nach féidir an gníomh lena gcuirtear clabhsúr ar na himeachtaí a chonspóid a thuilleadh os comhair chúirteanna an Aontais nó os comhair cúirt náisiúnta.

Tá sé de cheart ag páirtithe sna himeachtaí faoi phointí (e) go (k) rochtain a fháil ar an gcomhad de bhun Airteagal 41(2)(b) den Chairt um Chearta Bunúsacha agus de bhun na reachtaíochta earnáil-shonraí is infheidhme.

Airteagal 5

Rialacha maidir le doiciméid a chlárú agus ábhar neamhchláraithe a scriosadh

1.   Déanfar aon ábhar arb ionann é agus faisnéis thábhachtach nach bhfuil gearrshaolach a chlárú de bhun Airteagal 7 de Chinneadh 2021/2121 ón gCoimisiún.

2.   Ní chomhlíonann an t-ábhar seo a leanas an sainmhíniú sin:

(a)

ábhar nach mbeadh aon éifeacht dhiúltach riaracháin ná dhlíthiúil aige ar an gCoimisiún Eorpach mura gcoinneofaí é.

(b)

ábhar a scaipeadh mar chuid de réamhmhalartú neamhfhoirmiúil tuairimí idir comhghleacaithe.

(c)

malartuithe ar ábhair ghearrshaolacha (amhail malartuithe maidir le socruithe praiticiúla cruinnithe).

(d)

faisnéis faoi staid phearsanta duine, mura ndéanann sé na nósanna imeachta arna mbunú leis na Rialacháin Foirne a dhoiciméadú nó a chur chun feidhme.

(e)

réamh-mhalartú neamhfhoirmiúil tuairimí idir baill foirne an Choimisiúin Eorpaigh d’fhonn seasamh an eintitis riaracháin atá freagrach as ábhar an doiciméid a chinneadh.

(f)

leaganacha de réamhdhoiciméad (e.g. dréacht-togra reachtach nó teachtaireacht beartais nó dréacht-mheasúnú tionchair). agus

(g)

leaganacha luatha de dhoiciméid atá á n-ullmhú i spásanna comhoibríocha, i.e. leaganacha nach léiríonn toradh ná doiciméad na hoibre comhoibríche ar an ardán.

3.   Scriostar ríomhphoist neamhchláraithe go huathoibríoch ó bhoscaí poist tar éis 6 mhí.

4.   Ní úsáidfear feidhmchláir teachtaireachtaí téacs ar fhóin phóca chorparáideacha le haghaidh faisnéis thábhachtach nach bhfuil gearrshaolach, ach amháin i gcás ina bhfuil fíorghá leis sin ar mhaithe leis an tseirbhís. Comhlíonfaidh feidhmchláir teachtaireachtaí téacs moltaí slándála teicneolaíochta faisnéise ón gCoimisiún maidir le teachtaireachtaí a bheith imithe as amharc go huathoibríoch.

Airteagal 6

Bearta lena n-éascaítear rochtain ar dhoiciméid

Déanfar cumhdach Chlár Dhoiciméid an Choimisiúin arna chruthú i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a leathnú de réir a chéile. Beidh nasc chuig an gClár ar fáil ar shuíomh gréasáin EUROPA.

Coinneoidh an Coimisiún clár na gcásanna iomaíochta, clár na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme agus clár na coisteolaíochta.

Airteagal 7

Gan doiciméid nua a chruthú

Diúltófar don iarratas ar rochtain i gcás ina mbeadh gá le doiciméad nua a chruthú chun é a chomhlíonadh, lena n-áirítear i gcás ina mbeadh tiomsú faisnéise ó roinnt doiciméad i gceist leis nó baint amach faisnéise a bhfuil iarracht shubstaintiúil ag teastáil ina leith.

Airteagal 8

Córas digiteach chun iarratais ar rochtain ar dhoiciméid a láimhseáil

1.   Beidh dhá chuid in EASE:

(a)

tairseach phoiblí a chuireann ar chumas do shaoránaigh doiciméad nó doiciméid de chuid an Choimisiúin a iarraidh (‘Tairseach EASE’); agus

(b)

córas inmheánach TF do bhaill foirne an Choimisiúin chun iarratais a láimhseáil.

2.   Cuirfidh Tairseach EASE faisnéis ar fáil don phobal maidir leis an mbealach a bhfuil iarratais le cur isteach agus maidir le cearta nós imeachta na n-iarratasóirí faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

3.   Le leathanach cabhrach a bheidh ar fail i ngach teanga oifigiúil, cuirfear an pobal ar an eolas maidir le conas is féidir doiciméid a fháil.

4.   Má tá na doiciméid toirtiúil nó deacair a láimhseáil, féadfar cuireadh a thabhairt don iarratasóir féachaint ar na doiciméid ar an láthair. Beidh an comhairliúchán sin saor in aisce.

Airteagal 9

Rialacha ginearálta an nós imeachta

1.   Féadfaidh iarratasóirí iarratais ar rochtain ar dhoiciméid a chur isteach trí Thairseach EASE. De rogha air sin, is féidir le hiarratasóirí iarratais a sheoladh tríd an bpost nó le ríomhphost chuig Ardrúnaíocht an Choimisiúin nó chuig an Ard-Stiúrthóireacht nó an tseirbhís ábhartha.

2.   Cuirfidh iarratasóirí a n-ainm agus a sloinne ar fáil nuair a chuirfidh siad an t-iarratas isteach. Mura gcuireann an t-iarratasóir a ainm nó a shloinne ar fáil nó má chuireann sé faisnéis bhréagach ar fáil, ní dhéanfar an iarraidh a phróiseáil.

3.   Sonrófar an tír chónaithe agus an seoladh poist san iarratas a chuirfear isteach trí Thairseach EASE, tríd an bpost nó le ríomhphost. Mura gcuirtear seoladh poist in iúl, ní phróiseálfar iarratais den sórt sin.

4.   Measfar go mbeidh fógra tugtha faoi fhreagraí agus cinntí an Choimisiúin maidir le hiarratais a chuirtear isteach trí Thairseach EASE nuair a osclóidh an t-iarratasóir an freagra ar an Tairseach. Mura n-osclaíonn an t-iarratasóir an freagra nó an cinneadh laistigh de 15 lá oibre tar éis don Ardrúnaíocht, Ard-Stiúrthóireacht nó don tseirbhís é a sheoladh, measfar go mbeidh fógra tugtha faoin bhfreagra nó faoin gcinneadh ar an 16ú lá oibre ón dáta ar seoladh é.

5.   Seolfar freagraí agus cinntí maidir le hiarratais a cuireadh isteach lasmuigh de Thairseach EASE trí ríomhphost, ach amháin i gcás inar iarr iarratasóir cóip chrua go sonrach, nó inar chuir sé a iarratas isteach trí litir, nó i gcás ina bhfuil cúis ar leith ag an Ardrúnaíocht, ag an Ard-Stiúrthóireacht nó ag an tseirbhís freagra nó cinneadh a sheoladh trí phost cláraithe. Áireofar le freagra nó cinneadh a chuirfear in iúl trí ríomhphost iarraidh shainráite ar admháil fála ó na hiarratasóirí. I gcás nach n-admhóidh iarratasóirí go bhfuarthas é tar éis cúig lá oibre, seolfar meabhrúchán, ach amháin i gcás inar admhaigh an t-iarratasóir go poiblí cheana go bhfuarthas an freagra nó an cinneadh. I gcás nach n-admhófar freagra nó cinneadh a tharchuirtear go leictreonach, tabharfar fógra trí phost cláraithe.

6.   Déanfar raon feidhme ama agus ábhartha an iarratais a shainiú go soiléir. Má tá iarratas neamhbheacht, mar a thagraítear in Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, tabharfar cuireadh don iarratasóir faisnéis bhreise a chur ar fáil lena mbeifear in ann na doiciméid a iarradh a shainaithint. Cuirfear tús leis an sprioc-am don fhreagra a luaithe a gheofar an fhaisnéis lena bhféadfar raon feidhme an iarratais a shainiú agus na doiciméid a shainaithint.

Saineofar an ‘scoithdháta’, nó an dáta suas go dtí an tráth a shainaithneofar doiciméid mar dháta clárúcháin an iarratais tosaigh.

7.   Cuideoidh an tseirbhís atá i gceannas leis an iarratasóir, mar shampla trí fhaisnéis a sholáthar maidir le cláir phoiblí doiciméad a úsáid. Más rud é, laistigh de sheacht lá oibre ón iarraidh ar shoiléiriú a sheoladh, nár chuir an t-iarratasóir faisnéis bhreise ar fáil lena bhféadfar na doiciméid iarrtha a shainaithint, breithneofar an t-iarratas a bheith tarraingthe siar agus cuirfear an t-iarratasóir ar an eolas dá réir sin.

8.   Ní thagann iarrataí ar fhaisnéis, seachas faisnéis chomhshaoil, faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 agus is í seirbhís inniúil an Choimisiúin a láimhseálfaidh iad faoina Cód um Dhea-Iompraíocht Riaracháin. Tar éis di an t-iarratasóir a chur ar an eolas, féadfaidh seirbhís inniúil an Coimisiún iarratas a cuireadh isteach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a athcháiliú mar iarraidh ar fhaisnéis agus í a láimhseáil dá réir sin, mura rud é go ndéanfaidh an t-iarratasóir agóid go sainráite in aghaidh athcháiliú den sórt sin agus go soláthraíonn sé forais ina choinne.

9.   I gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, féadfaidh an tseirbhís atá i gceannas dul i gcomhairle go neamhfhoirmiúil leis an iarratasóir d’fhonn teacht ar réiteach cóir le go mbeidh an tseirbhís atá i gceannas in ann déileáil le hiarratais mhóra nó le hiarratais a bhfuil raon feidhme leathan acu laistigh de na teorainneacha ama reachtúla. Ní fhéadfaidh baint a bheith ag an réiteach cóir ach le líon agus ábhar na ndoiciméad a iarrtar, ní leis na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagail 7 agus 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001. Ní fhéadfar neamhaird a thabhairt ar na teorainneacha ama sin chun freagraí iarchurtha a sholáthar i mbaisceanna, fiú de réir na hiarrata ón iarratasóir. I gcás nach féidir teacht ar réiteach cóir, féadfaidh an tseirbhís atá i gceannas raon feidhme an iarratais a laghdú go haontaobhach, tar éis di fíorstaidéar a dhéanamh ar na roghanna malartacha uile agus míniú mionsonraithe a thabhairt ina cinneadh ar na cúiseanna go mbeadh ualach oibre míréasúnta i gceist leis na roghanna éagsúla sin freisin nó nach mbeidís chomh fabhrach céanna don iarratasóir.

10.   I gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán 1/58 (5), tabharfaidh an Ardrúnaíocht, an Ard-Stiúrthóireacht nó an tseirbhís freagra ar iarratais ar rochtain ar dhoiciméid i dteanga an iarratais, ar choinníoll gur scríobhadh i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais í. Go heisceachtúil, tar éis réamhthoiliú sainráite a fháil ón iarratasóir, féadfaidh an Ard-Stiúrthóireacht nó an tseirbhís freagra a thabhairt i dteanga eile seachas an teanga a úsáideadh san iarratas ar rochtain chun a áirithiú go ndéanfar an phróiseáil is tapúla ar an iarratas.

11.   Cé go ndéanann an Coimisiún a dhícheall líon uasta doiciméad a eisiúint i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, i gcás nach ann don leagan teanga de dhoiciméad a iarrtar, ní cheanglaítear ar an Ardrúnaíocht, ar an Ard-Stiúrthóireacht ná ar an tseirbhís é a chruthú. Cuirfidh sé an leagan teanga oifigiúil atá ann cheana ar fáil don iarratasóir. I gcás ina bhfuil roinnt leaganacha teanga oifigiúla ann seachas an ceann a iarradh, iarrfaidh an Ardrúnaíocht, an Ard-Stiúrthóireacht nó an tseirbhís ar an iarratasóir an rogha mhalartach atá aige faoi láthair a chur in iúl.

12.   Tar éis diúltú iomlán nó páirteach do rochtain ar dhoiciméid, tá sé de cheart ag an iarratasóir iarratas nua ar rochtain ar an doiciméad céanna nó ar na doiciméid chéanna a chomhdú ag céim níos déanaí. Láimhseálfar an iarratas nua sin mar iarratas tosaigh nua, ar choinníoll go bhfuil athruithe ábhartha tagtha ar na himthosca dlíthiúla agus/nó fíorasacha a fhágann go bhféadfadh rochtain níos leithne a bheith ann ó glacadh an chéad chinneadh tosaigh nó dearbhúcháin. Mura ndéanfar amhlaidh, deimhneofar an cinneadh tosaigh nó dearbhúcháin níos luaithe trí thagairt a dhéanamh don fhíoras nár tháinig aon athrú ar na himthosca fíorasacha agus dlíthiúla.

13.   I gcomhréir lena Chód um Dhea-Iompraíocht Riaracháin, féadfaidh an Coimisiún an ceart a fhorchoimeád chun deireadh a chur le tuilleadh malartuithe comhfhreagrais a d’fhéadfaí a mheas le réasún a bheith athfhillteach.

14.   In imthosca eisceachtúla, diúltóidh an Ard-Stiúrthóireacht nó an tseirbhís ábhartha d’iarratas ar rochtain ar dhoiciméid a láimhseáil i gcás ina ndéantar í trí mhí-úsáid shoiléir a bhaint as an gceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid. Luafar sa diúltú na cúiseanna a thugann bunús leis an gconclúid sin, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na cúiseanna inar thángthas ar an gconclúid gurbh é cuspóir an iarratasóra feidhmiú cuí na hinstitiúide a chur ó mhaith agus go bhfuil an t-ualach oibre a bhaineann leis na doiciméid a iarradh a nochtadh míréasúnta agus díréireach i gcomparáid leis na cuspóirí a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

Airteagal 10

Iarratais tosaigh a láimhseáil

1.   Déanann an Ard-Stiúrthóireacht nó an tseirbhís ábhartha cuardach ar na doiciméid a iarrann an t-iarratasóir as measc na ndoiciméad atá i seilbh an Choimisiúin.

2.   Sainaithneofar gach doiciméad a thagann faoi raon feidhme an iarratais tosaigh. I gcás ina ndiúltófar rochtain, soláthrófar sa fhreagra liosta soiléir ar a laghad de réir catagóirí doiciméad, liosta a bheidh mionsonraithe go leor chun go mbeidh an t-iarratasóir in ann an diúltú a chonspóid, mura rud é go gcuirfeadh an tsainaithint sin na leasanna atá á gcosaint ag na heisceachtaí ar rochtain ar dhoiciméid i mbaol. I gcás ina ndeonófar rochtain i bpáirt nó ina ndeonófar rochtain ina hiomláine, léireofar sa fhreagra na doiciméid de réir teidil agus de réir uimhir aitheantais uathúil.

I gcás iarratais chasta agus/nó thoirtiúla, féadfar síneadh 15 lá oibre a chur leis an sprioc-am chun freagra a thabhairt laistigh de 15 lá oibre. Tabharfar údar cuí le haon síneadh ar an teorainn ama agus cuirfear in iúl don iarratasóir é go pras.

3.   Áireofar sa chéad fhreagra measúnú cuimsitheach ar raon feidhme ábhartha agus ama na n-iarratas. Áiritheofar leis an bhfreagra tosaigh catagóiriú cruinn nó sainaithint chruinn na ndoiciméad uile a thagann faoi raon feidhme an iarratais tosaigh. Agus é sin á dhéanamh, ní mór don Ard-Stiúrthóireacht nó don tseirbhís a áirithiú, mar sin féin, nach nochtfar aon fhaisnéis a chosnaítear faoi Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001. Leis an bhfreagra tosaigh, cuirfear in iúl don iarratasóir go bhfuil sé de cheart aige iarratas dearbhúcháin a chur faoi bhráid Ardrúnaíocht an Choimisiúin, laistigh de 15 lá oibre ón bhfreagra a fháil.

4.   Déanfar freagraí tosaigh lena dtugtar rochtain iomlán ar an doiciméad nó ar na doiciméid iarrtha nó rochtain pháirteach leathan faoi réir sonraí pearsanta nár iarradh a fholú, agus faoina réir sin amháin, a shíniú ar leibhéal an Stiúrthóra. I ngach cás eile, déanfar freagraí a shíniú ag an Ard-Stiúrthóir nó Ceann Seirbhíse de chuid na hArd-Stiúrthóireachta nó na seirbhíse lena mbaineann.

Airteagal 11

Iarratais dearbhúcháin a láimhseáil

1.   Tarmligtear an chumhacht cinntí a dhéanamh maidir le hiarratais dearbhúcháin chuig an Ard-Rúnaí. Glacfaidh an tArd-Rúnaí an cinneadh tar éis chomhaontú na Seirbhíse Dlí.

2.   Féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh de 15 lá oibre ó fhreagra tosaigh a fháil, iarratas dearbhúcháin a dhéanamh ag iarraidh ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar a sheasamh.

3.   Déanfaidh an Ardrúnaíocht athbhreithniú riaracháin iomlán ar fhreagra tosaigh na hArd-Stiúrthóireachta nó na seirbhíse atá freagrach. Ní thiocfaidh aon doiciméad/doiciméid, áfach, a tháirg nó a fuair an Coimisiún tar éis chlárú an iarratais tosaigh faoi raon feidhme an athbhreithnithe dearbhúcháin d’fhonn an próiseas athbhreithnithe dhá chéim dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a choimirciú.

4.   Ní féidir raon feidhme iarratais tosaigh a leathnú ag an gcéim dhearbhúcháin.

I gcás ina n-iarrfaidh an t-iarratasóir go sainráite go ndéanfaí athbhreithniú ar an bhfreagra tosaigh i ndáil le doiciméid roghnaithe a diúltaíodh go hiomlán nó go páirteach, déanfar raon feidhme an athbhreithnithe dearbhúcháin a theorannú dá réir sin.

I gcás ina bhfuil raon feidhme an iarratais dearbhúcháin níos mó nó éagsúil ón raon feidhme ar an leibhéal tosaigh, iarrfar ar an iarratasóir an iarratais tosaigh nua a chur isteach de bhun Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

5.   Tabharfaidh an Ard-Stiúrthóireacht nó an tseirbhís a bhí freagrach as an iarratas tosaigh a láimhseáil cúnamh don Ardrúnaíocht chun an cinneadh dearbhúcháin a ullmhú.

Beidh na heilimintí uile is gá i rannchuidiú an Ard-Stiúrthóireachta nó na seirbhíse chun go mbeidh an Ardrúnaíocht in ann an comhthéacs agus na príomh-shaincheisteanna atá i gceist a thuiscint go tapa. Beidh measúnú iomlán san áireamh ann maidir le hargóintí uile an iarratasóra a cuireadh i láthair ag an gcéim dhearbhúcháin. Áireofar sa rannchuidiú freisin bunleagan na ndoiciméad ar diúltaíodh rochtain orthu go páirteach nó go hiomlán. Seolfar an rannchuidiú gan mhoill.

Féadfaidh an Ardrúnaíocht a iarraidh ar an Ard-Stiúrthóireacht nó ar an tseirbhís aon bheart eile is gá a dhéanamh chun cáilíocht agus fóntacht dhlíthiúil láimhseáil na hiarrata dearbhúcháin a áirithiú.

I gcás ina maíonn an t-iarratasóir nár sainaithníodh doiciméid a thagann faoi raon feidhme a n-iarratas sa fhreagra tosaigh, déanfaidh an Ard-Stiúrthóireacht nó an tseirbhís chuardach athnuaite ar dhoiciméid agus, más infheidhme, cuirfidh sí nóta ar fáil don Ardrúnaíocht arna shíniú ag a hArd-Stiúrthóir nó ag an gCeann Seirbhíse lena bhfianaítear nach bhfuil aon doiciméid ábhartha ann ina seilbh.

Más rud é, agus iarratas dearbhúcháin á láimhseáil aici, go dtagann an Ardrúnaíocht ar an eolas nár sainaithníodh doiciméid a bhí ann roimh dháta cláraithe an iarratais tosaigh agus a thagann faoina raon feidhme sa fhreagra tosaigh, cláróidh an Coimisiún iarraidh tosaigh nua ar leithligh ex officio, d’fhonn a ráthú go láimhseálfar an t-iarratas dearbhúcháin níos tapúla i ndáil leis na doiciméid a sainaithníodh cheana faoi raon feidhme an chinnidh tosaigh, chomh maith le cead a thabhairt don iarratasóir iarratas dearbhúcháin a thabhairt isteach ar deireadh lena n-iarrfar ar an institiúid athmhachnamh a dhéanamh ar a seasamh maidir le nochtadh na ndoiciméad nua-aitheanta.

6.   Leis an gcinneadh dearbhúcháin, cuirfear in iúl d'iarratasóirí go bhfuil sé de cheart acu caingean a thabhairt os comhair na Cúirte Ginearálta nó gearán a thaisceadh leis an Ombudsman Eorpach faoi na coinníollacha a shonraítear in Airteagail 263 agus 228 faoi seach den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

7.   Foilsítear cinntí dearbhúcháin anaithnide arna nglacadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 i bprionsabal ar Thairseach EASE.

Airteagal 12

Comhairliúcháin maidir le doiciméid tríú páirtí

1.   Maidir le doiciméid tríú páirtí, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an tríú páirtí d’fhonn a mheas an bhfuil eisceacht i mír 1 nó i mír 2 d’Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 infheidhme, gan dochar do mhír 2 agus do mhír 3 den Airteagal reatha.

Chun críocha an Airteagail seo, is é a bheidh i ‘dtríú páirtí’ an t-eintiteas seachas an Coimisiún arb é údar an doiciméid atá i seilbh an Choimisiúin é.

Má tá údar cuí le himthosca sonracha, féadfaidh an tseirbhís inniúil dul i gcomhairle freisin leis an eintiteas a chuir an doiciméad faoi bhráid an Choimisiúin ach nach é údar an doiciméid iarrtha é.

2.   Má mheasann an Coimisiún gur léir nach mór rochtain ar an doiciméad tríú páirtí nó ar na doiciméid tríú páirtí a dhiúltú faoi cheann de na heisceachtaí dá bhforáiltear le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, diúltófar rochtain ar an doiciméad nó ar na doiciméid gan dul i gcomhairle leis an tríú páirtí.

3.   Tabharfaidh an Coimisiún rochtain ar an doiciméad tríú páirtí nó ar na doiciméid tríú páirtí gan dul i gcomhairle leis an tríú páirtí sna cásanna seo a leanas:

(a)

go bhfuil an doiciméad a iarradh nochta cheana féin ag a údar nó faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 nó faoi fhorálacha comhchosúla;

(b)

gur léir nach ndéanfadh nochtadh, nó nochtadh páirteach, a chuid ábhar difear do cheann de na leasanna dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

4.   Tabharfar sprioc-am don tríú páirtí a rachfar i gcomhairle leis i gcomhréir le mír 1 chun freagra a thabhairt agus ní bheidh an sprioc-am sin níos giorra ná cúig lá oibre. Ní mór an sprioc-am a bheith de chineál ina mbeidh an Ardrúnaíocht, an Ard-Stiúrthóireacht nó an tseirbhís in ann na sprioc-amanna maidir le freagra a thabhairt a chomhlíonadh, sprioc-amanna atá leagtha amach in Airteagail 7 agus 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001. In éagmais freagra ón tríú páirtí laistigh den sprioc-am, nó mura bhfuil an tríú páirtí inaimsithe nó inaitheanta, cinnfidh an Ardrúnaíocht, an Ard-Stiúrthóireacht nó an tseirbhís an bhfuil feidhm ag na heisceachtaí in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, ag cur leasanna dlisteanacha an tríú páirtí san áireamh ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún.

5.   Is trína mBuanionadaíochtaí chuig an Aontas Eorpach a rachfar i gcomhairle leis na Ballstáit maidir le doiciméid arna dtionscnamh acu.

6.   I gcás ina ndéanann an Ballstát agóid in aghaidh nochtadh poiblí a dhoiciméid lena ndéantar eisceachtaí a agairt mar atá leagtha síos in Airteagal 4(1) go (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, is leor measúnú prima facie ar na hagóidí sin agus ar na cúiseanna atá mar bhonn taca le seasamh an Bhallstáit ina leith sin. Déanfar tagairt sa fhreagra nó sa chinneadh do réasúnú an Bhallstáit chun go mbeidh an t-iarratasóir in ann forais agus bunús an diúltaithe a thuiscint. In éagmais cúiseanna leis an agóid a chuir an Ballstát lena mbaineann isteach, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go mbeidh feidhm ag eisceacht amháin, ag roinnt eisceachtaí nó ag eisceacht ar bith.

7.   Má tá sé ar intinn ag an Ard-Rúnaíocht, ag an Ard-Stiúrthóireacht nó ag an tseirbhís rochtain a thabhairt ar dhoiciméad in aghaidh agóid fhollasach an tríú páirtí nó an Bhallstáit, tabharfaidh sí fógra don tríú páirtí nó don Bhallstát go bhfuil sé ar intinn aici an doiciméad a nochtadh. Cuirfear an tríú páirtí nó an Ballstát ar an eolas faoi na leigheasanna atá ar fáil chun cur in aghaidh an nochta, is iad sin caingean le haghaidh neamhniú os comhair na Cúirte Ginearálta agus iarraidh ar bhearta eatramhacha os comhair Uachtarán na Cúirte Ginearálta. Ní fhéadfar rochtain a thabhairt ar an doiciméad ábhartha ach amháin tar éis thréimhse deich lá oibre, tréimhse a thosóidh ón tráth a admhóidh an tríú páirtí nó an Ballstát go bhfuair sé an fógra.

8.   I gcás ina bhfaighidh Ballstát iarratas ar rochtain ar dhoiciméad de thionscnamh an Choimisiúin, féadfaidh sé, chun críocha an chomhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh 1049/2001, dul i dteagmháil leis an Ardrúnaíocht, agus is í a bheidh freagrach as an Ard-Stiúrthóireacht nó an tseirbhís atá freagrach as an doiciméad laistigh den Choimisiún a chinneadh.

Airteagal 13

Éifeacht Erga omnes maidir le cinneadh rochtain phoiblí a thabhairt tar éis iarratas a fháil

Beidh doiciméid arna nochtadh ag an gCoimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ar fáil don phobal i gcoitinne (‘erga omnes’ ).

Mar gheall ar éifeacht erga omnes ar Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, ní féidir leis an gCoimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

diúltú do rochtain ar dhoiciméad arna scaoileadh go dlíthiúil faoin Rialachán sin a thabhairt d’iarratasóirí eile; agus/nó

(b)

rochtain níos lú a thabhairt ar dhoiciméad a nochtadh roimhe sin faoin Rialachán sin.

Foilseofar doiciméid a nochtfar faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ar Thairseach EASE nó ar ardán comhchosúil ar líne. Féadfaidh an Coimisiún módúlachtaí sonracha a bhunú maidir le rochtain ar ardáin den sórt sin. Ní ghlacann an Coimisiún aon fhreagracht as athúsáid na ndoiciméad nochta faoi réir cearta maoine intleachtúla tríú páirtí. Féadfaidh an Coimisiún a oibleagáid maidir le rochtain a thabhairt a chomhlíonadh trína chur in iúl don iarratasóir conas doiciméad a scaoil sé roimhe seo a fháil.

Féadfaidh an Coimisiún freagra a thabhairt ar líon mór iarratais ar an doiciméad céanna nó ar na doiciméid chéanna nó ar an ábhar sonrach céanna, go háirithe nuair a chuirtear i bhfocail iad i dtéarmaí comhchosúla, trí nochtadh aonair. Cuirfear gach iarratasóir ar an eolas faoin bhfoilsiú sin agus faoi na modhanna sásaimh ábhartha.

Airteagal 14

Sonraí pearsanta

1.   I gcás ina bhfuil sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) i ndoiciméad ar iarradh rochtain phoiblí air, láimhseálfar sonraí pearsanta den sórt sin i gcomhréir le forálacha an Rialacháin sin.

2.   Nuair a bheidh siad le feiceáil i ndoiciméid atá faoi réir iarrata faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, nochtfar céannacht agus feidhm bhaill foirne an Choimisiúin ar leibhéal Stiúrthóra nó os a chionn sin, lena n-áirítear Coimisinéirí agus comhaltaí dá gComh-Aireacht, i gcás ina luaitear iad i gcomhthéacs a ndualgas gairmiúil, mura bhfuil aon chúis ann glacadh leis go bhféadfaí dochar a dhéanamh do leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí.

Nochtfar céannacht agus feidhm na ndaoine nádúrtha seo a leanas freisin, i gcás ina luaitear iad i gcomhthéacs a ndualgas gairmiúil, mura bhfuil aon chúis ann glacadh leis go bhféadfaí dochar a dhéanamh do leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí:

(a)

figiúirí poiblí atá ag gníomhú ina gcáil phoiblí, amhail Ceann Stáit, Uachtarán, Aire, oifigigh shinsearacha Stáit, Ceann riaracháin réigiúnaigh, Ambasadóir, Feisire Parlaiminte, Buanionadaí, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, Ard-Rúnaí nó a choibhéis agus os a chionn sin d’institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, nó eagraíochtaí idir-rialtasacha idirnáisiúnta, chomh maith le Príomhoifigigh na hEaglaise.

(b)

Uachtaráin, Ard-Stiúrthóirí, Príomhoifigigh Feidhmiúcháin, Príomhoifigigh Oibriúcháin nó ionadaí dlíthiúil coibhéiseach daoine dlítheanacha amhail cuideachtaí, cuibhreannais, eagraíochtaí neamhrialtasacha, lena n-áirítear meithleacha machnaimh, comhlachais.

3.   I gcás ina bhfuil sonraí pearsanta i ndoiciméad a cuireadh ar fáil don phobal go dleathach cheana, ní dhéanfaidh an Coimisiún ach an doiciméad a tharchur chuig an iarratasóir nó é a threorú chuig an nasc poiblí ina bhfuil an doiciméad ar fáil.

4.   Nuair a iarrfaidh iarratasóirí rochtain ar dhoiciméid ina bhfuil a sonraí pearsanta féin, láimhseálfar na hiarrataí sin faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1725, mura n-iarrfaidh na hiarratasóirí go sonrach go láimhseálfar iarrataí den sórt sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001. Sa chás deireanach sin, cuirfear an t-iarratasóir ar an eolas, chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint, go nochtfar na doiciméid iarrtha don phobal gan a gcuid sonraí pearsanta, mura gcomhlíontar an tástáil riachtanais agus comhréireachta faoi Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/1725.

5.   Bheadh tarchur sonraí pearsanta i gceist le haon iarraidh ó thríú páirtí a ndeachthas i gcomhairle leis faoi Airteagal 4(4) agus (5) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 go mbeadh a fhios aige céannacht an iarratasóra agus diúltófar an iarraidh sin faoi fhorálacha Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 15

Breithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus moltaí an Ombudsman Eorpaigh a chur chun feidhme

1.   I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt a cinneadh dearbhúcháin a neamhniú, glacfaidh an Coimisiún cinneadh dearbhúcháin nua lena gcuirfear an breithiúnas sin chun feidhme.

2.   I gcás ina bhfuil togra le haghaidh réitigh nó molta déanta ag an Ombudsman Eorpach, féadfaidh an Coimisiún, tar éis measúnú a dhéanamh ar na hargóintí arna soláthar ag an Ombudsman Eorpach, cinneadh a dhéanamh rochtain bhreise nó rochtain iomlán a thabhairt ar dhoiciméid faoi chuimsiú fhreagra an Choimisiúin ar an togra nó ar an moladh.

Foilseofar na doiciméid a nochtar ar an gcaoi sin agus freagra an Choimisiúin ar an Ombudsman Eorpach araon ar Thairseach EASE.

Airteagal 16

Rialacha speisialta is infheidhme maidir le hiarrataí ar rochtain ar dhoiciméid a bhaineann le gníomhaíochtaí OLAF, an Choiste Maoirseachta agus an Rialaitheora ráthaíochtaí nós imeachta

1.   Maidir le freagraí tosaigh, de mhaolú ar Airteagal 10(5) de na Rialacha seo, má bhaineann an iarraidh le doiciméid a bhaineann le himscrúduithe riaracháin na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus in Airteagal 2(1) agus (2) de Chinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún lena mbunaítear OLAF (8), is é Stiúrthóir OLAF atá ainmnithe ag Ard-Stiúrthóir OLAF chun na críche sin ag OLAF a shíneoidh an freagra tosaigh.

Beidh feidhm ag an riail chéanna maidir le doiciméid a bhaineann le cúrsaí foirne a ngníomhaíonn Ard-Stiúrthóir OLAF mar údarás ceapacháin ina leith.

Má bhaineann an t-iarratas le doiciméid a bhaineann le gníomhaíochtaí an Choiste Maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus nach de thionscnamh OLAF iad, déanfaidh Ceann Rúnaíocht an Choiste Maoirseachta an freagra tosaigh a shíniú tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Maoirseachta.

Rachaidh Rúnaíocht an Choiste Maoirseachta i gcomhairle le OLAF má nochtar sna doiciméid a bhaineann le gníomhaíochtaí an Choiste Maoirseachta faisnéis maidir le céimeanna imscrúdaitheacha sonracha a rinneadh in imscrúdú OLAF, nó maidir lena dtoradh, sa chaoi gur féidir leis an bpobal imscrúdú OLAF a shainaithint, lena n-áirítear an faisnéiseoir nó an duine lena mbaineann an t-imscrúdú. Ní mheasfar gur faisnéis den sórt sin í cás-uimhir an imscrúdaithe. Féachfaidh Rúnaíocht an Choiste Maoirseachta agus OLAF le teacht ar réiteach lena n-áiritheofar go ndéileálfar go tapa leis an iarratas. Cuirfidh Ceann Rúnaíocht an Choiste Maoirseachta tuairim OLAF san áireamh.

Má bhaineann an t-iarratas le doiciméid a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí Rialaitheoir na ráthaíochtaí nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9a agus Airteagal 9b de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus nach de thionscnamh OLAF iad, síneoidh Rialaitheoir na ráthaíochtaí nós imeachta an freagra tosaigh.

Rachaidh an Rialaitheoir ráthaíochtaí nós imeachta i gcomhairle le OLAF má nochtar sna doiciméid a bhaineann le gníomhaíochtaí an Rialaitheora ráthaíochtaí nós imeachta faisnéis maidir le céimeanna imscrúdaitheacha sonracha a rinneadh nó an toradh a bhí orthu in imscrúdú inaitheanta de chuid OLAF. Ní mheasfar gur faisnéis den sórt sin í cás-uimhir an imscrúdaithe. Féachfaidh an Rialaitheoir agus OLAF le teacht ar réiteach lena n-áiritheofar go ndéileálfar go tapa leis an iarratas. Cuirfidh an Rialaitheoir tuairim OLAF san áireamh.

2.   Maidir le cinntí dearbhúcháin, de mhaolú ar Airteagal 11(1) de na Rialacha seo, i gcás ina mbaineann an t-iarratas dearbhúcháin le doiciméid a bhaineann le himscrúduithe riaracháin na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus in Airteagal 2(1) agus (2) de Chinneadh 1999/352/CE ón gCoimisiún, tarmligtear an chumhacht chun cinntí a dhéanamh maidir le hiarratais dearbhúcháin chuig Ard-Stiúrthóir OLAF. Déanfaidh Ard-Stiúrthóir OLAF an cinneadh tar éis comhaontú a fháil ón tSeirbhís Dlí. Beidh feidhm ag an méid sin maidir le hiarratais dearbhúcháin a bhaineann le cúrsaí foirne a ngníomhaíonn Ard-Stiúrthóir OLAF mar údarás ceapacháin ina leith.

Déantar an chumhacht cinntí a dhéanamh maidir le hiarratais dearbhúcháin a tharmligean chuig an Ard-Rúnaí nuair a bhaineann na hiarratais dearbhúcháin le freagraí tosaigh arna n-eisiúint ag Ceann Rúnaíocht an Choiste Maoirseachta nó ag an Rialaitheoir ráthaíochtaí nós imeachta. Rachaidh an tArd-Rúnaí i gcomhairle le OLAF má nochtar sna doiciméid faisnéis maidir le céimeanna imscrúdaitheacha sonracha a rinneadh in imscrúdú OLAF, nó maidir lena dtoradh, sa chaoi gur féidir leis an bpobal imscrúdú OLAF a shainaithint, lena n-áirítear an faisnéiseoir nó an duine lena mbaineann an t-imscrúdú.

Airteagal 17

Prionsabal an chomhair dhílis

Déileálfar le hiarratais ar rochtain ar dhoiciméid arna gcur isteach ag údaráis nó comhlachtaí náisiúnta, lena n-áirítear údaráis bhreithiúnacha, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis dá bhforáiltear faoi Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

I gcás iarraidh shainráite ó na húdaráis náisiúnta, láimhseálfaidh an Coimisiún a n-iarratas faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

Airteagal 18

Cur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar

I gcomhréir le hAirteagal 122 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (9), agus maidir le gach tagairt do na Ballstáit agus dá n-údaráis i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 agus sna Rialacha atá ann faoi láthair, tá sé le tuiscint go n-áirítear iontu an Ríocht Aontaithe agus a húdaráis i ndáil le doiciméid arna dtarraingt suas ag an gCoimisiún nó arna bhfáil aige roimh dheireadh na hidirthréimhse nó tar éis dheireadh na hidirthréimhse maidir le gníomhaíochtaí an Aontais de bhun an Chomhaontaithe sin.

Airteagal 19

Láimhseáil iarratas ar rochtain ar dhoiciméid rúnaicmithe

I gcás ina mbaineann iarratas ar rochtain le doiciméad íogair mar a shainítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, nó le doiciméad eile atá rúnaicmithe i gcomhréir leis na rialacha slándála ábhartha, láimhseálfaidh oifigigh é a bhfuil an ceart acu a bheith ar an eolas i dtaobh an doiciméid sin i gcomhréir le rialacha slándála an Choimisiúin lena mbaineann.

Tabharfar cúiseanna ar bhonn na n-eisceachtaí a liostaítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le haon chinneadh ina ndiúltaítear rochtain ar an doiciméad rúnaicmithe go hiomlán nó go páirteach. I gcás nach féidir rochtain ar an doiciméad iarrtha a dhiúltú ar bhonn na n-eisceachtaí sin, áiritheoidh tArd-Stiúrthóireacht nó an tseirbhís a láimhseálfaidh an t-iarratas go scaoilfear an doiciméad ó rúnaicmiú sula seolfar chuig an iarratasóir é.

Beidh comhaontú an údaráis tionscnaimh ag teastáil má thugtar rochtain ar dhoiciméad rúnaicmithe.

Airteagal 20

Eagrú inmheánach

Ainmneoidh na hArd-Stiúrthóireachtaí agus na seirbhísí uile ball foirne tiomnaithe a bhfuil cúlra láidir dlí aige mar chomhordaitheoir ‘rochtain ar dhoiciméid’ a áiritheoidh cur chun feidhme cuí Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 laistigh den Ard-Stiúrthóireacht nó den tseirbhís lena mbaineann, lena n-áirítear urramú teorainneacha ama agus comhsheasmhacht na bhfreagraí.

Áiritheoidh an Ardrúnaíocht go ndéanfaidh Ard-Stiúrthóireachtaí agus seirbhísí an Choimisiúin comhordú ar na Rialacha sin agus go gcuirfidh siad chun feidhme iad ar bhealach aonfhoirmeach. Chuige sin, cuirfidh sí an chomhairle, na treoirlínte agus an oiliúint uile is gá ar fáil dóibh.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).

(2)   IO L 430, 2.12.2021, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2121/oj.

(3)  Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1925/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE, (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).

(5)  Rialachán Uimh. 1 lena gcinntear na teangacha a úsáidfidh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, (IO 17, 6.10.1958, lch. 385, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1958/1(1)/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(7)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/883/oj).

(8)  Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 28 Aibreán 1999 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1999/352/oj).

(9)  Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/withd_2020/sign).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3080/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top