Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Council Decision (CFSP) 2024/3004 of 2 December 2024 amending Decision (CFSP) 2020/1999 concerning restrictive measures against serious human rights violations and abuses
Cinneadh (CBES) 2024/3004 ón gComhairle an 2 Nollaig 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
Cinneadh (CBES) 2024/3004 ón gComhairle an 2 Nollaig 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
ST/15246/2024/INIT
IO L, 2024/3004, 3.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3004/oj
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)
An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1999 (1).
(2)
Ar bhonn athbhreithniú ar an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999, ba cheart síneadh a chur, go dtí an 8 Nollaig 2025, leis na bearta a leagtar amach in Airteagail 2 agus 3 den Chinneadh sin a mhéid a bhaineann le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis, agus comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn sin, ach amháin i gcás duine éagtha amháin. Ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le 31 duine nádúrtha agus naoi n-eintiteas a liostaítear san Iarscríbhinn sin a thabhairt cothrom le dáta.
(3)
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2020/1999 a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 mar a leanas:
(1)
in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (1):
‘1. ‘Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 8 Nollaig 2026 agus coinneofar faoi shíor-athbhreithniú é. Beidh feidhm ag na bearta a leagtar amach in Airteagail 2 agus 3 a mhéid a bhaineann le daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis, agus comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn, go dtí an 8 Nollaig 2025.’
;
(2)
leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Nollaig 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
NAGY M.
(1) Cinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 13).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 mar a leanas:
(1)
i roinn ‘A. Daoine nádúrtha’, scriostar iontráil 16;
(2)
i roinn ‘A. Daoine nádúrtha’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann leis an 31 duine nádúrtha seo a leanas:
Ainmneacha (Traslitriú i script na Laidine)
Ainmneacha
Faisnéis aitheantais
Cúiseanna lena liostú
Dáta an liostaithe
‘1.
Alexander (Alexandr) Petrovich KALASHNIKOV
Aлександр Петрович КАЛАШНИКОВ
(litriú Rúisise)
Post/poist: Iar-stiúrthóir ar Russian Federal Penitentiary Service (FSIN)
Dáta breithe: 27.1.1964
Áit bhreithe: Tatarsk, Novosibirsk Region/Oblast, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir aitheantais: 771670606787
Bhí Alexander Kalashnikov ina stiúrthóir ar Russian Federal Penitentiary Service (FSIN) ón 8 Deireadh Fómhair 2019 go dtí an 25 Samhain 2021. Sa cháil sin, rinne sé formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí uile FSIN. Ina cháil mar stiúrthóir ar FSIN, bhí sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha.
Agus Alexei Navalny ag teacht chuige féin sa Ghearmáin (Meán Fómhair 2020–Eanáir 2021) toisc gur nimhíodh é le néar-oibreán tocsaineach de ghrúpa Novichok, d’éiligh FSIN, an 28 Nollaig 2020, go gcuirfeadh sé é féin i láthair oifigeach promhaidh láithreach nó go mbeadh pianbhreith príosúnachta os a chomhair amach mar gheall ar phianbhreith ar fionraí mar gheall ar chiontú i gcalaois a shárú. In 2018, bhí an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine tar éis a chinneadh go raibh an ciontú sin treallach agus éagórach. An 17 Eanáir 2021, agus iad ag gníomhú ar ordú Alexander Kalashnikov, chuir oifigigh de chuid FSIN Alexei Navalny faoi choinneáil ar theacht isteach in aerfort Mhoscó dó.
Tá gabháil Alexei Navalny bunaithe ar chinneadh ó chúirt cathrach Khimki, ar cinneadh é a eisíodh ar a uain ar iarraidh ó FSIN. Go déanach i mí na Nollag 2020, bhí FSIN tar éis a iarraidh cheana féin go gcuirfeadh cúirt téarma príosúnachta in ionad phianbhreith ar fionraí Alexei Navalny. An 17 Feabhra 2021, d’ordaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine do Rialtas na Rúise Alexei Navalny a scaoileadh saor.
2.3.2021
2.
Alexander (Alexandr) Ivanovich BASTRYKIN
Алексaндр Ивaнович БАСТРЫКИН
Post/poist: Cathaoirleach ar Choiste Fiosrúcháin Chónaidhm na Rúise
Dáta breithe: 27.8.1953
Áit bhreithe: Pskov, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir aitheantais: 782618375392
Tá Alexander Bastrykin ina chathaoirleach ar Choiste Fiosrúcháin Chónaidhm na Rúise (“an Coiste”) ó mhí Eanáir 2011 i leith (agus bhí sé ina chathaoirleach gníomhach ó mhí Dheireadh Fómhair go mí na Nollag 2010). Sa cháil sin, déanann sé formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí uile an Choiste. Go hoifigiúil, is é Uachtarán na Rúise a dhéanann cathaoirleacht ar an gCoiste. Ina cháil mar chathaoirleach ar an gCoiste, tá Alexander Bastrykin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha.
Tá Alexander Bastrykin freagrach as feachtais diansmachta fhorleathana chórasacha an Choiste in aghaidh fhreasúra na Rúise, feachtais atá dírithe ar chomhaltaí an fhreasúra agus a dhéanann imscrúdú ina leith. An 29 Nollaig 2020, sheol an Coiste imscrúdú maidir le ceannaire an fhreasúra Alexei Navalny, agus cúisíodh é as calaois fhorleathan. D’fhoilsigh Alexei Navalny agus daoine eile ailt maidir le húinéireacht Alexander Bastrykin ar ghnólacht réadmhaoine Seiceach LAW Bohemia sna 2000í.
In 2022, rinne an Coiste Fiosrúcháin, a bhfuil Alexander Bastrykin fós ina chathaoirleach air, 92 shaighdiúir de chuid na hÚcráine a chúiseamh as coireanna in aghaidh an chine dhaonna le linn chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
2.3.2021
4.
Viktor Vasilievich (Vasilyevich) ZOLOTOV
Виктор Васильевич ЗОЛОТОВ
Post/poist: Stiúrthóir ar Federal Service of National Guard Troops of the Russian Federation (Rosgvardia)
Dáta breithe: 27.1.1954
Áit bhreithe: Sasovo, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir aitheantais: 770600283509
Tá Viktor Zolotov ina Stiúrthóir ar Federal Service of National Guard Troops of the Russian Federation (Rosgvardia) ón 5 Aibreán 2016 i leith agus, dá bhrí sin, ina Ardcheannasaí ar National Guard Troops of the Russian Federation, agus ina Cheannasaí ar OMON, aonad soghluaiste sainchuspóireach arna chomhtháthú in Rosgvardia. Sa cháil seo, déanann sé formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí uile thrúpaí Rosgvardia agus OMON. Ina cháil mar stiúrthóir Rosgvardia, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha, agus sáruithe forleathana córasacha ar shaoirse comhthionóil shíochánta agus comhlachais, go háirithe trí chur faoi chois foréigneach agóidí agus léirsithe.
Fostaíodh Rosgvardia chun deireadh a chur leis na léirsithe ar son Navalny a reáchtáladh an 23 Eanáir agus an 21 Aibreán 2021, agus tuairiscíodh gur imir roinnt mhaith oifigigh de chuid OMON agus an Gharda Náisiúnta brúidiúlacht agus foréigean ar na hagóideoirí. D’ionsaigh na fórsaí slándála na scórtha iriseoirí, lena n-áirítear comhfhreagraí Meduza, Kristina Safronova, ar bhuail oifigeach OMON í agus iriseoir ó Novaya Gazeta, Yelizaveta Kirpanova, a bhí ag cur fola i ndiaidh buille a fháil sa cheann le smachtín. Le linn na léirsithe an 23 Eanáir 2021, chuir na fórsaí slándála níos mó ná 300 mionaoiseach faoi choinneáil go treallach.
2.3.2021
6.
WANG Junzheng
(Litriú Síneach)
Post/poist: Comhalta de 20ú Coiste Lárnach (mí na Nollag 2022 – mí na Nollag 2026) Pháirtí Cumannach na Síne (CCP); Leas-Uachtarán ar an 14ú Daon-Chomhdháil Náisiúnta (NPC, mí Feabhra 2023 go mí Feabhra 2027); Rúnaí Páirtí Pháirtí Cumannach na Síne (CCP) i Réigiún Féinrialaitheach na Tibéide (TAR); Stiúrthóir ar Choiste Gnóthaí Eachtracha Réigiún Féinrialaitheach na Tibéide (TAR) (ó mhí na Bealtaine 2024); iar-Rúnaí Páirtí an Xinjiang Production and Construction Corps (XPCC), agus Leas–Rúnaí Choiste an Pháirtí i Réigiún Féinrialaitheach Uigiúrach Xinjiang na Síne; Coimeasár polaitiúil XPCC agus POF China Xinjian Group
Dáta breithe: Mí na Bealtaine 1963
Áit bhreithe: Linyi, Shandong (an tSín)
Náisiúntacht: Síneach
Inscne: fireann
Rúnaí Páirtí Pháirtí Cumannach na Síne (CCP) i Réigiún Féinrialaitheach na Tibéide (TAR) ó mhí Dheireadh Fómhair 2021. Comhalta de 20ú Coiste Lárnach (mí na Nollag 2022 – mí na Nollag 2026) Pháirtí Cumannach na Síne (CCP). Leas-Uachtarán ar an 14ú Daon-Chomhdháil Náisiúnta (NPC, mí Feabhra 2023 go mí Feabhra 2027).
Iar-Rúnaí Páirtí ar an Xinjiang Production and Construction Corps (XPCC) agus Leas-Rúnaí Choiste an Pháirtí i Réigiún Féinrialaitheach Uigiúrach Xinjiang (XUAR) na Síne ó mhí Aibreáin 2020 go mí Dheireadh Fómhair 2021, agus coimeasár polaitiúil XPCC ó mhí na Bealtaine 2020 go mí Dheireadh Fómhair 2021. Iar-Rúnaí ar Choiste um Ghnóthaí Polaitiúla agus Dlíthiúla XUAR, ó mhí Feabhra 2019 go dtí mí Mheán Fómhair 2020. Bhí poist shinsireacha eile ag Wang Junzheng in XPCC.
Is eagraíocht eacnamaíoch pharaimíleatach faoi úinéireacht an stáit in XUAR é XPCC, a bhfuil an t-údarás riaracháin á fheidhmiú aige agus na gníomhaíochtaí eacnamaíocha á rialú aige in Xinjiang.
Ina cháil mar Rúnaí Páirtí agus coimeasár polaitiúil ar XPCC, bhí páirt ag Wang Junzheng sna beartais go léir a chuir XPCC chun feidhme a mhaoirsiú. Sa phost sin, bhí sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneáil threallach ar mórscála agus táiríde ar Uigiúraigh agus ar dhaoine de chuid mionlach eitneach Moslamach eile, chomh maith le sáruithe córasacha ar a saoirse reiligiúin nó creidimh, mar chuid, inter alia, den chur chun feidhme a rinne an XPCC ar chlár mórscála faireachais, coinneála agus síolteagaisc a bhí spriocdhírithe ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile.
Bhí sé freagrach freisin as an úsáid chórasach a bhaineann XPCC as Uigiúraigh agus daoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile mar lucht saothair éignithe, go háirithe i ngoirt chadáis.
Ina cháil mar Leas-Rúnaí ar Choiste Páirtí XUAR, bhí páirt ag Wang Junzheng i maoirsiú na mbeartas slándála go léir atá á gcur chun feidhme in Xinjiang, lena n-áirítear an clár réamhluaite lena spriocdhírítear ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile. Ina cháil mar Rúnaí ar Choiste um Ghnóthaí Polaitiúla agus Dlíthiúla XUAR ó mhí Feabhra 2019 go dtí mí Mheán Fómhair 2020, bhí Wang Junzheng freagrach as an tslándáil inmheánach a choimeád agus forfheidhmiú an dlí in XUAR. Mar sin, bhí príomhphost polaitiúil aige i gceannas ar mhaoirsiú agus ar chur chun feidhme an chláir réamhluaite.
22.3.2021
7.
WANG Mingshan
(Litriú Sínise)
Post/poist: Leas-Uachtarán ar an 14ú Daon-Chomhdháil Náisiúnta (NPC, mí Feabhra 2023 go mí Feabhra 2027); Leas-Stiúrthóir Bhuanchoiste Choiste Páirtí Réigiún Féinrialaitheach Uigiúrach Xinjiang (XUAR)
Dáta breithe: Eanáir 1964
Áit bhreithe: Wuwei, Gansu (an tSín)
Náisiúntacht: Síneach
Inscne: fireann
Leas-Stiúrthóir (ó mhí Feabhra 2024) agus iar-chomhalta de Bhuanchoiste Choiste Páirtí Réigiún Féinrialaitheach Uigiúrach Xinjiang (XUAR). Leas-Uachtarán ar an 14ú Daon-Chomhdháil Náisiúnta (NPC, mí Feabhra 2023 go mí Feabhra 2027).
IarStiúrthóir agus Leas-Rúnaí an Pháirtí ar Bhiúró Slándála Poiblí Xinjiang (XPSB) idir 2017 agus mí Eanáir 2021.
Ina cháil mar Leas-Stiúrthóir agus mar iarRúnaí ar Choiste um Ghnóthaí Polaitiúla agus Dlíthiúla XUAR (mí Mheán Fómhair 2020 – mí Feabhra 2024), tá Wang Mingshan freagrach as an slándáil inmheánach agus forfheidhmiú an dlí a choinneáil in XUAR. Mar sin, tá príomhról polaitiúil aige agus maoirseacht ar chlár faireachais, coinneála agus síolteagaisc ar an mórscála faoina chúram aige ina ndéantar spriocdhíriú ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile.
Ina cháil mar IarStiúrthóir agus Leas-Rúnaí an Pháirtí ar XPSB (2017 go Eanáir 2021), bhí príomhról aige i bhfearas slándála Xinjiang agus bhí sé freagrach go díreach as an gclár thuasluaite a chur chun feidhme. Go háirithe, rinne XPSB an “Integrated Joint Operations Platform” (IJOP) (Ardán d’oibríochtaí comhpháirteacha comhtháite) a imscaradh, clár mórshonraí a úsáidtear chun na milliúin Uigiúrach a rianú agus aird a tharraingt orthu siúd a mheastar “baol bagartha” a bheith ag baint leo lena gcur go campaí coinneála.
Mar gheall ar an bpost atá aige faoi láthair agus na feidhmeanna a bhí aige roimhe sin, tá Wang Mingshan freagrach as mí-úsáidí tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneáil threallach ar mórscála agus íde tháireach ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile, chomh maith le sáruithe córasacha ar a saoirse reiligiúin nó creidimh.
22.3.2021
8.
CHEN Mingguo
(Litriú Síneach)
Post/poist: Rúnaí Choimisiún Gnóthaí Polaitiúla agus Dlíthiúla Réigiún Féinrialaitheach Uigiúrach Xinjiang (XUAR); Comhalta de Bhuanchoiste Pháirtí Cumannach na Síne in XUAR.
Dáta breithe: Mí Dheireadh Fómhair 1966
Áit bhreithe: Yilong, Sichuan (an tSín)
Náisiúntacht: Síneach
Inscne: fireann
Rúnaí Choimisiún Gnóthaí Polaitiúla agus Dlíthiúla Réigiún Féinrialaitheach Uigiúrach Xinjiang (XUAR) agus comhalta de Bhuanchoiste Pháirtí Cumannach na Síne in XUAR ó mhí Feabhra 2024.
IarStiúrthóir Bhiúró Slándála Poiblí Xinjiang (XPSB) ó mhí Eanáir 2021 agus Leaschathaoirleach ar Rialtas Pobail Réigiún Féinrialaitheach Uigiúrach Xinjiang (XUAR).
Ina cháil mar Rúnaí Choimisiún Gnóthaí Polaitiúla agus Dlíthiúla Choimisiún Réigiún Féinrialaitheach Uigiúrach Xinjiang (XUAR), mar chomhalta de Bhuanchoiste Pháirtí Cumannach na Síne in XUAR agus mar iarStiúrthóir XPSB, tá ról lárnach ag Chen Mingguo i bhfearas slándála Xinjiang agus tá baint dhíreach aige le clár mórscála faireachais, coinneála agus síolteagaisc a chur chun feidhme a dhíríonn ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile. Go háirithe, rinne XPSB an “Integrated Joint Operations Platform” (IJOP) (Ardán d’oibríochtaí comhpháirteacha comhtháite) a imscaradh, clár mórshonraí a úsáidtear chun na milliúin Uigiúrach a rianú agus aird a tharraingt orthu siúd a mheastar “baol bagartha” a bheith ag baint leo lena gcur go campaí coinneála. Dá bhrí sin, tá Chen Mingguo freagrach as mí-úsáidí tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneáil threallach agus íde tháireach ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile, chomh maith le sáruithe córasacha ar a saoirse reiligiúin nó creidimh
22.3.2021
13.
Aiub Vakhaevich KATAEV (ar a dtugtar freisin: Ayubkhan Vakhaevich KATAEV)
Аюб Вахаевич КАТАЕВ (ar a dtugtar freisin: Аюбхан Вахаевич КАТАЕВ) (litriú Rúisise)
Post/poist: IarCheann Roinne d’Aireacht Gnóthaí Inmheánacha Chónaidhm na Rúise i gcathair Argun sa i bPoblacht na Seisnia
Dáta breithe: 1.12.1983
Áit bhreithe: Ilyinsky, an tSeisnia
Náisiúntacht: Rúiseach
Uimhir aitheantais: 200505588830, 014112081090
Inscne: fireann
Ceann Roinne d’Aireacht Gnóthaí Inmheánacha Chónaidhm na Rúise i gcathair Argun i bPoblacht na Seisnia go dtí 2018.
Ina cháil mar Cheann ar Roinn Aireachta Gnóthaí Inmheánacha Chónaidhm na Rúise in Argun, rinne Aiub Kataev maoirseacht ar ghníomhaíochtaí a dhéanann gníomhaireachtaí áitiúla um shlándáil an stáit agus gníomhaireachtaí áitiúla póilíneachta. Sa cháil sin, rinne sé féin maoirseacht ar an ngéarleanúint fhorleathan chórasach sa tSeisnia a thosaigh in 2017. Dírítear an chos ar bolg ar dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LGBTI), ar dhaoine a mheastar gur de ghrúpaí LGBTI iad, agus ar dhaoine eile a bhfuil amhras ina dtaobh go gcuireann siad i gcoinne Cheann Phoblacht na Seisnia, Ramzan Kadyrov. Tá Aiub Kataev agus fórsaí a bhí faoina cheannas tráth freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa Rúis, go háirithe céasadh agus íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach chomh maith leis an ngabháil agus an choinneáil threallach agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha nó treallacha.
Dar le go leor finnéithe, ghlac Aiub Kataev féin, páirt i gcéasadh coinnéalaithe agus rinne sé maoirseacht ar an gcéasadh sin.
22.3.2021
20.
Aleksandr Grigorievitch MALOLETKO
Александр Григорьевич МАЛОЛЕТКО
(litriú Rúisise)
Chomhoibrigh Aleksandr Maloletko go dlúth le Yevgeny Prigozhin. Mhol Yevgeny Prigozhin go poiblí a ghníomh mar “cosantóir na Máthairthíre” agus mar Cheann an “Veteran’s Interests Defenders League”. Tá sé ag obair mar theagascóir don Ghrúpa Wagner i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL). Tá baint aige leis an nGrúpa Wagner, atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL agus tá sé freagrach as tacú le gníomhartha an Ghrúpa Wagner.
25.2.2023
22.
Dimitri SYTII
Ar a dtugtar freisin
Dimitri SYTYI
Дмитрий СЫТИЙ
(litriú Rúisise)
Post/poist: Stiúrthóir Theach na Rúise in Bangui
Dáta breithe: 23.3.1989
Áit bhreithe: Mionsc, (an Bhealarúis)
Náisiúntacht: Rúiseach
Pasuimhir: 550246878
Inscne: fireann
Seoladh: NA-SYTAIA/A1-TANKISTAZ KHRUSTITSKOGO 62 APT25/ZP-198217/CI St Petersburg, Cónaidhm na Rúise
Tá ról ceannaireachta ag Dimitri Sytii sa Ghrúpa Wagner i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL), agus bhí dlúthnaisc aige le Yevgeny Prigozhin. Tá sé i gceannas ar oibríochtaí agus beartas tionchair an Ghrúpa Wagner a stiúradh in PAL. Tá sé ina cheann ar chraobh áitiúil Theach na Rúise, géag chultúrtha aireacht gnóthaí eachtracha na Rúise.
Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL.
Mar gheall ar a ról agus an tionchar mór atá aige in PAL agus ar a ról ceannasach i nGrúpa Wagner, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag an nGrúpa Wagner in PAL.
Tá Mikhail Potepkin ina stiúrthóir ar Meroe Gold, eintiteas cumhdaigh do ghníomhaíochtaí an Ghrúpa Wagner sa tSúdáin, agus tá baint aige freisin le M-Invest, máthairchuideachta Meroe. Tá ról ceannasach aige laistigh den Ghrúpa Wagner sa tSúdáin, agus bhí dlúthnaisc aige le Yevgeny Prigozhin. Trína bheith cleamhnaithe go dlúth le lucht míleata na Súdáine, d’éirigh leis an nGrúpa Wagner ór na Súdáine a dhúshaothrú agus a onnmhairiú chuig an Rúis. Tá baint ag Potepkin leis an nGrúpa Wagner, atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear an tSúdáin. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn sé freisin leis na sáruithe sin arna ndéanamh sa tSúdáin.
25.2.2023
25.
Vitalii Viktorovitch PERFILEV
Виталий Викторович ПЕРФИЛЬЕВ
(litriú Rúisise)
Dáta breithe: 11.9.1983
Áit bhreithe: Novossibirsk USSR (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Seoladh: Bangui (Poblacht na hAfraice Láir)
Inscne: fireann
Pasuimhir: NR 75 2987491
An dáta seachadta: 30.3.2016
Dáta éaga: 30.3.2026
Bhí Vitalii Perfilev ina chomhairleoir slándála d’Uachtarán Phoblacht na hAfraice Láir (PAL) go dtí mí na Samhna 2023, agus ina phríomhphearsa sa Ghrúpa Wagner in PAL.
Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achoimre nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL.
I bhfianaise an post mórthionchair a bhí aige le linn na tréimhse nuair a bhí treascairtí ar chearta an duine á ndéanamh in PAL agus ar a róil cheannasaigh i nGrúpa Wagner, tá Vitalii Perfilev freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag an nGrúpa Wagner in PAL.
25.2.2023
26.
Andrei Sergeevich MANDEL
Андрей Сергеевич МАНДЕЛЬ
(litriú Rúisise)
Dáta breithe: 2.3.1990
Áit bhreithe: an Ghearmáin
Inscne: fireann
Pasuimhir: 753615660
Tá Andrei Mandel ina cheann ar M-Invest, eintiteas cumhdaigh d’oibríochtaí an Ghrúpa Wagner sa tSúdáin, agus tá baint aige freisin lena fhochuideachta, Meroe Gold. Tá ról ceannasach aige laistigh den Ghrúpa Wagner sa tSúdáin, agus bhí dlúthnaisc aige le Yevgeny Prigozhin. Trína bheith cleamhnaithe go dlúth le lucht míleata na Súdáine, d’éirigh leis an nGrúpa Wagner ór na Súdáine a dhúshaothrú agus a onnmhairiú chuig an Rúis. Tá baint ag Andrei Mandel leis an nGrúpa Wagner, atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achoimre nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear an tSúdáin. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn Andrei Mandel freisin leis na sáruithe sin arna ndéanamh sa tSúdáin.
25.2.2023
27.
Neda Mohammad NADEEM
(Litriú Paistise)
Post/poist: Aire Ardoideachais gníomhach an Talaban
Náisiúntacht: Afganastánach
Dáta breithe: 1977
Áit bhreithe: Kandahar, an Afganastáin
Inscne: fireann
Is é Neda Mohammed Nadeem Aire Ardoideachais gníomhach an Talaban ón 22 Deireadh Fómhair 2022 i leith.
Ó chuaigh sé i mbun a phoist, tá foraitheanta foilsithe ag an Talaban lena gcuirtear cosc ar mhná gabháil don ardoideachas ar fud na tíre. Leis na foraitheanta sin baintear de mhná a gceart chun oideachais chomh maith lena rochtain chomhionann ar oideachas, rud a sháraíonn prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná.
Dá bhrí sin, ina cháil mar Aire Ardoideachais gníomhach an Talaban, tá Neda Mohammed Nadeem freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Afganastáin, go háirithe an sárú forleathan ar cheart na mban chun oideachais agus an ceart chun cóir chomhionann idir fir agus mná i réimse an oideachais.
Áit bhreithe: Michurinsk, Tambov, Cónaidhm na Rúise
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Is é an Leifteanantchoirnéal Alexander Fedorinov oifigeach ceannais Stáisiún Póilíní Mhoscó.
Ina cháil mar cheann gníomhach ar an stáisiún póilíneachta i mí an Mhárta 2022, d’údaraigh sé gabháil agus coinneáil threallach, chomh maith le céasadh ar bhanagóideoirí frithchogaidh ina dhiaidh sin.
Dá bhrí sin, tá Alexander Georgievich Fedorinov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, go háirithe céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach chomh maith le foréigean córasach gnéasach agus inscnebhunaithe.
7.3.2023
33.
Gatluak Nyang HOTH
Náisiúntacht: an tSúdáin Theas
Inscne: fireann
Bhí Gatluak Nyang Hoth ina choimisinéir contae ar chontae Mayiandit (Unity State, an tSúdáin Theas) ó mhí Feabhra 2021 go dtí mí an Mheithimh 2024.
Sa phost sin, d’ordaigh sé do mhílístí a bhí ag obair i gcomhar leis an rialtas ionsaithe a dhéanamh i ndeisceart Unity State, idir Feabhra agus Bealtaine 2022. Le linn na tréimhse sin, bhain trúpaí faoina cheannas úsáid fhorleathan chórasach as foréigean gnéis mar oirbheart cogaidh agus is mar luach saothair agus mar theidlíocht íocaíochta d’fhir a bhí páirteach sa choimhlint a cuireadh i bhfearas é.
Dá bhrí sin, ina cháil mar choimisinéir contae, tá Gatluak Nyang Hoth freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSúdáin Theas, lena n-áirítear foréigean córasach forleathan gnéis agus inscnebhunaithe.
7.3.2023
35.
Toe UI
Ar a dtugtar freisin Toe YI
Post/poist: Leas-Aire Gnóthaí Baile
Grád: Maorghinearál
Dáta breithe: 1966
Náisiúntacht: Maenmar/Burma
Inscne: fireann
Ceapadh Maorghinearál Toe Ui mar Leas-Aire Gnóthaí Baile an 3 Feabhra 2023. Is é an t-iar-leas-ardcheannsaí ar Oifig an Cheannasaí um Ghnóthaí Slándála Míleata (OCMSA). Tá OCMSA freagrach as na hionaid choinneála agus cheistiúcháin i Maenmar/Burma a bhainistiú agus tá sé de chúram air faisnéis a bhailiú freisin.
Baineann foireann OCMSA faoi údarás Ui úsáid as nochtacht éignithe, éigniú, turraingí leictreacha, baill ghiniúna a dhó agus foréigean iomarcach le linn coinneáil agus ceistiúchán treallach fear, ban agus ball den phobal LGBTIQ.
Ina cháil mar leas-ardcheannasaí OCMSA, tá an Maor-Ghinearál Toe Ui freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Maenmar/Burma, lena n-áirítear coinneáil agus ceastóireacht threallach, agus as foréigean córasach forleathan gnéis agus inscnebhunaithe.
7.3.2023
37.
Andrei Andreevich ZADACHIN
Андрей Андреевич ЗАДАЧИН
(litriú Rúisise)
Post/poist: Imscrúdaitheoir i Móraonad Imscrúdaitheach Choiste Imscrúdaitheach Chónaidhm na Rúise; Maor
Dáta breithe: 22.8.1990
Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir Chánach Aonair: 771577190559
Cláruimhir fhioscach: YBLWST14JJ39
Ina phost mar Imscrúdaitheoir i Móraonad Imscrúdaitheach Choiste Imscrúdaitheach Chónaidhm na Rúise, d’eisigh Andrei Zadachin, ar chúiseanna polaitiúla, cúiseamh coiriúil in aghaidh Vladimir Kara-Murza. Ba é Andrei Zadachin, freisin, a d’iarr ar an gcúirt go gcoinneofaí Vladimir Kara Murza agus chuir sé fianaise tacaíochta ar fáil sa chúirt.
Is gníomhaí freasúra mór le rá é Vladimir Kara-Murza sa Rúis. Tosaíodh imeachtaí cúirte ina choinne a raibh cuspóir polaitiúil leo in 2022 bunaithe ar líomhaintí bréagacha tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus fogha na Rúise a cháineadh go poiblí. I mí Aibreáin 2023, gearradh pianbhreith 25 bliana i bpríosún/campa saothair ardslándála air. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh i gcoinne na hÚcráine. Tá córas na Rúise ag baint úsáid as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú.
Dá bhrí sin, tá Andrei Zadachin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
5.6.2023
40.
Diana Igorevna MISHCHENKO
(Sloinne roimh phósadh: GARIPOVA)
Диана Игоревнa МИЩЕНКО
(litriú Rúisise)
Post/poist: Breitheamh sa Chúirt Dúiche in Khamovniki, Moscó
Dáta breithe: 12.5.1977
Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise
Náisiúntacht: Rúiseach
Pasuimhir: 4508731961
Inscne: baineann
Cláruimhir fhioscach: K7VGTQKBDX68
Uimhir Chánach Aonair: 771805281790
Ina post mar Bhreitheamh sa Chúirt Dúiche in Khamovniki, Moscó, tá baint ag Diana Mishchenko leis an gcás cúirte a ritheadh ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne Vladimir Kara-Murza. D’eisigh sí pianbhreith chun gabháil riaracháin Vladimir Kara-Murza a fhormheas ar feadh 15 lá.
Is gníomhaí freasúra mór le rá é Vladimir Kara-Murza sa Rúis. Tosaíodh imeachtaí cúirte ina choinne a raibh cuspóir polaitiúil leo in 2022 bunaithe ar líomhaintí bréagacha tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus fogha na Rúise a cháineadh go poiblí. I mí Aibreáin 2023, gearradh pianbhreith 25 bliana i bpríosún/campa saothair ardslándála air. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáid as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú.
Dá bhrí sin, tá Diana Mishchenko freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
5.6.2023
43.
Sergei Gennadievich PODOPRIGOROV
Сергей Геннадьевич ПОДОПРИГОРОВ
(litriú Rúisise)
Post: Breitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó
Dáta breithe: 8.1.1974
Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir Chánach Aonair: 772606428578
Seoladh
Shmitovskiy Proyezd, 16c2, Moscó, an Rúis, 123100. Árasán 52.
(Шмитовский пр-д, 16с2, Москва, Россия, 123100. Квартира 52)
Ina phost mar Bhreitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó, tá baint ag Sergei Podoprigorov leis an gcás cúirte a ritheadh ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne Vladimir Kara-Murza. Bhí sé ina chathaoirleach ar collegium na mBreithiúna i gCúirt Cathrach Mhoscó, a ghearr pianbhreith 25 bliana, an 17 Aibreán 2023, ar ghníomhaí freasúra, Vladimir Kara-Murza, i bpríosún/campa saothair ardslándála.Is gníomhaí freasúra mór le rá é Vladimir Kara-Murza sa Rúis.
Tosaíodh imeachtaí cúirte ina choinne a raibh cuspóir polaitiúil leo in 2022 bunaithe ar líomhaintí bréagacha tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus fogha na Rúise a cháineadh go poiblí. I mí Aibreáin 2023, gearradh pianbhreith 25 bliana i bpríosún/campa saothair ardslándála air. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáid as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú.
Roimhe seo, thug Sergei Podoprigorov, mar Bhreitheamh sa chúirt dúiche in Tverskoi, Moscó, dhá rialú i ndáil le Sergei Magnitsky, a nocht éilliú agus mí-iompar a rinne oifigigh rialtais na Rúise; rinneadh géarleanúint air ina dhiaidh sin agus fuair sé bás i bpríosún Rúiseach.
Dá bhrí sin, tá Sergei Podoprigorov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
5.6.2023
75.
Wadim Konstantinowitsch KALININ
Вадим Kонстантинович КАЛИНИН
Post/poist: Ceann chóilíneacht phionósach IK-3
Dáta breithe: 7.3.1973
Áit bhreithe: Cónaidhm na Rúise
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir Chánach Aonair: 663401241613
Is é Wadim Kalinin Ceann choilíneacht phionósach IK-3.
Laistigh de shlabhra ceannais choilíneacht phionósach IK-3, agus é mar chuid oifigiúil de “foireann ceannais shinsearach” Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme na Rúise (FSIN) agus ról bainistíochta á ghlacadh aige, cuirtear de chúram go díreach air cinntí feidhmiúcháin a dhéanamh agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as na dálaí foriomlána príosúnachta i gcoilíneacht phionósach IK-3. Is í coilíneacht phionósach IK-3, ar a dtugtar “Polar Wolf” de ghnáth, an áit a bhfuair Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra a bhí faoi choinneáil, bás faoi chúinsí anaithnide. I measc na ndálaí príosúnachta Alexei Navalny bhí i gcoilíneacht phionósach IK-3 bhí foréigean fisiceach, mar shampla céasadh agus coinníodh siar uisce te agus éadaí leordhóthanacha sa gheimhreadh, agus coinníodh siar cúnamh leighis agus bia agus uisce chomh maith.
Dá bhrí sin, tá Wadim Kalinin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneálacha treallacha, agus sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
22.3.2024
86.
Aleksandr Aleksandrovich MUKHANOV
Александр Александрович МУХАНОВ
Post/poist: Stiúrthóir ar IK-1
Dáta breithe: 7.12.1984
Áit bhreithe: Cónaidhm na Rúise
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir Chánach Aonair: 332806323008
Is é Aleksandr Mukhanov Stiúrthóir na coilíneachta ceartúcháin No1 (IK-1) agus bhí sé ina Stiúrthóir ar choilíneacht cheartúcháin No2 (IK-2) le linn na tréimhse a coinníodh Alexei Navalny ann ó mhí an Mhárta 2021 go dtí mí an Mheithimh 2022.
Tá míchlú ar IK-2 mar gheall ar na drochdhálaí coinneála atá ann. Diúltaíodh rochtain a thabhairt do Alexei Navalny, a nimhíodh le déanaí, ar dhochtúirí sibhialtacha sa choilíneacht sin, in ainneoin na bagartha ar a shláinte.
Stiúrthóir IK-1, tá Aleksandr Mukhanov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, go háirithe céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, chomh maith leis an sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
22.3.2024
87.
Roman Alexandrovitch VIDYUKOV
Роман Александрович ВИДЮКОВ
(litriú Rúisise)
Post/poist: Leas-Cheann ar Phríomhaonad Imscrúdaitheach Choiste Imscrúdaitheach Stáit Chónaidhm na Rúise
Dáta breithe: 30.7.1980
Áit bhreithe: Cónaidhm na Rúise
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Is é Roman Vidyukov an Leas-Cheann ar Phríomhaonad Imscrúdaitheach Choiste Imscrúdaitheach Stáit Chónaidhm na Rúise agus b’imscrúdaitheoir é ag an Aonad sin.
Le linn na tréimhse ina raibh sé ina imscrúdaitheoir ag an gCoiste Imscrúdaitheach Stáit, bhí Roman Vidyukov i gceannas ar an imscrúdú ar cheann de na cásanna ina raibh Alexei Navalny páirteach agus inar gearradh téarma príosúnachta 9 mbliana air in 2022. Bhí Roman Vidyukov ina chomhalta freisin den fhoireann réamh-imscrúdaithe don chás “sciúrtha airgid” i gcoinne fhondúireacht Alexei Navalny in aghaidh an éillithe. Ina theannta sin, bhí Roman Vidyukov i gceannas ar an imscrúdú i gcoinne Lilia Chanysheva, iarcheann cheanncheathrú Alexei Navalny in Ufa, a ciontaíodh as “pobal antoisceach a chruthú”. Gearradh téarma príosúnachta 7 mbliana go leith in 2023 ar Lilia Chanysheva.
Le linn na gcásanna cúirte sin, líomhnaíodh go ndearna Roman Vidyukov bagairt ar fhinné, chun iallach a chur air fianaise a thabhairt a bheadh fabhrach don imscrúdú le linn chás calaoise Alexei Navalny.
Dá bhrí sin, tá Roman Vidyukov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabháil nó coinneáil threallach, agus as an sárú ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, agus is cúis mhór imní é an méid sin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a leagtar amach in Airteagal 21 CAE.
22.3.2024
88.
Evgenia Sergeevna NIKOLAEVA
Евгения Сергеевна НИКОЛАЕВА
(litriú Rúisise)
Post/poist: Breitheamh sa Chúirt Dúiche in Basmaniy, Moscó
Dáta breithe: 9.7.1981
Áit bhreithe: Cónaidhm na Rúise
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: baineann
Uimhir Chánach Aonair: 771873894393
Is breitheamh í Evgenia Nikolaeva sa Chúirt Dúiche in Basmanny, Moscó ó bhí 2016 ann.
Tá roinnt rialuithe eisithe aici i gcoinne lucht freasúra pholaitiúil (lena n-áirítear Alexei Navalny, Ilia Yashin agus Vladimir Kara-Murza), rud a chuireann, dá bhrí sin, leis an gcos ar bolg polaitiúil sa Rúis. I mí Dheireadh Fómhair 2023, chuir sí Alexey Liptser agus Igor Sergunin, dlíodóirí Alexei Navalny, faoi choinneáil réamhthrialach ar feadh 2 mhí. Roimhe sin, chruthaíodh sí deacrachtaí do phríosúnaigh pholaitiúla arís is arís eile, lena n-áirítear trí shíneadh a chur leis na téarmaí coinneála in ionad coinneála réamhthrialach d’iarcheann cheanncheathrú Alexei Navalny in Ufa, Lilia Chanysheva. Dhiúltaigh Evgenia Nikolaeva freisin aghaidh a thabhairt ar ghearáin i dtaobh neamhghníomh Choiste Imscrúdaitheach Chónaidhm na Rúise ar líomhain nimhiú Navalny.
Dá bhrí sin, sa phost atá aici, tá Evgenia Nikolaeva freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabháil nó coinneáil threallach, agus as an sárú ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, agus is cúis mhór imní é an méid sin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a leagtar amach in Airteagal 21 CAE.
22.3.2024
96.
Sergey Anatolevich MOROZ
Сергей Анатольевич МОРОЗ
(litriú Rúisise)
Post/poist: Ceann Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme Chónaidhm na Rúise le haghaidh Mhoscó
Dáta breithe: 15.9.1968
Áit bhreithe: Berdyansk, Zaporozhye, PPS na hÚcráine, (an Úcráin anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir Chánach Aonair: 644918369538
Is oifigeach de chuid na Rúise é Sergey Moroz. Is é Ceann na Seirbhíse Peannaidí Cónaidhme i Moscó é.
Sa phost sin, chuir sé Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra, ar liosta cónaidhme na ndaoine a bhfuiltear sa tóir orthu. Cuirtear i leith Sergey Moroz gur imir sé uirísliú agus foréigean foircneach ar dhaoine atá faoi choinneáil ar theacht dóibh faoi choinneáil.
Dá bhrí sin, tá Sergey Moroz freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
22.3.2024
97.
Elena Evgenievna MOROZOVA
Елена Евгеньевна МОРОЗОВА
(litriú Rúisise)
Post/poist: Breitheamh i gCúirt Cathrach Khimki
Dáta breithe: 2.12.1977
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: baineann
Is breitheamh Rúiseach í Elena Morozova atá ag obair i gCúirt Cathrach Khimki.
Ina post, chinn sí Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra, a chur faoi choimeád ar feadh 30 lá, nuair a d’fhill sé ar Mhoscó tar éis dó cóireáil a fháil nuair a tugadh an nimh novichok dó. Sháraigh an triail ar a raibh sí ina cathaoirleach caighdeáin maidir le triail chóir, lena n-áirítear an ceart chun athbhreithniú a dhéanamh ar ábhar na ndoiciméad díotála agus trialach, an deis dul i gcomhairle le dlíodóir, agus rochtain phoiblí ar an triail.
Dá bhrí sin, tá Elena Morozova freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
22.3.2024
99.
Mikhail Yurievich PTITSYN
Михаил Юрьевич ПТИЦЫН
(litriú Rúisise)
Post/poist: Cathaoirleach ar Chúirt Cathrach Mhoscó
Dáta breithe: 21.8.1963
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Is Cathaoirleach ar Chúirt Cathrach Mhoscó é Mikhail Ptitsyn.
Sa phost sin, rinne sé cinneadh dearfach i leith togra ó Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme na Rúise maidir le pianbhreith iomlán a chur in ionad phianbhreith phromhaidh cheannaire an fhreasúra, Alexei Navalny. Dá bhrí sin, ní raibh Alexei Navalny in ann gníomhú sa saol poiblí sa Rúis mar gur cuireadh i bpríosún i gcóilíneacht phionósach é.
Dá bhrí sin, tá Mikhail Ptitsyn freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
22.3.2024
100.
Sergey Alekseevich RYABTSEV
Сергей Алексеевич РЯБЦЕВ
(litriú Rúisise)
Post/poist: Breitheamh i gCúirt Dúiche Lefortovo i Moscó
Dáta breithe: 4.9.1989
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Is breitheamh Rúiseach é Sergey Ryabtsev atá ag obair i gCúirt Dúiche Lefortovo i Moscó.
Sa phost sin, bhí baint aige le sabaitéireacht a dhéanamh ar an imscrúdú maidir le nimhiú Alexei Navalny trí dhiúltú aghaidh a thabhairt ar an ngearán faoi neamhghníomh Stiúrthóireacht Imscrúdaitheach Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB). Thairis sin, tugann sé pianbhreitheanna i gcoinne saoirse cainte sa Rúis go leanúnach.
Dá bhrí sin, tá Sergey Ryabtsev freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
22.3.2024
101.
Petr Pavlovich SERKOV
Пётр Павлович СЕРКОВ
(litriú Rúisise)
Post/poist: An Chéad Leas-Chathaoirleach ar Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise
Dáta breithe: 7.6.1955
Áit bhreithe: Poldamasovo, réigiún Ulyanovsk, iarAPSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir Chánach Aonair: 732502615730
Is é Petr Serkov an Chéad Leas-Chathaoirleach ar Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise.
Sa phost sin, sheas sé leis an bhfíorasc i gcoinne Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra, in 2018. Dá thoradh sin, ciontaíodh Alexei Navalny agus cuireadh i bpríosún i gcoilíneacht phionósach ardslándála é chun nach mbeadh sé in ann páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht pholaitiúil. Fuair Alexei Navalny bás de bharr gur cuireadh i gcoilíneacht phionósach é.
Dá bhrí sin, tá Petr Serkov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
22.3.2024
103.
Nikolay Viktorovich TIMOSHIN
Николай Викторович ТИМОШИН
(litriú Rúisise)
Post/poist: Cathaoirleach ar Praesidium Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise
Dáta breithe: 14.8.1959
Áit bhreithe: Sráidbhaile Zhidkoe, ceantar Znamensky, réigiún Oryol, iarAPSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Is cathaoirleach ar Praesidium Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise é Nikolay Timoshin. Roimhe sin, bhí sé ina chomhalta de Praesidium na Cúirte.
Ina cháil mar chomhalta den Praesidium, sheas Nikolay Timoshin leis an bhfíorasc i gcoinne Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra, in 2018. Dá thoradh sin, ciontaíodh Alexei Navalny agus cuireadh i bpríosún i gcoilíneacht phionósach ardslándála é chun nach mbeadh sé in ann páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht pholaitiúil.
Dá bhrí sin, tá Nikolay Timoshin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
22.3.2024
104.
Vladimir Yurievich ZAITSEV
Владимир Юрьевич ЗАЙЦЕВ
(litriú Rúisise)
Post/poist: Cathaoirleach ar Dhlísheomra Achomhairc Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise
Dáta breithe: 31.3.1957
Áit bhreithe: Valamaz, Krasnogorsk, Udmurtia SSR (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Tá Vladimir Zaitsev ina Chathaoirleach ar Dhlísheomra Achomhairc Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise.
Sa phost sin, níor lig sé do Alexei Navalny seasamh sa toghchán uachtaránachta sa Rúis in 2018 i dtriail a raibh údar polaitiúil léi.
Dá bhrí sin, tá Vladimir Zaitsev freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe córasacha ar an gceart chun comhthionól síochánta agus chun comhlachais, agus chun saoirse tuairimíochta agus tuairimí a nochtadh.
22.3.2024
115.
Abdel Karim Mahmoud (Mahmood, Mohammad)
IBRAHIM
(litriú Araibise)
Post/poist: Ceann foirne Arm na Siria
Áit bhreithe: Tartous, an tSiria
Náisiúntacht: Siriach
Inscne: fireann
Is é Abdel Karim Mohammad Ibrahim ceann foirne Arm na Siria.
Déanann stát na Siria, lena n-áirítear an t-arm, céasadh córasach agus forleathan, éigniú agus foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe in aghaidh na sibhialtach.
Tá Abdel Karim Mahmoud Ibrahim, ina cháil mar cheann foirne Arm na Siria, freagrach as gníomhaíochtaí na bhfórsaí armtha atá faoina cheannas.
Dá bhrí sin, tá Abdel Karim Mahmoud Ibrahim freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus foréigean córasach forleathan gnéasach agus inscnebhunaithe.
22.7.2024’
(3)
i roinn ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann leis na naoi n-eintiteas seo a leanas:
Ainmneacha (Traslitriú i script na Laidine)
Ainmneacha
Faisnéis aitheantais
Cúiseanna lena liostú
Dáta an liostaithe
‘5.
Wagner Group (an Grúpa Wagner) (ar a dtugtar freisin Expeditionary and Volunteer Corps (Cór Sluaíochta agus Saorálaithe), Expeditionary Corps (Cór Sluaíochta), Volunteer Corps (Cór na Saorálaithe), Africa Corps (Cór na hAfraice), Vagner Group (Grúpa Vagner), PMC Wagner, Liga, League)
Группа Вагнера
(litriú Rúisise)
Is eintiteas neamhchorpraithe míleata príobháideach atá bunaithe sa Rúis é an Grúpa Wagner, a bunaíodh in 2014 mar eagraíocht a tháinig i gcomharbacht ar an gCór Slavach. Trí eintitis áitiúla a bhunú, agus le tacaíocht ó rialtais áitiúla, maoiníonn agus déanann an Grúpa Wagner a chuid oibríochtaí.
Tá an Grúpa Wagner freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Úcráin, sa tSiria, sa Libia, i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL), sa tSúdáin, i Mailí agus i Mósaimbíc, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achoimre nó treallacha.
13.12.2021
6.
Lobaye Invest SARLU
Áit chlárúcháin: Bangui (Poblacht na hAfraice Láir)
Dáta clárúcháin: 24.10.2017
Uimhir chlárúcháin: M 354838 D 0001 (Uimhir “NIF”, Uimhir aitheantais chánach)
Príomhionad gnó: Poblacht na hAfraice Láir
Faisnéis eile: Craobh de M-Finans
Is cuideachta phríobháideach é Lobaye Invest SARLU atá cláraithe i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL), fochuideachta de chuid na cuideachta Rúisí M-Finans, arna rialú ag Yevgeny Prigozhin tráth dá raibh. Tá sé á bhainistiú ag Dimitri Sytii, feidhmeannach sinsearach sa Ghrúpa Wagner agus ag Yevgeny Khodotov, a raibh baint aige le Yevgeny Prigozhin. Oibríonn Lobaye Invest mianaigh óir agus diamant in PAL. Tá sé bainteach le hoibríochtaí an Ghrúpa Wagner in PAL. Maoiníonn sé chomh maith eagraíochtaí éagsúla meán, mar shampla, an stáisiún raidió Lengo Songo, stáisiún raidió a dhéanann feachtais bhréagaisnéise agus a chuireann láithreacht an Ghrúpa Wagner in PAL chun cinn.
Tá baint ag Lobaye Invest leis an nGrúpa Wagner, atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achoimre nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn Lobaye Invest freisin leis na sáruithe sin a dhéantar in PAL.
25.2.2023
7.
DIAMVILLE
Dáta clárúcháin: 28.3.2019
Uimhir chlárúcháin: CA/BG2019B519
Príomhionad gnó: Poblacht na hAfraice Láir
Faisnéis eile: daoine agus eintitis chomhlachaithe Yevgeny Prigozhin, an Grúpa Wagner, Dimitri Sytii, Valery Zakharov, Perfilev, Svetlana Troitskaya, Lobaye Invest
Is cuideachta scáileáin é Diamville a úsáideann an Grúpa Wagner atá i láthair i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL) chun diamaint a thrádáil go neamhdhleathach. Tá dlúthbhaint aige le príomhghníomhaithe uile an Ghrúpa Wagner in PAL, cuir i gcás, Dimitri Sytii. Tá bhaint ag Diamsville leis an nGrúpa Wagner, atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achoimre nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn sé leis na sáruithe sin a dhéantar in PAL.
25.2.2023
8.
Foundation for the Defence of National Values (FDNV)
Fund for the Defence of National Values (FDNV)
Foundation/organization for the Protection of National Values (FPNV)/(FZNC)
Foundation for National Values Protection
Organization for the Protection of National Values
Áit chlárúcháin: Moscow (64 Zemlyanoy Val str., building 2, office 201, Moscow, Cónaidhm na Rúise)
Tá baint ag Foundation for the Defence of National Values (FDNV) leis an nGrúpa Wagner. Feidhmíonn FDNV mar ghéag caidrimh phoiblí an Ghrúpa Wagner. Stiúrann sé feachtais bholscaireachta agus bhréagaisnéise ar son an Ghrúpa Wagner, lena n-áirítear chun clú Wagner a fheabhsú agus chun tacú lena imscaradh, agus bíonn sé rannpháirteach i gcur isteach ceilte thar ceann an Ghrúpa Wagner sna tíortha éagsúla ina bhfuil sé gníomhach.
Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achoimre nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear an Libia, Mailí, agus Poblacht na hAfraice Láir.
Tá baint ag FDNV leis an nGrúpa Wagner agus tá sé freagrach as tacú le gníomhartha an Ghrúpa Wagner agus é a spreagadh trí bholscaireacht ar son an Ghrúpa Wagner, trí chur isteach polaitiúil agus tríd an mbréagaisnéis.
25.2.2023
9.
Radio Centrafricaine Lengo Sengo
Áit chlárúcháin: Bangui, Poblacht na hAfraice Láir
Dáta clárúcháin: Mí na Samhna 2018
Príomhionad gnó: Galabadja
Bangui, Commune de Bangui
Galabadja, 8eme Arr.
[GPS]-> 4.4070, 18.5465
Is stáisiún raidió de chuid na hAfraice Láir é Radio Lengo Sengo a bhíonn ag gabháil d’oibríochtaí tionchair ar líne thar ceann an Ghrúpa Wagner. Is é an cuspóir deiridh atá aige ná tuairimí an phobail a ionramháil. Reáchtálann an chuideachta feachtais bhréagaisnéise agus cuireann sí láithreacht an Ghrúpa Wagner i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL) chun cinn. Déanann Lobaye Invest, cuideachta phríobháideach a bhfuil baint aici leis an nGrúpa Wagner, a fheidhmíonn mar chlúdach dá ghníomhaíochtaí i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL), Radio Lengo Sengo a mhaoiniú.
Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achoimre nó treallacha i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL.
Tá Radio Lengo Sengo freagrach as tacú le gníomhartha an Ghrúpa Wagner in PAL agus as iad a spreagadh.
25.2.2023
10.
Meroe Gold Co. Ltd.
(ar a dtugtar freisin Meroe For Agricultural & Animal Production; Al-Solag; Al-Sarraj Mining Company Ltd; Al-Sawlaj Mining Company Ltd; Al-Solaj Mining Company);Al-Soladzh Mining Company; Al-Solag Mining Company; Sullaj Mining Company; Al-Sullaj; Al-Solage; Solange; Sullag)
Áit chlárúcháin: Al-jref Gharb Plot 134 Blok 1h, Khartoum, an tSúdáin
Faisnéis eile: Mianadóireacht mianta miotail eile neamhfheiriúla
Bainteach le:
Al Sawlaj for Mining Ltd
Aswar Multi Activities Co., Ltd
Is eintiteas cumhdaigh é Meroe Gold d’oibríochtaí an Ghrúpa Wagner sa tSúdáin agus tá dlúthbhaint aige leis na hoibríochtaí sin. Trína bheith cleamhnaithe go dlúth le lucht míleata na Súdáine, d’éirigh leis an nGrúpa Wagner ór na Súdáine a dhúshaothrú agus a onnmhairiú chuig an Rúis.
Tá baint ag Meroe Gold leis an nGrúpa Wagner, atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achoimre nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear sa tSúdáin. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn Meroe Gold freisin leis na sáruithe sin a dhéantar sa tSúdáin.
25.2.2023
11.
M-Invest
Áit chlárúcháin: d. 76 korp. 4 litera A ofis N620, prospekt Obukhovskoi Oborony St. Petersburg, Cónaidhm na Rúise
Is eintiteas cumhdaigh é M-Invest do ghníomhaíochtaí an Ghrúpa Wagner sa tSúdáin. Bhí dlúthbhaint aige le Yevgeny Prigozhin. Trína bheith cleamhnaithe go dlúth le lucht míleata na Súdáine, d’éirigh leis an nGrúpa Wagner ór na Súdáine a dhúshaothrú agus a onnmhairiú chuig an Rúis. Tá baint ag M-Invest leis an nGrúpa Wagner atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achoimre nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear sa tSúdáin. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn M-Invest freisin leis na sáruithe sin a dhéantar sa tSúdáin.
25.2.2023
12.
Sewa Security Services
Áit chlárúcháin: Bangui (Poblacht na hAfraice Láir)
Príomhionad gnó: Poblacht na hAfraice Láir
Faisnéis eile: fochuideachta de chuid Lobaye Invest
Is cuideachta phríobháideach atá lonnaithe i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL) é Sewa Security Services a chuireann cosaint ar fáil d’oifigigh shinsearacha rialtais PAL. Is clúdach é do ghníomhaíochtaí an Ghrúpa Wagner in PAL. Is fochuideachta de chuid Lobaye Invest é, á bhainistiú ag Dimitri Sytii, feidhmeannach sinsearach sa Ghrúpa Wagner agus ag Yevgeny Khodotov, a raibh baint aige le Yevgeny Prigozhin. Bhí baint ag SEWA Security in éineacht leis an nGrúpa Wagner i sraith ionsaithe foréigneacha a tharla in PAL ó bhí toghcháin uachtaránachta mhí na Nollag 2020 ann. Tá baint ag Sewa Security leis an nGrúpa Wagner atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achoimre nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear sa tSúdáin. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn Sewa Security Services leis na sáruithe sin a dhéantar sa tSúdáin chomh maith.
25.2.2023
17.
Department of Information Technologies of the City of Moscow (Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó)
Департамент Информационных Технологий города Москвы
Is í Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó a fhorbraíonn agus a úsáideann an córas aitheantais aghaidhe i Moscó. Déanann sí sonraí ón gcóras aitheantais aghaidhe a tharchur chuig aonaid forfheidhmithe dlí Phríomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó.
Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó leas as an gcóras aitheantais aghaidhe i Moscó mar uirlis cos ar bolg. Bhain sí leas as chun faireachán a dhéanamh ar iriseoirí neamhspleácha agus ar ghníomhaithe freasúra a ghlac páirt in agóidí síochánta chun tacú le Alexei Navalny i gcoinne éilliú rialtas na Rúise agus i gcoinne ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus chun iad a choinneáil go treallach. Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó úsáid as an gcóras aitheantais aghaidhe freisin chun coinscríofaigh a bhí ag iarraidh éalú ón slógadh le haghaidh chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin a aimsiú agus a choinneáil.
Dá bhrí sin, tá Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha nó coinneáil threallach, agus as sáruithe nó mí-úsáid na saoirse comhthionóil síochánta agus na saoirse comhlachais.