Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2756

Cinneadh (CBES) 2024/2756 ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/2319 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

ST/14044/2024/INIT

IO L, 2024/2756, 24.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2756/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2756/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2756

24.10.2024

CINNEADH (CBES) 2024/2756 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Deireadh Fómhair 2024

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/2319 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/2319 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí (1), agus go háirithe Airteagal 4(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 25 Samhain 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/2319.

(2)

An 27 Meán Fómhair 2024, chuir Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) arna bhunú de bhun Rún 2653 (2022) ó CSNA beirt le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/2319 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2022/2319 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

BÓKA J.


(1)   IO L 307, 28.11.2022, lch. 135.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2022/2319, i ‘Liosta na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 1(1), Airteagal 2(1) agus Airteagal 3(1), agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagail 1(1) agus 3(1)’, faoi ‘DAOINE’, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

‘6.

Prophane VICTOR. Liostaítear é de bhun mhír 15 de Rún 2653 (2022) ó CSNA i ngeall ar na bearta a liostaítear i míreanna 3, 6 agus 11, arna míniú a thuilleadh le míreanna 16(a) agus 16(b) den Rún sin.Feidhm: Iarchomhalta de Pharlaimint Háítí, a raibh baint aige le gáinneáil ar airm agus le foréigean a úsáid ar mhaithe le gnóthachan polaitiúil.Dáta breithe: -Áit bhreithe: -Náisiúntacht: HáítíochDáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 27 Meán Fómhair 2024 Inscne: fireannFaisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:Tá Prophane Victor páirteach le fada i ngníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Háítí, chomh maith leis an réigiún ina iomláine, i mbaol. Go háirithe, tá sé ag tacú le dronganna agus ag cur arm ar fáil dóibh, ag déanamh gáinneáil ar airm, ag atreorú ioncam an rialtais, agus ag úsáid foréigin chun a ghnóthachain pholaitiúla agus airgeadais a chinntiú.Bhí Prophane Victor páirteach sa Tionól Náisiúnta is déanaí (2016-2020), áit a raibh sé ina Chomhalta Parlaiminte (deputé) do Petite Riviere, roinn Artibonite, limistéar ina bhfuil na leibhéil foréigin agus smachta dronganna ag dul i méid. Chun a chinntiú go ndéanfaí é a thoghadh mar deputé in 2016 agus go mbeadh smacht aige ar an limistéar, thosaigh Prophane Victor ag tabhairt arm d’fhir óga in Petite Riviere, fir a chuir drong Gran Grif ar bun ina dhiaidh sin, drong arb é an príomhdhéantóir sáruithe ar chearta an duine é faoi láthair, lena n-áirítear foréigean gnéasach, i roinn Artibonite (féach S/2023/674, mír 75). Ní Comhalta Parlaiminte é a thuilleadh agus níl aon phost polaitiúil aige.Chomh maith lena bhonn polaitiúil a dhaingniú trí úsáid a bhaint as dronganna, is iar-oifigeach sinsearach Custaim agus fear gnó é Victor a bhfuil smacht aige ar chodanna den roinn Custaim, rud a chuireann ar a chumas saibhreas a bhailiú agus páirt a ghlacadh i raon gníomhaíochtaí coiriúla le saoirse ó phionós. De réir an tuairiscithe ó mhí Eanáir 2023, rinne Prophane Victor bagairt ar oifigigh chustaim agus iad i mbun a gcuid oibre.Lean Victor de thacaíocht a thabhairt do dhrong Gran Grif go dtí 2020 agus thacaigh sé ó shin le dronganna iomaíocha sa limistéar sin (féach S/2023/674, mír 75).

7.

Luckson ELAN. Liostaítear é de bhun mhír 15 de Rún 2653 (2022) ó CSNA i ngeall ar na bearta a liostaítear i míreanna 3, 6 agus 11, arna míniú a thuilleadh le míreanna 16(a), 16(b), 16(d), 16(e) agus 16(f) den Rún sin.Feidhm: Ceannaire dhrong Gran GrifDáta breithe: 6 Eanáir 1988 Áit bhreithe: -Náisiúntacht: HáítíochDáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 27 Meán Fómhair 2024 Inscne: fireannFaisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:Tá Luckson Elan, ceannaire dhrong Gran Grif, páirteach le fada i ngníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Háítí, chomh maith leis an réigiún ina iomláine, i mbaol. Tá drong Elan ar an gceann is mó agus is cumhachtaí sa Roinn Artibonite agus tá a smacht críochach á leathnú aice, agus í ag déanamh sáruithe ar chearta an duine agus ag gáinneáil ar airm agus armlón.An 8 Feabhra, 2023, rinne comhaltaí de ghrúpa féinchosanta Chomhghuaillíocht Jean Denis feithicil a tháinig ó Port-au-Prince a idircheapadh, feithicil ar a raibh roinnt cliathbhoscaí arm agus armlóin a bhí ceaptha do dhrong Gran Grif (féach tuarascáil OHCHR, [Criminal Violence Extends beyond Port-au-Prince] “Foréigean Coiriúil imithe níos faide ná Port-au-Prince,” Samhain 2023).Faoi cheannaireacht Elan, áirítear ar na sáruithe ar chearta an duine agus ar choireanna eile a dhéanann an drong maruithe seachbhreithiúnacha, éigniú, earcú leanaí, robáil, scriosadh maoine, fuadach agus fuadach trucailí. Mar shampla, an 30 Samhain 2023, mharaigh Luckson Elan bean mar gur dhiúltaigh sí caidreamh gnéasach a bheith aici leis. I mí Aibreáin 2024, rinne Gran Grif ionsaithe ar na breithiúna trí bheirt dhlíodóirí a mharú.Idir mí Dheireadh Fómhair 2023 agus mí Eanáir 2024, d’fhuadaigh Gran Grif 157 nduine le linn 9 n-ollfhuadach. Tá cuid de na leibhéil is airde earcaíochta leanaí i Háítí ag Gran Grif freisin.’.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2756/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top