Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2674

Cinneadh (AE) 2024/2674 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2024 maidir le Státchabhair SA.39235 (2015/C) – an Ungáir – Cánachas ar láimhdeachas ón bhfógraíocht (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 5283)

C/2024/5283

IO L, 2024/2674, 14.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2674/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2674/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2674

14.10.2024

CINNEADH (AE) 2024/2674 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Iúil 2024

maidir le Státchabhair SA.39235 (2015/C) – an Ungáir – Cánachas ar láimhdeachas ón bhfógraíocht

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 5283)

(Is é an téacs Ungáirise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 108(2), an chéad fhomhír de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   Nós imeachta

(1)

I mí Iúil 2014, thug an Coimisiún faoi deara gur ghlac an Ungáir Acht XXII 2014 maidir le cáin fógraíochta (1) (‘an tAcht maidir le cáin fógraíochta’ anseo feasta) ar ar a bhonn a gearradh cáin ar an láimhdeachas ó ghníomhaíochtaí fógraíochta (‘an cháin fógraíochta’ anseo feasta). Le litreacha dar dáta an 13 Lúnasa 2014 agus an 1 Nollaig 2014, chuir an Coimisiún iarrataí ar fhaisnéis chuig údaráis na hUngáire, iarrataí a d’fhreagair na húdaráis le litreacha dar dáta an 2 Deireadh Fómhair 2014 agus an 16 Nollaig 2014.

(2)

Le litir dar dáta an 2 Feabhra 2015, chuir an Coimisiún údaráis na hUngáire ar an eolas go raibh sé beartaithe aige cinneadh maidir le hurghaire fionraí a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle (2). Le litir dar dáta an 17 Feabhra 2015, chuir údaráis na hUngáire a mbarúlacha isteach maidir leis an litir sin.

(3)

Le cinneadh dar dáta an 12 Márta 2015, thionscain an Coimisiún an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 108(2) CFAE (‘an Cinneadh Tosaigh’ anseo feasta) agus d’eisigh sé urghaire fionraí i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 i leith an bhirt i gceist.

(4)

Foilsíodh an Cinneadh Tosaigh agus an urghaire fionraí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3). D’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach maidir leis an mbeart sin.

(5)

Fuair an Coimisiún barúlacha ó thrí pháirtí leasmhara agus chuir sé ar aghaidh chuig údaráis na hUngáire iad, agus tugadh deis do na húdaráis freagra a thabhairt.

(6)

An 21 Aibreán 2015 chuir údaráis na hUngáire dréacht-togra chuig an gCoimisiún le haghaidh leasú ar an Acht maidir le cáin fógraíochta. An 8 Bealtaine 2015 d’iarr an Coimisiún faisnéis ón Ungáir maidir leis an leasú beartaithe sin.

(7)

An 4 Meitheamh 2015 leasaigh an Ungáir an tAcht maidir le cáin fógraíochta. An 5 Iúil 2015 tháinig an leasú sin i bhfeidhm.

(8)

Le litir dar dáta an 6 Iúil 2015, sholáthair an Ungáir barúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh agus maidir le barúlacha na bpáirtithe leasmhara, chomh maith le soiléirithe ar an leasú ar an Acht maidir le cáin fógraíochta.

(9)

An 4 Samhain 2016, leis an gcinneadh uaidh i ndáil leis an mbeart a chuir an Ungáir chun feidhme maidir leis an gcánachas ar láimhdeachas ón bhfógraíocht (4) (an ‘Cinneadh Críochnaitheach’), dhún an Coimisiún an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil trí theacht ar an gconclúid gur chabhair neamhdhleathach agus neamhréireach a bhí sa bheart agus d’ordaigh sé an chabhair a aisghabháil.

(10)

An 16 Nollaig 2016 chuir údaráis na hUngáire seirbhísí an Choimisiúin ar an eolas go raibh sé beartaithe acu Acht a ghlacadh lena gcuirfí deireadh leis an gcáin fógraíochta agus lena gcuirfí cáin nua ina hionad le haghaidh na todhchaí, i gcomhréir le haithris 96 den Chinneadh Críochnaitheach.

(11)

Le hiarratas arna thaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 16 Eanáir 2017, thug an Ungáir caingean le haghaidh neamhniú in aghaidh an Chinnidh Chríochnaithigh (Cás T-20/17).

(12)

An 16 Nollaig 2016, an 26 Eanáir 2017 agus an 17 Feabhra 2017, mhalartaigh seirbhísí an Choimisiúin agus an Ungáir comhfhreagras le chéile, rud as ar eascair glao comhdhála an 27 Feabhra 2017 chun plé a dhéanamh maidir le deireadh na cánach fógraíochta.

(13)

An 15 Bealtaine 2017 chuir an Ungáir deireadh leis an gcáin fógraíochta go cúlghabhálach i leith na tréimhse suas go dtí an 30 Meitheamh 2017, agus chuir sí cáin fógraíochta nua ina hionad (féach aithris 23 thíos). Tháinig an leasú sin ar an Acht maidir le cáin fógraíochta i bhfeidhm an 1 Iúil 2017 (5).

(14)

Le breithiúnas dar dáta an 27 Meitheamh 2019 i gcás T-20/17 an Ungáir v an Coimisiún (6), rinne an Chúirt Ghinearálta an Cinneadh Críochnaitheach a neamhniú, tar éis teacht ar an gconclúid di nár chruthaigh an Coimisiún gurbh ann do Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE.

(15)

An 23 Iúil 2019 leasaigh an Ungáir an tAcht maidir le cáin fógraíochta a thuilleadh tríd an gcáin a chur ar fionraí go dtí mí na Nollag 2022 (7).

(16)

An 6 Lúnasa 2019 thaisc an Coimisiún achomharc in aghaidh bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta. Le breithiúnas an 16 Márta 2021 i gcás C-596/19 P (8), rinne an Chúirt Bhreithiúnais achomharc an Choimisiúin a dhíbhe agus sheas sí le breithiúnas na Cúirte Ginearálta.

(17)

Tar éis don Chúirt Ghinearálta an Cinneadh Críochnaitheach a neamhniú mar a dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais, tá an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil fós ar oscailt agus ní mór é a dhúnadh le cinneadh.

2.   Cúlra an bhirt agus tuairisc air

(18)

Is í an cháin fógraíochta a tugadh isteach san Ungáir leis an Acht maidir le cáin fógraíochta agus a tháinig i bhfeidhm an 18 Iúil 2014, le leasuithe breise an 4 Iúil 2014 agus an 18 Samhain 2014 (‘an tAcht’ anseo feasta), an beart a ndéantar measúnú air sa Chinneadh Tosaigh.

(19)

Bhí struchtúr géar forchéimnitheach ar an gcáin, agus bhí na rátaí idir 0 % i gcás cuideachtaí le láimhdeachas íseal ón bhfógraíocht agus 50 % i gcás cuideachtaí le láimhdeachas ard ón bhfógraíocht, mar a leanas (‘leagan 2014’):

i gcás an sciar den láimhdeachas atá faoi bhun HUF 0,5 billiún: 0 %;

i gcás an sciar den láimhdeachas atá idir HUF 0,5 billiún agus 5 billiún: 1 %;

i gcás an sciar den láimhdeachas atá idir HUF 5 billiún agus 10 billiún: 10 %;

i gcás an sciar den láimhdeachas atá idir HUF 10 billiún agus 15 billiún: 20 %;

i gcás an sciar den láimhdeachas atá idir HUF 15 billiún agus 20 billiún: 30 %;

i gcás an sciar den láimhdeachas atá os cionn HUF 20 billiún: 50 % (9).

(20)

Tar éis ghlacadh an Chinnidh Tosaigh, leasaigh an Ungáir an tAcht maidir le cáin fógraíochta le hAcht LXII 2015 an 4 Meitheamh 2015, agus chuir sí córas dé-ráta in ionad an scála forchéimnitheach ina raibh sé ráta cánach mar a leanas (‘leagan 2015’ anseo feasta):

i gcás an sciar den láimhdeachas atá faoi HUF 100 milliún: 0 %;

i gcás an sciar den láimhdeachas atá os cionn HUF 100 milliún: 5,3 % (10).

(21)

I mí na Samhna 2016 dhún an Coimisiún an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil tríd an gCinneadh Críochnaitheach diúltach a ghlacadh.

(22)

Leis an gCinneadh Críochnaitheach rinneadh measúnú ar leaganacha 2014 agus 2015 na cánach fógraíochta araon. Mheas an Coimisiún go raibh leagan 2015 bunaithe ar an bprionsabal céanna forchéimnitheachta agus go raibh an éifeacht chéanna aige agus a bhí ag leagan 2014 na cánach i dtaobh buntáiste a thabhairt do ghnóthais bheaga i gcomparáid le gnóthais mhóra.

(23)

Tar éis ghlacadh an Chinnidh Chríochnaithigh, in 2017, mhodhnaigh an Ungáir an cháin fógraíochta trí leasú breise a dhéanamh ar an Acht maidir le cáin fógraíochta (11). Leis an dlí leasaitheach rinneadh an méid seo a leanas:

cuireadh leagan nua den cháin fógraíochta in ionad na cánach fógraíochta a dearbhaíodh a bheith neamh-chomhoiriúnach sa Chinneadh Críochnaitheach (is é sin an cháin ina leaganacha 2014 agus 2015) (12);

foráladh go measfaí maidir leis an gcáin a dearbhaíodh agus a íocadh idir an 18 Iúil 2014 agus an 30 Meitheamh 2017 faoin gcáin fógraíochta ar cuireadh deireadh léi gur ró-íocaíocht chánach a bhí inti faoi Chód Cánach na hUngáire agus go raibh sí faoi réir rialacha an Chóid Cánach maidir le haisíocaíocht cánach (13).

3.   Aisghairm an bhirt

(24)

A mhéid a bhaineann leis an gcáin a bhí i bhfeidhm agus a íocadh cheana féin ó tháinig an tAcht maidir le cáin fógraíochta i bhfeidhm, le hAcht XLVII 2017 foráladh mar a leanas maidir leis na blianta cánach suas go dtí an 30 Meitheamh 2017:

an cháin a dearbhaíodh agus a íocadh (…) meastar gur ró-íocaíocht cánach a bhí inti de réir bhrí an Chóid Cánach, agus beidh a haisíocaíocht faoi réir rialacha an Chóid Cánach maidir le haisíocaíocht cánach. Daoine inchánacha, dá dtagraítear i Roinn 3(1) agus atá i dteideal aisíocaíocht cánach faoin Roinn seo, cuirfidh údarás cánach an stáit ar an eolas iad go bhféadfadh siad aisíocaíocht a fháil i leith na cánach fógraíochta agus cad iad na coinníollacha chun an aisíocaíocht sin a fháil;

an cháin a dearbhaíodh i leith na mblianta cánach a críochnaíodh faoin 30 Meitheamh 2017 ach nár íocadh, ní íocfar é.

(25)

Sna forálacha de Chód Cánach na hUngáire a bhí i bhfeidhm nuair a tháinig Acht XLVII 2017 i bhfeidhm (14), sainmhínítear ‘ró-íocaíocht’ mar an cás ina bhfuil ‘méid is mó ag an gcáiníocóir ina chuntas cánach ná an oibleagáid atá aige an cháin a íoc’.

(26)

Dá bhrí sin, nuair a bhí an cháin fógraíochta íoctha ag an gcáiníocóir, bhí sé d’éifeacht ag na forálacha dá dtagraítear in aithrisí 24 agus 25 gur tháinig creidmheas cánach chun cinn i gcuntas an cháiníocóra.

(27)

Sa Chód Cánach leagtar amach bealaí éagsúla inar féidir leis na cáiníocóirí úsáid a bhaint as an gcreidmheas cánach a eascraíonn as ró-íocaíocht.

(28)

Sa chéad áit, féadfaidh an cáiníocóir a iarraidh go n-úsáidfear an ró-íocaíocht chun dliteanais chánach de chatagóir eile a chumhdach (15). Sa dara háit, féadfaidh an cáiníocóir aisíocaíocht ar an ró-íocaíocht a iarraidh, ar choinníoll nach bhfuil fiachas cánach aige agus go bhfuil a oibleagáidí maidir le tuairisceán cánach comhlíonta aige (16). Sa tríú háit, féadfaidh an ró-íocaíocht fanacht leis na húdaráis chánach chun dliteanais chánach sa chatagóir chánach chéanna a chumhdach (17).

(29)

Dá bhrí sin, le glacadh Acht XLVII 2017 áirithíodh go gcealófaí fiach dlite na cánach fógraíochta ina iomláine i leith na tréimhse ó 2014 go dtí an 30 Meitheamh 2017, agus go n-aisíocfaí an cháin fógraíochta a íocadh i rith na tréimhse sin do na cáiníocóirí nó go n-úsáidfí é chun dliteanais chánach eile na gcáiníocóirí sin a chumhdach.

(30)

Ar deireadh, tugann an Coimisiún faoi deara gur admhaigh an Chúirt Bhreithiúnais, ina breithiúnas i gcás C-596/19 P (18), gur aisghaireadh an beart cánach i gceist (19) go cúlghabhálach le hAcht XLVII 2017.

(31)

I bhfianaise an mhéid thuas, is é conclúid an Choimisiúin, mar gheall ar dheireadh a bheith curtha go cúlghabhálach leis an gcáin fógraíochta faoi réir an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a rinne an Ungáir agus, dá réir sin, an fiachas cánach ábhartha a bheith curtha ar ceal agus an cháin a íocadh a bheith aisíoctha, nach mbaineann an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil le hábhar a thuilleadh.

4.   Conclúid

An nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 108(2) CFAE, ní bhaineann sé le hábhar a thuilleadh toisc gur aisghair an Ungáir an beart le héifeacht chúlghabhálach, agus dá bhrí sin ba cheart é a dhúnadh.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An nós imeachta a tionscnaíodh an 12 Márta 2015 de bhun Airteagal 108(2) CFAE i gcás SA.39235, ní bhaineann sé le hábhar a thuilleadh agus dúntar é leis seo.

Airteagal 2

Is chuig an Ungáir a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Margrethe VESTAGER

Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin


(1)  Ghlac Parlaimint na hUngáire Acht XXII 2014 an 11 Meitheamh 2014 agus tháinig an tAcht i bhfeidhm an 18 Iúil 2014.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle an 22 Márta 1999 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 83, 27.3.1999, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1999/659/oj), Rialachán a aisghaireadh agus a ionadaíodh le Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 248, 24.9.2015, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1589/oj).

(3)   IO C 136, 24.4.2015, lch. 7.

(4)  Cinneadh (AE) 2017/329 ón gCoimisiún an 4 Samhain 2016 maidir le beart SA.39235 (2015/C) (ex 2015/NN) arna chur chun feidhme ag an Ungáir maidir leis an gcánachas ar láimhdeachas ón bhfógraíocht (IO L 49, 25.2.2017, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/329/oj).

(5)  Is é Acht XLVII 2017 an dlí leasaitheach (arna ghlacadh an 15 Bealtaine 2017 agus i bhfeidhm ón 1 Iúil 2017).

(6)  Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Meitheamh 2019, An Ungáir v an Coimisiún, T-20/17, ECLI:EU:T:2019:448.

(7)  Acht LXXIII 2019 an 23 Iúil 2019.

(8)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 16 Márta 2021, An Coimisiún v an Ungáir, C-596/19 P, ECLI:EU:C:2021:202.

(9)  Méadaíodh an réim chánach ab airde ó 40 % go 50 % ón 1 Eanáir 2015 le hAcht LXXIV 2014.

(10)  Leis an leasú tugadh isteach córas cur i bhfeidhm cúlghabhálach roghnaitheach mar a leanas: bheadh sé de rogha ag na cáiníocóirí, i leith an ama a bhí caite, dul faoi réir chóras dé-ráta 2015 nó fanacht faoi réir scála forchéimnitheach 2014 ina raibh sé ráta.

(11)  Is é Acht XLVII 2017 an dlí leasaitheach (arna ghlacadh an 15 Bealtaine 2017 agus i bhfeidhm ón 1 Iúil 2017).

(12)  Roinn 1 d’Acht XLVII 2017]

(13)  Roinn 2 d’Acht XLVII 2017.

(14)  Acht XCII 2003 maidir leis an gcóras cánachais, arna glacadh an 10 Samhain 2003 (Roinn 43). Tugann an Coimisiún faoi deara gur modhnaíodh an Cód Cánach ina dhiaidh sin, ach gan substaint na bhforálacha ábhartha a athrú (Acht CL 2017 maidir leis an gcóras cánachais, arna ghlacadh an 14 Samhain 2017 agus i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2018 (Roinn 74)).

(15)  Acht XCII 2003 maidir leis an gcóras cánachais, arna ghlacadh an 10 Samhain 2003 [Roinn 43(5)]: Arna iarraidh sin, cuirfidh an t-údarás cánach méid na ró-íocaíochta sa chuntas cánach a shonraíonn an cáiníocóir.

(16)  Acht XCII 2003 maidir leis an gcóras cánachais, arna ghlacadh an 10 Samhain 2003 [Roinn 43(6)]: Mura bhfuil fiachas cánach ag an gcáiníocóir agus má tá a oibleagáidí maidir le tuairisceán cánach comhlíonta aige, féadfaidh sé foráil a dhéanamh maidir le haisíocaíocht an mhéid atá fágtha.

(17)  Acht XCII 2003 maidir leis an gcóras cánachais, arna ghlacadh an 10 Samhain 2003 [Roinn 43(6)]: In éagmais foráil den sórt sin, déanfaidh an t-údarás cánach an ró-íocaíocht a fhritháireamh in aghaidh cánacha a bheidh le híoc ina dhiaidh sin. Ní fhéadfaidh an t-údarás cánach an méid atá fágtha a aisíoc ach amháin mura bhfuil fiachas de réir an dlí phoiblí ag an gcáiníocóir nach mór a aisghabháil trí bhíthin cánacha.

(18)  Féach mír 22 de bhreithiúnas na Cúirte.

(19)  Ar an ábhar céanna, féach freisin mír 31 de bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta i gcás T-20/17 a luadh thuas.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2674/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top