Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2523

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2523 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 6746)

C/2024/6746

IO L, 2024/2523, 25.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2523/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 28/02/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2523/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2523

25.9.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2523 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Meán Fómhair 2024

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 6746)

(Is é an téacs Rómáinise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tógálach é ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag a bhíonn ar ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha.

(2)

I gcás ráige d’ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag in ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach, tá riosca suntasach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach.

(3)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráige de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh.

(4)

Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119 ón gCoimisiún (4) ar bhonn Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos leis bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin. Go sonrach, déantar foráil le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119, maidir leis na criosanna cosanta agus faireachais agus na criosanna srianta breise atá le bunú ag an mBallstát sin, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, tar éis ráigeanna den ghalar sin, go gcuimseoidh na criosanna sin ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin.

(5)

Tar éis ghlacadh Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119, thug an Rómáin fógra don Choimisiún faoi ráigeanna breise d’ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag i mbunaíochtaí ina raibh ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair á gcoimeád i gcontaetha Tulcea, Constanta, Timis agus Ialomita. Mar thoradh air sin, leasaíodh an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin go cuí chun na ráigeanna breise sin a chur san áireamh. Is le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119 a leasaíodh an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2203 ón gCoimisiún (5) go deireanach.

(6)

Ó bhí dáta glactha Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2203 ann, thug an Rómáin fógra don Choimisiún faoi 6 ráig nua d’ionfhabhtú le plá na n-athchogantach i mbunaíochtaí inar coimeádadh ainmhithe den chineál caorach agus/nó den chineál gabhair: ceann amháin i gcontae Tulcea; agus 5 cinn i gcontae Timis. Tá na ráigeanna nua uile lonnaithe laistigh d’imlíne sheachtrach na gcriosanna srianta breise, agus laistigh de theorainneacha na gcriosanna cosanta agus na criosanna faireachais a bunaíodh cheana féin tar éis na ráigeanna a tharla roimhe seo.

(7)

Dá bhrí sin, na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta, criosanna faireachais agus criosanna srianta breise sa Rómáin san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119, ba cheart iad a choigeartú a thuilleadh chun leathadh breise an ghalair sa Rómáin agus sa chuid eile den Aontas a chosc, agus ba cheart fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin a choigeartú. Dá réir sin, is gá liosta na gcriosanna srianta agus fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin a leasú.

(8)

Ba cheart méid na gcriosanna cosanta, na gcriosanna faireachais agus na gcriosanna srianta breise agus fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin a bheith bunaithe ar na critéir a leagtar síos in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin agus staid eipidéimeolaíoch foriomlán an ionfhabhtaithe sin le plá na n-athchogantach beag sa Bhallstát lena mbaineann mar aon leis an leibhéal riosca maidir le leathadh breise an ghalair sin. Ba cheart caighdeáin idirnáisiúnta an Chóid um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH) a chur san áireamh freisin agus fad na mbeart á chinneadh. Sa staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair, tá ard riosca ann go leathfaidh an galar a thuilleadh, go háirithe ós rud é, de réir na faisnéise a sholáthair an Rómáin, go bhfuil ráigeanna den ghalar fós ag teacht chun cinn in Timis agus in Tulcea araon, tar éis níos mó ná mí amháin ó tuairiscíodh an chéad ráig i gceachtar den dá chontae.

(9)

Mar gheall ar dhéine agus ar phráinn na staide eipidéimeolaíche agus chun leathadh an ghalair a theorannú láithreach, is gá a áirithiú nach dtarlóidh gluaiseachtaí ainmhithe ó na criosanna cosanta, na criosanna faireachais agus na criosanna srianta breise go cinn scríbe lasmuigh d’imlíne sheachtrach an chreasa shrianta breise, agus is gá eisiamh a chur i bhfeidhm maidir le maoluithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar an toirmeasc ar ghluaiseachtaí ainmhithe ó na criosanna srianta a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar feadh tréimhse áirithe ama, chun leathadh an ghalair thar achair fhada a chosc.

(10)

I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag agus an ghá atá ann cosc a chur ar leathadh an ghalair sin ó na bunaíochtaí atá buailte sa Rómáin go codanna eile den Bhallstát sin nó go Ballstáit eile, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe atá le déanamh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119 leis an gCinneadh seo a luaithe is féidir.

(11)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119.

Airteagal 2

Seolaí

Is chuig an Rómáin a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin (IO L 2024/2119, 30.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2119/oj).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2203 ón gCoimisiún an 29 Lúnasa 2024 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin (IO L 2024/2203, 30.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2203/oj).


IARSCRÍBHINN

A.   Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar na ráigeanna deimhnithe

Contae agus uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid de chrios srianta sa Rómáin dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a mbeidh sé infheidhme go dtí é

Braisle chontae Tulcea

RO-PPR-2024-00001

RO-PPR-2024-00002

RO-PPR-2024-00003

RO-PPR-2024-00004

RO-PPR-2024-00005

RO-PPR-2024-00007

RO-PPR-2024-00008

RO-PPR-2024-00009

RO-PPR-2024-00010

RO-PPR-2024-00011

RO-PPR-2024-00012

RO-PPR-2024-00013

RO-PPR-2024-00014

RO-PPR-2024-00015

RO-PPR-2024-00016

RO-PPR-2024-00017

RO-PPR-2024-00020

RO-PPR-2024-00021

RO-PPR-2024-00022

RO-PPR-2024-00024

RO-PPR-2024-00025

RO-PPR-2024-00026

RO-PPR-2024-00027

RO-PPR-2024-00028

RO-PPR-2024-00031

RO-PPR-2024-00032

RO-PPR-2024-00033

RO-PPR-2024-00034

RO-PPR-2024-00035

RO-PPR-2024-00037

RO-PPR-2024-00038

RO-PPR-2024-00039

RO-PPR-2024-00040

RO-PPR-2024-00041

RO-PPR-2024-00044

RO-PPR-2024-00045

RO-PPR-2024-00047

RO-PPR-2024-00048

RO-PPR-2024-00049

RO-PPR-2024-00050

RO-PPR-2024-00051

RO-PPR-2024-00052

RO-PPR-2024-00054

RO-PPR-2024-00055

RO-PPR-2024-00056

RO-PPR-2024-00058 RO-PPR-2024-00062

Contae Constanta

RO-PPR-2024-00006

Protection zone:

In the county of Tulcea, the following communes :

—

Babadag

—

Baia

—

Beidaud

—

Casimcea

—

Ceamurlia de Jos

—

Ciucurova

—

Frecatei

—

Izvoarele

—

Jurilovca

—

Mihai Bravu

—

Mihail Kogalniceanu

—

Nabant

—

Sarichioi

—

Slava Cercheza

—

Stejaru

—

Topolog

—

Valea Nucarilor

In the county of Constanta, the following communes:

—

Cogealac

—

Corbu

—

Fantanele

—

Gradina

—

Istria

—

Mihai Viteazu

—

Sacele

—

Saraiu

19.9.2024

Surveillance zone I:

In the county of Tulcea, the following communes:

—

Bestepe

—

Cerna

—

Daeni

—

Dorobantu

—

Hamcearca

—

Horia

—

Isaccea

—

Mahmudia

—

Murighiol

—

Niculitel

—

Nufaru

—

Ostrov

—

Peceneaga

—

Somova

—

Tulcea

—

Valea Teilor

—

Carcaliu

—

Greci

—

Grindu

—

I.C. Bratianu

—

Jijila

—

Luncavita

—

Macin

—

Smardan

—

Turcoaia

—

Vacareni

In the county of Constanta, the following communes:

—

Garliciu

—

Lumina

—

Mihail Kogalniceanu

—

Navodari

—

Pantelimon

—

Saraiu

—

Targusor

—

Vulturu

—

Ciobanu

—

Crucea

—

Ghindaresti

—

Harsova

—

Horia

—

Nicolae Balcescu

—

Seimeni

—

Silistea

—

Topalu

—

Tortoman

—

Baraganu

—

Cobadin

—

Deleni

—

Murfatlar

—

Valu Lui Traian

excluding the areas contained in any protection zone

28.9.2024

 

Surveillance zone II:

In the county of Tulcea, the following communes:

—

Babadag

—

Baia

—

Beidaud

—

Casimcea

—

Ceamurlia de Jos

—

Ciucurova

—

Frecatei

—

Izvoarele

—

Jurilovca

—

Mihai Bravu

—

Mihail Kogalniceanu

—

Nabant

—

Sarichioi

—

Slava Cercheza

—

Stejaru

—

Topolog

—

Valea Nucarilor

In the county of Constanta, the following communes:

—

Cogealac

—

Corbu

—

Fantanele

—

Gradina

—

Istria

—

Mihai Viteazu

—

Sacele

—

Saraiu

20.9.2024 – 28.9.2024

Contae Constanta

RO-PPR-2024-00018

Surveillance zone I, described for the country of Tulcea cluster above.

28.9.2024

Surveillance zone II, described for the country of Tulcea cluster above.

20.9.2024 – 28.9.2024

Contae Tulcea

RO-PPR-2024-00029

RO-PPR-2024-00030

Surveillance zone I, described for the country of Tulcea cluster above.

28.9.2024

Surveillance zone II, described for the country of Tulcea cluster above.

20.9.2024 – 28.9.2024

Contae Tulcea

RO-PPR-2024-00036

Surveillance zone I, described for the country of Tulcea cluster above.

28.9.2024

Surveillance zone II, described for the country of Tulcea cluster above.

20.9.2024 – 28.9.2024

Contae Constanta

RO-PPR-2024-00042

RO-PPR-2024-00043

Surveillance zone I, described for the country of Tulcea cluster above.

28.9.2024

Surveillance zone II, described for the country of Tulcea cluster above.

20.9.2024 – 28.9.2024

Contae Constanta

RO-PPR-2024-00057

RO-PPR-2024-00059

Surveillance zone I, described for the country of Tulcea cluster above.

28.9.2024

Surveillance zone II, described for the country of Tulcea cluster above.

20.9.2024 – 28.9.2024

Contae Constanta

RO-PPR-2024-00060

Surveillance zone:

Those parts of the county of Constanta, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 44.2045, Long. 28.19483 (2024/60), excluding the areas included in any protection zone.

15.9.2024

Surveillance zone:

Those parts of the county of Constanta, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 44.2045, Long. 28.19483 (2024/60)

7.9.2024 – 15.9.2024

Contae Ialomita

RO-PPR-2024-00053

Surveillance zone I, described for the country of Tulcea cluster above.

28.9.2024

Surveillance zone II, described for the country of Tulcea cluster above.

20.9.2024 – 28.9.2024

Contae Tulcea

RO-PPR-2024-00046

Surveillance zone I, described for the country of Tulcea cluster above.

28.9.2024

Surveillance zone II, described for the country of Tulcea cluster above.

20.9.2024 – 28.9.2024

Contae Timis

RO-PPR-2024-00019

RO-PPR-2024-00061

RO-PPR-2024-00063

RO-PPR-2024-00064

RO-PPR-2024-00065

RO-PPR-2024-00066

RO-PPR-2024-00067

Protection zone:

Those parts of the counties of Timis, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 45.280895, Long. 21.473979 (2024/61), Lat. 45.280971, Long. 21.460345 (2024/63), Lat. 45.279911, Long. 21.47413 (2024/64), Lat. 45.281111, Long. 21.471944 (2024/65), Lat. 45.280833, Long. 21.464167 (2024/66). Lat. 45.280274, Long. 21.472984 (2024/67)

7.10.2024

Surveillance zone:

Those parts of the counties of Timis and Caras-Severin, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 45.261807, Long. 21.451327 (2024/19) Lat. 45.280895, Long. 21.473979 (2024/61), Lat. 45.280971, Long. 21.460345 (2024/63), Lat. 45.279911, Long. 21.47413 (2024/64), Lat. 45.281111, Long. 21.471944 (2024/65), Lat. 45.280833, Long. 21.464167 (2024/66). Lat. 45.280274, Long. 21.472984 (2024/67) excluding the areas included in any protection zone.

16.10.2024

Surveillance zone:

Those parts of the counties of Timis and Caras-Severin, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 45.261807, Long. 21.451327 (2024/19) Lat. 45.280895, Long. 21.473979 (2024/61), Lat. 45.280971, Long. 21.460345 (2024/63), Lat. 45.279911, Long. 21.47413 (2024/64), Lat. 45.281111, Long. 21.471944 (2024/65), Lat. 45.280833, Long. 21.464167 (2024/66). Lat. 45.280274, Long. 21.472984 (2024/67).

8.10.2024 -16.10.2024

B.   Criosanna srianta breise

Contae

Limistéir a áirítear sa chrios srianta breise sa Rómáin dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a mbeidh sé infheidhme go dtí é

Contae Tulcea

The entire county of Tulcea, excluding the areas included in any protection or surveillance zone.

28.10.2024

The entire county of Tulcea

29.9.2024 – 28.10.2024

Contae Constanta

The following communes:

—

Adamclisi

—

Aliman

—

Cernavoda

—

Ciocarlia

—

Cogealac

—

Corbu

—

Constanta

—

Crucea

—

Cuza voda

—

Fantanele

—

Garliciu

—

Ghindaresti

—

Gradina

—

Harsova

—

Horia

—

Istria

—

Lumina

—

Medgidia

—

Mihai Viteazu

—

Mihai Kogalniceanu

—

Mircea voda

—

Navodari

—

Nicolae Balcescu

—

Ovidiu

—

Pantelimon

—

Pestera

—

Poarta Alba

—

Rasova

—

Sacele

—

Saligny

—

Saraiu

—

Seimeni

—

Silistea

—

Targusor

—

Topalu

—

Tortoman

—

Vulturu

—

Baneasa

—

Dobromir

—

Ion Corvin

—

Lipnita

—

Oltina

—

Ostrov

excluding the areas included in any protection or surveillance zone.

28.10.2024

The following communes:

—

Adamclisi

—

Aliman

—

Cernavoda

—

Ciocarlia

—

Cogealac

—

Corbu

—

Constanta

—

Crucea

—

Cuza voda

—

Fantanele

—

Garliciu

—

Ghindaresti

—

Gradina

—

Harsova

—

Horia

—

Istria

—

Lumina

—

Medgidia

—

Mihai Viteazu

—

Mihai Kogalniceanu

—

Mircea voda

—

Navodari

—

Nicolae Balcescu

—

Ovidiu

—

Pantelimon

—

Pestera

—

Poarta Alba

—

Rasova

—

Sacele

—

Saligny

—

Saraiu

—

Seimeni

—

Silistea

—

Targusor

—

Topalu

—

Tortoman

—

Vulturu

—

Baneasa

—

Dobromir

—

Ion Corvin

—

Lipnita

—

Oltina

—

Ostrov

29.9.2024 – 28.10.2024

Contae Braila

The entire county of Braila, excluding the areas included in any protection or surveillance zone.

28.10.2024

The entire county of Braila

29.9.2024 – 28.10.2024

Contae Calarasi

The entire county of Calarasi, excluding the areas included in any protection or surveillance zone.

28.10.2024

The entire county of Calarasi.

29.9.2024 – 28.10.2024

Contae Ialomita

The entire county of Ialomita, excluding the areas included in any protection or surveillance zone.

28.10.2024

The entire county of Ialomita.

29.9.2024 – 28.10.2024

Contae Galati

The entire county of Galati, excluding the areas included in any protection or surveillance zone.

28.10.2024

The entire county of Galati.

29.9.2024 – 28.10.2024

Contae Timis

The following communes

—

Banloc

—

Birda

—

Denta

—

Deta

—

Gataia

—

Ghilad

—

Giera

—

Jamu mare

—

Livezile

—

Moravita

—

Nitchidorf

—

Tormac

—

Voiteg

excluding the areas included in any protection or surveillance zone.

15.11.2024

The following communes

—

Banloc

—

Birda

—

Denta

—

Deta

—

Gataia

—

Ghilad

—

Giera

—

Jamu mare

—

Livezile

—

Moravita

—

Nitchidorf

—

Tormac

—

Voiteg

16.10.2024 – 15.11.2024

Contae Caras-Severin

The following communes

—

Berliste

—

Berzovia

—

Bosca

—

Ciudanovita

—

Doclin

—

Dognecea

—

Forotic

—

Goruia

—

Gradinari

—

Lupac

—

Maureni

—

Ocna de fier

—

Oravita

—

Racasdia

—

Ramna

—

Ticvaniu mare

—

Varadia

—

Vermes

—

Vrani

excluding the areas included in any protection or surveillance zone.

15.11.2024

The following communes

—

Berliste

—

Berzovia

—

Bosca

—

Ciudanovita

—

Doclin

—

Dognecea

—

Forotic

—

Goruia

—

Gradinari

—

Lupac

—

Maureni

—

Ocna de fier

—

Oravita

—

Racasdia

—

Ramna

—

Ticvaniu mare

—

Varadia

—

Vermes

—

Vrani

16.10.2024 – 15.11.2024


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2523/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top