This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D2502
Council Implementing Decision (CFSP) 2024/2502 of 23 September 2024 implementing Decision 2013/255/CFSP concerning restrictive measures in view of the situation in Syria
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2024/2502 ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2024/2502 ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
ST/13083/2024/INIT
IO L, 2024/2502, 24.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2502/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2502 |
24.9.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2024/2502 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Meán Fómhair 2024
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (1), agus go háirithe Airteagal 30(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES. |
|
(2) |
Tar éis an bhreithiúnais ón gCúirt Ghinearálta i gCás T-209/22 (2), ba cheart iontráil amháin a scriosadh ó liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. FELDMAN
(1) IO L 147, 1.6.2013, lch. 14.
(2) Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra Méadaithe) an 17 Iúil 2024 – Shahla Makhlouf v Comhairle an Aontais Eorpaigh, T-209/22, ECLI:EU:T:2024:498.
IARSCRÍBHINN
Scriostar an iontráil seo a leanas ón liosta a leagtar amach i Roinn A (‘Daoine’) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES:
|
‘320. |
Shalaa Mohammed MAKHLOUF’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2502/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)