This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D2119
Commission Implementing Decision (EU) 2024/2119 of 29 July 2024 concerning certain emergency measures relating to infection with peste des petits ruminants virus in Romania (notified under document C(2024) 5582)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 5582)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 5582)
C/2024/5582
IO L, 2024/2119, 30.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2119/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 28/02/2025: This act has been changed. Current consolidated version:
25/11/2024
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2119 |
30.7.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2119 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Iúil 2024
maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 5582)
(Is é an téacs Rómáinise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag a bhíonn ar ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. |
|
(2) |
I gcás ráige d’ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag in ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair, tá riosca suntasach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair. |
|
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair i gcatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráige de ghalar i gcatagóir A, lena n-áirítear ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
|
(4) |
Chuir an Rómáin an Coimisiún ar an eolas faoin staid reatha ina críoch a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, tar éis ráig den ghalar sin i measc ainmhithe den chineál caorach i ndúiche Baia, contae Tulcea, ráig a deimhníodh an 19 Iúil 2024 agus, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, bhunaigh sí crios srianta, lena gcuimsítear crios cosanta agus faireachais, áit ina bhfuil na bearta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 i bhfeidhm. Ina dhiaidh sin, chuir an Rómáin an Coimisiún ar an eolas faoi chúig ráig bhreise d’ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, trí ráig a deimhníodh an 22 Iúil 2024, agus dhá ráig eile a deimhníodh an 23 Iúil. Bhí dhá cheann de na ráigeanna breise sin ann laistigh den chrios cosanta a bhunaigh an Ballstát sin cheana féin thart ar an gcéad ráig, agus bhí na trí ráig eile ann lasmuigh den chrios srianta thart ar an gcéad ráig. Ina theannta sin, bhí an ráig dheireanach ann i gcontae Contanta. |
|
(5) |
Chun leathadh an ghalair a rialú, chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun bacainní gan údar ar thrádáil ag tríú tíortha a sheachaint, is gá an crios srianta i dtaca le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, ar crios é lena gcuimsítear crios cosanta, crios faireachais, mar aon le crios srianta breise, a shainaithint go tapa ar leibhéal an Aontais sa Rómáin. |
|
(6) |
Ba cheart méid na gcriosanna agus fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna cosanta, faireachais agus srianta breise a bheith bunaithe ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sna limistéir a raibh difear déanta dóibh de bharr an ghalair sin agus staid eipidéimeolaíoch foriomlán an ionfhabhtaithe sin le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Bhallstát lena mbaineann mar aon leis an leibhéal riosca maidir le leathadh breise an ghalair. Ba cheart caighdeáin idirnáisiúnta an Chód um Shláinte na nAinmhithe Talún ón an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe a chur san áireamh freisin agus fad na mbeart á chinneadh. Sa staid reatha, tá riosca an-ard ann go leathfaidh an galar a thuilleadh, go háirithe toisc, de réir na faisnéise a chuir an t-údarás inniúil ar fáil, go bhfuil níos mó ná caoga míle caora á gcoimeád ag an gcéad bhunaíocht atá buailte agus go bhfuil speisialtóireacht aici i gcaorach ramhraithe a cheannach, a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú nó a thrádáil laistigh den Aontas, agus go gcoimeádann na bunaíochtaí atá buailte ina dhiaidh sin níos mó ná daichead sé mhíle ainmhí san iomlán. Ina theannta sin, tá an galar tar éis leathadh laistigh de chúpla lá chomh fada le 15 chiliméadar ón gcéad ráig agus tugann an fhaisnéis eipidéimeolaíoch atá ar fáil le fios go raibh an galar sa cheantar ar feadh tréimhse ama sula ndearnadh é a dhiagnóisiú. |
|
(7) |
Dá réir sin, ba cheart na limistéir a shainaithnítear mar chriosanna cosanta, faireachais agus srianta breise sa Rómáin a leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ba cheart fad an réigiúnithe sin a shocrú. |
|
(8) |
De bharr dhéine agus phráinn na staide agus chun leathadh an ghalair a theorannú láithreach tar éis na chéad tarlú sin den ghalar sa Bhallstát sin, is gá a áirithiú nach dtarlóidh gluaiseachtaí ainmhithe ó na criosanna cosanta, faireachais agus srianta breise go cinn scríbe lasmuigh d’imlíne seachtrach an chreasa shrianta bhreise, agus go ndéanfar maoluithe a d’fhéadfadh a bheith ann ón toirmeasc ainmhithe a bhogadh a eisiamh mar a fhoráiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar feadh tréimhse áirithe ama, chun leathadh fad-achair an ghalair sin a chosc. |
|
(9) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag agus an ghá cosc a chur ar leathadh an ghalair sin ó na bunaíochtaí a bhfuil difear déanta dóibh sa Rómáin go codanna eile den Bhallstáit sin agus go Ballstáit eile, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir. |
|
(10) |
Dá réir sin, ba cheart na limistéir a shainaithnítear mar chriosanna cosanta, faireachais agus srianta breise sa Rómáin a bhunú láithreach agus a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ba cheart fad an réigiúnithe sin a shocrú agus ba cheart gluaiseachtaí ainmhithe a shrianadh. |
|
(11) |
Ina theannta sin, agus aird á tabhairt ar an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair san Aontas a mhéid a bhaineann le plá na n-athchogantach beag, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo go dtí an 30 Samhain 2024. |
|
(12) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Leis an gCinneadh seo, bunaítear an méid seo a leanas ar leibhéal an Aontais:
|
(a) |
na criosanna srianta lena gcuimsítear criosanna cosanta agus faireachais atá le bunú ag an Rómáin, tar éis ráigeanna d’ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag ina críoch, chomh maith le crios srianta breise i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687; |
|
(b) |
fad na mbeart rialaithe galar atá le cur i bhfeidhm sna criosanna cosanta, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, sna criosanna faireachais i gcomhréir le hAirteagal 55 den Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus sa chrios srianta breise i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán Tarmligthe sin. |
Airteagal 2
Criosanna srianta a bhunú
Áiritheoidh an Rómáin an méid seo a leanas:
|
(a) |
go mbunóidh údarás inniúil an Bhallstáit sin láithreach crios srianta, lena gcuimsítear crios cosanta, crios faireachais mar aon le crios srianta breise, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin; |
|
(b) |
go gcuimseoidh na criosanna cosanta, faireachais agus srianta breise dá dtagraítear i bpointe (a) ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme seo; |
|
(c) |
maidir leis na bearta is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna cosanta, faireachais agus srianta breise, cuirfear i bhfeidhm iad ar a laghad go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 3
Bearta sa chrios srianta
Tá toirmeasc ar ghluaiseachtaí caorach agus gabhar ó chriosanna cosanta, faireachais agus srianta breise go ceann scríbe atá suite lasmuigh d’imlíne sheachtrach an chreasa shrianta bhreise dá bhforáiltear i bPointe B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, go dtí na dátaí a liostaítear le haghaidh gach creasa san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 4
Cur i bhfeidhm
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 30 Samhain 2024.
Airteagal 5
Seolaí
Is chuig an Rómáin a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).
IARSCRÍBHINN
A. Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar an ráig dheimhnithe
|
Aonad réigiúnach agus uimhir thagartha an chórais faisnéise galar ainmhithe den ráig |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid de chrios srianta sa Rómáin dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta bheidh sé infheidhme go dtí |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Contae Tulcea RO-PPR-2024-00001 RO-PPR-2024-00002 RO-PPR-2024-00003 RO-PPR-2024-00004 RO-PPR-2024-00005 |
Crios cosanta: The following communes:
|
26.8.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Crios faireachais: The following communes:
|
4.9.2024 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Crios faireachais: The following communes:
|
27.8.2024 – 4.9.2024 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Contae Constanta RO-PPR-2024-00006 |
Crios cosanta: The following communes:
|
26.8.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Crios faireachais: The following communes:
|
4.9.2024 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Crios faireachais: The following communes:
|
27.8.2024 – 4.9.2024 |
B. Criosanna srianta breise
|
Aonad réigiúnach |
Limistéir a áirítear sa chrios srianta breise sa Rómáin dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta bheidh sé infheidhme go dtí |
||||||||||||||||||||||||||||
|
Contae Tulcea |
The entire county of Tulcea, excluding the areas included in any protection or surveillance zone. |
4.9.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
Contae iomlán Tulcea |
5.9.2024 – 4.10.2024 |
|||||||||||||||||||||||||||||
|
Contae Constanta |
The following communes:
excluding the areas included in any protection or surveillance zone. |
4.9.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
The following communes:
|
5.9.2024 – 4.10.2024 |
|||||||||||||||||||||||||||||
|
Contae Braila |
The following communes:
|
4.10.2024 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2119/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)