This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1641
Council Implementing Decision (EU) 2024/1641 of 24 May 2024 authorising Romania to apply special measures derogating from Article 26(1), point (a), and Article 168 of Directive 2006/112/EC on the common system of value added tax
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1641 ón gComhairle an 24 Bealtaine 2024 lena n-údaraítear don Rómáin bearta speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagail 26(1), pointe (a) agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1641 ón gComhairle an 24 Bealtaine 2024 lena n-údaraítear don Rómáin bearta speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagail 26(1), pointe (a) agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha
ST/9391/2024/INIT
IO L, 2024/1641, 6.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1641/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1641 |
6.6.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1641 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Bealtaine 2024
lena n-údaraítear don Rómáin bearta speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagail 26(1), pointe (a) agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 395(1), an chéad fhomhír, di,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 168 de Threoir 2006/112/CE, bunaítear ceart do dhaoine inchánacha CBL a ghearrtar ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí a úsáidtear chun críocha a n-idirbheart faoi cháin a asbhaint ón gcáin bhreisluacha (‘CBL’) atá dlite nó íoctha sa Bhallstát ábhartha. De bhun Airteagal 26(1), pointe (a), den Treoir sin, caithfear le húsáid earraí ar cuid iad de shócmhainní gnó le haghaidh úsáid phríobháideach daoine inchánacha nó a bhfoirne nó, ar bhonn níos ginearálta, chun críocha nach mbaineann lena ngnó, i gcás ina raibh CBL ar na hearraí sin in-asbhainte go hiomlán nó go páirteach, mar sholáthar seirbhísí ar chomaoin. |
|
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/232/AE ón gComhairle (2), údaraíodh an Rómáin teorainn 50 % a chur leis an gceart CBL a asbhaint ar cheannach, fáil laistigh den Chomhphobal, allmhairiú, fruiliú nó léasú mótarfheithiclí áirithe bóthair chomh maith le CBL a ghearrtar ar chaiteachas a bhaineann leis na feithiclí sin, i gcás nach n-úsáidtear na feithiclí sin go heisiach chun críoch gnó, agus chun faoiseamh a thabhairt do dhaoine inchánacha óna bheith faoi iallach caitheamh le húsáid na bhfeithiclí sin chun críocha eile seachas críocha a ngnó mar sholáthar seirbhísí ar chomaoin de bhun Airteagal 26(1), pointe (a), de Threoir 2006/112/CE (‘na bearta speisialta’). |
|
(3) |
Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2023, d’iarr an Rómáin údarú, i gcomhréir le hAirteagal 395(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2006/112/CE, chun leanúint de na bearta speisialta a chur i bhfeidhm chun srian a chur leis an gceart asbhainte i ndáil le caiteachas ar mhótarfheithiclí áirithe bóthair nach n-úsáidtear go heisiach chun críoch gnó agus chun daoine inchánacha a shaoradh ó bheith ag caitheamh le húsáid na bhfeithiclí sin chun críocha eile seachas críocha a ngnó mar sholáthar seirbhísí ar chomaoin. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh a chuir an Rómáin faoi bhráid na mBallstát eile le litir dar dáta an 9 Samhain 2023. Le litir dar dáta an 10 Samhain 2023, thug an Coimisiún fógra don Rómáin go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh. |
|
(5) |
De bhun Airteagal 4(2) de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2012/232/AE, chuir an Rómáin, in éineacht leis an iarraidh ar shíneadh, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm an Chinnidh Cur Chun Feidhme sin. Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil faoi láthair, áitíonn an Rómáin go bhfuil an teorainn 50 % fós inchosanta agus go bhfuil sé fós iomchuí. |
|
(6) |
Na bearta speisialta a údaraítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/232/AE, chuaigh siad in éag an 31 Nollaig 2023. I bhfianaise an tionchair dhearfaigh ar ghnólachtaí agus ar riarachán araon, is iomchuí údarú an Rómáin na bearta speisialta a chur i bhfeidhm. |
|
(7) |
Chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí arna saothrú leis an mbeart speisialta, lena n-áirítear go gcuirfear an beart speisialta i bhfeidhm gan bhriseadh, agus lena soláthraítear deimhneacht dhlíthiúil maidir leis an tréimhse chánach, is iomchuí údarú a dheonú chun na bearta speisialta a chur i bhfeidhm le héifeacht ón 1 Eanáir 2024. Ós rud é gur iarr an Rómáin údarú an 14 Meán Fómhair 2023 chun leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm agus go bhfuil an córas dlí a bunaíodh faoina dlí náisiúnta á chur i bhfeidhm ar bhonn Chinneadh Cur Chun Feidhme 2012/232/AE ón 1 Eanáir 2024, urramaítear ionchais dhlisteanacha na ndaoine lena mbaineann mar is cuí. |
|
(8) |
Ba cheart na bearta speisialta a theorannú don am is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart speisialta sin agus ar oiriúnacht na teorann céatadáin. Ba cheart a údarú don Rómáin dá bhrí sin na bearta speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2026. |
|
(9) |
Tá na bearta speisialta i gcomhréir leis na cuspóirí atá á saothrú, i.e. an nós imeachta maidir le bailiú CBL a shimpliú agus cineálacha áirithe imghabhála cánach nó seachanta cánach a chosc, ós rud é go bhfuil siad teoranta ó thaobh ama agus raon feidhme de. Ina theannta sin, ní chruthaítear leis na bearta speisialta an riosca go n-aistreofaí calaois chuig earnálacha eile nó chuig Ballstáit eile. |
|
(10) |
I gcás ina measann an Rómáin go bhfuil gá leis na bearta speisialta tar éis 2026, ba cheart di iarraidh ar shíneadh a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2026, mar aon le tuarascáil ina n-áirítear athbhreithniú ar an teorainn céatadáin a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an gceart CBL a asbhaint. |
|
(11) |
De réir na faisnéise a chuir an Rómáin ar fáil ina hiarraidh, ní bheidh ach éifeacht dhiomaibhseach ag cur i bhfeidhm na mbeart speisialta ar mhéid foriomlán ioncam cánach a bhailíonn an Rómáin ag céim an tomhaltais deiridh agus ní dhéanfar dochar d’acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
De mhaolú ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE, údaraítear don Rómáin teorainn 50 % a chur leis an gceart CBL a asbhaint ar cheannach, fáil, allmhairiú, fruiliú nó léasú mótarfheithiclí bóthair laistigh den Chomhphobal chomh maith le CBL a ghearrtar ar chaiteachas a bhaineann leis na feithiclí sin, i gcás nach n-úsáidtear an fheithicil go heisiach chun críoch gnó.
Airteagal 2
1. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 1 maidir le mótarfheithiclí bóthair ag a bhfuil uasmhais ualaithe incheadaithe níos mó ná 3 500 kg nó níos mó ná naoi suíochán lena n-áirítear suíochán an tiománaí.
2. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 1 maidir leis na catagóirí mótarfheithiclí bóthair seo a leanas:
|
(a) |
feithiclí a úsáidtear go heisiach le haghaidh seirbhísí éigeandála; |
|
(b) |
feithiclí a úsáidtear go heisiach le haghaidh seirbhísí slándála, cosanta agus cúiréireachta; |
|
(c) |
feithiclí arna n-úsáid ag gníomhairí díolacháin agus ag gníomhairí ceannaigh; |
|
(d) |
feithiclí a úsáidtear chun paisinéirí a iompar ar chomaoin, lena n-áirítear seirbhísí tacsaí; |
|
(e) |
feithiclí a úsáidtear chun seirbhísí a sholáthar ar chomaoin, lena n-áirítear ceachtanna a fhruiliú nó a thiomáint arna soláthar ag scoileanna tiomána; |
|
(f) |
feithiclí a úsáidtear le haghaidh fruilithe nó léasaithe; |
|
(g) |
feithiclí a ceannaíodh chun chríche athdíola. |
Airteagal 3
De mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a), de Threoir 2006/112/CE, tugtar údarú don Rómáin gan caitheamh leis an úsáid phríobháideach a bhaineann duine inchánach nó a fhoireann, nó, ar bhonn níos ginearálta, chun críoch seachas críocha a ghnó, as feithicil a bhfuil feidhm ag an srian dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh seo maidir léi mar sholáthar seirbhísí ar chomaoin.
Airteagal 4
Tabharfaidh an Rómáin fógra don Choimisiún faoi na bearta náisiúnta lena gcuirfear chun feidhme na bearta speisialta le haghaidh na maoluithe dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 3.
Airteagal 5
1. Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.
2. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2026.
3. Aon iarraidh ar shíneadh a chur leis na bearta speisialta a leagtar síos in Airteagail 1 agus 3, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin í faoin 31 Márta 2026, agus beidh tuarascáil ag gabháil léi ina n-áireofar athbhreithniú ar an teorainn chéatadáin a chuirtear i bhfeidhm ar an gceart CBL a asbhaint ar bhonn an Chinnidh seo.
Airteagal 6
Is chuig an Rómáin a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Bealtaine 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BROUNS
(1) IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/232/AE ón gComhairle an 26 Aibreán 2012 lena n-údaraítear an Rómáin bearta a chur i bhfeidhm chun maolú ar Airteagal 26(1)(a) agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 117, 1.5.2012, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2012/232/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1641/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)