Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1433

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1433 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2024 maidir le himréiteach chuntais ghníomhaireachtaí íocaíochta na mBallstát a bhaineann le caiteachas laistigh den phlean straitéiseach CBT arna mhaoiniú leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) sa tréimhse 2023-2027 le haghaidh na bliana airgeadais 2023 (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 3351)

C/2024/3351

IO L, 2024/1433, 28.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1433/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1433/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1433

28.5.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1433 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Bealtaine 2024

maidir le himréiteach chuntais ghníomhaireachtaí íocaíochta na mBallstát a bhaineann le caiteachas laistigh den phlean straitéiseach CBT arna mhaoiniú leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) sa tréimhse 2023-2027 le haghaidh na bliana airgeadais 2023

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 3351)

AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 53(1), an chead fhomhír, de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um na Cistí Talmhaíochta,

De bharr an mhéid a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 53 de Rialachán (AE) 2021/2116, ní mór don Choimisiún, ar bhonn na gcuntas bliantúil a chuireann na Ballstáit isteach, mar aon leis an bhfaisnéis is gá chun na cuntais a imréiteach agus tuairim iniúchóireachta maidir le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas agus na dtuarascálacha a shuíonn na comhlachtaí deimhniúcháin, ní mór dó cuntais na ngníomhaireachtaí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán sin a imréiteach roimh an 31 Bealtaine den bhliain tar éis na bliana airgeadais i gceist.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/2116, cuirtear tús leis an mbliain airgeadais ar an 16 Deireadh Fómhair de bhliain n-1 agus tagann deireadh léi an 15 Deireadh Fómhair de bhliain N. Agus cuntais á n-imréiteach le haghaidh na bliana airgeadais, chun an tréimhse thagartha le haghaidh chaiteachas CETFT a ailíniú le caiteachas an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta, ba cheart caiteachas a thabhaigh na Ballstáit idir an 16 Deireadh Fómhair 2022 agus an 15 Deireadh Fómhair 2023 a chur san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 (2).

(3)

Le hAirteagal 35(2), an dara fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128, foráiltear go bhfuil na méideanna atá in-aisghabhála ó gach Ballstát nó atá iníoctha leis na Ballstáit, i gcomhréir leis an gcinneadh maidir le himréiteach cuntas dá dtagraítear in Airteagal 35(1) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, go bhfuil siad le leagan síos trí na híocaíochtaí idirmheánacha le haghaidh na bliana airgeadais lena mbaineann a asbhaint ón gcaiteachas a aithnítear le haghaidh na bliana sin i gcomhréir le hAirteagal 35(1). Le hAirteagal 35(2), an tríú fomhír, den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, foráiltear go bhfuil an Coimisiún leis an méid sin a asbhaint ón gcéad íocaíocht idirmheánach eile nó an méid sin a chur léi.

(4)

Sheiceáil an Coimisiún an fhaisnéis a chuir na Ballstáit faoina bhráid agus chuir sé torthaí na seiceálacha in iúl do na Ballstáit, mar aon leis na leasuithe atá molta aige.

(5)

I gcás na ngníomhaireachtaí íocaíochta uile, cuireann na cuntais bhliantúla agus na doiciméid tionlacain ar a chumas don Choimisiún cinneadh a dhéanamh maidir le cruinneas, iomláine agus fírinneacht na gcuntas bliantúil a chuirtear faoina bhráid.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 53 de Rialachán (AE) 2021/2116, ba cheart don Chinneadh seo a bheith gan dochar do na cinntí a d’fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh ina dhiaidh sin de bhun Airteagail 54 agus 55 den Rialachán sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Imréitítear leis seo cuntais ghníomhaireachtaí íocaíochta na mBallstát a mhéid a bhaineann le caiteachas arna mhaoiniú leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) i leith na bliana airgeadais 2023 agus a mhéid a bhaineann leis an tréimhse 2023-2027.

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo na méideanna CETFT is in-aisghabhála ó gach Ballstát, nó is iníoctha le gach Ballstát faoi na Pleananna Straitéiseacha CBT don tréimhse 2023-2027 de bhun an Chinnidh seo.

Airteagal 2

Tá an Cinneadh seo gan dochar do chinntí a dhéanfaidh an Coimisiún amach anseo maidir le himréiteach comhréireachta, ar cinntí iad a bhféadfadh an Coimisiún a dhéanamh de bhun Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116 chun caiteachas nach ndéantar difear dó a eisiamh ó mhaoiniú ón Aontas i gcomhréir le dlí an Aontais, agus do chinntí imréitigh feidhmíochta bliantúla a d’fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh amach anseo de bhun Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116 chun caiteachas nach bhfuil aschur comhfhreagrach aige mar a thuairiscítear sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht a eisiamh ó mhaoiniú ón Aontas.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Bealtaine 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 20, 31.1.2022, lch. 131). http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/128/oj).


IARSCRÍBHINN

Caiteachas CETFT imréitithe de réir Phlean Straitéiseach CBT le haghaidh na bliana airgeadais 2023

An méid atá le haisghabháil ón mBallstát nó atá le híoc leis an mBallstát de réir Phlean Straitéiseach CBT

Plean Straitéiseach CBT formheasta ag a bhfuil caiteachas dearbhaithe le haghaidh CETFT 2023-2027

 

 

 

 

 

 

 

 

In Euro

An Ballstát

CCI

Caiteachas 2023

Ceartúcháin

Iomlán

Méideanna neamh-in-athúsáidte

Méid glactha a imréitíodh le haghaidh na bliana airgeadais 2023

Íocaíochtaí eatramhacha a aisíocadh leis an mBallstát le haghaidh na bliana airgeadais (*1)

An méid atá le haisghabháil ón mBallstát (-) nó atá le híoc (+) leis an mBallstát (*2)

 

 

i

ii

iii = i + ii

iv

v = iii - iv

vi

vii = v - vi

AT

2023AT06AFSP001

–42 184,91

0,00

–42 184,91

0,00

–42 184,91

0,00

–42 184,91

BE

2023BE06AFSP001

–2 948,71

0,00

–2 948,71

0,00

–2 948,71

–2 948,71

0,00

BE

2023BE06AFSP002

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

BG

2023BG06AFSP001

–1 904 400,89

0,00

–1 904 400,89

0,00

–1 904 400,89

0,00

–1 904 400,89

CY

2023CY06AFSP001

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

CZ

2023CZ06AFSP001

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

DE

2023DE06AFSP001

660 153,94

0,00

660 153,94

0,00

660 153,94

723 296,25

–63 142,31

DK

2023DK06AFSP001

1 888 412,44

0,00

1 888 412,44

0,00

1 888 412,44

1 891 485,07

–3 072,63

EE

2023EE06AFSP001

–36 657,35

0,00

–36 657,35

0,00

–36 657,35

–36 657,35

0,00

ES

2023ES06AFSP001

–1 375 845,10

0,00

–1 375 845,10

0,00

–1 375 845,10

–1 333 269,98

–42 575,12

FI

2023FI06AFSP001

2 428 162,36

0,00

2 428 162,36

0,00

2 428 162,36

2 428 162,36

0,00

FR

2023FR06AFSP001

– 611 370,99

0,00

– 611 370,99

0,00

– 611 370,99

2 117,81

– 613 488,80

EL

2023EL06AFSP001

–1 010 161,37

0,00

–1 010 161,37

0,00

–1 010 161,37

–1 010 161,37

0,00

HR

2023HR06AFSP001

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

HU

2023HU06AFSP001

–2 900 037,02

0,00

–2 900 037,02

0,00

–2 900 037,02

–2 900 037,02

0,00

IE

2023IE06AFSP001

3 284 703,02

0,00

3 284 703,02

0,00

3 284 703,02

3 284 703,02

0,00

IT

2023IT06AFSP001

–6 284 619,41

0,00

–6 284 619,41

0,00

–6 284 619,41

–6 338 351,61

53 732,20

LT

2023LT06AFSP001

– 248 293,31

0,00

– 248 293,31

0,00

– 248 293,31

0,00

– 248 293,31

LU

2023LU06AFSP001

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

LV

2023LV06AFSP001

2 392 526,51

0,00

2 392 526,51

0,00

2 392 526,51

2 392 526,51

0,00

MT

2023MT06AFSP001

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

NL

2023NL06AFSP001

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

PL

2023PL06AFSP001

–1 774 070,95

0,00

–1 774 070,95

0,00

–1 774 070,95

0,00

–1 774 070,95

PT

2023PT06AFSP001

–2 001 435,81

0,00

–2 001 435,81

0,00

–2 001 435,81

–2 001 435,81

0,00

RO

2023RO06AFSP001

–3 290 122,19

0,00

–3 290 122,19

0,00

–3 290 122,19

–4 742 277,31

1 452 155,12

SE

2023SE06AFSP001

71 495,39

0,00

71 495,39

0,00

71 495,39

76 127,95

–4 632,56

SI

2023SI06AFSP001

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

SK

2023SK06AFSP001

–88 779,57

0,00

–88 779,57

0,00

–88 779,57

–88 779,57

0,00


(*1)  Maidir le híocaíochtaí eatramhacha a aisíocadh leis an mBallstát le haghaidh na bliana airgeadais sin, áirítear iontu méideanna diúltacha a dearbhaíodh sa bhliain airgeadais 2023. Rinneadh na méideanna diúltacha sin a fhritháireamh cheana, nó déanfar iad a fhritháireamh amach anseo, in aghaidh na n-íocaíochtaí ráithiúla leis na Ballstáit lena mbaineann.

(*2)  Maidir leis na méideanna atá le haisghabháil ó na Ballstáit (-) nó le híoc leis na Ballstáit (+) áirítear iontu na cistí atá in-athúsáidte ag an mBallstát de bhun Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2021/2116.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1433/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top