This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1284
Commission Implementing Decision (EU) 2024/1284 of 13 May 2024 concerning the extension of the action taken by the Environment Agency of Luxembourg permitting the making available on the market and use of the biocidal product Raidox 35% in accordance with Regulation (EU) No 528/2012 of the European Parliament and of the Council
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1284 ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2024 maidir le síneadh a chur leis an ngníomhaíocht a rinne Gníomhaireacht Chomhshaoil Lucsamburg lena gceadaítear an táirge bithicídeach Raidox 35 % a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1284 ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2024 maidir le síneadh a chur leis an ngníomhaíocht a rinne Gníomhaireacht Chomhshaoil Lucsamburg lena gceadaítear an táirge bithicídeach Raidox 35 % a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2024/2954
IO L, 2024/1284, 15.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1284/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1284 |
15.5.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1284 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Bealtaine 2024
maidir le síneadh a chur leis an ngníomhaíocht a rinne Gníomhaireacht Chomhshaoil Lucsamburg lena gceadaítear an táirge bithicídeach Raidox 35 % a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Is é an téacs Fraincise amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 55(1), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 25 Lúnasa 2023, ghlac Gníomhaireacht Chomhshaoil Lucsamburg (‘údarás inniúil Lucsamburg’), i gcomhréir le hAirteagal 55(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, cinneadh lena gceadaítear an táirge bithicídeach Raidox 35 % a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid san aonraitheoir in ‘Centre hospitalier de Luxembourg’ (‘an ghníomhaíocht’) go dtí an 21 Feabhra 2024. Chuir údarás inniúil Lucsamburg an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas faoin ngníomhaíocht agus faoin údar a bhí léi i gcomhréir le hAirteagal 55(1), an dara fomhír, den Rialachán sin. |
|
(2) |
De réir na faisnéise a chuir údarás inniúil Lucsamburg ar fáil, bhí gá leis an ngníomhaíocht chun an tsláinte phoiblí a chosaint. Úsáidtear an táirge bithicídeach Raidox 35 % chun dromchlaí inmheánacha an aonraitheora a dhíghalrú in ‘Centre hospitalier de Luxembourg’. |
|
(3) |
Chun cógas in-insteallta a ullmhú go haiseipteach in ospidéil, tá gá le modhanna monaraíochta steiriúla a dhéantar i gcaibinéid sábháilteachta nó in aonraitheoirí. Mar a thug údarás inniúil Lucsamburg le fios, tá an tsuiteáil a bhí ann cheana in ‘Centre hospitalier de Luxembourg’ (caibinéad sábháilteachta) imithe i léig agus cuireadh aonraitheoir ina hionad. Chun aonraitheoirí a oibriú, éilítear go n-úsáidfear táirgí bithicídeacha chun dromchlaí inmheánacha an aonraitheora a dhíghalrú. An tsuiteáil iomlán, is é sin aonraitheoir, táirge bithicídeach agus gaireas galaithe a úsáidtear le haghaidh an díghalraithe, soláthraítear é mar phacáiste agus éilítear próiseas bailíochtaithe casta ina leith. De réir sholáthróir an aonraitheora, is é Raidox 35 % an t-aon táirge bithicídeach atá bailíochtaithe ag monaróir na suiteála chun an t-aonraitheoir a dhíghalrú. Mar a thug údarás inniúil Lucsamburg le fios, tá gá le Raidox 35 % a bheith ar fáil chun gur féidir an t-aonraitheoir a oibriú agus cúram riachtanach atá oiriúnaithe do riachtanais na n-othar a sholáthar. Tá imscrúdú á dhéanamh faoi láthair ag soláthróir an aonraitheora ar an bhféidearthacht táirge bithicídeach eile a chur in ionad Raidox 35 %. Beidh gá le roinnt ama fós chun táirge bithicídeach/gaireas galaithe a bhailíochtú mar is gá agus chun iad a bhailíochtú ar an láthair mar is gá ina dhiaidh sin. |
|
(4) |
Is táirge bithicídeach de chineál táirge 2 é Raidox 35 % (‘díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil ceaptha lena gcur go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe’), mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Tá sárocsaíd hidrigine i Raidox 35 % mar shubstaint ghníomhach agus déantar é a leathadh trí ghalú chun dromchlaí inmheánacha aonraitheoirí a úsáidtear in ospidéil a dhíghalrú. Tá sárocsaíd hidrigine formheasta lena húsáid i dtáirgí de chineál táirge 2 agus tá meastóireacht á déanamh faoi láthair ar iarratas ar údarú Aontais le haghaidh Raidox 35 %. |
|
(5) |
An 1 Feabhra 2024 fuair an Coimisiún iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil Lucsamburg chun síneadh a cheadú don ghníomhaíocht i gcomhréir le hAirteagal 55(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Áiríodh san iarraidh réasúnaithe an fhaisnéis chéanna a soláthraíodh nuair a rinneadh an ghníomhaíocht agus bhí sí bunaithe ar an imní go mbeadh bagairt ar an tsláinte phoiblí ann dá gcuirfí deireadh le húsáid Raidox 35 %, in éagmais roghanna eile a bheadh le húsáid san aonraitheoir in ‘Centre hospitalier de Luxembourg’, ós rud é nach n-áiritheofaí a thuilleadh go soláthrófaí cúram riachtanach d’othair. Rinne an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis a áiríodh san iarraidh réasúnaithe, mar a leagtar amach thuas. |
|
(6) |
Mura ndéantar an t-aonraitheoir in ‘Centre hospitalier de Luxembourg’ a dhíghalrú i gceart, d’fhéadfaí an tsláinte phoiblí a chur i mbaol agus ní féidir an chontúirt sin a shrianadh go leordhóthanach trí úsáid a bhaint as táirge bithicídeach eile nó ar bhealaí eile. Dá bhrí sin, is iomchuí cead a thabhairt d’údarás inniúil Lucsamburg síneadh a chur leis an ngníomhaíocht ar feadh tréimhse 550 lá. |
|
(7) |
Ós rud é go ndeachaigh an ghníomhaíocht in éag an 21 Feabhra 2024, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an gCinneadh seo. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Féadfaidh Gníomhaireacht Chomhshaoil Lucsamburg síneadh go dtí an 25 Lúnasa 2025 a chur leis an ngníomhaíocht lena gceadaítear an táirge bithídeach Raidox 35 % a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid chun dromchlaí inmheánacha an aonraitheora in ‘Centre hospitalier de Luxembourg’ a dhíghalrú, ar choinníoll go n-áirithíonn sé nach n-úsáidtear an táirge ach faoina maoirseacht.
Airteagal 2
Is chuig Gníomhaireacht Chomhshaoil Lucsamburg a dhírítear an Cinneadh seo.
Beidh feidhm aige ón 22 Feabhra 2024.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Bealtaine 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1284/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)