This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1177
Commission Decision (EU) 2024/1177 of 23 April 2024 on the suspension of the approval of a civil aviation security equipment with EU Stamp marking
Cinneadh (AE) 2024/1177 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2024 maidir le formheas trealaimh slándála eitlíochta sibhialta ar a bhfuil an mharcáil Stampa AE a chur ar fionraí
Cinneadh (AE) 2024/1177 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2024 maidir le formheas trealaimh slándála eitlíochta sibhialta ar a bhfuil an mharcáil Stampa AE a chur ar fionraí
C/2024/2529
IO L, 2024/1177, 25.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1177/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/08/2024; Arna aisghairm le 32024D2109
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1177 |
25.4.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/1177 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Aibreán 2024
maidir le formheas trealaimh slándála eitlíochta sibhialta ar a bhfuil an mharcáil ‘Stampa AE’ a chur ar fionraí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta (1), agus go háirithe pointe 12.0.4.1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis.
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Áirítear ar na bearta mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) nósanna imeachta maidir le trealamh slándála eitlíochta sibhialta a fhormheas agus a úsáid. |
|
(2) |
Ar an mbonn sin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 bunaítear córas comhchuibhithe formheasa chun trealamh slándála eitlíochta sibhialta a shuiteáil chun a áirithiú go gcuirfear na bunchaighdeáin chomhchoiteanna maidir le slándáil eitlíochta chun feidhme ar an mbealach is fearr. |
|
(3) |
Le Cinneadh (AE) 2021/2147 ón gCoimisiún (3) bunaítear liosta comhdhlúite de threalamh slándála eitlíochta sibhialta formheasta ar a bhfuil an stádas marcála ‘Stampa AE’ ar threalamh a dearbhaíodh le próiseas meastóireachta comhchoiteann na Comhdhála Eorpaí um Eitlíocht Shibhialta, chun é a shuiteáil agus a úsáid ar fud an Aontais. |
|
(4) |
I gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 agus go háirithe pointe 12.0.4.1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis, nuair a fhaigheann an Coimisiún faisnéis lena léirítear nach gcomhlíonann an trealamh an caighdeán dár formheasadh é, is féidir leis an gCoimisiún stádas marcála ‘Stampa AE’ an trealaimh slándála a chur ar fionraí gan fógra a thabhairt roimh ré arna iarraidh sin do na Ballstáit nó ar a thionscnamh féin. Ní féidir trealamh slándála ar cuireadh a mharcáil ‘Stampa AE’ ar fionraí a chur in úsáid a thuilleadh agus déanfar na píosaí atá suiteáilte cheana a oibriú trí bhearta cúiteacha a chur leo, de réir mar is iomchuí. |
|
(5) |
Léirítear i bhfaisnéis theicniúil a fuair an Coimisiún, maidir le cumraíocht shonrach threalamh Córais Braite Pléascán caighdeáin C3 le haghaidh bagáiste cábáin, cumraíocht a liostaítear faoi láthair i ‘mBunachar sonraí an Aontais maidir le slándáil an tslabhra soláthair — trealamh slándála’, nach gcomhlíonann sé an fheidhmíocht is gá maidir le braiteoireacht leachtanna, aerasól agus glóthach atá sa bhagáiste. D’fhéadfaí leanúint den chumraíocht sin a oibriú i gcomhréir leis an gcoincheap le haghaidh oibríochtaí i ndáil le trealamh Córais Braite Pléascán caighdeáin C3 le haghaidh bagáiste cábáin, ach d’fhéadfaí sin a dhéanamh in éineacht le teorainn scagtha d’uastoirt coimeádán aonair leachtanna, aerasól agus glóthach nach mó ná 330 ml. |
|
(6) |
Bunachar sonraí comhdhlúite an Aontais ina liostaítear trealamh a cheadaítear a shuiteáil agus a úsáid ar fud an Aontais, ba cheart é a nuashonrú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
‘Stampa AE’ a dheonaítear mar threalamh Córais Braite Pléascán caighdeáin C3 le haghaidh bagáiste cábáin don chumraíocht agus a liostaítear faoi láthair i ‘mBunachar sonraí an Aontais maidir le slándáil an tslabhra soláthair — trealamh slándála’ in éineacht le hainmniú HI-SCAN 6040 CTiX agus algartam braite 20-50-00, faoi Shainaitheantóir Uathúil Alfa-uimhriúil EDSCB00110, cuirtear an stampa sin ar fionraí. Ní oibreofar an trealamh sa chumraíocht sin ach amháin i gcomhréir le coincheap oibríochtaí le haghaidh threalamh Córais Braite Pléascán caighdeáin C3 le haghaidh bagáiste cábáin, ach déanfar sin in éineacht le teorainn scagtha d’uastoirt coimeádán aonair leachtanna, aerasól agus glóthach nach mó ná 330 ml.
Airteagal 2
Déanfar ‘Bunachar sonraí an Aontais maidir le slándáil an tslabhra soláthair — trealamh slándála’ a nuashonrú dá réir.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Aibreán 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta (IO L 299, 14.11.2015, lch. 1).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72).
(3) Cinneadh (AE) 2021/2147 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2021 maidir le trealamh slándála eitlíochta sibhialta ar a bhfuil an mharcáil ‘Stampa AE’ a fhormheas (IO L 433, 6.12.2021, lch. 25).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1177/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)