Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D0593

    Cinneadh (AE) 2024/593 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2024 lena dtugtar de chumhacht don Fhrainc comhaontú déthaobhach a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus thráchtála a chaibidil leis an Ailgéir

    PE/65/2023/REV/1

    IO L, 2024/593, 16.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/593/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/593/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/593

    16.2.2024

    CINNEADH (AE) 2024/593 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 7 Feabhra 2024

    lena dtugtar de chumhacht don Fhrainc comhaontú déthaobhach a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus thráchtála a chaibidil leis an Ailgéir

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I litir an 8 Nollaig 2016, d’iarr an Fhrainc ar an Aontas cumhacht a thabhairt di comhaontú déthaobhach a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus thráchtála a chaibidil leis an Ailgéir. Ba é an aidhm a bhí ann nuachóiriú agus comhdhlúthú a dhéanamh ar na trí chomhaontú dhéthaobhacha, is iad sin comhaontuithe déthaobhacha 1962, 1964 agus 1980, atá i bhfeidhm.

    (2)

    Chuir an Fhrainc faisnéis ar fáil don Choimisiún lena léirítear go bhfuil leas ar leith aici i gcomhaontú déthaobhach a chaibidil leis an Ailgéir, mar gheall ar na naisc eisceachtúla eacnamaíocha, chultúrtha, stairiúla, shóisialta agus pholaitiúla atá aici leis an Ailgéir, agus tarchuireadh dréacht den chomhaontú sin chuig an gCoimisiún.

    (3)

    Go háirithe, chuir an Fhrainc sonraí ar fáil maidir leis an líon mór saoránach de chuid na hAilgéire atá ina gcónaí ar a críoch chomh maith leis an líon saoránach de chuid na Fraince atá ina gcónaí san Ailgéir agus maidir leis an tábhacht shonrach a bhaineann le malartuithe tráchtála idir an dá thír.

    (4)

    Is ar an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Daon-Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire, den pháirt eile (2) (‘an Comhaontú Eora-Mheánmhara’), a tháinig i bhfeidhm in 2005, atá an caidreamh idir an tAontas agus an Ailgéir bunaithe. Is é an Comhaontú Eora-Mheánmhara an creat dlíthiúil lena rialaítear an caidreamh idir na páirtithe in ábhair eacnamaíocha, thráchtála, pholaitiúla, shóisialta agus chultúrtha.

    (5)

    Le hAirteagal 85 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara sonraítear go bhfuil comhar sna réimsí dlíthiúla agus breithiúnacha ríthábhachtach agus ina ghné chúnta riachtanach i dtaca leis na cineálacha eile comhair idir an tAontas agus an Ailgéir dá bhforáiltear sa Chomhaontú Eora-Mheánmhara, agus go bhféadfar caibidlíocht comhaontuithe sna réimsí sin a áireamh sa chomhar sin, i gcás inarb iomchuí.

    (6)

    Tá caidreamh an Aontais le tríú tíortha maidir le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus thráchtála ag brath ar an gcreat dlíthiúil a d’fhorbair Comhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach (‘HCCH’), i gcomhréir le prionsabal an iltaobhachais. Mar sin féin, ní comhalta de HCCH í an Ailgéir agus go dtí seo dhiúltaigh sí aontú dá chroíchoinbhinsiúin.

    (7)

    Cé nach comhalta de HCCH í an Ailgéir agus nár aontaigh sí dá chroíchoinbhinsiúin, is cosúil gur spreag an córas a bunaíodh le Coinbhinsiúin na Háige agus reachtaíocht an Aontais a glacadh maidir leis na hábhair chéanna an dréacht-chomhaontú den chuid is mó.

    (8)

    Beidh tionchar ag ábhair áirithe a ndéileálfar leo sa dréacht-chomhaontú idir an Fhrainc agus an Ailgéir ar acquis ábhartha an Aontais maidir le hábhair shibhialta agus thráchtála. Dá réir sin, tagann na hábhair a chumhdaítear leis na gealltanais idirnáisiúnta sin faoi inniúlacht eachtrach eisiach an Aontais. Níl na Ballstáit in ann na gealltanais sin a chaibidil ná a ghlacadh orthu féin ach amháin má thugann reachtóir an Aontais cumhacht dóibh, faoi Airteagal 2(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), déanamh amhlaidh, i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach dá dtagraítear in Airteagal 81(2) CFAE.

    (9)

    Ós rud é go bhfuil inniúlacht ag an Aontas maidir leis an gcuid is mó de na hábhair a ndéileálfar leo sa dréacht-chomhaontú idir an Fhrainc agus an Ailgéir, ba cheart don Fhrainc tuairisc tráthrialta a thabhairt don Choimisiún maidir le seoladh na caibidlíochta maidir leis an gcomhaontú déthaobhach. Coinneoidh an Fhrainc agus an Coimisiún araon an Chomhairle ar an eolas faoi fhorbairtí go tráthrialta.

    (10)

    Níl aon chosúlacht ann go mbeadh tionchar diúltach ag an gcomhaontú idir an Fhrainc agus an Ailgéir a bheidh ann amach anseo ar acquis an Aontais. Mar sin féin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le treoirlínte caibidlíochta arb é is aidhm dóibh an baol go mbeidh éifeachtaí diúltacha den sórt sin ann a íoslaghdú.

    (11)

    I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (12)

    I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, tugtar de chumhacht don Fhrainc comhaontú déthaobhach a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus thráchtála a chaibidil leis an Ailgéir, ar choinníoll go leanfar na treoirlínte caibidlíochta seo a leanas:

    (a)

    cuirfidh an Fhrainc an Ailgéir ar an eolas go bhféadfaidh an Coimisiún páirt a ghlacadh sa chaibidlíocht mar bhreathnóir, agus go gcuirfear an Coimisiún ar an eolas maidir le haon dul chun cinn agus toradh a bhainfear amach le linn chéimeanna éagsúla na caibidlíochta;

    (b)

    spreagfaidh an Fhrainc an Ailgéir chun machnamh a dhéanamh aontú do na croíchoinbhinsiúin a d’fhorbair Comhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach (‘Coinbhinsiúin na Háige’) agus chun tús a chur le hanailís ar na bealaí is iomchuí leis na bacainní a bhaint a chuir cosc ar an Ailgéir aontú do Choinbhinsiúin na Háige;

    (c)

    cuirfidh an Fhrainc an Ailgéir ar an eolas go bhfuil cumhachtú ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ag teastáil, tar éis na caibidlíochta a thabhairt i gcrích, sula gceadófar don Fhrainc an comhaontú a thabhairt i gcrích;

    (d)

    cuirfidh an Fhrainc an Ailgéir ar an eolas go bhféadfar foráil a dhéanamh leis an gcumhachtú ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun an comhaontú a thabhairt i gcrích, tar éis togra ón gCoimisiún, go bhfuil bailíocht theoranta ama le bheith ag an gcomhaontú, leis an bhféidearthacht go léireofar sásra athnuachana intuigthe sa chinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe;

    (e)

    cuirfear foráil isteach sa chomhaontú lena bhforálfar do shéanadh iomlán nó páirteach an chomhaontaithe nó d’ionadú díreach fhorálacha ábhartha an chomhaontaithe i gcás ina dtabharfar comhaontú iardain i gcrích idir an tAontas, nó idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus an Ailgéir, ar an taobh eile, nó i gcás aontachas na hAilgéire le Coinbhinsiúin ábhartha na Háige;

    (f)

    cuirfear foráil isteach sa chomhaontú á rá nach féidir aon chinneadh a aithnítear sa Fhrainc faoin gcomhaontú a scaipeadh ina dhiaidh sin i mBallstáit eile faoi dhlí an Aontais;

    (g)

    áiritheofar, le forálacha an chomhaontaithe, go gcomhlíonfar acquis ábhartha an Aontais agus Coinbhinsiúin ábhartha na Háige;

    (h)

    cuirfidh an Fhrainc an Ailgéir ar an eolas go bhféadfadh sé go mbeadh gá le treoirlínte caibidlíochta eile in am trátha, ag brath ar fhorbairt na caibidlíochta.

    Airteagal 2

    Seolfaidh an Fhrainc an chaibidlíocht i gcomhairle leis an gCoimisiún.

    Tuairisceoidh an Fhrainc go tráthrialta don Choimisiún maidir leis na bearta a rinneadh de bhun an Chinnidh seo agus rachaidh sí i gcomhairle leis go tráthrialta. Arna iarraidh sin don Choimisiún, tabharfaidh an Fhrainc tuairisc i scríbhinn dó ar sheoladh agus obair na caibidlíochta.

    Airteagal 3

    Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Fraince.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 7 Feabhra 2024.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    H. LAHBIB


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Eanáir 2024.

    (2)   IO L 265, 10.10.2005, lch. 2.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/593/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top