Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D02814

    CINNEADH ÓN mBIÚRÓ an 11 Meán Fómhair 2023 maidir le Bearta Cur Chun Feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa agus lena n-aisghairtear Cinneadh ón mBiúró an 19 Bealtaine agus an 9 Iúil 2008

    IO C, C/2024/2814, 26.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2814/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.: This act has been changed. Current consolidated version: 16/07/2024

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2814/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/2814

    26.4.2024

    CINNEADH ÓN MBIÚRÓ

    an 11 Meán Fómhair 2023

    maidir le Bearta Cur Chun Feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa agus lena n-aisghairtear Cinneadh ón mBiúró an 19 Bealtaine agus an 9 Iúil 2008

    (C/2024/2814)

    TÁ BIÚRÓ PHARLAIMINT NA hEORPA,

    ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 223(2) de,

    ag féachaint do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (1),

    ag féachaint do Riail 25 de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (‘an Reacht’) leagtar síos na rialacha agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear feidhmiú oifige ag Feisire de Pharlaimint na hEorpa (‘Feisire’). Sa bhreis ar na forálacha a bhaineann le gnéithe institiúideacha de chearta na bhFeisirí, leagtar síos leis an Reacht rialacha airgeadais aonfhoirmeacha atá infheidhme maidir le Feisirí le linn a dtéarmaí oifige agus freisin tar éis dóibh a ngníomhaíochtaí parlaiminteacha a thabhairt chun críche. Is é an Biúró amháin atá freagrach as gnéithe airgeadais an Reachta a chur chun feidhme.

    (2)

    Is é cuspóir na mBeart Cur Chun Feidhme seo ná an Reacht a fhorlíonadh, ní hamháin sna cásanna ina bhfuil foráil déanta go sonrach sna forálacha go bhfuil socruithe i dtaca lena gcur chun feidhme le leagan síos ag an bParlaimint ach freisin sna cásanna inar gá na bearta cur chun feidhme a tharraingt suas roimh ré mar gheall ar an gcur chun feidhme sin.

    (3)

    Tagann na Bearta Cur Chun Feidhme seo freisin in ionad na Rialacha lena rialaítear íocaíocht ar speansais agus liúntais Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (‘Rialacha PEAM’), a ndearnadh iad a aisghairm an lá ar tháinig an Reacht i bhfeidhm.

    (4)

    Maidir le haisíocaíocht ar speansais leighis, rinneadh an cinneadh, i bpáirt d’fhonn costais riaracháin a laghdú, an córas atá infheidhme maidir le Bhreithiúna i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus do Chomhaltaí den Choimisiún Eorpaigh (‘an Coimisiún’) a úsáid, go háirithe trí bhíthin na n-oifigí socraíochta den Chomhscéim Árachais Breoiteachta (‘JSIS’), agus na coinníollacha sonracha arna leagan síos ag an Reacht a chomhlíonadh ag an am céanna.

    (5)

    Maidir le haisíocaíocht ar speansais a bhaineann le feidhmiú an tsainordaithe, lena n-áirítear speansais taistil, tá na Bearta Cur Chun Feidhme seo bunaithe ar rialacha arna bhformheas ag an mBiúró an 28 Bealtaine 2003 lena mbunaítear prionsabal na haisíocaíochta ar bhonn na speansas a thabhaítear go hiarbhír. Mar sin féin, agus ag teacht leis na rialacha sin agus leis an gcásdlí ábhartha, leanfaidh cuid theoranta de na speansais atá nasctha le feidhmiú an tsainordaithe de bheith aisíoctha trí íocaíocht chnapshuime.

    (6)

    Maidir leis an bParlaimint a bheith ag íoc speansais a thabhaíonn Feisirí go hiarbhír i bhfostú cúntóirí pearsanta, ba cheart rialacha soiléire a leagan síos chun fostú na gcúntóirí a oibríonn sna Ballstáit inar toghadh na Feisirí a rialú. Mar shampla, ní mór go mbeidh conarthaí na gcúntóirí sin á mbainistiú ag gníomhairí íocaíochta. Ina theannta sin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar athrú ar stádas dlíthiúil cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe, atá faoi réir socruithe dlí ar leith arna nglacadh ar bhonn Airteagal 336 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’), agus go háirithe Coinníollacha fostaíochta sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh. I bhfianaise rún na Parlaiminte an 22 Aibreán 2008, bheadh sé iomchuí cistiú conarthaí arna gcur i gcrích le daoine de theaghlach Feisirí a thoirmeasc.

    (7)

    Thairis sin, le forálacha idirthréimhseacha ba cheart a áirithiú go leanann daoine a fhaigheann sochair áirithe faoi Rialacha PEAM dá bhfáil, rud atá ag teacht le prionsabal an ionchais dhlisteanaigh. Ba cheart céimeanna a ghlacadh freisin chun cothabháil na gceart pinsin a ráthú, ar cearta iad a bheidh faighte ar bhonn Rialacha PEAM roimh theacht i bhfeidhm an Reachta. Sa bhreis air sin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar shocruithe sonracha lena rialaítear Feisirí atá, le linn idirthréimhse agus i ndáil leis na rialacha airgeadais chun feidhmiú an tsainordaithe a rialú, cumhdaithe ag córais náisiúnta sna Ballstáit inar toghadh iad, de bhun Airteagal 25 nó Airteagal 29 den Reacht,

    (8)

    Rinneadh Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine agus an 9 Iúil 2008 maidir le Bearta Cur Chun Feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (2) a leasú go substaintiúil cheana féin roinnt uaireanta. Tar éis 15 bliana de chur chun feidhme, ba cheart tuilleadh leasuithe a dhéanamh chun idirghníomhaíochtaí idir Feisirí agus an riarachán parlaiminteach a éascú, chun bainistíocht fhónta airgeadais na gcistí a chuirtear ar fáil do na Feisirí a áirithiú, chun an trédhearcacht agus an chuntasacht a fheabhsú, agus chun prionsabal neamhspleáchas an tsainordaithe pharlaimintigh a áirithiú. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine agus an 9 Iúil 2008 a aisghairm agus gníomh nua lena n-ionchorprófar na leasuithe uile a chur ina ionad. Ba cheart an gníomh nua sin a theacht i bhfeidhm an chéad lá den pháirtseisiún tar éis na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa atá le reáchtáil in 2024.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    TEIDEAL I

    FEIDHMIÚ AN tSAINORDAITHE PHARLAIMINTIGH

    Caibidil 1

    Tuarastal

    Airteagal 1

    Teidlíocht tuarastail

    Amhail ón dáta a rachaidh siad i mbun a ndualgas go dtí an lá deireanach den mhí ina scoirfidh siad de na dualgais sin, beidh Feisirí na Parlaiminte (‘Feisirí’) i dteideal an tuarastail dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (‘an Reacht’).

    Airteagal 2

    Toirmeasc ar thuarastail chomhthráthacha a fháil

    1.   Déanfar fritháireamh ar thuarastal arna fháil ag Feisire mar gheall ar fheidhmiú sainordaithe i bparlaimint eile i gcomhthráth le sainordú i bParlaimint na hEorpa, agus déanfar an fritháireamh sin in aghaidh an tuarastail dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Reacht.

    2.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh ‘parlaimint eile’ aon pharlaimint atá bunaithe i mBallstát a bhfuil cumhachtaí reachtacha aici agus nach bhfuil feidhm ag Airteagal 7(2) den Ionstraim maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann (3) dhíreach maidir leo.

    3.   Beidh an ríomh bunaithe ar méid iomlán gach ceann den dá thuarastal sula ndéantar cáin a asbhaint.

    4.   Luafaidh Feisirí ina ndearbhuithe maidir le leasanna airgeadais aon sainordú a shealbhaíonn siad de réir bhrí mhír 1, agus aon tuarastal a fhaigheann siad mar thoradh ar an sainordú sin.

    Caibidil 2

    Speansais Leighis

    Airteagal 3

    Faighteoirí aisíocaíochtaí agus nósanna imeachta aisíocaíochta

    1.   De bhun Airteagal 18 den Reacht, agus le cur i bhfeidhm mutatis mutandis Chomhrialacha árachais breoiteachta d’oifigigh na gComhphobal Eorpach (4) (‘rialacha JSIS’), agus de bhun a bhforálacha ginearálta cur chun feidhme (5), beidh na daoine seo a leanas i dteideal aisíocaíochta ar dhá thrian de na costais a thabhaítear mar thoradh ar bhreoiteacht, ar thoircheas nó ar bhreith linbh:

    (a)

    Feisirí agus iar-Fheisirí a bhfuil an liúntas idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 13 den Reacht á fháil acu nó a bhfuil pinsean de bhun Airteagal 14 nó Airteagal 15 den Reacht á fháil acu i leith a gcuid speansas féin agus i leith na speansas a thabhaíonn:

    (i)

    a gcéilí nó i gcás ina gcomhlíontar an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 62(2) de na Bearta Cur Chun Feidhme seo, a bpáirtithe seasta neamhphósta, agus

    (ii)

    a leanaí cleithiúnacha de réir mar a shainmhínítear iad in Airteagal 62(3) de na Bearta Cur Chun Feidhme seo, go dtí go sroicheann na leanaí sin 21 bhliain d’aois nó, 25 bliana d’aois, ar a dhéanaí, má tá siad in oideachas nó oiliúint ghairmiúil lánaimseartha; nó gan teorainn, má tá siad ag fulaingt ó bhreoiteacht nó éiglíocht thromchúiseach a chuireann cosc orthu fónamh dá gcuid riachtanas féin,

    ar choinníoll nach bhfuil na céilí, na páirtithe seasta neamhphósta ná na leanaí cleithiúnacha sin incháilithe le haghaidh sochair den chineál céanna agus den leibhéal céanna agus atá ag Feisirí nó ag iar-Fheisirí de bhua forálacha dlíthiúla eile nó rialacháin eile;

    (b)

    daoine atá i dteideal pinsean marthanóra de bhun Airteagal 17 den Reacht.

    Beidh saorchead ag na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo a gcleachtóirí agus a n-ospidéil nó a gclinicí a roghnú, mar a leagtar amach in Airteagal 19(1) de rialacha JSIS.

    2.   Maidir leis na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo, i gcás ina bhfuil Airteagal 24(2) de rialacha JSIS infheidhme, ciallaíonn an tagairt don bhunluach saothair míosúil faoi Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (6) (‘Rialacháin Foirne’) an tuarastal arna chinneadh de bhun Airteagal 10 den Reacht.

    3.   Cuirfear na haisíocaíochtaí dá bhforáiltear i mír 1 do dhochar bhuiséad na Parlaiminte. Beidh feidhm ag Airteagal 72(3) agus (4) de na Rialachán Foirne agus Airteagal 20(6) de rialacha JSIS.

    4.   Ní fhéadfar réamhíocaíochtaí de réir bhrí Airteagal 30 de rialacha JSIS a thabhairt ach amháin i bhfoirm billeáil dhíreach ar speansais ospidéalaithe. Tar éis chur i bhfeidhm an scála aisíocaíochta, déanfar an chuid de na speansais atá le híoc ag na tairbhithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a aisíoc leis an bParlaimint i gcomhréir leis na coinníollacha arna leagan síos in Airteagal 30(2) agus (3) de rialacha JSIS.

    5.   Féadfaidh Feisirí agus iar-Fheisirí a bhfuil an liúntas idirthréimhseach dá bhforáiltear in Airteagal 13 den Reacht á fháil acu nó a bhfuil pinsean de bhun Airteagail 14 nó 15 den Reacht á fháil acu a dteidlíocht maidir le haisíocaíocht speansas leighis dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a tharscaoileadh le héifeacht ón gcéad lá den mhí féilire i ndiaidh dháta thíolacadh an iarratais. Beidh éifeacht chúlghabhálach ag tarscaoileadh den sórt sin ó dháta tosaigh chéad sainordú an Fheisire lena mbaineann má dhéantar an iarraidh ábhartha a thíolacadh laistigh de 3 mhí tar éis an dáta tosaithe sin, ar choinníoll nár chuir an Feisire lena mbaineann isteach ar aon aisíocaíocht ar speansais leighis sa tréimhse sin.

    I gcás ina dtarscaoilfidh tairbhí a theidlíocht nó a teidlíocht ar aisíocaíocht ar speansais leighis, beidh sé nó sí i dteideal aisíocaíocht dhá thrian den ranníocaíocht atá dlite le haghaidh árachas sláinte suas go dtí aisíocaíocht uasta EUR 400 in aghaidh na míosa.

    6.   Ní bheidh Feisirí ná iar-Fheisirí a tharscaoileann, de bhun mhír 5, a theidlíocht nó a teidlíocht maidir le haisíocaíocht speansas leighis i dteideal filleadh ar an gcóras chun go mbeidís i dteideal aisíocaíocht ar speansais leighis dá bhforáiltear i mír 1 a fháil go dtí go mbeidh 12 mhí caite ón tráth a ghabh éifeacht leis an tarscaoileadh. Ar an gcaoi chéanna, aon athrú ina dhiaidh sin, má bhaineann sé le filleadh ar an gcóras lena rialaítear bheith i dteideal aisíocaíocht ar speansais leighis dá bhforáiltear i mír 1 nó má bhaineann sé le tarscaoileadh teidlíochta den sórt sin, ní fhéadfar an t-athrú sin a dhéanamh ach amháin i ndiaidh íostréimhse 12 mhí.

    Gan dochar don chéad fhomhír, tabharfar éifeacht d’iarrataí ar athrú ina dhiaidh sin ar an gcéad lá den mhí tar éis dháta a dtíolactha.

    7.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le hiar-Fheisirí a fhaigheann an liúntas idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 13 den Reacht don tréimhse ón gcéad lá tar éis dóibh éirí as a gcuid dualgas go dtí dáta tosaithe a dteidlíochta ar an liúntas idirthréimhseach.

    8.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le hiar-Fheisirí a fhaigheann an pinsean seanaoise dá dtagraítear in Airteagal 52 don tréimhse ón gcéad lá tar éis dóibh éirí as a gcuid dualgas go dtí dáta tosaithe a dteidlíochta ar an bpinsean seanaoise, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha arna leagan amach in Airteagal 52(1) comhlíonta acu sula n-éiríonn siad as a gcuid dualgas.

    Airteagal 4

    Nós Imeachta

    Déanfar iarratais ar aisíocaíocht a thíolacadh go díreach chuig Oifig Socraíochta an Choimisiúin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos chun na críche sin agus trí úsáid a bhaint as foirmeacha caighdeánacha a mbeidh doiciméid tacaíochta ag gabháil leo. Arna iarraidh sin, tabharfaidh an tseirbhís ábhartha de chuid na Parlaiminte comhairle maidir le hiarratais den sórt sin a thíolacadh.

    Airteagal 5

    Maoiniú

    Déanfar maoiniú an chórais aisíocaíochta agus na socruithe chun speansais a ghlanadh a rialú le comhaontú um chomhar idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach bunaithe ar fhorálacha an Reachta agus ar rialacha JSIS. Thar ceann na Parlaiminte, síneoidh an tUachtarán an comhaontú sin tar éis dó dul i mbun comhairliúcháin leis na Caestóirí.

    Airteagal 6

    Gearáin

    D’ainneoin Airteagal 76, déanfar aon díospóid i gcás sonrach a eascraíonn as an léirmhíniú ar an gcaibidil seo a thíolacadh, mar aon leis an bhfianaise tacaíochta, laistigh de 2 mhí tar éis fógra a fháil faoin gcinneadh as ar eascair an díospóid, don Ard-Rúnaí, a ghlacfaidh cinneadh i ndiaidh dó nó di tuairim a fháil ón gCoiste Bainistíochta de JSIS agus i ndiaidh dó nó di dul i mbun comhairliúcháin leis na Caestóirí.

    Caibidil 3

    Árachas in Aghaidh na Rioscaí a Bhaineann le Feidhmiú an tSainordaithe Pharlaimintigh

    Airteagal 7

    Forálacha ginearálta

    1.   Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sna conarthaí árachais, beidh Feisirí i dteideal:

    (a)

    árachas in aghaidh tionóiscí a d’fhéadfadh a bheith acu le linn fheidhmiú a sainordaithe;

    (b)

    árachas in aghaidh gadaíocht nó caillteanas maoine agus sealúchais phearsanta le linn fheidhmiú a sainordaithe.

    2.   Déanfar dhá thrian de na préimheanna árachais a mhuirearú bhuiséad na Parlaiminte agus déanfar an trian atá fágtha a mhuirearú ar na Feisirí. Asbhainfear ranníocaíocht gach Feisire go díreach ón tuarastal dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Reacht.

    3.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le gach Feisire ó thús a sainordaithe mura rud é go dtugann siad fógra i scríbhinn don Ard-Rúnaí á rá gur mian leo go sainráite an cumhdach árachais a sheachligean. I gcás inarb infheidhme, titfidh a gceart ar chumhdach árachais ar lár ar an lá deireanach den mhí inar tugadh fógra faoin mian sin.

    Airteagal 8

    Árachas tionóisce

    1.   Déanfaidh an polasaí árachais tionóisce foráil maidir le cumhdach in aghaidh tionóiscí d’Fheisirí aon áit ar domhan le linn ré a sainordaithe.

    2.   Le forálacha an pholasaí árachais tionóisce, déanfar foráil do na cásanna seo a leanas:

    (a)

    bás: íocaíocht chnapshuime a bheidh comhionann le cúig oiread an tuarastail bhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Reacht leis na daoine a liostaítear thíos:

    leis an gcéile nó an páirtí seasta neamhphósta dá bhfuil an choinneáil a leagtar síos in Airteagal 62(2) comhlíonta, agus le leanaí an Fheisire éagtha i gcomhréir le dlí an chomharbais a rialaíonn eastát an Fheisire; ní bheidh an méid a bheidh le híoc leis an gcéile nó leis an bpáirtí seasta neamhphósta, áfach, níos lú ná 25 % den chnapshuim,

    i gcás nach mbeidh aon duine sa chatagóir dá dtagraítear sa chéad fhleasc, leis na sliochtaigh eile, i gcomhréir le dlí an chomharbais lena rialaítear eastát an Fheisire,

    i gcás nach mbeidh aon duine sna catagóirí dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fleasc, leis na sinsir, i gcomhréir le dlí an chomharbais lena rialaítear eastát an Fheisire,

    i gcás nach mbeidh aon duine in aon cheann de na catagóirí dá dtagraítear sa chéad, sa dara agus sa tríú fleasc, leis an bParlaimint,

    (b)

    buaneasláine iomlán: íocaíocht chnapshuime leis na daoine i dtrácht a bheidh comhionann le hocht n-oiread an tuarastail bhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Reacht;

    (c)

    buaneasláine pháirteach: íocaíocht leis na daoine i dtrácht ar sciar í den mhéid dá bhforáiltear i bpointe (b) arna ríomh trí thagairt don scála a leagtar síos leis na rialacha comhchoiteanna maidir le hárachas a sholáthar d’oifigigh na gComhphobal Eorpach i gcoinne tionóiscí agus galair cheirde (7) (na ‘Rialacha comhchoiteanna’).

    3.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag na Rialacha comhchoiteanna maidir le Feisirí, cé is moite de na forálacha sin maidir le galair cheirde agus le blianachtaí saoil agus aon fhoráil a bhfuil a feidhmiú doscartha ó stádas an oifigigh.

    Beidh feidhm ag an nós imeachta gearán dá bhforáiltear in Airteagal 76 de na Bearta Cur Chun Feidhme seo.

    Déanfaidh Uachtarán na Parlaiminte cumhachtaí an udaráis ceapacháin a leagtar síos sna Rialacha comhchoiteanna a fheidhmiú i leith na bhFeisirí.

    Le haitheantas buaneasláine iomlán nó pháirteach, de bhun an Airteagail seo agus na Rialacha comhchoiteanna, ní chuirfear bac in aon slí ar fheidhmiú Airteagal 15 den Reacht. Ar an gcaoi chéanna, le cur i bhfeidhm Airteagal 15 den Reacht, ní chuirfear bac ar aitheantas buaneasláine iomlán nó pháirteach de bhun an Airteagail seo agus na Rialacha comhchoiteanna.

    4.   I gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sna Rialacha comhchoiteanna, déanfar cumhdach a leathnú chun go gclúdóidh sé speansais leighis agus chógaisíochta, costais ospidéalaithe, cóireáil mháinliachta, próistéisí, radagrafaíocht, suathaireacht agus ortaipéidic, sonraisc ó chlinicí, costais iompair agus aon speansais chomhchosúla eile atá riachtanach de bharr na tionóisce. Ní dhéanfar aisíocaíocht den sórt sin áfach ach amháin i ndiaidh don chlúdach a fhaigheann an duine i dtrácht de bhun na bhforálacha maidir le haisíocaíocht ar speansais leighis a leagtar síos in Airteagal 18 den Reacht a bheith ídithe agus mar fhorlíonadh ar an gclúdach sin.

    Airteagal 9

    Árachas in aghaidh caillteanais agus gadaíochta.

    1.   Déanfaidh polasaí árachais in aghaidh gadaíochta nó caillteanas maoine agus sealúchas pearsanta foráil le haghaidh:

    (a)

    cumhdach domhanda;

    (b)

    uasmhéid de EUR 5 000 faoi árachas in aghaidh na gadaíochta nó an chaillteanais;

    (c)

    EUR 50 de bharrachas le híoc ag an bhFeisire lena mbaineann i gcás ina n-éiríonn le héileamh;

    (d)

    cumhdach do shealúchas pearsanta agus do mhaoin;

    (e)

    céatadán a asbhaint mar gheall ar dhímheas ó luach an tsealúchais nó na maoine tráth a dhéantar an aisíocaíocht.

    2.   I gcás gadaíocht nó caillteanas a tharlaíonn lasmuigh d’áitribh na Parlaiminte, ní chuirfear cumhdach ar fáil ach amháin más rud é ag am na gadaíochta nó an chaillteanais go bhfuil an Feisire i dtrácht ag taisteal mar chuid de thuras atá maoinithe ag an bParlaimint nó ag grúpa polaitiúil. I gcás gadaíocht a tharlaíonn ar áitribh na Parlaiminte, cuirfear cumhdach ar fáil má bhí an sealúchas nó an mhaoin á choinneáil nó á coinneáil in áit shábháilte.

    3.   I gcás gadaíocht nó caillteanas airgid a tharlaíonn lasmuigh d’áitribh na Parlaiminte agus a thuairiscítear do na póilíní, cumhdófar é suas go huasteorainn EUR 250 ar choinníoll go bhfuil an t-airgead caillte nó goidte mar chuid de shealúchas pearsanta eile a bhí caillte nó goidte. Ní chumhdófar gadaíocht nó caillteanas airgid a tharlaíonn in áitribh na Parlaiminte.

    4.   I gcás bagáiste a bheith caillte ag iompróir nó é a bheith curtha amú ag an iompróir ar feadh níos mó ná 12 uair an chloig nuair atá Feisire ag taisteal mar chuid de thuras atá maoinithe ag an bParlaimint nó ag grúpa polaitiúil go dtí ceann scríbe seachas a áit chónaithe nó a háit chónaithe, cumhdófar an costas a bhaineann le sealúchas pearsanta nó maoin a cheannach nó a fhruilliú is gá don Fheisire a thabhú suas go dtí uasteorainn EUR 500.

    5.   Tuairisceoidh an Feisire aon ghadaíocht nó aon chaillteanas ar shealúchas pearsanta nó ar mhaoin do na póilíní má tharlaíonn sé lasmuigh d’áitribh na Parlaiminte. Má tharlaíonn an ghadaíocht nó an caillteanas in áitribh na Parlaiminte, tuairisceofar an méid sin don tseirbhís de chuid na Parlaiminte atá freagrach as cúrsaí slándála.

    6.   Tuairisceofar gadaíocht agus caillteanais don Ard-Rúnaí laistigh de 8 lá. Beidh sonrasc don earra atá caillte nó goidte ag gabháil le foirm na tuairisce, nó, dá éagmais sin, sonrasc d’earra ionaid má tá luach níos mó ná EUR 700 air.

    7.   Ní chumhdófar gadaíochtaí agus caillteanais atá cumhdaithe ag polasaí príobháideach árachais an Fheisire.

    Caibidil 4

    Aisíocaíocht ar Speansais

    Roinn 1

    Aisíocaíocht ar speansais taistil

    Foroinn 1

    Forálacha coiteanna

    Airteagal 10

    Teidlíocht ar aisíocaíocht le haghaidh taisteal dualgais

    1.   Beidh Feisirí i dteideal aisíocaíocht a fháil ar speansais iarbhír a thabhaítear le linn dóibh gabháil do:

    (a)

    turais go dtí agus ó áiteanna oibre na Parlaiminte nó ionaid chruinnithe ceann dá comhlachtaí oifigiúla, mar a shainmhínítear i mír 3, (‘gnáthspeansais taistil’);

    (b)

    turais a dtugtar fúthu i bhfeidhmiú a ndualgas lasmuigh den Bhallstát inar toghadh iad, i gcomhréir le hAirteagal 22, (‘speansais taistil bhreise’);

    (c)

    turais a dtugtar fúthu sa Bhallstát inar toghadh iad, i gcomhréir le hAirteagal 23.

    2.   Measfar freisin gur gnáthspeansais taistil iad seo a leanas:

    (a)

    speansais taistil a thabhaíonn Feisirí agus iad ag tabhairt faoi mhisean sonrach atá údaraithe ag an Uachtarán, ag an mBiúró nó ag Comhdháil na nUachtarán.

    (b)

    speansais taistil a thabhaíonn Cathaoirligh na gcoistí nó na bhfochoistí agus iad ag freastal ar chruinnithe den Chomhairle.

    3.   Ciallóidh ‘comhlachtaí oifigiúla na Parlaiminte’ comhlachtaí Parlaiminte, mar a shainmhínítear i dTeideal I, Caibidil 3, de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte, mar aon leis na coistí parlaiminteacha, na toscaireachtaí idirpharlaiminteacha agus toscaireachtaí eile arna gcomhdhéanamh ar bhonn na Rialacha Nós Imeachta sin, agus na grúpaí polaitiúla agus comhlachtaí eile atá údaraithe ag an mBiúró nó ag Comhdháil na nUachtarán.

    Airteagal 11

    Bunús don aisíocaíocht

    Aisíocfar speansais taistil bunaithe ar fhianú tinrimh dá dtagraítear in Airteagal 12 agus ar na doiciméid taistil ábhartha a thabhairt ar aird, agus, i gcás inarb iomchuí, doiciméid tacaíochta eile mar a leagtar síos in Airteagal 14.

    Airteagal 12

    Fianú tinrimh

    1.   Déanfar tinreamh Feisire a fhianú trína shíniú nó a síniú sa chlár tinrimh lárnach a bheidh ar fáil d’ Fheisirí chun na críche sin le linn na n-uaireanta oscailte atá leagtha síos ag an mBiúró. Mar mhalairt air sin, déanfar tinreamh Feisire a fhianú lena shíniú nó lena síniú sa taifead tinrimh atá ar fáil go díreach sa Seomra Tionóil nó sa seomra cruinnithe ábhartha de chomhlacht na Parlaiminte. Féadfar fianú digiteach ar thinreamh Feisire a úsáid in ionad a shínithe nó a sínithe.

    2.   Mar eisceacht, féadfar tinreamh a fhianú le doiciméid eile lena gcruthaítear go raibh an Feisire i láthair ag an ionad cruinnithe le linn gnáthuaireanta cruinnithe. Ní fhéadfar an rogha sin a úsáid níos mó ná cúig huaire in aghaidh na bliana féilire.

    3.   Ní mheasfar dearbhuithe ón bhFeisire nó ó dhuine eile mar fhianaise ar thinreamh de réir bhrí mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointí (b) agus (c), agus (2), áfach, déanfar tinreamh a fhianú le dearbhú an Fheisire.

    Airteagal 13

    Doiciméid taistil

    1.   Ní mór go mbeidh doiciméid tacaíochta ag gabháil le hiarratas aisíocaíochta ar speansais taistil, lena léirítear an praghas a íocadh, an bealach a glacadh agus grád, dáta agus am an taistil, agus go sonrach:

    (a)

    i gcás aerthaistil: ticéid ar a mbeidh ainm an Fheisire agus gach cárta bordála nó cruthúnas leictreonach ar úsáid na dticéad sin;

    (b)

    i gcás taisteal iarnróid nó taisteal ar bhád: na ticéid uile.

    2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás taisteal i gcarr, déanfaidh Feisirí dearbhú a thíolacadh lena léirítear cláruimhir an chairr a úsáideadh don turas agus, i gcás turas i gcarr sa Bhallstát inar toghadh an Feisire, léireofar an t-achar a taistealaíodh, agus an áit imeachta agus ceann scríbe.

    Cuirfidh na Feisirí fianaise ar fáil go bhfuil siad ina n-úinéir ar an gcarr a úsáideadh don turas sin nó gurb iad a íocfaidh na costais a bhaineann leis, nó gur thabhaigh siad go hiarbhír na costais a eascraíonn as a úsáid chun an turas sin a dhéanamh. Chun críocha na fomhíre seo, glactar leis gurb iad na Feisirí a íocann na costais a bhaineann le gluaisteáin atá faoi úinéireacht a gcéilí, a bpáirtithe seasmhacha neamhphósta nó a leanaí.

    I gcás inar faide ná 480 km fad an turais, beidh doiciméid tacaíochta ag gabháil leis an dearbhú lenar féidir an bealach a tógadh a chinneadh chomh maith leis an dáta ar a ndearnadh an turas.

    Áireofar sna doiciméid tacaíochta admháil amháin ar a laghad a bhaineann le hidirbheart a rinneadh le linn an turais agus atá suite níos mó ná 100 km ó na háiteanna imeachta nó teachta (e.g. admháil chun breosla nó béile a cheannach, duillín dola mótarbhealaigh, etc.).

    I gcás turas idir an Bhruiséil agus Strasbourg, ní mór doiciméid tacaíochta lenar féidir dáta an turais a fhionnadh a thíolacadh i gcónaí.

    3.   Maidir le costas ticéad séasúir nó cárta lena dtugtar táille na dturas ar ráta laghdaithe don duine ainmnithe, féadfar iad a aisíoc i bhfoirm réamhíocaíochta. Tabharfar an réamhíocaíocht sin chun rialtachta ag deireadh bhailíocht an ticéid séasúir nó an chárta.

    4.   Feisire a cheannaíonn ticéid ó ghníomhaireacht taistil na Parlaiminte, ar a phriacal nó a priacal féin, agus tar éis dó nó di admháil a shíniú á rá go bhfuil na ticéid faighte, féadfaidh sé nó sí a iarraidh ar sheirbhís ábhartha na Parlaiminte an costas a aisíoc go díreach leis an ngníomhaireacht taistil sin. Sna cásanna sin, féadfaidh seirbhís ábhartha na Parlaiminte na doiciméid tacaíochta a liostaítear faoi mhír 1 a aisghabháil ó chóras áirithinte na gníomhaireachta taistil sin.

    Airteagal 14

    Doiciméid tacaíochta eile

    Maidir le hiarratais aisíocaíochta ar speansais taistil, ní mór go mbeidh na doiciméid tacaíochta seo a leanas ag gabháil leo:

    (a)

    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (b): cuireadh chuig an imeacht nó clár an imeachta ar fhreastail an Feisire air nó doiciméid tacaíochta eile ag cruthú go ndearnadh an turas i bhfeidhmiú shainordú an Fheisire, nó sa chás dá dtagraítear in Airteagal 22(3), dearbhú ón bhFeisire go ndearnadh an turas i bhfeidhmiú a shainordaithe nó a sainordaithe;

    (b)

    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (c): dearbhú ón bhFeisire ina luaitear cuspóir an turais a rinneadh i bhfeidhmiú a shainordaithe nó a sainordaithe;

    (c)

    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(2), pointe (a): de réir mar is iomchuí, údarú ón Uachtarán, ón mBiúró nó ó Chomhdháil na nUachtarán;

    (d)

    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(2), pointe (b): cuireadh ón gComhairle.

    Airteagal 15

    Méideanna aisíoctha

    1.   Aisíocfar speansais taistil ar bhonn na speansas a thabhaítear go hiarbhír, suas go dtí uasmhéid is ionann agus:

    (a)

    i gcás aerthaistil: taraif an ghráid gnó suas go huasmhéid atá cóibhéiseach le taraif phoiblí den ghrád D;

    (b)

    i gcás taisteal iarnróid nó taisteal ar bhád: an táille chéadghráid;

    2.   I gcás taisteal i gcarr, aisíocfar speansais taistil ar bhonn na speansas a thabhaítear go hiarbhír agus i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

    (a)

    do thuras aonair amach nó isteach, suas go dtí uasmhéid 720 km;

    (b)

    do gach turas i gcarr laistigh de Bhallstát inar toghadh an Feisire, suas go dtí an uasmhéid bhliantúil a leagtar amach in Airteagal 23(1), pointe (b);

    (c)

    do gach turas i gcarr a dhéantar de bhun Airteagail 10(1) pointí (a) agus (b) agus 10(2) laistigh de Bhallstát inar toghadh an Feisire, suas go dtí uasmhéid 60 000 km in aghaidh na bliana féilire;

    (d)

    go dtí go sroichfear na huasteorainneacha aisíocaíochta i bpointí (a), (b) agus (c) den mhír seo, EUR 0.58/km a bheidh san uasteorainn aisíocaíochta;

    (e)

    i gcás ina bhfuil gá dobharlach a thrasnú chun turas i gcarr a chríochnú, beidh costais an bháid farantóireachta gluaisteáin nó na modhanna eile iompair a úsáidtear inaisíoctha.

    Foroinn 2

    Forálacha is infheidhme maidir le gnáthspeansais taistil

    Airteagal 16

    Aisíocaíocht agus laethanta ar a ndéantar taisteal

    1.   Chun a bheith incháilithe d’aisíocaíocht, ní mór na turais dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (a), a bheith déanta chun críche gníomhaíochtaí oifigiúla arna reáchtáil ar na laethanta arna gcur ar leataobh dóibh i bhféilire ghnó oifigiúil na Parlaiminte.

    Féadfaidh Feisirí tabhairt faoi na turais dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (a), le linn na seachtainí a chuirtear ar leataobh do ghníomhaíochtaí parlaiminteacha seachtracha.

    2.   Ní mór go ndéanfar na turais dá dtagraítear in Airteagal 10(2) ar na laethanta atá socraithe ag an gcomhlacht a bhfuil an chumhacht aige taisteal a údarú.

    Airteagal 17

    Bealaí

    1.   Déanfar aisíocaíocht ar na speansais taistil a thabhaítear as turas a dhéanamh go dtí ceann d’áiteanna oibre nó ionaid chruinnithe na Parlaiminte, nó uathu, a ríomh bunaithe ar an mbealach is dírí idir pointe imeachta nó ceann scríbe an Fheisire agus an áit oibre nó an t-ionad cruinnithe.

    2.   Ciallóidh ‘áit chónaithe’ an áit, suite ar chríoch an Aontais, ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhFeisire (i.e. an áit ina bhfuil cónaí air nó uirthi go hiarbhír ar bhonn leanúnach), nuair nach bhfuil sé nó sí as láthair i bhfeidhmiú a dhualgas nó a dualgas parlaiminteach. Cuirfidh an Feisire seirbhís ábhartha de chuid na Parlaiminte ar an eolas faoin áit chónaithe sin.

    3.   Déanfar an bealach is dírí a chinneadh trí aird a thabhairt ar an méid seo a leanas:

    (a)

    i gcás turas aerthaistil: an t-aerfort is gaire do phointe imeachta an Fheisire atá in ann aerthicéad a eisiúint ar an taraif dá dtagraítear in Airteagal 15(1) agus an t-achar idir an t-aerfort sin agus an ceann scríbe;

    (b)

    i gcás turas iarnróid: an stáisiún is gaire do phointe imeachta an Fheisire agus an t-achar idir an stáisiún sin agus an ceann scríbe;

    (c)

    i gcás turas i gcarr nó ar bhád: an t-achar idir pointe imeachta an Fheisire agus an ceann scríbe.

    4.   Nuair a rachaidh Feisire i mbun dualgais nó má athraíonn sé nó sí a áit chónaithe nó a háit chónaithe, cuirfear in iúl dó nó di cad é an t-aerfort, an stáisiún agus cad iad na bealaí is dírí (i.e. an bealach is giorra) a úsáidfear chun na Bearta Cur Chun Feidhme seo a chur i bhfeidhm.

    5.   Féadfaidh an Feisire, ag am ar bith, a mholadh do sheirbhís ábhartha de chuid na Parlaiminte, i scríbhinn agus ag lua a chúiseanna nó a cúiseanna leis, bealach éagsúil a thógáil toisc go bhfuil buntáiste suntasach ag baint leis ó thaobh ama nó caoithiúlachta de agus nach bhfuil costais bhreise níos mó ná 20 % ag baint leis. Má ghlactar leis an mbealach sin, tiocfaidh sé in ionad an bhealaigh is dírí mar a cinneadh i gcomhréir le mír 3.

    Mura nglactar leis an mbealach nó más é tionchar an bhealaigh a mhol an Feisire go mbeadh costas is mó ná 20 % ar an turas, tarchuirfear an t-ábhar chuig an Ard-Rúnaí, a fhéadfaidh dul i bun comhairliúcháin leis na Caestóirí sula ndéanfaidh sé nó sí cinneadh.

    6.   Chun go n-aisíocfar turas Feisire go dtí nó ó áit oibre amháin de chuid na Parlaiminte nó go dtí nó ó ionad cruinnithe oifigiúil faoin fhoroinn seo, ní bheidh aon bhriseadh sa turas níos faide ná fanacht thar oíche amháin. I gcás ina bhfuil an briseadh níos faide ná fanacht thar oíche amháin, aisíocfar speansais taistil ón áit imeachta dheireanach.

    I gcás ina nglactar an sos sin sa Bhruiséil nó in Strasbourg, aisíocfar speansais taistil ó na háiteanna sin má tá an sos níos faide ná trí oíche aíochta.

    7.   Murab ionann an pointe imeachta nó an ceann scríbe agus áit chónaithe an Fheisire agus go bhfuil sé lonnaithe lasmuigh den Bhallstát inar toghadh é nó í nó go bhfuil sé lonnaithe i réigiún is forimeallaí den Aontas Eorpach, aisíocfar na speansais taistil a leagtar amach in Airteagal 15 bunaithe ar an mbealach is dírí idir an pointe imeachta agus an ceann scríbe, go huasmhéid na speansas taistil a bheadh tabhaithe ag an bhFeisire dá mbeadh an turas déanta aige nó aici ón áit chónaithe sin ar an mbealach is dírí (i.e. an bealach is giorra).

    Ní bheidh feidhm ag aisíocaíocht faoin mír seo ach amháin i leith taisteal laistigh den Aontas.

    8.   I gcás turas a dhéanfar idir dhá áit oibre, idir dhá ionad cruinnithe nó idir áit oibre agus ionad cruinnithe, beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 3 agus 7.

    9.   Déanfar nuashonrú tráthrialta agus ar a laghad faoi dhó sa bhliain ar na taraifí a úsáidtear chun críche na mBeart Cur Chun Feidhme seo.

    Airteagal 18

    Socruithe

    1.   Beidh Feisirí i dteideal aisíocaíocht ar na speansais a thabhaítear chun turas fillte amháin (‘príomhthuras’) a dhéanamh in aghaidh gach seachtaine oibre Parlaiminte idir a n-áit chónaithe nó pointe imeachta eile sa Bhallstát inar toghadh iad, cé is moite de na réigiúin is forimeallaí, agus áit oibre de chuid na Parlaiminte nó ionad cruinnithe.

    2.   Seachas le linn na seachtainí a chuirtear ar leataobh i bhféilire ghnó oifigiúil na Parlaiminte le haghaidh gníomhaíochtaí lasmuigh dá hionaid oibre, beidh Feisirí i dteideal aisíocaíocht freisin ar na speansais a thabhaítear chun turas fillte amháin (‘turas idirmheánach’) a dhéanamh i lár seachtaine oibre Parlaiminte idir áit oibre amháin de chuid na Parlaiminte nó ionad cruinnithe agus a n-áit chónaithe nó áit eile sa Bhallstát inar toghadh iad.

    3.   Beidh an teidlíocht aisíocaíochta ar speansais a thabhaítear i ndáil le turais idirmheánacha a dhéanamh neamhspléach ón teidlíocht aisíocaíochta ar na speansais taistil a thabhaítear i ndáil le turais a dhéanamh laistigh den Bhallstáit inar toghadh an Feisire, dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (c).

    4.   Ní bheidh Feisirí i dteideal aon aisíocaíocht maidir le turais nuair a úsáidtear modh iompair atá curtha ar fáil ag an bParlaimint.

    5.   Beidh Feisirí nach raibh in ann carr oifigiúil a úsáid i dteideal, ar dhoiciméid tacaíochta a thabhairt ar aird, aisíocaíocht a fháil ar tháillí tacsaí a thabhaítear mar gheall ar thurais idir an t-aerfort nó an stáisiún ag an áit imeachta nó ceann scríbe agus áit oibre na Parlaiminte nó ionad cruinnithe, i gcomhréir le Cinneadh ón mBiúró an 30 Samhain 2011 lena rialaítear socruithe taistil do na Feisirí in áiteanna oibre de chuid Parlaimint na hEorpa.

    Airteagal 19

    Teidlíocht i leith liúntas achair agus ré taistil

    1.   Maidir le turais laistigh den Aontas, beidh Feisirí i dteideal liúntas achair agus ré taistil d’fhonn na speansais taistil uile a chumhdach. Ní bheidh feidhm ag an teidlíocht sin ach i gcás an phríomhthurais de réir bhrí Airteagal 18(1).

    2.   Ní bheidh teidlíocht ar liúntais achair agus ré taistil i gceist i leith na dturas dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (b) agus pointe (c), ná sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 18(4). Ní chruthóidh briseadh i dturas den chineál dá dtagraítear in Airteagal 17(6) nó aon bhriseadh eile, aon teidlíocht bhreise i leith liúntais achair agus ré taistil.

    3.   I gcás an taistil idir áit chónaithe an Fheisire agus áiteanna oibre de chuid na Parlaiminte, socrófar uasteorainneacha na liúntas achair agus faid taistil ag tús théarma oifige an Fheisire agus go ceann an téarma sin, agus ní dhéanfar athbhreithniú orthu ach i gcás athrú ar an áit chónaithe.

    I gcás nach ionann an pointe imeachta ná an ceann scríbe agus áit chónaithe an Fheisire, socrófar uasteorainneacha na liúntas achair agus faid taistil do gach turas ceann ar cheann suas go huasmhéid na liúntas a bheadh faighte ag an bhFeisire dá mbeadh an turas déanta aige nó aici go dtí nó óna áit chónaithe nó óna háit chónaithe.

    4.   Don taisteal go dtí agus ó ionaid eile le haghaidh cruinnithe de réir bhrí Airteagal 10(1) pointe (a) agus (2), socrófar uasteorainneacha na liúntas achair agus ré do gach turas ceann ar cheann suas go huasmhéid na liúntas a bheadh faighte ag an bhFeisire dá mbeadh an turas déanta aige nó aici go dtí nó óna áit chónaithe nó óna háit chónaithe.

    5.   Féadfaidh Feisire a roghnú méid iomlán na liúntas achair nó faid taistil, nó cuid díobh, a fháil.

    6.   Iarrtar ar na Feisirí úsáid a bhaint as na mílte bónais, pointí bónais nó sochair dílseachta eile arna mbailiú acu mar chuid de thaisteal arna mhaoiniú ag buiséad na Parlaiminte, le haghaidh taisteal a dhéanfar amach anseo agus a sainordú á fheidhmiú acu.

    Airteagal 20

    Méid an liúntais achair

    1.   Cinnfear na huasteorainneacha don liúntais achair mar a leanas:

    (a)

    don chuid den turas idir 0 agus 50 km: EUR 25,91;

    (b)

    don chuid den turas idir 51 agus 250 km: EUR 0,15/km;

    (c)

    don chuid den turas idir 251 agus 1 000 km: EUR 0,07/km; agus

    (d)

    don chuid den turas de bhreis ar 1 000 km: EUR 0,03/km.

    2.   Ríomhfar na méideanna bunaithe ar an mbealach amach nó fillte is giorra idir lár baile áit chónaithe an Fheisire agus áit fáilte an ionaid cruinnithe. I gcás taisteal i gcarr, beidh feidhm ag an uasteorainn aisíocaíochta le haghaidh turas aonair amach nó isteach a leagtar síos in Airteagal 15(2) maidir le ríomh an liúntais achair.

    Mura fios bonn an ríofa do thuras traenach nó más deacair é a fháil amach, úsáidfear bonn an ríofa do thuras i gcarr.

    Airteagal 21

    Méid an liúntais faid taistil

    1.   Ríomhfar an liúntais faid taistil mar a leanas:

    (a)

    do thuras atá idir dhá agus ceithre huair an chloig ar fhad ar an iomlán: méid atá coibhéiseach le haon ochtú den liúntas dá bhforáiltear in Airteagal 24;

    (b)

    do thuras atá idir ceithre agus sé huair an chloig ar fhad ar an iomlán: méid atá coibhéiseach le haon cheathrú den liúntas dá bhforáiltear in Airteagal 24;

    (c)

    do thuras atá níos faide ná sé huair an chloig ar an iomlán ach nach bhfuil fanacht thar oíche i gceist leis: méid atá coibhéiseach le leath an liúntais dá bhforáiltear in Airteagal 24; agus

    (d)

    do thuras atá níos faide ná sé huair an chloig ar an iomlán agus a bhfuil gá le fanacht thar oíche, ar chúiseanna cuí-réasúnaithe: méid atá coibhéiseach leis an liúntas iomlán dá bhforáiltear in Airteagal 24, ar choinníoll go ndéanfar doiciméid tacaíochta a thabhairt ar aird.

    2.   Ríomhfar an fad iomlán atá ag turais mar a leanas:

    (a)

    i gcás turas aerthaistil, i dtraein nó ar bhád:

    fad an turais idir áit chónaithe an Fheisire agus an t-aerfort nó an stáisiún, do thuras a dhéantar ag luas 60 km/h;

    fad an turais aerthaistil, i dtraein nó ar bhád ar bhonn an amchláir;

    uair an chloig ag an mbordáil, nó ag imeacht na traenach nó an bháid, 30 nóiméad ag an díbhordáil nó ag teacht isteach chuig an gceann scríbe; agus

    30 nóiméad don aistriú idir an t-aerfort nó an stáisiún agus foirgnimh na Parlaiminte sa Bhruiséil, in Lucsamburg agus in Strasbourg (Entzheim).

    Cinnfidh an Biúró fad na dturas go Strasbourg trí aerfoirt eile bunaithe ar an bhfáil atá ar an modh iompair (8) ;

    (b)

    i gcás turas i gcarr: fad an turais idir áit chónaithe an Fheisire agus an áit oibre nó an t-ionad cruinnithe, a dhéantar ag luas 80 km/u agus go ceann 9 n-uaire an chloig ar a mhéad in aghaidh an turais amach nó isteach aonair.

    Foroinn 3

    Forálacha lena rialaítear taisteal breise agus taisteal sa Bhallstát inar toghadh an Feisire

    Airteagal 22

    Speansais taistil bhreise

    1.   Is é EUR 5 500 an t-uasmhéid bliantúil a fhéadfaidh a bheith i gceist le haisíocaíochtaí speansas taistil a thabhaítear sna cásanna dá dtagraitear in Airteagal 10(1), pointe (b).

    2.   Faoi réir an uasmhéid bhliantúil a leagtar amach i mír 1, agus ar an mbille bunaidh ábhartha nó an sonrasc a thabhairt ar aird, féadfaidh Feisire cur isteach ar aisíocaíocht ar tháillí tacsaí, costais chíosa cairr, billí óstáin agus speansais ghaolmhara eile freisin a thabhaítear le linn thréimhse feidhme na ngníomhaíochtaí oifigiúla. Cumhdóidh an teidlíocht seo freisin an lá roimh thús thréimhse na ngníomhaíochtaí oifigiúla agus an lá i ndiaidh na tréimhse sin.

    3.   I gcás ina dtaistealaíonn Feisire go dtí ceann d’áiteanna oibre na Parlaiminte le linn seachtain nach bhfuil gníomhaíochtaí oifigiúla de chuid na Parlaiminte ar siúl lena linn, déanfar aisíocaíocht na speansas taistil breise a theorannú do chostais taistil, lena n-áirítear táillí tacsaí laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos i gCinneadh an 30 Samhain 2011 ón mBiúró ar na rialacha lena rialaítear socruithe iompair do na Feisirí in áiteanna oibre Pharlaimint na hEorpa, agus costais óstáin.

    4.   I gcás iarrataí ar aisíocaíocht do thurais a dtugtar fúthu chun bheith rannpháirteach i ngníomhaíocht ar chuireadh a fháil ó Fheisire nó ó ghrúpa polaitiúil de chuid Pharlaimint na hEorpa, beidh doiciméid tacaíochta eile ag gabháil leo freisin, ag cruthú go ndearnadh an turas i bhfeidhmiú shainordú an Fheisire.

    5.   Féadfaidh Feisirí gnáth-thaisteal a chónascadh le taisteal breise.

    Déanfar an chéim isteach agus an chéim amach den turas cónasctha a aisíoc i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (a), go huasmhéid na speansas a bheadh tabhaithe ag an bhFeisire dá mbeadh an turas déanta aige nó aici ón áit chónaithe nó óna háit chónaithe ar an mbealach is dírí (i.e. an bealach is giorra). Aon chostas breise a thabhaítear, déanfar é a chur chun dochair do liúntas taistil breise an Fheisire i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

    6.   Is féidir le Feisirí taisteal breise a chónascadh le foghníomhaíochtaí neamhoifigiúla ar choinníoll nach n-ardaíonn sé sin méid na speansas taistil agus cothaithe atá le haisíoc.

    7.   Ní fhéadfaidh foirm eile d’aisíocaíocht phoiblí nó phríobháideach ar na speansais a thabhaítear teacht as na gníomhaíochtaí ar ina leith a rinneadh taisteal breise.

    8.   Is é EUR 4 886 an t-uasmhéid bliantúil a fhéadfaidh a bheith i gceist le haisíocaíochtaí speansas taistil a thabhaíonn cathaoirligh choiste nó fochoiste go hiarbhír agus iad ag taisteal le freastal ar chomhdháil nó ar imeacht ag a bhfuil ábhar leasa Eorpaigh faoi chaibidil agus a thagann faoi raon freagrachta choiste nó fhochoiste an chathaoirligh agus a bhfuil gné pharlaiminteach ag gabháil leis. Beidh gá le húdarú roimh ré ó Uachtarán na Parlaiminte i gcás rannpháirteachas den sórt sin, tar éis fíorú a dhéanamh go bhfuil leithreasuithe suas go dtí an t-uasmhéid thuasluaite le fáil.

    Féadfaidh cathaoirleach an choiste nó an fhochoiste duine de na leas-chathaoirligh, nó, mura féidir é sin a dhéanamh, comhalta den choiste nó den fhochoiste, a údarú i scríbhinn le hionadaíocht a dheanamh air nó uirthi ag comhdháil nó ag imeacht den sórt sin.

    Beidh na speansais sin faoi réir na gcoinníollacha céanna lena rialaítear aisíocaíocht agus atá i bhfeidhm ar speansais taistil bhreise.

    Airteagal 23

    Speansais taistil a thabhaítear sa Bhallstát inar toghadh an Feisire

    1.   Maidir leis an teidlíocht aisíocaíochta ar speansais taistil a thabhaítear sa Bhallstát inar toghadh an Feisire, dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (c), ní rachaidh sé, in aghaidh na bliana féilire, thar an méid seo a leanas:

    (a)

    24 thuras (fillte) aerthaistil, iarnróid nó ar bhád;

    Ní fhéadfar Feisirí a aisíoc as níos mó ná dhá thuras go dtí na réigiúin is forimeallaí atá mar chuid den Bhallstát inar toghadh iad, mura rud é gur ansin atá a n-áit chónaithe, mar a shainmhínítear in Airteagal 17(2);

    Ní aisíocfar Feisirí ar níos mó ná dhá thuras go tíortha agus críocha thar lear atá comhlachaithe leis an Aontas Eorpach ag a bhfuil caidrimh speisialta leis an mBallstát inar toghadh iad;

    (b)

    maidir le turais i gcarr, ní rachfar thar achar is ionann agus:

    26 000 km d’Fheisirí arna dtoghadh sa Ghearmáin, sa Spáinn, sa Fhrainc, san Iodáil, sa Pholainn, sa Rómáin, san Fhionlainn agus sa tSualainn;

    20 000 km d’Fheisirí arna dtoghadh sa Bhulgáir, sa tSeicea, in Éirinn, sa Ghréig, san Ungáir, san Ostair, sa Phortaingéil agus sa tSlóvaic;

    14 000 km d’Fheisirí arna dtoghadh sa Bheilg, sa Danmhairg, san Eastóin, sa Chróit, sa Chipir, sa Laitvia, sa Liotuáin, i Lucsamburg, i Málta, san Ísiltír agus sa tSlóivéin.

    2.   Ar iarraidh i scríbhinn, aon Fheisire a bhfuil a liúntas do thuras aeir, iarnróid nó ar bhád ídithe aige nó aici, faoi mhír 1, pointe (a), féadfaidh sé nó sí a liúntas do thuras i gcarr, faoi mhír 1, pointe (b), a aistriú ina liúntas aeir, iarnróid nó ar bhád, ar ráta ina mbeidh turas aonbhealaigh aeir, iarnróid nó báid coibhéiseach le 2 % d’uasmhéid na gciliméadar a cheadaítear don Bhallstát inar toghadh an Feisire lena mbaineann.

    3.   Déanfar muirir pháirceála agus speansais taistil a thabhaítear i gceantar uirbeach trí úsáid an chórais iompair phoiblí (lena n-áirítear tacsaithe) a aisíoc ar bhonn na ngnáthdhoiciméad tacaíochta don mhodh iompair a úsáideadh. Déanfar an méid a aisíocfar i leith tacsaithe a roinnt ar an méid is iníoctha in aghaidh an chiliméadair do thurais i gcarr, agus déanfar an toradh air sin a asbhaint ó líon na gciliméadar dá dtagraítear i mír 1, pointe (b).

    4.   I gcás Feisire, a bhfuil a áit chónaithe nó a háit chónaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 17(2) i mBallstáit nach é an ceann é inar toghadh é nó í, a thaistealaíonn idir an áit chónaithe sin agus an Ballstát inar toghadh é nó í i bhfeidhmiú a shainordaithe nó a sainordaithe, measfar na turais arna ndéanamh mar thurais laistigh den Bhallstát inar toghadh é nó í chun críoch mhír 1, pointí (a) agus (b) den Airteagal seo.

    Roinn 2

    Aisíocaíocht ar speansais chothaithe

    Airteagal 24

    Liúntas chothaithe

    1.   Beidh Feisirí i dteideal liúntas cothaithe do gach lá a mbeidh siad i láthair:

    (a)

    in áit oibre nó ag ionad cruinnithe, nuair atá a dtinreamh fianaithe go cuí i gcomhréir le hAirteagal 12, agus cé is moite de thinrimh lena mbaineann taisteal a chumhdaítear leis na forálacha lena rialaítear aisíocaíocht ar thaisteal breise agus ar thaisteal sa Bhallstát inar toghadh iad;

    (b)

    ag cruinnithe coiste nó comhlachta eile de chuid parlaimint náisiúnta, a reáchtáiltear in áit eile seachas áit chónaithe an Fheisire, ar chuireadh oifigiúil a chur i láthair, mar aon le miontuairiscí oifigiúla an chruinnithe ar fhreastail an Feisire air ina luaitear go raibh an Feisire i láthair agus fad an chruinnithe.

    Le linn na seachtainí a chuirtear ar leataobh do ghníomhaíochtaí parlaiminteacha seachtracha, beidh Feisirí i dteideal liúntais chothaithe a fháil ar feadh 3 lá ar a mhéad, ach i gcás ina bhfuil an liúntas iníoctha de bhun phointe (a) agus phointe (b) den mhír seo agus i gcás na n-imthosca sonracha arna gcinneadh ag an mBiúró an 19 Deireadh Fómhair 2009.

    2.   Má tharlaíonn an tinreamh dá dtagraítear in mír 1 ar chríoch an Aontais, gheobhaidh an Feisire liúntas cnapshuime dar luach EUR 350.

    3.   Má tharlaíonn an tinreamh dá dtagraítear in mír 1 lasmuigh de chríoch an Aontais, gheobhaidh an Feisire:

    (a)

    liúntas cnapshuime is comhionann le leath an mhéid dá bhforáiltear i mír 2 don tréimhse idir am imeachta na heitilte deireanaí is áisiúla roimh thús an chruinnithe agus am teachta na chéad eitilte is áisiúla i ndiaidh an chruinnithe, nó idir am imeachta agus am teachta aon aerárthaigh ar leith atá cairtfhostaithe ag an bParlaimint, de réir mar is iomchuí; chun críocha an ríomha sin, áireofar tréimhsí níos faide ná 12 uair an chloig mar lá iomlán agus tréimhsí níos faide ná 6 huair an chloig ach níos lú ná 12 uair an chloig mar leathlá;

    (b)

    ar an mbille bunaidh a chur i láthair, aisíocaíocht ar speansais réasúnacha lóistín a thabhaítear ag an ionad cruinnithe;

    (c)

    ar dhoiciméad tacaíochta a thabhairt ar aird, aisíocaíocht ar chostais víosa agus ar speansais ghaolmhara;

    (d)

    in imthosca eisceachtúla cuí-réasúnaithe, aisíocaíocht ar speansais réasúnacha chothaithe a thabhaítear le linn an turais féin.

    4.   I gcás príomhthurais a dhéantar san aon lá, laghdófar an liúntas cothaithe faoina leath má mhaireann tréimhse fanachta an Fheisire ag an áit oibre níos lú ná 6 huaire an chloig.

    Roinn 3

    Forálacha ginearálta

    Airteagal 25

    Cúnamh d’Fheisirí ag taisteal arna mhaoiniú ag an bParlaimint nó ag grúpa polaitiúil

    1.   Más rud é, le linn taisteal arna mhaoiniú ag an bParlaimint nó ag grúpa polaitiúil, go mbuailtear Feisire go han-bhreoite nó gur íospartach i dtionóisc nó in imthosca gan choinne an Feisire, ar tionóisc í nó ar imthosca iad lena gcuirtear cosc ar an turas dul ar aghaidh go réidh, beidh an Feisire sin i dteideal cúnamh a fháil ón bParlaimint. Áireofar sa chúnamh sin aisdúichiú a eagrú agus freagracht a ghlacadh as aon chostais ghaolmhara a íoc. Féadfaidh an Feisire nó, i gcás inarb iomchuí, ionadaí an Fheisire aisdúichiú a iarraidh go dtí ceann d’áiteanna oibre na Parlaiminte nó go dtí a áit chónaithe nó a háit chónaithe.

    2.   I gcás bhás an Fheisire le linn taisteal arna mhaoiniú ag an bParlaimint nó ag grúpa polaitiúil, féadfar aisíocaíocht a fháil freisin ar na speansais a thabhaítear chun an t-éagach a thabhairt ar ais go dtí a áit chónaithe nó a háit chónaithe.

    3.   Comhlíonfaidh an Pharlaimint a freagrachtaí cúnaimh trí bhíthin polasaí árachais. Déanfar cearta na bhFeisirí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a fheidhmiú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa pholasaí.

    4.   Cumhdófar leis an bpolasaí árachais inter alia na costais a bhaineann leis an gcúnamh seo a leanas a sholáthar:

    cúnamh i gcás bhreoiteacht thromchúiseach, thionóisc nó bhás an Fheisire,

    cúnamh agus filleadh luath i gcás ina dtarlaíonn tubaiste nádúrtha, díshocrachtaí móra oird phoiblí nó breoiteacht thromchúiseach, tionóisc nó bás duine gaoil de chuid an Fheisire,

    cúnamh lóistíochta agus riaracháin i gcás gadaíocht nó caillteanas doiciméad,

    cúnamh i gcás ina dtionscnaítear caingean dlí in aghaidh an Fheisire,

    árachas forlíontach saoil agus easláine (iarmhéid gan íoc).

    Airteagal 26

    Cúnamh d’Fheisirí faoi mhíchumas

    Féadfaidh na Caestóirí, ar thogra ón Ardrúnaí agus tar éis dóibh dul i gcomhairle le Seirbhís Liachta na Parlaiminte, a údarú go n-íocfaidh an Pharlaimint speansais áirithe is gá chun cúnamh a thabhairt d’Fheisirí atá faoi mhíchumas i dtreo is go mbeidh siad in ann a ndualgais a chomhlíonadh. Beidh an céatadán míchumais agus riachtanas agus oiriúnacht an chúnaimh a mholtar faoi réir anailís thréimhsiúil agus dheimhniú tréimhsiúil Sheirbhís Liachta na Parlaiminte. San údarú a thugann na Caestóirí, leagfar amach na socruithe maidir le cúnamh a sholáthar agus an tréimhse ar lena linn atá an cúnamh sin le soláthar.

    Airteagal 27

    Tréimhsí neamhláithreachta

    Beidh laghdú 50 % ar an liúntas cothaithe dá bhforáiltear in Airteagal 24 le haghaidh gach lae a bheidh an Feisire as láthair ar feadh níos mó ná leath de na vótaí trí ghlao rolla a dhéantar ar lá ar bith de pháirtseisiún, cé is moite de na vótaí trí ghlao rolla a bhaineann le glacadh chlár oibre na Parlaiminte. Chun críocha an Airteagail seo, mura slánuimhir í leath líon iomlán na vótaí trí ghlao rolla, déanfar í a shlánú síos go dtí an chéad slánuimhir eile.

    Airteagal 28

    Cur chun feidhme na mbeart arna nglacadh de bhun na Rialacha Nós Imeachta

    1.   Feisirí a rinneadh a eisiamh ón Seomra Tionóil, faoi Riail 175 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte, forghéillfidh siad a dteidlíocht ar an liúntas cothaithe dá bhforáiltear in Airteagal 24 de na Bearta Cur Chun Feidhme ar feadh a n-eisiaimh.

    2.   Forghéillfidh Feisirí a dteidlíocht ar an liúntas cothaithe dá bhforáiltear in Airteagal 24 de na Bearta Cur Chun Feidhme seo i gcás ina gcinneann an tUachtarán amhlaidh faoi Riail 176 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte.

    Caibidil 5

    Cúnamh ó Fhoireann Phearsanta

    Airteagal 29

    Speansais cúnaimh pharlaimintigh a íoc

    1.   Beidh Feisirí i dteideal cúnamh a fháil ó fhoireann phearsanta agus féadfaidh siad an fhoireann sin a roghnú gan bhac. Íocfaidh an Pharlaimint na speansais a thabhaítear go hiarbhír agus a thagann chun cinn go huile agus go hiomlán as cúntóir amháin nó níos mó a fhostú nó as soláthraithe seirbhíse a úsáid i gcomhréir leis na Bearta Cur Chun Feidhme seo agus leis na coinníollacha arna leagan síos ag an mBiúró.

    2.   Ní íocfar ach speansais ar chúnamh atá riachtanach agus a bhfuil baint dhíreach acu le feidhmiú shainordú parlaiminteach an Fheisire. Ní dhéanfar speansais a bhaineann le saol príobháideach an Fheisire a íoc ar aon chúis.

    3.   Beidh na liúntais iníoctha ar feadh fhad théarma oifige an Fheisire. Ní féidir speansais a íoc ach amháin murar tabhaíodh iad tráth nach luaithe ná:

    (a)

    i gcás inar gá an conradh nó an modhnú as a dtionscnaíonn na speansais a thíolacadh, 30 lá roimh an iarratas ar chonarthaí nua nó ar mhodhnuithe conarthaí a chlárú, nó

    (b)

    i ngach cás eile, 90 lá sula dtíolacfar an t-iarratas ar íocaíocht i gcomhréir leis an gCaibidil seo.

    4.   Is é EUR 28 696 an t-uasmhéid míosúil is iníoctha i leith na foirne pearsanta uile dá dtagraítear in Airteagal 30 le héifeacht ón 1 Iúil 2023.

    5.   I gcás nach dtosaíonn téarma oifige an Fheisire ar an gcéad lá den mhí nó nach gcríochníonn sé ar an lá deireanach de mhí, ríomhfar na speansais cúnaimh pharlaimintigh iníoctha don mhí sin ar bhonn pro rata.

    6.   Déanfar aon iarmhéid nár úsáideadh den mhéid míosúil dá bhforáiltear i mír 4 agus atá carntha ag deireadh na bliana airgeadais a thabhairt anonn go dtí an chéad bhliain airgeadais eile, suas go dtí an méid míosúil dá dtagraítear sa mhír sin ar a mhéad.

    Airteagal 30

    Prionsabail ghinearálta

    1.   Féadfaidh Feisirí na daoine seo a leanas a úsáid:

    (a)

    ‘cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe’: daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 5a de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, a bhfuil cónaí orthu ina n-áit fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 20 de na Rialacháin Foirne chun cúnamh díreach a thabhairt d’Fheisirí in áitreabh Pharlaimint na hEorpa ag ceann dá trí ionad oibre, agus

    (b)

    ‘cúntóirí áitiúla’: daoine nádúrtha a thugann cúnamh d’Fheisirí sa Bhallstát inar toghadh iad agus a bhfuil conradh fostaíochta nó seirbhíse tugtha i gcrích acu leo i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme agus leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo.

    2.   Féadfaidh beirt Fheisirí nó níos mó dul i ngrúpáil le chéile chun cúntóir amháin nó níos mó, dá dtagraítear i mír 1, nó oiliúnaí amháin nó níos mó a earcú nó chun seirbhísí cúntóirí nó oiliúnaithe den sórt sin a úsáid, ar choinníoll go ndéanfaidh siad amhlaidh i scríbhinn agus úsáid á baint acu as an gcomhaontú caighdeánach arna fhormheas ag an oifigeach údarúcháin inniúil. I gcásanna den sórt sin, ainmneoidh na Feisirí lena mbaineann as a measc féin an Feisire nó na Feisirí atá údaraithe chun na conarthaí a shíniú, nó chun iarraidh ar earcaíocht a thíolacadh, thar ceann na grúpála. Ní bheidh aon tagairtí do pháirtí, d’fhondúireacht nó do ghluaiseacht pholaitiúil san ainm a thabharfar don ghrúpáil.

    Déanfaidh Feisirí dearbhú i scríbhinn a chur faoi bhráid sheirbhís ábhartha de chuid na Parlaiminte lena leagtar síos na sciartha faoi seach atá le hasbhaint ón méid dá bhforáiltear in Airteagal 29(4). Ní fhéadfaidh sciar uasta aon Fheisire i ngrúpáil a bheith níos mó ná 80 %.

    Chun líon na gconarthaí in aghaidh an Fheisire a ríomh, déanfar gach cúntóir nó oiliúnaí a earcófar do ghrúpáil Feisirí a shannadh do dhuine de na Feisirí rannpháirteacha arna n-ainmniú ag an bhFeisire freagrach.

    3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 32 go 40 maidir le cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe.

    4.   Speansais a thabhaítear i dtaca le comhaontuithe maidir le tréimhsí oiliúna, arna mbunú ar bhonn na gcoinníollacha arna leagan síos ag an mBiúró, féadfar iad a íoc freisin.

    5.   Féadfaidh Feisirí úsáid a bhaint freisin as daoine nádúrtha atá bunaithe nó daoine dlítheanacha atá corpraithe i mBallstát a sholáthraíonn seirbhísí speisialaithe atá sainaitheanta go soiléir dóibh, a bhfuil conradh seirbhíse tugtha i gcrích acu leo i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme agus leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo. Ní mór cáilíochtaí nó taithí leormhaith a bheith ag na soláthraithe seirbhíse sin maidir leis na seirbhísí atá i gceist a sholáthar.

    Ní mór daoine dlítheanacha a sholáthraíonn seirbhísí a chosnaíonn níos mó ná EUR 60 000, CBL san áireamh, a bheith ionchorpraithe i mBallstát agus ní mór iad a bheith gníomhach sa réimse ábhartha ar feadh bliain amháin ar a laghad ar dháta tosaithe an chonartha a tugadh i gcrích leis an bhFeisire.

    Cé is moite de sheirbhísí arna soláthar ag cúntóirí áitiúla de bhun mhír 1, pointe (b), i gcás ina sáraíonn costas na seirbhísí tairseach EUR 60 000, CBL san áireamh, roghnófar an soláthraí seirbhíse trí nós imeachta soláthair. Beidh feidhm ag an tairseach sin ar bhonn carnach i gcás conarthaí le haghaidh seirbhísí comhchosúla ón soláthraí céanna. Beidh cúigear iarrthóirí atá go hiomlán neamhspleách ar a laghad i gceist leis an nós imeachta soláthair. Ní fhéadfar cinneadh a dhéanamh maidir le dámhachtain an chonartha ach amháin má tá ar a laghad trí thairiscint bhailí curtha isteach. Dámhfar an conradh don tairgeoir a thugann an cóimheas is fearr idir praghas agus cáilíocht.

    6.   Ní áireofar soláthar foirne i soláthar na seirbhísí, seachas i gcás seirbhísí sealadacha ó sholáthraithe seirbhíse a sholáthraíonn foireann ar bhonn gairmiúil agus rialta agus atá údaraithe déanamh amhlaidh faoin dlí náisiúnta.

    Ní ligfear seirbhísí arna soláthar de bhun mhír 1, pointe (b), ar fochonradh. Ní dhéanfar seirbhísí arna soláthar de bhun mhír 5 a ligean ar fochonradh ach amháin ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo, tar éis seirbhís ábhartha de chuid na Parlaiminte a chur ar an eolas, agus in aon chás, ní dhéanfar é ach amháin maidir le huasmhéid 20 % de luach iomlán an chonartha lena mbaineann.

    7.   Glacfaidh an Biúró liosta speansas a fhéadfar a íoc chun críche cúnaimh pharlaimintigh (9).

    8.   Foilseofar ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte ainmneacha na gcúntóirí agus na n-oiliúnaithe, chomh maith le hainmneacha nó ainmneacha corparáideacha na soláthraithe seirbhíse agus na ngníomhairí íocaíochta, go ceann fad a gconarthaí, mar aon le hainm an Fheisire nó le hainmneacha na bhFeisirí a dtugann siad cúnamh dóibh.

    Cúntóirí, oiliúnaithe, soláthraithe seirbhíse agus gníomhairí íocaíochta agus an Feisire lena mbaineann, ar fhorais a bhfuil údar cuí leo, amhail a sábháilteacht a chosaint nó, cé go bhfuil sé gníomhach i gcónaí, gur cuireadh an conradh lena mbaineann ar fionraí nó gur cuireadh críoch leis, féadfaidh siad iarraidh a dhéanamh i scríbhinn chuig an Ard-Rúnaí, nach ndéanfaí a n-ainm nó a n-ainm corparáideach a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte. Déanfaidh an tArd-Rúnaí cinneadh an nglacfar le hiarraidh den sórt sin. Cuirfear na páirtithe uile lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh sin.

    9.   Gan beann ar a sceidil ama oibre, ní rachaidh líon na gcúntóirí arna sannadh d’Fheisire ag am ar bith thar cheathrar i gcás cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe agus thar dheichniúr i gcás cúntóirí áitiúla. Ar bhonn eisceachtúil agus ar feadh uastréimhse míosa, féadfar an t-uaslíon cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe a mhéadú go dtí cúigear i gcás inar gá sin chun an t-aistriú idir conarthaí fostaíochta an bheirt chúntóir a éascú.

    Cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe a earcófar chun cúiteamh a dhéanamh ar asláithreacht chuí-réasúnaithe cúntóra pharlaimintigh chreidiúnaithe de bhun Airteagal 18(6) de na Bearta Cur Chun Feidhme do Theideal VII de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (10), ní chuirfear san áireamh iad sa líon uasta a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo.

    10.   Agus léirithe á dtabhairt acu maidir le grádú a gcúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe, ba cheart d’Fheisirí a gcáilíochtaí agus a dtaithí, na cúraimí atá le tabhairt dóibh, an fhéidearthacht dul chun cinn gairme a dhéanamh agus an gá atá le bainistíocht fhónta airgeadais a chinntiú a chur san áireamh.

    11.   Déanfar ar a laghad 40 % den mhéid dá bhforáiltear in Airteagal 29(4) de na Bearta Cur Chun Feidhme sin a chur in áirithe do chostais chruinnithe a thagann chun cinn faoi Theideal VII de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ní rachaidh na costais uile i leith speansais cúnaimh pharlaimintigh, seachas na cinn a thagann chun cinn faoi Theideal VII de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, thar 60 % den mhéid dá bhforáiltear in Airteagal 29(4) de na Bearta Cur Chun Feidhme sin.

    Thairis sin, ní fhéadfadh na speansais maidir le seirbhísí a sholáthar, dá dtagraítear san Airteagal seo, dul thar 20 % den mhéid dá bhforáiltear in Airteagal 29(4).

    Ríomhfar na teorainneacha sin le haghaidh gach bliana airgeadais trí na teidlíochtaí míosúla dá bhforáiltear in Airteagal 29(4) a chomhiomlánú, móide aon iarmhéid nár úsáideadh agus a tugadh anonn go dtí an chéad bhliain airgeadais eile faoi Airteagal 29(6), ar bhonn pro rata.

    12.   Íocfaidh an Pharlaimint speansais daoine nádúrtha arna bhfruiliú ag Feisirí mar chúntóirí áitiúla nó as seirbhísí speisialaithe a sholáthar d’olltuilleamh nó do tháillí glan ó CBL suas go dtí uasteorainneacha míosúla. Bunóidh an Biúró na huasteorainneacha sin i gcomhréir le mír 13, agus féadfaidh an Biúró iad a oiriúnú go bliantúil. Foilseofar na huasteorainneacha is infheidhme ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.

    13.   Beidh na huasteorainneacha comhionann le trí oiread go leath den mhéid tagartha. Beidh sa mhéid tagartha aon dódhéagú den mhéid arna fhoilsiú ag Eurostat mar an meánphá comhlán bliantúil atá ag duine atá fostaithe go lánaimseartha sa Bhallstát inar toghadh an Feisire lena mbaineann.

    Mar sin féin, ní bheidh na huasteorainneacha arna ríomh ar an gcaoi sin níos lú ná bunphá cúntóra pharlaimintigh chreidiúnaithe ar ghrád 6 nó níos mó ná bunphá cúntóra pharlaimintigh chreidiúnaithe ar ghrád 19.

    Ní íocfar aon bhónas ach suas go dtí na huasteorainneacha réamhluaite arna ríomh ar bhonn bliantúil agus teoranta don séú cuid d’olltuilleamh bliantúil an chúntóra.

    Laghdófar na huasteorainneacha ar bhonn pro rata i gcás ina n-oibríonn cúntóir áitiúil go páirtaimseartha nó i gcás nach n-oibríonn an cúntóir áitiúil an mhí iomlán.

    14.   Maidir le holltuilleamh cúntóra áitiúil atá ag teastáil go príomha chun tacaíocht riaracháin agus dualgais rúnaíochta a dhéanamh, ach atá ag teastáil freisin chun dualgais dréachtaithe agus chomhairleacha a chomhlíonadh, ní rachaidh sé thar 60 % de na huasteorainneacha míosúla arna mbunú ag an mBiúró i gcomhréir le mír 13.

    Maidir le holltuilleamh cúntóra áitiúil atá ag teastáil go príomha chun dualgais dréachtaithe agus chomhairleacha a dhéanamh, ach atá ag teastáil freisin chun tacaíocht riaracháin agus dualgais rúnaíochta a dhéanamh, ní rachaidh sé thar 70 % de na huasteorainneacha míosúla arna mbunú ag an mBiúró i gcomhréir le mír 13, ach amháin má tá dioplóma ag an gcúntóir áitiúil lena ndeimhnítear gur cuireadh cúrsa ollscoile trí bliana ar a laghad i gcrích go rathúil nó má tá taithí ghairmiúil ar leibhéal coibhéiseach aige nó aici.

    15.   Íocfaidh an Pharlaimint na speansais taistil arna dtabhú iarbhír ag cúntóirí áitiúla agus iad ag tabhairt faoi thaisteal dualgais ócáideach, arna iarraidh sin ag an bhFeisire, i ndáil le comhlíonadh a ndualgas. Measfar gur ócáideach é an taisteal dualgais a bhaineann le seisiúin iomlánacha na Parlaiminte.

    Íocfar na speansais sin ar thíolacadh na ndoiciméad tacaíochta.

    Roghnófar na cineálacha iompair agus lóistín is eacnamaíche agus is éifeachtúla, faoi réir a n-infhaighteachta agus a n-inrochtaine ag an am. Is den ghrád barainne nó den dara grád a dhéanfar aon turas ar eitleán nó turas traenach faoi seach. Is seomraí caighdeánacha a bheidh sa lóistín. Ní úsáidfear tacsaithe ach amháin i gcásanna eisceachtúla agus le haghaidh achar gairid, i gcásanna nach mbíonn aon iompar poiblí ar fáil.

    Beidh an íocaíocht teoranta don íosmhéid dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta is infheidhme agus, i gcás speansas lóistín, suas go dtí na huasteorainneacha is infheidhme maidir le hoifigigh agus seirbhísigh eile na Parlaiminte.

    Airteagal 31

    Iarmhairtí airgeadais ar chás cruthaithe ciaptha cúntóra pharlaimintigh chreidiúnaithe

    Más rud é, tar éis nós imeachta inmheánach maidir le ciapadh inar tugadh éisteacht don dá pháirtí, go suíonn an tUachtarán go bhfuil Feisire ciontach i gciapadh síceolaíoch nó gnéasach cúntóra pharlaimintigh chreidiúnaithe, déanfaidh an Pharlaimint, de mhaolú ar Airteagal 29, oibleagáidí airgeadais uile an Fheisire faoi chonradh an chúntóra chreidiúnaithe sin, go háirithe pá an chúntóra, a asbhaint ó íoc speansas cúnaimh pharlaimintigh an Fheisire sin, agus ní bheidh an Feisire i dteideal aon seirbhísí a bheith á soláthar a thuilleadh ag an gcúntóir sin.

    Airteagal 32

    Gníomhairí íocaíochta

    1.   Maidir le gach conradh fostaíochta agus seirbhíse, mar aon le haon chomhaontú maidir le tréimhsí oiliúna i dtaca le hoiliúnaithe atá lonnaithe sa Bhallstát inar toghadh an Feisire, arna thabhairt i gcrích ag Feisire nó ag grúpáil d’Fheisirí, déanfaidh gníomhaire íocaíochta atá bunaithe i mBallstát é a riar.

    2.   Is duine nádúrtha nó dlítheanach atá údaraithe go cuí laistigh de Bhallstát chun gníomhaíocht ghairmiúil a dhéanamh a bhaineann le gnéithe cánach agus slándála sóisialaí de chonarthaí fostaíochta nó de chonarthaí seirbhíse faoin dlí náisiúnta a dhéanfaidh seirbhísí gníomhaire íocaíochta.

    Ní bheidh an duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhísí gníomhaire íocaíochta i gceann de na staideanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 136(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 (11) (‘an Rialachán Airgeadais’).

    Bainfidh gníomhairí íocaíochta úsáid as córas ríomhairithe párolla gairmiúil.

    3.   Déanfaidh Feisire conradh aonair a thabhairt i gcrích le gníomhaire íocaíochta dá rogha féin a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2.

    Speansais a thabhaítear in úsáid seirbhísí gníomhaire íocaíochta i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, cumhdófar iad leis an méid dá bhforáiltear in Airteagal 29(4) agus ní bheidh siad faoi réir na teorann a leagtar síos in Airteagal 30(11) i leith seirbhísí.

    Ní fhéadfaidh táillí gníomhairí íocaíochta, gan CBL, a bheith níos mó ná 4 % den mhéid dá bhforáiltear in Airteagal 29(4).

    Déanfar athbhreithniú ar theorainneacha uasta tháillí na ngníomhairí íocaíochta ar bhonn carnach sa bhliain féilire i gcomhréir lefad a gconartha.

    4.   Déanfar an conradh idir an Feisire agus an gníomhaire íocaíochta a thabhairt i gcrích bunaithe ar chonradh caighdeánach arna fhormheas ag an oifigeach údarúcháin inniúil.

    Beidh aon leagan nua den chonradh caighdeánach éigeantach tar éis é a bheith curtha in iúl do na Feisirí. Ní bheidh aon éifeachtaí cúlghabhálacha aige ar chonarthaí atá ann cheana.

    Leagfar síos sa chonradh caighdeánach, i gcomhréir leis an gCaibidil seo, na socruithe íocaíochta i leith na gconarthaí dá dtagraítear i mír 1 agus luach saothair agus dliteanas an ghníomhaire íocaíochta.

    Airteagal 33

    Socruithe chun conarthaí le foireann phearsanta a bhainistiú

    1.   Áiritheoidh an gníomhaire íocaíochta go ndéantar an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais, go háirithe maidir le hoibleagáidí slándála sóisialta agus cánach, a chomhlíonadh go cuí i ndáil leis na conarthaí a ndéanann sé nó sí bainistíocht orthu.

    2.   Íocfar táillí na ngníomhairí íocaíochta ar thíolacadh na sonrasc ábhartha nó na ráiteas táille ábhartha.

    3.   Na doiciméid agus an fhaisnéis go léir a theastaíonn ó ghníomhairí íocaíochta na bhFeisirí chun dlíthiúlacht agus bainistiú fónta na gconarthaí a bhfuil siad freagrach astu a áirithiú, déanfaidh na Feisirí iad a sholáthar dóibh, go háirithe na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 34(2), Airteagal 35(1), pointe (a), Airteagal 38, Airteagal 39(1), pointe (a), agus Airteagal 40.

    4.   Íocfaidh an Pharlaimint leis an ngníomhaire íocaíochta na méideanna atá dlite faoi na conarthaí, lena n-áirítear comhaontuithe maidir le tréimhsí oiliúna, a bhfuil sé nó sí freagrach astu, nuair a thíolactar na doiciméid tacaíochta riachtanacha.

    5.   I gcomhthéacs conartha fostaíochta nó comhaontaithe tréimhsí oiliúna, tabharfaidh an Pharlaimint réamhíocaíochtaí don ghníomhaire íocaíochta i ndáil le speansais arna dtabhú i leith luach saothair, ranníocaíochtaí slándála sóisialta agus cánacha.

    Is faoi fhreagracht na bhFeisirí agus a ngníomhairí íocaíochta a thabharfar réamhíocaíochtaí den sórt sin chun rialtachta, agus déanfar réamhíocaíochtaí den sórt sin a thabhairt chun rialtachta sin i gcomhréir leis na Bearta Cur Chun Feidhme seo agus an dlí náisiúnta is infheidhme.

    Airteagal 34

    Iarratas ar speansais cúnaimh pharlaimintigh a íoc

    1.   Maidir le hiarratais ar speansais cúnaimh pharlaimintigh a íoc de bhun Airteagal 30(1), pointe (b), (2), (4) agus (5), lena sonraítear na tairbhithe agus méideanna na n-íocaíochtaí atá le déanamh, deanfaidh an Feisire nó gníomhaire íocaíochta an Fheisire iad a thíolacadh do sheirbhís ábhartha de chuid na Parlaiminte, agus déanfaidh gach Feisire lena mbaineann agus an gníomhaire íocaíochta na hiarratais sin a chomhshíniú go cuí. Beidh na doiciméid tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 35 maidir le conarthaí fostaíochta agus iad sin dá dtagraítear in Airteagal 39 maidir le conarthaí seirbhíse ag gabháil leo.

    2.   Déanfaidh na Feisirí a ngníomhairí íocaíochta agus seirbhís ábhartha de chuid na Parlaiminte a chur ar an eolas láithreach faoi aon athrú ar a gcaidreamh conarthach agus ar na treoracha a bhaineann le híocaíochtaí, agus na hathruithe a rinneadh ar an gconradh á léiriú acu.

    Déanfaidh gníomhairí íocaíochta faisnéis den sórt sin agus na doiciméid tacaíochta chomhfhreagracha a chur ar aghaidh láithreach chuig seirbhís ábhartha de chuid na Parlaiminte, gan fanacht ar thabhairt chun rialtachta na gcuntas.

    Airteagal 35

    Doiciméid atá le tíolacadh i dtaca le conradh fostaíochta

    Beidh an méid seo a leanas in iarratais ar speansais a íoc i leith conradh fostaíochta:

    (a)

    an conradh fostaíochta bunaidh atá tugtha i gcrích ag an bhFeisire lena chúntóir áitiúil nó lena cúntóir áitiúil;

    (b)

    tuairisc mhionsonraithe ar an bpost agus an seoladh beacht ag a bhfuil na dualgais le comhlíonadh;

    (c)

    bileog ríomha lena sonraítear na tuarastail, na ranníocaíochtaí slándála sóisialta ó fhostóirí agus ó fhostaithe agus na speansais eile is dóigh a íocfar le linn na bliana féilire agus ar fhoirceannadh an chonartha agus lena gcuirtear san áireamh forálacha an dlí náisiúnta, lena n-áirítear na forálacha sin lena rialaítear íosphá, agus oibleagáidí conarthacha, lena n-áirítear aon íocaíochtaí a dhéantar i leith speansais mhisin;

    (d)

    fíorchóip dheimhnithe de dhoiciméad aitheantais bailí an chúntóra áitiúil;

    (e)

    cruthúnas ar ghnátháit chónaithe an chúntóra áitiúil;

    (f)

    cruthúnas ar cháilíochtaí agus ar thaithí ghairmiúil an chúntóra áitiúil; agus

    (g)

    liosta de na gníomhaíochtaí seachtracha uile seo a leanas, bíodh siad íoctha nó neamhíoctha, a bhfuil baint ag an gcúntóir áitiúil leo: gníomhaíochtaí gairmiúla, oifig pholaitiúil, staidéar iar-mheánscoile, cúrsaí forbartha gairmiúla níos faide ná aon mhí amháin, tréimhsí oiliúna agus gníomhaíochtaí do pháirtí polaitiúil, d’fhondúireacht pholaitiúil, do ghluaiseacht pholaitiúil nó do ghrúpa polaitiúil parlaiminteach; ní mór na nithe seo a leanas a bheith ag gabháil leis an liosta sin:

    (i)

    dearbhú ón gcúntóirí a dhearbhóidh nach dtabharfaidh sé nó sí, le linn fhad a chonartha nó a conartha, faoi aon ghníomhaíochtaí go díreach ná go hindíreach, fiú na gníomhaíochtaí sin nach mbeadh an cúntóir i dteideal aon luach saothair dá mbarr, más gníomhaíochtaí den sórt sin iad a chuirfeadh isteach ar an gcúntóir a chuid dualgas nó a cuid dualgas a chomhlíonadh sa cháil sin nó a bheadh ina gcúis le coinbhleacht leasa. agus

    (ii)

    dearbhú ón bhFeisire a dheimhneoidh gur thug sé nó sí dá aire nó dá haire liosta de ghníomhaíochtaí seachtracha an chúntóra agus a dhearbhóidh nach gcuirfidh siad isteach ar an gcúntóir a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh sa cháil sin ná nach n-eascróidh coinbhleacht leasa astu.

    Airteagal 36

    Cuntais a thabhairt chun rialtachta

    1.   Le haghaidh gach cúntóra áitiúil a fhostaítear agus gach oiliúnaí atá lonnaithe sa Bhallstát inar toghadh an Feisire, déanfaidh na gníomhairí íocaíochta a chur ar aghaidh chuig an tseirbhís ábhartha de chuid na Parlaiminte, faoin 31 Márta den bhliain tar éis bhliain airgeadais i dtrácht, ráitis ar na speansais arna dtabhú i leith tuarastal, asbhaintí cánach agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta ó fhostóirí agus ó fhostaithe agus aon speansais iníoctha eile, go háirithe chun críoch na réamhíocaíochtaí atá íoctha a thabhairt chun rialtachta. Déanfaidh siad, sa bhreis air sin, cruthúnas a sholáthar lena léirítear go bhfuil na cúntóirí áitiúla i dtrácht cláraithe i scéim slándála sóisialta, agus an Feisire á léiriú mar an fostóir, deimhniú árachais in aghaidh tionóiscí a bhaineann leis an obair i gcás ina a n-éilítear árachas den sórt sin leis an dlí náisiúnta is infheidhme, agus ráiteas ioncaim bliantúil. Deimhneoidh siad freisin gur comhlíonadh na hoibleagáidí uile lena n-eascraítear as an dlí náisiúnta is infheidhme agus, arna iarraidh sin do sheirbhís ábhartha de chuid na Parlaiminte, cuirfidh siad isteach na duillíní pá uile a eisíodh don tréimhse tuairiscithe, chomh maith le cruthúnas gur íocadh tuarastal, ranníocaíochtaí sóisialta agus cánacha.

    I gcás ina ndéantar an conradh idir an gníomhaire íocaíochta agus an Feisire a fhoirceannadh agus ag deireadh théarma oifige an Fheisire, comhlíonfar na hoibleagáidí sin laistigh de 3 mhí ar a dhéanaí.

    Déanfar na ráitis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a tharraingt suas i gcomhréir le sonraíochtaí na Parlaiminte.

    2.   Mura ndéantar na ráitis dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach laistigh den sprioc-am atá leagtha síos, measfar nach íocaíochtaí rialta iad na híocaíochtaí comhfhreagracha ar fad. Tar éis fíorú a bheith déanta ar na ráitis dá dtagraítear i mír 1 nó ina n-éagmais, cuirfidh seirbhís ábhartha de chuid na Parlaiminte fógra ar aghaidh chuig na gníomhairí íocaíochta, mar aon le cóipeanna chuig an bhFeisire, ina sonraítear cé acu is íocaíochtaí rialta iad nó nach íocaíochtaí rialta iad na híocaíochtaí a dhéantar agus, i gcás inarb iomchuí, cad iad na doiciméid atá ar iarraidh agus nach mór a thíolacadh fós.

    I gcás ina ndeimhnítear leis an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo nach íocaíochtaí rialta iad na híocaíochtaí a dhéantar, déanfar na doiciméid is gá chun iad a thabhairt chun rialtachta a thíolacadh chuig seirbhís ábhartha de chuid na Parlaiminte laistigh de 1 mhí tar éis dháta an fhógra. I gcás nach dtíolacfar na doiciméid sin laistigh den tréimhse sin, déanfaidh an Pharlaimint Airteagal 71 nó Airteagal 72 nó iad araon a chur i bhfeidhm, de réir mar is iomchuí.

    Airteagal 37

    Oibleagáidí maidir le conarthaí cúntóirí áitiúla

    1.   Déanfaidh gníomhairí íocaíochta, ar feadh na tréimhse a leagtar síos leis an dlí náisiúnta is infheidhme, agus ar feadh cúig bliana ar a laghad ó dheireadh an téarma pharlaimintigh lena mbaineann, leabhar taifeadta de ráitis phá a choimhéad ina miondealaítear suimeanna a íoctar mar luach saothair agus, i gcás inarb infheidhme, cáin agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta ó fhostóirí agus ó fhostaithe.

    Gan dochar don chéad fhomhír, ar fhoirceannadh chonradh an ghníomhaire íocaíochta, déanfar cóip dhílis dheimhnithe de na doiciméid phárolla uile a chur ar aghaidh láithreach chuig an bhFeisire chomh maith le haon ghairmí cáilithe dá rogha féin.

    2.   Staonfaidh cúntóirí ó aon bhearta a dhéanamh a thagann salach ar leasanna na bhFeisirí a gcuidíonn siad leo agus leasanna na Parlaiminte. Cuirfidh siad an Feisire lena mbaineann ar an eolas gan mhoill i gcás ina bhfuil rún acu tabhairt faoi aon ghníomhaíocht sheachtrach, bíodh an ghníomhaíocht sin ar luach saothair nó gan luach saothair, nó seasamh i dtoghchán.

    Beidh cónaí orthu fad áirithe óna n-áit oibre atá comhoiriúnach i dtaca lena gcuid dualgas a chomhlíonadh go cuí.

    3.   Déanfaidh an Feisire an tseirbhís ábhartha de chuid na Parliminte a chur ar an eolas láithreach maidir le haon athruithe ar na coinníollacha fostaíochta a bhfuil tionchar acu ar speansais cúnaimh pharlaimintigh agus maidir le haon phleananna atá ag cúntóirí tabhairt faoi ghníomhaíochtaí seachtracha seachas na gníomhaíochtaí atá dearbhaithe cheana féin de bhun Airteagal 35, pointe (g), nó seasamh i dtoghchán. Ní mór don Fheisire a áirithiú nach gcuirfidh gníomhaíochtaí seachtracha agus seasamh i dtoghchán isteach ar chomhlíonadh a ndualgas ag cúntóirí ná nach mbeidh siad contrártha do leasanna airgeadais an Aontais trí na socruithe iomchuí a dhéanamh, lena bhféadfaí a áireamh am oibre an chúntóra a oiriúnú nó an cúntóir a bheith ag glacadh saoire bhliantúil nó saoire gan phá. Féadfaidh an tseirbhís ábhartha de chuid na Parlaiminte fianaise a éileamh i dtaca leis na socruithe atá déanta leis na cúntóirí lena mbaineann chuige sin.

    4.   Maidir le cúntóirí áitiúla a bhfuil rún acu seasamh i dtoghchán, comhlíonfaidh siad na dlíthe náisiúnta maidir le feachtais toghcháin. Má thoghtar iad, cuirfear deireadh le híoc na speansas a bhaineann leo mura rud é gur féidir leo fianaise a sholáthar go bhfuil a sainordú i gcomhréir le comhlíonadh a gcuid dualgas mar chúntóirí parlaiminteacha.

    5.   Áireofar na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 agus 4 i gconarthaí a thugtar i gcrích idir Feisirí agus cúntóirí.

    6.   Féadfar na speansais arna dtabhú i dtaca le conarthaí fostaíochta a dhéantar le cúntóirí áitiúla a íoc ar choinníoll gurb ionann na huaireanta íosta oibre agus 5 uair an chloig in aghaidh na seachtaine agus nach mó na huaireanta oibre foriomlána, lena n-áirítear an t-am a chaitear ar ghníomhaíochtaí seachtracha, ná 48 uair an chloig sa tseachtain. Chun críocha na míre seo, ní chuirfear na gníomhaíochtaí neamhíoctha dá dtagraítear in Airteagal 35 san áireamh ach amháin más rud é, sa chás atá i gceist, go dtugtar luach saothair do na gníomhaíochtaí sin de ghnáth.

    Airteagal 38

    Speansais maidir le conradh fostaíochta a fhoirceannadh

    1.   Na speansais arna dtabhú nuair a fhoirceanntar na conarthaí fostaíochta arna dtabhairt i gcrích ag Feisirí lena gcúntóirí áitiúla, féadfar iad a íoc ar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    go n-eascraíonn siad as comhlíonadh an dlí saothair náisiúnta is infheidhme, lena n-áirítear comhaontuithe comhchoiteanna; agus

    (b)

    gur chomhlíon na Feisirí na hoibleagáidí dlíthiúla a bhaineann le foirceannadh na gconarthaí fostaíochta arna dtabhairt i gcrích lena gcúntóirí áitiúla, lena n-áirítear fógra dífhostaithe, in am trátha roimh dheireadh a théarma oifige nó a téarma oifige, ach amháin i gcásanna nárbh féidir deireadh an téarma oifige a thuar roimh ré.

    2.   Féadfar na speansais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a íoc suas go dtí an t-íosmhéid reachtúil agus laistigh de theorainneacha Airteagal 29(4).

    3.   Speansais bhreise a eascraíonn as comhaontú sonrach idir na páirtithe nach gcuimsítear sna hoibleagáidí reachtúla nó oibleagáidí a comhaontaíodh go comhpháirteach, féadfar iad a íoc, laistigh de theorainneacha Airteagal 29(4), suas go dtí méid a chomhfhreagraíonn do mhéid bhun-olltuarastail mhíosúil an chúntóra áitiúil le linn na bliana fostaíochta deireanaí.

    4.   Ní bheidh feidhm ag mír 3 sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    gur oibrigh an cúntóir áitiúil i dtrácht don Fheisire ar feadh níos lú ná dhá mhí dhéag;

    (b)

    go n-athfhostaítear an cúntóir lena mbaineann mar chúntóir d’Fheisire nó do ghrúpáil Feisirí laistigh de dhá mhí ó dháta deiridh a chonartha nó a conartha.

    5.   I gcás ina gceanglaítear ar Fheisirí go dlíthiúil faoin dlí saothair náisiúnta is infheidhme méid níos airde ná trí oiread a bhun-olltuarastail mhíosúil nó a bun-olltuarastail mhíosúil a íoc le cúntóir i leith speansais fhoirceannta, féadfar speansais den sórt sin a íoc ar thíolacadh doiciméad tacaíochta arna mbunú go cuí, ar doiciméid iad nach mór a bheith deimhnithe ag na húdaráis inniúla náisiúnta.

    Airteagal 39

    Doiciméid le tíolacadh i dtaca le conradh seirbhíse

    1.   Cé is moite de sheirbhísí speisialaithe nach bhfuil costas os cionn EUR 500 lena n-áiritear CBL ag gabháil leo, beidh na nithe seo a leanas in iarratas ar íocaíochtaí speansas maidir le conarthaí seirbhíse:

    (a)

    an conradh atá tugtha i gcrích ag an bhFeisire le soláthraí seirbhíse agus ina sainmhínítear go soiléir cineál na seirbhísí atá le soláthar;

    (b)

    seachas i gcás conarthaí seirbhíse a thugtar i gcrích le cúntóirí áitiúla, i gcás ina sáraíonn seirbhísí tairseach EUR 60 000, lena n-áirítear CBL, na doiciméid soláthair, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

    an fógra ina bhfuil tuairisc ar na riachtanais agus na ceanglais, na critéir dhámhachtana agus creat ama táscach,

    na cuirí a cuireadh chuig na tairgeoirí nó aon bheart fógraíochta eile a rinneadh,

    na tairiscintí a fuarthas, agus

    an réasúnú atá leis an tairiscint roghnaithe;

    (c)

    i gcás soláthraithe seirbhíse ar daoine dlítheanacha iad, cóip dá n-iontráil sa chlár tráchtála nó doiciméad coibhéiseach lena dtaispeántar áit agus dáta an inchorparaithe, mar aon le hairteagail chorpraithe, nó i gcás soláthraithe seirbhíse ar daoine nádúrtha iad, doiciméad lena dtaispeántar a n-áit bhunaíochta, na doiciméid a liostaítear faoi Airteagal 35, pointí (d) go (f) agus faoi phointe (g) den Airteagal sin, seachas i gcás conarthaí sealadacha;

    (d)

    i gcás soláthraithe seirbhíse ar daoine dlítheanacha iad, liosta de na daoine nádúrtha a bhfuil baint acu le soláthar seirbhísí ag an duine dlítheanach, mar aon le faisnéis faoina gcáilíochtaí oideachais agus gairmiúla, agus a dtaithí is ábhartha maidir le soláthar na seirbhísí lena mbaineann, chomh maith le dearbhú lena ndeimhnítear nach bhfuil coinbhleacht leasa ann mar a shainmhínítear in Airteagal 66(2) agus nach cúntóir de réir bhrí Airteagal 30 nó in aon cheann de na catagóirí a luaitear in Airteagal 41, pointe (d), aon duine de na daoine sin;

    (e)

    dearbhú, arna chomhshíniú ag an bhFeisire, lena ndeimhnítear nach ndéanfar na seirbhísí a ligean ar fochonradh ach amháin ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo, tar éis an tseirbhís ábhartha de chuid na Parlaiminte a chur ar an eolas, agus in aon chás, i leith uasmhéid 20 % de luach iomlán an chonartha amháin, nó, i gcás soláthraithe seirbhíse ar cúntóirí áitiúla iad, dearbhú arna chomhshíniú ag an bhFeisire, lena ndeimhnítear nach ndéanfar na seirbhísí a ligean ar fochonradh.

    2.   Déanfar costas na seirbhísí arna soláthar a íoc nuair a chuireann an Feisire faoi bhráid na seirbhíse ábhartha de chuid na Parlaiminte sonrasc nó ráiteas ar tháillí ina dtugtar tuairisc mhionsonraithe ar na seirbhísí arna soláthar go hiarbhír agus cóip den chonradh arna thabhairt i gcrích leis an soláthraí seirbhíse. Beidh dearbhú ón bhFeisire á rá gur soláthraíodh an tseirbhís go hiarbhír ag gabháil leis an sonrasc nó leis an ráiteas ar tháillí. Arna iarraidh sin do sheirbhís ábhartha de chuid na Parlaiminte, déanfaidh an Feisire na príomhdhoiciméid tacaíochta a chur faoina bráid freisin.

    I gcás ina bhfuil seirbhísí díolmhaithe go páirteach nó go hiomlán ó CBL, féadfaidh seirbhís ábhartha de chuid na Parlaiminte ceangal a chur ar an ngníomhaire íocaíochta an bunús dlí leis an díolúine sin a dhearbhú.

    Airteagal 40

    Speansais urghnácha

    I gcás ina bhfuil cúntóir áitiúil a bhfuil conradh fostaíochta aige nó aici as láthair ar feadh tréimhse níos faide ná 3 mhí, bíodh sin ar shaoire mháithreachais nó mar gheall ar bhreoiteacht thromchúiseach, féadfar an sciar den chostas chun duine a fhostú ina áit nó ina háit, amhail ón tríú mí den neamhláithreacht, nach bhfuil cumhdaithe leis na sochair fostaithe atá á n-íoc faoin scéim náisiúnta slándála sóisialta is infheidhme, a íoc sa bhreis ar an méid dá dtagraítear in Airteagal 29(4). Déanfaidh gníomhairí íocaíochta iarratais ar íoc speansas den sórt sin, arna gcomhshíniú go cuí ag an bhFeisire, a chur faoi bhráid na seirbhíse ábhartha de chuid na Parlaiminte.

    Airteagal 41

    Speansais neamh-inaisíoctha

    Ní dhéanfar na suimeanna arna n-íoc de bhun na Caibidle seo a úsáid go díreach nó go hindíreach:

    (a)

    chun conarthaí airgeadais a chistiú arna dtabhairt i gcrích le heagraíocht a bhfuil cuspóirí polaitiúla á saothrú aici, amhail páirtí polaitiúil, fondúireacht, gluaiseacht nó grúpa polaitiúil parlaiminteach;

    (b)

    chun speansais a chumhdach a fhéadfar a aisíoc faoi liúntais eile dá bhforáiltear leis na Bearta Cur Chun Feidhme seo nó le forálacha eile de chuid Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte;

    (c)

    chun speansais a chumhdach arna dtabhú i dtaca le conradh chun seirbhísí a sholáthar i gcás ina bhféadfadh sé sin a bheith ina chúis le coinbhleacht leasa, go háirithe i gcásanna gur fíor an méid seo a leanas maidir le Feisire nó duine de na daoine dá dtagraítear i bpointe (d):

    tá sé nó sí ina úinéir nó ina húinéir ar chuideachta nó ar eagraíocht bhrabúsach a ghníomhaíonn mar a sholáthraí seirbhíse nó mar a soláthraí seirbhíse,

    tá sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta de bhord stiúrthóirí nó de chomhlacht feidhmiúcháin eile cuideachta nó eagraíochta brabúsaí a ghníomhaíonn mar a sholáthraí seirbhíse nó mar a soláthraí seirbhíse,

    tá rochtain aige nó aici ar chuntas bainc a sholáthraí seirbhíse nó a soláthraí seirbhíse,

    tá leas aige nó aici i ngníomhaíochtaí a sholáthraí seirbhíse nó a soláthraí seirbhíse nó faigheann sé nó sí leas airgeadais d’aon chineál as na gníomhaíochtaí sin;

    (d)

    chun conarthaí a chistiú lena bhforáiltear do chéilí nó páirtithe seasmhacha Feisirí nó a dtuismitheoirí, a leanaí, a ndeartháireacha nó a ndeirfiúracha a fhostú nó a seirbhísí a úsáid nó, go ginearálta, a bheadh ina gcúis le coinbhleacht leasa mar a shainmhínítear in Airteagal 66(2);

    (e)

    speansais a chumhdach a bhaineann le conarthaí arna dtabhairt i gcrích le daoine nádúrtha arna n-earcú mar chúntóirí parlaiminteacha ach nach bhfuil cónaí orthu ina n-áit fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 20 de na Rialacháin Foirne chun cúnamh díreach a thabhairt d’Fheisirí in áitreabh Pharlaimint na hEorpa ag ceann dá trí ionad oibre.

    Caibidil 6

    Trealamh agus Saoráidí a Sholáthar

    Airteagal 42

    Rochtain ar sheirbhísí inmheánacha agus trealamh agus saoráidí a sholáthar

    1.   Glacfaidh an Biúró na rialacha lena rialaítear rochtain na bhFeisirí ar sheirbhísí inmheánacha arna soláthar ag an bParlaimint agus soláthar trealaimh agus saoráidí d’Fheisirí, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

    carranna oifigiúla a úsáid,

    troscán le haghaidh oifigí na bhFeisirí,

    trealamh TF agus teileachumarsáide a sholáthar,

    soláthairtí stáiseanóireachta,

    an úsáid a bhaineann na Feisirí agus grúpaí polaitiúla na Parlaiminte as an spás oifige a chuirtear ar fáil dóibh in oifigí idirchaidrimh na Parlaiminte,

    próiseáil a dhéanamh ar pháipéir de chuid na bhFeisirí a thugtar ar lámh mar bhronntanas nó leagáid d’institiúid, do chomhlachas nó d’fhondúireacht,

    socruithe trínar féidir le Feisirí a bhaineann deireadh a dtéarma oifige amach le linn téarma parlaiminteach a gcuid earraí pearsanta a aistriú óna n-oifigí sa Bhruiséil agus in Strasbourg go dtí a dtír thionscnaimh,

    rothair oifigiúla a úsáid,

    cúrsaí teanga agus ríomhaireachta d’Fheisirí,

    seirbhísí arna soláthar ag Seirbhís Liachta na Parlaiminte a úsáid.

    2.   Féadfaidh an Biúró forálacha a ghlacadh freisin lena ndeonaítear rochtain ar shaoráidí na Parlaiminte d’iar-Uachtaráin na Parlaiminte, le linn a dtéarma oifige, agus d’iar-Fheisirí.

    Caibidil 7

    Liúntas Caiteachais Ghinearálta

    Airteagal 43

    Teidlíocht ar liúntas caiteachais ghinearálta

    1.   Beidh na Feisirí i dteideal liúntas caiteachais ghinearálta a fháil chun speansais a thagann chun cinn le linn a ngníomhaíochtaí parlaiminteacha a chumhdach.

    2.   I gcomhréir le hAithris 17 agus le hAirteagal 20, mír 3, den Reacht, íoctar an liúntas caiteachais ghinearálta i bhfoirm cnapshuime.

    3.   Beidh na Feisirí i dteideal an liúntais ghinearálta ón mí ina bhfaightear a n-iarratas ar íocaíocht.

    4.   Féadfaidh na Feisirí rogha a dhéanamh méid iomlán an liúntais caiteachais ghinearálta nó cuid de a fháil.

    Airteagal 44

    An tréimhse a chumhdaítear

    1.   Beidh an liúntas caiteachais ghinearálta iníoctha ar feadh fhad théarma oifige an Fheisire.

    2.   Is é EUR 4 950 a bheidh i méid míosúil an liúntais caiteachais ghinearálta.

    3.   Ní bhfaighidh Feisirí a dtosaíonn a dtéarma oifige tar éis an chúigiú lá dhéag den mhí ach leath an liúntais caiteachais ghinearálta don mhí sin.

    4.   Beidh leath an liúntais caiteachais ghinearálta iníoctha freisin ar feadh tréimhse 3 mhí tar éis na míosa ina dtagann deireadh le téarma oifige an Fheisire, ar choinníoll go raibh an Feisire in oifig ar feadh 6 mhí ar a laghad agus nach ndéantar é nó í a atoghadh.

    Airteagal 45

    Íocaíochtaí agus tréimhsí neamhláithreachta

    1.   Déanfar gach íocaíocht i leith an liúntais caiteachais ghinearálta a íoc go díreach leis na Feisirí.

    2.   Aon Fheisire atá as láthair 50 % de na laethanta atá socraithe ag an mBiúró le haghaidh sheisiúin iomlánacha na Parlaiminte le linn bliain pharlaiminteach (ón 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Lúnasa), aisíocfaidh an Feisire sin leis an bParlaimint 50 % den liúntas caiteachais ghinearálta a bhaineann leis an tréimhse sin.

    3.   Féadfaidh an tUachtarán Feisire a scaoileadh ó aon tréimhse neamhláithreachta dá dtagraítear i mír 2 ar fhorais drochshláinte nó imthosca tromchúiseacha teaghlaigh, nó mar gheall ar an bhFeisire lena mbaineann a bheith ar mhisean in áit eile arna údarú ag an Uachtarán, ag an mBiúro nó ag Comhdháil na nUachtarán. Déanfar na doiciméid tacaíochta a thíolacadh do na Caestóirí laistigh de 2 mhí ar a mhéad ó dháta tosaithe na tréimhse neamhláithreachta.

    4.   Déanfar Feisire atá ag súil le leanbh a scaoileadh óna láithreacht ag cruinnithe oifigiúla na Parlaiminte ar feadh tréimhse 3 mhí roimh bhreith an linbh sin. Ní mór don Fheisire deimhniú liachta a thíolacadh lena léirítear dáta dóchúil bhreith an linbh. Tar éis bhreith an linbh, déanfar an Feisire a scaoileadh óna láithreacht ag cruinnithe oifigiúla na Parlaiminte ar feadh tréimhse 6 mhí. Ní mór don Fheisire cóip de theastas breithe an linbh a thíolacadh.

    Airteagal 46

    Na speansais a chumhdaítear

    1.   Tá sé beartaithe go gcumhdófar leis an liúntas caiteachais ghinearálta, inter alia, speansais amhail costais reatha oifige agus cothabhála oifige, soláthairtí agus doiciméadacht oifige, costais trealaimh oifige, gníomhaíochtaí ionadaíochta nó costais riaracháin.

    2.   Má thugann na Feisirí faoi deara go bhfuil na méideanna arna soláthar trí liúntais eile faoi na Bearta Cur Chun Feidhme seo nó faoi rialacha eile de chuid na Parlaiminte ídithe, féadfaidh siad an liúntas caiteachais ghinearálta a úsáid freisin chun íoc go díreach as gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na liúntais sin.

    Airteagal 47

    Prionsabail lena rialaítear úsáid an liúntais caiteachais ghinearálta

    1.   Chun bainistiú agus faireachán na bhFeisirí ar a gcaiteachas a éascú, íocfaidh an Pharlaimint na cistí atá curtha in áirithe don liúntas caiteachais ghinearálta chuig cuntas atá tiomnaithe don liúntas sin agus nach n-aistríonn sí, dá bhrí sin, aon chistí eile chuige. Cumhdófar cuntas den sórt sin leis na gnáthráthaíochtaí is gné dhílis den sainordú.

    2.   Is iad na Feisirí amháin a bheidh freagrach as an gcaoi a n-úsáidtear na suimeanna arna n-íoc de bhun na Caibidle seo.

    3.   Beidh sé de shaoirse ag na Feisirí an úsáid a bhaineann siad as na suimeanna sin a dhoiciméadú, go mion nó de réir an chineáil costais a liostaítear i mír 4 den Airteagal seo, astu féin nó le tacaíocht ó iniúchóir seachtrach, agus an fhaisnéis sin a fhoilsiú go hiomlán nó go páirteach ar a leathanach ar líne ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte i gcomhréir le Riail 11 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte.

    4.   Is iad seo a leanas na cineálacha costais dá dtagraítear i mír 3:

     

    Cineál 1: Cíos oifige áitiúla agus muirir ghaolmhara

     

    Cineál 2: Costais oibriúcháin na hoifige áitiúla

     

    Cineál 3: Soláthairtí oifige, stáiseanóireacht agus tomhaltáin

     

    Cineál 4: Leabhair, tréimhseacháin, nuachtáin agus léirmheasanna preasa

     

    Cineál 5: Trealamh agus troscán oifige

     

    Cineál 6: Prótacal agus ionadaíocht

     

    Cineál 7: Imeachtaí, seimineáir agus comhdhálacha a eagrú

     

    Cineál 8: Caiteachas eile riaracháin

     

    Cineál 9: Gníomhaíochtaí a chumhdaítear le liúntais eile a ídíodh

     

    Cineál 10: Costais eile a bhaineann le sainordú parlaiminteach an Fheisire.

    5.   Glacfaidh an Biúró aon bhearta breise a mheasann sé a bheith riachtanach chun cur chun feidhme chinntí na bhFeisirí maidir le mír 3 a éascú.

    TEIDEAL II

    DEIREADH AN tSAINORDAITHE PHARLAIMINTIGH

    Caibidil 1

    Liúntas Idirthréimhseach

    Airteagal 48

    Teidlíocht ar an liúntas idirthréimhseach

    Le héifeacht ón gcéad lá den mhí tar éis dóibh éirí as a gcuid dualgas, beidh iar-Fheisirí i dteideal liúntas idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagail 13 den Reacht.

    Airteagal 49

    Coinníollacha

    1.   I gcás ina bhfuil sainordú ag iar-Fheisirí atá i dteideal an liúntais idirthréimhsigh i bparlaimint eile nó in oifig phoiblí, déanfar an tuarastal atá siad i dteideal a fháil a fhritháireamh in aghaidh an liúntais idirthréimhsigh.

    2.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 2(3) maidir leis an liúntas idirthréimhseach.

    3.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh ‘parlaimint eile’ parlaimint ar bith a bhfuil cumhachtaí reachtacha aici agus atá bunaithe i mBallstát.

    4.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh ‘oifig phoiblí’ aon cheann díobh seo a leanas:

    (a)

    post tofa le pá lena mbaineann sainchumais údaráis phoiblí a fheidhmiú;

    (b)

    comhaltas i rialtas náisiúnta nó réigiúnach;

    (c)

    post mar oifigeach sinsearach a fheidhmíonn údarás poiblí nó post mar oifigeach nó Comhalta d’institiúid de chuid an Aontais.

    Airteagal 50

    Íocaíochtaí a fhritháireamh

    1.   I gcás ina bhfuil iar-Fheisire i dteideal liúntas idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 13 den Reacht agus i dteideal pinsean seanaoise amhail dá dtagraítear in Airteagal 14 den Reacht nó i dteideal pinsean dá dtagraítear in Airteagal 15 den Reacht ag an am céanna, gheobhaidh an t-iar-Fheisire cibé acu den dá íocaíocht a roghnaíonn sé nó sí a fháil. Tabharfaidh sé nó sí fógra faoina chinneadh nó faoina cinneadh don Ard-Rúnaí tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dheireadh a shainordaithe nó a sainordaithe. Beidh an cinneadh sin neamh-inchúlghairthe.

    2.   Má roghnaíonn an t-iar-Fheisire íocaíocht an liúntais idirthréimhsigh, cuirfear íocaíochtaí a phinsin seanaoise nó a pinsin seanaoise nó a phinsin easláine nó a pinsin easláine ar fionraí go ceann tréimhse a theidlíochta nó a teidlíochta ar an liúntas idirthréimhseach.

    Airteagal 51

    Nós Imeachta

    1.   Chun an liúntas idirthréimhseach a fháil, déanfaidh an t-iar-Fheisire iarratas air tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dheireadh a shainordaithe nó a sainordaithe, agus cuirfidh sé nó sí ráiteas i scríbhinn i gceangal leis an iarratas lena léireofar an bhfuil aon cheann de na dualgais dá dtagraítear in Airteagal 49 á chomhlíonadh aige nó aici. Tar éis na tréimhse sin, is é an chéad lá den mhí ina bhfaighidh seirbhísí ábhartha de chuid na Parlaiminte an t-iarratas a bheidh sa dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an liúntas idirthréimhseach. Cinnfear tréimhse na teidlíochta ar an liúntas idirthréimhseach i gcomhréir le hAirteagal 13(2) den Reacht.

    2.   Más infheidhme, beidh cinneadh an Fheisire dá dtagraítear in Airteagal 50(1) ag gabháil leis an ráiteas scríofa dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

    3.   Tabharfar fógra gan mhoill do sheirbhís ábhartha de chuid na Parlaiminte faoi aon athrú ar na himthosca as ar eascair dámhachtain an liúntais idirthréimhsigh a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le hathrú ar theidlíocht an iar-Fheisire ar an liúntas sin. I gcás ina mbíonn aon amhras ann, féadfaidh an tArd-Rúnaí a iarraidh ar an iar-Fheisire lena mbaineann a bharúlacha nó a barúlacha a thíolacadh.

    4.   Más rud é, ar bhonn fíorais atá infhíoraithe ó fhoinsí atá ar fáil don phobal, go bhfaighidh an tArd-Rúnaí amach go bhfuil aon cheann de na dualgais dá dtagraítear in Airteagal 49 á gcomhlíonadh ag an iar-Fheisire, cuirfidh sé íocaíocht an liúntais idirthréimhsigh ar fionraí agus cuirfidh sé an iar-Fheisire lena mbaineann ar an eolas dá réir sin.

    5.   Féadfaidh iar-Fheisire a theidlíocht nó a teidlíocht ar an liúntas idirthréimhseach a thréigean am ar bith. Tabharfaidh sé nó sí fógra faoin gcinneadh sin don Ard-Rúnaí.

    Caibidil 2

    Pinsean Seanaoise

    Airteagal 52

    Teidlíocht ar phinsean seanaoise

    1.   Tar éis dóibh scor dá dtéarma oifige, beidh na Feisirí a bhfuil a sainordú feidhmithe acu ar feadh bliain iomlán ar a laghad i dteideal, fad a mhairfidh siad, pinsean seanaoise a bheidh iníoctha ón gcéad lá den mhí tar éis na míosa ina slánóidh siad 63 bliana d’aois, amhail dá dtagraítear in Airteagal 14 den Reacht.

    Déanfaidh iar-Fheisirí nó a n-ionadaithe dlíthiúla, ach amháin i gcásanna force majeure, a n-iarratas ar íoc an phinsin seanaoise a thíolacadh laistigh de 6 mhí ó thús na teidlíochta. Tar éis an sprioc-ama sin is é an chéad lá den mhí ina bhfaighfear an t-iarratas a bheidh sa dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an bpinsean seanaoise.

    2.   Cuirfear íocaíocht an phinsin seanaoise ar fionraí i gcás aon éilitheora phinsin a atoghfar chuig an bParlaimint. Cuirfear teidlíochtaí pinsin seanaoise a gheobhaidh sé nó sí mar thoradh ar a shainordú nua nó a sainordú nua leis na teidlíochtaí pinsin seanaoise a fuarthas sular atoghadh é nó í. Cuirfear tús le híoc an phinsin seanaoise in athuair nuair a thréigfidh an Feisire a shainordú nó a sainordú sa Pharlaimint.

    3.   I gcás ina mbeidh tréimhse ama idir sainorduithe Feisire, déanfar tréimhsí na sainorduithe ar fad a chur le chéile chun an pinsean seanaoise a ríomh.

    Airteagal 53

    Toirmeasc ar phinsin chomhthráthacha a fháil

    1.   Maidir le pinsean seanaoise a fhaigheann iar-Fheisire de bhua sainordú a bhí á fheidhmiú aige nó aici i bparlaimint eile i gcomhthráth lena shainordú nó lena sainordú i bParlaimint na hEorpa a fheidhmiú, déanfar an pinsean sin a fhritháireamh in aghaidh an phinsin seanaoise de bhun Airteagal 14 den Reacht.

    2.   Chun críche an Airteagal seo, ciallóidh ‘parlaimint eile’ parlaimint mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2).

    3.   Beidh an ríomh bunaithe ar iomlán an dá thuarastal sula ndéantar cáin a asbhaint.

    4.   Aon iar-Fheisire a bhfuil sainordú feidhmithe aige nó aici i bparlaimint eile i gcomhthráth leis an sainordú i bParlaimint na hEorpa, dearbhóidh sé nó sí an pinsean seanaoise a bhfuil sé nó sí ina theideal de bhua an tsainordaithe sa pharlaimint eile sin.

    Airteagal 54

    Dul in éag na dteidlíochtaí pinsin seanaoise

    Ar bhás iar-Fheisire, íocfar an pinsean seanaoise suas go dtí an lá deireanach den mhí inar tharla an bás.

    Caibidil 3

    Pinsean Easláine

    Airteagal 55

    Teidlíocht ar phinsean easláine

    1.   Maidir le Feisire a aithnítear, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 59, go bhfuil sé nó sí faoi easláine iomlán sa chaoi nach bhfuil sé nó sí in ann a chuid dualgas nó a cuid dualgas a chomhlíonadh ar feadh a mbeidh fágtha dá théarma nó dá téarma agus a éireoidh as oifig dá bharr, beidh sé nó sí i dteideal pinsean easláine a bheidh iníoctha ón dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an éirí as oifig sin, gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo.

    2.   Rachaidh an teidlíocht ar phinsean easláine i léig mura dtabharfaidh an Feisire fógra faoina éirí as oifig nó faoina héirí as oifig laistigh de 3 mhí ón dáta a ndearnadh an cinneadh lenar suíodh go bhfuil sé nó sí faoi easláine a chur in iúl dó nó di go hoifigiúil.

    3.   Cuirfear tús le teidlíocht an Fheisire ar phinsean easláine ag deireadh an téarma pharlaimintigh inar tharla an easláine sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    má chuirtear cosc ar an bhFeisire éirí as oifig mar gheall ar a easláine nó a heasláine, nó

    (b)

    má ghlactar an cinneadh lenar suíodh easláine an Fheisire tar éis dheireadh an téarma pharlaimintigh ar tháinig easláine chun cinn lena linn, nó

    (c)

    má thagann an téarma parlaiminteach chun deiridh roimh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 2.

    Airteagal 56

    Pinsin easláine a ríomh

    1.   Is é an méid a bheidh sa phinsean easláine ná 3,5 % den tuarastal dá dtagraítear in Airteagal 10 den Reacht le haghaidh gach bliana iomláine inar feidhmíodh an sainordú agus, le haghaidh gach míosa iomláine sa bhreis, an dóú cuid déag den tsuim sin, ach is 35 % den tuarastal sin ar a laghad a bheidh ann agus ní rachaidh sé thar 70 % san iomlán.

    2.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag na rialacha i ndáil le ríomh an phinsin seanaoise maidir le ríomh an phinsin easláine.

    Airteagal 57

    Toirmeasc ar phinsin chomhthráthacha a fháil

    1.   Maidir le pinsean easláine a fhaigheann iar-Fheisire de bhua sainordú a bhí á fheidhmiú aige nó aici i bparlaimint eile i gcomhthráth lena shainordú nó lena sainordú i bParlaimint na hEorpa a fheidhmiú, déanfar é a fhritháireamh in aghaidh an phinsin easláine de bhun Airteagal 55.

    2.   Chun críche an Airteagal seo, ciallóidh ‘parlaimint eile’ parlaimint mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2).

    3.   Aon iar-Fheisire a bhfuil sainordú feidhmithe aige nó aici i bparlaimint eile i gcomhthráth leis an sainordú i bParlaimint na hEorpa a fheidhmiú, dearbhóidh sé nó sí an pinsean easláine a bhfuil sé nó sí ina theideal de bhua an tsainordaithe sa pharlaimint eile sin.

    Airteagal 58

    Íocaíochtaí a fhritháireamh

    Má bhíonn iar-Fheisire i dteideal pinsean easláine agus pinsean seanaoise i gcomhthráth, gheobhaidh sé nó sí an pinsean seanaoise. Ní fhéadfaidh méid an phinsin seanaoise, áfach, a bheith níos lú ná méid an phinsin easláine.

    Airteagal 59

    Nós Imeachta

    1.   Déanfaidh an Feisire nó a ionadaí dlíthiúil nó a hionadaí dlíthiúil an t-iarratas ar éirí as oifig ar fhorais easláine a thíolacadh chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, agus beidh deimhniú leighis ag gabháil leis an iarratas sin, ar a léireofar ainm an dochtúra a bhfuil sé iarrtha air nó uirthi ionadaíocht a dhéanamh don Fheisire ar an gcoiste easláine dá dtagraítear in Airteagal 60.

    2.   Laistigh de 3 mhí tar éis don Ard-Rúnaí an coiste easláine dá dtagraítear in Airteagal 60 a chomóradh, déanfaidh an coiste easláine, i gcomhréir leis na téarmaí tagartha arna n-éisiúint ag Parlaimint na hEorpa, tuarascáil liachta a thíolacadh ina sonrófar na cúiseanna leis an easláine agus lena ndéanfar measúnú an bhfuil na coinníollacha lena rialaítear incháilitheacht le haghaidh pinsean easláine a leagtar síos in Airteagal 55(1) comhlíonta. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an tArd-Rúnaí an teorainn ama sin a fhadú.

    3.   Más rud é gurb é tátal na tuarascála liachta go bhfuil an Feisire i dtrácht cáilithe chun éirí as oifig ar fhorais easláine, deimhneoidh Uachtarán na Parlaiminte incháilitheacht an Fheisire le haghaidh an phinsin easláine agus cuirfidh sé nó sí an cinneadh in iúl dó nó di, á iarraidh air nó uirthi éirí as oifig. Más rud é gurb é tátal na tuarascála liachta nach bhfuil an Feisire i dtrácht cáilithe chun éirí as oifig ar fhorais easláine, cuirfidh an tUachtarán an Feisire ar an eolas faoi na nósanna imeachta achomhairc atá ar fáil.

    Airteagal 60

    An Coiste Easláine

    1.   Beidh an coiste easláine comhdhéanta de thriúr dochtúirí:

    an chéad dochtúir arna cheapadh ag an bhFeisire lena mbaineann,

    an dara dochtúir arna cheapadh ag Parlaimint na hEorpa, agus

    an tríú dochtúir arna cheapadh trí chomhaontú idir an chéad bheirt dochtúirí.

    I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú maidir leis an tríú dochtúir a cheapadh laistigh de 2 mhí tar éis don dara dochtúir a bheith ceaptha, déanfaidh Uachtarán Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach an tríú dochtúir a cheapadh ar bhonn ex officio arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa.

    2.   Maidir leis na speansais a eascróidh as obair an choiste easláine, lena n-áirítear speansais taistil, is í Parlaimint na hEorpa a íocfaidh astu.

    3.   Féadfaidh an Feisire gach tuarascáil nó deimhniú arna eisiúint ag an dochtúir atá ag cur cóir leighis air nó uirthi, nó arna eisiúint ag na cleachtóirí sin ar roghnaigh an Feisire dul i gcomhairle leo, a chur faoi bhráid an choiste easláine.

    4.   Beidh imeachtaí an choiste easláine faoi rún.

    Airteagal 61

    Easláine a athbhreithniú

    1.   Iar-Fheisirí nach bhfuil na coinníollacha incháilitheachta maidir le pinsean easláine a leagtar síos in Airteagal 55(1) á gcomhlíonadh acu a thuilleadh, forghéillfidh siad a dteidlíocht ar an bpinsean sin.

    2.   Go dtí go slánóidh an t-iar-Fheisire 63 bliana d’aois, féadfaidh Parlaimint na hEorpa a éileamh go gcuirfear é nó í faoi scrúdú leighis gach cúig bliana ag dochtúir arna cheapadh chun a sheiceáil an bhfuil na coinníollacha lena rialaítear incháilitheacht ar phinsean easláine a leagtar síos in Airteagal 55(1) fós á gcomhlíonadh aige nó aici.

    3.   Féadfar an scrúdú sin a dhéanamh chomh maith roimh an am a léirítear i mír 2, go háirithe más rud é go bhfuil faisnéis faighte ag Parlaimint na hEorpa a thugann le fios go bhfuil dualgais ar íocaíocht á gcomhlíonadh ag an bhFeisire. I gcás ina dtarlaíonn sé sin, déanfar an staid sin a mheas ar bhonn fíorais atá infhíoraithe ó fhoinsí atá ar fáil don phobal, i bhfianaise imthosca gach cáis agus tar éis fiosrúchán a bheith déanta ina mbeidh an deis ag gach páirtí a chás nó a cás a thíolacadh agus freagra a thabhairt ar chás an pháirtí eile.

    4.   Ar mholadh ón dochtúir a bhfuil an scrúdú leighis á dhéanamh aige nó aici, féadfaidh an coiste easláine a shuí go bhfuil an oiread sin feabhais tagtha ar shláinte an iar-Fheisire a fhágann nach bhfuil na coinníollacha incháilitheachta maidir le pinsean easláine a leagtar síos in Airteagal 55(1) á gcomhlíonadh aige nó aici a thuilleadh.

    5.   Is é Uachtarán Pharlaimint na hEorpa a dhéanfaidh an cinneadh chun an pinsean easláine a fhoirceannadh, ar bhonn na dtátal ón gcoiste easláine. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 59 agus 60. Má mhainníonn an t-iar-Fheisire dochtúir a cheapadh chun ionadaíocht a dhéanamh dó nó di ar an gcoiste easláine, beidh feidhm ag Airteagal 60(1), an dara fomhír.

    Caibidil 4

    Pinsean Marthanóra agus Pinsean Dílleachta

    Airteagal 62

    Teidlíocht ar phinsean marthanóra nó ar phinsean dílleachta

    1.   Maidir leis an gcéile marthanach agus aon leanaí cleithiúnacha Feisire nó iar-Fheisire a bhí, an tráth a bhásaigh an Feisire nó an t-iar-Fheisire, ag fáil pinsean seanaoise nó a bheadh i dteideal pinsean seanaoise nó pinsean easláine a fháil amach anseo, beidh siad i dteideal pinsean marthanóra agus pinsean dílleachta faoi seach.

    2.   Chun forálacha na caibidle seo a chur i bhfeidhm, caithfear le páirtithe seasta neamhphósta ar an mbealach céanna agus a chaithfear le céilí, ar choinníoll go gcuirfidh an lánúin doiciméad oifigiúil arna eisiúint ag údarás inniúil Ballstát ar fáil a thugann aitheantas dá stádas mar pháirtithe neamhphósta.

    3.   Ciallaíonn an téarma ‘leanbh cleithiúnach’ leanbh dlisteanach, leanbh nádúrtha nó leanbh uchtaithe de chuid Feisire, nó céile Feisire, nó céile iar-Fheisire, a bhí á chothabháil go hiarbhír ag an bhFeisire nó ag an iar-Fheisire. Ciallaíonn an téarma ‘leanbh cleithiúnach’ freisin leanbh sa bhroinn nó leanbh a bhfuil tús curtha le nós imeachta uchtaithe ag an bhFeisire nó ag an iar-Fheisire ina leith agus a gcuirtear a uchtú nó a huchtú i gcrích tar éis bhás an Fheisire.

    Airteagal 63

    An pinsean marthanóra agus an pinsean dílleachta a ríomh

    1.   Ní fhéadfaidh uasmhéid an phinsin marthanóra agus an phinsin dílleachta a bheith níos mó ná méid an phinsin seanaoise a mbeadh an Feisire ina theideal ag deireadh an téarma pharlaimintigh, agus an tréimhse ama idir dáta an bháis agus dáta dheireadh an téarma pharlaimintigh sin á cur san áireamh.

    2.   I gcás iar-Fheisirí, ní fhéadfaidh uasmhéid an phinsin marthanóra agus an phinsin dílleachta a bheith níos mó ná méid an phinsin seanaoise a bhí á fháil ag an bhFeisire nó a mbeadh sé nó sí ina theideal.

    3.   Is é a bheidh i méid an phinsin marthanóra don chéile marthanach ná 60 % den mhéid dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2 den Airteagal seo agus, ar a laghad, 30 % den tuarastal dá dtagraítear in Airteagal 10 den Reacht, fiú más mó an méid deireanach sin ná na méideanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo.

    Ní dhéanfaidh athphósadh an chéile sin difear don teidlíocht ar phinsean marthanóra don chéile marthanach. Ní bheidh an céile marthanach i dteideal pinsean marthanóra más léir thar aon amhras réasúnach ó imthosca an cháis aonair go ndearnadh conradh an phósta chun an pinsean a fháil, agus chun na críche sin amháin. I gcás ina dtarlaíonn sé sin, déanfar an staid sin a mheas ar bhonn fíorais atá infhíoraithe ó fhoinsí atá ar fáil don phobal, i bhfianaise imthosca gach cáis agus tar éis fiosrúchán a bheith déanta ina mbeidh an deis ag gach páirtí a chás nó a cás a thíolacadh agus freagra a thabhairt ar chás an pháirtí eile.

    4.   Is é a bheidh i méid an phinsin dílleachta le haghaidh leanbh cleithiúnach ná 20 % den mhéid dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2.

    5.   De mhaolú ar mhír 4, i gcás inar mó líon na leanaí cleithiúnacha ná beirt, cinnfear an pinsean do gach leanbh cleithiúnach tríd an tsuim lena gcomhfhreagraítear do 40 % den uasmhéid dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2, de réir mar is infheidhme, a roinnt ar líon na leanaí cleithiúnacha.

    6.   I gcás inarb infheidhme, déanfar uasmhéid an phinsin atá le híoc a roinnt idir an céile agus na leanaí cleithiúnacha i gcomhréir leis na céatadáin a leagtar síos i míreanna 3, 4 agus 5.

    7.   De mhaolú ar mhíreanna 4 agus 5, i gcás nach mbeidh aon chéile marthanach ann, beidh pinsean gach linbh chleithiúnaigh comhionann le 20 % den uasmhéid dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2, de réir mar is infheidhme. I gcásanna inar mó ná cúigear líon na leanaí cleithiúnacha, áfach, roinnfear an t-uasmhéid dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2, de réir mar is infheidhme, go cothrom i measc na leanaí cleithiúnacha atá i dteideal pinsean dílleachta a fháil.

    Airteagal 64

    Fad an phinsin marthanóra agus an phinsin dílleachta a ríomh

    1.   Déanfar pinsean marthanóra nó pinsean dílleachta a dhámhachtain le héifeacht ón gcéad lá den mhí féilire i ndiaidh bhás an Fheisire nó an iar-Fheisire.

    2.   I gcás ina bhfaighidh an tairbhí bás, titfidh an teidlíocht ar phinsean marthanóra ar lár ag deireadh na míosa ina bhfaigheann an tairbhí bás.

    3.   Rachaidh an teidlíocht ar phinsean dílleachta in éag ag deireadh na míosa ina slánóidh an leanbh cleithiúnach 21 bhliain d’aois.

    Déanfar an teidlíocht ar phinsean dílleachta a fhadú, áfach, ar feadh thréimhse oideachais nó ghairmoiliúna an linbh chleithiúnaigh agus, ar a mhéad, go dtí deireadh na míosa ina slánóidh sé nó sí 25 bliana d’aois.

    Leanfar ar aghaidh le pinsean dílleachta a íoc le leanbh cleithiúnach nach bhfuil in ann é féin nó í féin a chothú de bharr breoiteachta nó éiglíochta. Ní mór an bhreoiteacht nó an éiglíocht a bheith aitheanta ag dochtúir de chuid Pharlaimint na hEorpa. Féadfaidh an tairbhí cur i gcoinne chinneadh an dochtúra trí chruinniú a iarraidh le coiste arna bhunú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos le haghaidh an choiste easláine dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, roinn 3, a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

    Rachaidh an teidlíocht sin in éag i gcás ina mbíonn an leanbh cleithiúnach in ann é féin nó í féin a chothú arís. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a éileamh go ndéanfar an leanbh cleithiúnach a chur faoi scrúdú leighis ag dochtúir arna cheapadh nó arna ceapadh chun a sheiceáil an bhfuil na coinníollacha maidir le hincháilitheacht ar phinsean dílleachta fós á gcomhlíonadh aige nó aici.

    4.   Céilí marthanacha agus leanaí cleithiúnacha atá i dteideal pinsin, cuirfidh siad a n-iarratas isteach ar íocaíocht an phinsin laistigh de shé mhí tar éis thús a dteidlíochta ar an bpinsean. Tar éis na tréimhse sin, is é an chéad lá den mhí ina bhfaighidh seirbhís ábhartha de chuid na Parlaiminte an t-iarratas a bheidh sa dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an bpinsean.

    TEIDEAL III

    FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Caibidil 1

    Socruithe Íocaíochta

    Airteagal 65

    An Rialachán Airgeadais a Chomhlíonadh

    1.   Le cur chun feidhme na mbeart cur chun feidhme sin agus aon iarratas ar íocaíocht a thíolacfar faoi, comhlíonfar an Rialachán Airgeadais.

    2.   I gcás ina ndéantar foráil leis na Bearta Cur Chun Feidhme sin do chonarthaí a thabhairt i gcrích idir Parlaimint na hEorpa agus tríú páirtithe, beidh sé de chumhacht ag an oifigeach údarúcháin inniúil iad a shíniú.

    Airteagal 66

    An prionsabal maidir le húsáid cistí

    1.   Maidir leis na suimeanna a íoctar de bhun Theideal I, Chaibidlí 4, 5 agus 6, úsáidfear iad go heisiach chun cistiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le sainordú Feisire a fheidhmiú agus ní úsáidfear iad chun speansais phearsanta a chumhdach ná chun cistiú a dhéanamh ar dheontais ná ar thabhartais de chineál polaitiúil.

    2.   I gcomhthéacs úsáid na gcistí arna gcur ar fáil faoi na Bearta Cur Chun Feidhme sin, ní dhéanfaidh Feisirí aon bheart a d’fhéadfadh coinbhleacht a chothú idir a leasanna féin agus leasanna an Aontais.

    Bíonn coinbhleacht leasa ann i gcásanna ina mbíonn tionchar míchuí ar ghníomhaíochtaí Feisire ag cúrsaí teaghlaigh, ag cúrsaí mothúcháin, ag leas eacnamaíoch nó ag aon leas pearsanta eile, bíodh sé díreach nó indíreach.

    3.   Déanfaidh na Feisirí aon mhéideanna nach n-úsáidtear a íoc ar ais le Parlaimint na hEorpa ach amháin i gcás ina n-íocfar mar chnapshuim iad.

    Airteagal 67

    Aistriú bainc, airgeadraí agus ráta comhshó

    1.   Déanfar íocaíochtaí faoi na Bearta Cur Chun Feidhme sin trí bhíthin aistriú bainc i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Is í Parlaimint na hEorpa a íocfaidh na muirir atá iníoctha ag an íocóir. Is ar an íocaí a bheidh sé gach táille eile a íoc.

    2.   Déanfar íocaíochtaí in euro, mura rud é go ndéanfaidh an faighteoir, a toghadh i mBallstát nach bhfuil ina chuid den limistéar euro nó a bhfuil a áit chónaithe nó a háit chónaithe i mBallstát nach bhfuil ina chuid den limistéar euro, íocaíocht iomlán nó páirt-íocaíocht in airgeadra an Bhallstáit sin a iarraidh.

    3.   Déanfar comhshó idir an euro agus airgeadraí eile trí úsáid a bhaint as ráta cuntasaíochta míosúil an euro arna shocrú i gcomhréir le hAirteagal 19(3) den Rialachán Airgeadais.

    4.   I ndáil le híocaíochtaí speansas le haghaidh cúnamh parlaiminteach, agus de mhaolú ar mhír 3, déanfar comhshó idir an euro agus airgeadraí eile trí úsáid a bhaint as an ráta cuntasaíochta míosúil le haghaidh an euro do mhí na Nollag den bhliain roimhe sin. I gcaitheamh téarma parlaiminteach, áfach, ní fhéadfaidh an uasíocaíocht mhíosúil in airgeadra seachas an euro a dhéanfar le Feisire, i ndiaidh innéacsnascadh bliantúil a chur san áireamh agus aon mhéadú arna chinneadh ag an mBiúró, a bheith níos ísle ná an t-uasmhéid míosúil a socraíodh don bhliain roimhe sin.

    Airteagal 68

    Cuntais bainc

    1.   Ar dhul i mbun dualgas dó nó di, déanfaidh gach Feisire na nithe seo a leanas a chur ar aghaidh chuig seirbhís ábhartha Pharlaimint na hEorpa: mionsonraí (e.g. uimhir IBAN agus cód BIC (SWIFT) agus seoladh an bhainc lena mbaineann) ar cheann amháin nó níos mó de chuntais atá ina ainm nó ina hainm i mBallstát de chuid an Aontais agus a bhfuil sé beartaithe íocaíochtaí a fháil isteach ann i leith an tuarastail dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Reacht agus i leith na liúntas eile agus na haisíocaíochta speansas eile.

    Mura rud é go n-eiseoidh an Feisire nó an t-iar-Fheisire, nó a chomharbaí dlíthiúla nó a comharbaí dlíthiúla, treoracha dá mhalairt, bainfear úsáid as an gcuntas arna oscailt chun an tuarastal dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Reacht a ghlacadh chun íocaíochtaí i leith an liúntais idirthréimhsigh agus i leith an phinsin a ghlacadh chomh maith.

    2.   Beidh aon íocaíocht le duine eile seachas an Feisire ag brath ar dhoiciméad arna eisiúint ag banc an fhaighteora a bheith curtha isteach roimh ré agus ar doiciméad é ina ndeimhnítear gurb é nó í an duine sin sealbhóir an chuntais a bhfuil an íocaíocht le déanamh isteach ann agus ina leagtar amach uimhir IBAN an chuntais, an cód BIC (SWIFT) agus seoladh an bhainc.

    3.   Maidir le híocaíochtaí a bhaineann le cúnamh parlaiminteach, cuirfidh an Feisire mionsonraí de chuntas bainc an duine den fhoireann phearsanta ar aghaidh chuig an ngníomhaire íocaíochta nó, de réir mar a bheidh, seirbhís ábhartha na Parlaiminte. Osclófar cuntas bainc an duine den fhoireann phearsanta i mBallstát de chuid an Aontais. Déanfar na híocaíochtaí san airgeadra ina bhfuil tuarastal nó táillí an duine den fhoireann phearsanta socraithe.

    Déanfaidh an gníomhaire íocaíochta sonraí a chuntais bainc nó a cuntais bainc a chur ar aghaidh chuig seirbhís ábhartha na Parlaiminte.

    Airteagal 69

    Íocaíochtaí

    1.   Déanfar an tuarastal dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Reacht, an liúntas idirthréimhseach agus aon phinsin a íoc ar an 15ú lá den mhí don mhí reatha. Déanfar an liúntas caiteachais ghinearálta a íoc ar an gcéad lá den mhí don mhí reatha.

    2.   Déanfar íocaíochtaí leis an ngníomhaire íocaíochta i leith speansais cúnaimh pharlaimintigh ar an 15ú lá den mhí don mhí reatha.

    Beidh na híocaíochtaí sin i gcomhréir leis na treoracha a bheidh tugtha ag na Feisirí suas go dtí an 25ú lá den mhí roimhe sin.

    3.   Déanfar speansais eile a aisíoc nuair a dhéanfar na doiciméid a éilítear leis na bearta cur chun feidhme sin a thíolacadh.

    Ar iarratas ó sheirbhís ábhartha na Parlaiminte, déanfaidh tairbhithe pinsin deimhniú beatha a thíolacadh, i bhfoirm teastas arna tharraingt suas ag dochtúir leighis nó ag údarás poiblí inniúil.

    4.   Is iad seo a leanas na sprioc-amanna a bheidh ann le haghaidh na ndoiciméad a éilítear leis na Bearta Cur Chun Feidhme seo a thíolacadh:

    (a)

    i leith speansais agus liúntais taistil agus chothaithe: ar a dhéanaí faoin31 Iúil sa bhliain féilire i ndiaidh na bliana inar cuireadh tús leis an turas i dtrácht;

    (b)

    i leith speansais le haghaidh cúnamh parlaiminteach agus speansais eile: roimh an dáta deiridh a leagtar síos leis na forálacha is infheidhme agus ar a dhéanaí faoin 7 Nollaig den bhliain bhuiséadach a bhfuil íocaíocht á hiarraidh ina leith.

    5.   Féadfaidh an tArd-Rúnaí socruithe sonracha a dhéanamh maidir le réamhíocaíochtaí i ndáil le gnáthchostais taistil agus speansais chothaithe.

    Caibidil 2

    Tabhairt Chun Rialtachta agus Aisghabháil

    Airteagal 70

    Doiciméid tacaíochta malartacha

    I gcás ina gcaillfear na doiciméid tacaíochta riachtanacha, ní mór d’Fheisire dearbhú caillteanais a thíolacadh lena ngabhfaidh doiciméid tacaíochta malartacha i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sna Bearta Cur Chun Feidhme seo.

    Airteagal 71

    Foirceannadh íocaíochtaí arna ndéanamh ag an bParlaimint

    1.   Má mhainníonn Feisire, iar-Fheisire, duine dá gcomharbaí dlíthiúla nó dá ngníomhairí íocaíochta na Bearta Cur Chun Feidhme nó Rialacha PEAM a chomhlíonadh, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin inniúil na híocaíochtaí lena mbaineann a fhoirceannadh go hiomlán nó go páirteach.

    2.   Ar dtús, tabharfaidh an t-oifigeach údarúcháin inniúil fógra i scríbhinn don duine lena mbaineann go bhfuil sé ar intinn aige nó aici na híocaíochtaí i dtrácht a fhoirceannadh agus tabharfaidh sé nó sí deis dó nó di barúlacha a chur isteach, i scríbhinn, mar aon le haon fhianaise thacaíochta. Cuirfear cóip den fhógra sin ar aghaidh chuig aon tríú páirtí i dtrácht, i gcás inarb iomchuí.

    3.   Má mhainníonn an duine lena mbaineann fianaise leordhóthanach a sholáthar go bhfuil na Bearta Cur Chun Feidhme sin nó Rialacha PEAM á gcomhlíonadh aige nó aici, glacfaidh an t-oifigeach údarúcháin inniúil cinneadh maidir le foirceannadh na n-íocaíochtaí comhfhreagracha. Beidh aon chinneadh den sórt sin gan dochar d’Airteagal 72 de na Bearta Cur Chun Feidhme sin.

    Airteagal 72

    Aisghabháil na méideanna a d’íoc an Pharlaimint go míchuí

    1.   Aon mhéid a íocadh go míchuí de bhun na mBeart Cur Chun Feidhme seo nó de bhun Rialacha PEAM, déanfar é a aisghabháil ón bhFeisire nó ón iar-Fheisire lena mbaineann nó óna chomharbaí dlíthiúil nó a comharbaí dlíthiúil. Is é an tArd-Rúnaí a ghlacfaidh an cinneadh maidir le haisghabháil.

    2.   Sula ndéanfaidh an tArd-Rúnaí cinneadh maidir le haisghabháil a ghlacadh, cuirfidh sé an duine lena mbaineann ar an eolas i scríbhinn maidir le hoscailt an phróisis aisghabhála agus tabharfaidh sé deis dó nó di barúlacha a chur isteach, i scríbhinn, mar aon le haon fhianaise thacaíochta.

    3.   Tar éis an cinneadh aisghabhála a ghlacadh, rachaidh an tArd-Rúnaí ar aghaidh leis an aisghabháil i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Leis na módúlachtaí téarnaimh, beidh na Feisirí in ann a sainordú a fheidhmiú go héifeachtach.

    4.   Féadfaidh an tArdrúnaí na hinniúlachtaí a thugtar dó nó di le mhíreanna 1, 2 agus 3 a tharmligean chuig an Ard-Stiúrthóir inniúil.

    5.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le tríú páirtithe.

    Caibidil 3

    Forálacha Ginearálta Airgeadais Eile

    Airteagal 73

    Innéacsnascadh

    1.   Maidir leis na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 3(5), Airteagal 15(2), pointe (d), in Airteagal 20, in Airteagal 22(1) agus (3), in Airteagal 24(2) agus Airteagal 44(2), féadfaidh an Biúró iad a innéacsnascadh suas go dtí uasmheadú arb ionann é agus an ráta boilscithe bliantúil san Aontas Eorpach i mí Dheireadh Fómhair den bhliain roimhe sin, arna fhoilsiú ag Eurostat.

    2.   I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Biúró an méid dá dtagraítear in Airteagal 29(4) de na bearta cur chun feidhme sin a innéacsnascadh go bliantúil ar bhonn an innéacs chomhpháirtigh arna bhunú ag Eurostat, trí chomhaontú le hoifigí staidrimh náisiúnta na mBallstát, de bhun Airteagal 65 de na Rialacháin Foirne. Féadfaidh an t-innéacsnascadh sin a bheith siardhátaithe go dtí mí Iúil den bhliain lena mbaineann an t-innéacs.

    Airteagal 74

    Cánachas

    I gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12 den Reacht, beidh feidhm ag Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 260/68 ón gComhairle (13) maidir le Feisirí agus faighteoirí pinsin de bhun Airteagail 13, 14, 15 agus 17 den Reacht.

    Airteagal 75

    Astú

    1.   Féadfaidh an tuarastal dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Reacht, an liúntas idirthréimhseach, an pinsean seanaoise faoi na bearta cur chun feidhme seo nó an pinsean scoir faoi Iarscríbhinn III de Rialacha PEAM a bheith faoi réir ordú astaithe, suas go dtí uasmhéid arb ionann é agus an tríú cuid den tsuim atá i gceist, ar bhonn cinneadh ó na cúirteanna nó ón údarás inniúil riaracháin.

    2.   Eiseoidh an tArd-Rúnaí treoracha d’fhonn an beart sin a chur chun feidhme. Tabharfar aird chuí sna treoracha sin ar an tairseach dheireanach maidir le baol bochtaineachta arna cinneadh ag Eurostat, i gcás inarb infheidhme, do Stát buanchónaithe an Fheisire nó an iar-Fheisire lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, beidh siad comhsheasmhach leis an gceanglas gur cheart go mbeadh na Feisirí in ann a sainordú a fheidhmiú go héifeachtach. Sula n-eiseofar aon treoracha den sórt sin, tabharfar éisteacht don Fheisire i gceist.

    Caibidil 4

    Forálacha Críochnaitheacha

    Airteagal 76

    Gearáin

    1.   Feisire nó iar-Fheisire atá den tuairim nach ndearna an tseirbhís inniúil na bearta cur chun feidhme seo a chur i bhfeidhm mar is ceart ina leith, féadfaidh sé nó sí gearán i scríbhinn a dhíriú chuig an Ard-Rúnaí.

    2.   Féadfaidh Feisire nó iar-Fheisire nach n-aontaíonn le cinneadh an Ardrúnaí gearán a thaisceadh leis na Caestóirí, a dhéanfaidh cinneadh tar éis dul i gcomhairle leis an Ardrúnaí. Seolfar an gearán chuig Cathaoirleach i mbun oifige na gCaestóirí.

    3.   Mura n-aontóidh páirtí sa nós imeachta gearáin leis an gcinneadh arna ghlacadh ag na Caestóirí, féadfaidh sé nó sí gearán a thaisceadh leis an mBiúró a dhéanfaidh an cinneadh críochnaitheach. Beidh gearán den sórt sin bunaithe ar na doiciméid tacaíochta a tíolacadh in éineacht leis an mbunghearán de bhun mhíreanna 1 agus 2 agus seolfar chuig an Uachtarán é.

    4.   Aon ghearán a thaiscfear de bhun mhíreanna 1, 2 nó 3, déanfar é a réasúnú agus cuirfear isteach i scríbhinn é, mar aon le haon doiciméid tacaíochta, laistigh de dhá mhí tar éis fógra a fháil faoin gcinneadh a bhfuiltear ag cur ina aghaidh.

    5.   Áiritheoidh an Pharlaimint go bhfaighidh gearánaigh admháil go bhfuarthas aon ghearáin a thaisceann siad.

    6.   Más rud é, tar éis gearán a thaisceadh ar bhonn mhíreanna 1, 2 nó 3 den Airteagal seo agus sula mbeidh cinneadh déanta ag an gcomhlacht achomhairc inniúil, go ndéanann an Feisire agóid i gcoinne an chinnidh is ábhar don ghearán trí chaingean le haghaidh neamhniú ar bhonn Airteagal 263 CFAE, dearbhófar go bhfuil an gearán gan chuspóir agus cuirfear deireadh leis an nós imeachta.

    Dearbhófar go bhfuil gearán ar bhonn mhíreanna 1, 2 nó 3 den Airteagal seo neamh-inghlactha má thíolacann an Feisire é tar éis caingean le haghaidh neamhniú a thaisceadh ar bhonn Airteagal 263 CFAE.

    7.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le comharbaí dlíthiúla Feisirí agus iar-Fheisirí.

    Airteagal 77

    Doiciméid tacaíochta a ndéantar scanadh leictreonach orthu

    1.   I gcás ina dtagraítear d’iarratais ar aisíocaíocht nó ar íocaíocht a thíolacadh sna Bearta Cur Chun Feidhme seo féadfar na hiarratais sin a thíolacadh i bhfoirm leictreonach le síniú digiteach.

    2.   I gcás ina n-éileofar sna Bearta Cur Chun Feidhme seo go ndéanfar doiciméid tacaíochta a thíolacadh, féadfar na doiciméid sin a thíolacadh mar chóipeanna scannta, ar choinníoll go ndearbhóidh an Feisire ar a onóir nó ar a honóir gurb ionann na cóipeanna scanta de dhoiciméid tacaíochta atá á dtíolacadh agus na doiciméid bhunaidh.

    3.   Chun go bhféadfar seiceálacha a dhéanamh maidir le cibé an bhfuil cóipeanna scannta ag teacht leis na doiciméid bhunaidh, coimeádfaidh na Feisirí na doiciméid bhunaidh go dtí an 31 Nollaig den bhliain féilire inar tíolacadh an t-iarratas ar aisíocaíocht nó ar íocaíocht.

    Déanfaidh na seirbhís ábhartha de chuid na Parlaimint córas spotseiceála a chur chun feidhme chun a áirithiú gurb ionann na cóipeanna scanta de na doiciméid tacaíochta agus na doiciméid bhunaidh.

    Airteagal 78

    Teorainneacha ama a ríomh

    Chun críocha na tréimhsí dá bhforáiltear sna Bearta Cur Chun Feidhme seo a ríomh, beidh feidhm ag Airteagal 2 agus ag Airteagal 3 de Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle (14).

    Airteagal 79

    Fógraí

    1.   Féadfar fógraí ó sheirbhísí na Parlaiminte faoi na bearta cur chun feidhme seo agus Rialacha PEAM a dhéanamh trí aon mhodh atá ar fáil lena n-áirithítear éifeachtacht an tarchuir, lena n-áirítear trí ríomhphost nó trí aon mhodh leictreonach eile. I gcás na bhFeisirí, meastar go ndéantar fógraí trí ríomhphost go bailí nuair a fhaightear admháil léimh nó, ar a dhéanaí, cúig lá oibre tar éis dóibh an ríomhphost a fháil chuig a seoladh ríomhphoist oifigiúil de chuid na Parlaiminte.

    2.   Chun críche fógraí a thabhairt, cuirfidh na Feisirí a seoladh ríomhphoist agus a seoladh buanchónaithe in iúl don Pharlaimint ag deireadh a sainordaithe agus ina dhiaidh sin gach uair a athraítear é laistigh de mhí amháin. Is amhlaidh an cás maidir le comharbaí dlíthiúla na bhFeisirí agus na n-iar-Fheisirí, a chuirfidh a seoltaí ríomhphoist agus a seoltaí buanchónaithe in iúl don Pharlaimint tráth an chomharbais agus ina dhiaidh sin gach uair a athraítear é laistigh de mhí amháin.

    3.   Chun críocha Airteagal 98(2), an dara fomhír, den Rialachán Airgeadais, . measfar gurb é iompar an fhéichiúnaí is cúis le aon mhoill ag an bParlaimint an nóta dochair a sheoladh i gcás ina raibh an féichiúnaí sin faoi réir mhír 2 den Airteagal seo agus gur mhainnigh sé nó sí an mhír sin a chomhlíonadh.

    Airteagal 80

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh na Bearta Cur Chun Feidhme sin i bhfeidhm an chéad lá den pháirtseisiún tar éis na chéad toghchán eile do Pharlaimint na hEorpa atá le reáchtáil in 2024.

    Airteagal 81

    Aisghairm

    Aisghairtear leis seo Cinneadh ón mBiúró an 19 Bealtaine agus an 9 Iúil 2008 maidir le Bearta Cur Chun Feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, le héifeacht ón gcéad lá den pháirtseisiún tar éis na gcéad toghchán eile do Pharlaimint na hEorpa a bheidh ar siúl in 2024. Scoir rialacha PEAM de bheith bailí ar an dáta a tháinig an Reacht i bhfeidhm ach leanann siad d’fheidhm a bheith acu chun críocha na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar síos i dTeideal IV de na bearta cur chun feidhme seo.

    TEIDEAL IV

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

    Airteagal 82

    Pinsean marthanóra, pinsean easláine agus pinsean seanaoise

    1.   Maidir leis an bpinsean marthanóra, an pinsean easláine, an pinsean breise easláine arna dheonú do leanaí cleithiúnacha agus an pinsean seanaoise arna íoc de bhun Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialacha PEAM, leanfaidh siad de bheith á n-íoc de bhun na nIarscríbhinní sin leis na daoine sin a raibh na sochair atá i gceist á bhfáil acu roimh an 14 Iúil 2009.

    I gcás iar-Fheisire a fhaigheann bás tar éis an 14 Iúil 2009 agus a raibh an pinsean easláine á fháil aige nó aici ag an am sin, íocfar an pinsean marthanóra lena chéile nó lena céile, lena pháirtí seasta neamhphósta nó lena páirtí seasta neamhphósta, nó lena leanaí cleithiúnacha, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialacha PEAM.

    2.   Déanfar na cearta pinsin seanaoise a fuarthas roimh an 14 Iúil 2009 de bhun Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialacha PEAM a choimeád. Daoine a bhfuil cearta faighte acu faoin scéim pinsean sin, gheobhaidh siad pinsean a dhéanfar a ríomh bunaithe ar a gcearta faighte de bhun na hIarscríbhinne sin a luaithe a bheidh na coinníollacha ábhartha a leagtar síos le dlí náisiúnta an Bhallstáit i dtrácht comhlíonta acu, agus a luaithe a bheidh an t-iarratas dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Iarscríbhinn sin tíolactha acu.

    Airteagal 83

    Pinsean breise

    1.   Déanfar pinsean breise a thiocfaidh chun bheith iníoctha ón 1 Iúil 2023 a íoc le hiar-Fheisirí nó le hiarthairbhithe eile de bhun Airteagail 1, 3 agus 4 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM faoi réir na gcoinníollacha agus na maoluithe seo a leanas:

    (a)

    déanfar méid an phinsin de bhun Airteagal 2(1) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM agus méideanna na bpinsean uasta agus na bpinsean íosta i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Iarscríbhinn sin a laghdú 50 %;

    (b)

    is é a bheidh i mbuntuarastal Breithimh i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de réir bhrí Airteagal 2(1) agus (2) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM ná an buntuarastal amhail an 30 Meitheamh 2023 agus ní dhéanfar é a uasdátú tar éis an dáta sin;

    (c)

    beidh an pinsean de bhun Airteagal 1 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM iníoctha ón gcéad lá den mhí féilire tar éis an dáta a slánóidh an Feisire 67 mbliana d’aois;

    (d)

    i gcás ina bhfuil Feisire faoi bhun 67 mbliana d’aois tráth an bháis, déanfar teidlíocht ar phinsin an mharthanóra agus an dílleachta de bhun Airteagal 4(1) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM a chur siar go dtí an chéad lá den mhí féilire tar éis na míosa ina mbeadh 67 mbliana d’aois slánaithe ag an bhFeisire a fuair bás;

    2.   Maidir le pinsin a tháinig chun bheith iníoctha le hiar-Fheisirí nó le hiarthairbhithe eile de bhun Airteagail 1, 3 agus 4 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM roimh an 1 Iúil 2023, déanfar na méideanna a bheidh dlite ón lá sin i leith a laghdú agus a choigeartú mar a leanas:

    (a)

    déanfar méid an phinsin de bhun Airteagal 2(1) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM agus méideanna na bpinsean uasta agus na bpinsean íosta i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Iarscríbhinn sin a laghdú 50 %;

    (b)

    is é a bheidh i mbuntuarastal Breithimh i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de réirbhrí Airteagal 2(1) agus (2) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM ná an buntuarastal amhail an 30 Meitheamh 2023 agus ní dhéanfar é a uasdátú tar éis an dáta sin.

    3.   Más rud é, de bharr chur i bhfeidhm mhír 1, pointí (a) agus/nó (b), nó mhír 1a, pointí (a) agus/nó (b), go mbeadh ar an iar-Fheisire nó ar an iarthairbhí eile maireachtáil faoi bhun nó níos mó faoi bhun na tairsí is déanaí atá ar fáil faoina mbeifí i mbaol bochtaineachta don Stát ina bhfuil buanchónaí air nó uirthi, féadfaidh sé nó sí iarratas ar mhéadú ar phinsean a chur faoi bhráid na gCaestóirí. Is í an tairseach sin an tairseach a chinnfidh Eurostat, más infheidhme. Beidh an fhaisnéis ábhartha agus na doiciméid tacaíochta uile ag gabháil leis an iarratas sin chun go mbeidh an Pharlaimint in ann measúnú a dhéanamh ar ioncaim eile an iar-Fheisire nó an tairbhí eile agus ar a staid airgeadais, amhail deimhniú arna eisiúint ag údarás náisiúnta inniúil lena bhfianaítear ioncaim agus staid airgeadais eile an iar-Fheisire nó an tairbhí eile.

    Agus ioncam agus staid airgeadais eile an iar-Fheisire nó an iarthairbhí eile á gcur san áireamh, féadfaidh na Caestóirí méadú ar an bpinsean a dheonú ionas go mbainfidh sé amach an tairseach faoina mbeifí i mbaol bochtaineachta. Mar sin féin, ní bheidh méid an phinsin tar éis an mhéadaithe sin níos airde ná an pinsean a sholáthrófaí de bhun Airteagail 1 go 4 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM, de réir mar is infheidhme an 30 Meitheamh 2023.

    Agus méadú ar an bpinsean deonaithe ag na Caestóirí, déanfaidh an t-iar-Fheisire nó an t-iarthairbhí eile lena mbaineann, ar bhonn bliantúil, uasdátú ar na doiciméid tacaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur faoi bhráid sheirbhís ábhartha de chuid na Parlaiminte, chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh le himeacht ama na gcoinníollacha maidir leis an méadú a dheonú. I gcás, mar thoradh ar an measúnú bliantúil arna dhéanamh ag seirbhís ábhartha de chuid na Parlaiminte, gur gá an cinneadh tosaigh a aisghairm nó an pinsean a mhéadú i gcomparáid leis an bpinsean a deonaíodh ar dtús, déanfaidh seirbhís ábhartha de chuid na Parlaiminte togra chuige sin a chur faoi bhráid na gCaestóirí chun go ndéanfaidh siad cinneadh. Is í seirbhís ábhartha de chuid na Parlaiminte a chinnfidh gach coigeartú eile ar an méadú a deonaíodh ar dtús.

    Mura n-aontóidh an t-iar-Fheisire nó an t-iarthairbhí eile le cinneadh arna ghlacadh ag na Caestóirí faoin dara nó faoin tríú fomhír den mhír seo, féadfaidh sé nó sí, laistigh de dhá mhí tar éis don chinneadh a bheith fógartha, a iarraidh go ndéanfar an t-ábhar a tharchur chuig an mBiúró, i gcomhréir le hAirteagal 76(3).

    4.   Aon phinsean breise de bhun Airteagal 1 agus Airteagal 2 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM, nach bhfuil iníoctha fós an 1 Eanáir 2019, beidh sé faoi réir tobhach speisialta arb ionann é agus 5 % de mhéid ainmniúil an phinsin. Beidh an tobhach iníoctha go díreach leis an gCiste Pinsin (Deonach) Breise.

    5.   Maidir leis an bpinsean breise (deonach) do thairbhithe eile de bhun Airteagail 3 agus 4 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM nach raibh iníoctha go fóill an 1 Eanáir 2019, beidh sé faoi réir tobhach speisialta arb ionann é agus 5 % de mhéid ainmniúil an phinsin. Beidh an tobhach iníoctha go díreach leis an gCiste Pinsin (Deonach) Breise.

    6.   Féadfaidh na Feisirí seo a leanas a toghadh in 2009 leanúint de chearta nua a fháil tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Reachta, de bhun Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM:

    (a)

    Feisirí a bhí ina bhFeisirí le linn téarma parlaiminteach roimhe sin, agus

    (b)

    Feisirí a bhfuil cearta sa chiste pinsin breise faighte acu nó a bhí i mbun cearta sa chiste pinsin breise a fháil, agus

    (c)

    Feisirí a bhfuil maolú de bhun Airteagal 29 den Reacht glactha ag an mBallstát inar toghadh iad ina leith, nó a bhfuil, de bhun Airteagal 25 den Reacht, scéim náisiúnta roghnaithe acu, agus

    (d)

    Feisirí nach bhfuil i dteideal pinsean náisiúnta nó pinsean Eorpach a dhíorthaíonn as a sainordú mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa a fheidhmiú.

    7.   Ní mór do na Feisirí a ranníocaíochtaí a íoc isteach sa Chiste Pinsin (Deonach) Breise óna n-ioncam féin.

    8.   Gan dochar d’Airteagal 1(6) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM, ar feadh tréimhse sé mhí ón 1 Iúil 2023, féadfaidh Feisire nó iar-Fheisire a chuaigh isteach sa Scéim Pinsin Bhreise (Deonach) de réir bhrí Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM iarratas a thaisceadh chun tarraingt siar ón Scéim Pinsin Bhreise (Deonach) agus chun an pinsean breise a fháil i bhfoirm cnapshuime deiridh aonuaire. Déanfaidh an Feisire nó an t-iar-Fheisire an t-iarratas sin a shíniú agus cuirfidh sé nó sí faoi bhráid an Ard-Rúnaí é. A luaithe a bheidh iarratas comhshínithe ag an Ard-Rúnaí, beidh sé ceangailteach agus neamh-inchúlghairthe. Féadfaidh an tArd-Rúnaí an chumhacht chun comhshíniú a tharmligean chuig ionadaí ó sheirbhís ábhartha de chuid na Parlaiminte.

    Is í seirbhís ábhartha de chuid na Parlaiminte a shuífidh méid na híocaíochta deiridh aonuaire le cnapshuim amhail ag deireadh na míosa a gheobhaidh sí an t-iarratas dá dtagraítear faoin gcéad fhomhír. Ríomhfar é mar shuim dhá mhéid. Comhfhreagróidh an chéad mhéid d’iomlán na ranníocaíochtaí i luach ainmniúil arna dtabhairt ag an bhFeisire nó ag an iar-Fheisire lena mbaineann chuig an Scéim Pinsin Breise (Deonach), tar éis na híocaíochtaí pinsin atá faighte aige nó aici cheana féin, de réir luach ainmniúil, a asbhaint. Ní rachaidh an asbhaint sin thar mhéid iomlán na ranníocaíochtaí arna dtabhairt aige nó aici don Scéim Pinsin Breise (Deonach). Freagróidh an dara méid do 20 % d’iomlán na ranníocaíochtaí i luach ainmniúil arna dtabhairt ag an bhFeisire nó ag an iar-Fheisire lena mbaineann don Scéim Pinsin Breise (Deonach). Is in euro a íocfar na méideanna go léir.

    Déanfar na cearta agus/nó na teidlíochtaí uile a fuarthas i scéim pinsin an Fheisire, an iar-Fheisire nó tairbhí eile a bheidh ann amach anseo a shocrú go cinntitheach faoi dheireadh na míosa a gheofar an t-iarratas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Go háirithe, ní bheidh feidhm a thuilleadh ag na teidlíochtaí a leagtar síos in Airteagail 1, 3 agus 4 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM, agus ní bheidh feidhm ag mír 1b den Airteagal seo maidir leis an bhFeisire, an t-iar-Fheisire nó tairbhí eile lena mbaineann a bheidh ann amach anseo.

    Íocfar an íocaíocht deiridh aonuaire le cnapshuim ar a dhéanaí trí mhí tar éis don Pharlaimint an t-iarratas dá dtagraítear faoin gcéad fhomhír a fháil.

    Airteagal 84

    Liúntas idirthréimhseach

    1.   An liúntas idirthréimhseach arna dheonú de bhun Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialacha PEAM, leanfaidh sé de bheith á íoc, de bhun na hIarscríbhinne sin, leis na daoine sin a raibh an liúntas á fháil acu roimh dháta theacht i bhfeidhm an Reachta.

    2.   Maidir leis na Feisirí a scoireann go cinntitheach dá sainordú parlaiminteach a fheidhmiú ag deireadh an séú téarma parlaiminteach, íocfar an liúntas idirthréimhseach dá bhforáiltear in Iarscríbhinn V réamhráite leo.

    3.   Maidir leis na Feisirí sin a bhfuil an tuarastal dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Reacht á fháil acu agus a dtiocfaidh a dtéarma oifige chun críche tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Reachta, déanfar an tréimhse a raibh a sainordú á fheidhmiú acu roimh an dáta sin a chur san áireamh nuair a bhíonn méid an liúntais idirthréimhsigh arna dheonú de bhun Airteagal 13 den Reacht á ríomh.

    4.   Féadfaidh na Feisirí dá dtagraítear i mír 3, áfach, a iarraidh go ndéanfar an méid pro rata den liúntas idirthréimhseach a ríomh, i leith na coda den téarma oifige a thagann roimh dháta theacht i bhfeidhm an Reachta, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialacha PEAM. Déanfar an méid a chuirfear san áireamh nuair a bhíonn an méid pro rata á ríomh a asbhaint den uastréimhse a leagtar síos in Airteagal 13(2) den Reacht.

    Airteagal 85

    Na Feisirí a chumhdaítear le hAirteagal 25 nó le hAirteagail 29 den Reacht

    1.   Na Feisirí a atogadh in 2009 agus a bhfuil an ceart a thugtar dóibh le hAirteagail 25 den Reacht feidhmithe acu, ní dhéanfar an tuarastal, an liúntas idirthréimhseach, an pinsean seanaoise, an pinsean easláine ná an pinsean marthanóra a íoc leo i leith na tréimhse tar éis an 14 Iúil 2009 ach i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos le dlí an Bhallstáit inar toghadh iad, agus déanfar an costas a chur chun dochair do bhuiséad an Bhallstáit sin agus é sin amháin.

    Sa bhreis air sin, féadfaidh na Feisirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa an liúntas idirthréimhseach a íoc don chuid dá dtéarma a thagann roimh an 14 Iúil 2009, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialacha PEAM.

    2.   Beidh feidhm ag mír 1 chomh maith maidir leis na Feisirí a bhfuil maolú de bhun Airteagal 29 den Reacht glactha ag an mBallstát inar toghadh iad ina leith.

    3.   De mhaolú ar Airteagal 7(2) de na Bearta Cur Chun Feidhme sin, i gcás na bhFeisirí a bhfuil maolú de bhun Airteagal 29 den Reacht glactha ag an Ballstát inar toghadh iad ina leith nó a bhfuil, de bhun Airteagal 25 den Reacht, scéim náisiúnta roghnaithe acu féin, déanfar an tríú cuid den phréimh aráchais atá iníoctha ag na Feisirí a íoc go díreach agus ar bhonn aonair óna gcuntas pearsanta.

    4.   De mhaolú ar Airteagal 3(1) de na Bearta Cur Chun Feidhme sin, na hiar-Fheisirí a bhfuil pinsean náisiúnta á fháil acu, de bhun Airteagal 25 nó Airteagal 29 den Reacht, beidh siad i dteideal aisíocaíocht a fháil i leith dhá thriain dá speansais leighis, dá speansais a bhaineann le toircheas nó dá speansais a bhaineann le breith linbh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sna Bearta Cur Chun Feidhme seo mura bhfuil clúdach príomhúil in aghaidh baol breoiteachta acu.

    5.   Iar-Fheisirí a bhfuil pinsean náisiúnta á fháil acu, de bhun Airteagal 25 nó Airteagal 29 den Reacht, agus a bhfuil breoiteacht thromchúiseach aitheanta orthu, beidh siad i dteideal aisíocaíocht a fháil ar a speansais leighis a bhaineann le leanúint le cóir leighis leanúnach, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sna Bearta Cur Chun Feidhme seo, ar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    go bhfuil an bhreoiteacht thromchúiseach air nó uirthi de bharr teagmhas a tharla le linn an tsainordaithe agus nach raibh Feisire in ann an chuid dheireanach den sainordú sin a fheidhmiú dá bharr sin;

    (b)

    go raibh an bhreoiteacht aitheanta mar bhreoiteacht thromchúiseach ag Parlaimint na hEorpa le linn shainordú an Fheisire; agus,

    (c)

    gur cuireadh tús le cóir leighis in aghaidh na breoiteachta le linn shainordú an Fheisire.

    Más rud é go bhfuil clúdach príomhúil ag an iar-Fheisire, beidh feidhm ag an teidlíocht sin ar bhonn comhlántach (i.e. ní beidh feidhm ag an teidlíocht ach amháin maidir leis na costais sin nach bhfuil á gclúdach ag an gclúdach príomhúil).


    (1)  Cinneadh 2005/684/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Meán Fómhair 2005 ag glacadh Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (IO L 262, 7.10.2005, lch. 1).

    (2)   IO C159, 13.7.2009, lch. 1.

    (3)   IO L 278, 8.10.1976, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1976/787(2)/oj.

    (4)  Comhrialacha árachais breoiteachta d’oifigigh na gComhphobal Eorpach, arna dtarraingt suas de chomhthoil idir údaráis cheapacháin institiúidí dá dtagraítear in Airteagal 72 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle.

    (5)  Cinneadh ón gCoimisiún C(2007)3195 an 2 Iúil 2007 lena leagtar síos na forálacha cur chun feidhme ginearálta maidir le haisíocaíocht speansas leighis.

    (6)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile Aontais an Eorpaigh (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1968/259(1)/oj).

    (7)  Rialacha comhchoiteanna maidir le hárachas a sholáthar d’oifigigh na gComhphobal Eorpach i gcoinne tionóiscí agus galair cheirde arna dtarraingt suas idir údaráis cheapacháin na n-institiúidí, dá bhforáiltear in Airteagal 73(1) de Rialacháin Foirne.

    (8)  Féach ítim 15 de na Miontuairiscí de Chruinniú an Bhiúró an 4 Bealtaine 2009 agus fógra ó na Caestóirí 23/09.

    (9)  Féach liosta na speansas a fhéadfar a íoc chun críche cúnaimh pharlaimintigh, arna ghlacadh ag an mBiúró an 5 Iúil 2010 agus 26 Deireadh Fómhair 2015.

    (10)  Cinneadh ón mBiúró an 14 Aibreán 2014.

    (11)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/817/oj).

    (12)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/EC, IO L 337, 23.12.2015, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/2366/oj).

    (13)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 260/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos na coinníollacha agus an nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm na cánach chun sochar na gComhphobal Eorpach (IO L 56, 4.3.1968, lch. 8, , ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1968/260/oj).

    (14)  Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena ndéantar na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama a ainmniú (IO L 124, 8.6.1971, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1971/1182/oj).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2814/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top