EUR-Lex Access to European Union law

?

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2842

Rialachán (AE) 2023/2842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2016/1139, (AE) 2017/2403 agus (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialú ar iascach

PE/38/2023/REV/1

IO L, 2023/2842, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2842/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2842/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2842

20.12.2023

RIALACHÁN (AE) 2023/2842 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Samhain 2023

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2016/1139, (AE) 2017/2403 agus (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialú ar iascach

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá cuspóirí an chomhbheartais iascaigh agus na ceanglais i dtaca le rialú ar iascach agus forfheidhmiú leagtha amach in Airteagail 2 agus 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Braitheann cur chun feidhme rathúil an chomhbheartais iascaigh ar chóras rialaithe agus forfheidhmithe atá éifeachtach, éifeachtúil, nua-aimseartha agus trédhearcach.

(2)

Bunaíodh, le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (4), córas rialaithe iascaigh don Aontas lena bhforáiltear, inter alia, maidir le lárionaid faireacháin iascaigh, soithigh iascaireachta a rianú, oibleagáidí maidir le tuairisciú gabhálacha, réamhfhógraí, údaruithe le haghaidh trasloingsiú i dtríú tíortha, tréimhsí coiscthe iascaireachta a fhógairt, acmhainneacht iascaireachta a rialú, cláir náisiúnta um rialú, iascach áineasa a rialú, rialú sa slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, táirgí iascaigh a mheá, doiciméid maidir le hiompar, dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, nótaí maidir le díolacháin agus dearbhuithe glactha freagrachta, cigireachtaí agus iniúchtaí, smachtbhannaí i leith sáruithe agus rochtain ar shonraí.

(3)

Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, áfach, sular glacadh Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, chun rialú agus forfheidhmiú a dhéanamh ar rialacha an chomhbheartais iascaigh a bhí i bhfeidhm ag an am. Ba cheart, dá bhrí sin, é a leasú chun freastal níos fearr ar na ceanglais maidir le rialú agus forfheidhmiú an chomhbheartais iascaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, chun leas a bhaint as teicneolaíochtaí atá nua-aimseartha agus níos costéifeachtaí agus chun na torthaí eolaíocha is déanaí a chur san áireamh chun inbhuanaitheacht chomhshaoil na ngníomhaíochtaí iascaireachta agus na ngníomhaíochtaí dobharshaothraithe a áirithiú san fhadtéarma. Ba cheart na leasuithe a bheith comhsheasmhach freisin le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, lena n-áirítear iad siúd faoi Chomhaontú 2009 na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Bearta Stáit an Chalafoirt chun Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte a Chosc, a Dhíspreagadh agus a Dhíothú arna bhformheas ag an Aontas le Cinneadh 2011/443/AE ón gComhairle (5).

(4)

Ina theannta sin, ba cheart do chóras rialaithe iascaigh an Aontais iomaíocht chóir a chothú idir oibreoirí ar fud na mBallstát agus, an tráth céanna, rannchuidiú freisin le cuspóirí eile an chomhbheartais iascaigh a bhaint amach.

(5)

I Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, ba cheart tagairt a dhéanamh do na sainmhínithe i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus i Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ar mhaithe le soiléireacht agus comhsheasmhacht, ba cheart sainmhínithe ar leith i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a scriosadh nó a leasú agus ba cheart sainmhínithe nua a chur leis.

(6)

Ba cheart an sainmhíniú ar ‘rialacha an chomhbheartais iascaigh’ a leasú chun a shoiléiriú go gcumhdaíonn a raon feidhme dlí uile an Aontais i réimsí chaomhnú, bhainistiú agus shaothrú acmhainní bitheolaíocha muirí, an dobharshaothraithe, chomh maith le próiseáil, iompar agus margú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe. Áirítear leis sin rialacha maidir le bearta teicniúla agus caomhnaithe le haghaidh acmhainní bitheolaíocha na mara, bainistiú agus rialú chabhlaigh an Aontais a shaothraíonn na hacmhainní sin, agus rialacha maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a phróiseáil, a iompar agus a mhargú, chomh maith le córas an Aontais chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. Ba cheart oibleagáidí idirnáisiúnta a chumhdach leis an sainmhíniú sin freisin sna réimsí sin atá ceangailteach ar an Aontas agus ar na Ballstáit, lena n-áirítear, maidir le hoibreoirí, oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais atá in-fhorfheidhmithe ina leith.

(7)

Ba cheart an téarma ‘sonraí suímh an tsoithigh’, atá níos cruinne, a chur in ionad an tsainmhínithe ‘sonraí an chórais um fhaireachán soithí’. Níor cheart tagairt a dhéanamh a thuilleadh leis an sainmhíniú ar ‘sonraí suímh an tsoithigh’ do tharchur trí mheán ghléasanna rianaithe satailíte, óir tá teicneolaíochtaí difriúla ar fáil anois chun rianú a dhéanamh ar shoithí agus sonraí faoi shuíomh soithí a tharchur.

(8)

Ba cheart sainmhíniú ar ‘luchtóg’ a ailíniú leis an sainmhíniú ar ‘luchtóg’ mar a leagtar amach i ndlí bia an Aontais.

(9)

Ba cheart an sainmhíniú ar ‘pleananna ilbhliantúla’ a nuashonrú chun forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a chur san áireamh.

(10)

I gcás na sainmhínithe ar ‘ceadúnas iascaireachta’, ‘limistéar iascaireachta srianta’ agus ‘iascach áineasa’, ba cheart an téarma ‘acmhainní bitheolaíocha na mara’ a chur in ionad an téarma ‘beo-acmhainní uisceacha na mara’ chun na sainmhínithe sin a ailíniú leis an téarmaíocht a úsáidtear in Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(11)

Chun comhsheasmhacht a áirithiú leis na rialacha maidir le bearta teicniúla a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ba cheart sainmhíniú ar ‘speiceas íogair’ a thabhairt isteach.

(12)

Chun tuiscint níos fearr a fháil ar thionchair dhíobhálacha gníomhaíochtaí iascaireachta ar speicis íogaire agus chun iad a chosc, lena n-áirítear chun gabhálacha de thaisme na speiceas sin atá i mbaol díothaithe a laghdú nó a dhíothú, ní mór feabhas a chur ar bhailiú sonraí maidir le gabhálacha de thaisme de speicis íogaire. Chun na críche sin, ba cheart faisnéis bhreise faoi ghabhálacha de thaisme de speicis íogaire a thaifeadadh sa logleabhar iascaireachta.

(13)

Cé go mbaineann formhór fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 le soithí gabhála, ceanglaítear le córas rialaithe iascaigh éifeachtach de chuid an Aontais go gcumhdófaí freisin, i gcásanna áirithe, soithí eile a úsáidtear i saothrú tráchtála acmhainní bitheolaíocha na mara. Chun na críche sin, ba cheart sainmhíniú níos mionsonraithe a chur in ionad an tsainmhínithe ar ‘soitheach iascaireachta’ sa Rialachán sin lena soiléirítear go gcumhdaíonn an téarma soitheach gabhála agus aon soitheach eile a úsáidtear chun acmhainní bitheolaíocha na mara a shaothrú ar bhonn tráchtála, lena n-áirítear soithí tacaíochta, soithí próiseála éisc, soithí a ghabhann don trasloingsiú, soithí tarraingthe, soithí coimhdeachta agus soithí iompair a úsáidtear chun táirgí iascaigh a iompar, ach ní áirítear soithí coimeádán ná soithí a úsáidtear go heisiach don dobharshaothrú. Ina theannta sin, ba cheart sainmhíniú ar ‘soitheach gabhála’ a thabhairt isteach.

(14)

Ba cheart sainmhíniú ar ‘oibríocht iascaireachta’ a thabhairt isteach chun brí an téarma a shoiléiriú agus chun idirdhealú a dhéanamh idir é agus an téarma ‘gníomhaíochtaí iascaireachta’, atá níos leithne ó thaobh raon feidhme de.

(15)

Is cleachtas é sciorradh ina scaoiltear éisc d’aon ghnó ó threalamh iascaireachta sula dtugtar an ghabháil ar bord, rud a d’fhéadfadh a bheith ina shárú ar an oibleagáid speicis a thabhairt agus a choinneáil ar bord faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír. Dá bhrí sin, ba cheart sainmhíniú ar ‘sciorradh’ a thabhairt isteach.

(16)

Ba cheart na forálacha maidir le ceadúnais agus údaruithe iascaireachta a thabhairt cothrom le dáta agus a shoiléiriú. Chun rialú cuimsitheach a áirithiú, níor cheart cead a bheith ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais nach soithí gabhála iad gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh ach amháin má tá údarú faighte acu chuige sin ag a mBallstát brataí. Dá bhrí sin, ba cheart foráil nua a thabhairt isteach maidir le húdaruithe iascaireachta le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais nach soithí gabhála iad.

(17)

Tá trealamh iascaireachta tréigthe, caillte nó diúscartha ar bhealach eile, go háirithe trealamh atá déanta as plaisteach, ar cheann de na cineálacha smionagar muirí is díobhálaí, chomh maith le dramhaíl phlaisteach ar muir. Chun tionchar fadtéarmach agus suntasach an trealaimh iascaireachta thréigthe, chaillte nó dhiúscartha ar bhealach eile ar an mbeatha mhuirí agus ar éiceachórais mhuirí a laghdú, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go dtabharfar trealamh iascaireachta ar ais, ag deireadh a shaolré, chun cóireáil a chur air i saoráidí glactha calafoirt arna mbunú chun na críche sin faoi Threoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Leis sin, bheadh na Ballstáit in ann tuairisciú don Choimisiún maidir le dramhthrealamh iascaireachta, lena n-áirítear trealamh ag deireadh a shaolré, a bhailíonn siad gach bliain faoi Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Chun na críche sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht nósanna imeachta a ghlacadh lena áirithiú go dtabharfaidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais fógra do na húdaráis inniúla maidir lena dtrealamh iascaireachta a bhfuil a ré caite aige agus go gcuirfear ar ais é chuig saoráidí glactha calafoirt nó chuig córais bailithe choibhéiseacha eile.

(18)

Chun a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de san fhadtéarma, agus chun riosca tromchúiseach d'éiceachórais mhuirí, don bhithéagsúlacht agus do shláinte an duine a chosc mar gheall ar threalamh iascaireachta agus trealamh nó árthaí eile a úsáidtear san iascaireacht a dhiúscairt go neamhdhleathach ar muir, go háirithe trealamh atá déanta as plaisteach, ba cheart an diúscairt sin ó shoithí iascaireachta a mheas mar shárú tromchúiseach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

(19)

Tá ról tábhachtach san Aontas ag iascach ar mhionscála, ó thaobh cúrsaí bitheolaíochta, cúrsaí eacnamaíocha agus cúrsaí sóisialta de. I bhfianaise thionchar féideartha iascaigh ar mhionscála ar stoic éisc, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh gníomhartha iascaireachta agus iarracht iascaireachta soithí beaga i gcomhréir le rialacha an chomhbheartais iascaigh. Dá bhrí sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann gach soitheach iascaireachta a rianú, lena n-áirítear soithí iascaireachta ar lú ná 12 mhéadar a bhfad foriomlán, agus sonraí suímh a fháil uathu ag tráthanna rialta agus ag tráthanna gairid go leor. Chun úsáid córas rianaithe le haghaidh soithí ar mhionscála a éascú a thuilleadh, ba cheart don Choimisiún, arna iarraidh sin do Bhallstát amháin nó níos mó, córas rianaithe a fhorbairt le haghaidh soithí ar lú ná 12 mhéadar a bhfad foriomlán. Mar sin féin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann soithí áirithe ar mhionscála a dhíolmhú ón oibleagáid rianaithe ar feadh tréimhse teoranta, chun dóthain ama a thabhairt chun ullmhú d’úsáid uirlisí nua do na soithí sin. I gcás ar bith, ba cheart cur chun feidhme na mbeart sin a bheith cothrom agus comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú agus níor cheart ualach iomarcach ar an gcabhlach a bheith ag gabháil leis, go háirithe ar an gcabhlach ar mhionscála, a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as cabhair faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(20)

Faoi Airteagail 32(2) agus 38(1) de Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), ní mór do shoitheach iascaireachta tríú tír atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais na rialacha rialaithe lena rialaítear oibríochtaí iascaireachta shoithí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear rialacha a bhaineann leis an gcóras um fhaireachán soithí. Chun rialú cuimsitheach a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid gléas um fhaireachán soithí lánfheidhmiúil a bheith suiteáilte ar bord lenar féidir soitheach a aimsiú agus a shainaithint go huathoibríoch trí chóras um fhaireachán soithí, ar cuid de na rialacha rialaithe sin é, maidir le gach soitheach iascaireachta tríú tír atá údaraithe chun gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí an Aontais, lena n-áirítear na soithí sin a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta seachas oibríochtaí iascaireachta agus nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/2403.

(21)

Chun ról na lárionad faireacháin iascaigh a shoiléiriú, ba cheart forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 maidir leis na hionaid sin a chur in Airteagal ar leith.

(22)

Chun críocha rialaithe agus faireachais éifeachtaigh ar iascach san Aontas, ba cheart ceangal a chur ar lárionaid faireacháin iascaigh foireann agus trealamh cuí a bheith acu agus córas foláirimh uathoibríoch agus/nó ar glao-dhualgas ar a laghad a bheith i bhfeidhm acu le linn uaireanta oibre iad.

(23)

Ba cheart rialacha maidir le húsáid córas aitheantais uathoibríoch (AIS) do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a shonrú. Chun imthosca eisceachtúla a bhaineann le sábháilteacht nó slándáil an chriú ar shoitheach iascaireachta a chur san áireamh, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maolú ar an oibleagáid AIS dá dtagraítear in Airteagal 6a de Threoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) a choinneáil in oibríocht leanúnach, faoi choinníollacha áirithe.

(24)

Le Rialachán (AE) 2015/812 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 chun cuid dá bhforálacha a ailíniú leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Chun éifeachtacht chóras rialaithe iascaigh an Aontais a áirithiú, go háirithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, is gá, ar bhonn measúnú riosca, córais cianfhaireacháin leictreonaigh (REM) a fheistiú ar bord soithí gabhála áirithe. Ba cheart ceamaraí teilifíse ciorcaid iata (CCTV) a bheith san áireamh sna córais sin. Níor cheart sonraí CCTV a bheoshruthú. Chun an ceart chun príobháideachta agus chun sonraí pearsanta a chosaint a choimirciú, níor cheart taifeadadh ábhair físe trí CCTV a cheadú ach amháin i ndáil leis an trealamh agus leis na codanna sin de na soithí ina dtugtar táirgí iascaigh ar bord, ina láimhseáiltear agus ina stóráiltear iad nó ina bhféadfaí aischur a dhéanamh. Ba cheart an ghníomhaíocht taifeadta a theorannú do na cásanna sin ina n-oibrítear trealamh go gníomhach, mar shampla taifeadadh a dhéanamh ar threalamh nó ar threalamh á tharraingt nó á bhaint den uisce, agus nuair a thugtar an ghabháil ar bord agus an criú á láimhseáil nó ina bhféadfadh aischur tarlú. Ba cheart an fhéidearthacht daoine aonair san ábhar físe taifeadta a shainaithint a theorannú a mhéid is féidir, agus i gcás inar gá, ba cheart na sonraí a anaithnidiú. Chun soiléireacht agus comhsheasmhacht a áirithiú, ba cheart rialacha a leagan amach maidir le rochtain na n-údarás inniúil ar shonraí ó na córais CFL sin. Ba cheart píosaí CCTV a chur ar fáil go heisiach do na húdaráis a shonraítear sa rialachán sin chun críocha rialaithe agus cigireachta a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

(25)

Chun úsáid córas CFL a éascú ar bhonn deonach, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit dreasachtaí a sholáthar chun na críche sin.

(26)

Chun cuspóirí an chomhbheartais iascaigh a bhaint amach, leagtar tábhacht as cuimse ar bhailiúchán cuimsitheach sonraí agus ar iontaofacht na sonraí sin.

(27)

Is é an toradh a bhí ar shonraí maidir le clárú gabhálacha a bheith á gcur isteach i bhformáid páipéir ná tuairisciú neamhiomlán neamhiontaofa ó oibreoirí do na Ballstáit agus ó na Ballstáit don Choimisiún, agus i ndeireadh na dála, bhí an tuairisciú gabhála sin neamhleor, rud a chuir isteach ar mhalartú faisnéise idir na Ballstáit. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil sé riachtanach go ndéanfaidh máistrí sonraí a thaifeadadh maidir le gabhálacha i bhfoirm dhigiteach agus go ndéanfaidh siad iad a chur isteach i modh leictreonach, go háirithe i gcás na logleabhar iascaireachta, dearbhuithe trasloingsithe agus dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír.

(28)

Chun rialú ar chur chun feidhme pleananna ilbhliantúla a éascú, ba cheart gabhálacha stoc grinnill atá faoi réir na bpleananna sin a stuáil ar leithligh, ionas go mbeidh na stoic éagsúla arna ngabháil so-aitheanta ar bord an tsoithigh iascaireachta chun críocha cigireachta. Mar sin féin, le tabhairt isteach pleananna ilbhliantúla, tá méadú tagtha ar na cásanna ina bhféadfadh sé a bheith deacair do mháistrí an oibleagáid sin a chomhlíonadh, i gcúinsí áirithe, mar gheall ar chúiseanna mar shampla spás stórála teoranta ar bord, go leor speiceas i gcainníochtaí beaga a choinnítear ar bord, gabhálacha a choinnítear ar bord in umair uisce farraige chuisnithe, líon na stoc éagsúil arna ngabháil in iascach áirithe, nó mar gheall ar imní faoi shábháilteacht an chriú. Sna cásanna sin, ba cheart go bhféadfaí foráil a dhéanamh maidir le díolúintí ón oibleagáid gabhálacha a stuáil ar leithligh.

(29)

De cheal oibleagáidí ar mháistrí soithí níos lú ná 10 méadar ar fad ar an iomlán maidir le gabhálacha a thuairisciú, fágadh gur neamhiomlán agus neamhiontaofa atá na sonraí maidir le gabhálacha a chlárú i gcás na soitheach sin toisc gur bunaithe go príomha ar phleananna samplála a bhí bailiú na faisnéise maidir leis na soithí céanna. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach a éileamh go ndéanfaí tuairisciú maidir le gabhálacha i gcás gach soithigh gan beann ar a mhéid. Sa chaoi sin a dhéanfar na rialacha a shimpliú agus a déanfar comhlíonadh agus rialú a fheabhsú.

(30)

D’fhonn éifeachtacht an rialaithe a fheabhsú, tá sé tábhachtach go mbeadh an fhaisnéis sa logleabhar iascaireachta níos mionsonraithe, agus go n-áireofaí inti, dá bhrí sin, i gcás soithí gabhála atá 12 mhéadar ar fhad san iomlán nó níos mó, sonraí maidir leis na gabhálacha in aghaidh na hoibríochta iascaireachta. I gcás soithí gabhála ar lú ná 12 mhéadar a bhfad iomlán, níor cheart ualach díréireach ar mháistrí na soithí sin a bheith i gceist leis an logleabhar leictreonach iascaireachta agus le tarchur na faisnéise atá ann. Dá bhrí sin, i gcás soithí gabhála ar lú ná 12 mhéadar a bhfad iomlán, níor cheart a cheangal ar mháistrí an fhaisnéis atá sa logleabhar iascaireachta a chur isteach ach amháin tar éis an oibríocht iascaireachta dheireanach a bheith curtha i gcrích agus sula gcuirfear tús le gabhálacha a thabhairt i dtír.

(31)

Ba cheart an deis a bheith ag máistrí soithí gabhála de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar an logleabhar leictreonach iascaireachta a chomhlánú agus a chur isteach trí mhodhanna simplithe.

(32)

Chun cur chun feidhme agus úsáid logleabhar iascaireachta leictreonach do gach soitheach a éascú, ba cheart don Choimisiún, arna iarraidh sin do Bhallstát amháin nó níos mó, córas a fhorbairt chun gabhálacha soithí gabhála ar lú ná 12 mhéadar a bhfad iomlán a thaifeadadh agus a thuairisciú, agus é curtha in oiriúint do chúinsí sonracha soithí beaga.

(33)

Chun feabhas a chur ar rialú ghabhálacha speiceas íogair, ba cheart faisnéis bhreise maidir le haischur na speiceas sin a thaifeadadh sa logleabhar iascaireachta.

(34)

Ba cheart na forálacha maidir leis an gcorrlach lamháltais i meastacháin logleabhair iascaireachta ar chainníochtaí éisc a choinnítear ar bord a leasú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le meastachán cruinn a dhéanamh ar ghabhálacha ar bord de réir speiceas i gcás cainníochtaí níos lú gabhálacha, agus i gcás tabhairt i dtír neamhshórtáilte ó iascaigh pheiligeacha bheaga, ó iascaigh thionsclaíocha agus ó iascaigh peas-saighne tuinníní trópaiceacha. Ba cheart na leasuithe céanna a dhéanamh ar na forálacha maidir leis an gcorrlach lamháltais sa dearbhú trasloingsithe. A mhéid a bhaineann le maoluithe a dheonaítear maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír neamhshórtáilte ó iascaigh pheiligeacha bheaga, iascaigh thionsclaíocha agus iascaigh peas-saighne tuinníní trópaiceacha, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun tuilleadh sonraí a sholáthar maidir le coinníollacha aonfhoirmeacha a bhaineann le táirgí iascaigh a thabhairt i dtír agus a mheá i gcalafoirt liostaithe, mar shampla rannpháirtíocht tríú páirtithe neamhspleácha creidiúnaithe lenar féidir cruinneas an tuairiscithe gabhála ar thabhairt i dtír nó ceanglais maidir leis na hoibríochtaí samplála agus meáite a ráthú. Ba cheart rialú leordhóthanach ar na hoibríochtaí sin a áirithiú leis na coinníollacha sin. Ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta na gcalafort a chomhlíonann na coinníollacha aonfhoirmeacha sin a ghlacadh. D'fhéadfadh an rud céanna a bheith i bhfeidhm freisin maidir le liostú calafort i dtríú tíortha, lena n-áirítear calafoirt arna n-ainmniú faoi chuimsiú eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh, ar choinníoll go n-áiritheofar an rialú is gá ó údaráis inniúla ábhartha an tríú tír lena mbaineann agus an comhar leo.

(35)

Nuair a thugann soitheach gabhála cúl ar an gcalafort, ba cheart go gcuirfí tús le logleabhar iascaireachta leictreonach agus ba cheart sainaitheantóir uathúil an turais iascaireachta a shannadh don turas sin. Sa logleabhar iascaireachta, sna dearbhuithe trasloingsithe agus sna dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, ba cheart tagairt a dhéanamh do shainaitheantóir uathúil sin an turais iascaireachta ar mhaithe le feabhas a chur ar an rialú agus le gurbh fhearr an bailíochtú a dhéanfadh na Ballstáit ar na sonraí agus le gurbh fhearr inrianaitheacht na dtáirgí iascaigh sa slabhra soláthair.

(36)

Chun tarchur faisnéise go dtí údaráis inniúla na mBallstát maidir le trealamh iascaireachta agus maidir le caillteanas trealaimh iascaireachta a fheabhsú agus a shimpliú, ba cheart faisnéis ar threalamh iascaireachta agus ar threalamh iascaireachta caillte a bheith sa logleabhar iascaireachta. Ba cheart don Choimisiún tiomsú faisnéise maidir le trealamh iascaireachta caillte arna soláthar ag na Ballstáit a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin ar bhonn bliantúil.

(37)

Leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/2403 rialacha maidir le soithí iascaireachta tríú tír a dhéanann oibríochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais. Faoi Airteagal 38(1) den Rialachán sin, ní mór do soitheach tríú tír atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais na rialacha rialaithe lena rialaítear oibríochtaí iascaireachta atá á ndéanamh ag soithí de chuid an Aontais sa limistéar iascaireachta ina n-oibríonn siad a chomhlíonadh. Chun athrá a sheachaint agus soiléireacht a áirithiú, ba cheart roinnt forálacha de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ina leagtar amach go sonrach rialacha maidir le soithí iascaireachta tríú tír a scriosadh.

(38)

Leis an réamhfhógra maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, is fearr a rialófar an comhlíonadh a dhéantar ar na rialacha maidir le gabhálacha a chlárú agus maidir le gníomhaíochtaí iascaigh. Chun feabhas a chur ar chomhlíonadh na rialacha maidir le gabhálacha a chlárú, ba cheart na forálacha maidir le réamhfhógraí a bheith infheidhme i gcás gach soithigh ar mó 12 mhéadar nó níos mó a fhad iomlán agus ní amháin i gcás soithí iascaireachta a dhíríonn ar stoic faoi phleananna ilbhliantúla. Ba cheart na Ballstáit chósta, áfach, a bheith in ann tréimhse níos giorra a leagan síos le haghaidh réamhfhógra do chatagóirí áirithe soithí, ar choinníoll nach gcuireann sé sin isteach ar chumas a n-údarás inniúil cigireacht a dhéanamh ar shoithí ar theacht isteach dóibh.

(39)

Ba cheart do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a thugann táirgí iascaigh i dtír i dtríú tíortha réamhfhógra a chur faoi bhráid a mBallstát brataí. Ba cheart do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a thrasloingsíonn táirgí iascaigh in uiscí tríú tír nó ar an mórmhuir údarú a fháil óna mBallstáit bhrataí. Tá na réamhfhógraí agus na húdaruithe sin riachtanach, ag cur san áireamh freagrachtaí na mBallstát i dtaca le táirgí iascaigh de thionscnamh iascaireacht NNN a chosc ar theacht isteach sna margaí idirnáisiúnta.

(40)

Forálacha maidir le sonraí gabhálacha agus iarracht iascaireachta a dhéanann na Ballstáit a thaifeadadh, ba cheart iad a leasú le sonraí atá i dtaifid ar an meá, dearbhuithe glactha freagrachta agus doiciméid iompair a chur san áireamh.

(41)

Rialacha maidir le sonraí comhiomlánaithe gabhála agus iarracht iascaireachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ba cheart iad a shimpliú trí fhoráil a dhéanamh maidir le dáta amháin i gcás gach aighneacht.

(42)

Chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí gabhála is cruinne a sholáthar don Choimisiún, ba cheart do na Ballstáit na sonraí comhiomlánaithe arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin a cheartú i gcás nach ndearna siad ach meastacháin a chur isteach roimhe sin, i gcás ina mbraitheann siad neamhréireachtaí tar éis dóibh na sonraí a bhailíochtú, nó i gcás ina mbraithfidh an Coimisiún neamhréireachtaí.

(43)

Ba cheart a shoiléiriú nach bhfuil gabhálacha speicis, stoic nó grúpa stoc atá faoi réir cuóta le comhaireamh in aghaidh an chuóta is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann ach amháin nuair a cheanglaítear sin faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(44)

Forálacha maidir le foilsiú cinnidh ag an gCoimisiún chun iascaigh a chosc i gcás ina bhfuil cuóta sroichte nó inar baineadh amach an uasiarracht iascaireachta incheadaithe, ba cheart iad a shimpliú chun gur féidir an cosc sin a fhoilsiú in am is i dtráth. Thairis sin, ba cheart na forálacha sin a chomhchuibhiú leis na forálacha maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(45)

Ba cheart forálacha maidir le hacmhainneacht iascaireachta a nuashonrú ionas go ndéanfar tagairt iontu do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(46)

Má oibríonn soithí gabhála le hinneall ar mó a chumhacht ná an chumhacht innill dheimhnithe mar atá luaite sa cheadúnas iascaireachta agus mar atá cláraithe i gclár cabhlaigh iascaireachta an Aontais, ní féidir a áirithiú go gcomhlíonfar na huasteorainneacha le haghaidh acmhainne a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Dá bhrí sin, ba cheart na forálacha maidir le fíorú chumhacht an innill a shoiléiriú. Thairis sin, tá sé tábhachtach foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht cumhacht innill soithí gabhála áirithe a rialú go héifeachtach, soithí lena mbaineann ardriosca nach gcomhlíonfar rialacha an chomhbheartais iascaigh maidir le cumhacht innill nó a oibríonn i réimsí sonracha, mar shampla trí ghléasanna a dhéanann faireachán ar chumhacht an innill ar bhonn leanúnach. Ina theannta sin, ba cheart simpliú a dhéanamh ar na forálacha maidir le tonnáiste soithí gabhála a fhíorú chun críocha rialaithe acmhainneachta.

(47)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar rialacha an chomhbheartais iascaigh, ba cheart go mbeadh ceangal ar gach Ballstát clár rialaithe náisiúnta a chur ar bun ar bhonn bliantúil nó ar bhonn ilbhliantúil, clár a chumhdóidh rialacha uile an chomhbheartais iascaigh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar rialú ar bhonn anailís ar an riosca neamhchomhlíonta.

(48)

Chun trédhearcacht maidir le rialú agus cigireacht ar iascach a áirithiú, ba cheart do gach Ballstát tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú uair sa bhliain ar a shuíomh gréasáin lena n-áirítear faisnéis íosta áirithe dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, mar shampla sonraí maidir leis na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh rialaithe agus cigireachtaí, rialaithe agus cigireachtaí a rinneadh, sáruithe a braitheadh agus a dearbhaíodh agus smachtbhannaí a forchuireadh. Gach bliain, ba cheart don Choimisiún tiomsú na faisnéise ábhartha arna tuairisciú ag na Ballstáit a fhoilsiú.

(49)

Chun soiléireacht níos fearr a sholáthar, is iomchuí an sainmhíniú ar ‘limistéar iascaireachta srianta’ a leasú. Ba cheart limistéir mhuirí shonracha arna sainiú go geografach a chumhdach leis an sainmhíniú sin laistigh d'imchuach farraige amháin nó níos mó, lena n-áirítear limistéir mhuirí faoi chosaint, ina bhfuil srian nó toirmeasc sealadach nó buan ar ghníomhaíochtaí iascaireachta áirithe nó ar ghníomhaíochtaí iascaireachta áirithe chun caomhnú acmhainní bitheolaíocha muirí nó cosaint éiceachórais mhuirí a fheabhsú faoi rialacha an chomhbheartais iascaigh, mar shampla iad siúd dá dtagraítear in Airteagail 12, 17 agus 21 de agus in Iarscríbhinn II, Cuid C d'Iarscríbhinn V go Cuid B d'Iarscríbhinn XI agus codanna C agus D d'Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241, agus i Rialachán (AE) 2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus limistéir chomhchosúla a leagtar síos i rialacha eile den chomhbheartas iascaigh. Ina theannta sin, ba cheart na rialacha maidir le rialú i limistéir iascaireachta shrianta a fheabhsú, lena n-áirítear trína cheangal go bhfoilseodh na Ballstáit liosta de na limistéir iascaireachta shrianta agus de na srianta comhfhreagracha ar a suíomhanna gréasáin oifigiúla.

(50)

Gníomhaíochtaí arb é atá i gceist leo saothrú tráchtála a dhéanamh ar acmhainní bitheolaíocha na mara gan soitheach gabhála a úsáid, tagann siad faoi raon feidhme an chomhbheartais iascaigh. D'áireofaí ar na gníomhaíochtaí sin, mar shampla, sliogéisc, iascaireacht faoi uisce, iascaireacht oighir agus iascaireacht ón gcósta, lena n-áirítear iascaireacht de chois. Dá bhrí sin, chun rialú na ngníomhaíochtaí sin ar fud an Aontais a chomhchuibhiú, ba cheart sainmhíniú ar ‘iascaireacht gan soitheach’ agus bearta sonracha rialaithe le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin a thabhairt isteach i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, agus sainiúlachtaí na n-iascach sin, lena n-áirítear sainiúlachtaí réigiúnacha, á gcur san áireamh, i gcás inar gá.

(51)

Tá ról tábhachtach ag iascach áineasa san Aontas, ó thaobh cúrsaí bitheolaíochta de, ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de agus ó thaobh cúrsaí sóisialta de. I bhfianaise na dtionchar suntasach a imríonn an t-iascach áineasa ar stoic áirithe, is gá forálacha sonracha a leagan síos a chuirfidh ar chumas gach Ballstáit iascach áineasa a rialú go héifeachtach, lena n-áirítear córas smachtbhannaí iomchuí a chur i bhfeidhm i gcás neamhchomhlíonta. Is gá sonraí gabhála iontaofa ó iascaigh áineasa áirithe a bhailiú chun an fhaisnéis is gá a sholáthar do na Ballstáit agus don Choimisiún chun bainistiú agus rialú éifeachtach a dhéanamh ar acmhainní bitheolaíocha na mara. Chun na críche sin, ba cheart córas a bheith i bhfeidhm ag Ballstát chun gabhálacha a rialú go héifeachtach in iascaigh áineasa áirithe, lena n-áirítear gníomhaíochtaí neamhthráchtála a dhéanann daoine aonair a bhfuil soithí iascaireachta acu nó gníomhaíochtaí arna n-eagrú ag eintitis tráchtála in earnálacha na turasóireachta nó na hiomaíochta spóirt.

(52)

Bunaíodh cheana féin, faoin gcomhbheartas iascaigh, roinnt beart sonrach caomhnaithe atá infheidhme maidir le hiascach áineasa, go háirithe sna rialacháin ón gComhairle lena socraítear na deiseanna iascaireachta i leith stoic éisc áirithe nó i leith grúpaí de stoic éisc. Áirítear ar na bearta caomhnaithe sonracha atá i bhfeidhm cheana cuótaí, teorainneacha gabhála, teorainneacha málaí, agus toirmisc ar iascaireacht le linn tréimhsí áirithe, i limistéir áirithe nó le trealamh áirithe. Chun speicis áirithe a chaomhnú, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le bearta eile a úsáid amach anseo seachas na bearta sin a cuireadh i bhfeidhm go dtí sin. Chun bearta caomhnaithe is infheidhme maidir le hiascaigh áineasa a fhorfheidhmiú, is gá bearta rialaithe iomchuí a bhunú.

(53)

Cé is moite den toirmeasc ar ghabhálacha ó iascaigh áineasa a mhargú nó a dhíol, ar toirmeasc é ar cheart do na Ballstáit uile é a fhorfheidhmiú, níor cheart feidhm a bheith ag rialacha maidir le rialú iascaigh áineasa ach amháin maidir le Ballstáit chósta.

(54)

Ba cheart na forálacha maidir leis an rialú sa slabhra soláthair a shoiléiriú chun go bhféadfaidh na Ballstáit rialú agus cigireachtaí a dhéanamh ag gach céim a bhaineann le margú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, ón gcéad díolachán go dtí an miondíolachán, iompar agus lónadóireacht san áireamh.

(55)

Chun rialú ar mhargú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a fheabhsú, ba cheart soiléiriú agus nuashonrú a dhéanamh ar na rialacha maidir leis na táirgí sin a chur ina luchtóga agus maidir le luchtóga a chumasc agus a roinnt.

(56)

I gcomhréir leis na ceanglais inrianaitheachta a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 931/2011 ón gCoimisiún (16) rialaithe áirithe inrianaitheachta i ndáil le hearnáil shonrach an bhia de bhunadh ainmhíoch, eadhon gur cheart d'oibreoirí taifead ar thacar áirithe faisnéise a choimeád, gur cheart é a chur ar fáil d'údaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh, agus gur cheart é a aistriú go dtí an t-oibreoir ar soláthraíodh an táirge iascaigh nó dobharshaothraithe dó. Tá inrianaitheacht tábhachtach ní hamháin chun críocha sábháilteachta bia ach chun go bhféadfar rialú a dhéanamh, chun a áirithiú go ndéanfar leas na dtomhaltóirí a chosaint, chun iascaireacht NNN a chomhrac agus chun rannchuidiú le hiomaíocht chothrom freisin.

(57)

Is iomchuí, dá bhrí sin, cur leis na rialacha atá ann cheana maidir le inrianaitheacht mar a leagtar síos in Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 931/2011. Ba cheart d'oibreoirí taifead ar thacar áirithe faisnéise maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a choimeád, é a chur ar fáil d'údaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh, agus é a aistriú go dtí an t-oibreoir ar soláthraíodh na táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe dó. I gcás táirgí iascaigh nár allmhairíodh iad, ba cheart a áireamh san fhaisnéis inrianaitheachta sin sainaitheantóir uathúil/sainaitheantóirí uathúla an turais iascaireachta ós rud é go bhfágfaidh sin go bhféadfar nasc a dhéanamh idir luchtóg áirithe táirgí iascaigh agus gabháil áirithe arna tabhairt i dtír ag soitheach de chuid an Aontais nó roinnt soithí de chuid an Aontais san aon limistéir ábhartha amháin. I gcás iascaireacht gan soitheach, ba cheart sainaitheantóir uathúil/sainaitheantóirí uathúla an lae iascaireachta a bheith san áireamh san fhaisnéis.

(58)

I gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 931/2011 ba cheart an fhaisnéis inrianaitheachta ábhartha maidir le rialú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a bheith ar fáil ón gcéad díolachán go dtí céim an mhiondíolacháin. Fágfaidh sé sin go háirithe gur faisnéis chruinn a sholáthrófar don tomhaltóir maidir le speiceas an táirge iascaigh nó dobharshaothraithe agus maidir leis an áit as ar tháinig sé.

(59)

Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha céanna a bhaineann le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe de thionscnamh an Aontais maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a allmhairítear ó thríú tíortha. I gcás táirgí allmhairithe, ba cheart a áireamh san fhaisnéis éigeantach inrianaitheachta tagairt d’uimhreacha an deimhnithe gabhála/na ndeimhnithe gabhála arna gcur isteach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (17).

(60)

Chun tarchur éifeachtach tráthúil na faisnéise inrianaitheachta maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a áirithiú, ba cheart d'oibreoirí faisnéis faoi tháirgí a thagann faoi Chaibidil 3 den Ainmníocht Chomhcheangailte, a bunaíodh le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (18), a chur ar fáil ar bhealach digiteach laistigh den slabhra soláthair agus do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh.

(61)

D'fhonn inrianaitheacht éifeachtúil a áirithiú do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a thagann faoi cheannteidil 1604 agus 1605 de Chaibidil 16 den Ainmníocht Chomhcheangailte, ba cheart don Choimisiún staidéar a dhéanamh lena n-áirítear anailís ar na réitigh nó na modhanna atá ar fáil chun inrianaitheacht éifeachtach a chumasú do na táirgí sin. Ar bhonn an staidéir sin, ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis na ceanglais inrianaitheachta do luchtóga na dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe sin.

(62)

I gcás táirgí iascaireachta a dhíoltar go díreach ó shoithí iascaireachta le tomhaltóirí deiridh, níor cheart feidhm a bheith ag rialacha a bhaineann le hinrianaitheacht, ceannaitheoirí cláraithe agus nótaí díolacháin maidir le cainníochtaí faoi bhun tairseacha áirithe. Ba cheart na tairseacha sin a chomhchuibhiú agus a bheith íseal go leor chun íoslaghdú a dhéanamh ar tháirgí iascaigh a chur ar an margadh, ar táirgí iascaigh iad nach féidir a rianú agus, dá bhrí sin, a rialú agus a d'fhéadfadh rannchuidiú le trádáil neamhdhleathach.

(63)

Chun cuspóirí an chomhbheartais iascaigh a bhaint amach, leagtar tábhacht as cuimse ar bhailiúchán cuimsitheach sonraí agus ar iontaofacht na sonraí sin. Go háirithe, ba cheart an taifead a dhéanfar ar ghabhálacha an uair a thabharfar i dtír iad a chur i gcrích ar an mbealach is iontaofa is féidir. Chun na críche sin, is gá na nósanna imeachta maidir le meá na dtáirgí iascaigh a threisiú ar thabhairt i dtír dóibh, gan ualaí díréireacha a chur ar oibreoirí.

(64)

Ba cheart an táirge a mheá ar chórais arna bhformheas ag na húdaráis inniúla agus ag na hoibreoirí ata cláraithe ag na Ballstáit chun an tasc sin a dhéanamh. Ba cheart, mar riail ghinearálta, gach táirge a mheá de réir speicis ar thabhairt i dtír dóibh chun a áirithiú go ndéanfar tuairisciú cruinn ar na gabhálacha. Thairis sin, ba cheart taifid ar an meá a choimeád ar feadh trí bliana.

(65)

Níor cheart meá samplach, meá ar bord ná meá tar éis iompair a cheadú ach amháin faoi choinníollacha dochta. Tar éis don Choimisiún pleananna samplála, pleananna rialaithe agus cláir rialaithe chomhchoiteanna a ghlacadh, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann a cheadú go ndéanfaí táirgí iascaigh a mheá i gcomhréir leis na pleananna samplála, na pleananna rialaithe nó na cláir rialaithe chomhchoiteanna sin.

(66)

Chun rialú a fheabhsú agus chun gur féidir sonraí maidir le clárú gabhálacha a bhailíochtú go pras agus chun faisnéis a mhalartú idir Ballstáit a mhalartú go pras, is gá go ndéanfaidh gach oibreoir sonraí a thaifeadadh go digiteach agus na sonraí sin a chur isteach go leictreonach go dtí na Ballstáit. Baineann sé sin go háirithe le dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, le nótaí díolacháin agus le dearbhuithe glactha freagrachta.

(67)

Toisc go bhfuil uirlisí teicneolaíochta leordhóthanacha ar fáil, ba cheart go mbeadh feidhm ag an gceanglas sonraí a thaifeadadh go digiteach agus iad a chur isteach go leictreonach, ba cheart go mbeadh feidhm aige sin maidir le gach ceannaitheoir cláraithe táirgí iascaigh.

(68)

Ba cheart tarchur na ndoiciméad iompair go dtí na Ballstáit ábhartha a shimpliú agus ba cheart é a dhéanamh sula gcuirfear tús leis an iompar chun go ndéanfadh na húdaráis inniúla rialú agus cigireachtaí orthu.

(69)

Sna dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, sna dearbhuithe glactha freagrachta agus sna doiciméid iompair, ba cheart tagairt a dhéanamh do shainaitheantóir uathúil an turais iascaireachta ar mhaithe le feabhas a chur ar rialú agus chun bailíochtú na sonraí ag na Ballstáit a fheabhsú agus chun inrianaitheacht na dtáirgí iascaigh sa slabhra soláthair a éascú. I gcás iascaireacht gan soitheach, ba cheart sainaitheantóir uathúil/sainaitheantóirí uathúla an lae iascaireachta a áireamh sna nótaí díolacháin, sna dearbhuithe glactha freagrachta agus sna doiciméid iompair agus ba cheart roinnt coigeartuithe a dhéanamh i bhforálacha eile chun aghaidh a thabhairt ar iascaireacht gan soitheach a áireamh.

(70)

Níl feidhm a thuilleadh ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 maidir le faireachán a dhéanamh ar eagraíochtaí tairgeoirí agus ar shocruithe idirghabhála agus praghsanna agus ba cheart iad a scriosadh, toisc go bhforáiltear d’fhaireachán den sórt sin le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013.

(71)

D’éascódh cigireachtaí a mbeadh baint ag oifigigh an Bhallstáit brataí agus an Bhallstáit cósta araon leo comhar agus malartú faisnéise agus saineolais. Dá bhrí sin, ba cheart an deis a bheith ag Ballstát cósta cuireadh a thabhairt d’oifigigh de chuid Ballstáit brataí páirt a ghlacadh i gcigireachtaí ar shoithí iascaireachta a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu i gcás ina bhfuil na soithí sin ag oibriú in uiscí an Stáit cósta nó ag tabhairt gabhálacha i dtír ina chalafoirt nó ag a áiteanna ina dtugtar gabhálacha i dtír.

(72)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibreoirí rialacha an chomhbheartais iascaigh, ba cheart a leagan amach i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 conas a leanfaidh oifigigh ar aghaidh i gcás sáruithe féideartha ar na rialacha sin. Ba cheart a áireamh leis sin rialacha maidir le conas sáruithe arna mbrath a láimhseáil i gcás ina bhfuil cúis ag oifigigh a chreidiúint, bunaithe ar chigireachtaí nó ar aon sonraí nó faisnéis ábhartha, go bhféadfadh sé go ndearnadh sárú ar rialacha an chomhbheartais iascaigh agus sula ndéanfaidh cúirt nó údarás inniúil cinneadh lena ndearbhófar an ndearnadh an sárú sin nó nach ndearnadh.

(73)

Chun feabhas a chur ar an measúnú riosca a dhéanann údaráis náisiúnta agus iad i mbun gníomhaíochtaí rialaithe a phleanáil agus chun feabhas a chur ar éifeachtacht na gcigireachtaí, ba cheart cur leis na ceanglais a bhaineann le clár náisiúnta maidir le sáruithe.

(74)

Ba cheart do na Ballstáit na smachtbhannaí agus na bearta eile dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 a chur i bhfeidhm ar bhealach ina n-urramaítear go hiomlán cearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart atá ag duine nach ndéanfaí é a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion céanna.

(75)

Ba cheart rialacha agus nósanna imeachta a neartú maidir le fógra a thabhairt faoi fhaisnéis ábhartha maidir le bearta arna ndéanamh agus smachtbhannaí arna bhforchur ag na Ballstáit ar náisiúnaigh de chuid Ballstát eile nó tríú tíortha nó ar shoithí iascaireachta a bhfuil bratach Ballstát eile nó tríú tíortha ar foluain acu, lena n-áirítear na rialacha agus na nósanna imeachta sin a bhaineann le pointí maidir le sárú tromchúiseach ar rialacha an chomhbheartais iascaigh a chinneadh, chun rialú agus forfheidhmiú iascaigh laistigh agus lasmuigh d’uiscí an Aontais a fheabhsú.

(76)

Chun a áirithiú go mbeidh cothrom iomaíochta agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach ann sna Ballstáit maidir leis an gcóir bhreithiúnach agus riaracháin a chuirfear orthu siúd a sháraíonn rialacha an chomhbheartais iascaigh, ba cheart forálacha lena n-aithneofar na hiompraíochtaí arb ionann iad agus sáruithe tromchúiseacha ar na rialacha sin, ba cheart na forálacha sin a shoiléiriú agus a threisiú.

(77)

Chun bacadh éifeachtach in aghaidh na n-iompraíochtaí is díobhálaí a áirithiú, i gcomhréir le ceanglais idirnáisiúnta an Aontais, is gá liosta cuimsitheach a chur i dtoll a chéile de na sáruithe a meastar a bheith tromchúiseach gan beann ar dhálaí. Ina theannta sin, tá sáruithe eile ann ar rialacha an chomhbheartais iascaigh ar cheart a mheas gur sáruithe tromchúiseacha iad i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Chun forfheidhmiú éifeachtach agus comhréireach, agus cur chuige comhchuibhithe ar fud an Aontais a áirithiú, is gá liosta uileghabhálach de chritéir a bhunú a bheidh le húsáid ag na húdaráis inniúla náisiúnta agus tromchúis na sáruithe sin á cinneadh acu.

(78)

Ba cheart sáruithe tromchúiseacha a bheith faoi réir smachtbhannaí riaracháin nó coiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(79)

I gcás inar léir nach leor ábhar aon cheann de na critéir chun sárú tromchúiseach a mheas chun forfheidhmiú éifeachtach comhréireach rialacha an chomhbheartais iascaigh ag na Ballstáit agus ar fud na mBallstát a áirithiú, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún na critéir sin a oiriúnú, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Agus an chumhacht a thugtar dó chun na critéir sin a leasú á feidhmiú aige, ba cheart don Choimisiún aird a thabhairt, go háirithe, ar chomhairle an ghrúpa saineolaithe maidir le comhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nó ar thorthaí na tuarascála arna tarraingt suas ag an gCoimisiún faoi Airteagal 118(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Níor cheart aon chritéir nua a chur le haon leasú mar sin agus níor cheart critéir a aisghairm ach amháin i gcásanna eisceachtúla ina bhfuil tásca soiléire ann go bhfuil gá leis sin chun forfheidhmiú éifeachtach agus comhréireach rialacha an chomhbheartais iascaigh ag na Ballstáit agus ar fud na mBallstát a áirithiú.

(80)

A mhéid a bhaineann le sáruithe tromchúiseacha, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do phionóis airgeadais riaracháin, gan dochar do smachtbhannaí iomchuí eile agus do bhearta tionlacain eile, agus ba cheart íosleibhéil a shocrú do na pionóis airgeadais riaracháin sin. De rogha air sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le rátaí caighdeánacha pionós airgeadais riaracháin, agus ba cheart leibhéil iomchuí do na rátaí caighdeánacha sin a shocrú. Ba cheart na híosleibhéil agus na rátaí caighdeánacha sin a bheith gan dochar do rogha na n-údarás inniúil imeacht ó na híosleibhéil sin i gcásanna aonair, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, chun imthosca sonracha aonair, airgeadais agus imthosca maolaitheacha eile an cháis a chur san áireamh, mar shampla an comhar le forfheidhmiú an dlí, aois an chiontóra nó cumas laghdaithe an chiontóra. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit freisin, de rogha air sin, foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí coiriúla éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha agus a áirithiú ag an am céanna go mbeidh éifeacht choibhéiseach ag na smachtbhannaí sin leis na pionóis airgeadais riaracháin. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar do rogha na gcúirteanna na smachtbhannaí coiriúla a chinneadh i gcásanna aonair, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus imthosca sonracha aonair, airgeadais agus imthosca maolaitheacha eile an cháis a chur san áireamh.

(81)

Chun leibhéil chomhlíonta a mhéadú agus chun an dóchúlacht go ndéanfar sáruithe tromchúiseacha a laghdú, ba cheart do na Ballstáit córas pointí a chur i bhfeidhm agus pointí a shannadh do shealbhóirí ceadúnas iascaireachta agus máistrí soithí gabhála lena mbaineann i gcás sáruithe tromchúiseacha dearbhaithe. Níor cheart pointí a shannadh i gcás sáruithe ar shoithí nach bhfuil aon náisiúntacht acu, sáruithe a bhaineann le táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a chur ar fáil ar an margadh agus gnó a dhéanamh a bhaineann go díreach le hiascaireacht NNN, ná sáruithe a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta áineasa. Níor cheart pointí a shannadh ach oiread i gcás sárú a bhaineann le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí maidir le sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta a thaifeadadh, a stóráil agus a thuairisciú go cruinn, mura bhfuil an sárú lena mbaineann infheidhme maidir le sealbhóir an cheadúnais iascaireachta nó maidir leis an máistir.

(82)

Chun éifeacht dhíspreagthach leanúnach an chórais pointí a áirithiú do shealbhóirí ceadúnais iascaireachta, ba cheart pointí arna sannadh a aistriú chuig sealbhóir nua an cheadúnais iascaireachta i gcás ina ndíoltar nó ina n-aistrítear an soitheach nó an ceadúnas iascaireachta nó ina n-athraítear úinéireacht an tsoithigh nó an cheadúnais iascaireachta ar bhealach eile tar éis dháta an tsáraithe, lena n-áirítear chuig oibreoir i mBallstát eile.

(83)

Chun cothrom iomaíochta a áirithiú do mháistrí, ba cheart an córas pointí do mháistrí a chomhchuibhiú agus a ailíniú leis an gcóras pointí do shealbhóirí ceadúnais. Dá réir sin, ba cheart do na Ballstáit bhrataí pointí a shannadh do mháistrí soithí gabhála a bhfuil a mbratach ar foluain acu i gcás ina bhfuil sárú tromchúiseach déanta acu faoi Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Ina theannta sin, ba cheart an Ballstát ar náisiúnach de an máistir a chur ar an eolas faoi na pointí a sannadh don mháistir sin agus na pointí sin a thaifeadadh, i gcás ina mbeidh na pointí sin sannta ag Ballstát eile.

(84)

D’fhonn cothrom iomaíochta agus cultúr comhlíontachta a bhaint amach ar bhealach níos fearr laistigh den Aontas agus lasmuigh de, ba cheart cosc a chur ar mháistrí, a ndearnadh a gceart chun bheith i gceannas ar shoitheach iascaireachta a chur ar fionraí nó a tharraingt siar mar thoradh ar shannadh pointí, oibriú mar mháistir ar shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais, go buan nó ar feadh thréimhse na fionraí. Ba cheart do na Ballstáit comhoibriú lena chéile chun na críche sin.

(85)

Ba cheart a áireamh ar sháruithe tromchúiseacha úsáid a bhaint as trealamh iascaireachta toirmiscthe nó modhanna iascaireachta toirmiscthe dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1241 nó in aon rialacha coibhéiseacha eile de chuid an chomhbheartais iascaigh ina bhfuil toirmisc ghinearálta chomhchosúla ar úsáid trealaimh nó modhanna iascaireachta áirithe.

(86)

D’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar rialacha an chomhbheartais iascaigh maidir le hacmhainn iascaireachta, ba cheart a mheas gur sáruithe tromchúiseacha faoi na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 iad gníomhaíochtaí áirithe lena ndéantar ionramháil ar inneall soithí, chun a gcumhacht a mhéadú, nó chun inneall cúbláilte a úsáid.

(87)

Chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a neartú agus chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir sáruithe tromchúiseacha arb é atá iontu sárú ar na rialacha maidir le corrlaigh lamháltais do logleabhair iascaireachta agus do dhearbhuithe trasloingsithe, mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, agus sáruithe tromchúiseacha eile arb é atá iontu mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta a thaifeadadh, a stóráil agus a thuairisciú go cruinn, bunaithe ar choinníollacha áirithe. Go háirithe, mura ndéantar aon ghabhálacha de speiceas atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a thaifeadadh agus a thuairisciú, ba cheart go gcáileodh sin mar mhainneachtain thromchúiseach faoin gcatagóir dheireanach sin, ag brath ar thromchúis an chiona, a bheidh le cinneadh ag údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir le himthosca gach cáis, mar shampla, i gcás inarb infheidhme, sainiúlachtaí na n-iascach lena mbaineann. Chun na críche sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chineál agus ar mhéid an iompair, lena n-áirítear na gabhálacha foriomlána, ar chainníocht, ar chineál agus ar chion na ngabhálacha neamhthuairiscithe, lena n-áirítear i bhfianaise an chorrlaigh lamháltais is infheidhme, agus ar aon tásca go bhfuil rún acu dul timpeall ar na rialacha maidir le logleabhair iascaireachta nó dearbhuithe trasloingsithe a chomhlánú.

(88)

Is iomchuí a shonrú cé na gníomhaíochtaí, a dhéanann náisiúnaigh na mBallstát agus soithí iascaireachta de chuid an Aontais a mhéid a bhaineann le gabháil nó tacaíocht a thabhairt d’iascaireacht NNN, ar cheart dóibh a bheith ina sárú tromchúiseach. Chomh maith le hiompraíocht ar sárú tromchúiseach é ar na rialacha maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta, ba cheart a mheas freisin gur sárú tromchúiseach é gnó a dhéanamh a bhaineann go díreach le hiascaireacht NNN, lena n-áirítear táirgí iascaigh a eascraíonn as iascaireacht NNN a allmhairiú nó a thrádáil, mar shampla ceannach na dtáirgí sin gan na doiciméid uile a cheanglaítear go dlíthiúil.

(89)

Foráiltear le hAirteagal 5 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 4 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine nach bhfuil ar aon duine saothar éigeantais nó éigeantach a dhéanamh. Ina theannta sin, tá na Ballstáit uile ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) Uimh. 29 maidir le hObair Éigeantais, lena gceanglaítear go bhfuil baint neamhdhleathach an tsaothair éignithe nó éigeantaigh inphionóis le bheith mar chion pionóis agus go bhfuil sé le bheith faoi réir pionóis arna bhforchur le dlí atá an-leordhóthanach agus a chuirtear i bhfeidhm go docht. Thairis sin, tá sé contrártha le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh trí shaothar éignithe a úsáid, go háirithe go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta le bainistiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí sochar sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach agus go bhfuil siad le rannchuidiú le caighdeán cóir maireachtála dóibh siúd atá ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta. Baineann sé an bonn freisin ón gcothrom iomaíochta do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a mhargaítear san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart féachaint ar ghníomhaíochtaí iascaireachta le húsáid saothair éignithe mar shárú tromchúiseach, gan dochar d’aon smachtbhannaí coiriúla ar shaothar éignithe i gcomhréir le hoibleagáidí na mBallstát faoi Choinbhinsiún EIS Uimh. 29 maidir le hObair Éigeantais.

(90)

Eintitis náisiúnta atá i gceannas ar ghníomhaíochtaí rialaithe iascaigh mar aon le gach comhlacht breithiúnach ábhartha, ba cheart go mbeadh rochtain acu sin ar chlár náisiúnta maidir le sáruithe. Ina theannta sin, maidir le gníomhaíochtaí rialaithe, cuirfear feabhas ar a n-éifeachtacht agus déanfar a gcothromaíocht a áirithiú ach malartú faisnéise atá go hiomlán trédhearcach a bheith i gcláir náisiúnta idir na Ballstáit.

(91)

Faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta, d’fhéadfadh laghdú ar chuóta an Aontais faoin gcomhaontú idirnáisiúnta sin a bheith mar thoradh ar ró-iascaireacht a dhéanann Ballstát. I gcás laghdú mar sin, ba cheart don Chomhairle, nuair a bheidh na deiseanna iascaireachta don stoc sin nó don ghrúpa stoc sin á leithdháileadh faoi Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus faoi Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, don bhliain a ndéanfar an laghdú sin ina leith agus, más gá, don bhliain dár gcionn, cuótaí na mBallstát a choigeartú sa chaoi nach mbeidh na Ballstáit sin nach ndearna ró-iascaireacht thíos leis an laghdú ar chuóta an Aontais.

(92)

Céim thábhachtach is ea bailíochtú chun a áirithiú gur iontaofa agus críochnaitheach iad na sonraí a bhaileoidh na Ballstáit de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. An tacar sonraí a bheidh le bailíochtú agus oibleagáidí na mBallstát i gcás neamhréireachtaí, ba cheart iad sin go léir a shoiléiriú.

(93)

Chun a gcuid dualgas faoi rialacha an chomhbheartais iascaigh a chomhlíonadh, ní foláir rochtain a bheith ag an gCoimisiún ar shonraí éagsúla arna mbailiú ag na Ballstáit. Ba cheart a áirithiú cé na sonraí ba cheart go mbeadh rochtain ag an gCoimisiún orthu agus cé na tascanna a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún agus é ag baint úsáide as na sonraí sin.

(94)

Ina theannta sin, is mór chun sochair na heolaíochta a rachaidh na sonraí arna mbailiú ag na Ballstáit. Ba cheart a shoiléiriú go bhféadfar rochtain a sholáthar do chomhlachtaí eolaíocha neamhspleácha a aithnítear ar an leibhéal náisiúnta, Aontais nó idirnáisiúnta ar shonraí arna mbailiú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, go háirithe maidir le sonraí suímh an tsoithigh agus maidir le sonraí faoi ghníomhaíocht iascaireachta. Sula n-aistreoidh siad na sonraí sin, ba cheart do na Ballstáit a mheas an féidir an taighde eolaíoch a dhéanamh ar bhonn sonraí a bhfuil ainm bréige nó anaithnidithe ag gabháil leo agus, más féidir, sonraí atá dí-aitheanta ar an mbealach sin a sholáthar do na comhlachtaí eolaíocha sin. Tá luach ag baint leis na sonraí maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta arna mbailiú ag na Ballstáit freisin chun staidreamh a tháirgeadh, go háirithe ag Eurostat, ar cheart dó a bheith in ann na sonraí sin a úsáid chun staidreamh maidir le hiascaigh a sholáthar.

(95)

I gcomhréir leis an Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an 19 Iúil 2012, i gcás gach gníomhaireachta, ba cheart meastóireacht arna coimisiúnú ag an gCoimisiún a dhéanamh gach cúig bliana. Ós rud é go bhfuil roinnt dúshlán iascaigh agus comhshaoil idirnasctha go mór, breithneoidh an Coimisiún, i gcomhthéacs na chéad mheastóireachta tréimhsiúla eile ar an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (‘EEA’), conas feabhas a chur ar an gcomhar agus ar chomhroinnt ábhartha sonraí idir an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach(‘an Ghníomhaireacht’) agus EEA agus an fhormáid ina bhféadfaí comhar feabhsaithe mar sin a chur ar bhonn foirmiúil, lena n-áirítear, más gá, trí aon togra reachtach ábhartha nó bearta eile a chur isteach chun na críche sin.

(96)

Ó tharla an malartú sonraí idir na Ballstáit a bheith ríthábhachtach chun oibleagáidí faoi rialacha an chomhbheartais iascaigh a rialú agus a fhorfheidhmiú, ba cheart na forálacha a bhaineann leis na malartuithe sin a shoiléiriú.

(97)

Chun go mbeidh an Coimisiún in ann na sonraí maidir le gabhálacha arna soláthar ag na Ballstáit a bhailíochtú agus chun a oibleagáidí a chomhlíonadh i gcomhthéacs comhaontuithe idirnáisiúnta, ba cheart do na Ballstáit sonraí maidir le gníomhaíocht soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu a chur ar fáil don Choimisiún trí bhíthin malartú leictreonach díreach.

(98)

D’fhéadfadh sé go mbeadh sonraí pearsanta mar chuid de thacar na sonraí arna mbailiú ag na Ballstáit ar cheart go mbeadh rochtain ag an gCoimisiún orthu, mar shampla sonraí faoi ghníomhaíocht iascaireachta, sonraí maidir le rialú, agus sonraí maidir le sáruithe. Ó tharla go bhféadfaí, le sainaitheantóir uathúil an turais iascaireachta, le hainm an tsoithigh iascaireachta nó, i gcás iascaireacht gan soitheach, sainaitheantóir uathúil an lae iascaireachta, go sainaithneofaí daoine nádúrtha mar shampla úinéir nó máistir soithigh iascaireachta ar leith, i gcúinsí áirithe d'fhéadfaí na sonraí sin a áireamh mar shonraí pearsanta.

(99)

Tá Rialacháin (AE) 2016/679 (19) agus (AE) 2018/1725 (20) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus i gcás próiseáil áirithe sonraí pearsanta, na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), infheidhme nuair a dhéantar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs Rialacháin (CE) Uimh. 1005/2008 agus (CE) Uimh. 1224/2009 agus Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), agus ba cheart a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta i gcónaí agus ar gach leibhéal.

(100)

Is gá sonraí pearsanta atá san fhaisnéis a bhailítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a phróiseáil chun a áirithiú go ndéanfar rialacha agus cuspóirí an chomhbheartais iascaigh a chur chun feidhme agus a chomhlíonadh go héifeachtach. Go háirithe, chun críche faireachán a dhéanamh ar dheiseanna iascaireachta, lena n-áirítear glacadh cuótaí, comhlíonadh beart bainistíochta agus caomhnaithe eile a áirithiú, faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, nó measúnú a dhéanamh lena gceadaítear rialú rioscabhunaithe, ní mór do na Ballstáit sonraí suímh an tsoithigh, logleabhair iascaireachta, dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, nótaí díolacháin agus sonraí eile gníomhaíochta iascaireachta a phróiseáil chun bailíochtú agus tras-seiceálacha a dhéanamh. Tá sé sin riachtanach chun a áirithiú go bhfuil na sonraí arna gcur isteach ag oibreoirí iomlán agus cruinn agus go gcomhlíonann oibreoirí rialacha an chomhbheartais iascaigh. Chun cur i bhfeidhm rialacha an chomhbheartais iascaigh a rialú agus a mheas trí fhíoruithe, cigireachtaí nó iniúchtaí agus chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí rialaithe na mBallstát, ba cheart rochtain a bheith ag an gCoimisiún nó ag an gcomhlacht arna ainmniú aige ar shonraí i dtuarascálacha na mbreathnóirí cigireachta agus rialaithe agus ar shonraí a bhaineann le sáruithe agus a bheith in ann iad a phróiseáil de bhreis ar shonraí gníomhaíochta iascaireachta. Thairis sin, i gcomhthéacs ullmhúchán agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcomhaontuithe idirnáisiúnta agus beart caomhnuithe, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann próiseáil a dhéanamh, nuair is gá, ar shonraí maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta soithí iascaireachta de chuid an Aontais laistigh d'uiscí an Aontais, lena n-áirítear sainaitheantóirí na soithí, agus ainmneacha úinéir an tsoithigh agus mháistir an tsoithigh. D’fhéadfadh próiseáil sonraí gníomhaíochta iascaireachta a bheith riachtanach freisin chun cearta iascaireachta soithí iascaireachta aonair, na mBallstát nó an Aontais a chruthú, a chosaint nó a bhunú.

(101)

Níor cheart do na Ballstáit, don Choimisiún ná don chomhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún sonraí pearsanta a stóráil go ceann tréimhse níos faide ná mar is gá chun na críocha ar chucu is gá sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaint amach. Chuige sin, ba cheart uastréimhsí coinneála le haghaidh sonraí pearsanta a phróiseáiltear faoi chuimsiú Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a bhunú.

(102)

Chun a bheith in ann na cúraimí a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a dhéanamh, ba cheart an Coimisiún, an chomhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún agus na Ballstáit a bheith in ann sonraí pearsanta atá san fhaisnéis arna mbailiú faoin Rialachán sin a choinneáil, i gcás inar gá, ar feadh tréimhse suas le 5 bliana tar éis dóibh na sonraí ábhartha a fháil. Déanann na Ballstáit sonraí a bhailíochtú sna blianta roimhe sin chun sonraí a fhíorú agus a cheartú d’fhonn sonraí iomlána cruinne a áirithiú. Déanann na Ballstáit measúnú freisin ar shonraí ó na blianta roimhe sin chun bainistiú riosca a dhéanamh. Ní mór don Choimisiún faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an chomhbheartais iascaigh ag na Ballstáit, agus chun na críche sin ní mór dó scrúdú a dhéanamh ar shonraí arna mbailiú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a bhaineann le roinnt blianta roimhe sin, mar shampla nuair a dhéantar iniúchtaí agus fíoruithe.

(103)

Mar sin féin, i gcás obair leantach i dtaca le sháruithe, cigireachtaí, fíoruithe, gearáin nó iniúchtaí, nó i gcás imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin atá ar siúl i gcónaí, ba cheart na Ballstáit agus an Coimisiún a bheith in ann sonraí áirithe a choinneáil go dtí deireadh na n-imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha lena mbaineann nó go dtí an t-am is gá chun smachtbhannaí a chur i bhfeidhm mar gheall ar an ngá atá leis na sonraí sin a úsáid le linn na tréimhse iomláine ina bhfuil na himeachtaí sin ar siúl i gcónaí agus chun smachtbhannaí a chur i bhfeidhm, mar shampla an córas pointí.

(104)

Ina theannta sin, chun a bheith in ann fianaise a sholáthar maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta soithí de chuid an Aontais, mar shampla i gcás inar gá chun a léiriú go bhfuil oibleagáidí an Aontais agus na mBallstát faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta á gcomhlíonadh nó chun tacú le héilimh ar chearta stairiúla nó ar chearta iascaireachta eile, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann taifid ar shonraí ó na gníomhaíochtaí iascaireachta a choimeád ar feadh tréimhse suas le 10 mbliana.

(105)

Tá gá le sonraí áirithe a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta roimhe seo chun críocha meastóireachtaí ar bheartais agus measúnuithe tionchair chomh maith le taighde eolaíoch agus comhairle eolaíoch, atá mar bhonn ag bainistiú gníomhaíochtaí iascaireachta agus caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara faoin gcomhbheartas iascaigh. De ghnáth bíonn peirspictíocht níos fadtéarmaí agus anailís ar shonraí thar na blianta de dhíth ar threochtaí agus ar phatrúin i bhforbairt acmhainní bitheolaíocha na muirí. Dá bhrí sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann sonraí pearsanta áirithe a choinneáil ar feadh tréimhse suas le 25 bliana chun gur féidir anailís a dhéanamh ar thionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar acmhainní bitheolaíocha na mara agus ar an gcomhshaol thar thréimhsí níos faide.

(106)

I gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/679, ní mór do rialaitheoirí bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme lena n-áirithítear cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú. Ba cheart na prionsabail maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh agus na rialacha mionsonraithe maidir le ceanglais, sonraíochtaí teicniúla, suiteáil agus feidhmiú na gcóras CFL, lena n-áirítear CCTV, á leagan síos. Go háirithe, ba cheart na córais sin a dhearadh agus a chur chun feidhme sa chaoi go n-eisiafar, a mhéid is féidir, íomhánna agus sainaithint daoine nádúrtha ar ábhar físe taifeadta a fhaightear ó chianchórais leictreonacha, agus ba cheart coimircí a sholáthar i gcás, go heisceachtúil, ina mbraitear an tsainaithint sin.

(107)

Ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar oibleagáidí na mBallstát agus an Choimisiúin i ndáil le faisnéis atá cumhdaithe ag rúndacht ghairmiúil agus tráchtála, faisnéis a bhailítear, a chuirtear ar fáil agus a tharchuirtear faoi chuimsiú Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Níor cheart an fhaisnéis sin a tharchur ach chuig daoine seachtrach ó na Ballstáit, ón gCoimisiún nó an comhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún a gceanglaíonn a bhfeidhmeanna orthu an rochtain sin a bheith acu, le toiliú an Bhallstáit nó na hinstitiúide a sholáthar an fhaisnéis. I gcás ina ndiúltaítear an toiliú sin a thabhairt, ba cheart na cúiseanna maidir leis an diúltú a sholáthar.

(108)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 tugtar cumhachtaí don Choimisiún chun cuid de na forálacha sa Rialachán sin a chur chun feidhme.

(109)

De bharr theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ní mór na cumhachtaí arna dtabhairt le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 CFAE.

(110)

An chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE, ba cheart an chumhacht sin a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a chomhlánú le rialacha sonracha lena rialaítear rialú, i ndáil leis na nithe seo a leanas:

na rialacha atá le cur i bhfeidhm i gcás ina gcliseann ar chórais leictreonacha taifeadta agus tuairiscithe, a bhaineann le faireachán soithí, logleabhar iascaireachta, réamhfhógra, agus dearbhuithe trasloingsithe agus dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír;

catagóirí áirithe soithí iascaireachta a dhíolmhú ón oibleagáid réamhfhógra agus dearbhú trasloingsithe a líonadh agus a chur isteach;

díolúin ar stoic áirithe óna oibleagáid stoic ghrinnill a stuáil faoi réir pleananna ilbhliantúla ar leithligh;

na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú córais inrianaitheachta;

na rialacha maidir le nósanna imeachta na meá agus rialacha speisialta maidir le speicis pheiligeacha bheaga;

na rialacha maidir le breathnóirí rialaithe;

na rialacha maidir le cigireachtaí d’údaráis agus d’oibreoirí inniúla na mBallstát;

an obair leantach ar an gceadúnas iascaireachta a chur ar fionraí nó a tharraingt siar agus na coinníollacha lena dtugtar údar le pointí a scriosadh;

na híoscheanglais maidir le cláir náisiúnta um rialú, tuarascálacha bliantúla ar rialú agus cigireachtaí agus tagarmharcanna a leagadh síos;

sprioc-am a leagan amach do Bhallstáit chun a léiriú gur féidir na stoic a shaothrú gan bhaol;

cuótaí a asbhaint ar an ábhar nár comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh.

Chomh maith leis sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an liosta critéar a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a leasú.

Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (23). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(111)

Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú le haghaidh cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas:

ceadúnais iascaireachta agus údaruithe iascaireachta;

marcáil agus sainaithint soithí, trealaimh agus árthaí iascaireachta;

ceanglais theicniúla agus tréithe na gcóras um fhaireachán soithí;

an corrlach lamháltais;

fachtóirí coinbhéartachta chun meáchan éisc stóráilte nó phróiseáilte a choinbhéartú ina mheáchan éisc bheo;

inneachar shonraí suímh an tsoithigh agus an t-inneachar agus an fhormaid, rialacha a bhaineann le logleabhair iascaireachta a chomhlánú, a thaifeadadh go digiteach agus a tharchur, dearbhuithe trasloingsithe, agus dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír;

ceanglais agus sonraíochtaí teicniúla do chórais CFL, lena n-áirítear CCTV, ranna cabhlaigh a chinneadh agus sonraí ó na córais sin a láimhseáil;

formaid maidir le sonraí cláraithe gabhálacha agus iarracht iascaireachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin;

leigheasanna i gcás dochar a bheith déanta do Bhallstát;

cumhacht innill agus tonnáiste soithí gabhála a fhíorú, agus cineál, líon, agus saintréithe an trealaimh iascaireachta a fhíorú;

ceanglais theicniúla agus tréithe maidir le córais chun faireachán leanúnach a dhéanamh ar chumhacht innill;

cumhacht innill a dheimhniú;

rialacha maidir le dearbhuithe gabhála le haghaidh iascaireacht gan soitheach;

i gcás iascaigh áineasa, liosta na speiceas, na stoc nó na ngrúpaí stoc a bhfuil feidhm ag rialacha maidir le clárú, taifeadadh agus tuairisciú ina leith, sonraí gabhála a chur isteach agus trealamh iascaireachta a mharcáil;

pleananna samplála, pleananna rialaithe agus cláir chomhchoiteanna rialaithe le haghaidh meá;

nósanna imeachta na meá, taifid na meá agus meáchórais;

rialacha mionsonraithe a bhaineann le dearbhuithe glactha freagrachta agus doiciméid iompair;

tuarascálacha faireachais agus tuarascálacha cigireachta;

oibriú an bhunachair sonraí le haghaidh tuarascálacha cigireachta agus faireachais;

cainníochtaí a shocrú i gcoinne cuótaí i gcás bearta ceartaitheacha;

an córas pointí a oibriú do shealbhóirí ceadúnais iascaireachta agus máistrí;

cláir shainiúil rialaithe agus cigireachta;

rochtain ar shonraí agus sonraí a mhalartú;

tuairisciú ag na Ballstáit; agus

cúnamh frithpháirteach.

Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24).

(112)

De bharr theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ní mór roinnt forálacha lena dtugtar cumhachtaí cinnteoireachta don Chomhairle amháin a oiriúnú lena gcur i gcomhréir leis na nósanna imeachta nua is infheidhme maidir leis an gcomhbheartas iascaigh. Dá bhrí sin ba cheart na forálacha de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a athdhréachtú maidir leis na gnéithe seo a leanas: tairsí gabhálacha a ghlacadh i ngach plean ilbhliantúil nach mór calafort ainmnithe nó áit ina dtugtar gabhálacha i dtír a úsáid má théitear os a cionn agus a mhinice a tharchuirtear sonraí; agus scéim breathnóirí rialaithe a bhunú.

(113)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a leasú dá réir sin.

(114)

Ar mhaithe le comhsheasmhacht a áirithiú le raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, ba cheart cuspóirí Rialachán (AE) 2019/473 a mhéadú. Ba cheart go gcumhdófaí le misean na Gníomhaireachta comhchuibhiú maidir le cur i bhfeidhm rialacha an chomhbheartais iascaigh. Ba cheart go gcuimseofaí leis taighde agus forbairt i réimse na dteicnící rialaithe agus cigireachta, lena n-áirítear, i gcomhar leis na Ballstáit, scéimeanna píolótacha a fhorbairt, agus cúnamh a chur ar fáil don Choimisiún i réimsí sonracha.

(115)

Ba cheart a áirithiú go gcomhlíonann an Ghníomhaireacht sa chreat a bhaineann le próiseáil agus malartú sonraí na hoibleagáidí maidir le sonraí pearsanta mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1725.

(116)

Ba cheart go mbeadh an deis ag Bord Riaracháin na Gníomhaireachta cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó institiúidí ábhartha an Aontais páirt a ghlacadh ina chruinnithe.

(117)

Ba cheart forálacha de Rialachán (AE) 2019/473 maidir le comhdhéanamh Bhord Riaracháin na Gníomhaireachta a leasú chun foráil a dhéanamh i ndáil le hionadaí amháin ó Pharlaimint na hEorpa a áireamh, i gcomhréir leis an gCur Chuige Coiteann atá i gceangal leis an Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 19 Iúil 2012 maidir le gníomhaireachtaí díláraithe. Ba cheart go mbeadh an cuimsiú sin gan dochar do ról Pharlaimint na hEorpa maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta. Ba cheart comhaltaí uile an Bhoird Riaracháin a cheapadh ar bhonn a dtaithí ábhartha agus a saineolais i réimse an rialaithe agus na cigireachta iascaigh, agus níor cheart go mbeadh aon choinbhleacht leasa dhíreach nó indíreach acu a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas. Níor cheart go mbeadh ceart vótála ach ag ionadaithe na mBallstát agus ag an gCoimisiún.

(118)

Ba cheart don Ghníomhaireacht rannchuidiú le cur chun feidhme an Bheartais Muirí Comhtháite don Aontas Eorpach. Chun na críche sin, ba cheart an Ghníomhaireacht a bheith in ann comhaontuithe riaracháin a thabhairt i gcrích le comhlachtaí eile an Aontais a bhfuil baint acu freisin le cur chun feidhme an bheartais sin.

(119)

Ba cheart a shoiléiriú go bhfuil an dréacht-dhoiciméad clársceidealaithe aonair arna ullmhú ag Stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta le cur faoi bhráid an Bhoird Riaracháin.

(120)

Chun críoch clársceidealú comhsheasmhach a áirithiú agus chun Rialachán (AE) 2019/473 a ailíniú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún (25), ba cheart don Ghníomhaireacht doiciméad clársceidealaithe aonair a tharraingt suas ina mbeidh an clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil ann.

(121)

Ba cheart a shoiléiriú gur cheart a cheadú don Ghníomhaireacht maoiniú a ghlacadh i bhfoirm comhaontuithe tarmligin nó deontais ad-hoc gan dochar do chineálacha eile ioncaim.

(122)

Ba cheart na forálacha maidir leis an meastóireacht thréimhsiúil a dhéantar ar an nGníomhaireacht ag an gCoimisiún a shoiléiriú agus a ailíniú leis an gcur chuige Coiteann atá i gceangal leis an Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 19 Iúil 2012 maidir le gníomhaireachtaí díláraithe. Ba cheart do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht an fhaisnéis is gá a sholáthar don Choimisiún chun an mheastóireacht sin a chur ar fáil. Chun críocha na meastóireachta sin, ba cheart don Choimisiún ionchur a lorg ó na geallsealbhóirí ábhartha uile freisin. Agus téarmaí tagartha na meastóireachta á mbunú aige, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le Bord Riaracháin na Gníomhaireachta.

(123)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/473 a leasú dá réir sin.

(124)

Chun comhsheasmhacht idir forálacha rialaithe a áirithiú, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle (26) agus Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) a leasú. Ba cheart, go háirithe, na forálacha a bhaineann le hiascach áineasa a rialú, an trasloingsiú agus clárú gabhálacha a thaifeadadh agus a thuairisciú mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 agus na forálacha a bhaineann le logleabhair iascaireachta mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/1139 é a scriosadh agus ba cheart go mbeidh feidhm le forálacha ábhartha i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ina n-ionad. Thairis sin, ba cheart na forálacha a bhaineann leis an gcorrlach lamháltais i meastacháin arna dtaifeadadh sa logleabhar iascaireachta mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/1139 a leasú.

(125)

Tá an scéim deimhniúcháin gabhála, mar a leagtar amach i gCaibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, páipéarbhunaithe agus de thoradh níl sí éifeachtach agus níl sí i gcomhréir le córas inrianaitheachta digitithe le haghaidh táirgí iascaigh. I gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta agus chun cur chun feidhme éifeachtach na scéime a áirithiú, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 a leasú chun bunachar a bhunú chun deimhnithe gabhála a bhainistiú (CATCH) agus doiciméid ghaolmhara bunaithe ar an gCóras TRACES dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), lena gceadófaí rialaithe rioscabhunaithe, i dtreo is go laghdófaí ar na deiseanna allmhairí a thabhairt isteach go calaoiseach agus go laghdófaí ar an ualach riaracháin do na Ballstáit.

(126)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, le go gceadófaí, go háirithe, bainistiú comhtháite, ionramháil, stóráil agus malartú faisnéise agus doiciméad a bhaineann le seiceálacha, fíoruithe, rialú agus gníomhaíochtaí oifigiúla ábhartha eile a bhaineann le hallmhairiú agus onnmhairiú táirgí iascaigh dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le feidhmiú agus forbairt CATCH, bunaithe ar an gCóras TRACES.

(127)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 a fhorlíonadh trí na coinníollacha maidir le haon díolúine i ndáil le cur chun feidhme CATCH.

(128)

Chun inrianaitheacht táirgí iascaigh atá dírithe ar mhargadh an Aontais a mhéadú, ba cheart ceanglais shonracha maidir le coinsíneachtaí atá roinnte a thabhairt isteach faoin scéim deimhniúcháin gabhála. Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 a fhorlíonadh trí theimpléad de dhoiciméad a fhorbairt chun rialú de na ceanglais sin a chomhchuibhiú.

(129)

Chun na bearta i gcoinne tríú tíortha neamh-chomhoibríocha a neartú maidir le hiascaireacht NNN a chomhrac, ba cheart toirmeasc a chur oibreoirí an Aontais ar úinéireacht, lena n-áirítear mar úinéir tairbhiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) ar oibriú ar bhainistiú soithí iascaireachta a bhfuil bratach na dtríú tíortha sin ar foluain acu a oibriú nó a bhainistiú. Ina theannta sin, ba cheart toirmeasc a chur ar rochtain ar sheirbhísí calafoirt agus gabhálacha a thabhairt i dtír nó oibríochtaí trasloingsithe i gcalafoirt an Aontais ag soithí iascaireachta a bhfuil bratach na dtríú tíortha sin ar foluain acu.

(130)

Chun comhsheasmhacht a áirithiú i measc ionstraimí dlí an Aontais lena rialaítear rialú ar iascach, ba cheart forálacha maidir le sáruithe tromchúiseacha, bearta forfheidhmiúcháin láithreacha, smachtbhannaí agus smachtbhannaí coimhdeacha mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 a scriosadh agus i gcás inar gá, iad a aistriú go Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, arb é an phríomhionstraim dlí i réimse an rialaithe iascaigh. Ba cheart, dá bhrí sin, tagairt a dhéanamh i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 d’fhorálacha maidir le sáruithe tromchúiseacha, bearta forfheidhmiúcháin láithreacha, smachtbhannaí agus smachtbhannaí coimhdeacha a luaitear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

(131)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 a leasú dá réir sin.

(132)

Ós rud é go leagtar síos rialacha maidir le trasloingsiú lasmuigh den Aontas i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, tá Caibidil VI de Theideal II de Rialachán (AE) 2017/2403, lena leagtar síos rialacha maidir le trasloingsiú ar an mórmhuir agus faoi údarú díreach, iomarcach anois agus ba cheart í a scriosadh. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/2403 a leasú dá réir sin.

(133)

Maidir leis na leasuithe a thugtar isteach leis an Rialachán sin, tá raon ó mhionleasuithe go mórathruithe i gceist agus tá gá le tréimhsí éagsúla chun ullmhú do chur i bhfeidhm na rialacha nua. Dá bhrí sin, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir dátaí chur i bhfeidhm na leasuithe sin agus ba cheart iad a bheith leordhóthanach chun ullmhú do chur i bhfeidhm na rialacha sin. Thairis sin, ba cheart forálacha idirthréimhseacha áirithe a bhfuil gá leo chun aistriú rianúil chuig na rialacha nua a áirithiú a thabhairt isteach.

(134)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an 18 Iúil 2018,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

‘Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), agus in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán sin. Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22)."

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).’;"

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘1a.

ciallaíonn ‘oibríocht iascaireachta’ aon ghníomhaíocht a dhéantar i dtaca le cuardach éisc, le lámhach, le tarraingt agus tarlú trealaimh ghníomhaigh, le socrú, maothú, baint nó athshocrú trealaimh éighníomhaigh agus le haon ghabháil a bhaint as an trealamh agus as na rí-eangacha nó as an gcaighean iompair agus a aistriú chuig caighin ramhraithe agus feirmeoireachta;’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

‘2.

ciallaíonn ‘rialacha an chomhbheartais iascaigh’ gníomhartha an Aontais Eorpaigh atá ceangailteach de réir an dlí, agus oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme de chuid an Aontais a bhaineann le hacmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú, a bhainistiú agus a shaothrú, maidir le dobharshaothrú agus maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a phróiseáil, a iompar agus a mhargú;’;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointí 5, 6 agus 7:

‘5.

ciallaíonn ‘faireachas’ breathnóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta ar bhonn amharc a dhéanann soithí cigireachta, aerárthaí oifigiúla, córais aerárthaí cianrialaithe oifigiúla (RPAS), feithiclí nó modhanna eile lena n-áirítear brath teicniúil agus modhanna sainaitheanta teicniúla;

6.

ciallaíonn ‘oifigeach’ aon duine atá údaraithe ag údarás inniúil i mBallstát, ag an gCoimisiún nó ag an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA), a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), chun rialú nó cigireachtaí a dhéanamh;

7.

ciallaíonn ‘cigire de chuid an Aontais’ oifigeach ó Bhallstát, ón gCoimisiún nó ó EFCA, a bhfuil a ainm/ a hainm ar an liosta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 79;

(*3)  Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (IO L 83, 25.3.2019, lch. 18).’;"

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 9 agus 10:

‘9.

ciallaíonn ‘ceadúnas iascaireachta’ doiciméad oifigiúil lena mbronntar an ceart ar a shealbhóir, de réir mar atá cinntithe ag rialacha náisiúnta, acmhainneacht iascaireachta áirithe a úsáid chun acmhainní bitheolaíocha na mara a shaothrú ar bhonn tráchtála;

10.

ciallaíonn ‘údarú iascaireachta’ údarú a eisítear i ndáil le soitheach iascaireachta de chuid an Aontais, i gcás inarb ábhartha i dteannta a cheadúnas iascaireachta, a thugann teidlíocht dó gníomhaíochtaí sonracha iascaireachta a dhéanamh le linn tréimhse shonraithe, i limistéar ar leith le haghaidh iascach ar leith faoi choinníollacha sonracha;’;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12:

‘12.

ciallaíonn ‘sonraí suímh an tsoithigh’ sonraí maidir le sainaithint soithigh iascaireachta, suíomh geografach, dáta, am, cúrsa agus luas a tharchuirtear, le gléasanna um fhaireachán soithí suiteáilte ar bord soithí iascaireachta, chuig lárionad faireacháin iascaigh an Bhallstáit brataí;’;

(g)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 14 agus 15:

‘14.

ciallaíonn ‘limistéar iascaireachta srianta’ limistéar muirí sonrach atá sainithe go geografach laistigh d’imchuach farraige amháin nó níos mó ina bhfuil srian nó toirmeasc sealadach nó buan ar na gníomhaíochtaí iascaireachta uile nó gníomhaíochtaí iascaireachta áirithe chun caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara nó cosaint éiceachórais na mara a fheabhsú faoi rialacha an chomhbheartais iascaigh;

15.

ciallaíonn ‘lárionad faireacháin iascaigh’ lárionad oibríochta a bhunaigh Ballstát brataí agus atá feistithe le crua-earraí agus bogearraí ríomhaire lenar féidir sonraí a ghlacadh agus a phróiseáil, a anailísiú, a rialú agus faireachán a dhéanamh orthu go huathoibríoch agus lenar féidir sonraí a tharchur go leictreonach;’;

(h)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘15a.

ciallaíonn ‘áit ina dtugtar gabhálacha i dtír’ suíomh, seachas calafort muirí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (16), de Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), a aithníonn Ballstát go hoifigiúil chun gabhálacha a thabhairt i dtír;

(*4)  Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (IO L 57, 3.3.2017, lch. 1).’;"

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 20, 21 agus 22:

‘20.

ciallaíonn ‘luchtóg’ baiste aonad táirgí iascaireachta nó dobharshaothraithe;

21.

ciallaíonn ‘próiseáil’ an próiseas lenar ullmhaíodh an cur i láthair. Áirítear leis iasc a ghearradh, a fhilléadú, a phacáil, a stánú, a reo, a dheatú, a shailleadh, a chócaireáil, a phicilt, a thriomú nó a ullmhú don mhargadh ar aon bhealach eile;

22.

ciallaíonn ‘tabhairt i dtír’ aon chainníocht táirgí iascaigh atá ar bord soithigh iascaireachta a dhíluchtú ar tír den chéad uair;’;

(j)

scriostar pointe 23;

(k)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 24:

‘24.

ciallaíonn ‘plean ilbhliantúil’ plean dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nó beart eile de chuid an Aontais arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 43(2) CFAE lena ndéantar foráil maidir le bainistíocht shonrach nó téarnamh ar stoic éisc áirithe agus a chumhdaíonn tréimhse dar fad breis agus bliain amháin;’;

(l)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 28:

‘28.

ciallaíonn ‘iascach áineasa’ gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear acmhainní bitheolaíocha na mara chun críocha áineasa, turasóireachta nó spóirt.’;

(m)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 31:

‘31.

ciallaíonn ‘soitheach iascaireachta’ soitheach gabhála nó aon soitheach eile a úsáidtear chun acmhainní bitheolaíocha na mara a shaothrú ar bhonn tráchtála, lena n-áirítear soithí tacaíochta, soithí próiseála éisc, soithí a ghabhann don trasloingsiú, soithí tarraingthe, soithí coimhdeachta agus soithí iompair a úsáidtear chun táirgí iascaigh a iompar, ach lena n-eisítear soithí coimeádán agus soithí a úsáidtear go heisiach le haghaidh dobharshaothraithe; ‘;

(n)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘33.

ciallaíonn ‘soitheach gabhála’ soitheach atá feistithe nó a úsáidtear chun acmhainní bitheolaíocha na mara a ghabháil chun críocha tráchtála;

34.

ciallaíonn ‘sciorradh’ an cleachtas nuair a scaoiltear saor le héisc d’aon ghnó ó threalamh iascaireachta sula ndéantar an trealamh sin a thabhairt ar ais ar bord an tsoithigh gabhála;

35.

ciallaíonn ‘turas iascaireachta’ aon turas a dhéanann soitheach gabhála, turas a thosaíonn ag an nóiméad a fhágann an soitheach calafort agus a chríochnaíonn ar theacht isteach sa chalafort dó;

36.

ciallaíonn ‘sainaitheantóir uathúil an turais iascaireachta’ an uimhir shonrach a ghineann an logleabhar iascaireachta leictreonach le haghaidh gach turais iascaireachta;

37.

ciallaíonn ‘speiceas íogair’ speiceas íogair mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (8), de Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5);

38.

ciallaíonn ‘iascaireacht gan soitheach’ gníomhaíocht chun acmhainní bitheolaíocha na mara a shaothrú ar bhonn tráchtála i gcás ina ndéantar na hacmhainní sin a ghabháil nó a mharú gan soitheach gabhála a úsáid, mar shampla sliogéisc a bhailiú, iascaireacht faoi uisce, iascaireacht oighir agus iascaireacht ón gcladach, lena n-áirítear iascaireacht de chois;

39.

ciallaíonn ‘sainaitheantóir uathúil an lae iascaireachta’ an uimhir shonrach a ghintear le haghaidh aon tréimhse leanúnach 24 uair an chloig nó cuid di ar lena linn a dhéantar iascaireacht gan soitheach.

(*5)  Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus le héiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105.).’."

(2)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

i mír 5, cuirtear na focail ‘EFCA’ in ionad na bhfocal ‘an Ghníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach arna bunú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 768/2005’;

(b)

scriostar mír 6.

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6 agus Airteagal 7:

‘Airteagal 6

Ceadúnas iascaireachta

1.   Ní cheadaítear soitheach gabhála de chuid an Aontais a úsáid chun acmhainní bitheolaíocha na mara a shaothrú ar bhonn tráchtála ach amháin má tá ceadúnas iascaireachta bailí ag gabháil leis.

2.   Áiritheoidh an Ballstát brataí go gcomhlíonfaidh an ceadúnas iascaireachta na híoscheanglais faisnéise a bhaineann le sainaithint, saintréithe teicniúla agus feistiú soithigh gabhála agus go bhfuil an fhaisnéis atá sa cheadúnas iascaireachta cruinn agus comhsheasmhach lena bhfuil i gclár chabhlach iascaireachta an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 24(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

3.   Tarraingeoidh an Ballstát brataí ceadúnas iascaireachta soithigh gabhála siar go buan má tá sé faoi réir ag beart coigeartaithe acmhainneachta iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le bailíocht na gceadúnas iascaireachta arna n-eisiúint ag na Ballstáit brataí agus maidir leis na híoscheanglais faisnéise a bhaineann le sainaithint, saintréithe teicniúla agus feistiú soithigh gabhála atá cuimsithe iontu. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

Airteagal 7

Údarú iascaireachta le haghaidh soithí gabhála de chuid an Aontais

1.   Ní údarófar soitheach gabhála de chuid an Aontais gníomhaíochtaí sonracha iascaireachta a dhéanamh ach amháin sa mhéid go bhfuil siad luaite in údarú iascaireachta bailí, i gcás ina bhfuil na hiascaigh nó na limistéir iascaireachta ina bhfuil na gníomhaíochtaí iascaireachta údaraithe, nó an soitheach, faoi réir an méid seo a leanas:

(a)

córas iarrachta iascaireachta;

(b)

pleananna ilbhliantúla;

(c)

limistéir iascaireachta shrianta;

(d)

iascaireacht chun críocha eolaíochta;

(e)

an oibleagáid córas cianfhaireacháin leictreonaigh (CFL) a úsáid, lena n-áirítear CCTV; nó

(f)

cásanna eile atá leagtha síos i reachtaíocht an Aontais.

2.   I gcás ina bhfuil scéim shonrach náisiúnta um údarú iascaireachta ag Ballstát le haghaidh soithí gabhála a mbíonn bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu, cuirfidh sé chuig an gCoimisiún, arna iarraidh sin dó, achoimre ar an bhfaisnéis atá cuimsithe san údarú iascaireachta sin a eisíodh mar aon leis na sonraí comhiomlánaithe gaolmhara maidir leis an iarracht iascaireachta.

3.   I gcás ina bhfuil forálacha náisiúnta glactha ag an mBallstát brataí i bhfoirm scéim náisiúnta um údarú iascaireachta chun na deiseanna iascaireachta atá ar fáil dó a leithdháileadh ar shoithí gabhála aonair, cuirfidh sé chuig an gCoimisiún, arna iarraidh sin dó, faisnéis faoi na soithí gabhála atá údaraithe chun gabháil do ghníomhaíocht iascaireachta in iascach ar leith, go háirithe faisnéis a bhaineann leis na huimhreacha aitheantais seachtracha, ainmneacha na soithí gabhála lena mbaineann agus na deiseanna iascaireachta aonair a leithdháileadh orthu.

4.   Ní eiseofar údarú iascaireachta do shoitheach gabhála mura bhfuil ceadúnas iascaireachta ag an soitheach sin a fuarthas i gcomhréir le hAirteagal 6 nó má cuireadh a cheadúnas iascaireachta ar fionraí nó má tarraingíodh siar é. Tarraingeofar údarú iascaireachta le haghaidh soitheach gabhála go huathoibríoch i gcás inar tarraingíodh siar go buan an ceadúnas iascaireachta a chomhfhreagraíonn don soitheach sin. Cuirfear ar fionraí go sealadach é i gcás inar cuireadh an ceadúnas iascaireachta ar fionraí go sealadach.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na húdaruithe iascaireachta arna n-eisiúint ag an mBallstát brataí, lena n-áirítear coinníollacha maidir le bailíocht an údaraithe iascaireachta agus an fhaisnéis íosta atá le bheith ann, chomh maith le coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí ó chórais CFL. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

6.   Gan dochar d’oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, féadfaidh Ballstát soithí gabhála de chuid an Aontais ar lú ná 10 mhéadar a bhfad iomlán a dhíolmhú ón oibleagáid údarú iascaireachta a bheith acu má dhéanann siad gníomhaíochtaí iascaireachta go heisiach i limistéar amháin nó sa dá limistéar seo a leanas:

(a)

ina huiscí críochacha;

(b)

in uiscí teorann de Bhallstát eile a rinne soithí a raibh a bhratach ar foluain acu agus atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta san iascach céanna a dhíolmhú ón oibleagáid údarú iascaireachta a bheith acu.

Aon Bhallstát a chinnfidh an eisceacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile lena mbaineann ar an eolas faoi sin laistigh de 10 lá oibre óna chinneadh.’.

(4)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 7a

Údarú iascaireachta le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais seachas soithí gabhála

1.   Ní fhéadfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais nach soithí gabhála iad gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh ach amháin má tá siad údaraithe ag a mBallstát brataí.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le bailíocht na n-údaruithe iascaireachta le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais dá tagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus maidir leis an bhfaisnéis íosta atá le cuimsiú iontu. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).’.

(5)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Airteagal 8:

‘Marcáil agus aitheantas ar shoithí agus ar threalamh iascaireachta de chuid an Aontais’ ;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le:

(a)

marcáil agus aitheantas ar shoithí;

(b)

doiciméid aitheantais soitheach atá le hiompar ar bord;

(c)

marcáil agus aitheantas ar árthaí agus ar ghléasanna comhiomlánaithe iascaireachta;

(d)

marcáil agus aitheantas ar threalamh iascaireachta;

(e)

lipéid chun trealamh iascaireachta a mharcáil;

(f)

baoithe a mharcáil agus cordaí a shocrú;

(g)

nósanna imeachta um fhógra a thabhairt agus an trealamh iascaireachta a bhfuil a ré caite a thabhairt thar n-ais chuig an gcalafort.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).’.

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

Córas um fhaireachán soithí

1.   Oibreoidh na Ballstáit córais um fhaireachán soithí chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar shuíomh agus ar ghluaiseacht soithí iascaireachta a mbíonn bratach na mBallstát sin ar foluain acu pé áit a mbíonn siad, chomh maith le soithí iascaireachta ina n-uiscí. Baileoidh gach Ballstát brataí agus déanfaidh siad anailís ar shonraí suímh an tsoithigh agus áiritheoidh siad go ndéanfar faireachán air ar bhonn leanúnach agus córasach.

2.   Déanfar a shuiteáil ar bord gach soitheach iascaireachta de chuid an Aontais gléas um fhaireacháin lánfheidhmiúil an tsoithigh lenar féidir le córas um fhaireachán soithí an soitheach sin a aimsiú agus a shainaithint go huathoibríoch trí shonraí suímh an tsoithigh a tharchur go tráthrialta.

Cuirfidh na córais um fhaireachán soithí ar chumas an lárionaid faireacháin iascaigh de chuid an Bhallstáit bhrataí dá dtagraítear in Airteagal 9a faireachán a dhéanamh ar soitheach iascaireachta i ngach tráth. Cuirfear tarchur shonraí suímh an tsoithigh agus an fhaireacháin trí nasc satailíte nó, i gcás inar féidir, líonra móibíleach talamh-bhunaithe nó teicneolaíocht choibhéiseach eile.

3.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh soitheach iascaireachta de chuid an Aontais ar lú ná 12 mhéadar a fhad iomlán gléas a iompar ar bord nach gá a shuiteáil ar bord agus a fhágann gur féidir an soitheach a aimsiú agus a shainaithint go huathoibríoch agus é ar muir trí shonraí suímh an tsoithigh a thaifeadadh agus a tharchur go tráthrialta trí nasc satailíte nó trí aon líonra eile.

Chun an mhír sin a chur i bhfeidhm, cuirfidh na Ballstáit córas malartach um fhaireachán soithí ar fáil. Féadfar an córas sin a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais. Má iarrann Ballstát amháin nó níos mó é faoin 10 Bealtaine 2024, forbróidh an Coimisiún córas um fhaireachán soithí do shoithí ar lú ná 12 mhéadar a bhfad iomlán. Cuirfidh an Ballstát iarrthach an córas chun feidhme mar a d’fhorbair an Coimisiún é. Leis an gcóras um fhaireachán soithí, beidh lárionad faireacháin iascaigh an Bhallstáit brataí dá dtagraítear in Airteagal 9a in ann faireachán a dhéanamh ar staid an tsoithigh iascaireachta trí nasc satailíte nó, i gcás inar féidir, aon nasc eile. I gcás nach mbeidh teacht ag an ngléas dá dtagraítear sa mhír seo ar líonra, taifeadfar sonraí suímh an tsoithigh le linn na tréimhse ama sin agus déanfar iad a tharchur go huathoibríoch chomh luath agus a gheobhaidh an soitheach teacht ar líonra den sórt sin. Athbhunófar nasc leis an líonra ar a dhéanaí roimh dhul isteach i gcalafort nó in áit ina dtugtar gabhálacha i dtír.

4.   Gan dochar do na hoibleagáidí faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, féadfaidh Ballstát soithí iascaireachta, ar lú ná 9 méadar a bhfad iomlán agus a bhfuil a mbratach ar foluain acu, a dhíolmhú go dtí an 31 Nollaig 2029 ón gceanglas córas um fhaireachán soithí a bheith feistithe orthu má bhíonn na soithí sin:

(a)

ag oibriú go heisiach:

(i)

in uiscí atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse an Bhallstáit sin suas le sé mhuirmhíle ó na bonnlínte óna dtomhaistear leithead na farraige teorann agus nach n-úsáidtear ach trealamh éighníomhach astu; nó

(ii)

in uiscí atá ar thaobh na talún de bhunlínte an Bhallstáit sin;

(b)

nach gcaithfidh siad níos mó ná 24 uair an chloig ar muir ón am a n-imeoidh siad ón gcalafort go dtí go bhfillfidh siad ar an gcalafort; agus

(c)

nach mbeidh siad faoi réir na srianta is infheidhme in aon limistéar iascaireachta srianta ina n-oibríonn siad.

5.   Nuair a bhíonn soitheach iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí de Bhallstát eile, cuirfidh an Ballstát brataí sin sonraí suímh an tsoithigh sin ar fáil trí tharchur uathoibríoch na sonraí a fuarthas chuig lárionad faireacháin iascaigh an Bhallstáit chósta.

6.   Má théann soitheach iascaireachta de chuid an Aontais i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí de thríú tír nó in uiscí ina ndéanann eagraíocht bainistithe iascaigh réigiúnaigh, dá dtagraítear in Airteagal 3(1), na hacmhainní iascaireachta a bhainistiú, agus más foráil de chuid an chomhaontaithe leis an tríú tír sin nó de chuid rialacha is infheidhme na heagraíochta sin, déanfar sonraí suímh an tsoithigh a chur ar fáil freisin don tír nó don eagraíocht sin.

7.   Gan dochar do Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6), déanfar a shuiteáil ar bord na soithí iascaireachta uile tríú tíortha a údaraítear dóibh gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí an Aontais gléas lánfheidhmiúil lenar féidir le córas um fhaireachán soithigh an soithí sin a aimsiú agus a shainaithint go huathoibríoch ag córas um fhaireachán soithigh trí shonraí suímh an tsoithigh a tharchur go tráthrialta ar an dóigh chéanna le soitheach iascaireachta de chuid an Aontais faoin Airteagal seo.

8.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

formáid agus ábhar shonraí suímh an tsoithigh;

(b)

íoscheanglais agus íos-sonraíochtaí teicniúla na ngléasanna um fhaireachán soithí;

(c)

cé chomh minic agus a dhéantar sonraí maidir le suíomh agus gluaiseacht soithí iascaireachta, lena n-áirítear i limistéir iascaireachta shrianta, a tharchur;

(d)

tarchur na sonraí chuig Ballstáit chósta;

(e)

na cúraimí a bheidh ar mháistrí soithí iascaireachta maidir le hoibriú gléasanna faireacháin soithigh.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

(*6)  Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).’."

(7)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 9a

Lárionaid faireacháin iascaigh

1.   Déanfaidh na Ballstáit lárionaid faireacháin iascaigh a bhunú agus a oibriú ina ndéanfar faireachán ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus ar iarracht iascaireachta. Déanfaidh lárionad faireacháin iascaigh gach Ballstáit faireachán ar na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu, is cuma cé na huiscí ina mbíonn siad ag oibriú nó ar an gcalafort ina bhfuil siad, agus ar shoithí iascaireachta a bhfuil bratacha na mBallstát eile ar foluain aige agus ar shoithí iascaireachta tríú tíortha lena n-údaraítear dóibh gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí faoi cheannasacht nó faoi dhlínse an Bhallstáit áirithe sin.

2.   Ceapfaidh gach Ballstát na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as feidhmiú a lárionaid faireacháin iascaigh agus glacfaidh sé na bearta cuí chun a áirithiú go bhfuil na hacmhainní soláthair foirne ag a lárionad faireacháin iascaigh agus go bhfuil sé feistithe le crua-earraí agus le bogearraí ríomhaire ionas gur féidir uathphróiseáil sonraí, anailís, rialú, tarchur sonraí leictreonacha agus faireachán sonraí a dhéanamh 7 lá sa tseachtain agus 24 uair sa lá. Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le nósanna imeachta cúltacaithe agus athshlánaithe sa chás go gclistear ar chóras. D’fhéadfadh na Ballstáit ionad comhpháirteach faireacháin iascaigh a oibriú.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil rochtain ag na lárionaid faireacháin iascaigh ar na sonraí ábhartha go léir agus, go háirithe, ar [...]na sonraí a liostaítear in Airteagail 109 agus 110.

4.   Tacóidh lárionaid faireacháin iascaigh le faireachán fíor-ama ar shoithí ionas gur féidir gníomhaíocht forfheidhmithe a dhéanamh.

5.   Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a lena bhforlíontar an Rialachán seo trí ghlacadh rialacha mionsonraithe maidir le faireachán ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus ar an iarracht iascaireachta ag na lárionaid faireacháin iascaigh, go háirithe maidir le:

(a)

faireachán ar dhul isteach i limistéir shonracha agus ar imeacht as;

(b)

faireachán agus taifeadadh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta;

(c)

na rialacha is infheidhme i gcás cliseadh teicniúil nó cumarsáide nó i gcás nach bhfeidhmíonn gléas faireacháin an tsoithigh;

(d)

bearta atá le déanamh i gcás nach bhfaightear sonraí a bhaineann le staid agus gluaiseacht soithí iascaireachta.’.

(8)   cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

Córais aitheantais uathoibríocha

1.   I gcomhréir le hAirteagal 6a de Threoir 2002/59/CE, feisteofar soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá níos faide ná 15 mhéadar ar fhad ina iomláine le córas sainaitheanta uathoibríoch (AIS) a thiocfaidh leis na caighdeáin dá dtagraítear sa Treoir sin agus ní mór é a choimeád i mbun oibríochta leanúnaí.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh máistir soithigh iascaireachta de chuid an Aontais an AIS a chasadh as i gcúinsí eisceachtúla nuair a mheasann an máistir go bhfuil garbhaol ann go gcuirfear sábháilteacht nó slándáil an chriú i mbaol. I gcás ina ndéanfar an AIS a chasadh as i gcomhréir leis an mír seo, déanfaidh an máistir tuairisc i leith na gníomhaíochta sin agus i leith na cúise lena déanamh a thabhairt d’údaráis inniúla a Bhallstáit Brataí agus, i gcás inarb ábhartha, d’udarais inniúla an Stáit cósta freisin. Nuair a bheidh an staid dá dtagraítear sa mhír seo caite, déanfaidh an máistir an AIS a atosú a luaithe a bheidh foinse an bhaoil imithe.

3.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear na sonraí ón AIS ar fáil dá n-údaráis inniúla atá freagrach as rialú iascaigh, chun críocha rialaithe, lena n-áirítear cros-seiceálacha ar shonraí ón AIS le sonraí eile atá ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 109.’.

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

‘Airteagal 12

Tarchur sonraí le haghaidh oibríochtaí faireachais

Chun críocha na sábháilteachta agus na slándála muirí, an rialaithe teorann, chosaint na muirthimpeallachta agus fhorfheidhmiú ginearálta an dlí, déanfar sonraí ón gcóras/ó na córais um fhaireachán soithí agus ón gcóras braite soithí arna mbailiú faoi chuimsiú an Rialacháin seo a chur ar fáil don Choimisiún, do ghníomhaireachtaí an Aontais agus d’údaráis inniúla na mBallstát atá i mbun oibríochtaí faireachais.’.

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

‘Airteagal 13

Cianfhaireachán leictreonach

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán agus rialú ar ghníomhaíochtaí iascaireachta trí chórais cianfhaireacháin leictreonaigh (CFL) mar a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   Chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag soithí gabhála an Aontais, dar fad iomlán 18 mhéadar nó níos mó a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a bhfuil ardriosca ann nach gcomhlíonfar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, go mbeidh córas CFL suiteáilte oibríochtúil ar bord ag na soithí sin. Déanfar an measúnú ar an riosca nach gcomhlíonfar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi Airteagal 95. Beidh an córas CFL in ann faireachán agus rialú éifeachtach a dhéanamh ar chomhlíonadh na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, áireofar CCTV ann agus féadfar ionstraimí agus/nó trealamh eile a áireamh ann. Áiritheoidh an máistir go gcuirfear na sonraí ón gcóras CFL ar fáil do na húdaráis inniúla. Beidh rochtain chomhionann ag údaráis inniúla na mBallstát brataí agus na mBallstát cósta atá freagrach as rialú iascaigh ar na sonraí sin, gan dochar do na rialacha ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta.

3.   Chun críoch mhír 2 a chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas:

(a)

na codanna cabhlaigh de shoithí gabhála de chuid an Aontais a mbeidh feidhm maidir leo ag an oibleagáid an córas CFL a bheith suiteáilte ar bord a chinneadh, bunaithe ar an measúnú ar an riosca nach gcomhlíonfar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír;

(b)

rialacha mionsonraithe a leagan amach maidir le ceanglais, sonraíochtaí teicniúla, suiteáil, cothabháil agus feidhmiú an chórais CFL agus an tréimhse nach mór an córas CFL sin a oibriú ina leith, agus na forbairtí teicneolaíochta agus eolaíocha is déanaí á gcur san áireamh. Forálfar leis na rialacha sin nach mbaineann ábhar físe taifeadta a fuarthas ó na córais sin ach le trealamh agus le codanna den soitheach ina bhfuil táirgí iascaigh á dtabhairt ar bord, á láimhseáil, á stóráil agus le gach limistéar inar féidir aischur a dhéanamh, agus nach féidir, a mhéid is féidir, daoine nádúrtha a shainaithint. Ceanglófar leo freisin má bhraitear gur féidir daoine nádúrtha a shainaithint ar an ábhar físe taifeadta sin go n-áiritheoidh na húdaráis inniúla anaithnidiú na sonraí pearsanta a luaithe is féidir agus cuirfidh siad máistir nó oibreoir chóras CFL ar an eolas faoin mbrath sin;

(c)

rialacha mionsonraithe a leagan amach maidir le stóráil agus malartú na sonraí ón gcóras CFL agus maidir leis an rochtain orthu, gan dochar d’Airteagal 112.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

4.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeidh córais CFL atá ag oibriú ar bord codanna cabhlaigh áirithe de shoithí gabhála an Aontais ar lú ná 18 mhéadar a bhfad iomlán agus a bhfuil a mbratach ar foluain acu, bunaithe ar an riosca nach gcomhlíonfar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír arna measúnú ag an mBallstát lena mbaineann nó ag an gCoimisiún.

5.   Féadfaidh na Ballstáit dreasachtaí a sholáthar do shoithí nach gceanglaítear orthu a bheith feistithe le córas CFL faoi mhír 2 agus mír 4 ach a úsáideann córas mar sin chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a rialú ar bhonn deonach.

6.   Gan dochar do mhír 2, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le córais CFL a úsáid chun rialú a dhéanamh ar chomhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh seachas an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír.’.

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

‘Airteagal 14

An logleabhar iascaireachta a chomhlánú

1.   Coimeádfaidh an máistir de gach soitheach gabhála de chuid an Aontais logleabhar iascaireachta leictreonach chun gníomhaíochtaí iascaireachta a thaifeadadh.

2.   Beidh ar a laghad an fhaisnéis a leanas sa logleabhar iascaireachta dá dtagraítear i mír 1:

(a)

sainaitheantóir uathúil an turais iascaireachta;

(b)

an chomhuimhir chlár cabhlaigh nó, i gcás nach bhfuil an uimhir sin ar fáil, uimhir aitheantais soithí eile agus ainm an tsoithigh gabhála;

(c)

cód alfa-3 FAO de gach speiceas agus den limistéar geografach ábhartha inar ndearnadh gabhálacha;

(d)

an dáta agus, i gcás soithí dar fad iomlán 12 mhéadar nó níos mó, am na ngabhálacha;

(e)

dáta agus am imeachta ón gcalafort agus dáta agus am teachta isteach sa chalafort;

(f)

an cineál trealamh iascaireachta agus a shonraíochtaí agus thoisí;

(g)

na cainníochtaí measta i gcileagraim bheomheáchain, nó, más iomchuí, líon na n-aonán, de gach speicis a choinnítear ar bord, lena n-áirítear, mar iontráil ar leithligh, na cainníochtaí nó aonáin faoi bhun íosmhéide tagartha caomhnaithe. Soláthrófar an fhaisnéis sin in aghaidh na hoibríochta iascaireachta i gcás soithí gabhála de chuid an Aontais dar fad 12 mhéadar nó níos mó;

(h)

cainníochtaí measta gach speicis a aischuirtear ina gcileagraim bheomheáchain nó ina líon iasc aonair;

(i)

i gcás inarb infheidhme, an fachtóir/na fachtóirí coinbhéartachta a úsáideadh;

(j)

na sonraí a cheanglaítear de réir na gcomhaontuithe iascaigh dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

3.   I gcomparáid leis na cainníochtaí a thugtar i dtír nó le toradh cigireachta, is é 10 % in aghaidh gach speicis a bheidh sa chorrlach ceadaithe lamháltais i meastacháin a thaifeadtar sa logleabhar iascaireachta de chainníochtaí éisc i gcileagraim a choimeádtar ar bord.

I gcás speiceas a choimeádtar ar bord i gcás cainníocht nach sáraíonn an choibhéis bheomheáchain 100 kg, is é 20 % in aghaidh gach speicis a bheidh sa chorrlach ceadaithe lamháltais.

4.   De mhaolú ar mhír 3, i gcás na n-iascach dá dtagraítear in Airteagal 15(1), pointe (a), an chéad agus an tríú fleasc, de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le speicis a thugtar i dtír neamhshórtáilte, agus i gcás iascach peas-saighne tuinníní trópaiceacha le haghaidh speicis a thugtar i dtír neamhshórtáilte, beidh feidhm ag na corrlaigh lamháltais seo a leanas:

(a)

i gcás gabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafoirt liostaithe agus faoi réir coinníollacha breise a bhaineann le gabhálacha a thabhairt i dtír agus a mheá chun tuairisciú cruinn gabhála a áirithiú:

(i)

i gcás speicis ar 2 %, nó ar mó é, de bheomheáchan i gcileagraim de gach speicis a thugtar i dtír, is é a bheidh sa chorrlach ceadaithe lamháltais i meastacháin a thaifeadtar sa logleabhar iascaireachta de chainníochtaí éisc i gcileagraim a choimeádtar ar bord ná 10 % de chainníocht iomlán na speiceas uile a thaifeadtar sa logleabhar iascaireachta in aghaidh gach speicis;

(ii)

i gcás speicis ar lú ná 2 % de bheomheáchan i gcileagraim de gach speicis a thugtar i dtír, is é a bheidh sa chorrlach ceadaithe lamháltais i meastacháin arna dtaifeadadh sa logleabhar iascaireachta de chainníochtaí éisc i gcileagraim a choimeádtar ar bord, 200 kg nó 0,5 % de chainníocht iomlán na speiceas ar fad arna dtaifeadadh sa logleabhar, de réir gach speicis, cibé ceann acu is mó.

Sa bhreis ar na bhforálacha a leagtar amach i bpointí (i) agus (ii), i gcás ar bith, do chainníocht iomlán na speiceas ar fad, is é a bheidh sa chorrlach ceadaithe lamháltais i meastacháin arna dtaifeadadh sa logleabhar iascaireachta de chainníocht iomlán éisc i gcileagraim a choimeádtar ar bord, 10 % de chainníocht iomlán na speiceas ar fad arna dtaifeadadh sa logleabhar iascaireachta.

Áireofar sna coinníollacha a bhaineann le ghabhálacha a tabhairt i dtír agus meá coimircí lena gceadófar tuairisciú cruinn ar na gabhálacha, mar shampla rannpháirtíocht tríú páirtithe neamhspleácha creidiúnaithe nó ceanglais shonracha maidir leis na hoibríochtaí samplála agus meáite. Forálfar leis na coinníollacha sin an rialú is gá ón tír lena mbaineann agus an comhar le húdaráis inniúla ábhartha na tíre sin;

(b)

i gcás gabhálacha a thugtar i dtír seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a):

(i)

i gcás speicis ar 2 %, nó ar mó é, de bheomheáchan i gcileagraim de gach speicis a thugtar i dtír, is é a bheidh sa chorrlach ceadaithe lamháltais i meastacháin a thaifeadtar sa logleabhar iascaireachta de chainníochtaí éisc i gcileagraim a choimeádtar ar bord ná 10 % in aghaidh gach speicis;

(ii)

i gcás speiceas ar lú ná 2 % de bheomheáchan i gcileagraim de gach speiceas a thugtar i dtír, is é 200 kg nó 20 % in aghaidh gach speicis a thaifeadtar sa logleabhar iascaireachta, cibé acu is mó, a bheidh sa chorrlach ceadaithe lamháltais i meastacháin a thaifeadtar sa logleabhar iascaireachta de chainníochtaí éisc i gcileagraim a choimeádtar ar bord.

5.   Maidir le soithí gabhála de chuid an Aontais atá gníomhach sna hiascaigh dá dtagraítear i mír 4, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do Bhallstát amháin nó níos mó, a iarraidh ar EFCA treoirlínte teicniúla comhchuibhithe a fhorbairt maidir le dea-chleachtais chun meastachán a dhéanamh ar ghabhálacha ar bord.

6.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, faoin 10 Iúil 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le coinníollacha a bhaineann go háirithe le gabhálacha iascach dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a thabhairt i dtír agus a mheá chun cruinneas an tuairiscithe ar ghabhálacha a áirithiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na calafoirt a fhormheas a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i gcomhréir leis an Airteagal seo agus ar bhonn aighneachtaí ó na Ballstáit. Glacfar liosta tosaigh na gcalafort faoin 10 Iúil 2024. Féadfaidh an Coimisiún an liosta a leasú agus féadfaidh sé a fhormheas maidir le calafort liostaithe a chúlghairm i gcás nach mbeidh na coinníollacha á gcomhlíonadh a thuilleadh.

7.   I gcás ina gcailltear trealamh iascaireachta ar muir, cuimseofar an méid seo a leanas sa logleabhar iascaireachta freisin:

(a)

cineál agus garthoisí an trealaimh a cailleadh;

(b)

an dáta agus an t-am measta a cailleadh an trealamh;

(c)

an suíomh ina raibh an trealamh caillte;

(d)

na bearta arna ndéanamh chun an trealamh a cailleadh a fháil ar ais.

8.   I gcás gabhálacha speiceas íogair dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus (2) agus in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/1241, beidh na cainníochtaí i gcileagraim beomheáchain nó, i gcás inarb iomchuí, líon na n-aonán, na ngabhálacha a ghortaítear, a marbh nó a scaoileadh saor beo san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointe (h), den Airteagal seo freisin.

9.   In iascaigh atá faoi réir ag córas iarrachta iascaireachta de chuid an Aontais, déanfaidh máistrí shoithí gabhála an Aontais an seal a chaitear i limistéar ina logleabhair iascaireachta mar a leanas:

(a)

maidir le trealamh tarraingthe:

(i)

dul isteach i gcalafort atá suite sa limistéar sin agus imeacht amach as;

(ii)

gach dul isteach i limistéir mhuirí lena mbaineann rialacha sonracha maidir le rochtain ar uiscí agus ar acmhainní agus gach imeacht amach astu;

(iii)

an ghabháil a choimeádtar ar bord de réir speicis i mbeomheáchan i gcileagraim tráth a imítear ón limistéar sin nó roimh dhul isteach i gcalafort atá suite sa limistéar sin;

(b)

maidir le trealamh statach:

(i)

dul isteach i gcalafort atá suite sa limistéar sin agus imeacht amach as;

(ii)

gach dul isteach i limistéir mhuirí lena mbaineann rialacha sonracha maidir le rochtain ar uiscí agus ar acmhainní agus gach imeacht amach astu;

(iii)

an dáta agus an t-am nuair a dhéantar an gléas iascaireachta éighníomhach a shocrú nó a athshocrú sna limistéir sin;

(iv)

an dáta agus an t-am nuair a dhéantar oibríochtaí iascaireachta ina n-úsáidtear gléas iascaireachta éighníomhach a chur i gcrích;

(v)

an ghabháil a choimeádtar ar bord de réir speicis i mbeomheáchan i gcileagraim tráth a imítear ón limistéar sin nó roimh dhul isteach i gcalafort atá suite sa limistéar sin.

10.   Chun meáchan éisc stóráilte nó phróiseáilte a choinbhéartú ina mheáchan éisc bheo chun críocha an logleabhair iascaireachta, úsáidfidh máistrí soithí gabhála an Aontais fachtóir coinbhéartachta arna bhunú i gcomhréir le mír 12.

11.   Is dualgas an mháistir é cruinneas na sonraí arna dtaifeadadh sa logleabhar iascaireachta.

12.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, fachtóirí coinbhéartachta a bhunú agus rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cur chun feidhme an chorrlaigh lamháltais mar atá sainithe i mír 3 agus mír 4;

(b)

úsáid na bhfachtóirí coinbhéartachta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).’.

(12)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

‘Airteagal 15

An logleabhar iascaireachta a chur isteach go leictreonach

1.   Déanfaidh máistrí soithí gabhála de chuid an Aontais an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 a chur faoi bhráid údarás inniúil a mBallstáit bhrataí go leictreonach:

(a)

ar a laghad uair amháin sa lá;

(b)

tar éis na hoibríochta iascaireachta deiridh agus roimh dhul isteach i gcalafort nó áit ina dtugtar gabhálacha i dtír.

2.   De mhaolú ar mhír 1, déanfaidh máistrí shoithí gabhála an Aontais dar fhad níos lú ná 12 mhéadar ar fhad iomlán an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 a chur isteach go leictreonach chuig údarás inniúil a mBallstáit bhrataí tar éis don oibríocht iascaireachta deiridh a bheith curtha i gcrích agus roimh gabhálacha a thabhairt i dtír.

3.   Tráth cigireachta agus arna iarraidh sin don údarás inniúil a mBallstáit bhrataí, déanfaidh máistrí soithí gabhála de chuid an Aontais an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 a thaifeadadh agus a chur faoi bhráid an údaráis sin go leictreonach. I gcás nach mbeidh rochtain ag an soitheach ar líonra, cuirfear an fhaisnéis isteach a luaithe agus a bheidh rochtain ag an soitheach ar líonra.

4.   Glacfaidh na húdaráis inniúla de Bhallstát cósta tuairiscí leictreonacha, arna bhfáil ón mBallstát brataí, ina gcuimsítear ina gcuimsítear na sonraí ó shoithí iascaireachta dá dtagraítear i mír 1, 2 agus 3.

5.   Déanfaidh máistrí soithí gabhála tríú tíre a oibríonn in uiscí an Aontais an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 a chur isteach trí mhodh leictreonach chuig údarás inniúil an Bhallstáit chósta faoi na coinníollacha céanna sin a bhfuil feidhm acu maidir le máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais.’.

(13)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

‘Airteagal 15a

Logleabhar iascaireachta leictreonach agus córais eile le haghaidh soithí ar lú ná 12 mhéadar a bhfad iomlán

Chun críocha Airteagail 14 agus 15 i gcás soithí gabhála ar lú ná 12 mhéadar a bhfad iomlán, féadfaidh na Ballstáit córas a úsáid le haghaidh logleabhair iascaireachta arna fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais. Má iarrann Ballstát amháin nó níos mó é faoin 10 Bealtaine 2024, forbróidh an Coimisiún córas den chineál sin do shoithí gabhála ar lú ná 12 mhéadar a bhfad iomlán. Má iarrann Ballstát amháin nó níos mó amhlaidh, beidh an córas arna fhorbairt ag an gCoimisiún de chineál a cheadóidh na hoibreoirí lena mbaineann agus a oibleagáidí faoi Airteagail 9, 19a, 20, 21, 22, 23 agus 24 a chomhlíonadh freisin. Cuirfidh an Ballstát iarrthach an córas chun feidhme mar a d’fhorbair an Coimisiún é.

Airteagal 15b

Gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a bhaineann le ceanglais an logleabhair iascaireachta

1.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh lena mbaineann:

(a)

na rialacha is infheidhme i gcás cliste theicniúil nó chumarsáide mura n-oibríonn na córais leictreonach taifeadta agus tuairiscithe le haghaidh sonraí an logleabhair iascaireachta;

(b)

bearta atá le déanamh i gcás nach faightear sonraí an logleabhair iascaireachta;

(c)

rochtain ar shonraí an logleabhair iascaireachta agus ar bhearta atá le déanamh má tharlaíonn nach bhfuil rochtain ar shonraí;

(d)

catagóirí áirithe soithí gabhála de chuid an Aontais a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 14(2), pointí (d) agus (g), chun am na ngabhálacha agus na gcainníochtaí measta in aghaidh na hoibríochta iascaireachta a thaifeadadh sa logleabhar iascaireachta.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

formáid agus ábhar an logleabhair iascaireachta agus an nós imeachta lena gcur isteach;

(b)

cur i gcrích agus taifeadadh leictreonach faisnéise sa logleabhar iascaireachta;

(c)

feidhmiú an chórais leictreonaigh taifeadta agus tuairiscithe le haghaidh sonraí an logleabhair iascaireachta;

(d)

na ceanglais le haghaidh sonraí logleabhair iascaireachta a tharchur ó shoitheach gabhála de chuid an Aontais chuig údaráis inniúla a Stáit bhrataí;

(e)

tascanna an údaráis aonair dá dtagraítear in Airteagal 5(5) maidir leis an logleabhar iascaireachta;

(f)

an mhinicíocht lena gcuirtear isteach na sonraí a ghabhann leis an logleabhar iascaireachta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).’.

(14)

scriostar Airteagal 16.

(15)

leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Gan dochar do na forálacha sonracha a chuimsítear sna pleananna ilbhliantúla, déanfaidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais dar fad 12 mhéadar nó níos mó an fhaisnéis a leanas a chur faoi bhráid údaráis inniúla a mBallstáit bhrataí go leictreonach 4 uair an chloig ar a laghad roimh an am a mheastar a bhainfear amach calafort nó áit ina dtugtar gabhálacha i dtír de chuid Ballstáit:

(a)

sainaitheantóir uathúil an turais iascaireachta agus, i gcás soithí iascaireachta seachas soithí gabhála, sainaitheantóir uathúil/sainaitheantóirí uathúla an turais iascaireachta a bhaineann leis na gabhálacha;

(b)

uimhir CFR nó, i gcás nach bhfuil an uimhir sin ar fáil, sainaitheantóir eile soithigh agus ainm an tsoithigh iascaireachta;

(c)

an calafort nó an áit ina dtugtar gabhálacha i dtír atá ina cheann scríbe agus cuspóirí na cuairte, mar sampla gabhálacha a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú nó rochtain ar sheirbhísí;

(d)

dátaí an turais iascaireachta;

(e)

an dáta agus an t-am a mheastar a bhainfear an calafort nó an áit ina dtugtar gabhálacha i dtír amach;

(f)

cód alfa-3 FAO gach speicis agus na limistéir gheografacha ábhartha inar tógadh na gabhálacha;

(g)

na cainníochtaí de gach speiceas arna thaifeadadh sa logleabhar iascaireachta, lena n-áirítear, ina mhír faisnéise ar leith, iad siúd atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe;

(h)

na cainníochtaí de gach speiceas atá le tabhairt i dtír nó le trasloingsiú, lena n-áirítear, mar iontráil ar leith, iad siúd atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe.’

;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘1a.   Féadfaidh an Ballstát cósta ina ndéantar gabhálacha a thabhairt i dtír tréimhse don fhógra roimh ré dá dtagraítear i mír 1 do chatagóirí áirithe maidir le soithigh iascaireachta de chuid an Aontais a leagan síos, agus an cineál táirge iascaireachta agus an t-achar idir an láthair iascaireachta agus an calafort nó an áit ina dtugtar gabhálacha i dtír á gcur san áireamh, agus ar choinníoll is nach gcuireann an tréimhse níos giorra sin den fhógra roimh ré isteach ar chumas an Bhallstáit sin iniúchtaí a dhéanamh. Cuirfidh an Ballstát cósta sin an tréimhse níos giorra sin ar fáil don phobal chun fógra a thabhairt roimh ré agus cuirfidh sé an tréimhse sin in iúl don Choimisiún gan mhoill. Cuirfidh an Coimisiún ar fáil ar a shuíomh gréasáin é.

1b.   I gcás ina ndéantar gabhálacha idir am an réamhfhógra agus am teachta i dtír sa chalafort, tabharfar fógra i leith na ngabhálacha breise sin i bhfógra roimh ré eile.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

beidh díolúine ann ón oibleagáid atá leagtha amach i mír 1 do chatagóirí áirithe soithí iascaireachta de chuid an Aontais, agus na cainníochtaí agus an cineál táirgí iascaigh atá le tabhairt i dtír agus an riosca nach gcomhlíonfar rialacha an chomhbheartais iascaigh á gcur san áireamh;

(b)

glacfar rialacha a chuirfear i bhfeidhm i gcás cliseadh teicniúil nó cumarsáide nó i gcás nach n-oibríonn na córais leictreonacha taifeadta agus tuairiscithe don réamhfhógra;

(c)

glacfar bearta le déanamh i gcás nach bhfaightear sonraí réamhfhógra;

(d)

glacfar rialacha maidir leis an rochtain ar shonraí réamhfhógra agus na bearta atá le déanamh má tharlaíonn nach bhfuil rochtain ar shonraí.’

.

(16)

scriostar Airteagal 18.

(17)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

‘Airteagal 19

Údarú chun dul isteach i gcalafort

Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit cósta rochtain ar chalafort a dhiúltú do shoithí iascaireachta mura bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 17 iomlán, ach amháin i gcásanna force majeure nó soitheach atá i nguais.’.

(18)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 19a

Réamhfhógra maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafoirt i dtríú tír

1.   Ní cheadófar do shoithigh iascaireachta de chuid an Aontais gabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafoirt tríú tír ach amháin má chuir a máistrí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 faoi bhráid na n-údarás inniúil ina mBallstát brataí ar a laghad 48 uair sula dtabharfar i dtír i gcalafort tríú tír, agus murar dhiúltaigh an Ballstát brataí an t-údarú sin chun gabhálacha a thabhairt i dtír.

2.   Féadfaidh an Ballstát brataí tréimhse níos giorra, nach lú í ná dhá uair an chloig, a shocrú don aighneacht dá dtagraítear i mír 1 i gcás soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu, agus cineál na dtáirgí iascaigh, an t-achar idir na meánna agus an calafort agus an t-am is gá le hanailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 á gcur san áireamh agus chun a n-oibleagáidí faoi mhír 4 a chomhlíonadh. Cuirfidh an Ballstát brataí aon tréimhse níos giorra ná sin in iúl don Choimisiún.

3.   Cuirfidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais an fhaisnéis a leanas go háirithe faoi bhráid an Bhallstáit brataí:

(a)

sainaitheantóir uathúil nó sainaitheantóirí uathúla an turais iascaireachta agus, i gcás soithí iascaireachta seachas soithí gabhála, sainaitheantóir uathúil/sainaitheantóirí uathúla an turais iascaireachta a bhaineann leis na gabhálacha;

(b)

uimhir CFR nó, i gcás nach bhfuil an uimhir sin ar fáil, sainaitheantóir eile soithigh agus ainm an tsoithigh iascaireachta;

(c)

calafort an chinn scríbe agus cuspóirí an ghlao, mar shampla gabhálacha a thabhairt i dtír nó rochtain ar sheirbhísí;

(d)

dátaí an turais iascaireachta;

(e)

an dáta agus an t-am a mheastar a bhainfear an calafort amach;

(f)

cód alfa-3 FAO gach speicis agus na limistéir gheografacha ábhartha inar tógadh na gabhálacha;

(g)

na cainníochtaí i gcileagraim de bheomheáchan nó, i gcás inarb iomchuí, líon na n-aonán de gach speiceas arna thaifeadadh sa logleabhar iascaireachta nó dearbhú trasloingsithe, lena n-áirítear, ina mhír faisnéise ar leith, na cainníochtaí nó aonáin atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe;

(h)

na cainníochtaí, i gcileagraim de bheomheáchan nó, i gcás inarb iomchuí, líon na n-aonán de gach speiceas atá le tabhairt i dtír, lena n-áirítear, ina iontráil ar leith, na cainníochtaí nó aonáin atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe.

4.   I gcás ina bhfuil, ar bhonn na hanailíse ar an bhfaisnéis arna cur isteach agus ar fhaisnéis eile atá ar fáil, forais réasúnacha ann chun a chreidiúint nach bhfuil nó nach raibh rialacha an chomhbheartais iascaigh á gcomhlíonadh ag an soitheach iascaireachta de chuid an Aontais, iarrfaidh údaráis inniúla a Bhallstáit bhrataí comhar ón dtríú tír a bhfuil sé i gceist ag an soitheach gabhálacha a thabhairt i dtír inti ag féachaint den fhéidearthacht cigireacht a dhéanamh. Chun na críche sin d’fhéadfadh an Ballstát brataí a thabhairt ar an soitheach iascaireachta gabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafort eile, nó moill a chur ar an am ar féidir leo an calafort a shroicheadh nó gabhálacha a thabhairt i dtír.’.

(19)

leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear na focail ‘ag áiteanna ina dtugtar gabhálacha i dtír’ in ionad na bhfocal ‘áiteanna gar don chladach’;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘2a.   Gan dochar d’Airteagal 4(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 (*7) ón gComhairle agus d’Airteagal 43(3) den Rialachán seo, ní thabharfar údarú do shoithí iascaireachta deontóra ná glactha de chuid an Aontais trasloingsiú ar muir lasmuigh d’uiscí an Aontais ná i gcalafoirt tríú tír ach amháin faoi réir údarú a fhaightear óna mBallstát brataí/óna mBallstáit bhrataí.

2b.   Chun iarratas ar údarú trasloingsiú a dhéanamh faoi mhír 2a, cuirfidh máistrí soithí iascaireachta deontóra agus glactha de chuid an Aontais an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid a mBallstát brataí go leictreonach, 48 uair ar a laghad roimh an oibríocht trasloingsithe arna beartú:

(a)

sainaitheantóir uathúil/sainaitheantóirí uathúla an turais iascaireachta agus, i gcás soithí iascaireachta seachas soithí gabhála, sainaitheantóir uathúil/sainaitheantóirí uathúla an turais iascaireachta a bhaineann leis na gabhálacha;

(b)

uimhir CFR nó, i gcás nach bhfuil an uimhir sin ar fáil, sainaitheantóir/sainaitheantóirí eile soithigh agus ainm an tsoithigh iascaireachta deontóra agus glactha araon;

(c)

cód alfa-3 EBT (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe) de gach speiceas atá le trasloingsiú agus den limistéar geografach ábhartha/na limistéir gheografacha ábhartha inar ndearnadh gabhálacha;

(d)

cainníochtaí measta de mheáchan an táirge agus beomheachán gach speicis atá le trasloingsiú i gcileagraim, arna miondealú de réir chur i láthair an táirge agus staid na próiseála;

(e)

calafort cinn scríbe an tsoithigh iascaireachta glactha;

(f)

dáta agus am an trasloingsithe atá beartaithe;

(g)

suíomh geografach nó ainm sonrach an chalafoirt a bhfuil sé beartaithe go ndéanfaí an oibríocht trasloingsithe ann.

2c.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le cur i láthair táirgí agus staid na próiseála, go háirithe trí chóid agus tuairiscí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

(*7)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Aontais chun an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).’."

(20)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

‘Airteagal 21

An dearbhú trasloingsithe a chomhlánú

1.   Déanfaidh Máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá rannpháirteach in oibríocht trasloingsithe dearbhú trasloingsithe leictreonach a chomhlánú.

2.   Cuimseofar an fhaisnéis a leanas ar a laghad sa dearbhú trasloingsithe dá dtagraítear i mír 1:

(a)

sainaitheantóir uathúil/sainaitheantóirí uathúla an turais iascaireachta agus, i gcás soithí iascaireachta seachas soithí gabhála, sainaitheantóir uathúil/sainaitheantóirí uathúla an turais iascaireachta a bhaineann leis na gabhálacha;

(b)

uimhir CFR nó, i gcás nach bhfuil an uimhir sin ar fáil, sainaitheantóir/ sainaitheantóirí eile soithigh agus ainm an tsoithigh iascaireachta deontóra agus glactha araon;

(c)

cód alfa-3 EBT (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe) de gach speiceas trasloingsithe agus den limistéar geografach/de na limistéir gheografacha ábhartha inar ndearnadh gabhálacha;

(d)

cainníochtaí measta de mheáchan an táirge agus beomheachán gach speicis trasloingsithe i gcileagraim, arna miondealú de réir chur i láthair an táirge agus staid na próiseála, nó, i gcás inarb iomchuí, líon na n-aonán, lena n-áirítear, ina iontráil ar leithligh, na cainníochtaí nó na haonáin atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe;

(e)

calafort nó an áit ina dtugtar gabhálacha i dtír de cheann scríbe an tsoithigh iascaireachta glactha agus an dáta agus an t-am a mheastar a thiocfaidh sé i dtír;

(f)

dáta agus am an trasloingsithe;

(g)

an limistéar geografach nó calafort ainmnithe an trasloingsithe;

(h)

an fachtóir/na fachtóirí coinbhéartachta arna n-úsáid.

3.   I gcomparáid leis na cainníochtaí a thugtar i dtír nó le toradh cigireachta, is é an méid a leagtar amach in Airteagal 14(3) agus (4) a bheidh sa chorrlach ceadaithe lamháltais i meastacháin a thaifeadtar i ndearbhú trasloingsithe na gcainníochtaí éisc i gcileagraim a choimeádtar ar bord.

4.   Beidh máistrí soithí iascaireachta deontóra agus máistrí soithí iascaireachta glactha araon freagrach as cruinneas na sonraí arna dtaifeadadh ina ndearbhuithe trasloingsithe faoi seach.

5.   Úsáidfidh máistrí soithí iascaireachta fachtóir coinbhéartachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 14(12) chun meáchan éisc stóráilte nó phróiseáilte a choinbhéartú ina mheáchan éisc bheo chun críocha an dearbhaithe trasloingsithe.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a a fhorlíonfaidh an Rialachán seo trí catagóirí áirithe soithigh iascaireachta de chuid an Aontais a dhíolmhú ón oibleagáid a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, agus cainníochtaí agus/nó cineál na dtáirgí iascaigh, an t-achar idir na meánna, na háiteanna trasloingsithe agus na calafoirt ina bhfuil na soithí lena mbaineann cláraithe á gcur san áireamh.’.

(21)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 22, 23 agus 24:

‘Airteagal 22

Sonraí an dearbhaithe trasloingsithe a tharchur go leictreonach

1.   Déanfaidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 21 a chur faoi bhráid údarás inniúil a mBallstáit brataí go leictreonach laistigh de 24 uair an chloig tar éis an oibríocht trasloingsithe a chur i gcrích.

2.   Nuair a dhéanfaidh soitheach iascaireachta an Aontais a ghabhálacha a thrasloingsiú i mBallstát nach a Bhallstát brataí é, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit bhrataí na sonraí ón dearbhú trasloingsithe a chur ar aghaidh go leictreonach, chomh luath agus a gheobhaidh siad iad, chuig údaráis inniúla an Bhallstáit inar ndearnadh an ghabháil a thrasloingsiú agus an Bhallstáit atá ina cheann scríbe don ghabháil.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

rialacha a leagan síos a chuirfear i bhfeidhm i gcás cliseadh teicniúil nó cumarsáide nó i gcás nach n-oibríonn na córais leictreonacha taifeadta ná tuairiscithe do na sonraí trasloingsithe;

(b)

glacfar bearta le déanamh i gcás nach bhfaightear sonraí trasloingsithe;

(c)

glacfar rialacha maidir leis an rochtain ar shonraí trasloingsithe agus na bearta atá le déanamh má tharlaíonn nach bhfuil rochtain ar shonraí.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le:

(a)

formáid agus ábhar an dearbhaithe trasloingsithe, agus an nós imeachta lena chur isteach;

(b)

sonraí an dearbhaithe trasloingsithe a chomhlánú agus a thaifeadadh go leictreonach;

(c)

feidhmiú an chórais leictreonaigh taifeadta agus tuairiscithe le haghaidh na sonraí trasloingsithe;

(d)

na ceanglais le haghaidh sonraí trasloingsithe a tharchur ó shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais chuig údaráis inniúla a Bhallstáit bhrataí agus le haghaidh teachtaireachtaí a chur ar ais ó údaráis an Bhallstáit bhrataí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

Airteagal 23

An dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a chomhlánú

1.   Déanfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais, nó ionadaí ar an máistir, dearbhú leictreonach maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír.

2.   Cuimseofar an fhaisnéis a leanas ar a laghad sa dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear i mír 1:

(a)

sainaitheantóir uathúil an turais iascaireachta;

(b)

uimhir CFR nó, i gcás nach bhfuil an uimhir sin ar fáil, sainaitheantóir eile soithigh agus ainm an tsoithigh iascaireachta;

(c)

cód alfa-3 EBT (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe) de gach speiceas agus den limistéar geografach ábhartha inar ndearnadh gabhálacha;

(d)

na cainníochtaí de mheáchan an táirge agus beomheachán gach speicis i gcileagraim a cuireadh i dtír i gcomhréir le hAirteagal 60, arna miondealú de réir chur i láthair an táirge agus staid na próiseála, nó, más iomchuí, líon na n-aonán, lena n-áirítear, mar iontráil ar leithligh, na cainníochtaí nó aonáin atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe;

(e)

an calafort ina dtugtar gabhálacha i dtír nó an áit ina dtugtar gabhálacha i dtír;

(f)

an dáta agus an t-am a chuirtear gabhálacha a thabhairt i dtír i gcrích, nó i gcás gur faide an tabhairt i dtír ná 24 uair, an dáta agus an t-am a cuireadh tús agus a cuireadh gabhálacha a thabhairt i dtír i gcrích;

(g)

an dáta agus an t-am a chuirtear an mheá i gcrích, nó i gcás gur faide an t-am a thógtar chun an mheá a dhéanamh ná 24 uair, an dáta agus an t-am a cuireadh tús leis an meá agus a cuireadh í gcrích é;

(h)

ainm nó sainaitheantóir an oibreora dá dtagraítear in Airteagal 60(5);

(i)

na fachtóirí coinbhéartachta arna n-úsáid.

3.   Is é dualgas an mháistir é cruinneas na sonraí arna dtaifeadadh sa dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír.

4.   Úsáidfidh máistir soithí iascaireachta, nó ionadaí ar an máistir, fachtóir coinbhéartachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 14(12) chun meáchan éisc stóráilte nó phróiseáilte a choinbhéartú ina mheáchan éisc bheo chun críche an dearbhaithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a chur i gcrích.

Airteagal 24

Sonraí i ndáil leis an dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a tharchur go leictreonach

1.   Déanfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais nó ionadaí ar an máistir an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 23(2) a chur isteach go leictreonach chuig údarás inniúil a Bhallstáit bhrataí laistigh de 24 uair tar éis gabhálacha a thabhairt i dtír a chur i gcrích.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, i gcás táirgí iascaigh a mheáitear i gcomhréir le hAirteagal 60(3), pointí (c) agus (d), cuirfidh máistir nó ionadaí ar an máistir an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 23 faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit brataí go leictreonach laistigh de 24 uair an chloig tar éis na meá a chur i gcrích.

3.   I gcás ina gcuirfidh soitheach iascaireachta de chuid an Aontais gabhálacha i dtír i mBallstát nach a Bhallstát brataí é, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit bhrataí na sonraí i ndáil leis an dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a chur ar aghaidh go leictreonach, chomh luath agus a gheobhaidh siad iad, chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ar a chríoch a ndearnadh an ghabháil a thabhairt i dtír.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na maoluithe a bhaineann leis an dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a chur isteach;

(b)

rialacha a leagan síos a chuirfear i bhfeidhm i gcás cliseadh teicniúil nó cumarsáide nó i gcás nach n-oibríonn na córais leictreonacha taifeadta ná tuairiscithe na sonraí i ndáil leis an dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír;

(c)

bearta a ghlacadh a dhéanfar i gcás nach bhfaightear na sonraí i ndáil leis an dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír;

(d)

rialacha a ghlacadh maidir leis an rochtain ar shonraí i ndáil leis an dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír agus na bearta atá le déanamh i gcás nach bhfuil rochtain ar shonraí.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le:

(a)

formáid agus an nós imeachta a bhaineann leis an dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a chur isteach;

(b)

sonraí i ndáil leis an dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a chomhlánú agus a thaifeadadh go digiteach;

(c)

feidhmiú na gcóras leictreonach taifeadta agus sonraí i ndáil leis an dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír;

(d)

na ceanglais le haghaidh sonraí i ndáil leis an dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a tharchur ó shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais chuig údaráis inniúla a Stáit bhrataí agus maidir le freagraí ó na húdaráis.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).’.

(22)

scriostar Airteagal 25.

(23)

leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear na focail ‘soithigh gabhála’ in ionad na bhfocal ‘soithigh iascaireachta’ agus cuirtear na focail ‘soitheach gabhála’ in ionad na bhfocal ‘soitheach iascaireachta’;

(b)

i míreanna 2 agus 3, cuirtear na focail ‘soitheach gabhála de chuid an Aontais’ in ionad na bhfocal ‘soitheach iascaireachta’;

(c)

i mír 4, cuirtear na focail ‘soithigh gabhála de chuid an Aontais’ in ionad na bhfocal ‘soithigh iascaireachta’;

(d)

i mír 6, cuirtear na focail ‘soitheach gabhála’ in ionad na bhfocal ‘soitheach iascaireachta’.

(24)

in Airteagal 27, cuirtear na focail ‘soithigh gabhála de chuid an Aontais’ in ionad na bhfocal ‘soithigh iascaireachta’.

(25)

scriostar Airteagal 28.

(26)

leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear na focail ‘soithigh gabhála de chuid an Aontais’ in ionad na bhfocal ‘soithigh iascaireachta’;

(b)

i mír 2, cuirtear na focail ‘soitheach gabhála de chuid an Aontais’ in ionad na bhfocal ‘soitheach iascaireachta’ agus cuirtear na focail ‘soithigh gabhála’ in ionad na bhfocal ‘soithigh iascaireachta’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Féadfaidh sé a bheith de rogha ag Ballstát gan cur in aghaidh aon uasiarrachta iascaireachta incheadaithe de ghníomhaíocht soithigh gabhála de chuid an Aontais i limistéar geografach atá faoi réir córas iarrachta iascaireachta más amhlaidh gur sa limistéar geografach sin a bhí an soitheach gabhála sin de chuid an Aontais ach nach raibh sé in ann iascaireacht a dhéanamh toisc gur ag cabhrú le soitheach eile a raibh cúnamh éigeandála de dhíth air a bhí sé nó toisc go raibh duine gortaithe á iompar aige chun cabhair leighis éigeandála a thabhairt.’

.

(27)

leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear na focail‘soithigh gabhála de chuid an Aontais’ in ionad na bhfocal‘soithigh iascaireachta’;

(b)

i mír 2, cuirtear na focail ‘soitheach gabhála de chuid an Aontais’ in ionad na bhfocal ‘soitheach iascaireachta’.

(28)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 31:

‘Airteagal 31

Soithí gabhála díolmhaithe ó chóras iarrachta iascaireachta a chur i bhfeidhm

Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir le soithí gabhála de chuid an Aontais a mhéid a dhíolmhaítear iad ó chóras iarrachta iascaireachta a chur i bhfeidhm.’.

(29)

scriostar Airteagal 32.

(30)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

‘Airteagal 33

Gabhálacha agus iarracht iascaireachta a thaifeadadh

1.   Déanfaidh gach Ballstát brataí nó, i gcás go ndéanfar iascaireacht gan soitheach, gach Ballstát cósta, na sonraí go léir a bhaineann le gabhálacha agus leis an iarracht iascaireachta dá dtagraítear sa Rialachán seo a thaifeadadh, go háirithe na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 14, 21, 23, 54d, 55, 62, 66 agus 68, agus coimeádfaidh siad bunchóipeanna na sonraí sin ar feadh trí bliana ar a laghad i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta.

2.   Roimh an 15ú lá de gach mí, déanfaidh gach Ballstát brataí nó, i gcás go ndéanfar iascaireacht gan soitheach, gach Ballstát cósta na sonraí comhiomlánaithe maidir leis an méid seo a leanas a chur faoi bhráid an Choimisiúin nó an chomhlachta a ainmneoidh sé go leictreonach:

(a)

cainníochtaí gach speicis, más infheidhme de réir stoic nó grúpa stoc, arna ngabháil agus a choimeádtar ar bord, agus cainníochtaí gach speicis arna n-aischur, i gcoibhéis bheomheáchain, le linn na míosa roimhe sin, lena n-áirítear, ina iontráil ar leith, na cinn sin faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme;

(b)

an iarracht iascaireachta arna himscaradh le linn na míosa roimhe sin le haghaidh gach limistéir iascaireachta atá faoi réir réimeas iarrachta iascaireachta nó, i gcás inarb iomchuí, le haghaidh gach iascaigh atá faoi réir réimeas iarrachta iascaireachta;

(c)

cainníochtaí gach speicis, de réir stoic nó grúpa stoc más infheidhme, arna ngabháil i gcás go ndéanfar iascaireacht gan soitheach, agus cainníochtaí gach speicis arna n-aischur, i gcoibhéis bheomheáchain, le linn na míosa roimhe sin, lena n-áirítear, mar iontráil ar leith, na cinn sin faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme.

3.   I gcás ina bhfuil na sonraí arna gcur isteach ag Ballstát i gcomhréir le mír 2 bunaithe ar mheastacháin le haghaidh speicis, stoic nó grúpa stoc, i ndáil leis na sonraí ceartaithe maidir le cainníochtaí arna gcinneadh ar bhonn na ndearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír nó na nótaí díolacháin nó na dearbhuithe gabhála, cuirfidh an Ballstát na sonraí sin faoi bhráid an Choimisiúin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dheireadh na tréimhse inar leagadh síos an cuóta nó an teorainn iarrachta iascaireachta.

4.   I gcás ina mbraithfidh Ballstát neamhréireachtaí idir an fhaisnéis a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal sin agus torthaí an bhailíochtaithe arna fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 109, déanfaidh an Ballstát na sonraí ceartaithe maidir le cainníochtaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin arna gcinneadh ar bhonn an bhailíochtaithe a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh na tréimhse inar leagadh síos an cuóta nó an teorainn iarrachta iascaireachta.

5.   I gcás ina mbraithfidh an Coimisiún neamhréireachtaí maidir leis na sonraí arna gcur isteach ag Ballstát chuig an gCoimisiún i gcomhréir leis an Airteagal seo, rachaidh sé i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann agus ceartóidh an Ballstát sin na sonraí ceartaithe agus cuirfidh sé na sonraí ceartaithe faoi bhráid an Choimisiúin a luaithe is féidir.

6.   Ríomhfar gabhálacha gach speicis, stoic nó grúpa stoc, atá faoi réir cuóta in aghaidh na gcuótaí is infheidhme maidir leis na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

7.   Déanfaidh na Ballstáit gabhálacha arna ngabháil faoi chuimsiú taighde eolaíoch agus a chuirtear ar an margadh agus a dhíoltar, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, iad siúd a bhíonn faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme, a thaifeadadh agus cuirfear na sonraí maidir leis na gabhálacha sin faoi bhráid an Choimisiúin. Ríomhfar na gabhálacha i gcoinne an chuóta is infheidhme i leith an Bhallstáit bhrataí sa mhéid agus go sáraíonn siad 2 % den chuóta lena mbaineann. Ní bhainfidh an mhír seo le gabhálacha arna ndéanamh le linn suirbhéanna éigeantacha taighde ar muir dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8).

8.   Cé is moite d’iarracht iascaireachta arna himscaradh ag soithí gabhála atá díolmhaithe ó fheidhmiú réimis iarrachta iascaireachta, áireofar an iarracht iascaireachta ar fad arna himscaradh ag soithí gabhála de chuid an Aontais agus trealamh iascaireachta á iompar ar bord acu nó, i gcás inarb iomchuí, á úsáid acu atá faoi réir réimeas iarrachta iascaireachta nó iad ag oibriú in iascach atá faoi réir réimeas iarrachta iascaireachta i limistéar geografach atá faoi réir an réimis iarrachta iascaireachta sin, áireofar an méid sin i gcoinne na huasiarrachta iascaireachta incheadaithe a bhaineann leis an trealamh iascaireachta, an iascach nó an limistéar geografach sin atá ar fáil don Bhallstát lena mbaineann.

9.   Ríomhfar iarracht iascaireachta arna himscaradh i gcreat taighde eolaíoch arna déanamh ag soitheach gabhála a iompraíonn trealamh iascaireachta atá faoi réir réimeas iarrachta iascaireachta nó atá ag oibriú in iascach atá faoi réir réimeas iarrachta iascaireachta i limistéar geografach atá faoi réir an réimis iarrachta iascaireachta sin, áireofar an méid sin i gcoinne na huasiarrachta iascaireachta incheadaithe a bhaineann le trealamh iascaireachta nó le hiascach agus le limistéar geografach a chuirtear ar fáil dá Bhallstát brataí, má dhéantar na gabhálacha arna bhfáil le linn imscaradh na hiarrachta iascaireachta sin a mhargú agus a dhíol a mhéid a bhfuil níos mó i gceist ná 2 % den iarracht iascaireachta arna leithdháileadh. Ní bhainfidh an mhír seo le gabhálacha arna ndéanamh le linn suirbhéanna éigeantacha taighde ar muir dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/1004.

10.   Féadfaidh an Coimisiún rialacha a leagan síos maidir le formáidí le haghaidh tharchur na sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo a leagan síos trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

(*8)  Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gComhbheartas Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (IO L 157, 20.6.2017, lch. 1).’."

(31)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34:

‘Airteagal 34

Sonraí maidir le hídiú deiseanna iascaireachta

Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar Bhallstát faisnéis níos mionsonraithe a chur isteach ar bhonn níos minice ná mar a fhoráiltear in Airteagal 33 i gcás ina meastar go bhfuil 80 % de chuóta le haghaidh stoic nó grúpa stoc ídithe, nó i gcás go meastar gur sroicheadh 80 % den uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh trealamh iascaireachta nó le haghaidh iascach sonrach agus le haghaidh limistéar geografach comhfhreagrach.’.

(32)

leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a leanas in ionad na míreanna 1, 2 agus 3:

‘1.   Leagfaidh gach Ballstát síos an dáta óna ndéanfar an méid seo a leanas:

(a)

measfar an cuóta sin a bheith ídithe ag gabhálacha stoic nó grúpa stoc atá faoi réir chuóta an Bhallstáit;

(b)

measfar an uasiarracht iascaireachta incheadaithe maidir le trealamh iascaireachta nó iascach agus limistéar geografach comhfhreagrach a bheith bainte amach.

2.   Ón dáta dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann cosc ar oibríochtaí iascaireachta, mar aon le cosc ar iascaireacht gan soitheach a dhéanamh, don stoc nó don ghrúpa stoc a bhfuil an cuóta ina leith ídithe, san iascach ábhartha, nó nuair a iompraítear an trealamh iascaireachta ábhartha ar bord sa limistéar geografach ina bhfuil an uasiarracht iascaireachta incheadaithe bainte amach, ag gach ceann de na soithí gabhála nó ag cuid díobh a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu, nó, más infheidhme, ag na hoibrithe i gcás go bhfuiltear ag iascaireacht gan soitheach. Ina leithéid de chás, féadfaidh an Ballstát sin dáta a shocrú faoinar gá trasloingsithe, aistrithe agus tabhairt i dtír nó dearbhuithe deiridh maidir le gabhálacha a chur i gcrích.

3.   Fógróidh an Ballstát lena mbaineann an cinneadh dá dtagraítear i mír 2 go poiblí agus cuirfear in iúl é láithreach don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin é.’

;

(b)

cuirtear an mír a leanas isteach:

‘3a.   Ón dáta a chuir an Ballstát lena mbaineann an cinneadh dá dtagraítear i mír 2 ar fáil don phobal, áiritheoidh an Ballstát sin nach ndéanfaidh oibreoirí aon oibríochtaí iascaireachta le haghaidh an stoic ná an ghrúpa stoc lena mbaineann aon oibríochtaí iascaireachta a dhéanfaidh aon soitheach gabhála a bhfuil a bhratach ar foluain aige, nó a bheidh ag iascaireacht gan soitheach ag a oibreoirí.’

.

(33)

in Airteagal 36, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go bhfuil deiseanna iascaireachta a bhí ar fáil don Aontas, do Bhallstát nó do ghrúpa Ballstát ídithe, cuirfidh an Coimisiún sin in iúl do na Ballstáit lena mbaineann agus féadfaidh sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid a leanas a chosc: oibríochtaí iascaireachta, mar aon an iascaireacht gan soitheach, sa limistéar sonrach, an trealamh iascaireachta, an stoc, an grúpa stoc nó an flít ábhartha atá i mbun na n-oibríochtaí iascaireachta sonracha sin.’

.

(34)

leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás ina bhfuil toirmeasc curtha ag an gCoimisiún ar oibríochtaí iascaireachta, agus ar an iascaireacht gan soitheach, mar gheall ar ídiú na ndeiseanna iascaireachta atá ar fáil do Bhallstát nó do ghrúpa Ballstát nó don Aontas agus go dtarlaíonn gurb amhlaidh nach bhfuil a dheiseanna iascaireachta ídithe ag Ballstát.

2.   Murar cealaíodh an dochar a bhain don Bhallstát ar toirmisceadh oibríochtaí iascaireachta air sular ídíodh a deiseanna iascaireachta, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta darb aidhm an dochar sin a leigheas ar bhealach iomchuí. Déanfaidh na gníomhartha cur chun feidhme sin an méid seo a leanas, go háirithe, a leagan síos:

(a)

dochar a fulaingíodh a chur in iúl;

(b)

na Ballstáit a d’fhulaing dochar a shainaithint agus méid an dochair;

(c)

na Ballstáit a rinne ró-iascaireacht a shainaithint agus na cainníochtaí éisc a ndearnadh an iomarca gabhála ina leith;

(d)

asbhaintí a dhéanamh ó dheiseanna iascaireachta na mBallstát a rinne ró-iascaireacht, i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta arna sárú;

(e)

na breiseáin atá le cur le deiseanna iascaireachta na mBallstát a ndearnadh dochar dóibh i gcomhréir leis an dochar a fulaingíodh;

(f)

na dátaí ar a dtiocfaidh na breiseáin agus na hasbhaintí i bhfeidhm.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).’;

(b)

scriostar mír 4.

(35)

i dTeideal IV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil II:

Caibidil II

An acmhainn iascaireachta a rialú ’.

(36)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 38:

‘Airteagal 38

An acmhainn iascaireachta

1.   Beidh na Ballstáit freagrach as na seiceálacha riachtanacha a chur i gcrích d’fhonn a áirithiú nach bhfuil an acmhainneacht iomlán a chomhfhreagraíonn do na ceadúnais iascaireachta arna n-eisiúint ag Ballstát lena mbaineann, in olltonnáiste agus in kW, níos mó ag am ar bith ná na huasleibhéil acmhainneachta don Bhallstát sin, arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

cumhacht innill soithí gabhála a fhíorú;

(b)

tonnáiste soithí gabhála a fhíorú;

(c)

cineál, líon, agus saintréithe na bpíosaí trealaimh iascaireachta a fhíorú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).’.

(37)

i gCaibidil II de Theideal IV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil ar Roinn 2:

‘ROINN 2

CUMHACHT INNILL AGUS TONNÁISTE’.

(38)

leasaítear Airteagal 39 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear na focail ‘soitheach gabhála’ in ionad na bhfocal ‘soitheach iascaireachta’;

(b)

cuirtear an mír a leanas isteach:

‘2a.   I gcás ina sáróidh soitheach gabhála an chumhacht innill údaraithe atá leagtha amach sa cheadúnas iascaireachta, féadfar é a thabhairt chun rialtachta i laistigh d’uastréimhse agus faoi réir na gcritéar arna leagan síos ag an mBallstát brataí lena mbaineann.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Is ar na Ballstáit brataí a bheidh na costais uile a bhaineann le cumhacht an innill a dhearbhú agus a fhíorú faoin Airteagal seo. I gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar oibreoirí na soithí gabhála a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a bhfuil baint acu leis an iascach ábhartha ranníocaíocht a dhéanamh leis na costais sin.’

.

(39)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 39a

Faireachán leanúnach ar chumhacht innill

1.   Cinnfidh na Ballstáit, bunaithe ar mheasúnú riosca, cé na soithí atá feistithe le hinnill thiomántacha istigh ag bhfuil cumhacht innill dheimhnithe ar mó ná 221 chileavata í agus a bhfuil trealamh tarraingthe in úsáid acu, mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (12), de Rialachán (AE) 2019/1241, lena mbaineann ardriosca nach gcomhlíonfaidh siad rialacha an chomhbheartais iascaigh maidir le cumhacht innill. Áiritheoidh siad go ndéanfar na soithí sin a fheistiú le córais a suiteáladh go buan lena ndéantar an chumhacht innill a thomhas agus a thaifeadadh.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh soithí gabhála feistithe le córais bhuansuiteáilte a thomhaiseann agus a thaifeadann cumhacht innill go leanúnach i gcásanna ina n-úsáideann na soithí sin tráil ghrinnill nó saighní Danmhargacha, go mbeidh siad feistithe le hinnill thiomántacha in bord le cumhacht innill dheimhnithe idir 120 agus 221 cileavata, agus go mbeidh siad ag oibriú sa limistéar dá dtagraítear i gcuid C, pointe 2.1, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241.

3.   Áiritheoidh na córais dá dtagraítear in mír 1 go dtomhaisfear go leanúnach an chumhacht innill thiomántach i gcileavatanna agus stóráil na sonraí sin ar bord.

4.   Áiritheoidh máistrí na soithí gabhála agus sealbhóirí ceadúnas iascaireachta go bhfeidhmíonn na córais dá dtagraítear i mír 1 i ngach tráth agus go bhfuil na sonraí ón tomhas leanúnach ar chumhacht innill thiomántach taifeadta agus stóráilte ar bord agus rochtain orthu ar bord na soithí d’oifigigh i ngach tráth.

5.   Leagfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe síos maidir leis an suiteáil, ceanglais theicniúla agus thréithe na gcóras dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

6.   Déanfar na nithe seo a leanas sa mheasúnú riosca dá dtagraítear i mír 1:

(a)

an leibhéal riosca neamhchomhlíonta ag roinn chabhlaigh a bhunú, bunaithe ar threalamh, an limistéar cumhdaithe, córas iarrachta, an spriocspeiceas, laghdú cumhachta agus luais;

(b)

sáruithe deimhnithe a bhaineann le húsáid innill ag a bhfuil cumhacht innill níos mó ná an chumhacht a léirítear ar dhearbhú an innill a bhreithniú;

(c)

anailís riosca a áireamh lena gcinnfear an dóchúlacht nach gcomhlíonfar rialacha an chomhbheartais iascaigh maidir le cumhacht innill agus tionchar an neamhchomhlíonta sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le ró-iascaireacht;

(d)

ídiú na huasteorann acmhainneachta a bhreithniú.

7.   Is iad na Ballstáit, i gcomhar le EFCA, a dhéanfaidh an measúnú riosca go comhpháirteach.

8.   Maidir le soithí gabhála de chuid an Aontais a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá feistithe le hinnill thiomántacha istigh ag a bhfuil cumhacht innill dheimhnithe nach mó ná 221 chileavata í agus a bhfuil trealamh tarraingthe in úsáid acu, mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (12), de Rialachán (AE) Uimh. 2019/1241/, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go ndéanfar iad a fheistiú le córais atá suiteáilte go buan lena ndéantar an chumhacht innill a thomhas go leanúnach agus a thaifeadadh, bunaithe ar an riosca nach gcomhlíonfar rialacha an chomhbheartais iascaigh maidir le cumhacht innill.’.

(40)

leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear na focail ‘soithigh gabhála’ in ionad na bhfocal ‘soithigh iascaireachta’;

(b)

i mír 2, cuirtear na focail ‘soithigh gabhála’ in ionad na bhfocal ‘soithigh iascaireachta’;

(c)

scriostar mír 5;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le deimhniú na cumhachta innill tiomántaí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).’

.

(41)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41:

‘Airteagal 41

An chumhacht innill a fhíorú

1.   I gcás soithí gabhála nach bhfuil feistithe le córas faireacháin leanúnach dá bhforáiltear in Airteagal 39a, déanfaidh na Ballstáit, tar éis anailís riosca a dhéanamh, fíorú sonraí, i gcomhréir le plean samplála bunaithe ar an modheolaíocht atá le glacadh i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, ar chomhsheasmhacht na cumhachta innill ag baint úsáide as an bhfaisnéis uile atá ar fáil maidir le saintréithe an tsoithigh lena mbaineann. Fíoróidh siad an fhaisnéis atá sna nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

sonraí suímh an tsoithigh;

(b)

sonraí an logleabhair iascaireachta;

(c)

an Deimhniú Idirnáisiúnta um Chosc ar Thruailliú Aeir ó Innill (EIAPP) arna eisiúint don inneall i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL 73/78;

(d)

deimhnithe aicme arna n-eisiúint ag eagraíocht aitheanta cigireachta agus suirbhéireachta loinge de réir bhrí Threoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9);

e)

an dearbhú tástála mara;

(f)

clár cabhlaigh iascaireachta an Aontais; agus

(g)

aon doiciméid eile lena soláthraítear faisnéis ábhartha maidir le cumhacht soithigh nó aon saintréithe teicniúla gaolmhara.

2.   I gcás go bhfuil táscairí ar mó cumhacht inneall an tsoithigh gabhála ná an chumhacht a léirítear ar an gceadúnas iascaireachta nó ar chlár de chabhlaigh iascaireachta an Aontais nó náisiúnta, agus tar éis anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na Ballstáit dearbhú fisiceach ar chumhacht an innill nó áireoidh siad go bhfuil an soitheach gabhála atá i gceist feistithe le córas dá dtagraítear in Airteagal 39a(1).

3.   Cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm na ceanglais a ghlac an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú sa Chaighdeán Idirnáisiúnta ISO 15016:2015 a mhol sí nó modhanna comhionanna a aithnítear ar an leibhéal Eorpach nó náisiúnta chun cumhacht innill soithigh gabhála a fhíorú.

4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a le mír 3 den Airteagal seo a leasú chun an tagairt don Chaighdeán Idirnáisiúnta ISO ábhartha a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le cumhacht innill a fhíorú, lena n-áirítear an mhodheolaíocht lena mbunófar an plean samplála. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).’.

(*9)  Treoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus maidir le gníomhaíochtaí ábhartha lucht riaracháin muirí (IO L 131, 28.5.2009, lch. 47)."

(42)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 41a

Tonnáiste a fhíorú

1.   I gcásanna ina mbeidh fianaise ann nach ionann tonnáiste soithigh gabhála agus an tonnáiste a luaitear sa cheadúnas iascaireachta, tabharfaidh na Ballstáit bhrataí faoi fhíorú ar an tonnáiste. Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit, go háirithe, na hathruithe ar thoirt iniata nó ar thoisí an tsoithigh a bhreithniú.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an tonnáiste a fhíorú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).’.

(43)

leasaítear Airteagal 42 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear na focail ‘ag áit ainmnithe ina dtugtar gabhálacha i dtír ’ in ionad na bhfocal ‘in áiteanna gar don chladach’;

(b)

i mír 2, cuirtear na focail ‘ag áiteanna ainmnithe ina dtugtar gabhálacha i dtír’ in ionad na bhfocal ‘in áiteanna gar don chladach’, agus cuirtear na focail ‘Airteagal 60’ in ionad ‘ Airteagail 60 agus 61’.

(44)

leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a leanas in ionad míreanna 1 agus 2:

‘1.   I gcás plean ilbhliantúil féadfar tairseach is infheidhme maidir le beomheáchan speiceas a bheidh faoi réir an phlean sin a shocrú, agus a cheangal ar shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais a bhfuil meáchan os a cionn sin ann gabhálacha a thabhairt i dtír ag áit ainmnithe ina dtugtar gabhálacha i dtír.

2.   I gcás ina gcoinneofar ar bord cainníochtaí a sháraíonn an tairseach dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh máistir an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais go dtabharfar na gabhálacha i dtír ag áit ina dtugtar gabhálacha i dtír san Aontas.’

;

(b)

i míreanna 4, 5 agus 6, cuirtear na focail ‘áiteanna ina dtugtar gabhálacha i dtír’ in ionad na bhfocal ‘ áiteanna gar don chladach’;

(c)

scriostar mír 7.

(45)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 44:

‘Airteagal 44

Stuáil ar leithligh na ngabhálacha grinnill atá faoi réir pleananna ilbhliantúla

1.   Gabhálacha stoc grinnill atá faoi réir plean ilbhliantúil agus a choinnítear ar bord soitheach gabhála de chuid an Aontais dar fad 12 mhéadar nó níos mó agus nach bhfuil faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe, cuirfear iad i mboscaí, in urranna nó i gcoimeádáin ar leithligh i gcás gach ceann de na stoic sin ar bhealach ina mbeidh siad inaitheanta ó bhoscaí, ó urranna nó ó choimeádáin eile.

2.   Coinneoidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais na gabhálacha dá dtagraítear i mír 1 de réir plean stuála ina léirítear an áit a bhfuil na speicis éagsúla sna boilg.

3.   Beidh toirmeasc ar aon chainníocht gabhálacha dá dtagraítear i mír 1, arna meascadh le haon táirgí iascaigh eile, a choinneáil ar bord soitheach iascaireachta de chuid an Aontais in aon bhosca, urrann nó coimeádán.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a a bhaineann le stoic ghrinnill áirithe a dhíolmhú ón oibleagáid a leagtar amach san Airteagal seo.’.

(46)

scriostar Airteagail 45 agus 46.

(47)

leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Beidh trealamh ar bord ag soitheach gabhála de chuid an Aontais lena n-aisghabhfar trealamh a chailltear, lena n-áirítear trealamh iascaireachta, gléasanna um chomhbhailiú iascaireachta agus baoithe.’

;

(b)

i mír 2, cuirtear na focail ‘soitheach gabhála’ in ionad na bhfocal ‘soitheach iascaireachta’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Mura féidir an trealamh arna chailliúint a fháil ar ais, breacfaidh Máistir an tsoithigh ghabhála an fhaisnéis faoin trealamh caillte sa logleabhar de bhun Airteagal 14(7). Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit brataí é sin ar aghaidh gan mhoill chuig údarás inniúil an Bhallstáit cósta.’

;

(d)

i mír 4, cuirtear na focail ‘ soitheach gabhála’ in ionad na bhfocal ‘soitheach iascaireachta’.

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Déanfaidh na Ballstáit faisnéis a bhailiú agus a thaifeadadh maidir le trealamh caillte agus soláthróidh siad an fhaisnéis sin don Choimisiún nó don EFCA má iarrtar í.

6.   Cuirfidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig gach bliain, tiomsú den fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin don bhliain roimhe sin. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar EFCA cuidiú le tiomsú na faisnéise sin.’

.

(48)

leasaítear Airteagal 49 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear na focail ‘soitheach gabhála’ in ionad na bhfocal ‘soitheach iascaireachta’;

(b)

cuirtear an méid a leanas in ionad mír 2:

‘2.   Féadfaidh an Coimisiún, gan dochar d’Airteagal 44 agus trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le plean stuála a choimeád ar bord, de réir speicis, le haghaidh táirgí próiseáilte, lena léireofar an áit ina bhfuil siad lonnaithe sa bholg. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).’

.

(49)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 50:

‘Airteagal 50

Limistéir iascaireachta shrianta a rialú

1.   Rialóidh an Ballstát cósta gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéir iascaireachta shrianta atá suite in uiscí an Aontais. Beidh córas ag an mBallstát cósta chun teacht, taisteal agus imeacht soithí iascaireachta i limistéir iascaireachta shrianta faoina cheannasacht nó faoina dhlínse a bhrath agus a thaifeadadh.

2.   Rialóidh na Ballstáit bhrataí gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí iascaireachta an Aontais i limistéir iascaireachta shrianta atá suite in uiscí tríú tír nó sa mhórmhuir.

3.   Soithí gabhála de chuid an Aontais agus tríú tír nach bhfuil údaraithe gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh i limistéir iascaireachta shrianta ní fhéadfaidh siad idirthuras a dhéanamh trí na limistéir sin ach amháin faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

bíonn an trealamh iascaireachta ar fad a iompraítear ar bord fáiscthe agus stuáilte le linn an idirthurais;

(b)

tá an t-idirthuras leanúnach, gasta agus ní lú ná sé muirmhíle an luas le linn an idirthurais ach amháin i gcásanna force majeure. Sna cásanna sin, cuirfidh máistir soithigh gabhála de chuid an Aontais é sin in iúl láithreach do lárionad faireacháin iascaigh a Bhallstáit brataí, agus cuirfidh an t-ionad sin údaráis inniúla an Bhallstáit cósta ar an eolas, agus cuirfidh máistir an tsoithigh gabhála tríú tír údaráis inniúla an Bhallstáit cósta ar an eolas láithreach; agus

(c)

tá an gléas um fhaireachán soithí dá dtagraítear in Airteagal 9 ag feidhmiú.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 3 ach amháin a mhéid a bheidh an srian nó an toirmeasc ábhartha ar gach gníomhaíocht iascaireachta nó ar ghníomhaíochtaí iascaireachta áirithe i limistéir iascaireachta shrianta i bhfeidhm.’.

(50)

cuirtear an chaibidil seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 54c:

Caibidil Iva

Rialú iascaireachta gan soitheach

Airteagal 54d

Iascaireacht gan soitheach

1.   Áiritheoidh na Ballstáit gur ar bhealach atá i gcomhréir le cuspóirí agus rialacha an chomhbheartais iascaigh a dhéantar iascaireacht gan soitheach ar a gcríoch agus in uiscí an Aontais.

2.   Chun na críche dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

córas ceadúnúcháin nó córas malartach clárúcháin eile a chur ar bun do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a dhéanann na gníomhaíochtaí sin; agus

(b)

a áirithiú go ndéanfar cainníochtaí na speiceas, na stoc nó na ngrúpaí stoc arna ngabháil a thaifeadadh agus go gcuirfear na taifid sin faoi bhráid na n-údarás inniúil go leictreonach.

3.   Déanfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá i mbun iascaireachta gan soitheach nó a n-ionadaí na gabhálacha dá dtagraítear i mír 2, pointe (b) a thaifeadadh, agus beidh an fhaisnéis seo a leanas go háirithe sna taifid sin:

(a)

sainaitheantóir uathúil an lae iascaireachta;

(b)

an t-aitheantóir uathúil sa chóras dá dtagraítear i mír 2, pointe (a);

(c)

cód alfa-3 EBT (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe) de gach speiceas agus den limistéar geografach ábhartha inar ndearnadh gabhálacha;

(d)

dáta na ngabhálacha;

(e)

catagóir an trealaimh iascaireachta, i gcás inarb infheidhme;

(f)

na cainníochtaí de gach speiceas i gcileagraim de bheomheáchan, nó, más iomchuí, líon na n-aonán, lena n-áirítear na cainníochtaí nó aonáin atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme, mar iontráil ar leithligh;

(g)

i gcás inarb infheidhme, cainníochtaí measta gach speicis a aischuirtear, ina gcileagraim bheomheáchain nó, i gcás inarb iomchuí, an líon na n-aonán.

4.   Cuirfear na taifid dá dtagraítear i mír 2, pointe (b) faoi bhráid na n-údarás inniúil go leictreonach uair amháin ar a laghad laistigh de 24 uair an chloig tar éis thús na gníomhaíochta iascaireachta.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le gabhálacha a mheá, chomh maith le formáid agus tíolacadh an dearbhaithe gabhálach dá dtagraítear i mír 3, agus sainiúlachtaí na n-iascach á gcur san áireamh, más gá. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).’.

(51)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 55:

‘Airteagal 55

Iascaigh áineasa

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go rialaítear iascaigh áineasa ina gcríoch agus in uiscí an Aontais i modh atá comhoiriúnach le cuspóirí agus le rialacha an chomhbheartais iascaigh.

Chun na críche sin, beidh córas leictreonach i bhfeidhm ag na Ballstáit chósta chun gabhálacha ó iascaigh áineasa a thaifeadadh agus a thuairisciú.

Féadfaidh Ballstáit chósta úsáid a bhaint as córas leictreonach dá dtagraítear sa dara fomhír arna fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais. Má iarrann Ballstát cósta amháin nó níos mó é faoin 10 Bealtaine 2024, forbróidh an Coimisiún córas den chineál sin. Cuirfidh an Ballstát iarrthach an córas mar a d’fhorbair an Coimisiún é chun feidhme.

2.   Cé is moite de shonraí le haghaidh iascaigh áineasa arna dtaifeadadh agus arna dtuairisciú de bhun mhír 3 agus gan dochar do bhailiú sonraí maidir le hiascaigh áineasa faoi Rialachán (AE) 2017/1004, baileoidh na Ballstáit chósta sonraí maidir le gabhálacha ag daoine nádúrtha atá ag gabháil d’iascaigh áineasa le haghaidh speiceas, stoc nó grúpaí stoc a bhfuil deiseanna iascaireachta socraithe ag an Aontas ina leith, atá cumhdaithe ag plean ilbhliantúil, nó atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír. Baileofar na sonraí trí shásraí bailithe sonraí bunaithe ar mhodheolaíocht a chinnfidh gach Ballstát cósta agus a chuirfear in iúl don Choimisiún. Cuirfidh na Ballstáit na sonraí sin chuig an gCoimisiún uair sa bhliain ar a laghad, ag tagairt don bhliain fhéilire roimhe.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit chósta go gclárófar daoine nádúrtha atá i mbun iascaigh áineasa agus go ndéanfaidh siad a ngabhálacha a thaifeadadh agus a thuairisciú trí chóras leictreonach dá dtagraítear i mír 1 mar a leanas:

(a)

Maidir le speicis, stoic nó grúpaí stoc atá faoi réir bearta caomhnaithe de chuid an Aontais is infheidhme go sonrach maidir le hiascaigh áineasa, mar shampla cuótaí, teorainneacha gabhála agus teorainneacha mála, ar bhonn laethúil; agus

(b)

maidir le speicis, stoic nó grúpaí stoc a bhfuil deiseanna iascaireachta socraithe ina leith ag an Aontas nó a chumhdaítear le plean ilbhliantúil nó atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, agus a léiríonn comhairle eolaíoch speiceas ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF), ó CITM nó ó chomhlacht eolaíoch coibhéiseach go bhfuil tionchar suntasach ag iascaigh áineasa ar an mbásmhaireacht iascaireachta, ón 1 Eanáir 2030.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta na speiceas, na stoc nó na ngrúpaí stoc a bhfuil feidhm ag pointe (b) den chéad fhomhír maidir leo a ghlacadh agus minicíocht taifeadta agus tuairiscithe na ngabhálacha sin a shocrú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

4.   Féadfaidh duine dlítheanach gabhálacha ó iascaigh áineasa a dhéanann daoine nádúrtha a thaifeadadh agus a thuairisciú thar a gceann.

5.   Cuirfear cosc ar mhargú nó ar dhíol gabhálacha ó iascaigh áineasa.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis an méid a leanas:

(a)

sonraí maidir le gabhálacha arna mbailiú ag na Ballstáit faoi mhíreanna 2 agus 3 a chur faoi bhráid an Choimisiúin;

(b)

trealamh a úsáidtear le haghaidh iascaigh áineasa a rialú agus a mharcáil ar bhealach simplí agus comhréireach, cé is moite de trealamh láimhe.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

7.   Bainfidh an tAirteagal seo le haon ghníomhaíocht iascaireachta áineasa, lena n-áireofar gníomhaíochtaí iascaireachta arna n-eagrú ag aonáin tráchtála san earnáil turasóireachta agus san earnáil um chomórtas spóirt.’.

(52)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Theideal V:

TEIDEAL V

RIALÚ SA tSLABHRA SOLÁTHAIR ’.

(53)

i dTeideal V, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Caibidil I:

Caibidil I

Forálacha Ginearálta

Airteagal 56

Prionsabail le haghaidh margaíocht a rialú

1.   Beidh gach Ballstát freagrach as cur i bhfeidhm rialacha an chomhbheartais iascaigh a rialú ina chríoch féin ag gach céim a bhaineann le margaíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, óna gcur ar an margadh go dtí an miondíolachán, iompar san áireamh. Táirgí iascaigh atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme agus atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, áiritheoidh na Ballstáit, go háirithe, go bhfuil a n-úsáid srianta do chríocha eile seachas do chríocha a gcaite go díreach ag an duine, cé is moite de chásanna ina bhforáiltear dá mhalairt le rialacha an chomhbheartais iascaigh.

2.   Nuair atá méid íosta socraithe le haghaidh speiceas áirithe i reachtaíocht an Aontais, beidh oibreoirí atá freagrach as ceannachán, díolachán, stocáil nó iompar ábalta limistéar geografach tionscnaimh ábhartha na dtáirgí a chruthú.

Airteagal 56a

Comhdhéanamh luchtóga táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe

1.   Cuirfear táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe arna bhfáil de bhun gabhála nó buainte ina luchtóga sula gcuirfear ar an margadh iad.

2.   Ní bheidh i dtáirgí iascaigh nó luchtóg táirgí dobharshaothraithe a thagann faoi Chaibidil 3 den Ainmníocht Chomhcheangailte a bunaíodh le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 (*10) ón gComhairle (an ‘Ainmníocht Chomhcheangailte’) ach an méid a leanas:

(a)

táirgí iascaigh [...] ó speiceas aonair, den chur i láthair táirge céanna agus ag teacht ón limistéar geografach ábhartha céanna agus ón soitheach iascaireachta céanna, nó ón ngrúpa soithí iascaireachta; nó

(b)

táirgí dobharshaothraithe ó speiceas aonair, den chur i láthair táirge céanna agus ag teacht ón aonad táirgthe dobharshaothraithe céanna.

3.   De mhaolú ar mhír 2, agus sula gcuirfear ar an margadh iad, féadfar cainníochtaí de tháirgí iascaigh a thagann faoi Chaibidil 3 den ainmníocht Chomhcheangailte ar lú ná 30 kg de roinnt speiceas iad agus arb as an limistéar geografach ábhartha céanna iad agus arb ionann cur i láthair an táirge in aghaidh an tsoithigh gabhála agus in aghaidh an lae, féadfar iad a chur sa luchtóg céanna.

4.   De mhaolú ar mhír 2, agus sula gcuirtear ar an margadh iad, féadfar cainníochtaí de tháirgí iascaigh a thagann faoi Chaibidil 3 den ainmníocht Chomhcheangailte de roinnt speiceas, ina bhfuil aonáin atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme agus a thagann ón limistéar geografach ábhartha céanna agus ón soitheach gabhála céanna, nó ón ngrúpa soithí gabhála céanna, féadfar iad a chur i luchtóga chun críocha seachas tomhaltas díreach ag daoine.

5.   Tar éis iad a chur ar an margadh, ní féidir luchtóg táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a thagann faoi Chaibidil 3 den ainmníocht Chomhcheangailte a chumasc le luchtóg eile ná a roinnt ach amháin má chomhlíonann an luchtóg, arna cruthú trí bhíthin cumaisc, nó na luchtóga, arna gcruthú trí bhíthin roinnte, na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is don luchtóg/do na luchtóga nua-chruthaithe a sholáthraítear an fhaisnéis inrianaitheachta atá liostaithe in Airteagal 58(5);

(b)

tá an t-oibreoir atá freagrach as an luchtóg nua-chruthaithe a chur ar an margadh ábalta an fhaisnéis maidir le comhdhéanamh na luchtóige/na luchtóg nua-chruthaithe a sholáthar agus í a choimeád, go háirithe an fhaisnéis a bhaineann le gach ceann de na luchtóga táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe atá cuimsithe inti mar aon leis na cainníochtaí táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a thagann ó gach ceann de na luchtóga lena bhfabhraítear an luchtóg/na luchtóga.

6.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le héisc ornáideacha, crústacha ornáideacha moilisc ornáideacha ná algaí ornáideacha.

Airteagal 57

Comhchaighdeáin mhargaíochta

1.   Cinnteoidh na Ballstáit go gcuirtear na táirgí lena mbaineann na comhchaighdeáin mhargaíochta ar fáil ar an margadh i gcomhréir leis na caighdeáin sin. Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha chun comhlíonadh den chineál sin a áirithiú.

Féadfar na seiceálacha sin a dhéanamh ag gach céim den slabhra soláthair, céimeanna iompair agus lónadóireachta san áireamh.

2.   Beidh oibreoirí ag gach céim den slabhra soláthair freagrach as luchtóga táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a cheannach, a dhíol, a stocáil nó a iompar ábalta cruthúnas a thabhairt go gcomhlíonann na táirgí, más infheidhme, leis na híoschaighdeáin choiteann mhargaíochta.

Airteagal 58

Inrianaitheacht

1.   Gan dochar do na ceanglais inrianaitheachta a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11), cuirfidh oibreoirí táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe i luchtóga agus beidh siad inrianaithe ag gach céim den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileachán, ó ghabháil nó ó bhuaint go dtí céim an mhiondíola.

2.   Déanfar luchtóga de tháirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a chuirtear ar fáil ar an margadh nó ar dócha go gcuirfear ar fáil ar an margadh iad a mharcáil go cuí chun inrianaitheacht gach luchtóg a áirithiú.

3.   Seiceálfaidh na Ballstáit go mbeidh córais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag oibreoirí chun oibreoir ar bith ar ndearna sé luchtóga táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a sholáthar dóibh agus ar ndearnadh na táirgí sin a sholáthar dó a shainaithint. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do na húdaráis inniúla ar bhonn éilimh.

4.   Maidir le luchtóga táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a thagann faoi Chaibidil 3, faoi Cheannteidil 1604 agus 1605 de Chaibidil 16, agus faoi fho-cheannteideal 1212 21 de Chaibidil 12 den Ainmníocht Chomhcheangailte, beidh tacar íosta faisnéise ag gabháil leo i gcomhréir le míreanna 5, 10 agus11 den Airteagal seo faoi seach.

5.   I gcás luchtóga táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a thagann faoi Chaibidil 3 den ainmníocht Chomhcheangailte cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil ar a laghad:

(a)

sainaitheantóir na luchtóige;

(b)

i gcás na dtáirgí nach allmhairítear laistigh den Aontas,

(i)

le haghaidh na dtáirgí iascaigh go léir a áirítear sa luchtóg, sainaitheantóir uathúil/sainaitheantóirí uathúla an lae iascaireachta, nó sainaitheantóir uathúil/sainaitheantóirí uathúla an lae iascaireachta, nó

(ii)

i gcás gach táirge dobharshaothraithe a áirítear sa luchtóg, ainm agus cláruimhir an táirgeora nó an aonaid táirgthe dobharshaothraithe;

(c)

i gcás táirgí allmhairithe:

(i)

i gcás gach táirge iascaigh a áirítear sa luchtóg, san uimhir IMO nó mura bhfuil sé infheidhme, sainaitheantóir uathúil soithigh eile an tsoithigh gabhála/na soithí gabhála, más infheidhme, agus uimhir an deimhnithe gabhála/na ndeimhnithe gabhála arna gcur isteach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, i gcás inarb infheidhme, nó

(ii)

i gcás gach táirge dobharshaothraithe a áirítear sa luchtóg, an t-ainm agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, cláruimhir an aonaid táirgthe dobharshaothraithe;

(d)

cód alfa-3 EBT (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe) an speicis agus an ainm eolaíoch;

(e)

an limistéar geografach ábhartha/na limistéir gheografacha ábhartha le haghaidh táirgí iascaigh arna ngabháil ar muir, nó an limistéar gabhála nó táirgthe le haghaidh táirgí iascaigh arna ngabháil i bhfionnuisce agus le haghaidh táirgí dobharshaothraithe, dá dtagraítear in Airteagal 38(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013;

(f)

le haghaidh táirgí iascaigh, an chatagóir de threalamh iascaireachta de réir mar atá leagtha síos sa chéad cholún d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013;

(g)

dáta/dátaí na ngabhálacha le haghaidh táirgí iascaigh nó dáta(í) buainte le haghaidh táirgí dobharshaothraithe;

(h)

na cainníochtaí i gcileagraim arna sloinneadh i nglanmheáchan nó, nuair is iomchuí, líon na n-aonán;

(i)

i gcás táirgí iascaigh atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme ann sna cainníochtaí sa luchtóg, faisnéis ar leith faoi chainníochtaí de gach speiceas arna sloinneadh i gcileagraim i nglanmheáchan, nó líon na n-aonán faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe;

(j)

i gcás táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe atá faoi réir comhchaighdeán margaíochta, an fhaisnéis is gá chun na caighdeáin sin a chomhlíonadh.

6.   Áiritheoidh oibreoirí ag gach céim den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh, ón ngabháil nó ón mbaint go dtí an chéim mhiondíola, go ndéanfar, i gcás gach luchtóg táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a bhaineann le Caibidil 3 d’Ainmníocht Chomhcheangailte, an fhaisnéis atá liostaithe i mír 5:

(a)

a choinneáil ar taifead; agus

(b)

go gcuirfear ar fáil go digiteach don oibreoir dá soláthraítear an táirge iascaigh nó dobharshaothraithe í, agus do na húdaráis inniúla, má iarrtar sin.

7.   Comhoibreoidh na Ballstáit le chéile chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag údaráis inniúla Ballstáit seachas an Ballstát inar cuireadh na táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe isteach i luchtóga nó chuig ar allmhairíodh na táirgí ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 5, go háirithe nuair a sholáthraítear an fhaisnéis sin trí bhíthin uirlise aitheantais mar shampla cód, barrachód, slis leictreonach nó gaireas nó córas mairceála comhchosúil.

8.   Féadfaidh na Ballstáit mionchainníochtaí táirgí iascaigh a dhíoltar go díreach le tomhaltóirí ó soithigh gabhála, ó oibrithe atá ag iascaireacht gan soitheach, nó ó oibrithe iascaigh fionnuisce a dhíolmhú, ar choinníoll nach n-úsáidtear na táirgí ach amháin le haghaidh tomhaltas príobháideach agus nach mó na cainníochtaí sin ná 10 kg de tháirgí dobharshaothraithe in aghaidh an tomhaltóra in aghaidh an lae. I gcás bradán (Salmo salar) a ghabhtar i Muir Bhailt, is é dhá aontán in aghaidh an tomhaltóra in aghaidh an lae an tairseach a bheidh ann.

Féadfaidh na Ballstáit mionchainníochtaí táirgí dobharshaothraithe a dhíoltar go díreach le tomhaltóirí ó aonad táirgthe dobharshaothraithe a dhíolmhú ó na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo, ar choinníoll nach n-úsáidtear na táirgí ach amháin le haghaidh tomhaltas príobháideach agus nach mó na cainníochtaí sin ná 10 kg de tháirgí dobharshaothraithe in aghaidh an tomhaltóra in aghaidh an lae.

9.   Déanfaidh an Coimisiún staidéar ar chórais agus nósanna imeachta inrianaitheachta indéanta, lena n-áirítear faisnéis inrianaitheachta íosta, do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a thagann faoi cheannteidil 1604 agus 1605 de Chaibidil 16 den Ainmníocht Chomhcheangailte, d’fhonn rialacha mionsonraithe a shainiú do na táirgí sin. Áireofar sa staidéar anailís ar na réitigh dhigiteacha nó na modhanna digiteacha atá ar fáil agus a chomhlíonann na ceanglais maidir le hinrianaitheacht sa Rialachán seo, agus an tionchar ar oibreoirí beaga á chur san áireamh.

10.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 119a lena bhforlíontar an Rialachán seo maidir leis na ceanglais inrianaitheachta le haghaidh luchtóga táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a thagann faoina ceannteideal 1604 agus 1605 den Chaibidil 16 den Ainmníocht Chomhcheangailte, ar bhonn thorthaí an staidéir a rinneadh i gcomhréir le mír 9 den Airteagal seo. Beidh feidhm ag na ceanglais sin ón 10 Eanáir 2029.

11.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 119a lena bhforlíontar an Rialachán seo maidir leis na ceanglais inrianaitheachta le haghaidh luchtóg agus comhdhéanamh luchtóg táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a thagann faoi fho-cheannteideal 1212 21 de Chaibidil 12 den ainmníocht Chomhcheangailte, lena n-áirítear úsáid córas digiteach. Beidh feidhm ag na ceanglais sin ón 10 Eanáir 2029.

12.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

íoscheanglais theicniúla maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 5 a thaifeadadh agus a tharchur, de bhun mhír 6;

(b)

modhanna eile chun na luchtóga a mharcáil agus faisnéis inrianaitheachta a ghreamú go fisiciúil ar luchtóga táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;

(c)

tuilleadh comhair idir na Ballstáit maidir leis an rochtain ar fhaisnéis a ghabhann le luchtóg;

(d)

na ceanglais inrianaitheachta maidir le luchtóga táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a thagann faoi Chaibidil 3 den Ainmníocht Chomhcheangailte ina bhfuil roinnt speiceas dá dtagraítear in Airteagal 56a(3) agus (4), agus maidir le luchtóga táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a thagann faoi Chaibidil 3 den Ainmníocht Chomhcheangailte ar toradh iad ar luchtóga éagsúla dá dtagraítear in Airteagal 56a(5) a chumasc nó a scoilteadh;

(e)

an fhaisnéis maidir leis an limistéar geografach ábhartha.

13.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le héisc ornáideacha, crústaigh ornáideacha, moilisc ornáideacha ná algaí ornáideacha.

(*10)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1)."

(*11)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaca le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).’."

(54)

in Airteagal 59, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   Clárófar ceannaitheoir na dtáirgí iascaigh, tráth a dhéanfar an chéad díolachán, le húdaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar an chéad díolachán. Chun críche an chláraithe, sainaithneofar gach ceannaitheoir de réir a uimhreach CBL, a uimhreach aitheantais cánach nó a shainaitheantóra uathúil eile i mbunachair sonraí náisiúnta.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal sin maidir le tomhaltóirí a fhaigheann táirgí iascaigh nach gcuirtear ar an margadh ina dhiaidh sin ach go n-úsáidtear le haghaidh tomhaltais phríobháidigh amháin iad ar choinníoll nach mó na cainníochtaí sin ná 10 kg de tháirgí iascaigh in aghaidh an tomhaltóra in aghaidh an lae. I gcás bradán (Salmo salar) a ghabhtar i Muir Bhailt, dhá aonán in aghaidh an tomhaltóra in aghaidh an lae a bheidh sa tairseach sin.’

.

(55)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 60:

“Airteagal 60

Táirgí iascaigh a mheá

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na hoibreoirí dá dtagraítear i mír 5 agus na meáchórais arna bhformheas ag na húdaráis inniúla na cainníochtaí uile de tháirgí iascaigh a mheá in aghaidh an speicis go díreach tar éis iad a thabhairt i dtír i mBallstát, sula ndéanfar na táirgí sin a stóráil, a iompar nó a chur ar an margadh.

Comhlíonfaidh máistrí soithí iascaireachta tríú tíre a thugann táirgí iascaigh i dtír san Aontas na rialacha lena rialaítear an mheá is infheidhme maidir le máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais.

2.   I gcás aon ghabháil a thabhairt i dtír lasmuigh den Aontas agus gan dochar do na forálacha is infheidhme a leagtar amach, i gcomhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe nó i ndlí na dtríú tíortha lena mbaineann ach go háirithe, áiritheoidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais nó a n-ionadaithe go ndéanfar cainníochtaí uile na dtáirgí iascaigh a mheá, nuair is féidir, díreach tar éis iad a thabhairt i dtír agus sula ndéanfar na táirgí sin a stóráil, a iompar nó a chur ar an margadh.

3.   De mhaolú ar mhír 1 agus faoi réir fhormheas an Choimisiúin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, féadfaidh na Ballstáit ina dtugtar na táirgí iascaigh i dtír cead a thabhairt na táirgí sin a mheá ar mheáchórais atá formheasta ag na húdaráis inniúla:

(a)

agus gabhálacha á dtabhairt i dtír acu, i gcomhréir le plean samplála arna ghlacadh faoi mhír 10, gan beann ar na táirgí iascaigh a bheith sórtáilte nó neamhshórtáilte;

(b)

ar bord, i gcás táirgí iascaigh sórtáilte, ar choinníoll go ndéantar iad a mheá agus gabhálacha á dtabhairt i dtír acu i gcomhréir le plean samplála arna ghlacadh faoi mhír 10. Beidh an Ballstát brataí freagrach as an maolú a dheonú do na soithí gabhála a bhfuil a bhratach ar foluain acu agus as a áirithiú go ndéanfar na meáchórais atá ar bord a fhormheas;

(c)

tar éis iad a iompar chuig ceann scríbe ar chríoch an Bhallstáit inar tugadh an ghabháil i dtír, i gcomhréir le plean rialaithe arna ghlacadh faoi mhír 10, gan beann ar na táirgí iascaigh a bheith sórtáilte nó neamhshórtáilte;

(d)

tar éis iad a iompar ón mBallstát inar tugadh na táirgí iascaigh i dtír chuig ceann scríbe ar chríoch Ballstáit eile, i gcomhréir le clár coiteann um rialú arna ghlacadh faoi mhír 10 agus ar chomhaontú idir na Ballstáit a bhíonn lena mbaineann, is cuma cé acu a sórtáiltear nó nach sórtáiltear na táirgí iascaigh.

4.   Áiritheoidh na máistrí go ndéanfaidh oibreoir dá dtagraítear i mír 5 cainníochtaí uile na dtáirgí iascaigh a mheá.

5.   Ceannaitheoir cláraithe, ceant cláraithe, eagraíocht táirgeoirí nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile, lena n-áirítear an máistir, atá údaraithe ag na húdaráis inniúla chun gníomhaíochtaí meáite a dhéanamh a bheidh san oibreoir a dhéanfaidh na táirgí a mheá. Beidh an t-oibreoir a dhéanann na táirgí a mheá freagrach as cruinneas na meáite. Déanfaidh oibreoirí a bhfuil táirgí iascaigh á meá acu taifead ar an meá do gach gabháil a thabhairt i dtír. Coimeádfaidh siad na taifid ar an meá ar feadh tréimhse trí bliana.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na hoibreoirí dá dtagraítear i mír 5 feistithe go leordhóthanach chun gníomhaíochtaí meáite a dhéanamh.

7.   Déanfar na taifid ar an meá a tharchur chuig an máistir láithreach agus, i gcás inarb iomchuí, chuig an iompróir. Úsáidfear iad chun an dearbhú maidir le gabhálacha thabhairt i dtír agus, i gcás inarb iomchuí, an doiciméad iompair a chomhlánú.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, i gcás táirgí iascaigh arna meá ag oifigeach i gcomhréir le mír 9, úsáidfear toradh na meáite sin chun an dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír agus, i gcás inarb iomchuí, an doiciméad iompair a chomhlánú.

8.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na hoibreoirí dá dtagraítear i mír 5 na taifid ar an meá a chur faoi bhráid a n-údarás inniúil go tráthrialta, nó arna iarraidh sin dóibh.

9.   Féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a cheangal go ndéanfadh a n-oifigigh aon chainníocht de tháirgí iascaigh a thugtar i dtír sa Bhallstát sin a mheá, nó go mbeadh na táirgí sin meáite ina láthair, sula ndéantar na táirgí sin a iompar áit éigin eile ón áit inar tugadh i dtír iad.

10.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, pleananna samplála, pleananna rialaithe agus cláir chomhchoiteanna rialaithe dá dtagraítear i mír 3, pointí (a), (b), (c) agus (d), den Airteagal seo a ghlacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).’.

(56)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 60a

Rialacha mionsonraithe maidir leis an meá

1.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a ghlacadh maidir le:

(a)

nósanna imeachta na meáite a chinneadh;

(b)

na taifid ar an meá, lena n-áirítear na taifid sin a choimeád;

(c)

am na meáite;

(d)

na meáchórais, lena n-áirítear meáchórais chun críocha rialaithe;

(e)

meá táirgí iascaigh reoite;

(f)

asbhaint oighir agus uisce ón meáchan;

(g)

rochtain na n-údarás inniúil ar na meáchórais agus na taifid ar an meá;

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a lena bhforlíontar an Rialachán sin trí rialacha sonracha a leagan síos maidir le speicis pheiligeacha áirithe a mheá. D'fhéadfadh baint a bheith ag na rialacha sin leis na nithe seo a leanas:

(a)

gabhálacha scadán, ronnach, faoitíní gorma, agus bolmán a mheá;

(b)

na calafoirt ina ndéantar na gabhálacha a mheá;

(c)

an fhaisnéis atá le cur chuig údaráis inniúla roimh dhul isteach i gcalafort;

(d)

díluchtú;

(e)

an logleabhar iascaireachta;

(f)

saoráidí meáite a oibríonn an pobal;

(g)

saoráidí meáite a oibrítear go príobháideach;

(h)

éisc reoite a mheá;

(i)

taifid a choinneáil ar an meá;

(j)

nóta díolacháin agus dearbhú glactha freagrachta;

(k)

cros-seiceálacha;

(l)

faireachán ar an meá.’.

(57)

scriostar Airteagal 61.

(58)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 62:

“Airteagal 62

Nótaí díolacháin a chomhlánú agus a chur isteach

1.   Déanfaidh ceannaitheoirí cláraithe, ceantanna cláraithe nó eagraíochtaí táirgeoirí atá údaraithe ag Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 64(1) a thaifeadadh go leictreonach agus cuirfidh siad nóta díolacháin ina gcuimseofar an fhaisnéis sin isteach go leictreonach, laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis an chéad díolacháin, chuig údaráis inniúla an Bhallstáit a ndéantar an chéad díolachán ar a chríoch. Is iad na ceannaitheoirí sin, na ceantanna nó na comhlachtaí táirgeoirí a bheidh freagrach as cruinneas an nóta díolacháin.

2.   I gcás nach ionann an Ballstát ina ndéanfar an chéad díolachán agus Ballstát brataí an tsoithigh iascaireachta a rinne na héisc a thabhairt i dtír, áiritheoidh sé go gcuirfear cóip den nóta díolacháin, tar éis dó é fháil, faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit brataí go leictreonach.

3.   I gcás nach ndéanfar céad díolachán na dtáirgí iascaigh sa Bhallstát inar tugadh i dtír na táirgí, áiritheoidh an Ballstát a ndéanfar an chéad díolachán ar a chríoch go gcuirfear cóip den nóta díolacháin, tar éis dó é a fháil, faoi bhráid údaráis inniúla na mBallstát, inar tugadh na táirgí lena mbaineann i dtír, go leictreonach.

4.   I gcás ina ndéanfar an chéad díolachán lasmuigh den Aontas, cuirfidh máistir an tsoithigh gabhála de chuid an Aontais nó a ionadaí cóip den nóta díolacháin, nó aon doiciméad coibhéiseach eile ina mbeidh an leibhéal céanna faisnéise, faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit brataí go leictreonach laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis na chéad díolacháin.

5.   I gcás nach gcomhfhreagraíonn nóta díolacháin don sonrasc nó do dhoiciméad a úsáidtear ina ionad, dá dtagraítear in Airteagal 218 agus 219 de Threoir 2006/112/CE (*12) ón gComhairle, glacfaidh an Ballstát na forálacha riachtanacha le háirithiú go bhfuil an fhaisnéis faoi na cainníochtaí agus faoin bpraghas, seachas cáin ar sheachadtaí earraí chuig an gceannaitheoir, comhionann leis sin atá léirithe ar an sonrasc.

6.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le:

(a)

ceannaitheoirí a chlárú;

(b)

formáid na nótaí díolacháin;

(c)

nótaí díolacháin a thaifeadadh agus a chur isteach go leictreonach.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

(*12)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1)’."

(59)

scriostar Airteagal 63.

(60)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 64, 65 agus 66:

“Airteagal 64

Ábhar na nótaí díolacháin

1.   Beidh sainaitheantóir uathúil ag na nótaí díolacháin dá dtagraítear in Airteagal 62 agus cuimseofar ann na sonraí a leanas:

(a)

sainaitheantóir uathúil an turais iascaireachta;

(b)

uimhir chlár cabhlaigh an Aontais nó, i gcás nach bhfuil an uimhir sin ar fáil, sainaitheantóir soithigh gabhála eile agus ainm an tsoithigh sin;

(c)

calafort ina dtugtar gabhálacha i dtír nó áit ina dtugtar gabhálacha i dtír agus dáta a chuirtear an tabhairt i dtír i gcrích;

(d)

ainm oibreoir nó máistir an tsoithigh iascaireachta agus, más éagsúil é, ainm an díoltóra;

(e)

ainm an cheannaitheora agus uimhir CBL an cheannaitheora, sainaitheantóir cánach an cheannaitheora, nó sainaitheantóir eile;

(f)

cód alfa-3 EBT (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe) de gach speiceas agus den limistéar geografach ábhartha inar ndearnadh gabhálacha;

(g)

cainníochtaí gach speicis de réir táirgemheáchain, arna miondealú de réir chur i láthair an táirge agus staid na próiseála, nó, i gcás inarb iomchuí, líon na n-aonán;

(h)

le haghaidh gach táirge atá faoi réir ag na caighdeáin chomhargaíochta, méid nó meáchan aonair, an chatagóir mhéide, cur i láthair agus úire an táirge, mar is iomchuí;

(i)

le haghaidh táirgí iascaigh faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe, na cainníochtaí i gcileagraim arna sloinneadh i nglanmheáchan nó, i gcás inarb iomchuí, líon na n-aonán;

(j)

ainm nó sainaitheantóir an oibreora dá dtagraítear in Airteagal 60(5);

(k)

láthair agus dáta an díolacháin;

(l)

nuair is féidir, uimhir thagartha agus dáta sonraisc agus, i gcás inarb iomchuí, dáta an chonartha díolacháin;

(m)

nuair is infheidhme, tagairt don dearbhú glactha freagrachta dá dtagraítear in Airteagal 66 nó don doiciméad iompair dá dtagraítear in Airteagal 68;

(n)

an praghas, cé is moite de chánacha, agus airgeadra;

(o)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, an úsáid atá beartaithe do tháirgí iascaigh, mar shampla, do thomhaltas an duine nó iad a úsáid mar sheachtháirgí ainmhithe.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás na hiascaireachta gan soitheach, beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa doiciméad iompair:

(a)

an t-aitheantóir uathúil sa chóras dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 54d(2);

(b)

sainaitheantóir uathúil/sainaitheantóirí uathúla an lae iascaireachta;

(c)

an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (e), (f), (g), (h), (i), (k), (l), (m), (n) agus (o), den Airteagal seo.

Airteagal 65

Díolúintí ó cheanglais maidir le nótaí díolacháin

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 62 ná ag Airteagal 64 maidir le tomhaltóir a fhaigheann táirgí iascaigh nach mó ná 10 kg in aghaidh an lae nach ndíoltar ina dhiaidh sin ach a úsáidtear le haghaidh tomhaltais phríobháidigh amháin. I gcás bradán (Salmo salar) a ghabhtar i Muir Bhailt, dhá aonán in aghaidh an tomhaltóra in aghaidh an lae a bheidh sa tairseach sin.

Airteagal 66

An dearbhú glactha freagrachta a chomhlánú agus a chur isteach

1.   I gcás ina bhfuil na táirgí iascaigh ceaptha lena ndíol tráth is déanaí, déanfaidh oibreoirí atá freagrach as táirgí iascaigh, arna dtabhairt i dtír i mBallstát, a stóráil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a thaifeadadh go leictreonach agus cuirfidh siad dearbhú glactha freagrachta, ina mbeidh an fhaisnéis sin, faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit, a ndéanfar an glacadh freagrachta ar a chríoch, go leictreonach, laistigh de 24 n-uair an chloig tar éis na dtáirgí sin a thabhairt i dtír. Beidh na hoibreoirí sin freagrach as cruinneas an dearbhaithe glactha freagrachta.

2.   I gcás nach ionann an Ballstát a ndéanfar an glacadh freagrachta ar a chríoch agus Ballstát brataí an tsoithigh iascaireachta a rinne na héisc a thabhairt i dtír, áiritheoidh sé go gcuirfear cóip den dearbhú glactha freagrachta, tar éis dó é fháil, faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit brataí go leictreonach.

3.   I gcás ina ndéanfar an glacadh freagrachta lasmuigh den Aontas, déanfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais nó a ionadaí cóip den dearbhú glactha freagrachta, nó aon doiciméad coibhéiseach ina mbeidh an leibhéal céanna faisnéise, a chur faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit bhrataí, go leictreonach, laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis an ghlactha freagrachta.

4.   Beidh sainaitheantóir uathúil ag an dearbhú glactha freagrachta dá dtagraítear i mír 1 agus cuimseofar ann an fhaisnéis a leanas ar a laghad:

(a)

sainaitheantóir uathúil an turais iascaireachta;

(b)

uimhir chlár cabhlaigh an Aontais nó, i gcás nach bhfuil an uimhir sin ar fáil, sainaitheantóir soithigh gabhála eile agus ainm an tsoithigh sin;

(c)

calafort ina dtugtar gabhálacha i dtír nó áit ina dtugtar gabhálacha i dtír agus dáta a chuirtear an tabhairt i dtír i gcrích;

(d)

ainm oibreoir nó mháistir an tsoithigh ghabhála;

(e)

cód alfa-3 EBT (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe) de gach speiceas agus den limistéar geografach ábhartha inar ndearnadh gabhálacha;

(f)

cainníochtaí gach speicis a stóráiltear i gcileagraim de tháirgemheáchan, arna miondealú de réir chur i láthair an táirge agus staid na próiseála, nó, i gcás inarb iomchuí, líon na n-aonán;

(g)

ainm nó sainaitheantóir an oibreora dá dtagraítear in Airteagal 60(5);

(h)

ainm agus seoladh na saoráidí ina stóráiltear na táirgí agus an sainaitheantóir uathúil lena mbaineann;

(i)

nuair is infheidhme, tagairt don doiciméad iompair dá dtagraítear in Airteagal 68;

(j)

le haghaidh táirgí iascaigh faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe, na cainníochtaí i gcileagraim arna sloinneadh i nglanmheáchan nó, i gcás inarb iomchuí, líon na n-aonán.

5.   De mhaolú ar mhír 4, i gcás na hiascaireachta gan soitheach, beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa dhearbhú glactha freagrachta:

(a)

an sainaitheantóir uathúil sa chóras dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 54d(2);

(b)

sainaitheantóir uathúil/sainaitheantóirí uathúla an lae iascaireachta;

(c)

an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, pointí (e), (f), (h), (i) agus (j), den Airteagal seo.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha sonracha a leagan síos maidir le formáid agus le tíolacadh an dearbhaithe glactha freagrachta. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).’.

(61)

scriostar Airteagal 67.

(62)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 68:

‘Airteagal 68

Táirgí iascaigh a iompar agus an doiciméad iompair a chomhlánú agus a chur isteach

1.   I gcás ina n-iomprófar táirgí iascaigh sula ndíolfar den chéad uair iad, lena n-áirítear na cásanna dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) d’Airteagal 60(3), nó sula ndíolfar i dtríú tír den chéad uair iad, beidh doiciméad iompair ag gabháil leo ina léireofar na táirgí iascaigh agus na cainníochtaí a iompraítear.

2.   Sula gcuirfear tús leis an iompar dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an t-iompróir an doiciméad iompair faoi bhráid na n-údarás inniúla i mBallstát brataí, i mBallstát ina ndéanfar an ghabháil a thabhairt i dtír, i mBallstát/i mBallstáit idirthurais agus i mBallstát cinn scríbe na dtáirgí iascaigh go leictreonach, mar is iomchuí.

3.   Beidh an t-iompróir freagrach as cruinneas an doiciméid iompair.

4.   Beidh sainaitheantóir uathúil ag an doiciméad iompair dá dtagraítear i mír 1 agus cuimseofar ann an fhaisnéis a leanas ar a laghad:

(a)

an áit/na háiteanna agus seoladh/seoltaí cinn scríbe na coinsíneachta/na gcoinsíneachtaí agus sainaitheantóir na feithicle iompair agus an iompróra;

(b)

sainaitheantóir uathúil/sainaitheantóirí uathúla an turais iascaireachta;

(c)

uimhir chlár cabhlaigh an Aontais nó, i gcás nach bhfuil an uimhir sin ar fáil, sainaitheantóir soithigh gabhála eile agus ainm an tsoithigh sin;

(d)

cód alfa-3 EBT (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe) de gach speiceas agus den limistéar geografach ábhartha inar ndearnadh gabhálacha;

(e)

na cainníochtaí de gach speicis arna n-iompar i gcileagraim de réir táirgemheáchain, arna miondealú de réir chur i láthair an táirge agus staid na próiseála, nó, i gcás inarb iomchuí, líon na n-aonán agus, i gcás inarb iomchuí, de réir na n-áiteanna cinn scríbe;

(f)

ainm nó sainaitheantóir an oibreora dá dtagraítear in Airteagal 60(5), i gcás inarb iomchuí;

(g)

ainm/ainmneacha, sainaitheantóir/sainaitheantóirí uathúla agus seoladh/seoltaí an choinsíní/na gcoinsínithe;

(h)

láthair agus dáta agus am an luchtaithe;

(i)

i gcás na dtáirgí iascaigh atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme, na cainníochtaí i gcileagraim arna sloinneadh i nglanmheáchan nó, i gcás inarb iomchuí, líon na n-aonán.

5.   De mhaolú ar mhír 4, i gcás na hiascaireachta gan soitheach, beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa doiciméad iompair:

(a)

an t-aitheantóir uathúil sa chóras dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 54d(2);

(b)

sainaitheantóir uathúil/sainaitheantóirí uathúla an lae iascaireachta;

(c)

an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, pointí (a), (d), (e), (g), (h) agus (i), den Airteagal seo.

6.   Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát díolúintí a dhámhachtain ón oibleagáid atá leagtha amach i mír 1 agus mír 2 má iompraítear na táirgí iascaigh laistigh de limistéar calafoirt nó laistigh de limistéar nach mó ná 25 km ón áit ina ndéantar na gabhálacha a thabhairt i dtír.

7.   I gcás ina n-iompraítear táirgí iascaigh arna bhfógairt go bhfuil siad díolta i nóta díolacháin chuig láthair seachas an áit ina ndéantar gabhálacha a thabhairt i dtír, beidh an t-iompróir ábalta a chruthú gur tharla idirbheart díolacháin.

8.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeidh feidhm ag oibleagáidí agus freagrachtaí an iompróra faoi mhíreanna 2, 3 agus 7 ar aon oibreoir eile faoin Airteagal seo.

9.   Féadfar cóip den dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear in Airteagal 23 nó aon doiciméad coibhéiseach a bhaineann le cainníochtaí na dtáirgí iascaigh atá á n-iompar a chur in ionad an doiciméid iompair dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis chéanna dá bhforáiltear i mír 4 nó i mír 5 den Airteagal seo, de réir mar is infheidhme, sa doiciméad a chuirfear in ionad an doiciméid iompair.

10.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le formáid agus le tíolacadh na ndoiciméad iompair. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).’.

(63)

scriostar Caibidil III de Theideal V.

(64)

leasaítear Airteagal 71 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

amhairc ar shoithí cigireachta a dhéanann aerárthaí faireachais, nó trí mhodhanna eile faireachais;’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Má thagraíonn an t-amharc nó an brath do shoitheach iascaireachta de chuid Ballstát eile nó de chuid tríú tír agus nach gcomhfhreagraíonn an fhaisnéis d’aon fhaisnéis eile atá ar fáil don Bhallstát cósta agus mura féidir leis an mBallstát cósta sin gníomhaíochtaí breise a dhéanamh, taifeadfaidh an Ballstát sin a thorthaí i dtuarascáil faireachais agus tarchuirfidh sé an tuarascáil sin gan mhoill, go leictreonach más féidir, chuig an mBallstát nó chuig an tríú tír lena mbaineann. I gcás soitheach de chuid tríú tír, cuirfear an tuarascáil faireachais chuig an gCoimisiún agus chuig EFCA freisin’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le formáid agus le hábhar na tuarascála faireachais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).’

.

(65)

leasaítear Airteagal 73 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

‘1.   I gcás ina bhfuil scéim breathnóirí rialaithe de chuid an Aontais bunaithe i gcomhréir leis an gConradh, déanfaidh breathnóirí rialaithe ar bord soithí iascaireachta a d’ainmnigh Ballstáit faireachán ar chomhlíonadh an tsoithigh iascaireachta le rialacha an chomhbheartais iascaigh. Cuirfidh siad chun feidhme cúraimí go léir na scéime breathnóirí agus go háirithe taifeadfaidh siad gníomhaíochtaí iascaireachta an tsoithigh agus scrúdóidh siad na doiciméid ábhartha.

2.   Bainfidh an méid a leanas le breathnóirí rialaithe:

(a)

beidh siad cáilithe dá gcuid cúraimí agus gheobhaidh siad traenáil rialta ó Bhallstáit nó i gcás inarb iomchuí, ó EFCA;

(b)

beidh siad neamhspleách ó úinéir, shealbhóir ceadúnais, mháistir na soithí iascaireachta agus ó bhall criú ar bith;

(c)

ní bheidh nasc eacnamaíoch ar bith acu leis an oibreoir;

(d)

bainfidh siad a dtascanna amach ar dhóigh neamh-idirdhealaitheach;

(e)

beidh siad feistithe le gléas cumarsáide dhá bhealach atá neamhspleách ón soitheach ar muir.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   I gcás go dtugann breathnóirí rialaithe sárú tromchúiseach faoi deara, lena n-áirítear bac nó cosc ar na breathnóirí rialaithe a gcuid dualgas a fheidhmiú, cuirfidh siad é sin in iúl gan mhoill d’údaráis inniúla an Bhallstáit bhrataí.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8 agus mhír 9:

‘8.   Is ar na Ballstáit brataí a bheidh na costais uile a thagann as oibríocht na mbreathnóirí rialaithe faoin Airteagal seo. I gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar oibreoirí na soithí gabhála a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a bhfuil baint acu leis an iascach ábhartha ranníocaíocht a dhéanamh leis na costais sin gan dochar do mhír 2, pointe (b).’.

9.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an mhodheolaíocht le húsáid chun soithí a shainaithint chun scéim breathnóirí rialaithe a chur i bhfeidhm;

(b)

formáid agus ábhar na dtuarascálacha breathnóirí;

(c)

an córas cumarsáide le haghaidh breathnóirí rialaithe;

(d)

rialacha maidir le slándáil breathnóirí rialaithe ar shoithí;

(e)

bearta chun neamhspleáchas breathnóirí rialaithe a áirithiú lena n-áirítear socruithe dá luacha saothair;

(f)

dualgais breathnóirí rialaithe lena n-áirítear sa chás ina mbeidh amhras gur tharla sárú tromchúiseach;

(g)

íoscheanglais maidir le cáiliú agus oiliúint breathnóirí rialaithe.’/.

(66)

i dTeideal VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Caibidil I:

Caibidil I

Forálacha Ginearálta

Airteagal 74

Cigireachtaí a dhéanamh

1.   Bunóidh na Ballstáit liosta de na hoifigigh sin atá freagrach as cigireachtaí a dhéanamh agus coimeádfaidh siad an liosta sin cothrom le dáta.

2.   Cuirfidh na hoifigigh a ndualgais i gcrích i gcomhréir le dlí an Aontais. Is ar shlí neamh-idirdhealaitheach a ullmhóidh agus a dhéanfaidh siad cigireachtaí ar muir, feadh líne an chladaigh, i gcalafoirt agus ag áiteanna ina dtugtar gabhálacha i dtír, le linn iompair, ar áitreabh próiseála agus feadh shlabhra soláthair na dtáirgí iascaigh.

3.   Fíoróidh na hoifigigh go mbeidh na gníomhaíochtaí arna gcur i gcrích ag na hoibreoirí agus na máistrí i gcomhréir le rialacha an chomhbheartais iascaigh, agus go háirithe:

(a)

dlíthiúlacht na dtáirgí iascaigh a choinnítear ar bord, a stóráiltear, a iompraítear, a thrasloingsítear, a aistrítear, a thugtar i dtír, a phróiseáiltear nó a mhargaítear agus cruinneas na ndoiciméad nó an tarchuir leictreonaigh a bhaineann leo;

(b)

dlíthiúlacht an trealaimh iascaireachta a úsáidtear do na spriocspeicis agus do speicis forghabhála, do na gabhálacha a choinnítear ar bord, agus go mbeidh bearta teicniúla eile atá infheidhme chun acmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint á gcomhlíonadh leis an trealamh sin;

(c)

trealamh a bheith ar bord chun trealamh iascaireachta a bhailiú dá dtagraítear in Airteagal 48;

(d)

más infheidhme, an plean stuála agus stuáil ar leithligh na speiceas;

(e)

Marcálacha agus sainaithint na soithí agus an trealaimh;

(f)

an fhaisnéis faoin inneall dá dtagraítear in Airteagal 40;

(g)

úsáid agus feidhmiú chórais cianfhaireacháin leictreonacha agus feistí faireacháin leictreonacha eile, i gcás inarb iomchuí;

(h)

comhlíonadh na rialacha maidir le breathnóirí rialaithe, más infheidhme.

4.   Féadfaidh oifigigh na limistéir, na deiceanna agus na seomraí ábhartha uile a scrúdú. Lena chois sin, féadfaidh siad scrúdú a dhéanamh ar ghabhálacha, bídís próiseáilte nó ná bíodh, ar aon trealamh iascaireachta, ar threalamh eile, ar choimeádáin agus ar phacáistí ina bhfuil éisc nó táirgí iascaigh agus ar aon doiciméid nó ar tharchur leictreonach ábhartha eile a mheasann siad a bheith riachtanach chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a fhíorú. Féadfaidh siad daoine a mheastar a bhfuil faisnéis acu faoi ábhar na cigireachta a cheistiú freisin.

5.   Cuirfear an oiliúint is gá ar oifigigh chun a gcúraimí a chomhlíonadh.

6.   Is i gcaoi a chruthóidh an cur isteach nó an ciotaí is lú don soitheach nó don fheithicil iompair agus dá ghníomhaíochtaí nó dá gníomhaíochtaí, agus do stóráil, do phróiseáil agus do mhargú na gabhála, a dhéanfaidh na hoifigigh cigireachtaí. Cuirfidh siad cosc, a mhéid is féidir, ar aon díghrádú i leith na gabhála le linn na cigireachta.

7.   Beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag údaráis inniúla na mBallstát lena áirithiú go ndéanfar aon ghearán maidir le déanamh na gcigireachtaí a imscrúdú mar is ceart.

8.   Má bhíonn cúis ag oifigeach a bhfuil cigireacht á déanamh aige nó aici lena chreidiúint go bhfuil soitheach iascaireachta i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta le saothar éigeantais a úsáid, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) Uimh. 29 maidir le Saothar Éigeantach, tabharfaidh an t-oifigeach sin fógra d’aon údaráis ábhartha eile de chuid an Bhallstáit sin.

9.   Féadfaidh na Ballstáit chósta, faoi réir socruithe iomchuí leis an mBallstát brataí, oifigigh údaráis inniúla an Bhallstáit sin páirt a ghlacadh i gcigireachtaí a dhéantar ar shoithigh iascaireachta a bhfuil bratachan Bhallstáit sin ar foluain acu agus na soithigh sin ag oibriú in uiscí an Bhallstáit cósta sin nó le linn dóibh tabhairt i dtír ina gcuid gcalafort nó ag áiteanna ina dtugtar gabhálacha i dtír dá chuid.

10.   Glacfaidh na Ballstáit cur chuige rioscabhunaithe maidir le roghnú spriocanna cigireachta. Maidir le hiascaigh atá faoi réir clár sonrach maidir le rialú agus cigireacht dá dtagraítear in Airteagal 95, bunófar an cur chuige sin i gcomhréir leis an modheolaíocht chomhchuibhithe arna bunú ag na Ballstáit i gcomhar le EFCA.

11.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a lena bhforlíontar an Rialachán sin trí rialacha faoi leith a leagan síos maidir le cigireachtaí a dhéanamh. D'fhéadfadh baint a bheith ag na rialacha sin leis na nithe seo a leanas:

(a)

údarú na n-oifigeach atá freagrach as cigireachtaí a dhéanamh ar muir nó ar tír agus na híoschaighdeáin a bhaineann lena gcáiliú;

(b)

gníomhaíochtaí rialaithe, cigireachta agus forghníomhaithe a chomhordú idir na Ballstáit;

(c)

dualgais na n-oifigeach atá údaraithe cigireachtaí a dhéanamh;

(d)

comhordú cigireachta ar muir agus ar talamh.

Airteagal 75

Dualgais an oibreora agus an mháistir

1.   Oibreoidh an t-oibreoir agus an máistir i gcomhar agus i gcabhair leis na hoifigigh agus iad i mbun a gcuid dualgas a bhaineann le cigireachtaí. Éascóidh siad rochtain shábháilte ar an soitheach, lena n-áirítear boilg an tsoithigh, feithiclí iompair, coimeádáin nó seomraí stórála ina stóráiltear, ina bpróiseáiltear nó ina margaítear táirgí iascaigh, nó saoráidí ina ndéantar trealamh iascaireachta a stóráil nó a dheisiú. Áiritheoidh siad sábháilteacht na n-oifigeach agus ní chuirfidh siad bac ná imeagla orthu ná ní chuirfidh siad isteach orthu agus iad i mbun a gcuid dualgas.

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a lena bhforlíontar an Rialachán sin, trí rialacha a leagan síos maidir leis na dualgais atá ag oibreoirí agus máistrí a bhaineann le cigireachtaí.

Airteagal 76

Tuarascáil chigireachta

1.   Déanfaidh na hoifigigh tuarascáil chigireachta a tharraingt suas tar éis gach cigireachta agus cuirfidh siad ar aghaidh chuig a n-údaráis inniúla í. Déanfar na sonraí atá sa tuarascáil sin a thaifeadadh agus a tharchur go leictreonach. I gcás cigireacht ar shoitheach iascaireachta a bhfuil bratach Ballstáit eile ar foluain aige, déanfar cóip den tuarascáil chigireachta a chur go leictreonach agus gan mhoill chuig an mBallstát brataí.

I gcás cigireacht ar shoitheach iascaireachta a bhfuil bratach tríú tír ar foluain aige, déanfar cóip den tuarascáil chigireachta a chur go leictreonach agus gan mhoill chuig údaráis inniúla an tríú tír lena mbaineann. I gcás ina mbraitear sárú tromchúiseach, cuirfear cóip den tuarascáil chigireachta chuig an gCoimisiún freisin.

I gcás cigireacht a dhéanfar in uiscí nó i gcalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit nach é Ballstát na cigireachta é, i gcomhréir leis an Rialachán sin, nó in uiscí nó i gcalafoirt tríú tír i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta, déanfar cóip den tuarascáil chigireachta a chur go leictreonach agus gan mhoill chuig an mBallstát sin nó an tríú tír sin.

2.   Cuirfidh na hoifigigh torthaí na cigireachta in iúl don oibreoir nó don mháistir agus beidh an deis aige a bharúil a thabhairt faoin gcigireacht agus faoi na torthaí. Léireofar sa tuarascáil chigireachta na barúlacha sin. Tabharfaidh na hoifigigh le fios sa logleabhar iascaireachta go ndearnadh cigireacht.

3.   Déanfar cóip den tuarascáil chigireachta a chur, a luaithe is féidir, chuig an oibreoir nó an máistir, agus, ar aon chaoi, tráth nach déanaí ná 15 lá oibre tar éis an chigireacht a chur i gcrích.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha sonracha a leagan síos maidir le formáid agus inneachar íosta na dtuarascálacha cigireachta, maidir le cur i gcrích agus tarchur na dtuarascálacha cigireachta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

Airteagal 77

Inghlacthacht na dtuarascálacha cigireachta agus faireachais

Fianaise inghlactha a bheidh i dtuarascálacha cigireachta agus faireachais arna dtarraingt suas ag cigirí de chuid an Aontais nó ag oifigigh Ballstáit eile nó ag oifigigh an Choimisiúin nó ag údaráis inniúla tríú tír, in imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha aon Bhallstáit. Maidir le fíorais a shuíomh, measfar tuarascálacha cigireachta agus faireachais arna dtarraingt suas ag cigirí de chuid an Aontais nó ag oifigigh Ballstáit eile nó ag oifigigh an Choimisiúin, a bheith comhionann le tuarascálacha cigireachta agus faireachais de chuid na mBallstát iad.

Airteagal 78

Bunachar sonraí leictreonach

1.   Déanfaidh gach Ballstát bunachar sonraí leictreonach a bhunú agus a choimeád cothrom le dáta, ina n-uaslódálfaidh sé na tuarascálacha cigireachta agus na tuarascálacha faireachais uile a bhaineann leis na hoibreoirí atá bunaithe ar a chríoch agus na soithí iascaireachta sin a bhfuil a bhratach ar foluain acu agus ar tharraing a oifigigh féin suas iad, mar aon le tuarascáil chigireachta agus tuarascálacha faireachais eile ar tharraing a oifigigh féin suas iad. Beidh cianrochtain ag an gCoimisiún agus ag EFCA ar bhunachair sonraí na mBallstát, i gcomhréir le hAirteagal 110.

2.   Stórálfaidh gach Ballstát, i bhformáid leictreonach, tuarascálacha cigireachta agus tuarascálacha faireachais maidir le soithí iascaireachta a bhfuil a bhratach ar foluain acu agus ar tharraing oifigigh tríú tíortha suas iad.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le hoibriú an bhunachair sonraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

Airteagal 79

Cigirí de chuid an Aontais

1.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún fógra a chur chuig EFCA ina mbeidh liosta de na hoifigigh a bheidh le háireamh ar an liosta de chigirí de chuid an Aontais. Déanfaidh an Ghníomhaireacht an liosta de chigirí de chuid an Aontais, lena n-áirítear oifigigh na mBallstát, oifigigh an Choimisiúin agus oifigigh na Gníomhaireachta féin. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an liosta sin ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit.

2.   Gan dochar do phríomhfhreagracht na mBallstát cósta, féadfaidh cigirí de chuid an Aontais cigireachtaí a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán sin i gcríoch na mBallstát agus in uiscí an Aontais, agus ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais lasmuigh d'uiscí an Aontais. I gcás cigireacht ar chríoch Ballstáit, ní fhéadfaidh cigirí de chuid an Aontais nach gceapfaidh an Ballstát sin na cigireachtaí sin a dhéanamh ach amháin i láthair oifigigh arna cheapadh ag an mBallstát sin a bheidh i gceannas ar an gcigireacht, nó le comhaontú an Bhallstáit sin.

3.   Féadfar cigirí de chuid an Aontais a shannadh le haghaidh na gcúraimí seo a leanas:

(a)

cur chun feidhme na gclár sainiúil rialaithe agus cigireachta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 95;

(b)

cláir rialaithe iascaigh idirnáisiúnta, i gcás ina bhfuil sé d’oibleagáid ar an Aontas foráil a dhéanamh maidir le rialú.

4.   féadfaidh cigirí de chuid an Aontais cúnamh a thabhairt i ngníomhaíochtaí oiliúna a bhaineann le rialú agus cigireacht lena n-áirítear gníomhaíochtaí oiliúna a bhaineann le hoifigigh tríú tír.

5.   Lena gcuid cúraimí a chomhlíonadh agus faoi réir mhír 6, a mhéid céanna agus faoi na coinníollacha céanna le hoifigigh an Bhallstáit ina ndéantar an chigireacht, beidh rochtain gan mhoill ag cigirí de chuid an Aontais ar na nithe seo a leanas:

(a)

ar gach áit ar bord soithí iascaireachta an Aontais agus aon soithí eile atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta, ar áitribh nó ionaid phoiblí agus ar mhodhanna iompair; agus

(b)

ar gach faisnéis agus doiciméad ábhartha is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh, go háirithe na logleabhair iascaireachta, an ceadúnas iascaireachta, deimhniú chumhacht an innill, sonraí ó ghléasanna faireacháin leictreonacha, dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, deimhnithe gabhála, dearbhuithe trasloingsithe agus nótaí díolacháin.

6.   Ní bheidh aon chumhachtaí póilíneachta agus forghníomhaithe ag cigirí de chuid an Aontais lasmuigh de chríoch a mBallstáit tionscnaimh, nó lasmuigh d'uiscí an Aontais atá faoi cheannasacht agus faoi dhlínse a mBallstáit tionscnaimh.

7.   Nuair a cheaptar mar chigirí de chuid an Aontais iad, ní bheidh aon chumhachtaí póilíneachta nó forghníomhaithe ag oifigigh de chuid an Choimisiúin nó de EFCA.

8.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

fógra faoi chigirí de chuid an Aontais a thabhairt do EFCA;

(b)

an liosta de chigirí de chuid an Aontais a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta;

(c)

fógra faoi chigirí de chuid an Aontais a thabhairt d’eagraíochtaí réigiúnacha um bainistíocht iascaigh;

(d)

cumhachtaí agus dualgais cigirí de chuid an Aontais;

(e)

tuarascálacha cigirí de chuid an Aontais;

(f)

an obair a leanann tuarascálacha chigirí de chuid an Aontais.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).’.

(67)

in Airteagal 80, leasaítear mír 4 mar a leanas:

‘4.   Féadfaidh Ballstát, i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta, cigireacht a dhéanamh ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhfuil bratach an Bhallstáit sin nó bratach Ballstáit eile ar foluain acu in uiscí nó i gcalafoirt tríú tíortha.’

.

(68)

i dTeideal VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil III:

Nós imeachta i gcás sáraithe ’.

(69)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 82:

“Airteagal 82

Dualgais na n-oifigeach i gcás sárú

1.   I gcás ina bhfágtar leis an bhfaisnéis a bhailítear le linn cigireachta nó aon sonraí nó faisnéis ábhartha eile go gcreideann an t-oifigeach go ndearnadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a shárú, déanfaidh an t-oifigeach an méid seo a leanas:

(a)

an sárú a bhraitear sa tuarascáil chigireachta a thaifeadadh;

(b)

gach beart is gá lena áirithiú go gcosnófar an fhianaise a bhaineann leis an sárú sin a bhraitear;

(c)

an tuarascáil chigireachta a chur láithreach chuig an údarás inniúil;

(d)

an duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil amhras faoi go ndearna sé an sárú nó a gabhadh agus é i mbun an tsáraithe a chur ar an eolas go bhféadfaí, de thoradh an tsáraithe sin, smachtbhannaí agus líon cuí pointí i gcomhréir le hAirteagal 92 a shannadh. Déanfar é sin a thaifeadadh sa tuarascáil chigireachta.

2.   Féadfaidh oifigigh fanacht ar bord soithigh iascaireachta go dtí go ndéanfar na bearta is gá i ndáil leis an imscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 85. Beidh sé sin fíor, mutatis mutandis, i gcás cigireachtaí a dhéantar in aon áitreabh ina ndéantar táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a thabhairt i dtír, a stóráil, a phróiseáil nó a mhargú, agus maidir le cigireachtaí le linn iompar na dtáirgí sin. I gcás ina ndéanfar an chigireacht i leith feithicil a úsáidtear chun táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a iompar, ní údarófar don fheithicil leanúint ar aghaidh go dtí go mbeidh na bearta is gá déanta i ndáil leis an imscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 85.’.

(70)

scriostar Airteagal 84.

(71)

i dTeideal VII, scriostar na focail seo a leanas:

Caibidil IV

Imeachtaí maidir le sáruithe a bhraitear le linn cigireachtaí ’.

(72)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 85 agus Airteagal 86:

“Airteagal 85

Imeachtaí

1.   Gan dochar d’Airteagail 72, 83(2) agus 86, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát na bearta iomchuí i gcomhréir le Teideal VIII agus rachaidh siad ar aghaidh láithreach leis an gcigireacht i gcás ina mbraitear aon sárú le linn cigireachta atá á déanamh ag a n-oifigigh, ag oifigigh Ballstáit eile, ag cigirí de chuid an Aontais nó ag oifigigh tríú tíortha, nó i gcás ina bhfágann sonraí nó faisnéis ábhartha go gcreideann údaráis inniúla na mBallstát gur sáraíodh rialacha an chomhbheartais iascaigh.

2.   I gcás sárú tromchúiseach, déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí láithreach i gcomhréir le hAirteagal 91.

Airteagal 86

Imeachtaí a aistriú

1.   Féadfaidh an Ballstát ina mbraitear sárú ina chríoch nó ina uiscí na himeachtaí a bhaineann leis an sárú sin a aistriú chuig údaráis inniúla an Bhallstáit brataí nó chuig an Bhallstáit ar náisiúnach sa tír sin iad a bhfuil amhras fúthu go ndearna siad sárú, le comhaontú an Bhallstáit lena mbaineann agus ar choinníoll gur dóchúla go mbeidh an toradh dá dtagraítear in Airteagal 89a(2) ar na himeachtaí má aistrítear iad.

2.   Féadfaidh an Ballstát brataí na himeachtaí a bhaineann le sárú a aistriú chuig údaráis inniúla an Bhallstáit a bhraith an sárú sin, le comhaontú an Bhallstáit lena mbaineann agus ar an gcoinníoll gur dóchúla go mbeidh an toradh dá dtagraítear in Airteagal 89a(2) ar aistriú na n-imeachtaí.’.

(73)

scriostar Airteagal 87.

(74)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 88:

“Airteagal 88

Bearta ceartaitheacha i gcás nach gcuirfidh an Ballstát ina ndéanfar an ghabháila thabhairt i dtír nó inar trasloingsíodh an ghabháil imeachtaí ar bun

1.   I gcás nach é an Ballstát brataí Ballstát ina ndéanfar an ghabháil a tabhairt i dtír nó Ballstát an trasloingsithe agus nach ndéanfaidh a údaráis inniúla bearta iomchuí i gcoinne na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach, nó nach n-aistreoidh siad na himeachtaí i gcomhréir le hAirteagal 86, féadfar na cainníochtaí éisc a gabhadh, a aiscuireadh, a tugadh i dtír nó a trasloingsíodh sa sárú ar rialacha an chomhbheartais iascaigh a chur san áireamh sa chuóta a leithdháileadh ar Bhallstát ina ndéanfar an ghabháil a thabhairt i dtír nó Ballstát an trasloingsithe.

2.   Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na cainníochtaí éisc a bheidh le comháireamh in aghaidh chuóta an Bhallstáit ina ndéanfar an ghabháil a thabhairt i dtír nó inar trasloingsíodh an ghabháil tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann.

3.   I gcás nach bhfuil cuóta comhfhreagrach ar fáil a thuilleadh ag Ballstát ina ndéanfar an ghabháil an tabhairt i dtír nó Ballstát an trasloingsithe, beidh feidhm ag Airteagal 37. Chuige sin, measfar go bhfuil na cainníochtaí éisc a gabhadh, a aischuireadh, a tugadh i dtír, nó a trasloingsíodh sa sárú ar rialacha an chomhbheartais iascaigh i gcoibhéis le méid an dochair a rinneadh, de réir mar a luaitear san Airteagal sin, don Bhallstát brataí’.

(75)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Theideal VIII:

TEIDEAL VIII

FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 89

Bearta agus smachtbhannaí chun comhlíonadh a áirithiú

1.   I gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus le forálacha an Rialacháin sin, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le bearta agus smachtbhannaí, i gcoinne an duine nádúrtha a rinne sárú ar rialacha an chomhbheartais iascaigh nó i gcoinne duine dlítheanach a cuireadh faoi dhliteanas mar gheall ar shárú ar rialacha an chomhbheartais iascaigh agus déanfaidh siad, go córasach:

(a)

imeachtaí a thosú i gcomhréir le hAirteagal 85;

(b)

bearta iomchuí a ghlacadh nuair a bhraitear sárú; agus

(c)

smachtbhannaí faoin Teideal seo a chur chun feidhme i gcoinne an duine nádúrtha nó daoine dlítheanacha a rinne sárú ar rialacha an chomhbheartais iascaigh nó a cuireadh faoi dhliteanas mar gheall ar shárú ar rialacha an chomhbheartais iascaigh.

2.   Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit a bhfuil dlínse acu i gcás sáraithe fógra a thabhairt, gan mhoill agus i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, don Bhallstáit brataí, don Bhallstát ar náisiúnach de an ciontóir, nó d’aon Bhallstáit eile atá ábhartha do na himeachtaí riaracháin nó coiriúla, faoi na himeachtaí sin nó faoi bhearta eile arna ndéanamh faoin Teideal seo.

3.   Déanfaidh na Ballstáit, faoin 10 Aibreán 2026, fógra faoi na forálacha náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt don Choimisiún, agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.

Airteagal 89a

Smachtbhannaí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh duine nádúrtha a sháraíonn rialacha an chomhbheartais iascaigh, nó duine dlítheanach atá faoi dhliteanas mar gheall ar shárú na rialacha sin faoi réir smachtbhannaí riaracháin éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha. Féadfaidh na Ballstáit smachtbhannaí coiriúla éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a úsáid freisin, nó de rogha air sin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh leibhéal foriomlán na smachtbhannaí agus na smachtbhannaí coimhdeacha a chuirfear chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán sin agus na forálacha ábhartha sa dlí náisiúnta comhréireach le troime na sáruithe agus dian go leor chun go ndíspreagfar go héifeachtach sáruithe breise agus go ndéanfar na sochair eacnamaíocha a eascraíonn as an sárú sin nó a bhfuil súil go n-eascróidh siad as a bhaint go héifeachtach ó na daoine sin atá freagrach as an sárú gan dochar don cheart dlisteanach a ngairm a chleachtadh. Chun na críche sin, cuirfear san áireamh bearta forfheidhmithe a rinneadh láithreach de bhun Airteagal 91.

3.   Agus na smachtbhannaí sin á gcinneadh ag na Ballstáit, cuirfidh siad san áireamh, go háirithe, tromchúis, cineál agus oiread an tsáraithe, lena n-áirítear an mórdhochar nó leibhéal an dochair a rinneadh do na hacmhainní iascaireachta agus don chomhshaol muirí lena mbaineann, fad an tsáraithe nó cé chomh minic a tharla sé, agus carnadh na sáruithe comhuaineacha. Féadfaidh na Ballstáit staid eacnamaíoch an chiontóra a chur san áireamh freisin chun athchomhairleacht na smachtbhannaí sin a áirithiú.

4.   Féadfaidh na Ballstáit córas a chur i bhfeidhm le go mbeidh pionós airgeadais i gcomhréir le láimhdeachas an duine dhlítheanaigh, nó leis an sochar eacnamaíoch a eascraíonn as an sárú sin nó a bhfuil súil go n-eascróidh siad as.

Airteagal 90

Sáruithe tromchúiseacha

1.   Chun críoch an Rialacháin sin, is é a chiallaíonn ‘sárú tromchúiseach’ ná sárú a liostaítear i mír 2 nó a mheastar gur sárú tromchúiseach é de bhun mhír 3.

2.   Beidh ceann ar bith de na gníomhaíochtaí seo a leanas ina shárú tromchúiseach:

(a)

a bheith ag iascaireacht gan ceadúnas, údarú nó cead bailí a d’eisigh an Stát brataí nó an Stát cósta ábhartha;

(b)

na marcanna ar shoitheach iascaireachta, nó a céannacht nó a shonraí cláraithe, a fhalsú nó a cheilt;

(c)

fianaise maidir le himscrúdú a cheilt, an fhianaise sin a chur as a riocht, nó í a dhiúscairt;

(d)

bac a chur ar obair oifigeach nó breathnóirí agus iad i mbun a gcuid dualgas;

(e)

trasloingsiú gan an t-údarú is gá nó i gcás ina bhfuil an trasloingsiú sin toirmiscthe;

(f)

oibríochtaí aistrithe nó cur i gcaighean a dhéanamh, go háirithe mar a thagraítear dóibh in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*13), de shárú ar rialacha an chomhbheartais iascaigh;

(g)

trasloingsiú a dhéanamh chuig soithí nó ó shoithí a liostaítear ar liosta an Aontais de shoithí NNN nó ar liosta de chuid eagraíocht réigiúnaí um bainistíocht iascaigh, dá dtagraítear in Airteagail 29 agus 30 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, nó dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i gcomhar leis na soithí sin, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí iascaireachta comhpháirteacha leo, nó tacaíocht a thabhairt dóibh nó iad a sholáthar;

(h)

páirt a ghlacadh in oibriú, bainistiú, úinéireacht, lena n-áirítear úinéireacht thairbhiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*14), nó seirbhísí a sholáthar, lena n-áirítear seirbhísí lóistíochta, árachais agus seirbhísí airgeadais eile, d’oibreoirí atá bainteach le soitheach a liostaítear ar liosta an Aontais de shoithí NNN nó ar liosta eagraíochta réigiúnaí bainistithe iascaigh dá dtagraítear in Airteagail 29 agus 30 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;

(i)

gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh de shárú ar na rialacha is infheidhme i limistéar iascaireachta srianta;

(j)

speicis a ghabháil, a stóráil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír; a stóráil, a dhíol, a chur ar taispeáint nó a chur ar díol, ar a bhfuil toirmeasc ar na gníomhaíochtaí sin, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagail 10 agus 11 de Rialachán (AE) 2019/1241;

(k)

gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh a bhaineann le speicis atá faoi réir teorainneacha gabhála nach bhfuil cuóta ag an oibreoir ina leith nó nach bhfuil rochtain aige ar chuóta an Bhallstáit brataí, speicis a bhfuil an cuóta caite, nó speicis atá faoi réir moratóra iascaireachta, toirmeasc sealadach nó séasúr coiscthe, seachas gabhálacha de thaisme, ach amháin más sárú tromchúiseach faoi phointe (j) í an ghníomhaíocht;

(l)

oibriú, bainistiú nó úinéireacht soithigh iascaireachta atá gan náisiúntacht agus é ina shoitheach gan stát, dá bhrí sin, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta;

(m)

trealamh nó modhanna iascaireachta toirmiscthe a úsáid, dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1241 nó aon rialacha coibhéiseacha eile den chomhbheartas iascaigh;

(n)

doiciméid, faisnéis nó sonraí a fhalsú, arna scríobh ar pháipéar nó arna stóráil i bhfoirm leictreonach, dá dtagraítear i rialacha an chomhbheartais iascaigh;

(o)

inneall nó gléas faireacháin na cumhachta innill leanúnaí a ionramháil d’fhonn cumhacht an innill a mhéadú thar an gcumhacht innill leanúnach uasta a luaitear ar dheimhniú chumhacht an innill;

(p)

gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh trí shaothar éignithe a úsáid, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Choinbhinsiún EIS Uimh. 29 maidir le Saothar Éignithe.

3.   Beidh na gníomhaíochtaí seo a leanas ina sárú tromchúiseach i gcás ina gcinnfidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann go bhfuil ceann amháin ar a laghad de na critéir a shainítear in Iarscríbhinn IV comhlíonta:

(a)

úsáid a bhaint as doiciméid atá neamhbhailí nó falsaithe, arna scríobh ar pháipéar nó arna stóráil i bhfoirm leictreonach, dá dtagraítear i rialacha an chomhbheartais iascaigh;

(b)

gan na hoibleagáidí a chomhlíonadh maidir le sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta a thaifeadadh, a stóráil agus a thuairisciú go cruinn, lena n-áirítear sonraí a bheidh le tarchur tríd an gcóras nó na córais um fhaireachán soithí, chomh maith le sonraí i ndáil le réamhfhógraí, dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, dearbhuithe trasloingsithe, logleabhair iascaireachta, dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, taifid na meáite, dearbhuithe glactha freagrachta, doiciméid maidir le hiompar nó nótaí ar dhíolacháin mar a cheanglaítear le rialacha an chomhbheartais iascaigh; seachas oibleagáidí a bhaineann leis an gcorrlach lamháltais dá dtagraítear i bpointe (c);

(c)

gan na hoibleagáidí a chomhlíonadh i dtaobh meastacháin ar chainníochtaí a thaifeadadh go cruinn laistigh den chorrlach ceadaithe lamháltais, i gcomhréir le hAirteagal 14(3) agus (4) agus Airteagal 21(3) den Rialachán sin agus Airteagal 13 den Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*15);

(d)

gan na hoibleagáidí a chomhlíonadh a bhaineann le saintréithe nó úsáid trealaimh iascaireachta, gléasanna fuaimchiaptha, gléasanna roghnaíochta nó comhiomlánaithe iascaireachta, go háirithe le marcáil agus sainaithint, limistéir, doimhneachtaí, tréimhsí nó líon na ngiaranna, méid an mhogaill, nó den trealamh le haghaidh grádaithe, scagadh uisce, nó próiseála nó gan bearta a chomhlíonadh maidir le gabhálacha de thaisme de speicis íogaire a laghdú, mar a cheanglaítear le rialacha an chomhbheartais iascaigh, ach amháin más sárú tromchúiseach faoi mhír 2 atá i gceist;

(e)

gan na speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, lena n-áirítear gabhálacha atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe, a sháraíonn rialacha an chomhbheartais iascaigh is infheidhme maidir le hiascach nó le limistéir iascaireachta, a thabhairt nó a choimeád ar bord an tsoithigh iascaireachta, bíodh gur sciorradh, teip ar an tabhairt i dtír, nó, nuair is infheidhme, trasloingsiú nó aistriú atá i gceist;

(f)

dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar de chuid eagraíochta réigiúnaí um bainistíocht iascaigh ar shlí nach bhfuil comhsheasmhach le, nó atá ag teacht salach ar, bhearta caomhnaithe agus bainistíochta na heagraíochta sin, arna gcur chun feidhme i ndlí an Aontais, i gcás ina meastar nach sárú tromchúiseach faoi mhír 2 nó faoi phointí eile den mhír seo na gníomhaíochtaí sin;

(g)

táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a sháraíonn rialacha an chomhbheartais iascaigh a chur ar fáil ar an margadh, i gcás ina meastar nach sárú tromchúiseach í an ghníomhaíocht faoi mhír 2 nó faoi phointí eile den mhír seo;

(h)

dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta áineasa a sháraíonn rialacha an chomhbheartais iascaigh nó táirgí iascaigh ó iascaigh áineasa a dhíol;

(i)

sáruithe iomadúla a dhéanamh ar rialacha an chomhbheartais iascaigh;

(j)

aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2, pointe (g) a dhéanamh i ndáil le soitheach a bhfuil iascaireacht NNN ar bun aige mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus nach liostaítear ar liosta an Aontais de shoithí NNN ná ar liosta eagraíochta réigiúnaí bainistithe iascaigh;

(k)

úsáid a bhaint as cumhacht innill a sháraíonn an uaschumhacht leanúnach innill atá deimhnithe agus taifeadta i gclár cabhlaigh iascaireachta na mBallstát;

(l)

gabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafoirt tríú tíortha gan réamhfhógra mar a thagraítear dó in Airteagal 19a;

(m)

dul i mbun gnó a bhaineann go díreach le hiascaireacht NNN, lena n-áirítear táirgí iascaigh a thagann as iascaireacht NNN a thrádáil, a allmhairiú, a onnmhairiú, a phróiseáil nó a mhargú;

(n)

trealamh iascaireachta nó trealamh a dhiúscairt ar muir go neamhdhleathach ó shoitheach iascaireachta.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a chun na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a leasú i gcás inar léir go bhfuil gá leis sin chun forfheidhmiú éifeachtach agus comhréireach rialacha an chomhbheartais iascaigh ag na Ballstáit agus ar fud na mBallstát a áirithiú. Cuirfidh sé san áireamh ann, go háirithe, comhairle an ghrúpa saineolaithe maidir le comhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nó torthaí na tuarascála arna tarraingt suas ag an gCoimisiún faoi Airteagal 118(2) den Rialachán sin. Ní chuirfear aon chritéir nua leis na leasuithe sin agus ní aisghairfear critéir leo ach amháin i gcásanna eisceachtúla.

Airteagal 91

Bearta forfheidhmiúcháin a dhéanfar láithreach i gcás sáruithe tromchúiseacha

1.   I gcás ina bhfágann aon sonraí nó faisnéis ábhartha go gcreideann údaráis inniúla na mBallstát go ndearna duine nádúrtha sárú tromchúiseach nó go bhfuil duine dlítheanach faoi dhliteanas mar gheall ar shárú tromchúiseach, nó i gcás ina ngabhfar duine nádúrtha agus é i mbun sárú tromchúiseach, déanfaidh na Ballstáit láithreach, sa bhreis ar an imscrúdú ar an sárú i gcomhréir le forálacha Airteagal 85, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, bearta ábhartha agus láithreacha mar shampla:

(a)

stop láithreach leis na gníomhaíochtaí iascaireachta a ordú;

(b)

an soitheach iascaireachta a atreorú chuig calafort;

(c)

an fheithicil iompair a atreorú chuig suíomh eile le cigireacht a dhéanamh uirthi;

(d)

banna a ordú;

(e)

an soitheach iascaireachta, an fheithicil iompair, an trealamh iascaireachta, na gabhálacha nó na táirgí iascaigh, nó an brabús a rinneadh as díol na ngabhálacha nó na dtáirgí iascaigh, a urghabháil;

(f)

srian nó toirmeasc a chur le margú na dtáirgí iascaigh;

(g)

bac gluaiseachta sealadach a chur ar an soitheach iascaireachta nó ar an bhfeithicil iompair lena mbaineann;

(h)

an t-údarú iascaireachta a chur ar fionraí;

(i)

stop sealadach le gníomhaíochtaí gnó a ordú.

2.   Na bearta láithreacha dá dtagraítear i mír 1, beidh siad de chineál lena gcoiscfear go leanfar den sárú tromchúiseach braite lena mbaineann, agus lena gcumasófar gach beart is gá a dhéanamh lena áirithiú go gcosnófar an fhianaise a bhaineann leis an sárú sin agus lena bhfágfar go mbeidh na húdaráis inniúla in ann a gcigireacht a chríochnú.

3.   Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, agus i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, an Ballstát brataí lena mbaineann a chur ar an eolas láithreach, faoi na bearta dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 91a

Smachtbhannaí i leith sáruithe tromchúiseacha

1.   Gan dochar do smachtbhannaí eile a chuirfear i bhfeidhm i gcomhréir leis an Rialachán sin agus leis an dlí náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit gur inphionóis i bhfoirm pionós airgeadais riaracháin é aon sárú tromchúiseach as ar eascair táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a fháil. Is é luach na dtáirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a fhaightear mar thoradh ar an sárú tromchúiseach a dhéanamh a bheidh mar íosphionós air agus is cúig hoiread luach na dtáirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a fhaightear mar thoradh ar an sárú tromchúiseach a dhéanamh a bheidh mar uasphionós air.

2.   I gcás sáraithe thromchúisigh laistigh de thréimhse trí bliana as ar eascair táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a fháil, áiritheoidh na Ballstáit gur inphionóis i bhfoirm pionós airgeadais riaracháin é. Is dhá oiread luach na dtáirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a fhaightear mar thoradh ar an sárú tromchúiseach a dhéanamh a bheidh mar íosphionós air agus is ocht n-oiread luach na dtáirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a fhaightear mar thoradh ar an sárú tromchúiseach a dhéanamh a bheidh mar uasphionós air.

3.   D’ainneoin mhír 1 agus mhír 2, féadfaidh na Ballstáit ina gcóras dlí náisiúnta rátaí caighdeánacha a bhunú le haghaidh pionóis airgeadais riaracháin in ionad pionóis riaracháin íosta.

Ní bheidh na rátaí caighdeánacha íosta níos ísle ná meánluach na dtáirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a fhaightear mar thoradh ar shárú tromchúiseach a dhéanamh. I gcás athsháraithe thromchúisigh dá dtagraítear i mír 2, ní bheidh na rátaí caighdeánacha íosta níos ísle ná dhá oiread an mheánluacha sin.

Féadfaidh na Ballstáit a bhunóidh na rátaí caighdeánacha sin cead a thabhairt do chúirteanna nó d’údaráis inniúla imeacht ó na rátaí caighdeánacha sin i gcás inar gá chun go mbeidh na smachtbhannaí éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus pionóis airgeadais riaracháin a fhorchur suas le huasmhéid cúig oiread luach na dtáirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a fhaightear mar thoradh ar an sárú tromchúiseach a dhéanamh, nó, i gcás athsháraithe thromchúisigh, dá dtagraítear i mír 2, ocht n-oiread an luacha sin ar a laghad.

4.   Tá ráta íosta nó ráta caighdeánach na bpionós airgeadais riaracháin a leagtar síos i míreanna 1, 2 agus 3, gan dochar do chur i bhfeidhm aon rialacha maidir le himthosca maolaitheacha agus tosca eile, dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta, agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na smachtbhannaí a bheidh le cur i bhfeidhm i ngach cás aonair.

5.   Agus luach na dtáirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a fhaightear mar thoradh ar an sárú tromchúiseach a dhéanamh á ríomh, déanfaidh na Ballstáit na praghsanna náisiúnta a mheas tráth an chéad díolacháin, praghsanna a aithnítear ar phríomh-mhargaí idirnáisiúnta ábhartha maidir leis an speiceas agus an limistéar iascaireachta lena mbaineann, nó praghsanna ardán Fhaireachlann an Mhargaidh Eorpaigh um Iascach agus um Tháirgí Dobharshaothraithe tráth a rinneadh an sárú.

6.   I gcás nach bhfaightear táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe mar thoradh ar an sárú tromchúiseach, déanfaidh na Ballstáit na pionóis airgeadais riaracháin a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 89a, ar leibhéal lena n-áiritheofar go mbeidh na héifeachtaí sin éifeachtach, comhréireach agus díspreagtha.

7.   Féadfaidh na Ballstáit freisin, nó de rogha air sin, smachtbhannaí coiriúla éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a úsáid agus iad ag áirithiú ag an am céanna go bhfuil éifeacht choibhéiseach ag na smachtbhannaí sin leis na pionóis airgeadais riaracháin dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 91b

Smachtbhannaí coimhdeacha

1.   Féadfar na smachtbhannaí eile gabháil leis na smachtbhannaí dá bhforáiltear in Airteagail 89, 89a agus 91a agus an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

bac gluaiseachta a chur ar an soitheach/na soithí iascaireachta, nó ar an bhfeithicil/na feithiclí iascaireachta a raibh baint aige, aici nó acu leis an sárú;

(b)

an soitheach nó na soithí, an fheithicil/na feithiclí, agus an trealamh iascaireachta, na gabhálacha nó na táirgí iascaigh a choigistiú;

(c)

an ceadúnas iascaireachta nó an t-údarú iascaireachta a chur ar fionraí nó a tharraingt siar;

(d)

cearta iascaireachta a laghdú nó a tharraingt siar;

(e)

eisiamh ón gceart cearta iascaireachta nua a fháil;

(f)

toirmeasc ar an rochtain ar chúnamh poiblí nó ar fhóirdheontais;

(g)

stádas an oibreora eacnamaíoch fhormheasta a bronnadh de bhun Airteagal 16(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 a chur ar fionraí nó a tharraingt siar;

(h)

an soitheach iascaireachta a bhaint den chlár náisiúnta;

(i)

gníomhaíochtaí eacnamaíocha uile an oibreora, nó cuid de na gníomhaíochtaí sin, a bhaineann leis an gcomhbheartas iascaigh a chur ar fionraí nó a scor;

(j)

an t-údarú chun dul i mbun gníomhaíochtaí trádála a bhaineann le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a chur ar fionraí nó a tharraingt siar.

2.   Cinnfidh na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, fad na smachtbhannaí dá dtagraítear i mír 1.

3.   I gcás ina mbeidh soitheach faoi réir doghluaisteacht faoi mhír 1, pointe (a), arna chinneadh ag a Bhallstát brataí nó má chuirtear a údarú iascaireachta ar fionraí nó má tharraingítear siar é i gcomhréir le mír 1, pointe (c), cuirfidh an Ballstát brataí a cheadúnas iascaireachta ar fionraí ar feadh na tréimhse céanna nó tarraingeoidh sé siar é.

Airteagal 92

Córas pointí le haghaidh sáruithe tromchúiseacha

1.   Cuirfidh na Ballstáit córas pointí i bhfeidhm maidir le sáruithe tromchúiseacha dá dtagraítear in Airteagal 90, seachas sáruithe tromchúiseacha nach bhfuil infheidhme maidir le sealbhóir an cheadúnais iascaireachta nó maidir leis an máistir.

2.   I gcás ina ndearna duine nádúrtha sárú tromchúiseach, nó ina bhfuil duine dlítheanach faoi dhliteanas mar gheall ar shárú tromchúiseach, déanfar líon pointí a ríomhfar i gcomhréir le hIarscríbhinn III a shannadh do shealbhóir an cheadúnais iascaireachta sin a bhfuil baint ag an soitheach iascaireachta lena mbaineann leis.

3.   Aistreofar na pointí a sannadh chuig aon sealbhóir ceadúnais iascaireachta a bheidh ann amach anseo le haghaidh an tsoithigh iascaireachta lena mbaineann i gcás ina ndíoltar an soitheach nó an ceadúnas, ina n-aistrítear iad nó ina n-athraítear an úinéireacht ar bhealach eile tar éis dháta an tsáraithe, lena n-áirítear chuig Ballstát eile.

4.   Bunóidh na Ballstáit córas pointí freisin faoina ndéanfar an líon céanna pointí agus a sannadh do shealbhóir an cheadúnais iascaireachta a shannadh do mháistir an tsoithigh mar thoradh ar shárú tromchúiseach maidir leis an soitheach arna dhéanamh le linn tréimhse a cheannais nó a ceannais, i gcomhréir le hIarscríbhinn III. I gcás nach náisiúnach de chuid an Bhallstáit brataí é máistir an tsoithigh, cuirfidh an Ballstát brataí an líon pointí a sannadh don mháistir in iúl don Bhallstát ar náisiúnach de an máistir, nó, i gcás náisiúnaigh tríú tíortha, d’aon Stát lena mbaineann.

5.   I gcás ina mbraithfear, le linn cigireachta, go ndearna an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach céanna a bhfuil an ceadúnas iascaireachta ina sheilbh aige nó ag an máistir dhá shárú thromchúiseacha nó níos mó, déanfar pointí maidir le gach sárú tromchúiseach lena mbaineann a shannadh i gcomhréir le mír 2 suas go dtí líon uasta 12 phointe maidir leis na sáruithe sin uile.

6.   I gcás ina mbeidh an líon iomlán pointí cothrom le, nó níos airde ná, 18 bpointe, déanfar an ceadúnas iascaireachta agus/nó an ceart a bheith i gceannas ar shoitheach iascaireachta mar mháistir a chur ar fionraí go huathoibríoch ar feadh tréimhse 2 mhí ar a laghad. Tréimhse 4 mhí a bheidh sa tréimhse sin más don dara huair a tharlaíonn an fionraí agus go bhfuil an líon pointí cothrom le, nó níos airde ná, 36 phointe; tréimhse 8 mí más don tríú huair a tharlaíonn an fionraí agus go bhfuil an líon pointí cothrom le, nó níos airde ná, 54 phointe; tréimhse bliana más don cheathrú huair a tharlaíonn an fionraí agus go bhfuil an líon pointí cothrom le, nó níos airde ná, 72 phointe. I gcás ina dtarlaíonn an fionraí don chúigiú huair agus go bhfuil líon na bpointí cothrom le, nó níos airde ná, 90 pointe, déanfar an ceadúnas iascaireachta, mar aon le ceart an duine sin a bheith i gceannas ar shoitheach iascaireachta mar mháistir a tharraingt siar go buan, agus ní bhainfear úsáid a thuilleadh as an soitheach iascaireachta chun acmhainní bitheolaíocha na mara a shaothrú ar bhonn tráchtála.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit nach gceadófar do dhuine nádúrtha, ar gníomhachtaíodh an ceart a bheith i gceannas ar shoitheach iascaireachta de bhun mhír 6 a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, oibriú mar mháistir ar bord soithigh iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain aige. I gcás ina gcuirfear an ceart ceannasaíochta ar fionraí, ní bheidh feidhm ag an mír seo ach ar feadh thréimhse na fionraí.

8.   I gcás nach ndearna sealbhóir ceadúnais iascaireachta nó máistir sárú tromchúiseach laistigh de thrí bliana ón dáta a rinneadh an sárú tromchúiseach is déanaí a dearbhaíodh, déanfar na pointí go léir a scriosadh.

9.   I gcás ina gcinnfidh Ballstát seachas an Ballstát brataí, faoina dhlí náisiúnta, go ndearnadh sárú tromchúiseach ina chríoch féin, tabharfaidh sé fógra ina leith don Bhallstát brataí chun gur féidir leis an mBallstát sin líon na bpointí a chinneadh agus a shannadh i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

10.   Déanfaidh na Ballstáit na húdaráis inniúla náisiúnta a ainmniú a bheidh freagrach as an gcóras a bhunú chun pointí le haghaidh sáruithe tromchúiseacha a shannadh, as an líon cuí pointí a shannadh do shealbhóir ceadúnais iascaireachta agus don mháistir agus as na pointí a aistriú i gcomhréir le mír 3.

11.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú nach bhfágfaidh imeachtaí náisiúnta a chuirfear i bhfeidhm go mbeidh an córas pointí neamhéifeachtach.

12.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a lena bhforlíontar an Rialachán sin trí rialacha a leagan síos i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

an cás ina ndearnadh ceadúnas iascaireachta nó an ceart dul i mbun gníomhaíocht iascaireachta i gcáil máistir a chur ar fionraí nó a tharraingt siar go buan a fhiosrú;

(b)

na bearta atá le déanamh i gcás ina dtarlaíonn gníomhaíochtaí iascaireachta neamhdhleathacha le linn na tréimhse ar fionraí nó tar éis ceadúnas iascaireachta nó ceart dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta mar mháistir a tharraingt siar go buan;

(c)

dálaí ar leor iad mar údar le pointí a chealú;

(d)

clárú máistrí atá údaraithe chun gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh agus pointí a shanntar do mháistrí a thaifeadadh.

13.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na cinntí maidir le sannadh pointí a chur in iúl;

(b)

aistriú na bpointí i gcomhréir le mír 3;

(c)

ceadúnas iascaireachta, nó an ceart bheith i gceannas i gcáil máistir ar shoitheach iascaireachta, a bhaint de na liostaí ábhartha maidir leis an duine atá freagrach as sárú tromchúiseach;

(d)

an oibleagáid faisnéis a sholáthar maidir leis an gcóras pointí le haghaidh máistrí soithí iascaireachta arna bhunú ag na Ballstáit.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

Airteagal 92a

Dliteanas daoine dlítheanacha

1.   Beidh daoine dlítheanacha faoi dhliteanas mar gheall ar sháruithe tromchúiseacha i gcás ar chun tairbhe an duine dhlítheanaigh a rinne duine nádúrtha na sáruithe sin, ag gníomhú dó ina aonar nó mar chuid de chomhlacht de chuid an duine dhlítheanaigh, agus a bhfuil post ceannaireachta aige laistigh den duine dlítheanach lena mbaineann atá bunaithe ar cheann ar bith de na nithe seo a leanas:

(a)

cumhacht ionadaíoch an duine dhlítheanaigh;

(b)

údarás chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh; nó

(c)

údarás chun smacht a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.

2.   Féadfaidh duine dlítheanach a bheith faoi dhliteanas i gcás ina bhfágann easpa maoirseachta nó rialaithe duine nádúrtha dá dtagraítear i mír 1 gur féidir le duine nádúrtha atá faoi smacht an duine dhlítheanaigh sárú tromchúiseach a dhéanamh chun tairbhe an duine dhlítheanaigh sin.

3.   Ní fhágfaidh dliteanas duine dlítheanaigh nach bhféadfar imeachtaí a thionscnamh i gcoinne daoine nádúrtha a rinne nó a thionscain na sáruithe lena mbaineann nó a bhí ina gcúlpháirtithe sna sáruithe sin.

Airteagal 92b

Oibleagáid rialú críochnaitheach a chur in iúl

1.   Tabharfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit a bhfuil dlínse aige maidir le sárú fógra, gan mhoill agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme faoin dlí náisiúnta, don Stát brataí, an Stát ar náisiúnach de an duine nádúrtha a rinne an sárú nó áit a bhfuil an duine dlítheanach atá faoi dhliteanas i leith an tsáraithe bunaithe, agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh siad fógra don Stát cósta, don Stát calafoirt nó don Stát ina ndéantar an phróiseáil, faoi aon rialú críochnaitheach a bhaineann leis an sárú sin.

I gcás ina mbraithfear sáruithe tromchúiseacha in uiscí an Aontais nó i gcalafoirt de chuid an Aontais maidir le soithí iascaireachta a bhfuil bratach tríú tíortha ar foluain acu, tabharfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann fógra don Choimisiún freisin, gan mhoill, faoi aon rialú críochnaitheach a bhaineann le sáruithe den sórt sin.

2.   I gcás fógra a fháil ón mBallstát dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ballstát brataí an líon cuí pointí a shannadh do shealbhóir an cheadúnais iascaireachta agus do mháistir an tsoithigh iascaireachta lena mbaineann.

Airteagal 93

Clár náisiúnta maidir le sáruithe

1.   Déanfaidh na Ballstáit na sáruithe dearbhuithe uile ar rialacha an chomhbheartais iascaigh a rinne soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu nó ag soithí de chuid a gcuid náisiúnach, agus a rinne soithí a bhfuil bratach tríú tír ar foluain acu nó soithí náisiúnach tríú tír a bhfuil sáruithe déanta acu laistigh de na huiscí atá faoina ndlínse nó ar a gcríoch, lena n-áirítear na cinntí agus na smachtbhannaí uile a thabhaigh siad agus an líon pointí a sannadh, a iontráil i gclár náisiúnta. Déanfaidh na Ballstáit sáruithe a rinne soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu nó soithí de chuid a gcuid náisiúnach atá faoi réir imeachtaí i mBallstáit eile a iontráil, freisin, ina gclár náisiúnta sáruithe, ar fhógra maidir le rialú críochnaitheach a fháil de bhun Airteagal 92b, ón mBallstát sin a bhfuil dlínse aige maidir leis an gcás.

2.   Agus fiosrú á dhéanamh ag Ballstát ar shárú rialacha an chomhbheartais iascaigh, féadfaidh sé a iarraidh ar Bhallstáit eile faisnéis a sholáthar atá ina gclár náisiúnta faoi na soithí iascaireachta agus na daoine a bhfuil amhras ar an mBallstát iarrthach fúthu go ndearna siad an sárú lena mbaineann, nó a gabhadh agus iad i mbun an tsáraithe lena mbaineann.

3.   I gcás ina n-iarrann Ballstát faisnéis ar Bhallstát eile maidir le sárú, déanfaidh an Ballstát eile an fhaisnéis ábhartha faoi na soithí iascaireachta agus na daoine nádúrtha nó dlítheanacha a raibh baint acu leis an sárú a sholáthar gan mhoill.

4.   Na sonraí atá i gclár náisiúnta sáruithe, ní stórálfar iad ach a fhad is gá chun críoch an Rialacháin seo, ach in aon chás ar feadh cúig bliana féilire ar a laghad, tréimhse a thosóidh an bhliain tar éis na bliana sin ina dtaifeadtar an fhaisnéis.

(*13)  Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (AE) 2017/2107, agus (AE) 2019/833, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627 (IO L 238, 27.9.2023, lch. 1)."

(*14)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73)."

(*15)  Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1).’."

(76)

i dTeideal IX, cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

‘Airteagal 93a

Cláir náisiúnta um rialú

1.   Bunóidh na Ballstáit cláir náisiúnta bhliantúla nó ilbhliantúla um rialú na gcigireachtaí agus rialacha an chomhbheartais iascaigh.

Cláir rioscabhunaithe a bheidh sna cláir náisiúnta um rialú agus déanfar iad a thabhairt cothrom le dáta uair sa bhliain más gá, agus cuirfear san áireamh, go háirithe, na bearta caomhnaithe agus rialaithe nua a glacadh agus aon sonraí sa bhreis.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir lena gcláir náisiúnta um rialú tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis iad a bhunú nó a thabhairt cothrom le dáta.

2.   Féadfaidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe maidir leis na cláir náisiúnta um rialú agus tagarmharcanna le haghaidh rialuithe agus cigireachtaí a leagan síos, agus cuspóirí an chomhbheartais iascaigh agus an dul chun cinn teicniúil agus forbairtí eolaíocha á gcur san áireamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

Airteagal 93b

Tuarascáil bhliantúil na mBallstát maidir le rialú agus cigireachtaí

1.   Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil maidir leis an rialú agus na cigireachtaí a rinneadh sa bhliain roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin agus foilseoidh siad ar a suíomh gréasáin í. Chun na críche sin, féadfaidh na Ballstáit tagairt a dhéanamh d’fhaisnéis a sholáthrófar faoin ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 95.

2.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas san iarratas dá dtagraítear i mír 1:

(a)

na hacmhainní atá ar fáil cheana le haghaidh rialaithe agus cigireachtaí: líon na soithí cigireachta, na n-aerárthaí oifigiúla agus na gcóras aerárthaí cianrialaithe oifigiúil (RPAS); modhanna eile rialaithe agus cigireachta; líon na bhfostaithe (coibhéis lánaimseartha); an leithdháileadh buiséadach;

(b)

líon agus cineál an rialaithe agus na gcigireachtaí arna ndéanamh;

(c)

líon agus cineál na sáruithe a bhraitear agus a dhearbhaítear, lena n-áirítear sáruithe tromchúiseacha;

(d)

líon na ngníomhaíochtaí leantacha, de réir gach cineáil sáraithe, amhail smachtbhanna riaracháin, smachtbhanna coiriúil, beart láithreach forfheidhmiúcháin nó líon na bpointí a sannadh do sháruithe dearbhaithe.

3.   Cuirfidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig gach bliain, tiomsú faisnéise ó na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin a chlúdóidh an bhliain roimhe sin. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar EFCA cuidiú le tiomsú faisnéise den sórt sin.’.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le formáid agus le tíolacadh na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).’.

(77)

in Airteagal 95, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

‘1.   Féadfaidh iascach áirithe a chur faoi réir cláir shainiúla rialaithe agus chigireachta. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, a chinneadh cén t-iascach a bheidh faoi réir na gclár sainiúil rialaithe agus cigireachta ar bhonn an ghá le rialú sainiúil comhordaithe ar an iascach lena mbaineann. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

2.   Sonrófar sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi mhír 1 na cuspóirí, na tosaíochtaí agus na nósanna imeachta chomh maith le tagarmharcanna le haghaidh gníomhaíochtaí cigireachta. Bunófar tagarmharcanna den sórt sin bunaithe ar bhainistiú riosca agus déanfar athbhreithniú orthu go tréimhsiúil tar éis anailís a dhéanamh ar na torthaí a baineadh amach.’

.

(78)

in Airteagal 102, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:

‘3.   Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann torthaí an imscrúdaithe in iúl don Choimisiún agus déanfaidh siad tuarascáil a tharraingeofar suas roimh dheireadh tréimhse trí mhí tar éis iarraidh an Choimisiúin a chur chuig an gCoimisiún. Féadfaidh an Coimisiún cur leis an tréimhse sin, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tar éis dó iarraidh chuí-réasúnaithe ar mhoill réasúnta a fháil ón mBallstát.

4.   Mura gcealaítear na neamhrialtachtaí an imscrúdaithe riaracháin dá dtagraítear i mír 2 nó má thugann an Coimisiún faoi deara, le linn na bhfíorúchán nó na gcigireachtaí neamhspleácha dá dtagraítear in Airteagal 98 agus in Airteagal 99 nó san iniúchadh dá dtagraítear in Airteagal 100, go bhfuil easpaí ann i gcóras rialaithe Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, plean gníomhaíochta a bhunú leis an mBallstát sin. Déanfaidh an Ballstát na bearta go léir is gá chun an plean gníomhaíochta sin a chur chun feidhme.’

.

(79)

leasaítear Airteagal 104 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   I gcás nach gcomhlíonann Ballstát a chuid oibleagáidí maidir le cur chun feidhme plean ilbhliantúil, agus go bhfuil fianaise ag an gCoimisiún gurb ionann neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí sin agus baol tromchúiseach do chaomhnú stoic nó grúpa stoc, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an t-iascach a ndéanann na heaspaí sin difear dó a chosc go sealadach ar an mBallstát lena mbaineann.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Cuirfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, deireadh leis an gcosc tar éis don Bhallstát a léiriú i scríbhinn agus chun sástacht an Choimisiúin gur féidir an t-iascach a shaothrú gan bhaol.’

.

(80)

i gCaibidil III de Theideal XI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

Caibidil III

Cuótaí agus iarracht iascaireachta a asbhaint agus a choigeartú ’.

(81)

leasaítear Airteagal 105 mar a leanas:

(a)

i mír 2, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

‘2.   I gcás ina ndéanfar iascaireacht thar chuóta, thar leithdháileadh nó thar sciar de stoc nó de ghrúpa stoc atá ar fáil do Bhallstát i mbliain áirithe, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, asbhaintí a dhéanamh an bhliain nó na blianta dar gcionn ó chuóta bliantúil, ó leithdháileadh bliantúil nó ó sciar bliantúil an Bhallstáit a rinne ró-iascaireacht trí fhachtóir iolraithe a chur i bhfeidhm de réir an tábla seo a leanas:’;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a.   De mhaolú ar mhír 2, i gcás ina ndéanfaidh Ballstát amháin nó níos mó iascaireacht thar chuóta, thar leithdháileadh nó thar sciar de stoc nó de ghrúpa stoc atá ar fáil don Aontas faoi chomhaontú idirnáisiúnta, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, asbhaintí a dhéanamh ó chuóta, ó leithdháileadh nó ó sciar an Bhallstáit a rinne ró-iascaireacht sa tréimhse ama chéanna lenar bhain an asbhaint faoin gcomhaontú idirnáisiúnta agus trí fhachtóir iolraithe a chur i bhfeidhm de réir mhíreanna 2 agus 3.’

;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘3a.   De mhaolú ar mhíreanna 2 agus 3, i gcás ina bhfuil fachtóir iolraithe infheidhme freisin faoi chomhaontú idirnáisiúnta ábhartha maidir le sciar an Aontais, is é an fachtóir iolraithe a bheidh le cur i bhfeidhm maidir le hasbhaint cuóta an Bhallstáit arna shocrú de bhun mhír 2a an fachtóir iolraithe is airde den dá fhachtóir iolraithe is infheidhme.’;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4, mhír 5 agus mhír 6:

‘4.   I gcás ina ndéanfar iascaireacht thar chuóta, thar leithdháileadh nó thar sciar de stoc nó de ghrúpa stoc atá ar fáil do Bhallstát sna blianta tosaigh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, cuótaí a bhaint as cuótaí an Bhallstáit sin amach anseo chun leibhéal na ró-iascaireachta a chur san áireamh.

5.   Mura féidir asbhaint a dhéanamh de réir mhír 1 agus mhír 2 ó chuóta, ó leithdháileadh nó ó sciar de stoc nó de ghrúpa stoc a ndearnadh ró-iascaireacht air s ós rud é nach bhfuil an cuóta, an leithdháileadh nó an sciar sin de stoc nó de ghrúpa stoc ar fáil don Bhallstát lena mbaineann nó nach leor an méid de atá ar fáil, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, cuótaí a bhaint an bhliain nó na blianta dar gcionn as stoic nó as grúpaí stoc eile a bheidh ar fáil don Bhallstát sin sa limistéar geografach céanna nó a bhfuil an luach tráchtála céanna orthu i gcomhréir le mír 1.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an gcuóta oiriúnaithe a ndéanfar an róshaothrú a ríomh lena ais a mheas, asbhaintí na gcuótaí agus tréimhse na n-asbhaintí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).’

.

(82)

leasaítear Airteagal 106 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   I gcás ina bhfuil sé suite ag an gCoimisiún go ndeachaigh Ballstát thar an iarracht iascaireachta a leithdháileadh dó, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, asbhaintí a dhéanamh ó iarracht iascaireachta an Bhallstáit sin amach anseo.’

;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na cosa tosaigh:

‘2.   Má théitear thar iarracht iascaireachta i mBallstát nó i limistéar geografach ar a bhfuil rochtain ag an mBallstát, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstáit lena mbaineann, asbhaintí a dhéanamh, an bhliain ina dhiaidh sin nó na blianta ina dhiaidh sin, ón iarracht iascaireachta a bheidh ar fáil don Bhallstát sin sa limistéar geografach nó san iascach lena mbaineann trí fhachtóir iolraithe a chur i bhfeidhm de réir an tábla seo a leanas:’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:

‘3.   Mura féidir asbhaint de réir mhír 2 a dhéanamh ón uasiarracht iascaireachta incheadaithe maidir le stoc a ndearnadh ró-iascaireacht air sa cháil sin ós rud é nach bhfuil an uasiarracht iascaireachta incheadaithe sin maidir leis an stoc sin ar fáil don Bhallstát lena mbaineann nó nach leor an méid di atá ar fáil, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann asbhaintí a dhéanamh, an bhliain ina dhiaidh sin nó na blianta ina dhiaidh sin, ón iarracht iascaireachta a bheidh ar fáil don Bhallstát sin sa limistéar geografach céanna i gcomhréir le mír 2.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a ndéanfar an róshaothrú a ríomh lena ais a mheas, asbhaint na hiarrachta iascaireachta agus tréimhse ama na n-asbhaintí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).’

.

(83)

leasaítear Airteagal 107 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   I gcás ina bhfuil fianaise ann nach bhfuil rialacha an chomhbheartais iascaigh á gcomhlíonadh ag Ballstát agus go bhféadfadh baol tromchúiseach do chaomhnú na stoc sin atá faoi réir deiseanna iascaireachta teacht as sin, nó córas iarrachta iascaireachta, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, asbhaintí a dhéanamh, an bhliain nó na blianta dar gcionn, ó na cuótaí, ó na leithdháiltí nó ó na sciartha bliantúla de stoc nó de ghrúpa stoc nó ón iarracht iascaireachta a bheidh ar fáil don Bhallstát sin, agus cuirfear prionsabal na comhréireachta i bhfeidhm tríd an dochar a rinneadh do na stoic lena mbaineann a chur san áireamh.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a lena bhforlíontar an Rialachán seo maidir leis an sprioc-am faoina gcaithfidh Ballstáit a thabhairt le fios gur féidir an t-iascach a shaothrú gan bhaol, an t-ábhar atá le cur ina bhfreagra ag Ballstáit agus an cinneadh maidir leis na cainníochtaí atá le hasbhaint tríd an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

méid agus cineál an neamhchomhlíonadh;

(b)

a thromchúisí atá an baol do chaomhnú na stoc;

(c)

an dochar a rinneadh don stoc mar gheall ar neamhchomhlíonadh.’

.

(84)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 107a

Deiseanna iascaireachta a choigeartú i gcás laghdú ar sciar an Aontais faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta

I gcás ina dtiocfaidh, mar thoradh ar ró-iascaireacht arna déanamh ag Ballstát amháin nó níos mó ar chuóta, ar leithdháileadh nó ar sciar de stoc nó ar ghrúpa stoc atá ar fáil don Aontas faoi chomhaontú idirnáisiúnta, laghdú ar sciar an Aontais faoin gcomhaontú idirnáisiúnta sin, déanfaidh an Chomhairle, nuair a bheidh na deiseanna iascaireachta don stoc sin nó don ghrúpa sin stoc á leithdháileadh aici faoi Airteagal 43(3) CFAE agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 le haghaidh na bliana a ndéanfar an laghdú sin ina leith, déanfaidh sí cuótaí na mBallstát nach bhfuil ró-iascaireacht déanta acu a choigeartú trína méadú go dtí na cuótaí a bheadh faighte ag na Ballstáit sin mura laghdófaí sciar an Aontais faoin gcomhaontú idirnáisiúnta. Mura féidir coigeartú den sórt sin a dhéanamh i mbliain ar leith i ngeall ar sciar neamh-leordhóthanach ón Aontas, déanfar na cainníochtaí atá fágtha a choigeartú sa bhliain dár gcionn.’.

(85)

leasaítear Airteagal 109 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

‘1.   Cuirfidh Ballstáit bunachar leictreonach ar bun chun sonraí arna dtaifeadadh i gcomhréir leis an Rialachán seo a bhailíochtú. Beidh cros-seiceáil, anailísiú agus fíorú na sonraí ina gcuid den bhailíochtú a dhéanfar ar na sonraí a thaifeadtar.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit gur sonraí cruinne iomlána a bheidh sna sonraí uile a thaifeadtar i gcomhréir leis an Rialachán agus go ndéanfaidh na hoibreoirí, na máistrí nó daoine eile atá údaraithe faoin Rialachán seo iad a chur isteach faoi na sprioc-amanna a leagtar síos i rialacha an chomhbheartais iascaigh.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a.   Chun críoch mhíreanna 1 agus 2:

(a)

Bainfidh na Ballstáit leas as algartaim agus as sásraí ríomhairithe uathoibrithe chun na sonraí seo a leanas, lena n-áirítear sonraí arna dtaifeadadh i gcomhthéacs na gcomhaontuithe iascaigh dá dtagraítear in Airteagal 3(1), a bhailíochtú:

(i)

sonraí suímh an tsoithigh;

(ii)

sonraí na ngníomhaíochtaí iascaireachta, go háirithe sonraí maidir le soithí a chuaigh isteach i limistéir iascaireachta agus a d’fhág limistéir iascaireachta, na logleabhair iascaireachta, na dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, na dearbhuithe trasloingsithe agus na réamhfhógraí;

(iii)

sonraí na n-iarrachtaí iascaireachta;

(iv)

sonraí na ndearbhuithe glactha freagrachta, na ndoiciméad iompair agus na nótaí díolacháin;

(v)

sonraí as ceadúnais iascaireachta agus údaruithe iascaireachta;

(vi)

sonraí maidir le rialú i dtaca le cumhacht innill;

(b)

Déanfaidh na Ballstáit, na sonraí a liostaítear i bpointe (a) thuas a bhailíochtú go háirithe leis na sonraí seo a leanas a úsáid, i gcás ina mbeidh siad ar fáil:

(i)

sonraí ón gcóras braite soithí;

(ii)

sonraí maidir le hamhairc ar shoithí;

(iii)

sonraí AIS;

(iv)

sonraí ó thuarascálacha cigireachta;

(v)

sonraí ó thuarascálacha na mbreathnóirí rialaithe;

(vi)

sonraí ó chórais CFL.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   I gcás inar aithníodh neamhréireach sna sonraí, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na himscrúduithe, na hanailísí agus na cros-seiceálacha is gá agus déanfaidh sé iad a thaifeadadh. Arna iarraidh sin dó ag an gCoimisiún, tarchuirfidh an Ballstát torthaí na n-imscrúduithe sin agus na doiciméid chomhfhreagracha chuige. I gcás ina bhfuil cúiseanna a bheith in amhras go ndearnadh sárú, déanfaidh an Ballstát imscrúdú freisin agus déanfaidh sé na bearta is gá láithreach i gcomhréir le hAirteagal 85 agus Airteagal 91.’

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

‘8.   Déanfaidh na Ballstáit plean náisiúnta a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta chun an córas bailíochtaithe lena gcumhdaítear na sonraí a liostaítear faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) de mhír 2a a chur chun feidhme agus chun a áirithiú go ndéanfar neamhréireachtaí a fhiosrú. Saineofar sa phlean sin na tosaíochtaí atá ag an mBallstát maidir le sonraí a bhailíochtú agus neamhréireachtaí a fhiosrú ina dhiaidh sin, trí chur chuige rioscabhunaithe a úsáid. Cuirfidh na Ballstáit an plean náisiúnta sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de dhá mhí tar éis é a ghlacadh nó a thabhairt cothrom le dáta.’

.

(86)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 110 agus 111:

“Airteagal 110

Rochtain ar shonraí agus sonraí a stóráil agus a phróiseáil

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cianrochtain, i gcónaí agus gan réamhfhógra, ag an gCoimisiún nó ag an gcomhlacht arna ainmniú aige ar na sonraí seo a leanas i bhfoirm neamhchomhiomlánaithe:

(a)

sonraí na ngníomhaíochtaí iascaireachta, lena n-áirítear sonraí a bhaineann le gníomhaíocht iascaireachta i gcomhthéacs na gcomhaontuithe iascaigh dá dtagraítear i mír 3 d’Airteagal 1:

(i)

sonraí suímh an tsoithigh;

(ii)

sonraí na ngníomhaíochtaí iascaireachta, go háirithe sonraí maidir le soithí a chuaigh isteach i limistéir iascaireachta agus a d’fhág limistéir iascaireachta; na logleabhair iascaireachta, na dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, na dearbhuithe trasloingsithe agus na réamhfhógraí;

(iii)

sonraí na n-iarrachtaí iascaireachta;

(iv)

sonraí na ndearbhuithe glactha freagrachta, na ndoiciméad iompair agus na nótaí díolacháin;

(b)

sonraí eile a bhaineann le rialú:

(i)

sonraí maidir le hamhairc ar shoithí;

(ii)

sonraí as ceadúnais iascaireachta agus údaruithe iascaireachta;

(iii)

sonraí ó thuarascálacha cigireachta;

(iv)

sonraí maidir le rialú ar chumhacht innill;

(v)

sonraí ó thuarascálacha na mbreathnóirí rialaithe;

(vi)

cláir náisiúnta um rialú;

(vii)

liosta na n-oifigeach náisiúnta;

(c)

an bunachar leictreonach chun críche iomláine agus cáilíocht na sonraí a bhailítear de réir Airteagal 109 a fhíorú.

2.   Féadfaidh an Coimisiún nó comhlacht arna ainmniú aige na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil, chun a ndualgais a chomhlíonadh faoi rialacha an chomhbheartais iascaigh, go háirithe maidir le cigireachtaí, fíorúcháin, iniúchtaí agus fiosrúcháin a dhéanamh, nó faoi rialacha na gcomhaontuithe le tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a úsáid chun staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, arna ndéanamh go háirithe ag Eurostat i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*16) agus de réir a mhisin.

3.   Chun críche taighde eolaíoch a dhéanamh agus chun comhairle eolaíoch a sholáthar, féadfar na sonraí a liostaítear i mír 1, pointe (a)(i) go (iv) agus sonraí a bhaineann le gabhálacha, aischuir agus gabhálacha a thabhairt i dtír a liostaítear i mír 1, pointe (b)(iii) agus (v) a sholáthar, i gcás inar gá, do chomhlachtaí eolaíocha neamhspleácha a aithnítear ag leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal idirnáisiúnta. Sula n-aistreofar na sonraí sin, déanfaidh na Ballstáit a mheas an féidir an taighde eolaíoch a dhéanamh ar bhonn sonraí faoi ainm bréige nó sonraí anaithnidithe.

In aon chomhairle nó foilseachán bunaithe ar na sonraí sin, déanfar anaithnidiú ar na sonraí sin.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na bunachair sonraí ábhartha iascaigh ina bhfuil na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a bhunú, a chur chun feidhme agus a óstáil.

5.   Déanfaidh Ballstáit ar iarratas réasúnaithe ón gCoimisiún sonraí maidir le sáruithe a tharchur chuig an gCoimisiún nó chuig an gcomhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún. Áireofar sna sonraí sin, go háirithe, dáta an tsáraithe, dáta an chinnidh chinntithigh agus na smachtbhannaí agus na bearta a cuireadh i bhfeidhm, lena n-áirítear pointí sannta.

Airteagal 111

Sonraí a mhalartú

1.   Áiritheoidh gach Ballstát brataí go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha seo a leanas a mhalartú go leictreonach díreach leis na Ballstáit eile lena mbaineann, go háirithe:

(a)

sonraí suímh an tsoithigh i gcás ina bhfuil a chuid soitheach iascaireachta in uiscí Ballstáit eile;

(b)

faisnéis as na logleabhair iascaireachta i gcás ina bhfuil a chuid soitheach iascaireachta i mbun iascaireachta in uiscí Ballstáit eile, i mbun gabhálacha a thabhairt i dtír nó i mbun trasloingsithe i gcalafoirt Ballstáit eile;

(c)

dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír agus dearbhuithe trasloingsithe i gcás ina dtarlaíonn an tabhairt i dtír agus trasloingsithe i gcalafoirt Ballstáit eile;

(d)

réamhfhógra i gcás ina bhfuil an calafort atá beartaithe lonnaithe i mBallstát eile;

(e)

nótaí díolacháin, doiciméid iompair agus dearbhuithe glactha freagrachta i gcás ina dtarlaíonn an díolachán, an t-iompar nó an glacadh freagrachta sin i mBallstát eile;

(f)

tuarascálacha cigireachta agus faireachais agus anailís riosca dá shoithí iascaireachta a bhfuil cigireacht á déanamh orthu in uiscí nó i gcalafoirt Ballstáit eile.

2.   Áiritheoidh gach Ballstát cósta go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha seo a leanas a mhalartú go leictreonach díreach leis na Ballstáit eile lena mbaineann agus leis an gCoimisiún nó leis an gcomhlacht arna ainmniú aige, go háirithe tríd an méid a leanas a chur ar aghaidh:

(a)

faisnéis ó nóta díolacháin a chur chuig an mBallstát brataí i gcás ina dtagann an chéad díol as soitheach a bhfuil bratach Ballstáit eile ar foluain aige;

(b)

faisnéis as an dearbhú glactha freagrachta i gcás ina stóráiltear an t-iasc i mBallstát seachas an Ballstát brataí nó Ballstát ina ndéanfar an ghabháil a thabhairt i dtír;

(c)

faisnéis as nóta díolacháin agus as an dearbhú glactha freagrachta a chur chuig an mBallstát sin inar tugadh na gabhálacha i dtír;

(d)

doiciméid iompair a chur chuig an mBallstát brataí, chuig an mBallstát is ceann scríbe agus chuig an mBallstát idirthurais;

(e)

tuarascálacha cigireachta agus faireachais.

3.   Áiritheoidh gach Ballstát brataí go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha seo a leanas a mhalartú go leictreonach díreach leis an gCoimisiún nó leis an gcomhlacht arna ainmniú aige, go háirithe:

(a)

sonraí suímh an tsoithigh;

(b)

faisnéis ón logleabhar iascaireachta;

(c)

dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír agus dearbhuithe trasloingsithe;

(d)

réamhfhógra;

(e)

nóta díolacháin, doiciméid iompair agus dearbhuithe glactha freagrachta;

(f)

tuarascálacha cigireachta agus faireachais.

(*16)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).’."

(87)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 111a

Rialacha aonfhoirmeacha maidir le forálacha i dtaobh sonraí a chur chun feidhme

Chun críche forálacha na Caibidle seo a chur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cáilíocht na sonraí, comhlíonadh na sprioc-amanna faoina ndéanfaidh oibreoirí sonraí a chur isteach, bailíochtú na sonraí, lena n-áirítear cros-seiceálacha, anailísí agus fíorú;

(b)

malartú sonraí idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún nó an comhlacht arna ainmniú aige;

(c)

rochtain ar na sonraí a bheith ag an gCoimisiún agus ag an gcomhlacht arna ainmniú aige;

(d)

rochtain ar na sonraí a bheith ag comhlachtaí eolaíocha an Aontais agus ag Eurostat;

(e)

idir-inoibritheacht agus caighdeánú na mbunachar sonraí;

(f)

na sonraí a liostaítear in Airteagal 110(1) agus (2), lena n-áirítear coimircí sonracha breise maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus rialacha slándála is infheidhme maidir leis na bunachair sonraí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).’.

(88)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 112:

“Airteagal 112

Sonraí pearsanta a chosaint

1.   Tá feidhm ag Rialacháin (AE) 2016/679 (*17) agus (AE) 2018/1725 (*18) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chomh maith leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*19) maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann na Ballstáit, an Coimisiún agus an comhlacht arna ainmniú aige de bhun an Rialacháin seo.

2.   Ní fhéadfar sonraí pearsanta a bhailítear faoin Rialachán seo a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch seo a leanas, ar choinníoll nach féidir na críocha sin a chomhlíonadh le sonraí nach féidir ábhair sonraí a shainaithint leo:

(a)

faireachán a dhéanamh ar dheiseanna iascaireachta, lena n-áirítear glacadh an chuóta;

(b)

sonraí a bhailíochtú;

(c)

faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta arna ndéanamh ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais, nó ar ghníomhaíochtaí iascaireachta arna ndéanamh ag soithí laistigh d'uiscí an Aontais;

(d)

faireachán a dhéanamh ar an rialú a dhéanann na Ballstáit ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus sa slabhra soláthair;

(e)

cigireachtaí, fíorúcháin, iniúchtaí agus fiosrúcháin;

(f)

comhaontuithe idirnáisiúnta agus bearta caomhnaithe a ullmhú agus iad a chomhlíonadh;

(g)

bainistiú riosca, meastóireachtaí ar bheartais agus measúnuithe tionchair;

(h)

taighde eolaíoch agus comhairle eolaíoch, agus táirgeadh staidrimh;

(i)

fiosrúcháin a bhaineann le gearáin agus sáruithe agus imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin;

(j)

cearta iascaireachta soithí aonair, na mBallstát nó an Aontais a bhunú nó fianaise a sholáthar maidir leo.

3.   Ní dhéanfar sonraí pearsanta a bhailítear faoin Rialachán seo a stóráil ar feadh tréimhse is faide ná mar is gá chun na gcríoch a liostaítear i mír 2, agus in aon chás ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana ón dáta a fhaigheann an Ballstát nó an Coimisiún na sonraí ábhartha.

4.   De mhaolú ar mhír 3:

(a)

ní stórálfar sonraí pearsanta a bhaileofar faoin Rialachán seo ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na gcríoch a liostaítear i mír 2, pointí (e) agus (i), agus in aon chás ar feadh tréimhse nach faide ná deireadh na n-imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha lena mbaineann nó an t-am is gá chun smachtbhannaí a chur i bhfeidhm faoin Rialachán seo, amhail an córas pointí;

(b)

ní dhéanfar sonraí pearsanta atá san fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 109(2a), pointe (a) (i) go (v), a stóráil ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na gcríoch a liostaítear i mír 2, pointí (f) agus (j), den Airteagal seo, agus in aon chás ar feadh tréimhse nach faide ná 10 mbliana ón dáta a fhaigheann an Ballstát, an Coimisiún nó an comhlacht arna ainmniú aige na sonraí ábhartha;

(c)

ní dhéanfar sonraí pearsanta atá san fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 109(2a), pointe (a) (i) go (iv), a stóráil ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na gcríoch a liostaítear i mír 2, pointí (g) agus (h), den Airteagal seo, agus in aon chás ar feadh tréimhse nach faide ná 25 bliana ón dáta a fhaigheann an Ballstát, an Coimisiún nó an comhlacht arna ainmniú aige na sonraí ábhartha. Má choinnítear an fhaisnéis sin ar feadh tréimhse níos faide, i gcás inar gá sin chun na gcríoch a liostaítear i mír 2, pointí (g) agus (h), den Airteagal seo, déanfar anaithnidiú nó ainm bréige a chur ar na sonraí pearsanta.

5.   Measfar gur rialaitheoir mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (7), de Rialachán (AE) 2016/679 iad údaráis na mBallstát maidir le sonraí pearsanta a bhailíonn siad de bhun an Rialacháin seo a phróiseáil.

6.   Measfar gur rialaitheoir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725 é an Coimisiún maidir le sonraí pearsanta a bhailíonn sé de bhun an Rialacháin seo a phróiseáil.

7.   Déanfaidh an Coimisiún nó an comhlacht arna ainmniú aige agus údaráis na mBallstát slándáil na próiseála a dhéanfar ar shonraí pearsanta do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a áirithiú. Oibreoidh an Coimisiún nó an comhlacht arna ainmniú aige agus údaráis na mBallstát i gcomhar le chéile maidir leis na cúraimí a bhaineann leis an tslándáil.

8.   Glacfaidh an Coimisiún, go háirithe, na bearta is gá, lena n-áirítear plean slándála, plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste, chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

(a)

sonraí a chosaint go fisiceach, lena n-áirítear trí phleananna teagmhasacha a dhéanamh chun bonneagar criticiúil a chosaint;

(b)

léamh, cóipeáil, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe ar mheáin ar a mbeidh sonraí stóráilte a chosc;

(c)

iontráil neamhúdaraithe sonraí maille le hiniúchadh, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta atá ar taifead, a chosc;

(d)

próiseáil neamhúdaraithe sonraí, maille le cóipeáil, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí, a chosc;

(e)

a áirithiú nach mbeidh rochtain ag na daoine a bhfuil údarú rochtana acu ar na bunachair sonraí ábhartha iascaigh ach ar na sonraí sin atá cumhdaithe faoina n-údarú rochtana, trí chéannacht úsáideora ar leithligh agus modhanna rochtana rúnda amháin a úsáid;

(f)

a áirithiú gur féidir é a fhíorú agus a shuíomh cé na comhlachtaí a fhéadfar sonraí pearsanta a tharchur chucu, cé na sonraí a próiseáladh sna bunachair sonraí ábhartha iascaigh, cén uair a próiseáladh iad, cé a phróiseáil iad agus cad chuige;

(g)

léamh, cóipeáil, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta, go háirithe le teicnící criptithe iomchuí, agus sonraí pearsanta á dtarchur chuig na bunachair sonraí ábhartha iascaigh nó uathu, nó le linn iompar meán sonraí, go háirithe trí theicníní criptithe iomchuí;

(h)

faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart slándála dá dtagraítear sa mhír seo agus na bearta eagrúcháin um fhaireachán inmheánach is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo.

9.   Déanfaidh údaráis na mBallstát bearta atá coibhéiseach leis na bearta sin dá dtagraítear i mír 8 maidir le slándáil i leith próiseáil sonraí pearsanta ag na húdaráis a bhfuil an ceart acu aon cheann de na bunachair sonraí ábhartha iascaigh comhpháirteanna a rochtain.

(*17)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)."

(*18)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39)."

(*19)  Treoir (AE) 2016/680 de Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun críocha cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).’."

(89)

In Airteagal 113, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3:

‘1.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún na bearta ar fad is gá chun a áirithiú go gcaitear leis na sonraí atá clúdaithe ag rúndacht ghairmiúil agus tráchtála a bhailítear, a fhaightear agus a tharchuirtear laistigh de chreat an Rialacháin seo i gcomhréir leis na rialacha infheidhme maidir le rúndacht ghairmiúil agus tráchtála.

2.   Na sonraí a dtagraítear dóibh i mír 1 arna malartú idir na Ballstáit agus an Coimisiún, ní fhéadfar iad a tharchur chuig daoine seachas iad siúd sna Ballstáit nó sa Choimisiúin nó sa chomhlacht arna ainmniú aige, ar gá dóibh rochtain a bheith acu ar na sonraí sin de bharr a gcuid feidhmeanna, ach le toiliú ón mBallstát nó ón gcomhlacht a sholáthair na sonraí sin. I gcás diúltaithe soláthróidh an Ballstát, an Coimisiún nó an comhlacht arna ainmniú aige na cúiseanna atá leis an diúltú sonraí a tharchur. I gcás nach dtugtar freagra laistigh de thréimhse míosa féachfar air sin mar thoiliú.

3.   Ní úsáidfear na sonraí dá dtagraítear i mír 1 chun aon chríche eile seachas chun na críche sin dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ach amháin le toiliú ón mBallstát, ón gCoimisiún nó ón gcomhlacht, arna ainmniú aige, a sholáthair na sonraí ar choinníoll nach dtoirmisctear leis na forálacha atá i bhfeidhm i mBallstát an údaráis a fhaigheann na sonraí úsáid den sórt sin. I gcás diúltaithe, tabharfaidh an Ballstát, an Coimisiún nó an comhlacht arna ainmniú aige na cúiseanna atá leis an diúltú.’

.

(90)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 114 agus 115:

‘Airteagal 114

Suíomhanna gréasáin oifigiúil

‘Chun críocha an Rialacháin seo, déanfaidh Ballstáit suíomhanna gréasáin oifigiúla a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh oibreoirí agus an phobail i gcoitinne agus beidh an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 115 ar a laghad ar fáil ar na suíomhanna gréasáin sin.

Airteagal 115

Inneachar na suíomhanna gréasáin oifigiúla

Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas a fhoilsiú gan mhoill ar a suíomhanna gréasáin, oifigiúla nó soláthróidh siad nasc díreach leis an bhfaisnéis sin:

(a)

ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil atá freagrach as ceadúnais iascaireachta, agus údaruithe iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 6, agus údaraithe iascaireachta dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 7a a eisiúint;

(b)

liosta de na calaphoirt dá dtagraítear in Airteagal 20 a ainmníodh chun críche trasloingsithe, ar a sonrófar a n-uaireanta oibre;

(c)

mí amháin ó theacht i bhfeidhm plean ilbhliantúil, agus tar éis an plean sin a bheith formheasta ag an gCoimisiún, liosta de na calafoirt a ainmníodh, ar a sonrófar a n-uaireanta oibre dá dtagraítear in Airteagal 43, agus faoi cheann 30 lá ina dhiaidh sin, na coinníollacha gaolmhara maidir le cainníochtaí na speiceas a thaifeadadh agus a thuairisciú faoin bplean ilbhliantúil maidir le gach tabhairt i dtír;

(d)

cinntí lena mbunaítear tréimhsí coiscthe fíor-ama, lena n-áirítear sannadh soiléir limistéir gheografaigh na meánna sin a ndéanfaidh an tréimhse choiscthe difear dóibh, an fad a mhairfidh an tréimhse choiscthe agus na coinníollacha lena rialófar an t-iascach sa limistéar sin le linn na tréimhse choiscthe;

(e)

na sonraí teagmhála maidir le logleabhair iascaireachta, réamhfhógraí, dearbhuithe trasloingsithe, dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, nótaí díolacháin, dearbhuithe glactha freagrachta agus doiciméid iompair dá dtagraítear in Airteagail 14, 17, 20, 23, 55, 62, 66 agus 68 a tharchur nó a chur isteach;

(f)

léarscáil ar a bhfuil comhordanáidí na limistéir ina bhfuil cosc fíor-ama sealadach, ar a sonrófar an fad a mhairfidh an cosc agus na coinníollacha lena rialófar an t-iascach sna limistéir sin le linn na tréimhse choiscthe;

(g)

an cinneadh maidir le hiascach a chosc faoi Airteagal 35 lena n-áirítear na mionsonraí uile is gá;

(h)

liosta de na limistéir iascaireachta shrianta agus na srianta comhfhreagracha;

(i)

liosta oibreoirí atá údaraithe chun meá a dhéanamh faoi Airteagal 60(5) ar a sonraítear an calafort agus an tsaoráid mheáite.;

(j)

cláir náisiúnta um rialú dá dtagraítear in Airteagal 93a; seachas na codanna sin a bhféadfadh a nochtadh an bonn a bhaint d’éifeachtúlacht an rialú;

(k)

an tuarascáil bhliantúil maidir le rialú agus cigireachtaí agus nasc chuig suíomh idirlín an Choimisiúin, lena n-áirítear tiomsú na fiasnéis ó na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 93b(1);

(l)

an tréimhse níos gaire le haghaidh réamhfhógra a thabhairt faoi Airteagal 17(1a).’.

(91)

scriostar Airteagal 116.

(92)

in Airteagal 117, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le cúnamh frithpháirteach a bhaineann leis na nithe a leanas:

(a)

comhar riaracháin idir na Ballstáit, tríú tíortha, an Coimisiún agus an comhlacht arna ainmniú aige;

(b)

ainmniú údarás aonair na mBallstát;

(c)

bearta leantacha arna ndéanamh ag údaráis náisiúnta maidir le malartú faisnéise a chur in iúl;

(d)

iarrataí ar chúnamh, lena n-áirítear iarrataí ar fhaisnéis, iarrataí ar bhearta agus iarrataí ar fhógraí riaracháin agus socrú sprioc-amanna maidir le freagraí;

(e)

faisnéis gan réamh-iarraidh;

(f)

caidreamh na mBallstát leis an gCoimisiún agus le tríú tíortha.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).’.

(93)

in Airteagal 118, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le hinneachar agus formáid na dtuarascálacha ó na Ballstáit.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).’

.

(94)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 119:

‘Airteagal 119

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú a bunaíodh le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*20).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(*20)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).’."

(95)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 119a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 9a(5), Airteagal 15b(1), Airteagal 17(16), Airteagal 21(6), Airteagal 22(3), Airteagal 24(4), Airteagal 41(4), Airteagal 44(4), Airteagal 58(10), (11) agus (12), Airteagal 60a(2), Airteagal 73(9), Airteagal 74(11), Airteagal 75(2), Airteagal 90(4), Airteagal 92(12) agus Airteagal 107(4) ar an gCoimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.

3.   Maidir le tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9a(5), Airteagal 15b(1), Airteagal 17(6), Airteagal 22(3), Airteagal 24(4), Airteagal 41(4), Airteagal 44(4), Airteagal 58(10), (11) agus (12), Airteagal 60a(2), Airteagal 73(9), Airteagal 74(11), Airteagal 75(2), Airteagal 90(4), Airteagal 92(12) agus Airteagal 107(4) féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean sin a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*21).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9a(5), Airteagal 15b(1), Airteagal 17(6), Airteagal 21(6), Airteagal 22(3) Airteagal 24(4), Airteagal 41(4), Airteagal 44(4), Airteagal 58(10), (11) agus (12), Airteagal 60a(2), Airteagal 73(9), Airteagal 74(11), Airteagal 75(2), Airteagal 90(4), Airteagal 92(12) agus Airteagal 107(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’.

(*21)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.’."

(96)

scriostar Iarscríbhinn I.

(97)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo isteach mar Iarscríbhinní III agus IV.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/473

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/473 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

Cuspóir

1.   Déantar foráil leis an Rialachán seo do Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (‘an Ghníomhaireacht’) chun rialú ardleibhéil aonfhoirmeach éifeachtach, iniúchadh agus comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh, lena n-áirítear an ghné sheachtrach de, a áirithiú.

2.   Chuige sin, oibreoidh an Ghníomhaireacht i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún agus cuirfidh sé cúnamh ar fáil dóibh maidir leis na réimsí a luaitear i mír 1 den Airteagal seo laistigh de theorainneacha na misean agus na gcúraimí a leagtar amach i gCaibidil II.’.

(2)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

ciallaíonn ‘rialú’ rialú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3), de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;’;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(aa)

ciallaíonn ‘cigireacht’ cigireacht mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;’.

(3)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (e):

‘(e)

cúnamh a thabhairt do Bhallstáit agus don Choimisiún maidir le comhchuibhiú chur i bhfeidhm rialacha an chomhbheartas iascaigh, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú lena chuspóirí a bhaint amach, ar a n-áirítear acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuanaithe;’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

‘(f)

cur le hobair na mBallstát agus an Choimisiún ar thaighde agus ar fhorbairt teicnící rialaithe agus cigireachta, agus páirt a ghlacadh inti, agus chun treoirthionscadail a fhorbairt maidir le taighde a dhéanamh ar theicnící den chineál sin agus iad a fhorbairt.’;

(c)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(k)

i gcás inarb iomchuí, comhoibriú le chéile, agus gníomhaíochtaí a chomhordú le gníomhaireachtaí díláraithe eile an Aontais faoi raon feidhme a gcúraimí, a misean, agus réimsí gníomhaíochta;

(l)

cabhrú leis an gCoimisiún cúraimí a chur i gcrích a sannadh dó i ngníomhartha reachtacha de chuid an Aontais maidir le cuspóirí na Gníomhaireachta.’.

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

“Airteagal 17

Sonraí agus faisnéis a mhalartú agus a phróiseáil

1.   Déanfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla na mBallstát sonraí agus faisnéis ábhartha atá ar fáil dóibh maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha rialaithe agus cigireachta i gcríoch na mBallstát agus an Aontais agus in uiscí idirnáisiúnta a mhalartú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais, bearta chun a áirithiú go ndéanfar rúndacht na faisnéise arna bailiú nó arna fáil de bhun an Rialacháin seo a chosaint go cuí i gcomhréir le hAirteagal 113 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

3.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*22) maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an nGníomhaireacht.

4.   Maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna mbailiú nó arna bhfáil ag an nGníomhaireacht i gcur i gcrích a misean agus a tascanna a leagtar amach i gCaibidil II den Rialachán seo, féachfar ar an nGníomhaireacht mar rialaitheoir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725.

5.   Is chun a misean agus na tascanna a leagtar amach i gCaibidil II den Rialachán seo a chomhlíonadh, agus chuige sin amháin, a cheadaítear sonraí pearsanta arna mbailiú nó arna próiseáil ag an nGníomhaireacht a úsáid, ar an gcoinníoll nach féidir na críocha sin a chomhlíonadh le sonraí nach féidir ábhair sonraí a shainaithint leo.

6.   Ní dhéanfar sonraí pearsanta arna mbailiú nó arna bhfáil a stóráil ar feadh tréimhse is faide ná mar is gá chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 5, agus in aon chás ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana ón dáta a fhaigheann an Ghníomhaireacht na sonraí ábhartha.

7.   De mhaolú ar mhír 6, ní stórálfar sonraí pearsanta arna mbailiú nó arna bhfáil ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 5 a bhaineann leis an méid a leanas:

(a)

páirt a ghlacadh i rialú agus i gcigireachtaí nó iad a chomhordú; nó

(b)

fiosrúcháin a bhaineann le gearáin agus sáruithe agus imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin.

In aon chás, ní stórálfar na sonraí pearsanta dá dtagraítear sa chéad fhomhír níos faide ná deireadh na n-imeachtaí agus na n-imscrúdaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b).

Má choinnítear an t-eolas ar feadh tréimhse níos faide ná an tréimhse a leagtar amach in mír 6 nó sa mhír seo, déanfar anaithnidiú ar shonraí pearsanta.

8.   Ní dhéanfar na sonraí pearsanta atá i sonraí na gníomhaíochtaí iascaigh a tharchur chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta ach amháin i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán (AE) 2018/1725 agus i gcomhréir le comhaontú leis an tríú tír sin nó leis na rialacha is infheidhme atá ag an eagraíocht idirnáisiúnta sin.

(*22)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).’."

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

‘Airteagal 19

Oifigigh na Gníomhaireachta a cheapadh mar chigirí de chuid an Aontais

Féadfar oifigigh de chuid na Gníomhaireachta a cheapadh mar chigirí de chuid an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 79 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.’.

(6)

in Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Beidh an clár oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 32(2), pointe (c), comhsheasmhach leis an gclár oibre ilbhliantúil. Sonrófar ann go soiléir cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin, agus an dul chun cinn arna dhéanamh maidir le cuspóirí agus tosaíochtaí an chláir oibre ilbhliantúil a bhaint amach.’

.

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

‘Airteagal 25

Comhar i ngnóthaí muirí

Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht le cur chun feidhme Bheartas Muirí Comhtháite an Aontais agus, go háirithe, le comhaontuithe riaracháin a thabhairt i gcrích le comhlachtaí eile in ábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo tar éis formheas a fháil ón mBord Riaracháin. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bord Riaracháin a chur ar an eolas faoi sin ag céim luath sna caibidlí.’.

(8)

in Airteagal 32, leasaítear mír 2 mar a leanas:

(a)

i bpointe (b), cuirtear na focail ‘faoin 1 Iúil gach bliain’ in ionad ‘faoin 30 Aibreán gach bliain’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (c):

‘(c)

faoin 30 Samhain gach bliain, an doiciméad clársceidealaithe aonair a ghlacadh ina mbeidh, inter alia, clár ilbhliantúil agus clár bliantúil na Gníomhaireachta don bhliain dar gcionn.

Beidh tosaíochtaí na Gníomhaireachta sa doiciméad clársceidealaithe aonair. Tabharfar tosaíocht ann do dhualgais na Gníomhaireachta a bhaineann le cláir rialaithe agus chigireachta. Glacfar é gan dochar do nós imeachta buiséadach bliantúil an Aontais. Glacfar an doiciméad clársceidealaithe aonair agus tuairim an Choimisiúin á cur san áireamh agus, maidir leis an gclárú ilbhliantúil, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle. Cuirfidh an Bord Riaracháin an doiciméad ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún gan mhoill.’;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘(i)

obair leantach leordhóthanach a áirithiú maidir le torthaí agus moltaí a eascróidh as na tuarascálacha iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha agus as na meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF).’.

(9)

in Airteagal 33, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Beidh an Bord Riaracháin comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit, seisear ionadaithe ón gCoimisiún agus ionadaí amháin ó Pharlaimint na hEorpa. Beidh gach Ballstát i dteideal comhalta amháin a cheapadh. Déanfaidh na Ballstáit, an Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa aon chomhalta malartach amháin a cheapadh in aghaidh gach comhalta, a dhéanfaidh ionadaíocht don chomhalta sin i gcás é nó í a bheith as láthair. Is ag ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún amháin a bheidh ceart vótála,’.

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 35:

‘Airteagal 35

Cruinnithe

1.   Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Riaracháin. Is é an Cathaoirleach a chinnfidh an clár oibre, agus cuirfidh sé san áireamh na tograí ó chomhaltaí an Bhoird Riaracháin agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta.

2.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an t-ionadaí arna cheapadh ag an mBord Comhairleach páirteach sa phlé ach ní bheidh ceart vótála acu.

3.   Beidh gnáthchruinniú ag an mBord Riaracháin uair amháin sa bhliain ar a laghad. Lena chois sin, tiocfaidh an Bord le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh nó arna iarraidh sin don Choimisiún nó d’aon trian de na Ballstáit a bhfuil ionadaíocht acu ar an mBord Riaracháin.

4.   Féadfaidh an Bord Riaracháin a iarraidh ar ionadaí ó institiúidí ábhartha de chuid an Aontais nó ar aon duine ar díol spéise a thuairim freastal ar a chuid cruinnithe i gcáil breathnóra.

5.   I gcás ina mbeidh ceist rúndachta ann nó coinbhleacht leasa, féadfaidh an Bord Riaracháin a chinneadh míreanna sonracha a chláir oibre a scrúdú gan an t-ionadaí arna cheapadh ag an mBord Comhairleach, na hionadaithe arna gceapadh ag na hinstitiúidí ábhartha de chuid an Aontais agus an duine/na daoine dá dtagraítear i mír 4, a bheith i láthair. Déanfar rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na forála seo a leagan síos sna rialacha nós imeachta.

6.   Faoi réir fhorálacha rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin, féadfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe.

7.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht rúnaíocht ar fáil don Bhord Riaracháin.’.

(11)

in Airteagal 38(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

ullmhóidh sé nó sí an doiciméad clársceidealaithe aonair agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Riaracháin é lena fhormhuiniú sula seoltar an dréacht sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an Chomhairle agus an Coimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain. Déanfaidh sé nó sí gach beart is gá chun an doiciméad clársceidealaithe aonair a chur chun feidhme, laistigh de na teorainneacha a shonraítear leis an Rialachán seo, a rialacha cur chun feidhme agus aon dlí is infheidhme;’.

(12)

in Airteagal 44, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Is é a bheidh in ioncam na Gníomhaireachta, gan dochar do chineálacha eile ioncaim:

(a)

ranníocaíocht ón Aontas, arna hiontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (roinn an Choimisiúin);

(b)

na muirir i leith seirbhísí arna soláthar ag an nGníomhaireacht do na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 6;

(c)

muirir ar fhoilseacháin, ar oiliúint agus/nó ar aon seirbhísí eile arna soláthar ag an nGníomhaireacht;

(d)

muirir ar sheirbhísí arna soláthar ag an nGníomhaireacht don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, faoi chuimsiú an chomhair Eorpaigh um fheidhmeanna garda cósta a leagtar síos in Airteagal 8;

(e)

cistiú ón Aontas i bhfoirm comhaontuithe tarmligin nó deontais ad hoc i gcomhréir le rialacha airgeadais na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 47 agus le forálacha na n-ionstraimí ábhartha a thacaíonn le beartais an Aontais.’

.

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 48:

‘Airteagal 48

Meastóireacht

1.   Go tráthrialta, agus gach 5 bliana ar a laghad, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chun an méid seo a leanas, go háirithe, a mheas:

(a)

na torthaí a bhain an Ghníomhaireacht amach ag féachaint dá cuspóirí, dá misean agus dá cúraimí;

(b)

tionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht fheidhmíocht na Gníomhaireachta agus a cleachtas oibre i ndáil lena cuspóirí, lena misean agus lena cúraimí.

Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBord Riaracháin maidir leis na téarmaí tagartha do gach meastóireacht.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta, agus a chonclúidí maidir leis an tuarascáil, a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBord Riaracháin. Féadfaidh an Bord Riaracháin moltaí a thabhairt don Choimisiún maidir le hathruithe ar an Rialacháin seo. Déanfar an tuarascáil mheastóireachta agus na conclúidí maidir leis an tuarascáil a chur ar fáil don phobal.’.

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 17, scriostar míreanna 2, 3, 5 agus 6;

(2)

in Airteagal 20(1), scriostar an dara habairt;

(3)

scriostar Airteagal 21.

Airteagal 4

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 mar a leanas:

(1)

i dteideal an Rialacháin, sna hAirteagail, i gceannteidil na nAirteagal agus na gCaibidlí agus sna hIarscríbhinní, cuirtear ‘an tAontas’, agus aon athruithe gramadaí is gá a dhéanamh air, in ionad ‘an Comhphobal’ nó na haidiachta comhfhreagraí.

(2)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 17:

‘17.

ciallaíonn ‘amharc’ aon soitheach iascaireachta atá i mbun gníomhaíochtaí ar féidir a mheas gur gníomhaíochtaí iascaireachta NNN iad i gcomhréir le hAirteagal 3 atá tugtha faoi deara ag údarás inniúil Ballstáit atá freagrach as cigireachtaí a dhéanamh ar muir, nó ag máistir soithigh iascaireachta den Aontas nó tríú tír.’.

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

‘Airteagal 3

Soithí iascaireachta atá i mbun iascaireacht NNN

Glacfar leis go bhfuil soitheach iascaireachta i mbun iascaireacht NNN más rud é, d’ainneoin na mbeart caomhnaithe agus bainistíochta is infheidhme sa limistéar iascaireachta lena mbaineann, go ndearna sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

liostáilte faoi Airteagal 90(2), pointí (a) go (m), de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009; nó

(b)

a meastar gur sáruithe tromchúiseacha iad de bhun Airteagal 90(3), pointí (a) go (f), (h), (i), (j), (l) agus (n), de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.’.

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

Nós imeachta cigireachta

Chun críche chomhlíonadh na ndlíthe, na rialachán agus na mbeart caomhnaithe agus bainistíochta idirnáisiúnta ábhartha a fhíorú, cuirfidh na Ballstáit forálacha Chaibidil I de Theideal VII de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 i bhfeidhm.’.

(5)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

‘1.   I gcás ina soláthraítear, leis an bhfaisnéis a bhailítear le linn cigireachta, nó aon sonraí nó aon fhaisnéis ábhartha eile, fianaise a fhágann go gcreideann an t-oifigeach go raibh soitheach iascaireachta i mbun iascaireacht NNN i gcomhréir le hAirteagal 3, déanfaidh an t-oifigeach na dualgais a leagtar amach in Airteagal 82 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a chomhlíonadh.

2.   I gcás ina soláthraítear le torthaí na cigireachta fianaise go raibh soitheach iascaireachta tríú tír i mbun iascaireacht NNN i gcomhréir le hAirteagal 3, ní thabharfaidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt cead don soitheach sin a ngabhálacha a thabhairt i dtír ná a thrasloingsiú ná rochtain a thabhairt dóibh ar sheirbhísí an chalafoirt.”

.

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Chaibidil III:

Scéim deimhniúcháin gabhála le haghaidh táirgí iascaigh ’.

(7)

in Airteagal 12, scriostar mír 5.

(8)

cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

‘Airteagal 12a

Ríomhchóras bainistíochta faisnéise comhtháite don Scéim Deimhniúcháin Gabhála

1.   Chun go bhféadfar bainistiú, láimhseáil, stóráil agus malartú comhtháite a dhéanamh ar fhaisnéis, ar shonraí agus ar dhoiciméid atá ábhartha maidir le seiceálacha, fíoruithe, rialú agus gníomhaíochtaí oifigiúla ábhartha eile a bhaineann le táirgí iascaigh a allmhairiú, a athonnmhairiú, agus i gcás inarb ábhartha, a onnmhairiú, bunóidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 12b, 12c agus 12d den Rialachán seo, córas digiteach bainistíochta faisnéise (CATCH) don Scéim Deimhniúcháin Gabhála. Beidh CATCH comhtháite leis an gCóras um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES) dá dtagraítear in Airteagal 133(4) de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*23).

2.   Maidir le malartú faisnéise, sonraí agus doiciméad a bhaineann le táirgí iascaigh a allmhairiú, a athonnmhairiú agus, i gcás inarb ábhartha, a onnmhairiú agus seiceálacha gaolmhara, bainistiú riosca, fíoruithe agus rialú, agus maidir le doiciméid dá dtagraítear sa Chaibidil seo, mar shampla, dearbhuithe allmhaireora, deimhnithe gabhála, deimhnithe athonnmhairiúcháin, ráitis, iarratais nó cinntí, idir an t-allmhaireoir, an t-athonnmhaireoir agus, i gcás inarb ábhartha, an t-onnmhaireoir agus údaráis inniúla na mBallstáit, idir údaráis inniúla na mBallstát nó idir údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is trí CATCH a dhéanfar iad.

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54b lena bhforlíontar an Rialachán seo maidir leis na cásanna inar féidir díolúintí sealadacha ó chur i bhfeidhm mhír 2 den Airteagal seo a bhunú agus maidir leis na coinníollacha faoina mbunófar iad.

4.   Bainfidh údaráis inniúla na mBallstát leas as an bhfaisnéis a dhéanfaidh allmhaireoirí a chur isteach trí CATCH, faoi Airteagal 16(1), chun bainistiú a dhéanamh ar chainníochtaí agus, bunaithe ar bhainistiú riosca, seiceálacha agus fíoruithe a dhéanamh agus chun cinntí a dhéanamh mar a fhoráiltear faoin gCaibidil seo agus i ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá dtagraítear sa Chaibidil seo agus in Airteagal 54a.

Airteagal 12b

Feidhmiúlachtaí ginearálta CATCH

1.   Déanfaidh CATCH seo a leanas:

(a)

foráil chun go bhféadfar faisnéis, sonraí agus doiciméid is gá le haghaidh seiceálacha, bainistiú riosca, fíoruithe, rialú, bainistiú cainníochta agus cinntí dá bhforáiltear sa Chaibidil seo agus sna gníomhartha gaolmhara tarmligthe agus cur chun feidhme mar a fhoráiltear faoin gCaibidil seo agus in Airteagal 54a, a chur isteach, a láimhseáil, a stóráil, a bhainistiú agus a mhalartú go leictreonach idir údaráis inniúla na mBallstát, idir údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, idir údaráis inniúla na mBallstát agus údaráis inniúla na Stát brataí, tíortha próiseála agus tríú tíortha eile lena mbaineann, agus allmhaireoirí agus onnmhaireoirí;

(b)

foráil chun go mbeidh sásra bainistíochta cainníochtaí ann, lena n-áiritheofar nach airde meáchan an amhábhair le haghaidh allmhairiú amháin nó níos mó faoi aon deimhniú gabhála amháin ná an meáchan a bhailíochtaítear sa deimhniú sin;

(c)

faoin 10 Eanáir 2028 foráil a dhéanamh don fhéidearthacht malartú faisnéise, sonraí agus doiciméad atá ábhartha do tháirgí iascaigh a allmhairiú, a athonnmhairiú, agus i gcás arb ábhartha, a onnmhairiú, i gcomhréir le forálacha na Caibidle seo agus na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh de bhun na Caibidle seo, le húdaráis eile na mBallstát agus le húdaráis custaim na mBallstát trí ionad ilfhreastail an Aontais;

(d)

foráil chun go mbeidh deis ann rioscaí a bhainistiú agus a anailísiú go leictreonach.

2.   Féadfaidh CATCH idir-oibriú le córais eile atá ábhartha chun iascaireacht NNN a chomhrac, lena n-áirítear trí chomhéadan le córais TF náisiúnta fheidhmiúla atá ann cheana.

Airteagal 12c

An chaoi a bhfeidhmeoidh CATCH

I gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos maidir le TRACES, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an gcaoi a bhfeidhmeoidh CATCH agus is é a leagfar síos iontu:

(a)

sonraíochtaí teicniúla CATCH mar chomhpháirt de chóras TRACES, lena n-áirítear an sásra do mhalartú leictreonach sonraí lena ndéantar sonraí a mhalartú le córais náisiúnta atá ann cheana agus le córais eile, sainaithint na gcaighdeán is infheidhme, sainmhíniú ar struchtúir teachtaireachtaí, coinníollacha rochtana, foclóirí sonraí, malartú prótacal agus nósanna imeachta;

(b)

na rialacha sonracha maidir le feidhmiú CATCH agus feidhmiú chomhpháirteanna an chórais chun a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta agus malartú faisnéise a chosaint;

(c)

socruithe teagmhasacha atá le cur i bhfeidhm i gcás nach bhfuil aon cheann d’fheidhmiúlachtaí CATCH ar fáil;

(d)

na cásanna inar féidir páirt-rochtain ar fheidhmiúlachtaí CATCH a thabhairt do thriú tíortha agus d’eagraíochtaí réigiúnacha um bainistíocht iascaigh dá dtagraítear in Airteagal 13 nó d’eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, na coinníollacha faoinar féidir sin a dhéanamh agus na sonraíochtaí teicniúla a bhaineann leis an rochtain sin;

(e)

na rialacha faoin ndéantar bailíochtú ar dhoiciméid leictreonacha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*24);

(f)

na teimpléid, na foirmeacha agus na rialacha chun doiciméid oifigiúla a eisiúint, lena n-áirítear i bhformáid leictreonach, dá bhforáiltear faoin Rialachán, seachas na foirmeacha agus na rialacha sin dá bhforáiltear sa Chaibidil seo agus sna hIarscríbhinní gaolmhara.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 54(2).

Airteagal 12d

Sonraí pearsanta a chosaint

1.   Maidir leis an méid sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679 a bheidh san fhaisnéis a phróiseáiltear trí CATCH, beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*25) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*26).

2.   Measfar gur rialaitheoirí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (7), de Rialachán (AE) 2016/679 iad údaráis inniúla na mBallstát maidir leis an bhfreagracht atá orthu an fhaisnéis ábhartha a tharchur chuig CATCH agus aon sonraí pearsanta a bheadh ann de thoradh na gníomhaíochta sin a phróiseáil.

3.   Measfar gur rialaitheoir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725 é an Coimisiún maidir leis an bhfreagracht atá air CATCH a bhainistiú agus aon sonraí pearsanta a bheadh ann de thoradh na gníomhaíochta sin a phróiseáil.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcomhlíonfaidh CATCH na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 134 agus Airteagal 135 de Rialachán (AE) 2017/625.

Airteagal 12e

Slándáil sonraí

Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcomhlíonfaidh CATCH na rialacha maidir le slándáil sonraí dá dtagraítear in Airteagal 134 agus Airteagal 136 de Rialachán (AE) 2017/625.

(*23)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1)."

(*24)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73)."

(*25)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)."

(*26)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).’."

(9)

leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

Táirgí iascaigh a allmhairiú ’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

‘1.   Chun táirgí iascaigh arna n-iompar san fhoirm chéanna a allmhairiú chuig an Aontas ó thríú tír seachas an Stát brataí nó an Stát ina ndéantar an phróiseáil dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh an t-allmhaireoir na nithe seo a leanas ar aghaidh faoi bhráid údaráis na mBallstát is allmhaireoirí:

(a)

an deimhniú gabhála arna bhailíochtú/na deimhnithe gabhála arna mbailíochtú ag an Stát brataí agus, más infheidhme, an ráiteas dá dtagraítear i mír 2, mar a leanas:

(i)

an deimhniú gabhála/na deimhnithe gabhála bunaidh agus, más infheidhme, bunchóip an ráitis dá dtagraítear i mír 2, ar na táirgí iascaigh lena mbaineann, má onnmhairítear an choinsíneacht iomlán; nó

(ii)

cóip den deimhniú gabhála/de na deimhnithe gabhála bunaidh agus, más infheidhme, cóip den ráiteas dá dtagraítear i mír 2 i gcás nach n-onnmhairítear ach cuid de na táirgí iascaigh lena mbaineann sa choinsíneacht; agus

(b)

fianaise dhoiciméadaithe nach ndearnadh oibríochtaí ar na táirgí iascaigh seachas díluchtú, athluchtú nó aon oibríocht a ceapadh chun bail mhaith agus fíorbhail a choimeád orthu, agus gur fhan siad faoi fhaireachas na n-údarás inniúil sa tríú tír sin. Soláthrófar an fhianaise dhoiciméadaithe sin trí bhíthin an mhéid seo a leanas:

(i)

má dhéantar an choinsíneacht iomlán a bhaineann le deimhniú gabhála agus, más ábhartha, leis an ráiteas dá dtagraítear i mír 2, a onnmhairiú, an doiciméad aonair iomlán arna eisiúint chun an t-aistriú ó chríoch an Stáit brataí nó ón Stát ina ndéantar an phróiseáil tríd an tríú tír sin a chumhdach; nó

(ii)

má dhéantar an choinsíneacht bhunaidh a bhaineann le deimhniú gabhála agus, más ábhartha, leis an ráiteas dá dtagraítear i mír 2 den Alt seo, a chomhroinnt, doiciméad arna bhailíochtú ag údaráis inniúla an tríú tír sin agus an teimpléad dá dtagraítear in Airteagal 54a á úsáid, ina dtugtar ar a laghad:

go dtugtar tuairisc chruinn ar na táirgí iascaigh agus ar mheáchan na coinsíneachta a onnmhairíodh, ar dhátaí dhíluchtú agus athluchtú na dtáirgí iascaigh agus, i gcás inarb infheidhme, ainmneacha na soithí, nó modhanna eile iompair a úsáideadh; agus

ina léirítear ainm agus uimhir fhormheasta na saoráide stórála agus na coinníollacha faoinar fhan na táirgí iascaigh sa tríú tír sin.

I gcás ina bhfuil na speicis lena mbaineann faoi réir scéim doiciméadaithe gabhála arna ghlacadh ag eagraíocht réigiúnach bainistithe iascaigh agus arna aithint faoi Airteagal 13, féadfar deimhniú athonnmhairithe na scéime doiciméadúcháin gabhála sin a chur in ionad na ndoiciméad dá dtagraítear thuas, ar choinníoll go bhfuil na ceanglais fógartha comhlíonta, dá réir, ag an tríú tír.

2.   D’fhonn táirgí iascaigh ar aon choinsíneacht amháin iad, agus a próiseáladh i dtríú tír, a allmhairiú, déanfaidh an t-allmhaireoir ráiteas arna shuíomh ag an monarcha phróiseála sa tríú tír sin agus arna fhormhuiniú ag na húdaráis inniúla i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a chur faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit is allmhaireoir agus beidh an t-eolas seo a leanas sa ráiteas sin:

(a)

tuairisc bheacht ar na táirgí próiseáilte agus neamhphróiseáilte agus na cainníochtaí díobh faoi seach;

(b)

ráiteas ina dtabharfar le fios go ndearnadh na táirgí próiseáilte a phróiseáil sa tríú tír sin as gabhálacha a bhfuil deimhniú gabhála arna bhailíochtú/deimhnithe gabhála arna mbailíochtú ag an Stát brataí ag gabháil leo; agus

(c)

beidh ag gabháil leo:

(i)

an deimhniú gabhála/na deimhnithe gabhála bunaidh i gcás inar úsáideadh iomlán na ngabhálacha lena mbaineann chun na táirgí iascaigh a onnmhairíodh in aon choinsíneacht amháin a phróiseáil; nó

(ii)

an deimhniú gabhála/na deimhnithe gabhála bunaidh i gcás inar úsáideadh cuid de na gabhálacha lena mbaineann chun na táirgí iascaigh a onnmhairíodh in aon choinsíneacht amháin a phróiseáil.

I gcás ina bhfuil na speicis lena mbaineann faoi réir scéim doiciméadúcháin gabhála arna ghlacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus arna aithint faoi Airteagal 13, féadfar deimhniú athonnmhairithe na scéime doiciméadúcháin gabhála sin a chur in ionad an ráitis, ar choinníoll go bhfuil a ceanglais fógartha comhlíonta, dá réir, ag tríú tír na próiseála.’.

(10)

in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Allmhaireoir a allmhaireoidh táirgí iascaigh isteach san Aontas, déanfaidh sé an deimhniú gabhála, mar a bunaíodh in Airteagal 12(4), in éineacht na mionsonraí iompair a ghabhann leo a shonraítear san fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II, ráiteas na monarchan próiseála a bhunaítear in Airteagal 14(2) agus aon fhaisnéis eile a cheanglaítear in Airteagail 12, 14 agus 17, a chur isteach go leictreonach trí CATCH chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sé beartaithe an táirge a allmhairiú. Déanfar an deimhniú gabhála mar aon leis na doiciméid ábhartha uile a ghabhann leis a chur isteach 3 lá oibre ar a laghad roimh an am a mheastar a thiocfaidh na táirgí isteach ag an bpointe iontrála i gcríoch an Aontais. Féadfar an sprioc-am trí lá oibre a oiriúnú de réir an chineáil táirge iascaigh, an fhaid go dtí an pointe iontrála i gcríoch an Aontais nó na modhanna iompair a úsáidtear. Déanfaidh na húdaráis inniúla sin, ar bhonn bainistithe riosca, na doiciméid uile a chuirtear isteach a sheiceáil, go háirithe an deimhniú gabhála, i bhfianaise na faisnéise a soláthraíodh san fhógra a fuarthas ón Stát brataí i gcomhréir le hAirteagal 20 agus Airteagal 22.’

.

(11)

in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Díreofar leis na fíoruithe ar rioscaí a shainaithneofar ar bhonn critéir bainistithe riosca arna gcinneadh ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit critéir náisiúnta bhreise a cheapadh chun na críche céanna. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoina gcritéir náisiúnta agus faoi aon nuashonrú orthu. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, critéir an Aontais a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 54(2).’

.

(12)

in Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

‘8.   Ní dhéanfar soithí iascaireachta de chuid an Aontais a áireamh ar an liosta de shoithí NNN an Aontais más rud é go bhfuil beart déanta ag an mBallstát brataí de bhun an Rialacháin seo agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 i gcoinne sáruithe atá ina sáruithe tromchúiseacha dá dtagraítear in Airteagal 42 den Rialachán seo, gan dochar d’aon ghníomhaíocht atá déanta ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh. ’

.

(13)

in Airteagal 38, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘10.   Cuirfear cosc ar úinéireacht, lena n-áirítear mar úinéir tairbhiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3(6), pointe (6), de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*27), agus ar oibriú nó bainistiú a bheith á dhéanamh ag oibreoirí soithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhfuil bratach na dtíortha sin ar foluain acu. Iarrfaidh úinéirí soithí iascaireachta de chuid an Aontais, lena n-áirítear úinéirí tairbhiúla, a bhfuil bratach na dtíortha sin ar foluain acu, go mbainfí an soitheach sin de chlár na dtíortha sin laistigh den dhá mhí ó fhoilsiú liosta na dtríú tíortha neamh-chomhoibríocha i gcomhréir le hAirteagal 33 den Rialachán seo. I gcás nach féidir leis na húinéirí, úinéirí tairbhiúla san áireamh, an iarraidh a dhéanamh go díreach, tabharfaidh siad sainordú do dhuine nádúrtha nó dlíthiúil ábhartha gníomhú ar a son lena iarraidh go ndéanfaí an bhaint sin laistigh den tráthchlár dá bhforáiltear;

11.   cuirfear toirmeasc ar rochtain ar sheirbhísí calafoirt agus gabhálacha a thabhairt i dtír nó oibríochtaí trasloingsithe i gcalafoirt an Aontais a bheith á ndéanamh ag soithí iascaireachta a bhfuil bratach na dtíortha sin ar foluain acu.

(*27)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).’."

(14)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Chaibidil IX:

Caibidil IX

Imeachtaí agus forfheidhmiú ’.

(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 42:

‘Airteagal 42

Sáruithe tromchúiseacha

Chun críoch an Rialacháin seo, is é a chiallaíonn ‘sárú tromchúiseach’ aon sárú a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a liostaítear in Airteagal 90(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 nó a meastar gur sáruithe tromchúiseacha iad de bhun Airteagal 90(3) den Rialachán sin.’.

(16)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 42a

Imeachtaí i gcás sáruithe tromchúiseacha

Gan dochar d’Airteagal 11(4) agus Airteagal 50 den Rialachán seo, déanfaidh na Ballstáit Airteagal 85 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a chur i bhfeidhm i gcás ina mbraitear sárú tromchúiseach.’.

(17)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 43:

‘Airteagal 43

Bearta agus smachtbhannaí

I gcás sáruithe tromchúiseacha, déanfaidh na Ballstáit bearta agus cuirfidh siad smachtbhannaí i bhfeidhm i gcomhréir le Teideal VIII de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.’.

(18)

scriostar Airteagal 44 go hAirteagal 47.

(19)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 54:

‘Airteagal 54

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú a bunaíodh le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*28).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(*28)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).’."

(20)

cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

‘Airteagal 54a

Iarscríbhinní agus doiciméid

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54b lena leasaítear Iarscríbhinn I, II lena n-áirítear an Foscríbhinn a ghabhann léi, agus Iarscríbhinn IV, chomh maith leis an Rialachán seo a fhorlíonadh trí theimpléad a ghlacadh agus a choimeád cothrom le dáta don doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 14(1), pointe (b)(ii), chun forbairtí idirnáisiúnta i scéimeanna doiciméadaithe gabhálacha, forbairtí eolaíocha agus dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh, lena n-áirítear oiriúnuithe maidir le CATCH a chur chun feidhme. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún chomh maith gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54b lena leasaítear Iarscríbhinn I gach bliain ar bhonn na faisnéise a bhailítear faoi Chaibidil II, III IV, V, VIII, X agus XII.

Airteagal 54b

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 12a(3) agus in Airteagal 54a a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12a(3) agus in Airteagal 54a a chúlghairm am ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*29).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 12a(3) agus Airteagal 54a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’.

(*29)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.’."

(21)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II agus an fhoscríbhinn a ghabhann léi.

(22)

in Iarscríbhinn IV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

“UIMHIR AN DOICIMÉID (*30): …

Dearbhaím go ndearnadh na táirgí iascaigh próiseáilte: ... (tuairisc ar an táirge agus an cód san Ainmníocht Chomhcheangailte) a fháil ó ghabhálacha faoin deimhniú gabhála/faoi na deimhnithe gabhála seo a leanas:

(*30)  Cuir isteach uimhir an doiciméid’."

Airteagal 5

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/1139

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/1139 mar a leanas:

(1)

scriostar Airteagal 12.

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

‘Airteagal 13

Corrlach lamháltais

1.   De mhaolú ar Airteagal 14(3) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, go dtí an 10 Eanáir 2028 i gcás gabhálacha a mbaineann an Rialachán seo leo, agus a thugtar i dtír gan sórtáil, ní mór corrlach lamháltais ceadaithe 20 % a bheith i gceist in aghaidh an speicis.

2.   D’ainneoin mhír 1, i gcás gabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafoirt liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 14(4), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, beidh feidhm ag an gcorrlach lamháltais a leagtar amach sa phointe sin.’.

Airteagal 6

Leasú ar Rialachán (AE) 2017/2403

I dTeideal II de Rialachán (AE) 2017/2403, scriostar Caibidil VI.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 1 ón 10 Eanáir 2026.

3.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na pointí seo a leanas d’Airteagal 1 ón 9 Eanáir 2024:

(a)

pointí (7), (8),(9), (49) agus (63);

(b)

na codanna de phointí (6), (13) agus (51) a bhaineann le forbairt a bheith á déanamh ag an gCoimisiún ar:

córais um fhaireachán soithí do shoithí iascaireachta ar lú ná 12 mhéadar a bhfad iomlán, faoi Airteagal 9(3), an dara fomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 mar a leasaítear leis an Rialachán seo;

logleabhair iascaireachta agus córais eile do shoithí gabhála ar lú ná 12 mhéadar a bhfad iomlán, faoi Airteagal 15(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 mar a leasaítear leis an Rialachán seo; agus

córais leictreonach chun gabhálacha ó iascaigh áineasa a thaifeadadh agus a thuairisciú faoi Airteagal 55(1), an tríú fomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 mar a leasaítear leis an Rialachán seo.

4.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 1, pointe (1), den Rialachán seo maidir le haon airteagal de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 mar a leasaítear leis an Rialachán seo ón dáta óna mbeidh feidhm ag an airteagal leasaithe sin. Maidir le haon airteagal eile de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, beidh na sainmhínithe sin i bhfeidhm ón 10 Eanáir 2026.

5.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na codanna de phointí (11) agus (20) d’Airteagal 1 den Rialachán seo a bhaineann leis an gcorrlach lamháltais ceadaithe i meastacháin a thaifeadtar, faoi seach, sa logleabhar iascaireachta, faoi Airteagal 14(3) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 mar a leasaítear leis an Rialachán seo, agus sa dearbhú trasloingsithe, faoi Airteagal 21(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 mar a leasaítear leis an Rialachán seo, beidh feidhm ag na codanna sin ón 10 Iúil 2024.

6.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (76), ón 1 Eanáir 2026.

7.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 1, pointí (10), (14), (22), (36) go (42) agus (50), ón 10 Eanáir 2028.

8.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 1, pointí (58), (60) agus (62), maidir le hiascaireacht gan soitheach go dtí an 10 Eanáir 2028.

9.   Beidh feidhm ag Airteagal 2 ón 9 Eanáir 2024.

10.   Beidh feidhm ag Airteagal 3 ón 10 Eanáir 2026.

11.   Beidh feidhm ag Airteagal 4 ón 10 Eanáir 2026.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4, pointí (13), (19), agus (20), ón 9 Eanáir 2024.

12.   Beidh Airteagal 5, pointe (1), i bhfeidhm ón 10 Eanáir 2028 agus pointe (2), i bhfeidhm ón 10 Iúil 2024.

13.   Beidh feidhm ag Airteagal 6 ón 10 Eanáir 2026.

14.   D’ainneoin mhíreanna 2 go dtí 13 den Airteagal seo, beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo lena mbronntar cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme ar an gCoimisiún ón 9 Eanáir 2024. Beidh feidhm ag na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo ó dhátaí an chur i bhfeidhm a leagtar amach i míreanna 2 go dtí 13 den Airteagal seo agus in aon fhorálacha eile den Rialachán seo, gan dochar d’fhorálacha idirthréimhseacha ar bith a leagtar síos in Airteagal 8.

Airteagal 8

Forálacha idirthréimhseacha

1.   I gcás ina mbeidh forálacha den Rialachán seo infheidhme maidir le catagóirí áirithe soithí, go háirithe soitheach ar lú ná 12 mhéadar a bhfad iomlán, ar dháta nach déanaí ná an 9 Eanáir 2024, na rialacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a leasaítear nó a aisghairtear leis an Rialachán seo agus a bhaineann leis na catagóirí soithí sin an lá roimh an dáta sin, go háirithe Airteagal 14 go dtí a 25 agus 48 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm maidir leis na catagóirí soithí sin go dtí an dáta ar a mbeidh forálacha an Rialacháin seo infheidhme maidir leis na catagóirí soithí sin.

2.   Maidir le soithí ar lú ná 12 mhéadar a bhfad iomlán, beidh feidhm ag Airteagal 9, Airteagal 14(1), (2) agus (7) go dtí (12), Airteagail 15, 19a, 21 go dtí 24 agus 48 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, mar a leasaítear leis an Rialachán seo, maidir leis an soithí sin ón 10 Eanáir 2028.

3.   Go dtí an 10 Eanáir 2027, féadfaidh na Ballstáit leanúint de phleananna samplála, pleananna rialaithe agus cláir choiteanna um rialú dá dtagraítear in Airteagal 60(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 mar a leasaítear leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, tar éis iad a bheith faofa ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 60 agus 61 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus Airteagail 76 agus 77 de, agus Iarscríbhinní XIX, XX agus XXI a ghabhann le, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún (30) mar is infheidhme ar an 9 Eanáir 2024 agus nach bhfuil imithe in éag.

4.   Ón 10 Iúil 2024 go dtí an 10 Eanáir 2026 agus, de mhaolú ar Airteagal 3(1), pointe (b), Airteagal 3(2) agus Airteagal 42 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 de réir mar is infheidhme ar an 8 Eanáir 2024, beidh sé ina shárú tromchúiseach teip oibleagáidí meastacháin cainníochtaí laistigh den chorrlach lamháltais ceadaithe dá bhforáiltear in Airteagal 90(3), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 mar a leasaítear leis an Rialachán seo a thaifeadadh go cruinn, i gcás go gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na critéir chomhfhreagracha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

5.   Maidir le tíolacadh leictreonach deimhnithe gabhála agus aon doiciméid ábhartha eile trí CATCH i gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 arna leasú leis an Rialachán seo, go dtí an 10 Eanáir 2028, féadfaidh an t-allmhaireoir deimhnithe gabhála agus doiciméid ghaolmhara eile a úsáid a bailíochtaíodh, a formhuiníodh nó a síníodh roimh an 10 Eanáir 2026 i gcomhréir le hAirteagal 12 agus 14 de, agus Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le, Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 de réir mar is infheidhme nuair a bailíochtaíodh, a formhuiníodh nó a síníodh iad.

6.   Maidir leis an oibleagáid, dá dtagraítear in Airteagal 38, pointe 10, de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 arna leasú leis an Rialachán seo, ar úinéirí an Aontais, lena n-áirítear úinéirí tairbhiúla, soithí iascaireachta a bhfuil bratach tríú tíortha ar foluain acu a áirítear ar an liosta de thríú tíortha neamh-chomhoibríocha i gcomhréir le hAirteagal 33 den Rialachán sin a iarraidh go mbainfí na soithí sin de chlárlann na dtíortha sin, déanfar iarraidh den sórt sin, i ndáil leis na tíortha atá ar áireamh sa liosta sin cheana an 9 Eanáir 2024, faoin 10 Márta 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 22 Samhain 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)   IO C 110, 22.3.2019, lch. 118.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Samhain 2023.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(5)  Cinneadh 2011/443/AE ón gComhairle an 20 Meitheamh 2011 maidir le formheas, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe maidir le Bearta Stát an Chalafoirt chun Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte a Chosc, a Dhíspreagadh agus a Dhíothú (IO L 191, 22.7.2011, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009, (CE) ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105).

(8)  Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/59/CE (IO L 151, 7.6.2019, lch. 116).

(9)  Treoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (IO L 155, 12.6.2019, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 (IO L 247, 13.7.2021, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).

(12)  Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí de chuid an Chomhphobail agus lena n-aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).

(13)  Rialachán (AE) 2015/812 an 20 Bealtaine 2015 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2187/2005, (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 2347/2002 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 ón gComhairle (IO L 133, 29.5.2015, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) (IO L 2023/2124, 12.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2124/oj).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(16)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 931/2011 ón gCoimisiún an 19 Meán Fómhair 2011 maidir le gceanglais inrianaitheachta a leagtar amach le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 242, 20.9.2011, lch. 2).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Aontais chun an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).

(18)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(19)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí mar sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(20)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(21)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun críocha cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(22)  Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (IO L 83, 25.3.2019, lch. 18).

(23)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(24)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(25)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).

(26)  Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 a bhaineann le bearta bainistithe i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11).

(27)  Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1).

(28)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

(29)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(30)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú a chur chun feidhme (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Cuirtear na hiarscríbhinní seo a leanas le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009:

‘IARSCRÍBHINN III

Pointí a shannfar do shealbhóirí cheadúnas iascaireachta an Aontais nó do mháistrí de chuid an aontais i gcás sáruithe tromchúiseacha

Airteagal

Sárú tromchúiseach

Pointí

Airteagal 90(2), pointe (a)

A bheith ag iascaireacht gan ceadúnas, údarú nó cead bailí arna eisiúint ag an Stát brataí nó an Stát cósta ábhartha.

7

Airteagal 90(2), pointe (b)

Na marcanna ar shoitheach iascaireachta, nó a céannacht nó a shonraí cláraithe, a bhrionnú nó a cheilt.

5

Airteagal 90(2), pointe (c)

Fianaise maidir le himscrúdú a cheilt, an fhianaise sin a chur as a riocht nó í a scriosadh.

5

Airteagal 90(2), pointe (d)

Bac a chur ar obair oifigeach nó breathnóirí agus iad i mbun a ndualgais a chomhlíonadh.

7

Airteagal 90(2), pointe (e)

Trasloingsiú gan an t-údarú is gá nó i gcás ina bhfuil an trasloingsiú sin toirmiscthe.

7

Airteagal 90(2), pointe (f)

Oibríochtaí aistrithe nó cur i gcaighean a dhéanamh, go háirithe mar a thagraítear dóibh i Rialachán (AE) 2023/2053, de shárú ar rialacha an chomhbheartais iascaigh.

5

Airteagal 90(2), pointe (g)

Trasloingsiú a dhéanamh chuig soithí nó ó shoithí a liostaítear ar liosta an Aontais de shoithí NNN nó ar liosta de chuid eagraíocht réigiúnach bainistithe iascaigh, dá dtagraítear in Airteagail 29 agus 30 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, oibríochtaí aistrithe a dhéanamh leo, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí iascaireachta comhpháirteacha leo, nó tacaíocht a thabhairt dóibh nó iad a sholáthar.

7

Airteagal 90(2), pointe (h)

Páirt a ghlacadh in oibriú, bainistiú, úinéireacht, lena n-áirítear úinéireacht thairbhiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Threoir (AE) 2015/849, nó seirbhísí a sholáthar, lena n-áirítear seirbhísí lóistíochta, árachais agus seirbhísí airgeadais eile d’oibreoirí atá bainteach le soitheach a liostaítear ar liosta an Aontais de shoithí NNN nó ar liosta de chuid eagraíocht réigiúnach bainistithe iascaigh, dá dtagraítear in Airteagail 29 agus 30 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

7

Airteagal 90(2), pointe (i)

Gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh de shárú ar na rialacha is infheidhme i limistéar iascaireachta srianta.

6

Airteagal 90(2), pointe (j)

Speicis a ghabháil, a stóráil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír; a stóráil, a dhíol, a chur ar taispeáint nó a chur ar díol, ar a bhfuil toirmeasc ar ghníomhaíochtaí mar sin, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagail 10 agus 11 de Rialachán (AE) 2019/1241.

7

Airteagal 90(2), pointe (k)

Gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh a bhaineann le speicis atá faoi réir teorainneacha gabhála nach bhfuil cuóta ag an oibreoir ina leith nó nach bhfuil rochtain aige ar chuóta an Bhallstáit brataí, speicis a bhfuil an cuóta caite, nó speicis atá faoi réir moratóir iascaireachta, toirmeasc sealadach nó séasúr coiscthe, seachas gabhálacha de thaisme, ach amháin más sárú tromchúiseach faoi Airteagal 90(2), pointe (j) í an ghníomhaíocht.

7

Airteagal 90(2), pointe (m)

Trealamh nó modhanna iascaireachta toirmiscthe a úsáid, dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1241 nó aon rialacha coibhéiseacha eile den chomhbheartas iascaigh.

7

Airteagal 90(2), pointe (n)

Doiciméid, faisnéis nó sonraí a fhalsú, arna scríobh ar pháipéar nó arna stóráil i bhfoirm leictreonach, dá dtagraítear i rialacha an chomhbheartais iascaigh.

5

Airteagal 90(2), pointe (o)

Inneall nó gléas faireacháin na cumhachta innill leanúnaí a ionramháil d’fhonn cumhacht an innill a mhéadú thar an gcumhacht innill leanúnach uasta a luaitear ar dheimhniú chumhacht an innill.

6

Airteagal 90(2), pointe (p)

Gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh trí shaothar éignithe a úsáid, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Choinbhinsiún EIS Uimh. 29 maidir le Saothar Éignithe.

7

Airteagal 90(3), pointe (a)

Úsáid a bhaint as doiciméid, faisnéis nó sonraí atá neamhbhailí nó falsaithe, arna scríobh ar pháipéar nó arna stóráil i bhfoirm leictreonach, dá dtagraítear i rialacha an chomhbheartais iascaigh.

5

Airteagal 90(3), pointe (b)

Gan na hoibleagáidí a chomhlíonadh maidir le sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta a thaifeadadh, a stóráil agus a thuairisciú go cruinn, lena n-áirítear sonraí a bheidh le tarchur tríd an gcóras nó na córais um fhaireachán soithí, chomh maith le sonraí i ndáil le réamhfhógraí, dearbhuithe gabhála, dearbhuithe trasloingsithe, logleabhair iascaireachta, dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, taifid na meáite, dearbhuithe glactha freagrachta, doiciméid maidir le hiompar nó nótaí ar dhíolacháin mar a cheanglaítear le rialacha an chomhbheartais iascaigh; seachas oibleagáidí a bhaineann leis an gcorrlach lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 90(3), pointe (c).

3

Airteagal 90(3), pointe (c)

Gan na hoibleagáidí a chomhlíonadh i dtaobh meastacháin ar chainníochtaí a thaifeadadh go cruinn laistigh den chorrlach ceadaithe lamháltais, i gcomhréir le hAirteagal 14(3) agus (4) agus Airteagal 21(3) den Rialachán sin agus Airteagal 13 den Rialachán (AE) 2016/1139.

3

Airteagal 90(3), pointe (d)

Gan na hoibleagáidí a chomhlíonadh a bhaineann le saintréithe nó úsáid trealaimh iascaireachta, gléasanna fuaimchiaptha, gléasanna roghnaíochta nó comhiomlánaithe iascaireachta, go háirithe le marcáil agus sainaithint, limistéir, doimhneachtaí, tréimhsí nó líon na ngiaranna, méid an mhogaill, nó den trealamh le haghaidh grádú, scagadh uisce, nó próiseáil nó gan bearta a chomhlíonadh maidir le gabhálacha de thaisme de speicis íogaire a laghdú, mar a cheanglaítear le rialacha an chomhbheartais iascaigh, ach amháin más sárú tromchúiseach faoi Airteagal 90(2) atá i gceist.

4

Airteagal 90(3), pointe (e)

Gan na speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, lena n-áirítear gabhálacha atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe, a sháraíonn rialacha an chomhbheartais iascaigh is infheidhme maidir le hiascach nó le limistéir iascaireachta, a thabhairt nó a choimeád ar bord an tsoithigh iascaireachta, bíodh gur sciorradh, teip ar an tabhairt i dtír, nó, nuair is infheidhme, trasloingsiú nó aistriú atá i gceist.

5

Airteagal 90(3), pointe (f)

Dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar de chuid eagraíocht réigiúnach bainistithe iascaigh ar shlí nach bhfuil comhsheasmhach le, nó atá ag teacht salach ar, bhearta caomhnaithe agus bainistíochta na heagraíochta sin, arna gcur chun feidhme i ndlí an Aontais, i gcás ina meastar nach sárú tromchúiseach faoi Airteagal 90(2) nó faoi phointí eile d’Airteagal 90(3) na gníomhaíochtaí sin.

5

Airteagal 90(3), pointe (i)

Sáruithe iomadúla a dhéanamh ar rialacha an chomhbheartais iascaigh.

5

Airteagal 90(3), pointe (k)

Úsáid a bhaint as cumhacht innill a sháraíonn an uaschumhacht leanúnach innill atá deimhnithe agus taifeadta i gclár cabhlaigh iascaireachta an Bhallstáit.

5

Airteagal 90(3), pointe (l)

Gabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafoirt tríú tíortha gan réamhfhógra mar a thagraítear dó in Airteagal 19a.

5

Airteagal 90(3), pointe (n)

Trealamh iascaireachta nó trealamh a dhiúscairt ar muir go neamhdhleathach ó shoitheach iascaireachta.

5

Airteagal 90(3), pointe (j)

Aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 90(2), pointe (g) a dhéanamh i ndáil le soitheach a bhfuil iascaireacht NNN ar bun aige mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus nach liostaítear ar liosta an Aontais de shoithí NNN ná ar liosta eagraíochta réigiúnaí bainistithe iascaigh;

5

IARSCRÍBHINN IV (1)

Critéir chun gníomhaíocht a cháiliú mar shárú tromchúiseach, i gcomhréir le hAirteagal 90(3)

Gníomhaíocht

Critéir

Airteagal 90(3), pointe (a)

Úsáid a bhaint as doiciméid, faisnéis nó sonraí atá neamhbhailí nó falsaithe, arna scríobh ar pháipéar nó arna stóráil i bhfoirm leictreonach, dá dtagraítear i rialacha an chomhbheartais iascaigh.

(a)

Doiciméid, sonraí nó faisnéis a úsáidtear d’aon ghnó ar mhaithe le leas an duine féin nó ar mhaithe le leas tríú páirtithe chun sochar a fháil;

(b)

tá dearbhaithe ag údarás inniúil Ballstáit go bhfuil an duine nádúrtha nó dlíthiúil lena mbaineann tar éis sárú a dhéanamh nó faoi dhliteanas i leith sárú faoi Airteagal 90(3), pointe (a), i mbreithiúnas críochnaitheach nó cinneadh críochnaitheach arna eisiúint sa 12 mhí roimh an dáta ar an ndearnadh an sárú reatha.

Airteagal 90(3), pointe (b)

Gan na hoibleagáidí a chomhlíonadh maidir le sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta a thaifeadadh, a stóráil agus a thuairisciú go cruinn, lena n-áirítear sonraí a bheidh le tarchur tríd an gcóras nó na córais um fhaireachán soithí, chomh maith le sonraí i ndáil le réamhfhógraí, dearbhuithe gabhála, dearbhuithe trasloingsithe, logleabhair iascaireachta, dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, taifid na meáite, dearbhuithe glactha freagrachta, doiciméid maidir le hiompar nó nótaí ar dhíolacháin mar a cheanglaítear le rialacha an chomhbheartais iascaigh; seachas oibleagáidí a bhaineann leis an gcorrlach lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 90(3), pointe (c).

(a)

I gcás ina bhfuil 10 % nó níos mó de mheáchan iomlán na dtáirgí lena mbaineann sna táirgí iascaigh a bhaineann leis an sárú;

(b)

teip gabhálacha speiceas atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír in aghaidh an speicis, an ualaigh, an limistéir, an lae nó an turais iascaireachta a thaifeadadh agus a thuairisciú, agus sin ag brath ar thromchúis an chiona atá le cinneadh ag údaráis inniúla na mBallstát, agus iad ag cur san áireamh, go háirithe, cineál agus oiread na gníomhaíochta, lena n-áirítear an dochar nó leibhéal an damáiste do na hacmhainní iascaireachta agus don timpeallacht mhuirí lena mbaineann;

(c)

cur isteach ar shuiteáil nó ar fheidhmiú an chórais um fhaireachán soithí, AIS, an logleabhair iascaireachta, an chianfhaireacháin leictreonaigh, an córas meáite, an ghléis faireacháin ar chumhacht innill leanúnach nó aon chóras faireacháin is infheidhme den Bhallstát, lena n-áirítear é a mhúchadh, ach amháin i gcás ina n-údaraíonn na húdaráis inniúla é;

(d)

gan sonraí ná faisnéis a bheith taifeadta nó seolta chuig ionaid faireacháin iascaigh an Bhallstáit brataí;

(e)

teip údaráis na mBallstát a chur ar an eolas faoi mhífheidhmiú an chórais um fhaireachán soithí, an córais aitheantais uathoibríoch, an logleabhair iascaireachta, córais an chianfhaireacháin leictreonaigh, nó aon fheiste nó córas faireacháin eile de réir a cheanglaítear faoi rialacha an chomhbheartais iascaigh;

(f)

teip sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaigh agus oibríochtaí iascaireachta, lena n-áirítear nótaí díolachán, a tharchur, i gcás gur tharla gabhálacha a thabhairt i dtír, an trasloingsiú nó an oibríocht iascaireachta lasmuigh d’uiscí an Aontais;

(g)

tá dearbhaithe ag údarás inniúil Ballstáit go bhfuil an duine nádúrtha nó dlíthiúil lena mbaineann tar éis sárú tromchúiseach a dhéanamh nó faoi dhliteanas i leith sárú tromchúiseach faoi Airteagal 90(3), pointe (b), i mbreithiúnas críochnaitheach nó cinneadh críochnaitheach arna eisiúint sa 12 mhí roimh an dáta ar an ndearnadh an sárú reatha.

Airteagal 90(3), pointe (c)

Gan na hoibleagáidí a chomhlíonadh i dtaobh meastacháin ar chainníochtaí a thaifeadadh go cruinn laistigh den chorrlach ceadaithe lamháltais, i gcomhréir le hAirteagail 14(3) agus 14(4) agus Airteagal 21(3) den Rialachán sin agus Airteagal 13 den Rialachán (AE) 2016/1139.

(a)

I gcás ina bhfuil an chainníocht táirgí iascaigh atá os cionn an chorrlaigh lamháltais cheadaithe cothrom le, nó os cionn 100 % den chorrlach lamháltais ceadaithe, arna ríomh mar mhéid incheadaithe de réir céatadáin nó cileagram, nó, i gcás go dtagann sí faoi raon feidhme Airteagal 14(4), pointe (a), i gcás ina bhfuil an chainníocht táirgí iascaigh de bhreis ar 50 % nó níos mó den chorrlach lamháltais ceadaithe arna ríomh mar mhéid incheadaithe de réir céatadáin;

(b)

d’ainneoin na gcritéar faoi phointe (a), go dtí an 10 Eanáir 2028 maidir le speicis a ghabhtar trí iascaigh tuinníní teochreasacha peas-saighne a thugtar i dtír gan sórtáil agus arb éard atá iontu 2 % nó níos mó ná meáchan na speiceas go léir a thugtar i dtír agus nach mbaineann Airteagal (14)(4), pointe (a) leo: i gcár inar mó ná 25 % nó níos mó in aghaidh an speicis an difríocht idir na meastacháin a taifeadadh sa logleabhar iascaireachta agus na cainníochtaí a thugtar i dtír nó atá mar thoradh ar chigireacht;

(c)

d’ainneoin na gcritéir faoi phointe (a), go dtí an 10 Eanáir 2028, maidir le speicis a chumhdaítear faoi Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2016/1139 inarb ionann le, nó inar mó ná 25 % in aghaidh an speicis an difríocht idir na meastacháin a taifeadadh sa logleabhar iascaireachta agus na cainníochtaí a tugadh i dtír nó mar thoradh ar chigireacht;

(d)

tá dearbhaithe ag údarás inniúil Ballstáit go bhfuil an duine nádúrtha nó dlíthiúil lena mbaineann tar éis sárú tromchúiseach a dhéanamh nó faoi dhliteanas i leith sárú tromchúiseach faoi Airteagal 90(3), pointe (c), i mbreithiúnas críochnaitheach nó cinneadh críochnaitheach arna eisiúint sa 12 mhí roimh an dáta ar an ndearnadh an sárú reatha.

Airteagal 90(3), pointe (d)

Gan na hoibleagáidí a chomhlíonadh a bhaineann le saintréithe nó úsáid trealaimh iascaireachta, gléasanna fuaimchiaptha, gléasanna roghnaíochta nó comhiomlánaithe iascaireachta, go háirithe le marcáil agus sainaithint, limistéir, doimhneachtaí, tréimhsí nó líon na ngiaranna, méid an mhogaill, nó den trealamh le haghaidh grádú, scagadh uisce, nó próiseáil nó gan bearta a chomhlíonadh maidir le gabhálacha de thaisme de speicis íogaire a laghdú, mar a cheanglaítear le rialacha an chomhbheartais iascaigh, ach amháin más sárú tromchúiseach faoi Airteagal 90(2) atá i gceist.

(a)

Trealamh iascaireachta agus feistí comhthiomsaithe éisc nach bhfuil aon mharcanna cearta orthu nó a bhfuil marcanna, lipéid nó saintréithe gaolmhara míchearta orthu a bhfuil tionchar acu ar bhreis is leath den trealamh iascaireachta nó de na feistí comhthiomsaithe éisc;

(b)

go bhfuil breis is 10 % den líon éigeantach feistí fuaimchiaptha nach bhfuil á n-úsáid nó go bhfuil breis is 10 % den líon éigeantach feistí fuaimchiaptha nach bhfuil ag feidhmiú i gceart;

(c)

líon na bhfeistí trealaimh iascaireachta éighníomhaigh agus comhthiomsaithe éisc a bheith 10 % de bhreis ar líon ceadaithe trealaimh nó feistí mar sin;

(d)

10 % de bhreis ar an toise ceadaithe atá i gcuid den trealamh gníomhach iascaireachta nó ina iomláine;

(e)

go ndéantar athrú 3 mm nó 5 %, nó cibé acu is mó, ar shaintréithe roghnaíochta an trealaimh de réir mar a cheanglaítear faoi rialacha an chomhbheartais iascaigh trí mhéid na ngnéithe sin de threalamh lena gcinntear an roghnaíocht, mar shampla, méid an mhogaill, an trastomhas snátha nó méid an duáin a laghdú;

(f)

teip modhanna agus feistí eile a imscaradh i gcomhréir le rialacha an chomhbheartais iascaigh d’fhonn roghnaíocht a bharrfheabhsú, mar shampla, painéil éalaithe, greillí sórtála nó poill éalaithe;

(g)

gléasanna a chuireann bac ar, nó a dhéanann laghdú éifeachtach ar shaintréithe roghnaíochta an trealaimh nó na modhanna agus na gléasanna dá dtagraítear i bpointe (f) a úsáid.

(h)

úsáidtear an trealamh atá ar bord le haghaidh grádú nó deighilt uisce le haghaidh na speiceas a bhfuil cosc ar úsáid na ngléasanna sin ina leith, agus atá faoi réir deiseanna iascaireachta, pleananna ilbhliantúla, pleananna cigireachta agus rialaithe nó oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír;

(i)

úsáidtear an trealamh iascaireachta i suíomh ina bhfuil an fad go dtí an cladach de bhreis ar 10 % lasmuigh den fhad ceadaithe, nó ina bhfuil an doimhne farraige lasmuigh den doimhne cheadaithe;

(j)

tá dearbhaithe ag údarás inniúil Ballstáit go bhfuil an duine nádúrtha nó dlíthiúil lena mbaineann tar éis sárú tromchúiseach a dhéanamh nó faoi dhliteanas i leith sárú tromchúiseach faoi Airteagal 90(3), pointe (d), i mbreithiúnas críochnaitheach nó cinneadh críochnaitheach arna eisiúint sa 12 mhí roimh an dáta ar an ndearnadh an sárú reatha.

Airteagal 90(3), pointe (e)

Gan na speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, lena n-áirítear gabhálacha atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe, a sháraíonn rialacha an chomhbheartais iascaigh is infheidhme maidir le hiascach nó le limistéir iascaireachta, a thabhairt nó a choimeád ar bord an tsoithigh iascaireachta, bíodh gur sciorradh, teip ar an tabhairt i dtír, nó, nuair is infheidhme, trasloingsiú nó aistriú atá i gceist.

(a)

Gurb éard atá sna gabhálacha a bhaineann leis an sárú luach atá comhionann nó níos mó ná EUR 1 000 , nó 10 % de luach iomlán na dtáirgí iascaigh lena mbaineann; nó cainníochtaí atá cothrom le, nó os cionn, 200 kg;

(b)

tá dearbhaithe ag údarás inniúil Ballstáit go bhfuil an duine nádúrtha nó dlíthiúil lena mbaineann tar éis sárú tromchúiseach a dhéanamh nó faoi dhliteanas i leith sárú tromchúiseach faoi Airteagal 90(3), pointe (e), i mbreithiúnas críochnaitheach nó cinneadh críochnaitheach arna eisiúint sa 12 mhí roimh an dáta ar an ndearnadh an sárú reatha.

Airteagal 90(3), pointe (f)

Dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar de chuid eagraíocht réigiúnach bainistithe iascaigh ar shlí nach bhfuil comhsheasmhach le, nó atá ag teacht salach ar, bhearta caomhnaithe agus bainistíochta na heagraíochta sin, ach amháin más sárú tromchúiseach faoi Airteagal 90(2) nó faoi phointí eile d’Airteagal 90(3) an ghníomhaíocht sin.

(a)

Cáilítear an sárú mar shárú tromchúiseach faoi réir rialacha infheidhme eagraíochta réigiúnaí bainistithe iascaigh;

(b)

tá dearbhaithe ag údarás inniúil Ballstáit go bhfuil an duine nádúrtha nó dlíthiúil lena mbaineann tar éis sárú tromchúiseach a dhéanamh nó faoi dhliteanas i leith sárú tromchúiseach faoi Airteagal 90(3), pointe (f), i mbreithiúnas críochnaitheach nó cinneadh críochnaitheach arna eisiúint sa 12 mhí roimh an dáta ar an ndearnadh an sárú reatha.

Airteagal 90(3), pointe (g)

Táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a sháraíonn rialacha an chomhbheartais iascaigh a chur ar fáil ar an margadh, ach amháin i gcás gur sárú tromchúiseach í an ghníomhaíocht faoi Airteagal 90(2) nó faoi phointí eile d’Airteagal 90(3).

(a)

Déanann oibreoirí, máistrí nó a n-ionadaithe an chéad díolachán le hionad ceant, le ceannaitheoir nó le heagraíocht táirgeoirí neamhchláraithe;

(b)

íosfhaisnéis shainordaitheach nach ann di do thomhaltóirí dá bhforáiltear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 le haghaidh luchtóga 20 kg nó níos mó nó ar a bhfuil luach atá cothrom le nó níos mó ná EUR 1 000 ;

(c)

faisnéis inrianaitheachta neamhiomlán do luchtóga 20 kg nó níos mó, nó ar a bhfuil luach atá cothrom le EUR 1 000 nó níos mó;

(d)

allmhairítear na táirgí de shárú ar Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;

(e)

tá dearbhaithe ag údarás inniúil Ballstáit go bhfuil an duine nádúrtha nó dlíthiúil lena mbaineann tar éis sárú tromchúiseach a dhéanamh nó faoi dhliteanas i leith sárú tromchúiseach faoi Airteagal 90(3), pointe (g), i mbreithiúnas críochnaitheach nó cinneadh críochnaitheach arna eisiúint sa 12 mhí roimh an dáta ar an ndearnadh an sárú reatha.

Airteagal 90(3), pointe (h)

Dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta áineasa a sháraíonn rialacha an chomhbheartais iascaigh nó táirgí iascaigh ó iascaigh áineasa a dhíol.

(a)

díol táirgí iascaigh ó iascaigh áineasa ar a bhfuil luach atá cothrom le EUR 50 nó níos mó, nó cainníochtaí atá cothrom le 10 kg nó níos mó;

(b)

dhá cheann nó níos mó de na heiseamail atá á gcoinneáil a bheith gan údarú nó ceann amháin nó níos mó acu a bheith ina speicis choiscthe;

(c)

gan 25% nó níos mó de na heiseamail atá á gcoinneáil a bheith ag cloí leis an íosmhéid tagartha caomhnaithe;

(d)

cainníochtaí speiceas a sháraíonn na teorainneacha mála nó gabhála a choinneáil nó sárú 50 % ar na cuótaí is infheidhme a dhéanamh;

(e)

tá dearbhaithe ag údarás inniúil Ballstáit go bhfuil an duine nádúrtha nó dlíthiúil lena mbaineann tar éis sárú tromchúiseach a dhéanamh nó faoi dhliteanas i leith sárú tromchúiseach faoi Airteagal 90(3), pointe (h), i mbreithiúnas críochnaitheach nó cinneadh críochnaitheach arna eisiúint sa 12 mhí roimh an dáta ar an ndearnadh an sárú reatha.

Airteagal 90(3), pointe (i)

Sáruithe iomadúla a dhéanamh ar rialacha an chomhbheartais iascaigh.

Trí shárú nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 90(3) a bheith á dhéanamh, a bhraitear le linn na cigireachta, an fhaireachais nó an imscrúdaithe chéanna, agus nach meastar a bheith tromchúiseach astu féin.

Airteagal 90(3), pointe (j)

Aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 90(2), pointe (g), a dhéanamh i ndáil le soitheach a bhfuil iascaireacht NNN ar bun aige mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus nach liostaítear ar liosta an Aontais de shoithí NNN ná ar liosta eagraíochta réigiúnaí bainistithe iascaigh.

(a)

Trasloingsiú a dhéanamh ó nó go dtí, oibríochtaí aistrithe a dhéanamh le, páirt a ghlacadh in oibríochtaí comhpháirteacha iascaireachta le, tacú le soitheach maidir le turas iascaireachta inar úsáideadh an soitheach sin chun sárú tromchúiseach a dhéanamh nó soláthar a dhéanamh don soitheach sin;

(b)

tá dearbhaithe ag údarás inniúil Ballstáit go bhfuil an duine nádúrtha nó dlíthiúil lena mbaineann tar éis sárú tromchúiseach a dhéanamh nó faoi dhliteanas i leith sárú tromchúiseach faoi Airteagal 90(3), pointe (j), i mbreithiúnas críochnaitheach nó cinneadh críochnaitheach arna eisiúint sa 12 mhí roimh an dáta ar an ndearnadh an sárú reatha.

Airteagal 90(3), pointe (k)

Úsáid a bhaint as cumhacht innill a sháraíonn an uaschumhacht leanúnach innill atá deimhnithe agus taifeadta i gclár cabhlaigh iascaireachta an Bhallstáit.

(a)

Nuair is airde ná 20 % an difríocht idir an chumhacht atá fíoraithe agus an chumhacht atá deimhnithe agus taifeadta;

(b)

tá dearbhaithe ag údarás inniúil Ballstáit go bhfuil an duine nádúrtha nó dlíthiúil lena mbaineann tar éis tar éis sárú tromchúiseach a dhéanamh nó faoi dhliteanas i leith sárú tromchúiseach faoi Airteagal 90(3), pointe (k), i mbreithiúnas críochnaitheach nó cinneadh críochnaitheach arna eisiúint sa 12 mhí roimh an dáta ar an ndearnadh an sárú reatha.

Airteagal 90(3), pointe (l)

Gabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafoirt tríú tíortha gan réamhfhógra mar a thagraítear dó in Airteagal 19a.

Tá dearbhaithe ag údarás inniúil Ballstáit go bhfuil an duine nádúrtha nó dlíthiúil lena mbaineann tar éis sárú a dhéanamh nó faoi dhliteanas i leith sárú faoi Airteagal 90(3), pointe (l), i mbreithiúnas críochnaitheach nó cinneadh críochnaitheach arna eisiúint sa 12 mhí roimh an dáta ar an ndearnadh an sárú reatha.

Airteagal 90(3), pointe (m)

Dul i mbun gnó a bhaineann go díreach le hiascaireacht NNN, lena n-áirítear táirgí iascaigh a thagann as iascaireacht NNN a thrádáil, a allmhairiú, a onnmhairiú, a phróiseáil agus a mhargú.

(a)

Níor cuireadh ar fáil nó níor cuireadh isteach na doiciméid go léir a bhfuil gá leo de réir an dlí;

(b)

allmhairiú i gcásanna inar diúltaíodh allmhairiú faoi Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;

(c)

allmhairiú gan cloí le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;

(d)

áirítear an soitheach ar liosta shoithí NNN an Aontais nó ar liosta eagraíochta réigiúnaí bainistithe iascaigh;

(e)

tá dearbhaithe ag údarás inniúil Ballstáit go bhfuil an duine nádúrtha nó dlíthiúil lena mbaineann tar éis sárú tromchúiseach a dhéanamh nó faoi dhliteanas i leith sárú tromchúiseach faoi Airteagal 90(3), pointe (m), i mbreithiúnas nó cinneadh críochnaitheach arna eisiúint sa 12 mhí roimh an dáta ar an ndearnadh an sárú reatha.

Airteagal 90(3), pointe (n)

Trealamh iascaireachta nó trealamh a dhiúscairt ar muir go neamhdhleathach ó shoitheach iascaireachta.

(a)

Gur diúscairt d’aon ghnó atá i gceist agus gur dócha go ndéanfaidh sé dochar tromchúiseach don timpeallacht mhuirí, acmhainní bitheolaíocha na mara agus éiceachórais mhuirí san áireamh;

(b)

gur diúscairt d’aon ghnó atá i gceist agus gur tharla sé i limistéir iascaireachta srianta;

(c)

gur diúscairt d’aon ghnó atá i gceist agus go mbaineann sé le trealamh iascaireachta a bhfuil cosc air faoi Airteagal 7(1), pointí (a), (b), (c), (d) agus (g), de Rialachán (AE) 2019/1241.

’.

(1)  Agus luach na dtáirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a fhaightear mar thoradh ar shárú dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo a dhéanamh, déanfaidh na Ballstáit na praghsanna náisiúnta a mheas tráth an chéad díolacháin, praghsanna a aithnítear ar phríomh-mhargaí idirnáisiúnta ábhartha maidir leis an speiceas agus an limistéar iascaireachta lena mbaineann, nó praghsanna Fhaireachlann an Mhargaidh Eorpaigh um Iascach agus um Tháirgí Dobharshaothraithe tráth a rinneadh an sárú.


IARSCRÍBHINN II

Cuirtear an méid a leanas in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus an Foscríbhinn a ghabhann leis an Iarscríbhinn sin:

‘IARSCRÍBHINN II

Deimhniú Gabhála agus Deimhniú AthOnnmhairithe an Aontais Eorpaigh

Image 1

Image 2

Image 3

Foscríbhinn

MIONSONRAÍ IOMPAIR  (1)

1.

Tír onnmhairiúcháin

Calafort/aerfort/eile

pointe imeachta

2.

Síniú an onnmhaireora

3.

Ceann scríbe

Ainm agus bratach an tsoithigh

Uimhir eitilte/ uimhir an tsonraisc aeriompair

Náisiúntacht agus uimhir chlárúcháin trucaile

Uimhir sonraisc iarnróid

Uimhir sonraisc lasta

Doiciméid iompair eile (e.g. bille luchta, CMR (2), bille aeriompair)

Uimhir an choimeádáin/na gcoimeádán

liosta faoi iamh

Ainm

Seoladh

Síniú.


(1)  I gcás ina n-úsáidfear ilmhodhanna iompair/il-lastais, ní mór an fhaisnéis a bhaineann leis an iompar a sholáthar i gcás gach uile mhodha iompair a úsáidtear le haghaidh gach lastais.

(2)  Conradh maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2842/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top