This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R2458
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/2458 of 31 October 2023 amending Implementing Regulation (EU) 2018/2019 as regards certain plants for planting of Fagus sylvatica originating in the United Kingdom and Implementing Regulation (EU) 2020/1213 as regards the phytosanitary measures for the introduction of those plants for planting into the Union territory
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2458 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí Fagus sylvatica áirithe le haghaidh plandú ar de thionscnamh na Ríochta Aontaithe iad agus Rialachán (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin le haghaidh plandú a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2458 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí Fagus sylvatica áirithe le haghaidh plandú ar de thionscnamh na Ríochta Aontaithe iad agus Rialachán (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin le haghaidh plandú a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais
C/2023/7323
IO L, 2023/2458, 3.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2458/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2458 |
3.11.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2458 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Deireadh Fómhair 2023
lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí Fagus sylvatica áirithe le haghaidh plandú ar de thionscnamh na Ríochta Aontaithe iad agus Rialachán (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin le haghaidh plandú a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42(4), an tríú fomhír de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2) bunaítear, ar bhonn réamh-mheasúnú riosca, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo. |
|
(2) |
Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, liostaíodh 34 ghéineas agus speiceas amháin de phlandaí le haghaidh plandú de thionscnamh tríú tíortha go sealadach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo. Ceann de na géinis liostaithe is ea Fagus L. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún (3) leagtar amach na bearta fíteashláintíochta maidir le plandaí áirithe, táirgí plandaí áirithe agus réada áirithe eile a thabhairt isteach san Aontas, ar ábhair iad a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, ach nach ndearnadh measúnú iomlán go fóill ar na rioscaí fíteashláintíochta a bhaineann leo. Déantar an méid sin toisc nach n-áirítear go fóill sa liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (4) ceann de na lotnaidí nó níos mó ná sin a bhfuil na plandaí sin mar óstaigh acu, ach d’fhéadfadh na lotnaidí sin na coinníollacha a chomhlíonadh chun go n-áireofaí iad sa liosta sin tar éis measúnú riosca iomlán breise. |
|
(4) |
An 16 Meitheamh 2022, chuir an Ríocht Aontaithe (5) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na plandaí seo a leanas le haghaidh plandú a onnmhairiú chuig an Aontas (‘na plandaí ábhartha’):
Cuireadh an sainchomhad teicniúil ábhartha isteach leis an iarraidh sin. |
|
(5) |
An 27 Meitheamh 2023, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch a mhéid a bhaineann leis an measúnú riosca ar na plandaí ábhartha de thionscnamh na Ríochta Aontaithe (6). Shainaithin an t-Údarás Phytophthora ramorum (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad), Thaumetopoea processionea, Meloidogyne mali agus Phytophthora kernoviae, mar lotnaidí atá ábhartha do na plandaí sin. |
|
(6) |
Rinne an tÚdarás measúnú ar na bearta maolaithe riosca a bhfuil tuairisc orthu sa chomhad le haghaidh na lotnaidí a sainaithníodh. Tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil ard-dóchúlacht ann go bhfuil na plandaí ábhartha saor ó lotnaidí, ar choinníoll go gcuirtear na bearta maolaithe riosca ábhartha i bhfeidhm. |
|
(7) |
Ar bhonn na tuairime sin, meastar go laghdaítear an riosca fíteashláintíochta a bhaineann leis na plandaí ábhartha a bheith á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais go dtí leibhéal inghlactha, ar choinníoll go gcuirtear bearta iomchuí i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar riosca na lotnaidí a bhaineann leis na plandaí sin. |
|
(8) |
Na bearta a thuairiscíonn an Ríocht Aontaithe sa sainchomhad teicniúil, meastar go bhfuil siad leordhóthanach chun an riosca a bhaineann leis na plandaí ábhartha a bheith á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais a laghdú go dtí leibhéal inghlactha. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta sin a glacadh mar cheanglais allmhairiúcháin fíteashláintíochta chun cosaint fíteashláintíochta chríoch an Aontais ar an riosca a bhaineann le tabhairt isteach na bplandaí ábhartha inti a áirithiú. |
|
(9) |
An riosca fíteashláintíochta a bhaineann le tabhairt isteach phlandaí Fagus sylvatica atá fréamhlom agus atá 15 bliana d’aois le haghaidh plandú i gcríoch an Aontais, meastar go bhfuil sé níos ísle ná an riosca a bhaineann le tabhairt isteach phlandaí Fagus sylvatica le haghaidh plandú den aois chéanna i ndamhna fáis, nó comhchosúil leis an riosca sin. |
|
(10) |
Dá réir sin, plandaí Fagus sylvatica atá suas le 15 bliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 80 mm an trastomhas acu, níor cheart iad a mheas a thuilleadh mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú dá réir. |
|
(12) |
Liostaítear Phytophthora ramorum (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad) agus Thaumetopoea processionea mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais agus lotnaidí coraintín de chuid criosanna cosanta faoi seach in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. |
|
(13) |
Ní áirítear go fóill Phytophthora kernoviae sa liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Is gá go mbeadh measúnú riosca iomlán nuashonraithe ar an lotnaid sin a chur ar fáil, chun a dhéanamh amach an gcomhlíonann sí na coinníollacha chun í a liostú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus an bhfuil na plandaí ábhartha de thionscnamh na Ríochta Aontaithe le liostú in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin, mar aon leis na ceanglais shonracha iomchuí. |
|
(14) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a leasú dá réir. |
|
(15) |
Ní áirítear Meloidogyne mali sa liosta de lotnaidí coraintín de chuid an Aontais. D’fhoilsigh an Eagraíocht Eorpach agus Meánmhara um Chosaint Plandaí anailís riosca lotnaide ar an lotnaid sin i mí Mheán Fómhair 2017 (7). Thángthas ar an gconclúid nár cheart an lotnaid a rialáil mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais ná mar lotnaid neamhchoraintín a rialaíonn an tAontas, mar go meastar go bhfuil an riosca fíteashláintíochta a bhaineann leis íseal, cé gurb ann di i mBallstáit éigin le fada gan bearta rialála oifigiúla. Ar an gcúis sin, níl gá le haon cheanglas allmhairiúcháin maidir leis an lotnaid sin. |
|
(16) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada áirithe eile a thabhairt isteach san Aontas, ar ábhair iad a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 (IO L 275, 24.8.2020, lch. 5).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).
(5) I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha an ghnímh seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.
(6) Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2023. Measúnú riosca tráchtearra ar phlandaí Fagus sylvatica ón Ríocht Aontaithe. EFSA Journal [Iris EFSA] 21(7), 1–151. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8118.
(7) EPPO (2017) Anailís riosca lotnaide le haghaidh Meloidogyne enterolobii. EPPO, Páras. Le fáil ag http://www.eppo.int/QUARANTINE/Pest_Risk_Analysis/PRA_intro.htm agus https://gd.eppo.int/taxon/MELGMA.
IARSCRÍBHINN I
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, sa tábla i bpointe 1, sa dara colún ‘Tuairisc’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘ Fagus L.’:
‘ Fagus L., seachas plandaí Fagus sylvatica atá suas le 15 bliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 80 mm an trastomhas acu ag bun an ghais, ar plandaí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe iad’.
IARSCRÍBHINN II
Sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh na n-iontrálacha ‘ Plandaí beagnaithe Albizia julibrissin Durazzini iad fréamhlom, suanach le haghaidh plandú nach mó ná 2,5 cm an trastomhas acu ’:
|
Plandaí, táirgí plandaí nó réada eile |
Cód CN |
Tríú tíortha tionscnaimh |
Bearta |
||||||||||||||||
|
‘Fagus sylvatica, plandaí atá suas le 15 mbliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 80 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais. |
ex 0602 10 90 ex 0602 90 41 ex 0602 90 45 ex 0602 90 46 |
An Ríocht Aontaithe |
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2458/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)