EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2169

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2169 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1477 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492, arna leasú le Rialachán (AE) 2020/776, maidir le hallmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte chun allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe a choinsínítear ón Tuirc a chumhdach, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear

C/2023/6810

IO L, 2023/2169, 18.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2169/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2169/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2169

18.10.2023

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2169 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Deireadh Fómhair 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1477 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492, arna leasú le Rialachán (AE) 2020/776, maidir le hallmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte chun allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe a choinsínítear ón Tuirc a chumhdach, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (an bun-Rialachán), agus go háirithe Airteagal 11(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NA BEARTA ATÁ I bhFEIDHM

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún (2), d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna cinntitheacha frithdhumpála ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Éigipt.

(2)

Tar éis na n-imscrúduithe frith-imchéimniúcháin, rinneadh na bearta sin a leathnú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1477 ón gCoimisiún (3) chun allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe a choinsínítear ón Tuirc a chumhdach, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear, cé is moite de na cinn a tháirgeann Saertex Turkey Tekstil Ltd Şti, Sonmez Asf Iplik Dokuma Ve Boya San Tic A. Ş. agus Telateks Tekstil Ürünleri Sanayi ve Ticaret Anonim Şirketi/Telateks Dış Ticaret ve Kompozit Sanayi Anonim Şirketi.

2.   NÓS IMEACHTA

2.1.   Tionscnamh

(3)

Fuair an Coimisiún iarraidh ar pháirt-athbhreithniú eatramhach faoi Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán. Chuir Fibroteks Dokuma Sanayi Ve Ticaret AS (‘an t-iarratasóir’), táirgeoir sa Tuirc, an iarraidh isteach, agus tá raon feidhme an hiarrata teoranta don scrúdú ar an bhféidearthacht díolúine a dheonú don iarratasóir ó na bearta atá i bhfeidhm.

(4)

Tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar an bhfianaise a thíolaic an t-iarratasóir agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, agus tar éis an deis a bheith tugtha do thionscal an Aontais barúil a thabhairt, thionscain an Coimisiún páirt-athbhreithniú eatramhach ‘ex officio’ an 4 Iúil 2023 trí fhógra tionscnaimh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (4).

2.2.   An táirge faoi athbhreithniú

(5)

Is é atá sa táirge faoi athbhreithniú fabraicí caisirníní agus/nó snáthanna de shnáithíní gloine filiméad leanúnach fite agus/nó fuaite a bhfuil eilimintí eile iontu nó nach bhfuil, gan táirgí atá tuilithe nó réamhthuilithe a áireamh, agus gan fabraicí mogaill oscailte a áireamh ag a bhfuil cealla oscailte is faide agus is leithne ná 1,8 mm araon agus a bhfuil meáchan is mó ná 35 g/m2 iontu, a aicmítear faoi láthair faoi na cóid AC ex 7019 61 00, ex 7019 62 00, ex 7019 63 00, ex 7019 64 00, ex 7019 65 00, ex 7019 66 00, ex 7019 69 10, ex 7019 69 90 agus ex 7019 90 00 (cóid TARIC 7019610081, 7019610084, 7019620081, 7019620084, 7019630081, 7019630084, 7019640081, 7019640084, 7019650081, 7019650084, 7019660081, 7019660084, 7019691081, 7019691084, 7019699081, 7019699084, 7019900081 agus 7019900084) a choinsínítear ón Tuirc, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná bíodh (cóid TARIC 7019610083, 7019620083, 7019630083, 7019640083, 7019650083, 7019660083, 7019691083, 7019699083 agus 7019900083).

(6)

Úsáidtear an táirge faoi athbhreithniú chun roisíní teirmeaplaisteacha agus teirmithéachta a threisiú i dtionscal na n-ábhar comhchodach.

2.3.   Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

(7)

Chumhdaigh tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2023 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’).

2.4.   Imscrúdú

(8)

Chuir an Coimisiún an t-iarratasóir agus ionadaithe Rialtas na Tuirce ar an eolas go hoifigiúil maidir le tionscnamh an athbhreithnithe. Iarradh ar pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl agus cuireadh in iúl dóibh go bhféadfaí éisteacht a iarraidh. Ní bhfuarthas aon iarraidh den sórt sin.

(9)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir ceistneoir a chomhlánú chun go bhfaigheadh sé an fhaisnéis a mheas sé a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe. Chuir an t-iarratasóir an freagra ar an gceistneoir isteach laistigh den sprioc-am a tugadh.

(10)

Ina dhiaidh sin rinne an Coimisiún cuairt fíorúcháin ar áitreabh an iarratasóra i mí Iúil 2023. D’fhéach an Coimisiún le gach faisnéis a mheas sé a raibh gá léi a dheimhniú lena chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir na coinníollacha riachtanacha.

3.   TORTHAÍ

(11)

Deimhníodh san imscrúdú gur táirgeoir dílis an táirge faoi athbhreithniú é an t-iarratasóir agus nach raibh baint aige le haon onnmhaireoirí ná táirgeoirí de chuid na Síne atá faoi réir na mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm. Deimhníodh san imscrúdú freisin go raibh an t-iarratasóir in ann an chainníocht iomlán a d’onnmhairigh sé chuig an Aontas a tháirgeadh agus nach bhfuil aon nasc tráchtála aige le táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne nó na hÉigipte maidir leis an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh.

(12)

Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chomhlíon an t-iarratasóir na coinníollacha chun tairbhiú de dhíolúine.

4.   MODHNÚ AR LIOSTA NA gCUIDEACHTAÍ A THAIRBHÍONN DE DHÍOLÚINE Ó NA BEARTA LEATHNAITHE

(13)

I bhfianaise na dtorthaí dá dtagraítear thuas, chinn an Coimisiún gur cheart an t-iarratasóir a chur le liosta na gcuideachtaí atá díolmhaithe ó na bearta frithdhumpála arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1477.

(14)

Cuireadh in iúl don t-iarratasóir agus do thionscal an Aontais go raibh sé beartaithe ag an gCoimisiún díolúine a thabhairt do Fibroteks Dokuma Sanayi Ve Ticaret AS ó na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm.

(15)

Tugadh an deis do na páirtithe barúlacha a chur isteach. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(16)

Tá an Rialachán i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An tábla a leagtar amach in Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1477, cuirtear an tábla seo a leanas ina ionad:

‘Tír

Cuideachta

Cód breise TARIC

An Tuirc

Saertex Turkey Tekstil Ltd. Şti.

C115

An Tuirc

Sonmez Asf Iplik Dokuma Ve Boya San Tic A. Ş.

C116

An Tuirc

Telateks Tekstil Ürünleri Sanayi ve Ticaret Anonim Şirketi

Telateks Dış Ticaret ve Kompozit Sanayi Anonim Şirketi

C117

An Tuirc

Fibroteks Dokuma Sanayi Ve Ticaret AS

899G’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (IO L 108, 6.4.2020, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1477 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492, arna leasú le Rialachán (AE) 2020/776, maidir le hallmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte chun allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe a choinsínítear ón Tuirc a chumhdach, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear (IO L 233, 8.9.2022, lch. 1).

(4)  Fógra tionscnaimh maidir le páirt-athbhreithniú eatramhach ar na bearta frith-dhumpála agus frithchúitimh is infheidhme maidir le hallmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna leathnú chun allmhairí a chuirtear chun bealaigh ón Tuirc a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná bíodh (IO C 236, 4.7.2023, lch. 7).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2169/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top